Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Conas Iarraidh a Dhéanamh faoin Acht FOI
 

Conas Iarraidh a Dhéanamh faoin Acht FOI

Céard is féidir leat a chuardach faoin Acht FOI?

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise na cearta dlíthiúla seo a leanas do gach uile dhuine:

  • An ceart le rochtain a fháil ar thaifid (i bhformáid páipéir agus leictreonach) atá i seilbh comhlachtaí poiblí atá san áireamh faoin Acht;
  • An ceart le faisnéis phearsanta fúthu féin a leasú más féidir leo a léiriú go bhfuil sé neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach; agus
  • An ceart le cúiseanna a fháil maidir le gníomhaíochtaí ar leith a dhéanann comhlachtaí poiblí, gníomhaíochtaí a dhéanann difear dóibh.

Céard iad na Taifid in Oifig an Choimisinéara Faisnéise atá san áireamh?

Chomh maith le athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna tugtha ag comhlachtaí poiblí faoin Acht FOI, tá Oifig an Choimisinéara Faisnéise san áireamh faoin Acht freisin. Ach, níl gach taifead atá i seilbh na hOifige san áireamh. Níl feidhm ag an Acht FOI maidir leis na taifid seo a leanas i seilbh Oifig an Choimisinéara Faisnéise:

  • taifid a bhaineann le hathbhreithniú an Choimisinéara ar bhreith comhlachta phoiblí ar iarraidh FOI; nó
  • taifid a bhaineann le himscrúdú an Choimisinéara;

Tá taifid a cruthaíodh roimh a cuireadh tús leis an athbhreithniú nó an imscrúdú san áireamh. Tá taifid a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Choimisinéara Faisnéise san áireamh freisin faoin Acht FOI.

Conas Iarraidh a Dhéanamh

Ba chóir iarrataí FOI chuig an Oifig seo a dhéanamh i scríbhinn ag lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht agus ba chóir iad a sheoladh chuig An tUasal Mary Byrne, Oifigeach Idirchaidrimh FOI, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 nó ag info@oic.ie. Is féidir leat Iarratas a dhéanamh ar líne freisin[create link].

Conas ar féidir leatsa cabhrú linn déileáil le d'Iarraidh?

Má tá tú ag cuardach taifid ba chóir duit an oiread faisnéise agus is féidir leat a chur ar fáil dúinn chun cur ar ár gcumas é a aimsiú. Más mian leat an taifead a fháil i bhformáid ar leith (e.g. fótacóip, iarscríbhinn, diosca ríomhaire; nó más mian leat é a scrúdú) ba chóir duit é seo a lua go soiléir i d'iarraidh.

Má tá tú ag lorg leasú ar thaifead, ba chóir go n-aithneodh do d'iarraidh an taifead lena mbaineann, an leasú atá ag teastáil, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil gá leis an leasú.

Conas a gCabhróimid Leat agus Tú ag Déanamh d'Iarraidh

Luann an tAcht FOI gur chóir do chomhlacht poiblí cabhrú le duine atá ag lorg taifid faoin Acht FOI. Luann sé go sonrach gur chóir cabhair a chur ar fáil nuair atá an t-iarrthóir faoi mhíchumas.

Lena chois sin, is féidir leis an Oifig seo dul i dteagmháil leat chun d'iarraidh a shoiléiriú leat.

An Gá Duit Íoc?

I gcásanna ar leith gearrtar táillí ar iarraidh nó ar achomharc faoin Acht FOI. Go ginearálta is é €15 an táille chun iarraidh a dhéanamh; is é €75 an táille ar athbhreithniú inmheánach. Is féidir faisnéis níos sonraí a fháil sa rannóg a bhaineann le Táillí. Má bhíonn táille iníoctha maidir le hiarraidh nó athbhreithniú inmheánach don Oifig seo is féidir leat an táille a íoc Ar Líne nó le seic.

Cé Chomh Fada a Thógfaidh sé?

Ón uair a fhaigheann an Oifig seo iarraidh tá suas le ceithre seachtaine againn breith a thabhairt. Eiseofar an bhreith duit i scríbhinn agus sonrófar an bhfuiltear ag géilleadh do d'iarraidh nó nach bhfuil, an bhfuiltear ag géilleadh go páirteach di nó an bhfuiltear ag diúltú do d'iarraidh agus tabharfar cúis(eanna) na breithe duit.

Céard a Tharlaíonn Má Bhíonn Tú Míshásta Leis an mBreith?

Má bhíonn tú míshásta leis an mbreith nó más rud é go bhfuil ceithre seachtaine caite agus nach bhfuil breith faighte agat (diúltú do d'iarraidh FOI gan fhreagra a thugtar air seo),is é an chéad chéim eile atá romhat iarratas a dhéanamh ar 'athbhreithniú inmheánach'.

Meicníocht achomhairc laistigh den Oifig seo is ea an 'athbhreithniú inmheánach' a mbeidh oifigeach níos sinsearaí ná an duine a thug an bhunbhreith ina bhun. Chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach ní mór duit scríobh chuig an Oifig seo ag déanamh tagairt don bhreith a fuair tú (má tugadh ceann) agus luaigh go bhfuil tú ag déanamh achomhairc ar athbhreithniú inmheánach. Ní féidir leat aon saincheist eile a lua i do achomharc ar athbhreithniú inmheánach, is é an t-aon chuspóir a bhaineann leis an athbhreithniú go ndéanfadh oifigeach eile athmhachnamh ar an mbreith a tugadh ar do bhuniarraidh. Tá trí seachtaine ag an Oifig seo chun breith a thabhairt ar d'iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.

Ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith FOI a bhaineann lena hOifig. Má bhíonn tú míshásta leis an mbreith ón athbhreithniú inmheánach nó más rud é go bhfuil trí seachtaine caite agus nach bhfuil breith faighte agat (meastar gur diúltú é seo gan fhreagra) de réir alt 42(3) den Acht FOI, is é an chéad chéim eile atá romhat achomharc a dhéanamh ar an mbreith ar phonc dlí chun na hArd-Chúirte. Ní mór achomharc den sórt sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ón dáta a tugadh breith na hOifige seo ar athbhreithniú inmheánach.