- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Case 070290 - An tUasal X agus Comhairle Contae na Gaillimhe
Le breith an Choimisinéara maidir leis an iarraidh ar rochtain ar thaifid de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe ina ndéileáiltear le trí chapall a urghabháil faoin Acht um Rialú Capall 1996, agus lena ndíothú dá éis sin, seasadh le diúltú Chomhairle Contae na Gaillimhe rochtain a thabhairt ar gach taifesd acu ach amháin ceann amháin ar an mbonn nach ann do na doiciméid. Aimsíodh taifead amháin agus scaoileadh é chuig an iarrthóir i gcúrsa an athbhreithnithe.
Case Summary
Saincheist
An bhfuil údar leis an mbreith ón gComhairle, faoi alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise diúltú rochtain a thabhairt ar thaifid a bhaineann le hurghabháil agus díothú trí chapall ar maoin de chuid an Iarrthóra iad.
Breith
D'athraigh an tImscrúdaitheoir Sinsearach breith na Comhairle agus d'ordaigh don Chomhairle rochtain a thabhairt ar thaifead amháin a tháinig ar iúl don Imscrúdaitheoir sin i gcúrsa an athbhreithnithe; chinn sí go bhfuil údar le diúltú na Comhairle rochtain a thabhairt ar thaifid bhreise ar an mbonn nach ann do na taifid sin nó nach féidir teacht orthu agus go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) maidir leis na taifid sin.
Date of Decision: 27.11.2008
Iarratas ar Athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 & 2003
Background:
Cúlra
Rinneadh iarraidh an Iarrthóra i ndáil le saoráil faisnéis i litir chun na Comhairle dar dáta an 21 Bealtaine 2007. D'iarr an tIarrthóir, i ndáil le trí chapall a thóg cuideachta tarlaithe ó chró feirmeora i gCo. na Gaillimhe an 23 Márta 2009 d'fhonn iad a thabhairt go dtí Póna Áth na nUrlainn i gCill Chainnigh, an "rian páipéir" a bhaineann leis an teagmhas sin. De réir dealraimh, ba é alt 37 den Acht um Rialú Capall an bonn le hurghabháil agus coimeád na gcapall. Go sonrach, d'iarr an t-iarrthóir an méid seo a leanas:
- Cóip den fhístaifeadadh ó Phóna Áth na nUrlainn
- Cóip de na capaill a seiceáladh, na marcálacha a tógadh agus na huimhreacha micrishlise
- Cóip den Fhógra a cuireadh suas i Stáisiún an Gharda Síochána sa Ghort
- Cóip den Fhógra a cuireadh suas i bPóna Áth na nUrlainn
- Mionsonraí faoin díothú - monarcha nó eile; ainm an tréidlia a bhí i mbun an díothaithe
- Cóip d'árachas an tarlóra.
Dhiúltaigh an Chomhairle don iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise dar dáta an 11 Iúil 2007; luadh gurbh iad forais an diúltaithe ná go raibh an fhaisnéis "ina hábhar d'Imeachtaí Cúirte". Nuair a dhiúltaigh an Chomhairle rochtain a thabhairt níor luadh aon alt den Acht um Shaoráil Faisnéise. Rinne an tIarrthóir iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar an mbreith an 26 Iúil 2007. I ndiaidh leithscéal a ghabháil idir an dá linn an 14 Meán Fómhair 2007 go raibh moill ann eisíodh breith chuig an Iarratasóir tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh, lasmuigh den teorainn fhorordaithe 3 seachtaine, an 26 Deireadh Fómhair 2007. Sa bhreith sin, níor luadh na forais bhunaidh leis an diúltú arís; ina n-ionad sin, déileáladh le gach gné den iarraidh bhunaidh ina gné agus ina gné, mar a leanas:
- Diúltaíodh cóip den fhístaifeadadh ó Phóna Áth na nUrlainn de réir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise toisc nach ann di nó nach raibh teacht uirthi tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh lena fháil amach cá raibh sí.
- Deonaíodh rochtain ar chóip de litir dar dáta an 7 Samhain 2001 ón gcuideachta tarlaithe chuig Gníomhaire Dlí na Comhairle. Ní dhearnadh aon tagairt áfach do na taifid a iarradh i ndáil leis na capaill a sheiceáil nó a mharcáil nó maidir le micrishlis a chur isteach.
