- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Case 070332 - An tUasal Murphy & an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA)
Chinn an Coimisineir nár chuir an Gníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT) foralacha an Achta um SF ó thaobh sleachta as an tuarascáil a dhíolmhú i bhfeidhm go cuí. Dá réir sin, neamhníodh breith an GFT agus rinneadh breith nua go scaoilfí an tuarascáil go hiomlán chuig an iarratasóir. Rinneadh an breith seo agus eisíodh í ar an 7 Deireadh Fómhair 2008.
Tabhair faoi deara: I gcás go bhfoilsítear breitheanna an Choimisinéara Faisnéise is é an gnáthchleachtas go bhfágtar an Páirtí/na Páirtithe lena mbaineann gan ainm. Sa gcás seo áfach, díarr an tiarratasóir go bhfoilseofaí a ainm.
Case Summary
An tSaincheist
Cibé ar chuir an IDA forálacha an Achta um SF ó thaobh díolmhú sleachta as tuarascáil gur tuarascáil í a ullmhaíodh thar ceann an IDA maidir le malartú tailte idir an IDA agus gaolta éagtha an iarratasóra i bhfeidhm go cuí.
Breith
Chinn an Coimisinéir nár chuir an IDA forálacha an Achta um SF ó thaobh sleachta as an tuarascáil a dhíolmhú i bhfeidhm go cuí. Dá réir sin, neamhníodh breith an IDA agus rinneadh breith nua go scaoilfí an tuarascáil ina hiomlán chuig an iarratasóir. Rinneadh an bhreith seo agus eisíodh í ar an 7 Deireadh Fómhair, 2008.
Date of Decision: 07.10.2008
Iarratas ar Athbhreithniú ar an gCoimisinéir Faisnéise - Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 (An tAcht um SF)
Background:
Cúlra
Ar an 8 Lúnasa 2007 rinne an t-iarratasóir iarraidh ar an IDA faoin Acht um SF ar thaifid éagsúla a bhaineann le malartú tailte agus tógáil tí athsholáthair do ghaolta éagtha an iarratasóra lena n-áirítear taifid a bhaineann le himscrúdú ar an ábhar a lorg an t-iarAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Micheál Ó Máirtín. Ar an 5 Meán Fómhair 2007, chuir an IDA an t-iarratasóir ar an eolas faoina mbreith roinnt de na taifid a scaoileadh ina n-iomlán, roinnt eile a scaoileadh i bpáirt agus taifid eile a choinneáil siar ina n-iomlán agus luaigh siad ailt éagsúla den Acht um SF. Lorg an t-iarratasóir athbhreithniú inmheánach ar an mbreith seo ar an 26 Meán Fómhair 2007 agus d’fhreagair an IDA é ar an 10 Deireadh Fómhair 2007 agus chinn siad gur chóir taifead amháin a díolmhaíodh sa bhunbhreith a scaoileadh ach sheas siad leis an mbunbhreith maidir leis na taifid eile go léir. Rinne an t-iarratasóir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreith sin ar an Oifig seo ar an 3 Nollaig 2007.
Tar éis comhairliúcháin agus comhfhreagrais leis an Oifig seo, d’aontaigh an t-iarratasóir teorainn a chur le scóip an athbhreithnithe seo ionas gurb í an tuarascáil faoin imscrúdú arna iarraidh ag an iarAire Ó Máirtín a scaoil an IDA i bpáirt a bheadh i gceist leis. I bhfianaise scóip leasaithe an athbhreithnithe, rinne oifigigh as m’Oifig comhfhreagras leis an IDA ar na cúiseanna a bhí acu le sleachta éagsúla den tuarascáil a choinneáil siar faoi na forálacha seo a leanas den Acht um SF: 21(1)(a), 22(1)(b), 27(1)(b), agus 28(1). Chuaigh m’oifigigh i gcomhairle chomh maith le haon cheann déag de na tríú páirtithe as an dá cheann déag a bhféadfaí iad a aithint sa tuarascáil agus ar choinnigh an IDA a n-ainmneacha siar. Cuireadh in iúl do na tríú páirtithe sa chomhfhreagras gurb í réamhthuairim m'oifigeach gur chóir an taifead, lena n-áirítear na tagairtí go léir do thríú páirtithe a scaoileadh ina n-iomlán chuig an iarratasóir. Tugadh an deis do na tríú páirtithe a dtuairimí a thabhairt faoin réamhthuairim sin agus cuireadh in iúl dóibh mura dtabharfadh siad freagra go mbreathnófaí air nach mbeadh agóid ar bith acu ina coinne. Ní dhearna m’Oifig comhfhreagras ar bith leis an dara tríú páirtí dhéag, Comhairle Contae Phort Láirge, ós gur comhlacht poiblí é atá faoi réir ag an Acht um SF agus ós gur chiallaigh comhlíonadh a fheidhmeanna sa chás seo, i mo thuairim, nárbh ábhartha na forálacha díolúine a luaigh an IDA lena mbreithniú.
