CuspóirÍ Straitéseacha
Sainaithníodh na trí chuspóir ardleibhéil thábhachtacha seo a leanas le haghaidh na hOifige mar nithe príomhúla a bhrúfaidh baint amach ár bhfíse chun cinn.
1. Brúfaimid feabhsuithe chun cinn sa mhórsheirbhís phoiblí.
2. Soláthróimid seirbhís atá dírithe ar chustaiméirí, a léiríonn ár mbunluachanna agus ar féidir linn bheith bródúil aisti.
3. Déanfaimid ár gcreataí bainistíochta agus riaracháin a fhorbairt agus a fheabhsú d’fhonn tacú leis na cuspóirí atá againn feabhas a chur ar an mórsheirbhís phoiblí agus seirbhís shármhaith atá dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar.
Shainaithníomar na príomhghníomhartha seo a leanas trína mbainfidh an Oifig na cuspóirí thuas amach.
Seirbhísí Poiblí a Fheabhsú
- Dul i gcion ar fheabhsuithe i seirbhísí poiblí ach feasacht a spreagadh ar mhainneachtain seirbhíse bunaithe ar ár bhfionnachtana/ár gcásobair.
- Déanfaimid teagmháil le gach duine dár ngeallsealbhóirí chun caighdeáin riaracháin i measc soláthraithe seirbhíse poiblí a fheabhsú ach roinnt cineálacha cur chuige a ghlacadh.
- Ár dtuairimí a chur in iúl do sholáthraithe seirbhíse poiblí trí fhoghlaim chomhroinnte.
- Torthaí éifeachtacha agus athrú a bhaint amach le haghaidh ár gcustaiméirí.
Seirbhís atá Dírithe ar Chustaiméirí
- Ár scileanna imscrúdaithe/láimhseáil gearáin a fhorbairt tuilleadh d’fhonn an tseirbhís is fearr a sholáthar dár gcustaiméirí.
- Na roghanna atá ar fáil dár gcustaiméirí le haghaidh caidreamh a dhéanamh leis an Oifig seo a shimpliú/a mhéadú, lena n-áirítear rochtain fheabhsaithe ar líne.
- A chinntiú go dtomhaistear ár gcaighdeáin cháilíochta go héifeachtach ach méadracht dea-chleachtais a úsáid.
- A chinntiú go léiríonn ár gcumarsáidí lenár gcustaiméirí ár mbunluachanna.
Creataí Feabhsaithe Bainistíochta agus Riaracháin
- A chinntiú go mbímid ag obair ar an mbealach is éifeachtaí ó thaobh struchtúr, próiseas agus nósanna imeachta de.
- Córais chásbhainistíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtacófar le seirbhísí éifeachtacha éifeachtúla a sholáthar.
- A bheith aitheanta ag daoine eile mar fhoinse saineolais i ngach ceann dár réimsí
oibríochta.