- Diúltaíodh cóip den Fhógra a cuireadh suas i Stáisiún an Gharda Síochána sa Ghort de réir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise toisc nach ann dó nó nach raibh teacht air tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh lena fháil amach cá raibh sé.
- Diúltaíodh cóip den Fhógra a cuireadh suas i bPóna Áth na nUrlainn de réir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise toisc nach ann dó nó nach raibh teacht air tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh lena fháil amach cá raibh sé.
- Diúltaíodh don iarraidh ar mhionsonraí maidir le díothú na gcapall agus ainm an tréidlia a bhí i mbun an díothaithe toisc nach taifid chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise na mionsonraí agus ainm an tréidlia.
- Diúltaíodh don iarraidh ar chóip d'árachas an tarlóra de réir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise toisc nach ann dó nó nach raibh teacht air tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh lena fháil amach cá raibh sé.
Rinne an tIarratasóir iarratas chun na hOifige seo an 9 Deireadh Fómhair 2007 ar athbhreithniú ar bhreith na Comhairle.
Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh, thug mé aird ar an gcomhfhreagras agus ar na glaonna teileafóin seo a leanas idir an tIarratasóir agus an Oifig seo ón 9 Deireadh Fómhair 2007 i leith;
- an comhfhreagras idir an tIarratasóir agus an Chomhairle maidir leis an iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise;
- na nithe a chuir an Chomhairle faoi bhráid na hOifige seo maidir leis na taifid a iarradh;
- comhfhreagras ríomhphoist agus litreacha idir an Chomhairle agus an Oifig seo;
- forálacha an Achta um Rialú Capall 1996 agus, go háirithe Cuid III de a bhaineann le Rialú Capall, agus
- forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Aighneachtaí
Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo ach amháin leis an gceist i dtaobh an bhfuil údar leis an gComhairle do dhiúltú don iarraidh ar rochtain ar na taifid a dtugtar tuairisc orthu thuas.
Submissions
.Findings
Torthaí
Nithe Réamhráiteacha
Ar an gcéad dul síos, le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh, thug mé aird ar fhorálacha alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise ina bhforáiltear go "[d]toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith". Leis sin, cuirtear d'oibleagáid ar an gComhairle a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, go bhfuil údar leis an mbreith diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá i gceist sa chás seo faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Sa dara dul síos, tugaim faoi deara gur dhiúltaigh an Chomhairle don iarraidh an 11 Iúil 2007 ar na forais amháin gur ábhar d'imeachtaí cúirte an fhaisnéis a iarradh. Tá sé tábhachtach a bheith soiléir nach bhforáiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise do dhiúltú rochtain a thabhairt ar thaifid in imthosca den sórt sin gan tagairt a dhéanamh do na díolúintí dá bhforáiltear san Acht. Ina theannta sin, ar eagla go mbeadh aon amhras ann, ní mór do cheann comhlachta phoiblí neamhaird a thabhairt ar aon bharúil nó tuairim a bheidh aige/aici maidir leis na cúiseanna a bheidh ag an iarrthóir chun aon iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise a dhéanamh (tagairt in alt 8(4) arna leasú).
Ar an tríú dul síos, tugaim faoi deara go n-áitíonn an Chomhairle nach "taifid" chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise (féach ítim 5 sa tuairisc thuas ar na taifid) an iarraidh ón Iarratasóir ar mhionsonraí faoi dhíothú na gcapall agus ainm an tréidlia a bhí i mbun an díothaithe. Gan dochar do bhreithniú iomlán ar a stádas faoi threoir na ndíolúintí san Acht um Shaoráil Faisnéise, measaim gur gá a lua gurb amhlaidh, in imthosca an cháis, go mbeadh sé, dar liom, réasúnach don Chomhairle glacadh leis, chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfaí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a iarradh dá mbeadh sí in aon taifead arna shealbhú.
