Baile  /  Eolas Fúinn  /  Ról, Feidhmeanna agus Cumhachtaí an Choimisinéara Faisnéise  /  Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú na nAchtanna um Shaoráil FaisnéiseActs
 

Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise

Luann an tAcht FOI go gcoimeádfaidh an Coimisinéir Faisnéise oibriú an Achta um Shaoráil Faisnéise faoi athbhreithniú le cinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha na reachtaíochta. Déanann sí é seo ar bhealaí éagsúla.

Tuarascálacha Bliantúla

Ina tuarascálacha bliantúla déanann an Coimisinéir measúnú ar leibhéil na n-achomharc a dhéantar lena hoifig agus na comhlachtaí poiblí a bhíonn i gceist. Feidhmíonn sé seo mar tháscaire amháin maidir le cé chomh maith agus atá comhlachtaí poiblí ag oibriú an Achta FOI. Sa tuarascáil sin, cuireann sí le chéile staitisticí freisin a léiríonn an úsáid iarrthóirí i measc na gcomhlachtaí poiblí ar fad atá san áireamh faoin reachtaíocht (breis agus 400). Ina theannta sin, cuireann sí faisnéis ar fáil ar na torthaí - .i. má géilleadh d'fhaisnéis, má géilleadh go páirteach di nó má diúltaíodh géilleadh di agus tuairimí ar aon treochtaí atá ag teacht chun cinn.

Imscrúduithe Speisialta

Forálann an tAcht FOI freisin ag alt 36(1) gur féidir leis an gCoimisinéir imscrúdú a dhéanamh, tráth ar bith, ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh le forálacha an Achta FOI go ginearálta; nó le foráil ar leith den Acht FOI (mar shampla, alt 18, a chuireann ceart ar fáil ar ráiteas cúiseanna i gcásanna ar leith); nó imscrúdú ar a gcleachtais agus nósanna imeachta FOI. Féadfaidh an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh freisin ar chomhlacht poiblí ar leith maidir lena chomhlíonadh ginearálta; a chomhlíonadh i réimse ar leith; nó a chleachtais agus nósanna imeachta FOI. Is féidir na foilseacháin sin a fhoilsiú.

Rinne alt 36 den Acht foráil go ndéanfadh an Coimisinéir imscrúdú ar chomhlachtaí poiblí i gcoitinne, laistigh de thrí bliana ó thús an Achta an 21 Aibreán 1998. D'fhoilsigh an tIar-Choimisinéir, An tUasal Kevin Murphy an tuarascáil seo "An tAcht um Shaoráil Faisnéise

I mí an Mheithimh 2004, rinne an Coimisinéir Faisnéise reatha, an tUasal Emily O'Reilly, imscrúdú ar "Thionchair an achta leasaithe agus tabhairt isteach táillí ar iarrataí ar rochtain ó bhaill an phobail".

Tráchtaireachtaí

Ag Alt 39, déanann an tAcht FOI foráil freisin gur féidir leis an gCoimisinéir tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú ar oibriú praiticiúil an Achta, lena n-áirítear tráchtaireachtaí bunaithe ar a taithí féin mar shealbhóir Oifig an Choimisinéara Faisnéise. I mí an Mhárta 2003, d'fhoilsigh an tIar-Choimisinéir tráchtaireacht ar a scrúdú ar oibriú na n-alt sin den Acht FOI a bhíothas le leasú sa Bhille um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003. Rinne sé é sin trí dhíriú ar na breitheanna níos suntasaí a bhí tugtha aige ó Aibreán 1998 maidir leis na hailt sin a chur i bhfeidhm agus a oibriú.