Dheimhnigh seacht gcinn de thríú páirtithe le m’Oifig gur aontaigh siad nó nach raibh agóid ar bith acu i gcoinne tagairtí a rinneadh dóibh sa tuarascáil a scaoileadh agus scaoil an IDA na tagairtí sin chuig an iarratasóir tar éis an deimhnithe sin (cé gur cosúil sa tuarascáil gur ann do sheacht gcinn de thríú páirtithe den sórt, tháinig sé chun solais gur chuir an gnólacht céanna dhá sheirbhís ar leith ar fáil). Dá réir sin, ní bhreithneoidh mé tagairtí den sórt as seo amach sa bhreith seo. Níor fhreagair dhá thríú páirtithe, agus de réir an chomhfhreagrais ó m’oifigigh, glacaim leis nach bhfuil agóid ar bith ag an dá thríú páirtithe sin i gcoinne réamhthuairime m’oifigeach gur chóir an tuarascáil a scaoileadh ina hiomlán. D’ainneoin sin, ar mhaithe le hamhras faoin gceist a sheachaint, chuir mé cóip den bhreith seo ar fáil do na páirtithe sin chun go mbeadh ar a gcumas achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte fúithi ar phonc dlí i gcoinne na breithe dá roghnódh siad déanamh amhlaidh. Rinne an dá thríú páirtithe atá fágtha agóid i gcoinne réamhthuairime m’oifigeach agus breithnítear na hagóidí sin agus tugtar freagra orthu i dtéacs na breithe seo. Cuireadh cóip den bhreith seo chuig na páirtithe sin chomh maith. Lean m’oifigigh chomh maith leis an gcomhfhreagras leis an IDA ar an gceist agus tá bunús an chomhlachta sin chun agóid a dhéanamh i gcoinne scaoileadh na ngnéithe atá fágtha den tuarascáil faoi chaibidil thíos.
Ar mhaithe le soiléireacht do pháirtithe ar bith a mbeadh leas acu sa bhreith seo, bhreithnigh mé agóidí an IDA agus an dá thríú páirtí ábhartha i gcomhthéacs na ndíolúintí éagsúla a luadh maidir leis an tuarascáil ina hiomlán seachas ina gceann agus ina gceann maidir leis an iliomad gnéithe ar leith den tuarascáil atá fós coinnithe siar ag an bpointe seo.
Aighneachtaí
Fionnachtana
Réamhábhair
Forálann alt 34(12)(b) den Acht um SF go dtoimhdeofar nach raibh údar le breith comhlachta phoiblí taifead a dhíolmhú óna scaoileadh mura suífear, chun mo shástachta, go raibh údar leis an mbreith, i ndáiríre. Dá bhrí sin is iad an comhlacht poiblí atá freagrach i gcónaí as údar a bheith lena mbreith. Chomh maith leis sin, cé go gceanglaítear orm míniú a thabhairt ar bhreith ar bith a dhéanfainn maidir le rochtain ar thaifid, forálann alt 43(3) nach féidir liom ábhar taifead díolmhaithe a nochtadh agus míniú den sórt á thabhairt agam. Déantar amhlaidh chun ceart achomhairc na bpáirtithe go léir chun na hArd-Chúirte a chaomhnú i gcásanna nach n-aontófaí le breith a dhéanfainn. In imthosca an cháis seo, ceanglaíonn alt 43(3) orm cúram a ghlacadh i dtaca le mo bhreithniú ar chéannacht soláthraí seirbhíse tríú páirtí agus iar-oifigeach den IDA (Níl deacracht ar bith agam i gcomhthéacs 43(3) a dheimhniú gur iar-oifigeach IDA duine de na daoine a bhfuil a gcéannacht i gceist ó tharla gur léir ó na codanna den tuarascáil a scaoileadh chuig an iarratasóir go raibh, ar an gcéad ásc, duine den sórt rannpháirteach i malartú tailte, agus, ar an dara hásc, go raibh eagar curtha ar chéannacht an duine sin ó na codanna den tuarascáil a scaoileadh chuig an iarratasóir).
