- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Próifíl an Uasail Emily O'Reilly, An Coimisinéir Faisnéise
Cheap Uachtarán na hÉireann, an tUasal Máire Mhic Ghiolla Íosa, an tUasal Emily O'Reilly ina Coimisinéir Faisnéise an 1 Meitheamh, 2003. Tharla sé seo i ndiaidh don dá Theach Oireachtais (an Dáil agus an Seanad) í a ainmniú. Ceapadh í mar Ombudsman ar an lá céanna.
Is é príomhfheidhm an Choimisinéara Faisnéise gníomhú mar bhealach achomhairc i gcoinne breitheanna tugtha ag comhlachtaí poiblí maidir le rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú.
Is é príomhról an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill an phobail a bhraitheann gur chaith ranna rialtais, údaráis áitiúla, na seirbhísí sláinte agus An Post leo ar bhealach míchothrom. Is féidir tuilleadh faisnéise ar ról an Uasail O'Reilly mar Ombudsman, ról atá scartha amach óna ról mar Choimisinéir Faisnéise, a fháil ag http://www.ombudsman.gov.ie/ga.
Lena chois sin is ball í an tUasal O'Reilly den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus an Coimisiún um Cheapacháin Phoiblí.
Sular ceapadh í ina Coimisinéir Faisnéise agus ina Ombudsman, ba iriseoir agus údar a bhí san Uasal O'Reilly agus bhí sí ag feidhmiú mar chomhfhreagraí polaitiúil do mheáin éagsúla ó 1989. Is as Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí di ó dhúchas, agus tá sí pósta agus cúigear clainne uirthi. Fuair sí a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Lena chois sin, fuair sí Comhaltacht Niemann san Iriseoireacht in Ollscoil Harvard, Cambridge, Stáit Aontaithe Mheiri ceá.
Is féidir leat tuairimí an Choimisinéara Faisnéise i leith na Saorála Faisnéise a léamh i "Focal ón gCoimisinéir Faisnéise".