Le Comhlacht Poiblí

Céard is Féidir Leat Chuardach faoin Acht FOI?

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise na cearta dlíthiúla seo a leanas do gach uile dhuine:

1. An ceart le rochtain a fháil ar thaifid (i bhformáid páipéir nó leictreonach) atá i seilbh comhlachtaí poiblí atá san áireamh faoin Acht FOI;

2. An ceart le faisnéis phearsanta fúthu féin a leasú más féidir leo a léiriú go bhfuil sé neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach; agus

3. An ceart le cúiseanna a fháil maidir le gníomhaíochtaí ar leith a dhéanann comhlachtaí poiblí, gníomhaíochtaí a dhéanann difear dóibh.

 Conas Iarraidh a Dhéanamh

Ba chóir Iarrataí FOI a dhéanamh i scríbhinn, ag lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht agus ba chóir iad a sheoladh chuig Oifigeach Idirchaidrimh FOI an chomhlachta phoiblí. Chun liosta de na comhlachtaí poiblí atá san áireamh faoin Acht a fháil chomh maith le hainmneacha na nOifigeach Idirchaidrimh cliceáil anseo le do thoil.

Má tá tú ag lorg taifid ba chóir duit an oiread faisnéise agus is féidir leat a chur ar fáil chun cur ar chumas an chomhlachta phoiblí é a aimsiú. Más mian leat an taifead a fháil i bhformáid ar leith (e.g. fótacóip, iarscríbhinn, diosca ríomhaire; nó más mian leat é a scrúdú) ba chóir duit é seo a lua go soiléir i d'iarraidh.

Má tá tú ag lorg leasú ar thaifead, ba chóir go n-aithneodh d'iarraidh an taifead lena mbaineann, an leasú atá ag teastáil, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil gá leis an leasú.

Conas ar Féidir Cabhrú Leat agus Tú ag Déanamh d'Iarraidh

Luann an tAcht FOI gur chóir do chomhlacht poiblí cabhrú le duine atá ag lorg taifid faoin Acht FOI. Luann sé go sonrach gur chóir cabhair a chur ar fáil nuair atá an t-iarrthóir faoi mhíchumas.

An Gá Duit Íoc?

I gcásanna ar leith gearrtar táillí ar iarraidh nó ar achomharc faoin Acht FOI. Go ginearálta is é €15 an táille ar iarraidh, €75 ar athbhreithniú inmheánach agus €150 ar achomharc chuig an Oifig seo. Is féidir faisnéis níos sonraí a fháil sa rannóg a bhaineann le Táillí.

Cé Chomh Fada a Thógfaidh sé?

Ón uair a fhaigheann an comhlacht poiblí iarraidh tá suas le ceithre seachtaine aige breith a thabhairt. Eiseofar an bhreith duit i scríbhinn agus sonrófar an bhfuiltear ag géilleadh do d'iarraidh nó nach bhfuil, an bhfuiltear ag géilleadh go páirteach di nó an bhfuiltear ag diúltú do d'iarraidh agus tabharfar cúiseanna na breithe duit.

Céard a Tharlaíonn Má Bhíonn Tú Míshásta Leis an mBreith?

Má bhíonn tú míshásta leis an mbreith nó más rud é go bhfuil ceithre seachtaine caite agus nach bhfuil breith faighte agat (diúltú do d'iarraidh FOI gan fhreagra a thugtar air seo), is é an chéad chéim eile atá romhat iarratas a dhéanamh ar 'athbhreithniú inmheánach'.

Meicníocht achomhairc laistigh den chomhlacht poiblí is ea an 'athbhreithniú inmheánach' a mbeidh oifigeach níos sinsearaí ná an duine a thug an bhunbhreith ina bhun. Chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach ní mór duit scríobh chuig an gcomhlacht poiblí ag déanamh tagairt don bhreith a fuair tú (má tugadh ceann) agus luaigh go bhfuil tú ag déanamh achomhairc ar athbhreithniú inmheánach. Ní féidir leat aon saincheist eile a lua i do achomharc ar athbhreithniú inmheánach, is é an t-aon chuspóir a bhaineann leis an athbhreithniú go ndéanfadh oifigeach eile athmhachnamh ar an mbreith a tugadh ar do bhuniarraidh. Tá trí seachtaine ag an gcomhlacht poiblí chun breith a thabhairt ar d'iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.

Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise

Má bhíonn tú míshásta leis an mbreith ón athbhreithniú inmheánach, nó, más rud é go bhfuil trí seachtaine caite agus nach bhfuil breith faighte agat (meastar gur diúltú é seo gan fhreagra), is é an chéad chéim eile atá romhat iarratas a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise d'athbhreithniú ar bhreith an chomhlachta phoiblí. Má bhíonn táille iníoctha maidir le hachomharc a dhéantar leis an Oifig seo is féidir leat an táille a íoc Ar Líne nó le seic.