Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Doiciméadaí Straitéise  /  Ráiteas Straitéise 2016–2018
 

Na Chéad Chéimeanna Eile

Rachaidh gach Oifig i gcomhairle lena bhfoirne faoi seach chun Pleananna Gnó mionsonraithe a chur le chéile ina léireofar na Cuspóirí Straitéiseacha agus na príomhghníomhartha gaolmhara go soiléir. Tacófar leis an bpróiseas pleanála gnó trí phleananna gníomhaíochta baill foirne aonair agus trí chláir riosca rannóige. Déantar faireachán agus athbhreithniú ar gach ceann díobh ar bhonn rialta i gcomparáid le táscairí feidhmíochta atá inchainníochtaithe agus faoi theorainn ama.