Case 100030 - Cás 100030 - An tUasal X ("an t-Iarratasóir) & An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta, ("An Roinn")

Dhearbhaigh an tImscrúdaitheoir Sinsearach cinneadh an chomhlachta phoiblí

Case Summary

An bhfuil údar ag an Roinn agus cinneadh déanta aici diúltú d'iarraidh ar thaifead a rinneadh faoi alt 7 den Acht um SF mar gheall go bhfuil sé díolmhaithe ó scaoileadh faoi alt 24(2)(e) den Acht um SF.

Déanta de réir alt 34(2) den Acht um SF ag an Uasal Seán Garvey, Imscrúdaitheoir Sinsearach, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, a bhí údaraaithe ag an gCoimisinéir Faisnéise ("an Coimisinéir") an t-athbhreithniú seo a dheanamh. 

Date of Decision: 08.10.2010

Iarratas ar Athbhreithniú faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 & 2003 (Acht um SF) chuig an gCoimisinéir Faisnéise

Background:

Cúlra

Rinneadh an iarraidh SF atá i gceist ar 29 Meán Fómhair 2008 chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí (R/DCCAD). D'iarr an t-iarratasóir:

"rochtain ar chóip den litir chuig Coimisiún an AE dar dáta Aibreán 2008, maidir le "Tuairim Réasúnaithe" an Choimisiúin i dtaobh comhlíonadh Treoir 2000/78/EC ag Éirinn."

Ina chinneadh dar dáta 10 Samhain 2008, dhiúltaigh an Roinn d'iarraidh an iarratasóra de réir ailt 20, 21, 23 agus 24 den Acht um SF. Ar an 3 Nollaig 2008 is ea d'iarr an t-iarratasóir athbhreithniú inmheánach ar chinneadh na Roinne rochtain ar an bhfaisnéis a bhí uaidh ina bhuniarraidh a dhiúltú. I gcinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh dar dáta an 15 Deireadh Fómhair, cé gur ghaibh an Roinn a leithscéal as an moill a bhí ann agus freagra á thabhairt don iarratasóir aici, sheas sí lena bunchinneadh nárbh fhéidir an taifead a scaoileadh faoi alt 24 den Acht um SF. Luaigh an Roinn ailt 20, 21 agus 23 den Acht chomh maith i dtacaíocht leis an gcinneadh sin. D'iarr an t-iarratasóir athbhreithniú ar chinneadh na Roinne ar an Oifig seo ar 29 Eanáir 2010.

Mar fhreagra ar chomhfhreagras na hOifige seo, thug an Roinn le fios ar 22 Márta  2010 nach raibh sí toilteanach an taifead a scaoileadh agus mhaígh sí go raibh an fhaisnéis a bhí sa taifead á coinneáil siar ó scaoileadh go cuí de réir ailt 23(1) agus 24(2)(e) den Acht um SF. Rinne an Oifig seo comhfhreagras le Coimisiún an AE freisin, mar gurbh é an páirtí ar cuireadh an taifead chuige. Ar an 19 Bealtaine 2010 is ea a chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé ar aon intinn leis an Roinn gur cuireadh taifid a bhain le freagra Rialtais ar thuairim réasúnaithe de chuid an Choimisiúin in iúl faoi rún agus nár chóir rochtain orthu. Mar gur dhearbhaigh an t-iarratasóir nár ghlac sé le cinneadh na Roinne, chuaigh an cás i gceann athbhreithnithe fhoirmiúli.

Ar mhaithe le soiléireacht, ba í an R/DCCAD an comhlacht poiblí a bhí ag déileáil leis an iarratas seo ar dtús, ach tar éis atheagrú ról, aistríodh freagracht as feidhm comhionannas R/DCCAD go dtí an Roinn nua Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ("R/GPCG") ar an 2 Meitheamh 2010.

Scóip an Athbhreithnithe

Tá iarraidh an iarratasóra leagtha amach thuas agus baineann an t-athbhreithniú leis an gceist seo amháin: an bhfuil nó nach bhfuil údar ag an gcomhlacht poiblí, ó thaobh forálacha an Achta um SF de, agus cinneadh déanta aige diúltú d'iarraidh an iarratasóra rochtain ar an taifead ar an mbonn go mbaineann ailt 24(2)(e) agus 23(1) leis an taifead.

Submissions

.