Submissions
.Findings
Torthaí
Mar a luaitear thuas, déileálann an bhreith seo leis na forálacha díolmhaithe arna lua ag an IDA (agus atá le tuiscint as aighneachtaí an dá thríú páirtí ábhartha) chun údar a bheith lena mbreith sleachta éagsúla den tuarascáil a choinneáil siar óna scaoileadh chuig an iarratasóir. Breithneoidh mé gach díolúine agus bonn chun an chuid den taifead atá fágtha a choinneáil siar san ord a luaigh an IDA sa chomhfhreagras a bhí acu le m’oifigigh, agus na nithe a bhreithním gur pointí ábhartha iad arna ndéanamh ag an IDA agus ag na tríú páirtithe sa chomhfhreagras sin. Bhreithnigh mé ach níor thug mé achoimre sa bhreith seo ar phointí a rinne an IDA nó na tríú páirtithe ag céimeanna éagsúla den chomhfhreagras nár lorg siad dul ina n-iontaoibh tar éis an chomhfhreagrais le m’oifigigh.
Alt 21(1)(a)
Foráiltear san alt seo go
"Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d’iarraidh más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead lena mbaineann-
(a) go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh".
Rinne an GFT an argóint, dá scaoilfí na sleachta den taifead a coinníodh siar go nochtfaí tuairimí ar an gcaoi inar fheidhmigh daoine éagsúla a bhfeidhmeanna faoi seach sa mhalartú tailte, agus go laghdódh nochtadh den sórt comhoibriú ó dhaoine in imthosca cosúla in imscrúdú ar bith a mbeadh an IDA rannpháirteach ann sa todhchaí. Cé gur ghlac siad leis gur dhaingnigh siad comhoibriú iomlán san imscrúdú a bhaineann leis an athbhreithniú seo, rinne siad an argóint go bhféadfaí an díolúine a úsáid chun imscrúduithe a chosaint sa todhchaí agus nár ghá imscrúdú reatha a thabhairt ar aird agus an fhoráil á hagairt. Luaigh siad breith mo réamhtheachtaí, i gcás uimhir 99273, go bhféadfadh imscrúduithe bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear i modh rúin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe den sórt nó do nósanna imeachta chun imscrúduithe den sórt a sheoladh sa todhchaí. Dá bhrí sin, áitíonn siad go bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a) maidir leis na sleachta a coinníodh siar. D’fhreagair m’oifigigh agus dúirt gur dhaingnigh an IDA comhoibriú iomlán san imscrúdú seo, ó fhostaithe reatha agus ó iarfhostaithe araon, agus nár sholáthair siad fianaise ar bith chun tacú lena ndearbhú nach mbeadh comhoibriú ann sa todhchaí dá scaoilfí sleachta atá sa tuarascáil. Rinne m’oifigigh an pointe chomh maith go bhfuil de dhualgas ar oifigigh chomhlachta phoiblí comhoibriú le himscrúduithe maidir leis an gcaoi a chomhlíonann an comhlacht sin, nó oifigigh a oibríonn ann, a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna, is cuma cibé an gcuirfí nó nach gcuirfí tuarascáil den sórt i mbéal an phobail ina dhiaidh sin. Ina theannta sin arís, rinne m’oifigigh an pointe gurbh iad na himthosca i gcás uimhir 99273 gur ghlac mo réamhtheachtaí leis go bhfuarthas agus gur tugadh an fhaisnéis a bhain leis an imscrúdú i modh rúin, agus nár sholáthair an GFT fianaise ar bith gurbh é sin an cás san imscrúdú a bhaineann leis an athbhreithniú seo.
