Bíonn na hionchais a bhíonn ag sochaí nua-aimseartha dhigiteach ag bunathrú na ndóigheanna a ndéantar faisnéis agus seirbhísí a chur ar fáil agus a úsáid. Ní i ngach cás a choinnigh an dóigh ina bhfuil seirbhísí poiblí socraithe chun caidreamh a dhéanamh le custaiméirí cab ar chab leis na hionchais sin. Is cinnte go bhfuil sé ar acmhainn ag an teicneolaíocht dhigiteach a éifeachtúla atá ár ngníomhaíochtaí laethúla a fheabhsú, agus eispéireas ár gcustaiméirí le seirbhísí poiblí á shimpliú ag an am céanna. Teastaíonn infheistíocht shuntasach, ó thaobh an airgeadais agus na n-acmhainní daonna de, chun an trasdul a dhéanamh ar dhóigh fhiúntach. Thar thréimhse an timthrialla straitéisigh seo, tá sé beartaithe againn na tionscnaimh seo a leanas a chur chun feidhme:
· An Fhoghlaim a Chomhroinnt
Leanfaidh na hOifigí seo ar aghaidh le hiniúchadh a dhéanamh ar dhóigheanna breise chun foghlaim a chomhroinnt le soláthraithe seirbhíse poiblí d’fhonn caighdeáin seirbhíse go ginearálta a ardú. Leanfaimid ar aghaidh le hobair a dhéanamh i gcomhpháirt le soláthraithe seirbhíse poiblí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna córasacha, nithe a shainaithnítear ach faireachán a dhéanamh ar threochtaí inár gcuid oibre.
Breithneoidh Oifig an Ombudsman réimsí nua nach mór aird a thabhairt orthu le haghaidh tuilleadh imscrúduithe féintionscnaimh agus leanfaidh sí ar aghaidh ag foilsiú cásleabhar ar bhonn rialta. Déanfaidh OCF tuilleadh forbartha ar raon agus ar chineál na treorach do chomhlachtaí poiblí a fhoilseofar ar a suíomh Gréasáin agus pléifidh sí dóigheanna breise le foghlaim a chomhroinnt ar fud gach comhlachta phoiblí.
· Tairseach Aonair le haghaidh Gearáin Earnála Poiblí
Is féidir leis an bpátrún casta um sholáthar seirbhíse poiblí mearbhall a chur ar dhaoine ar mian leo gearán a dhéanamh. Ní bhíonn siad cinnte i gcónaí cén áit ar cheart dóibh dul chuige agus conas ba cheart dóibh gearán a dhéanamh. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an mearbhall sin, táimid ag iniúchadh na féidearthachta a bhaineann le tairseach aonair a thabhairt isteach le haghaidh gach gearáin seirbhíse poiblí. Is éard atá in healthcomplaints.ie, rud a d’fhorbraíomar i gcomhpháirt le comhlachtaí eile, ná bloc tógála úsáideach i dtreo seirbhís teileafóin agus ar líne a bhunú ar féidir léi daoine ar mian leo gearán a dhéanamh faoi sheirbhís phoiblí ar bith a threorú nó an gearán sin a ghabháil agus a sheoladh thar a gceann.
Faoi láthair, treoraíonn an Oifig gearánaigh chuig an ngníomhaireacht ábhartha nó chuig an Ombudsman ábhartha, nuair is cuí. Is é sprioc thairseach Ghréasáin an Ombudsman ná gur cheart a bheith ar a cumas tacú le hóstáil a dhéanamh ar thairseach gearáin le haghaidh na seirbhíse poiblí agus treorú díreach ar aghaidh chuig córais ghearáin na soláthraithe seirbhíse poiblí a chur ar fáil.
· Córas TFC den Chéad Scoth a Fhorbairt don Todhchaí
Tá forbairt á déanamh againn faoi láthair ar chóras casbhainistíochta nua ar féidir leis déileáil le doiciméid, le próisis, le sreabhadh oibre agus le riachtanais tuairiscithe le haghaidh cineálacha éagsúla cásanna. Comhlánófar é le pacáiste nua fóin a chomhtháthóidh go hiomlán leis an gcóras. Táimid ag súil leis go soláthrófar tréchur níos fearr agus cáilíocht níos fearr i gcásobair mar thoradh ar an gcóras cásbhainistíochta feabhsaithe. Is go digiteach a sholáthrófar seirbhísí, nuair is cuí, d’fhonn gnáth-thascanna a uathoibriú agus, dá bhrí sin, agaí iontrála sonraí don fhoireann a íoslaghdú. Tacófar le cáilíocht mhéadaithe seirbhíse do bhaill den phobal trí agaí feabhsaithe críochnaithe cáis a sholáthar ach gnéithe cuí dár seirbhísí a chur ar fáil go digiteach. Beidh malartú leictreonach doiciméad ina chúis le teagmháil níos éifeachtaí le soláthraithe seirbhíse poiblí agus, dá bhrí sin, le tuilleadh tacaíochta dóibh chun seirbhísí poiblí a fheabhsú.
Chomh maith leis sin, soláthrófar leis an gcóras cásbhainistíochta nua faisnéis bhainistíochta i bhfad níos fearr ag a bhfuil acmhainn le haghaidh miontuairisciú, lena n-áirítear sainaithint treochtaí agus anailís ar threochtaí, rud a chuirfidh ar ár gcumas oibriú ar bhealach níos éifeachtúla. Tacófar leis trí chóras feabhsaithe bainistíochta taifead le haghaidh taifid cháis agus le haghaidh taifead nach bhfuil bainteach le cásanna. Beidh sé ina riachtanas go bhféadfar na córais a oiriúnú lena n-úsáid sa todhchaí ag eagraíochtaí eile seirbhíse poiblí.