Forálacha Reachtúla
Alt 10(l)(a)
Is léir gurb í an díolúine iomchuí alt 10(1)(a) ina bhforáiltear mar a leanas:
"(1) Féadfaidh ceann a ndéanfar iarraidh faoi alt 7 chuige nó chuici diúltú géilleadh don iarraidh más rud é -(a) nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé. "
Is é ról an Choimisinéara in imthosca den sórt sin athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith atá i gceist agus a chinneadh an raibh údar leis an mbreith. Ciallaíonn sé sin, amhail in aon athbhreithniú eile, nach mór don Choimisinéir aird a thabhairt ar an bhfianaise atá ar fáil don té a thugann an bhreith agus an réasúnú a úsáideann sé nó sí le linn teacht ar an mbreith. Is é ról na hOifige seo a chinneadh ar thug an té a thugann an bhreith aird ar an bhfianaise iomchuí go léir agus, má thug, an raibh údar leis an mbreith a thug sé nó sí sa chás. Is é atá i gceist leis an bhfianaise i gcásanna den sórt sin na bearta a rinneadh iarbhír chun na taifid a chuardach, mar aon le fianaise ilghnéitheach eile faoi chleachtais bainistithe taifead an chomhlachta phoiblí, arb iad an bonn iad ar ar chinn an té a thugann an bhreith gur bearta réasúnacha iad na bearta a rinneadh chun na taifid a chuardach. Tuigeann an Chomhairle go bhfuil saoirse ag Oifig an Choimisinéara, más cuí, cuairt a thabhairt ar oifigí na Comhairle chun cineál agus méid an chuardaigh a rinneadh a shuíomh agus/nó chun a chleachtais bainistithe taifead a scrúdú.
Sa chás seo, sholáthair an Chomhairle mionsonraí maidir lena beartas i dtaobh stóráil agus diúscairt taifead. Is beag baint dhíreach atá ag an mbeartas sin sa chás áirithe seo toisc nach é seasamh na Comhairle i ndáil leis an gcuid is mó de na taifid sa chás seo go bunúsach gur comhdaíodh iad ar shlí mhícheart ná gur scriosadh iad ach gur diúltaíodh rochtain faoi alt 10(1)(a) ar an mbonn nach bhfuil siad ina seilbh. Ar ndóigh, mar a bheidh soiléir ón méid seo a leanas, tá ceisteanna ann i dtaobh an ann do thaifid áirithe ar chor ar bith.
Na Taifid
Taifead Uimh. 1
Áitíonn an tIarratasóir gur cheart gurbh ann d'fhístaifeadadh de theacht na gcapall go dtí póna Áth na nUrlainn agus deir sé, nuair a d'fhiafraigh sé cén fáth gur tugadh a chapaill chomh fada sin ón bpointe ónar tógadh iad seachas pónaí níos gaire (e.g. Béal Átha na Slua nó Baile Locha Riach), gur dúradh leis go ndearnadh amhlaidh mar gheall ar na saoráidí fístaifeadta a bhí ann d'ainmhithe a tugadh go dtí Áth na nUrlainn. Dúirt an Chomhairle leis an Oifig seo nach bhfuil aon fhaisnéis ná taifid aici atá ag teacht leis an ráiteas agus gurb é is cúis leis na capaill a chur chuig Póna Áth na nUrlainn seachas pónaí níos gaire ná toisc gur gnách fístaifeadadh a dhéanamh de na hainmhithe ar theacht go dtí an póna dóibh. Is iad na capaill atá i gceist dhá láir (agus ceann acu torrach) agus gearrán amháin.
Mar gheall ar aighneachtaí na Comhairle níl aon fhaisnéis agam chun a chinneadh go bhfuil an fístaifeadadh ann agus go sealbhaíonn an Chomhairle é agus cinnim mar sin go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) anseo.
Taifead Uimh. 2
Cé gur deonaíodh rochtain ar chóip de litir lámhscríofa dar dáta an 7 Samhain 2001 ón gcuideachta tarlaithe chuig Gníomhaire Dlí na Comhairle (cóip i gceangal leis an mionnscríbhinn fhollasaithe a mhionnaigh an Chomhairle an 29 Bealtaine 2002) áitíonn an Chomhairle nach ann do na taifid a iarradh - Cóip de na capaill a seiceáladh, na marcálacha a tógadh agus na huimhreacha micrishlise. Seiceáiltear gach capall ar theacht go dtí an póna dóibh agus cuirtear cóip ar ais chuig Comhairle Contae na Gaillimhe.
