Próifíl an Choimisinéara Faisnéise

Emily O'Reilly

Cheap Uachtarán na hÉireann, an tUasal Máire Mhic Ghiolla Íosa, an tUasal Emily O'Reilly imar Coimisinéir Faisnéise don dara uair go ceann téarma sé bliana ar 11 Meitheamh 2009.

Bumaíodh Oifig an Choimisinéara Faisnéise i 1997 de bharr Achta um Shaoráil Faisnéise (SF).  Is é príomhfheidhm an Choimisinéara Faisnéise gníomhú mar bhealach achomhairc i gcoinne cinntí Shaoráil Faisnéise, taréis don iarraitheoir a cheart dáchomhairc inmheánach don chinneadh a fháil, agus, i gcás nach ndeintear socrú, cinneadh ceangailte a eisiú.  Is féidir dáon páirtí a bhfuil baint acu le cinneadh an Choimisinéara achomharc ag na na Cúírtí Uachtarach a lorg ar phoinnte dlí amháin.  Comh maith le sin, cuireann an Coimisinéir an Acht um Shaoráil Faisnéise chun cinn agus, ó am go h-am, foilsíonn sí tráchtaireacht ar feidhmeannacht an Achta.

I Bhealtaine 2007, taréis do na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol faoi scáth Threoir 2003/4/EC a theacht i bhfeidhm, sannadh an ról breise mar Choimisinéir um Fhaisnéis faoin gComhshaol ar an tUasal O'Reilly. Is é an ról atá aici ná cinntí a dhéanamh faoi achomhairc a ndeachaigh iarraitheoirí ina mbun de bharr nach raibh siad sásta le toradh a n-iarrataí ar údaráßis phoiblí maidir le faisnéis faoin gcomhshaol.

Mar Ombudsman, is é príomhról an tUasal O'Reilly ná imscrúdú a dhéanamh ar ghearain ó bhaill an phobail a bhraitheann gut chaith ranna rialtais, údaráis áitiúla, na seirbhísí sláinte agus an Post leo ar bhealach mícothrom. Tá a thuilleadh eolais le fáil ar suíómh ghréasáin Oifig an Ombudsman.

Lena chois sin, is ball í an Ombudsman den Choimisiún um Chaighdeáin in  Oifig Poiblí, den Choimisiún Reifrinn, den Choimisiún um Thoghlaigh agus den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

Sular ceapadh mar Coimisinéir Faisnéise agus Ombudsman í i Mheitheamh 2003, ba iriseoir agus údar oilte a bhí san Uasal O'Reilly agus bhí sí le fada ag feidhmiú mar chomhfhreagraí polaitiúil do mheáin chlóite agus chraolta suntasach. Is as Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí di ó dhúchas, agus tá sí pósta agus cúigear clainne uirthi. Is céimí í ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Lena chois sin, fuair sí Comhaltacht Niemann san Iriseoireacht in Ollscoil Harvard, Cambridge, Stáit Aontaithe Mheiriceá. I mhí na Nollag 2008, bronnadh céim Dhochtúireachta sa Dlí honoris causa uirthi ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann as ucht atá déanta aici don seirbhís phoiblí agus do chearta daonna.