Tar éis an chomhfhreagrais seo a bhreithniú, aontaím leis na pointí a rinne m’oifigigh agus cinnim nár leor an argóint a rinne an GFT chun tacú lena seasamh, ná nár sholáthair siad fianaise chun a thaispeáint go raibh údar lena seasamh go ndéanfadh scaoileadh an taifid áirithe seo dochar dá gcumas imscrúduithe cosúla a sheoladh sa todhchaí. Dá bhrí sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a) maidir leis na sleachta den tuarascáil a coinníodh siar.
Leas an Phobail
Tá clásal leas an phobail i líon áirithe d’fhorálacha díolúine san Acht um SF, lena n-áirítear alt 21. Ciallaíonn sé sin, fiú i gcás go mbeadh feidhm ag díolúine, nach mbeidh údar le breith taifead a dhíolmhú i gcás, tríd is tríd, gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ar rochtain ar an taifead ná trí dhiúltú géilleadh di. Ó tharla gur chinn mé nach bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a) maidir leis an taifead sa chás seo, ní gá dom a bhreithniú cibé an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag an leas a dhéanfaí don phobal maidir leis na sleachta a coinníodh siar.
Alt 22(1)
Luaigh an GFT alt 22(1)(a) agus (b) i dtús báire chun tacú lena mbreith na sleachta a dhíolmhú, ach lorg siad i gcomhfhreagras níos déanaí dul in iontaoibh alt 22(1)(b) amháin. Dá réir sin, ní bhreithneoidh mé alt 22(1)(a) as seo amach sa bhreith seo. Forálann alt 22(1)(b)
Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh..... más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann (b) gur taifead é de chineál gur eol don cheann nó gur chóir, le réasún, gurbh eol don cheann gur dhíspeagadh cúirte é a nochtadh.
Chuir an GFT m’Oifig ar an eolas go bhfuil dhá sraith ar leithligh d’imeachtaí dlí a bhaineann leis an aistriú talún ar bun faoi láthair. Déanann siad an argóint go mbeadh an baol ann dá scaoilfí an taifead sa chomhthéacs seo go gcuirfí bac tromchúiseach ar nó go ndéanfaí dochar do chúrsa an cheartais, go nochtfaí tuairimí agus spéis dá bharr a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar fhinnéithe a ghlaofaí chun fianaise a thabhairt sna himeachtaí cúirte sin, go bhféadfadh sé údar na tuarascála agus an an IDA a chur faoi lé smachtbhannaí breithiúnacha, agus gurbh ionann na torthaí sin agus díspeagadh cúirte. Chuir m’oifigigh in iúl don IDA nár ghlac an Oifig seo leis gur dhíspeagadh cúirte é murarbh ann d’ordú cúirte a thoirmisceann nó a chuireann teorainn le plé ar, nó le foilsiú ábhar a bhaineann leis na himeachtaí reatha dlí. Níor sholáthair an IDA fianaise d’ordú cúirte ar bith den sórt sa chás seo. Chuir siad an IDA ar an eolas chomh maith nár sholáthair siad fianaise a thaispeánfadh an chaoi a ndéanfaí dochar do chothroime na n-imeachtaí dá scaoilfí an taifead ná ar an gcaoi a mbeadh tionchar ag an scaoileadh ar theistiméireacht ó fhinné.
