- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Case 090023 - Irish Medical News agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
An bhfuil údar le breith an FSS diúltú rochtain a thabhairt ar thaifead arb éard atá ann athbhreithniú ar sheirbhísí dianchúraim san FSS Theas ar an mbonn go bhfuil an taifead díolmhaithe óna scaoileadh faoi fhorálacha alt 20(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Case Summary
Saincheist
An bhfuil údar le breith an FSS diúltú rochtain a thabhairt ar thaifead arb éard atá ann athbhreithniú ar sheirbhísí dianchúraim san FSS Theas ar an mbonn go bhfuil an taifead díolmhaithe óna scaoileadh faoi fhorálacha alt 20(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Breith
Chinn an tImscrúdaitheoir Sinsearach nach bhfuil údar le diúltú an FSS rochtain a thabhairt ar an taifead. Rinne sí breith an FSS a neamhniú agus d'ordaigh sí di an taifead atá i gceist a scaoileadh.
Date of Decision: 21.05.2009
Iarratas ar Athbhreithniú faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) chuig an gCoimisinéir Faisnéise
Background:
In iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2008, d'iarr an Irish Medical News cóip de thuarascáil ar athbhreithniú ar sheirbhísí dianchúraim san FSS Theas. Ina litir faoin mbreith, dar dáta an 8 Nollaig 2008, dhiúltaigh an FSS rochtain a thabhairt ar an taifead atá i gceist á áitiú go raibh sé díolmhaithe óna scaoileadh faoi alt 20 den Acht um Shaoráil Faisnéise. An 12 Nollaig 2008 d'iarr an t-iarratasóir athbhreithniú inmheánach ar bhreith tosaigh an FSS. Toisc gur mhainnigh an FSS breith a thabhairt laistigh den tréimhse ama fhorordaithe, b'ionann sin agus diúltú measta don iarraidh ar athbhreithniú inmheánach. Rinne an t-iarratasóir iarratas chun na hOifige seo an 26 Eanáir 2009 go ndéanfaidh an Coimisinéir athbhreithniú ar bhreith an FSS. I mbreith dar dáta an 28 Eanáir, 2009, dhearbhaigh an FSS a breith tosaigh agus dúirt sí go scaoilfí an tuarascáil sna míonna atá romhainn. Chuir an t-iarratasóir in iúl áfach gur mhian léi go leanfadh an Coimisinéir ar aghaidh lena hathbhreithniú.
Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh, thug mé aird ar aighneachtaí an FSS, lena n-áirítear a cuid aighneachtaí is déanaí, dar dáta an 12 Márta 2009, an 1 Aibreán 2009 agus an 2 Aibreán 2009, chomh maith le haighneachtaí an iarratasóra; ar fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus ar ábhair an taifid atá i gceist (a sholáthair an FSS don Oifig seo chun críche an athbhreithnithe seo). Tugaim faoi deara gur chuir an tUasal Desmond O'Neill, Imscrúdaitheoir de chuid na hOifige seo litir "réamhthuairimí", dar dáta an 18 Feabhra 2009, agus roinnt tráchtanna breise dar dáta an 24 Márta 2009, chuig an FSS
Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo ach amháin leis an gceist i dtaobh an bhfuil údar le breith an FSS, i dtéarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise, diúltú rochtain a thabhairt ar an aon taifead amháin atá i gceist. Bhraith an FSS ar alt 20 den Acht amháin ina breitheanna agus ina haighneachtaí. Mar sin níl sé i gceist agam aon díolúine eile de chuid an Achta um Shaoráil Faisnéise a bhreithniú.Submissions
.Findings
Ní réamhráiteach
Foráiltear le halt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise gurb amhlaidh, i gcás ina bhfuil breith chun diúltú d'iarraidh á hathbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise, go bhfuil toimhdean ann nach raibh údar leis an diúltú mura suífidh an comhlacht poiblí chun sástacht an Choimisinéara go raibh údar leis an mbreith. Mar sin, sa chás seo, is faoin FSS atá sé a shásamh dom go bhfuil údar lena breith.