Findings

Réamhcheisteanna

Agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh agam, thug mé aird ar fhorálacha na nAchtanna um SF, ar aighneachtaí ábhartha an chomhlachta phoiblí agus an iarratasóra chomh maith, ar ábhar an taifid agus ar an bhfaisnéis bhreise agus ar na soiléirithe breise a thug na páirtithe ábhartha arna iarraidh sin ag an Oifig seo, lena n-áirítear Coimisiún an AE.

Is mian liom a chur in iúl chomh maith, cé go bhfuil ceangal orm faoi alt 34(10) den Acht um SF cúiseanna mo chuid breitheanna a thabhairt, is faoi réir cheanglas alt 43 a dhéanaim amhlaidh, .i. go nglacfaidh mé gach réamhchúram réasúnach le linn m'athbhreithnithe chun cosc a chur le nochtadh faisnéise atá i dtaifead díolmhaithe chun ceart an pháirtí sin achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte a chaomhnú. Ciallaíonn na ceanglais seo nach féidir liom ach cur síos teoranta a dhéanamh ar an taifead atá i gceist. Is éard atá sa taifead freagra an Rialtais ar Thuairim Réasúnaithe an AE i dtaobh mainneachtain líomhnaithe Éireann Airteagail sonraithe as Treoir ón gComhairle 2000/78/EC an 27 Samhain 2000 ("an Treoir") a thrasuí i gceart. Cuireann an Treoir toirmeasc ar idirdhealú fostaíochta ar fhorais reiligiúin nó creidimh, míchumais, aois nó claonadh gnéis.

Anailís agus Torthaí

Baineann Alt 24 den Acht le slándáil, le cosaint agus le caidreamh idirnáisiúnta agus go hiomchuí, forálann sé mar seo a leanas:Forálann Alt 24(2) go ndiúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más taifead é an taifead lena mbaineann –

(e) ina bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin ó eagraíocht idirnáisiúnta stát nó fo-organ de chuid eagraíochta den sórt sin nó ó institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach nó chuici nó chuige nó laistigh di nó laistigh de nó a bhaineann le caibidlí idir an Stát agus eagraíocht, organ, institiúid nó comhlacht den sórt sin nó laistigh d'eagraíocht, d'organ, d'institiúid nó de chomhlacht den sórt sin, nó i ndáil léi nó leis, nó

Dá réir sin, díreoidh mé m'anailís ar an cheist, an mbaineann nó nach mbaineann alt 24(2)(e) leis an taifead. 

Alt 24(2)(e)

Chun go mbaineann an díolúine le taifead, is é an ceanglas atá in alt 24(2)(e) go bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin chuig eagraíocht idirnáisiúnta stát nó chuig institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach sa taifead.

Chuir an Roinn in iúl don Oifig seo go ndearna sí a cinneadh ar an mbun tuisceana go mbeadh gach comhfhreagras idir Roinn Rialtais agus an tAontas Eorpach maidir le ceisteanna ciona i gcónaí i modh rúin.

Chuir Buanionadaí na hÉireann an taifead atá i gceist chuig an gCoimisiún Eorpach thar ceann an Rialtais ar an 4 Aibreán 2008, agus leagann sé amach freagra an Rialtais ar mhainneachtain líomhnaithe Éireann Airteagail sonraithe áirithe as an Treoir a thrasuí i gceart. Dhearbhaigh an AE leis an Oifig seo go bhfuair sé an taifead agus dheimhnigh sé go measann sé gur i modh rúin a chuirtear freagraí Ballstát ar Thuairim Réasúnaithe an Choimisiúin i bhfios, i gcomhthéacs imeachtaí um shárú, agus gur i modh rúin a fhanann freagraí den sórt sin. Mhol sé freisin go ndiúltaíonn an Coimisiún d'iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid den sórt sin a fhad is a mbíonn imeachtaí um shárú ar siúl. Thug sé le fios chomh maith go raibh tuairim aige gurbh fhéidir go gcuirfeadh nochtadh an fhreagra réiteach cairdiúil na díospóide agus an próiseas ar fad imscrúdaithe i gcontúirt.

Maíonn an t-iarratasóir nach mbaineann rúndacht le freagra Rialtas na hÉireann ar Thuairim Réasúnaithe an Choimisiúin níos mó mar gur doiciméad stairiúil anois é atá níos mó ná dhá bhliain d'aois. Measann sé go bhfuil leas dlisteanach pobail sna hargóintí a rinneadh ar son Rialtas na hÉireann. Measann an t-iarratasóir gur cuireadh deireadh le himeachtaí um shárú i dtaca le saincheist an idirdhealaithe ar fhorais reiligiúin, agus an t-ábhar sin mar fhócas a iarrata, agus maíonn sé go dtugann sé tacaíocht dá iarraidh ar rochtain ar an taifead.