Is í seo an tuiscint atá agamsa ar dhíspeagadh cúirte – le go dtarlódh díspeagadh gur ghá do pháirtí ordú cúirte nó gealltanas a tugadh do chúirt a bheith sáraithe, go ndéanfaí gníomh i gcoinne na cúirte nó go ngabhfaí i mbun iompair a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thriail chúisí. Ní fheictear dom conas gur ann dó sin sa chás reatha. Dá réir sin, ní ghlacaim leis go mbeadh údar an taifid ná an IDA faoi réir smachtbhannaí breithiúnacha dá scaoilfí an taifead. Chomh maith leis sin, cé nár chuir an IDA an argóint seo chun cinn go sonrach, ba dheacair a shamhlú conas a dhéanfaí dochar do chothroime imeachtaí dá scaoilfí an taifead fiú amháin dá mb’ann d’imeachtaí den sórt. Sa chomhfhreagras a rinne siad le m’Oifig, leag an IDA béim ar an bhfíoras gur bhain téarmaí tagartha an imscrúduithe as ar eascair an tuarascáil cinneadh faoi ábhair faoi réir ag imeachtaí cúirte as an áireamh. Más amhlaidh an cás, ní fheictear dom conas a dhéanfaí dochar do na himeachtaí sin dá scaoilfí an tuarascáil sin. Maidir leis an bpointe a rinne an IDA faoi theistiméireachtaí finnéithe, tugann na finnéithe go léir in imeachtaí cúirte a bhfianaise faoi mhionn, agus ní ghlacaim leis go mbeadh an fhianaise a thabharfadh finné faoi mhionn éagsúil ón bhfianaise a thabharfadh an finné sin mar gheall ar thuairimí féideartha sna meáin nó ar thuairimí eile ar thaifead arna scaoileadh faoin SF.
Cinnim, ar na cúiseanna arna leagan amach thuas, nach bhfuil feidhm ag alt 22(1)(b) den Acht um SF maidir leis an taifead.
Alt 27(1)(b) agus (c)
Cé go ndeachaigh an IDA in iontaoibh alt 27(1)(b) ach nár lorg siad dul in iontaoibh alt 27(1)(c) ina mbunbhreith ar an taifead seo, bhreithnigh mé an cás a chuir an IDA faoi mo bhráid faoin dá fhoráil ó tharla gur luaigh siad an fhoráil dheireanach i gcomhfhreagras a bhí acu ina dhiaidh sin leis an Oifig seo. Is mar seo a leanas a fhorálann na hailt sin:
" ...diúltóidh ceann géilleadh d’iarraidh ...más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann
(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó
(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis.".
Alt 27 (1)(b)
Ba í an argóint a rinne an IDA i dtús báire go bhféadfaí díobháil a dhéanamh do leasanna tráchtála soláthraithe seirbhíse tríú páirtí gur féidir iad a aithint sa tuarascáil dá scaoilfí an tuarascáil de bharr go dtugtar tuairimí inti ar an gcaoi inar fheidhmigh roinnt de na tríú páirtithe seo, ar a laghad, a dtascanna a raibh siad ar conradh ina leith. Chuaigh m’Oifig i gcomhairle leis na tríú páirtithe go léir gur féidir iad a aithint sa tuarascáil chun aghaidh a thabhairt ar chúis imní ar bith faoin bpointe seo. Ba é toradh an chomhairliúcháin seo, arna leagan amach thuas, go ndearna dhá thríú páirtithe agóid i gcoinne tagairtí dóibh a bheith scaoilte, níor fhreagair trí thríú páirtithe, agus dheimhnigh an sé cinn eile nach raibh deacracht ar bith acu le scaoileadh den sórt. Rinne an IDA an argóint chomh maith dá scaoilfí na tagairtí do Chomhairle Contae Phort Láirge go dtaispeánfaí an sásra trína bhfuair an Chomhairle an talamh sa chás seo, agus go ndéanfadh an céanna dochar do chumas na Comhairle talamh a fháil sa todhchaí ar an mbealach ab éifeachtaí.
Soláthraithe seirbhísí tríú páirtí
Táim sásta go bhfuil faisnéis éigin den chineál a shamhlaítear le halt 27(1)(b) a bhaineann le daoine sa taifead, agus gurb í an díobháil a mbeifí eaglach roimpi sa chás seo go bhféadfaí dochar a dhéanamh do na daoine sin (na soláthraithe seirbhíse) i seoladh a ngnó nó a slí bheatha. Is é an cinneadh atá le déanamh agam cibé an bhfuil réasún le hionchas an chinnteora sna himthosca.
