- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Táillí Iarrtais
Táillí
Faoi fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, agus faoi fhorálacha na Rialachán iomchuí, i gcásanna ar leith ní mór táille a íoc nuair atá iarraidh nó achomharc á dhéanamh. Cuireadh tús leis an gceanglas seo maidir le táillí a íoc an 7 Iúil 2003. Tugadh táillí isteach maidir le hiarrataí ar rochtain ar thaifid ina bhfuil faisnéis nach mbaineann go hiomlán leis an iarrthóir. Mura n-íocfar an táille measfar nach bhfuil an iarraidh/achomharc déanta. I gcásanna ar leith, áfach, níl táille ar bith iníoctha nó b'fhéidir go bhfuil táille laghdaithe iníoctha.
Tá na sonraí maidir le cén uair a bhfuil íocaíocht riachtanach, agus na rátaí íocaíochta, leagtha amach anseo thíos:
| Cineál Iarrata/Achomhairc | Buniarraidh | Athbhreithniú Inmheánach |
Achomharc le OIC |
|---|---|---|---|
| Rochtain ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir | - | - |
- |
Leasú ar thaifid (Alt 17) |
- | - | - |
Ráiteas cúiseanna (Alt 18) |
- | - | - |
| Achomharc ar bhreith le táille a ghearradh | - | - | - |
| Iarraidh lena mbaineann Alt 28(6) den Acht | - | - | - |
| Rochtain ar thaifead neamhphearsanta ag duine gan cárta leighis | €15 | €75 | €150 |
| Iarraidh ar thaifead neamhphearsanta ag sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis | €10 | €25 | €50 |
Tríú páirtithe ag achomharc breith comhlachta phoiblí ar fhaisnéis a thabhairt amach ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail |
- | - | €50 |
Tabhair faoi deara le do thoil go gcuireann an Láithreán Gréasáin seo áis ar fáil d'íocaíochtaí ar líne maidir le hiarrataí FOI chuig an Oifig seo agus d'achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Cuardach agus Aisghabháil
Is féidir go mbeidh táillí iníoctha maidir le cuardach agus aisghabháil agus/nó taifid a chóipeáil atá mar ábhar d'iarraidh FOI. Go ginearálta, ní bheidh aon táille iníoctha más faisnéis phearsanta amháin atá sna taifid atá á lorg, mura bhfuil líon suntasach taifead i gceist.
Ní iarrtar táillí do chuardach agus aisghabháil/cóipeáil
- áit a mbeadh cabhair ar leith le fáil ag duine aonair nó grúpa a bheadh ag iarraidh tuiscint a fháil ar shaincheist lena mbaineann 'Tábhacht Náisiúnta', dá dtabharfaí amach na taifid, ábhar don iarraidh FOI, do
-áit a bhfuil an costas chun an táille a bhailiú níos mó ná an táille féin
Nuair a bhíonn na táillí sin á lorg bíonn na rátaí seo a leanas i bhfeidhm:
- Cuardach & Aisghabháil €20.95 in aghaidh na huaire
- Taifid a Chóipeáil
-Fótacóip 4c an leathanach
-Diosca Flapach 51c
-CD ROM €10.16
-X-gha €6.35
Tá líon na n-uaireanta ar féidir le comhlacht gearradh do chuardach agus aisghabháil teoranta don líon uaireanta a thógfadh sé na taifid a fháil i gcomhadchóras eagraithe. Ní ghearrtar an táille ach amháin don ghníomh fisiceach a bhaineann leis an gcuardach.
Más cosúil go mbeidh an táille cuardaigh agus aisghabhála níos mó ná €50.79 ní mór don chomhlacht poiblí éarlais de 20% ar a laghad a iarraidh. Ba chóir fógra a thabhairt don iarrthóir maidir leis seo laistigh de choicís ón uair a dhéanann sé/sí an iarraidh FOI agus ba chóir meastachán a thabhairt dó/di freisin maidir leis an líon uaireanta cuardaigh a bheidh ag teastáil. Ní chuirfidh an comhlacht tús leis an gcuardach go dtí go n-íocfar an éarlais.
Is féidir leis an iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht le féachaint an bhféadfaí an éarlais a laghdú nó a ghlanadh ar fad e.g. tríd an iarraidh a dhéanamh níos sonraí agus dá bhrí sin ag laghdú líon na dtaifead a mbeadh gá a chuardach. Má dhiúltaítear don iarraidh nó má cheadaítear go páirteach di íocfar ar ais an éarlais.
Céard is féidir leis an iarrthóir a achomharc?
Is féidir an éarlais a chuardaítear agus méid na táille deireanaí a achomharc. Is í an táille amháin a dhéanfar a mheas, áfach, ní dhéanfar scrúdú ar na taifid atá mar ábhar don iarradh FOI.