D'fhonn díolúine a éileamh go cuí faoi alt 24(2)(e), ní gá don Roinn, murab ionann agus mar is gá i gceist díolúintí eile san Acht, dochar a d'fhéadfadh titim amach de dheasca nochtadh faisnéise a aithint. Is é an tástáil ábhartha atá le déanamh an bhfuil faisnéis a cuireadh i bhfios i modh rúin chuig Coimisiún an AE san fhaisnéis atá i bhfreagra an Rialtais an 4 Aibreán 2008. Maíonn an Roinn gurb amhlaidh atá an scéal agus go bhfuil Coimisiún an AE ar aon intinn léi. Maíonn an Roinn chomh maith, cé go bhfuil ceisteanna áirithe réitithe, go bhfuil an Stát fós i mbun caibidlíochta leis an gCoimisiún i ndáil leis na himeachtaí um sharú in aghaidh na hÉireann maidir leis an Treoir. Dheimhnigh Coimisiún an AE ina chomhfhreagras leis an Oifig seo go bhfuil sé ar aon intinn leis an Roinn freisin. Thug an Coimisiún le fios chomh maith go bhfuil sé ina nós aige i gcás na gcásanna atá ar feitheamh malartuithe idir na Ballstáit agus an Coimisiún a choinneáil faoi rún go dtí go mbeidh an próiseas sáruithe curtha i gcrích ag an gCoimisiún nó go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt.

Níl foráil sáraitheach ar mhaithe le leas an phobail in alt 24(2)(e) a ligfeadh dom a mheas, beag beann ar rúndacht ar bith i gcur in iúl an taifid, cé acu an bhfóinfeadh scaoileadh an taifid do leas an phobail, mar a mhaígh an t-iarratasóir, nó a neamhscaoileadh. In éagmais sárú den sórt sin in alt 24(2)(e), níl cead reachtúil agam mórleas an phobail a mheá agus cinneadh á dhéanamh agam sa gcás seo.

Agus an t-ábhar seo á mheas agam, thug mé aird ar mhaíomh an Choimisiúin go gcreideann sé go bhfuil an próiseas sáruithe i modh rúin go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe. Chuaigh an Oifig seo ar thóir fianaise gur foilsíodh taifid den chineál a bhaineann leis an athbhreithniú, ach seachas preaseisiúint an Choimisiúin ar an 31 Eanáir 2008 (tag. MEMO/08/68 ina bhfuil faisnéis de chineál ginearálta maidir leis na himeachtaí ach nach soláthraíonn faisnéis mhionsonraithe den chineál atá sa taifead a coinníodh siar), ní raibh sí in ann teacht ar aon fhianaise den sórt sin. Táim sásta, mar sin, go bhfuil call le maíomh an Choimisiúin ar an bpointe seo.

Chomh maith leis sin, tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar an taifead a coinníodh siar, táim sásta go bhfuil sé ina chuid shubstainteach den phróiseas sáruithe agus nach mbaineann sé le nósanna imeachta ná le riarachán amháin. Dá bhrí sin, toisc ábhar an taifid agus cheal fianaise gur foilsíodh ábhar a raibh ann, táim sásta gur i modh rúin a cuireadh an taifead i bhfios chuig Coimisiún an AE agus dá bhrí sin go bhfuil sé díolmhaithe ó scaoileadh de bharr alt 24(2)(e) den Acht um SF. Cinním dá réir sin.

Díolúintí eile atá luaite ag an Roinn

Mar gur dheimhnigh mé go bhfuil an taifead díolmhaithe faoi alt 24(2)(e), ní gá dom iarraidh na Roinne faoi ailt 20, 21 agus 23 den Acht um SF a mheas.

Decision

Cinneadh

Agus athbhreithniú déanta agam faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú, daingním leis seo cinneadh na Roinne diúltú d'iarraidh an Iarratasóra agus go bhfuil an taifead á choimeád siar go cuí de réir alt 24(2)(e) den Acht um SF.

Ceart Achomhairc

Is féidir le páirtí in athbhreithniú, nó le haon duine eile a dtéann cinneadh de chuid an Choimisinéara Faisnéise i bhfeidhm air tar éis athbhreithnithe, is féidir leis achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí a éiríonn as an gcinneadh. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh don duine a rinne an t-achomharc. 

Seán Garvey

Imscrúdaitheoir Sinsearach

08 Deireadh Fómhair 2010