D’áitigh an IDA go ndéanfaí díobháil do cháil ghairmiúil na soláthraithe sin dá scaoilfí tuairimí sa tuarascáil faoi sholáthraithe áirithe seirbhíse. Chuir m’oifigigh a dtuairim in iúl don IDA nach nochtann an taifead gnóthaí príobháideacha gnó na dtríú páirtithe, maidir le faisnéis airgeadais ar bith sa taifead tá na himeachtaí tarlaithe (tharla an malartú talún sa bhliain 2002) agus gur tuairim neamhshubstaintiúil agus neamhurchóideach tuairim ar bith faoi chaighdeán oibre na dtríú páirtithe. Rinne m’oifigigh an pointe chomh maith nach bhfuil an Chomhairle i gcomórtas le comhlachtaí poiblí eile ar an gceist faoi fháil talún, agus go bhfuil sé de dhualgas ar an gComhairle, faoi mar atá ar chomhlachtaí poiblí eile, an luach is fearr ar airgead a fháil maidir le hidirbheart airgeadais ar bith a sheolann siad thar ceann an phobail. Rinne ceann amháin de na tríú páirtithe a chuir i gcoinne scaoileadh an taifid líon áirithe de phointí breise i gcomhfhreagras ar leith le m’Oifig. Freagraíodh na pointí sin, agus ó tharla nár thapaigh an tríú páirtí an deis a thug m’Oifig dóibh chun freagra eile a thabhairt, glacaim leis gur tugadh aghaidh ar an gcúis imní a bhí acu agus nach bhfuil i gceist acu an comhfhreagras sin a athsholáthar sa bhreith seo. Ó tharla, áfach, nár luaigh an tríú páirtí sin go sonrach nach bhfuil agóid acu a thuilleadh i gcoinne scaoileadh na dtagairtí a rinneadh dóibh, chuir mé cóip den bhreith seo chucu chun a gceart achomhairc chun na hArd-Chúirte a chaomhnú.
Tar éis breithniú a dhéanamh ar na tagairtí do thríú páirtithe sa tuarascáil, ar an gcomhfhreagras ar an gceist idir an IDA agus m’Oifig, agus ar an tréimhse ama ón malartú tailte, aontaím leis na pointí a rinne m’oifigigh agus cinnim nach ndearna an IDA cás inbhuanaithe go ndéanfaí díobháil tráchtála do na tríú páirtithe dá scaoilfí an taifead ó tharla nach bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfaí an díobháil a shamhlaítear dá nochtfaí an taifead. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis na tagairtí a dhéantar do thríú páirtithe.
Tá eisceacht amháin leis an ngné seo de m’fhionnachtain. Áitíonn an IDA go ndéanfaí dochar do cháil ghnóthais áirithe a sholáthair seirbhísí ábhartha don mhalartú talún dá scaoilfí an taifead. Ceanglaíonn alt 43(3) orm bheith faichilleach faoin bpointe seo ó tharla gur coinníodh céannacht an pháirtí sin siar ón iarratasóir. Ní mór dom ceart achomhairc an pháirtí sin chun na hArd-Chúirte a thabhairt ar aird, cé nár fhreagair an páirtí sin do chomhfhreagras ó m’Oifig inar cuireadh in iúl dóibh mura dtabharfadh an páirtí sin freagra ar an gcomhfhreagras go nglacfaí leis nach raibh agóid ar bith ag an bpáirtí sin i gcoinne tagairtí a rinneadh dóibh sa tuarascáil a scaoileadh. Níl le rá agam le réasún ach, ó tharla cineál na dtagairtí a rinneadh don pháirtí sin sa tuarascáil, gur féidir liom glacadh leis go bhféadfaí díobháil a dhéanamh do cháil an pháirtí dá scaoilfí an tuarascáil agus go bhféadfadh an páirtí sin fulaingt ó chaillteanas airgeadais mar thoradh ar dhíobháil den sórt ar a gcáil. Dá réir sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis na tagairtí sin.
Leas an Phobail
Mar an gcéanna le halt 21, tá clásal leas an phobail in alt 27 ina bhforáiltear maidir le díolúine ar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
"níl feidhm aige i ndáil le cás inarbh … fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh …lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di".
