Ról an Ombudsman
Bunaíodh Oifig an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980. Is é an chroíghníomhaíocht atá aici scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi ghníomhartha riaracháin, faoi mhoilleanna nó faoi neamhghníomh a imríonn tionchar diúltach ar dhaoine nó ar chomhlachtaí agus iad ag déileáil le soláthraithe seirbhíse poiblí a thagann faoi shainchúram na hOifige. Déanann an Oifig imscrúdú freisin ar ghearáin a bhaineann le feidhmeanna áirithe de chuid comhlachtaí poiblí a thagann faoin Acht um Míchumas 2005. Má chinneann an tOmbudsman in aon chás ar leith gur caitheadh go héagórach nó go míchuí leis an ngearánach agus gur imríodh tionchar diúltach air dá bharr sin, molfaidh sé sásamh cuí chun an tionchar diúltach sin a leigheas, a mhaolú nó a athrú. Le linn dó déileáil le gearáin aonair agus iad a réiteach, féachfaidh an tOmbudsman le feabhsuithe a dhéanamh ar an riarachán bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghearáin aonair.
Ról an Choimisinéara Faisnéise
Bunaíodh ról an Choimisinéara Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, ar dtús agus leanadh ar aghaidh leis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Baineann an ról sin le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna atá tugtha ag comhlachtaí poiblí ar iarrataí Saoráil Faisnéise agus breitheanna ceangailteacha nua a thabhairt orthu ansin. Is é an ról atá aige feidhmiú an Achta a choinneáil faoi athbhreithniú d’fhonn comhlíonadh iomlán i measc comhlachtaí poiblí a chinntiú agus tráchtaireachtaí maidir le feidhmiú praiticiúil an Achta a ullmhú agus a fhoilsiú. I bhformhór na gcásanna, áirítear iad seo a leanas leis na cuspóirí atá ag córas Saoráil Faisnéise atá ag feidhmiú go maith:
· trédhearcacht a thabhairt maidir le cinnteoireacht rialtais, agus éilliú a dhíspreagadh,
- cabhrú leis an rialtas a choinneáil cuntasach,
- eolas a thabhairt don phobal faoin rialtas,
- feabhas a chur ar chaighdeán na cinnteoireachta i measc comhlachtaí poiblí,
- gníomhú mar shrian ar an dóigh a bhfeidhmíonn an rialtas agus a ghníomhaireachtaí a gcuid cumhachta, agus
- rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn.
Tá an Coimisinéir Faisnéise ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil freisin, duine a bhfuil sé mar phríomhfheidhm aige breith a thabhairt ar achomhairc ó dhaoine den phobal nach bhfuil sásta leis an toradh ar a n-iarraidh ar sholáthraithe seirbhíse poiblí faisnéis comhshaoil a chur ar fáil.
Fís
‘Seirbhís phoiblí atá cóir, oscailte, cuntasach agus éifeachtach’
Is é an fhís atá againn go fóill sa timthriall pleanála seo ná seirbhís phoiblí atá cóir, oscailte, cuntasach agus éifeachtach a sholáthar. Aithníonn sí an ról lárnach is féidir leis an Oifig seo a imirt maidir lena chinntiú go gcuirtear próisis chinnteoireachta na seirbhíse poiblí i bhfeidhm ar bhealach cuí, cothrom agus comhsheasmhach ar fud na seirbhísí poiblí uile.
Tá sé mar aidhm againn an fhís sin a bhaint amach tríd an tionchar atá ag an Oifig seo ar an mórsheirbhís phoiblí a leathnú agus a fheabhsú, tríd an leibhéal seirbhísí a sholáthraímid dár gcustaiméirí a fheabhsú go leanúnach, agus trína chinntiú go mbíonn ár gcórais agus ár bpróisis chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir.
Luachanna
Mar Eagraíocht, leanaimid Prionsabail an Ombudsman um Dhea-Riarachán, is iad sin:
· Rudaí a dhéanamh mar is ceart
· Bheith dírithe ar an gcustaiméir
· Bheith cuntasach oscailte
· Gníomhú go comhréireach cothrom
· Déileáil le hearráidí ar bhealach éifeachtach
· Féachaint le feabhas leanúnach a bhaint amach
Níl sé i gceist go mbeidh na prionsabail ina seicliosta. Is é an aidhm atá leo creat luachmhar a sholáthar ar cheart do gach soláthraí seirbhíse poiblí cloí leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu. I dteannta na bprionsabal thuas, thiomnaíomar sinn féin do shraith luachanna a threoraíonn an fhoireann i ngach a ndéanann siad. Ós rud é go bhforluífidh siad ar a chéile ina lán cásanna, ní féidir na luachanna sin a bhreithniú ar leithligh ó chéile.
Tá ár luachanna eagraíochta leagtha amach thíos. Cuireann na luachanna síos ar na cáilíochtaí atáthar ag súil go dtaispeánfaidh an fhoireann nuair a bhíonn siad i mbun a bhfeidhmeanna. Agus athbhreithniú á dhéanamh againn ar bhreitheanna agus ar sheirbhísí de chuid soláthraithe seirbhíse poiblí, táimid ag súil gur chuir siad luachanna den chineál céanna san áireamh ina mbreitheanna, ina ngníomhartha, ina mbeartais, ina nósanna imeachta agus ina gcórais.
1. Neamhspleáchas – Is ar bhealach cóir, neodrach agus neamhchlaon a dhéanfaimid scrúdú ar ghearáin, a dhéanfaimid athbhreithnithe agus a thabharfaimid breitheanna.
2. Díriú ar Chustaiméirí – Féachaimid le sármhaitheas agus gairmiúlacht a bhaint amach agus ár seirbhísí á soláthar againn. Comhlíonfaimid caighdeáin shainithe cháilíochta agus déanfaimid athbhreithniú leanúnach ar ár bhfeidhmíocht chun a chinntiú go mbíonn an custaiméir ag croílár de gach a ndéanaimid.
3. Cothroime – Gné bhunúsach den chaidreamh atá againn le gach geallsealbhóir is ea caitheamh le daoine le meas, le dínit agus go cóir. Cuireann sé sin le timpeallacht shláintiúil oibre freisin, áit a gcothaítear rannpháirtíocht, oscailteacht agus trédhearcacht.
4. Ionbhá – Tuigimid go mbaineann formhór ár gcustaiméirí leas as ár seirbhísí mar gheall gur bhain siad triail cheana féin as gach ceann de na bealaí eile atá ar fáil dóibh. Éistfimid go cúramach lenár gcustaiméirí d’fhonn a n-ábhair imní a thuiscint agus d’fhonn bheith tuisceanach faoi na hábhair imní sin.
5. Nuálaíocht – Déanfaimid feabhsuithe leanúnacha ar fheidhmíocht agus bainfimid leas as na modhanna dea-chleachtais chun seirbhís den scoth a sholáthar, agus sinn ag méadú muinín as soláthar seirbhíse poiblí ag an am céanna.