Chuir an Chomhairle in iúl don Oifig seo nach bhfuil aon fhaisnéis ná taifid aici a bhaineann le glacadh isteach na gcapall go dtí Póna Áth na nUrlainn. Tugaim faoi deara go bhforáiltear in alt 38 den Acht um Rialú Capall 1996 gurb amhlaidh, i gcás inar coinníodh capall de dhroim urghabháil, go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí nó Ceannfort an Gharda Síochána a chur faoi deara cibé marc céannachta nó feiste chéannachta is cuí leis an údarás nó leis an gCeannfort a ghreamú den chapall. Tugaim faoi deara freisin go dtugtar sracléiriú ar shuíomh idirlíon Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ar an nós imeachta a bhíonn ann tar éis capall a urghabháil faoin Acht um Rialú Capall 1996 agus a bhfuil feidhm aige ar bhonn náisiúnta, viz.
"Céard a tharlaíonn tar éis capall a urghabháil?
Coinnítear capaill a rinneadh a urghabháil i bPóna Capall na Comhairle in Áth na nUrlainn, Co. Chill Chainnigh. Déantar tuairisc mhionsonrach ar an gcapall a ghlacadh agus an capall a scannadh le haghaidh micrishlise. Mura bhfuil micrishlis ag an gcapall, cuirtear ceann isteach. Tabharfar fógra don úinéir (más eol cé hé nó cé hí). Thairis sin, cuirtear fógra ar taispeáint in áit phoiblí (Stáisiún de chuid an Gharda Síochána de ghnáth) ina dtugtar mionsonraí maidir leis an gcapall/leis na capaill a rinneadh a urghabháil agus ina ndeirtear go ndiúscrófar an capall trína dhíol i bPóna Áth na nUrlainn mura n-éilítear an capall laistigh de 5 lá."
Is dealraitheach go bhfuil sé neamhghnách go mainneodh aon údarás áitiúil taifead a chruthú den mhéid a bhain do thrí chapall arna n-urghabháil de réir forála reachtúla (alt 37 den Acht um Rialú Capall 1996), arna n-iompar ag tarlóir - a raibh conradh aige le haghaidh seirbhísí leis an gComhairle glacaim leis -125 éigin km go dtí póna capall. De réir dealraimh, glacann an póna sin tuairisc mhionsonrach ar gach capall a choinnítear tar éis a urghabhála agus, mura bhfuil micrishlis aige cheana féin, cuirtear ceann isteach lena aithint sa todhchaí. Glacaim le fianaise na Comhairle áfach a áitíonn leis an Oifig seo i gcónaí nach bhfuil aon taifid den sórt sin ina seilbh sa chás seo. Ní thugtar cumhacht don Choimisinéir san Acht um Shaoráil Faisnéise, i gcúrsa athbhreithnithe, breithiúnas a thabhairt ar an gcaoi a fheidhmíonn an Chomhairle a feidhmeanna i gcoitinne; Ní bhaineann athbhreithniú ach amháin leis an gceist i dtaobh an bhfuil an ceart ag an gComhairle diúltú rochtain a thabhairt ar thaifid áirithe ar an mbonn go bhfuil siad díolmhaithe óna scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní cheanglaítear ar an gComhairle leis an Acht um Shaoráil Faisnéise ach oiread taifid a chruthú i gcás nach ann do na taifid sin nó nach bhfuil siad ina seilbh cheana féin. Níl aon fhoráil san Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le ceart rochtana ar thaifid ar cheart gurbh ann dóibh agus, cé go mbeifí ag súil leis go gcruthófaí agus go gcoinneofaí taifid den sórt sin, ní nithe iad leordhóthanacht an riaracháin i gcoitinne ná na gcleachtas maidir le coinneáil taifid ar féidir déileáil leo san athbhreithniú seo.