Alt 20
Foráiltear mar a leanas le halt 20 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú:
"(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 má tá ábhar sa taifead áirithe a bhaineann le próisis phléite comhlachta phoiblí (lena n-áirítear tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú ag an gcomhlacht, ag ceann an chomhlachta nó ag comhalta den chomhlacht nó d'fhoireann an chomhlachta chun críche na bpróiseas sin)."
Tá mé sásta glacadh leis, chun críocha na breithe seo, go bhfuil ábhar sa tuarascáil chríochnaithe, is ábhar, dar leis an FSS, do chomhchomhairle leanúnach le páirtithe leasmhara, a bhaineann le próiseas pléití an FSS. Deir an FSS go mbeartaíonn sí an tuarascáil atá i gceist a fhoilsiú go foirmiúil an 9 Meitheamh 2009. Creideann an FSS gur dóigh go ndéanfaí damáiste do choinní comhchomhairle atá pleanáilte le réimse páirtithe leasmhara agus nár ar mhaithe le leas an phobail é dá bhfoilseofaí í roimh am.
Sula ndéanfar an cheist i dtaobh leas an phobail a bhreithniú, ní mór breithniú a dhéanamh ar dtús ar aon bhreith go bhfuil taifead cáilithe lena dhíolmhú ar bhonn alt 20(1) i gcomhthéacs na n-eisceachtaí atá leagtha amach in ailt 20(2) agus 20(3) lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia,
"(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, aon cheann de na nithe seo a leanas ann - ...
(b) faisnéis fhíorasach,..,.
(d) tuarascáil ar imscrúdú nó anailís ar fheidhmíocht, ar éifeachtúlacht nó ar éifeachtacht comhlachta phoiblí i ndáil le feidhmeanna an chomhlachta i gcoitinne nó le feidhm áirithe dá chuid,
(e) tuarascáil, staidéar nó anailís de chuid saineolaí eolaíochta nó theicniúil a bhaineann le hábhar an tsaineolais atá aige nó aici nó tuarascáil ina bhfuil tuairimí nó comhairle saineolaí den sórt sin agus nach tuarascáil í a úsáideadh nó a coimisiúnaíodh chun críocha breithe de chuid comhlachta phoiblí arna déanamh de bhun aon achtacháin nó scéime.
(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.."
Alt 20(2)(b)
D'fhéadfaí a áiteamh go bhfuil codanna den tuarascáil nach bhfuil díolmhaithe faoi alt 20 toisc go bhfuil faisnéis fhíorasach iontu arb éard iad staidreamh faoin gcumraíocht ospidéal faoi láthair agus mar sin go dtagann siad faoi réim alt 20(2)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá an seasamh faoi ailt 20(2)(d) agus 20(2)(e) níos cinnte dar liom maidir leis an tuarascáil ar fad mar sin ní ghabhfaidh mé d'anailís a dhéanamh ar an tuarascáil chun na gnéithe fíorasacha a aithint is ceart a scaoileadh.
Alt 20(2)(d)
Maidir le feidhmeanna an FSS, tugaim faoi deara go luaitear i gCuspóir 1 de Phlean Corparáideach an FSS 2005-2008 go bhfeabhsóidh siad taithí daoine ar a cuid seirbhísí agus ar thorthaí na seirbhísí sin trína cuid seirbhísí a fhorbairt, a athrú agus a chomhtháthú, i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr. Luann an sprioc tacaíochta atá liostaithe ag 1.5 go ndéanfaidh siad atheagrú ar a seirbhísí ospidéil dianchúraim. Is é an gníomh a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta ardleibhéil sa Phlean Corparáideach sin ag 1.5.1 go bhforbrófar tograí chun seirbhísí ospidéil dianchúraim a atheagrú agus a fhorbairt. Is é an príomhrud le cur ar fáil ná go gcríochnófar an t-athbhreithniú ar dháileadh láithreach seirbhísí réigiúnacha agus for-réigiúnacha. Ar cheann de na sé thosaíocht claochlaithe atá leagtha amach i gClár Claochlaithe an FSS 2007 - 2010 tá seirbhísí ospidéil a chumrú chun torthaí optamacha atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur ar fáil.