Ó tharla gur chinn mé go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis na tagairtí a rinneadh don tríú páirtí ábhartha san eisceacht atá faoi chaibidil thuas, ní mór dom anois a bhreithniú cá bhfágtar an leas a dhéanfaí don phobal. Agus cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar chóir nó nár chóir taifead a scaoileadh ar fhorais leas an phobail, ceanglaíonn an tAcht um SF orm cothromaíocht a fháil idir na fachtóirí iomaíocha maidir le leas an phobail i bhfabhar scaoileadh taifid agus na fachtóirí sin i bhfabhar taifead a dhíolmhú. Sa chás seo, is iad seo a leanas na fachtóirí a bhreithním gur fachtóirí iad i bhfabhar an scaoilte:
- cuntasacht chomhlachta phoiblí i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, don phobal i gcoitinne agus sa chás seo don pháirtí a ndearna feidhmiú den sórt difear díreach dó nó di (an t-iarratasóir);
- prionsabail na hoscailteachta agus na follasachta i seoladh gnó phoiblí; agus
- léiriú cothroime i nósanna imeachta, sa bhealach a chomhlíon an comhlacht poiblí a fheidhmeanna agus freisin sa bhealach a sheol siad an t-imscrúdú ar chomhlíonadh den sórt.
Ba é an fachtóir seo a leanas an fachtóir maidir le leas an phobail a bhreithnigh mé i gcoinne an scaoilte
- an díobháil a d’fhéadfaí a dhéanamh do cháil an tsoláthraí seirbhíse.
Cé gur údar aiféala é go bhféadfadh scaoileadh taifead faoi SF náire a chur nó díobháil a dhéanamh do pháirtí ar bith, táim sásta sa chás seo gur eascair díobháil ar bith a d’fhéadfaí a dhéanamh do cháil as rannchuidiú agus breithiúnas an tríú páirtí aonair seachas gníomhartha ar bith de chuid an IDA. Cé go gcuireann alt 43(3) cosc orm óna thuilleadh mionsonraí a thabhairt maidir leis an bpointe seo ar fhaitíos go n-aithneofaí an tríú páirtí, is féidir liom a rá nach n-ardaítear aon cheist faoi chalaois ná éagóir eile san fhaisnéis atá i gceist. Dá bhrí sin, maidir le himthosca an cháis seo, cinnim gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh di.
Alt 27(1)(c)
Rinne an IDA an argóint go bhfuil feidhm ag an bhforáil seo chun idirbheartaíochtaí atá ar bun leis an iarratasóir a chosaint. Foráiltear ann
" ...diúltóidh ceann géilleadh d’iarraidh... más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann
(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis."
Chuir an IDA m’Oifig ar an eolas go raibh idirbheartaíochtaí ar réiteach na n-imeachtaí dlí a d’eascair as an malartú talún ar siúl leis an iarratasóir, agus cuireadh togra socraíochta chuige maidir leis sin. Is ábhar imní don IDA go ndéanfadh scaoileadh an taifid dochar do thoradh na n-idirbheartaíochtaí seo. Ó tharla gur tugadh an tsocraíocht mholta sin don iarratasóir, tá mise in ord tagairt a dhéanamh di anseo. Chuir an IDA m’Oifig ar an eolas chomh maith go mbeadh siad sásta an taifead a scaoileadh tráth a gcuirfí na himeachtaí sin i gcrích, cibé an socraíocht nó réiteach foirmiúil cúirte a thabharfadh na himeachtaí sin chun críche. Thairg siad na taifid ar an ngné sin den cheist a thaispeáint do m’Oifig.