Cé nach taifead é a bhí ar áireamh go sainráite san iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise, d'ardaigh an Oifig seo an cheist, i dtaobh an Chláir maidir le gach capall arna urghabháil nó arna choinneáil, ar foráil éigeantach de chuid an Achta um Rialú Capall (alt 42) é an clár sin a bhunú agus a chothabháil ag an údarás áitiúil, leis an gComhairle mar iarracht chun taifid maidir le hurghabháil/coinneáil agus díothú na dtrí chapall lena mbaineann a rianú. Dheimhnigh an Chomhairle leis an Oifig seo nach bhfuil clár aici a bhaineann leis na trí chapall sin agus, ar ndóigh, nach bhfuil clár aici mar a bheartaítear leis an alt sin 42. Ina dhiaidh sin, chuir an Chomhairle in iúl don Oifig seo nár coinníodh clár "i bhfoirm leabhair" agus gurb é an t-aon "chlár" a coinníodh le linn na tréimhse sin sceideal clóscríofa ina raibh mionsonraí maidir leis an líon capall a rinneadh a urghabháil thar an tréimhse idir an 14 Márta 1997 agus an 9 Deireadh Fómhair 2001 (35 chapall agus gearrchapall amháin) agus an póna capall chuig ar cuireadh na capaill a rinneadh a urghabháil. Níl aon leibhéal mionsonraí ná céannachta sa sceideal agus bheadh sé deacair a thabhairt le tuiscint, mar atá déanta ag an gComhairle, go gcomhlíonann sé alt 42 den Acht um Rialú Capall. Foráiltear le halt 42 go mbeidh ar a laghad na sonraí seo a leanas i ngach clár:
(a) tagairt chéannachta,
(b) tuairisc ar an gcapall,
(c) dáta urghabhála nó coinneála an chapaill
(d) sonraí faoin tslí ina ndéileáiltear leis an gcapall,
(e) mionsonraí faoin duine a athéilíonn an capall,
(f) sonraí faoin áit ina gcoinnítear an capall.
Dheimhnigh an Chomhairle le m'Oifigse nach bhfuil aon nós imeachta foirmeálta ar bun aici trína rianaítear rian páipéir maidir le gluaiseacht capall arna n-urghabháil. Mar fhreagra ar cheist i dtaobh an raibh nósanna imeachta ar bun chun rian páipéir a sholáthar chun gluaiseacht capall arna n-urghabháil a rianú ón bpointe urghabhála faoi alt 37 den Acht um Rialú Capall go dtí an pointe díothaithe faoi alt 39(7), dúirt an Chomhairle nach raibh aon nós imeachta foirmeálta ar bun trína rianaítear rian páipéir maidir le gluaiseacht capall arna n-urghabháil.
Taifead Uimh. 3
Diúltaíodh cóip a thabhairt den Fhógra a cuireadh suas i Stáisiún an Gharda Síochána sa Ghort de réir alt 10(l)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise toisc nárbh ann dó nó nach féidir teacht air tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh chun a fháil amach cá bhfuil sé. Sholáthair an Chomhairle fianaise dhoiciméadach gur scríobh sí litir an 11 Iúil 2008 chuig Sáirsint an Gharda Síochána ar ar a threoracha a rinneadh na capaill a urghabháil agus a dúirt gur chuir sé fógra suas ar an gclár fógraí i Stáisiún an Gharda Síochána sa Ghort an lá a rinneadh na capaill a urghabháil. Iarradh air a thaifid a chuardach chun teacht ar chóip den fhógra atá i gceist. Fuair an Chomhairle deimhniú ó Sháirsint an Gharda Síochána nach raibh an fógra ná cóip den fhógra aige an 15 Iúil 2008. Sna himthosca seo, is deimhin liom nach féidir teacht ar chóip den fhógra a deirtear a cuireadh suas i Stáisiún an Gharda Síochána sa Ghort an 23 Márta 2009 an tráth seo. Dá réir sin, cinnim go bhfuil údar leis an diúltú rochtain a thabhairt ar bhonn alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Taifead Uimh. 4
Diúltaíodh cóip den Fhógra a cuireadh suas i bPóna Áth na nUrlainn de réir alt 10(l)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní thig liom neamhaird a thabhairt ar na naoi mbliana atá caite ó tharla na teagmhais atá i gceist. Amhail i gcás an taifid roimhe seo, níl aon fhaisnéis ar fáil a thugann le tuiscint gur coinníodh taifead den sórt sin, má bhí sé ann ariamh, ná go bhfuil sé i seilbh na Comhairle anois. Cinnim go bhfuil údar leis an diúltú rochtain a thabhairt ar bhonn alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Taifead Uimh. 5