Ina litir maidir le réamhthuairimí, dar dáta an 18 Feabhra 2009, dhírigh an tUasal O'Neill aird an FSS ar na heisceachtaí iomchuí sin ar dealraitheach nár breithníodh iad ag céim na breithe tosaigh. Chuir sé tuairim in iúl gurb é atá sa taifead atá i gceist tuarascáil ar fhiosrú ar fheidhmíocht an FSS i ndáil lena feidhmeanna maidir le cumrú optamach seirbhísí ospidéal-bhunaithe don FSS Theas. Ina haighneacht dar dáta an 12 Márta 20009 deir an FSS gurb é atá sa tuarascáil atá i gceist athbhreithniú ar sheirbhísí ospidéil san FSS
Theas seachas athbhreithniú ar fheidhmíocht an FSS i ndáil le cumrú optamach seirbhísí ospidéil don FSS Theas. I bhfianaise na ráiteas i bPlean Corparáideach agus i bPlean Claochlaithe an FSS, tá sé deacair a thuiscint cén t-idirdhealú atá an FSS ag iarraidh a dhéanamh sa chás seo. Aontaím leis an Uasal O'Neill gurb é atá sa taifead lena mbaineann tuarascáil ar imscrúdú nó ar anailís ar fheidhmíocht, éifeachtacht nó éifeachtúlacht an FSS i ndáil lena feidhmeanna a mhéid a bhaineann le seirbhísí dianchúraim. Cinnim go bhfuil an tuarascáil atá i gceist eisiata ó dhíolúine alt 20(1) de bhua fhorálacha alt 20(2)(d).
Alt 20(2)(e)
Sa tuarascáil tá tuairimí agus comhairle sainchomhairleoirí seachtracha (a nglacaim leis gur saineolaithe eolaíochta nó teicneolaíochta ina réimse iad). Ní hamhlaidh go bhfuil aon bhreitheanna de chuid an FSS ar scór na moltaí atá sa tuarascáil á ndéanamh de bhun aon achtacháin nó scéime de réir mar a cheanglaítear chun iad a chur ó fheidhm dhíolúine alt 20(2)(e). Mar sin tagann an tuarascáil faoi réim alt 20(2)(e) freisin agus ní féidir í a dhíolmhú óna scaoileadh faoi alt 20(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Alt 20(3)
Dá gcinnfinn thuas go raibh feidhm ag alt 20(1) chun an taifead a dhíolmhú óna scaoileadh, ba ghá a bhreithniú, de réir alt 20(3), arbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh seachas trí dhiúltú géilleadh di.
Díríonn an chuid is mó d'aighneachtaí an FSS ar áitimh a bhaineann le leas an phobail i bhfabhar an taifead a choinneáil siar. Deir an FSS go gcuirfí an t-ábhar i measc an phobail agus go bhfágfadh sé sin go mbeadh saincheist i dtaobh tuairisc pháirteach a d'fhéadfadh a bheith míthreorach ar sheirbhísí ospidéil dianchúraim reatha agus ar mholtaí maidir le seirbhísí ospidéil dianchúraim sa todhchaí sa réigiún. Leagann sí béim ar an mbaint atá ag páirtithe leasmhara agus go bhfuil an tuarascáil le foilsiú nuair atá an próiseas comhchomhairle críochnaithe. Deir an FSS go gcuirfí iachall ar pháirtithe leasmhara a n-ospidéil agus a bpobail áitiúla a chosaint dá bhfoilseofaí an tuarascáil atá i gceist gan comhchomhairle nó idirphlé iomlán.
Mar gheall ar mo chinneadh nach bhfuil feidhm ag alt 20(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise ar na cúiseanna a mhínítear thuas, níl aon bhonn agam le cinneadh a dhéanamh, mar a áitíonn an FSS gur cheart dom, gur mó aon dochar a dhéanfaí trí nochtadh ná leas an phobal trí ghéilleadh don iarraidh.
Decision
Breith
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú, déanaimse leis seo breith an FSS a neamhniú agus a ordú don FSS an taifead atá i gceist a scaoileadh.
Achomharc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann breith ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an mbreith. Ní mór aon achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis dháta na breithe seo.