Shoiléirigh an Oifig seo leis an gComhairle gur cheart a mheas gur taifid chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise iad na mionsonraí a iarrtar maidir le díothú na gcapall agus an tréidlia a bhí ina bhun agus d'iarr an Oifig seo ar an gComhairle a rá cén seasamh atá aici maidir le haon taifid ina bhfuil na mionsonraí a iarrtar. Mar fhreagra, chuir an Chomhairle in iúl gurb é an t-aon taifead amháin ina bhfuil mionsonraí maidir le díothú na gcapall an taifead ar a bhfuil tuairisc i dTaifead Uimh. 2 thuas .i. litir lámhscríofa ón gconraitheoir tarlaithe dar dáta an 7 Samhain 2001. A mhéid a bhaineann le diúscairt na gcapall, ní deirtear sa litir ach amháin "[that] they were disposed of by putting them down" agus ní dhéantar aon tagairt d'aon tréidlia. Tugaim faoi deara forálacha an Achta um Rialú Capall 1996 agus, go háirithe, ailt 39 go 41. Tá forálacha in alt 39 maidir le diúscairt capall (mínítear diúscairt san Acht um Rialú Capall 1996 mar théarma a fholaíonn díol nó tabhairt in aisce agus deirtear go bhforléireofar focail ghaolmhara dá réir sin). Tá foráil in alt 41 maidir le díothú capall arna n-urghabháil a bhfuil pian, anbhuain nó géarfhaillí á fulaingt acu: "the opinion of the veterinary surgeon making the examination is that."the horse is in such pain or distress or state of acute neglect or so severely injured or diseased that it would be in the interests of the welfare of the horse, or the safety, health or welfare of other animals or persons it may come into contact with, to have it humanely destroyed, the local authority in whose functional area the horse is detained or the Superintendent or a person authorised by the authority or Superintendent as the case may be, may direct that the horse be so destroyed immediately or as soon as may be."
Is léir ó fhorálacha na reachtaíochta go mbeartaítear rialáil dhlúth a dhéanamh ar choinneáil agus ar dhiúscairt ainmhithe. Is léir freisin gur beart eisceachtúil é díothú ainmhí. Chuir an tIarratasóir fístaifeadadh ar fáil don Oifig seo ar sliocht é as Nuacht RTÉ (16 Nollaig 2002) ina raibh Póna Áth na nUrlainn. Sa sliocht sin mínítear gur fíor-annamh a dhíothaítear capaill a choinnítear sa phóna sin. Is é an sampla a thugtar ná i dtréimhse inar tugadh 5,000 capall isteach sa phóna, tugadh baile nua do 1,000 capall agus díothaíodh 26 chapall ar fhorais tréidliachta.
Go ginearálta, cé go bhfuil an-deacracht agam glacadh leis, más rud é gur díothaíodh na capaill mar a léiríonn an Chomhairle agus a gníomhaire, nach bhfuil aon taifid chomhaimseartha den ghníomh sin ann, glacaim le háiteamh na Comhairle nach bhfuil na taifid sin ag an gComhairle. Dá réir sin cinnim go bhfuil údar leis an gComhairle d'fheidhmiú alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Taifead Uimh. 6
Diúltaíodh don iarraidh ar chóip d'árachas an tarlóra de réir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise. I gcúrsa an athbhreithnithe, fuair an Chomhairle nóta maidir le cumhdach árachais don tréimhse atá i gceist ón tarlóir tar éis ceisteanna ón Imscrúdaitheoir san Oifig seo. Tar éis cóip den doiciméad sin a scrúdú a bhaineann le cuideachta a bhfuil conradh le haghaidh seirbhísí aici leis an gComhairle, cinnim nach bhfuil aon fhaisnéis ann a thagann faoi reim dhíolúintí an Achta um Shaoráil Faisnéise. Cinnim gur cheart an taifead a scaoileadh chuig an Iarratasóir.
Decision
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 (arna leasú), déanaimse leis seo breith na Comhairle a athrú mar a leanas:
Neamhním breith na Comhairle a mhéid a bhaineann sí le taifead Uimh. 6 agus ordaím don Chomhairle an taifead sin a scaoileadh chuig an Iarratasóir.
Maidir leis na taifid eile, dearbhaím breith na Comhairle diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid lena mbaineann.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine a ndéanann breith ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an mbreith. Ní mór aon achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis dháta na breithe seo.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 (arna leasú), déanaimse leis seo breith na Comhairle a athrú mar a leanas:
- Neamhním breith na Comhairle a mhéid a bhaineann sí le taifead Uimh. 6 agus ordaím don Chomhairle an taifead sin a scaoileadh chuig an Iarratasóir.
- Maidir leis na taifid eile, dearbhaím breith na Comhairle diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid lena mbaineann.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine a ndéanann breith ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an mbreith. Ní mór aon achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis dháta na breithe seo.