Ní fúmsa agus mé i mo Choimisinéir Faisnéise tuairim a thabhairt ar bhealach amháin ná ar bhealach eile ar an gcaoi inar chomhlíon an IDA a bhfeidhmeanna ar an ábhar seo, ná faoin gcaoi ina bhfuil na hidirbheartaíochtaí leis an iarratasóir á seoladh acu. Dá réir sin, ní gá dom na taifid a fheiceáil maidir leis an bpointe sin. Is fúmsa, áfach, tuairim a thabhairt faoin gcaoi inar chuir an IDA téarmaí an Achta um SF i bhfeidhm, agus sa chás seo ceanglaítear orm a chinneadh cibé an bhféadfadh (is liomsa an bhéim) scaoileadh an taifid sa chás seo dochar a dhéanamh d’idirbheartaíochtaí leanúnacha idir an comhlacht poiblí agus an t-iarratasóir. Sa chomhthéacs sin, ní mór dom foclaíocht alt 27(1)(c) a thabhairt ar aird. Ní cheanglaítear leis an tástáil san fhoráil sin ach go bhféadfadh an dochar tarlú. Is beag an caighdeán fianaise is gá maidir leis sin. Mar sin féin, chinn an Coimisinéir i gcásanna roimhe seo gur gá roinnt fianaise den dochar seachas toimhdí go bhféadfadh an dochar tarlú. Cé go samhlaítear éifeacht atá sách diúltach leis an bhfocal "dochar", táim sásta géilleadh go bhfuil féidearthacht ann go bhféadfadh an scaoileadh difear a dhéanamh do na hidirbheartaíochtaí a mhéid is go ndéileálann an tuarascáil le hidirbheartaíochtaí an iarratasóra mar ionadaí thar ceann a ghaolta éagtha. D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gurb é toradh na n-idirbheartaíochtaí ó thaobh an iarratasóra de a bhféadfaí dochar a dhéanamh dó tríd an taifead a scaoileadh seachas toradh na n-idirbheartaíochtaí ó thaobh an chomhlachta phoiblí de – déileáiltear le hidirbheartaíochtaí comhlachtaí poiblí ar leithligh faoi alt 21 den Acht nach ndeachaigh an IDA ina iontaoibh maidir lena mbreith chun an taifead atá i gceist sa chás seo a dhíolmhú. Ó tharla an chaighdeáin sách íseal d’fhianaise is gá chun alt 21(1)(c) a agairt, creidim gur féidir liom le réasún a bheith den tuairim go bhfuil imní ar an IDA go bhféadfaí dochar a dhéanamh agus go bhfágfadh sin go bhféadfadh an t-iarratasóir an tsocraíocht mholta a dhiúltú. Cinnim sa chás seo go bhfuil faisnéis den chineál a d’fhéadfadh teacht faoi alt 27(1)(c) sa taifead.
Leas an Phobail
Ó tharla gur chinn mé go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(c) maidir leis an taifead, is gá dom a bhreithniú cibé an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag an gcealú ar leas an phobail in alt 27(3). Is cosúil na breithniúcháin ábhartha leis na breithniúcháin a bhí faoi chaibidil thuas roimhe seo i gcomhthéacs díolúine alt 27(1)(b) thuas agus ní dhéanfaidh mé athrá orthu anseo ach amháin go ndéarfaidh mé go mbreithním, tríd is tríd, gur treise, tríd is tríd, na hargóintí i bhfabhar an leasa a dhéanfaí don phobal ó thaobh oscailteachta agus follasachta i gcás go mbíonn daoine aonair ag déileáil le comhlachtaí poiblí i gcúrsaí gnó, ná an leas a dhéanfaí don phobal dá ndéanfaí na hidirbheartaíochtaí sa chás seo a chosaint. Cinnim gur chóir an taifead a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
Faisnéis Phearsanta
Forálann an tAcht um SF go ndíolmhaítear faisnéis phearsanta, arna sainmhíniú san Acht, de dhuine aonair inaitheanta óna scaoileadh faoi alt 28(1) den Acht, ach amháin más tábhachtaí leas an phobail a dhéanfaí trí fhaisnéis phearsanta den sórt a scaoileadh ná ceart chun príobháideachta an duine sin. Áitíonn an IDA agus iar-oifigeach an IDA a bhí rannpháirteach sa mhalartú talún gur faisnéis phearsanta faoin duine sin iad na tagairtí a dhéantar don iar-oifigeach sin sa tuarascáil agus nár chóir iad a scaoileadh. Déileálfaidh mé in ord leis na pointí a d’ardaigh an dá pháirtí.
An GFT
Rinne an IDA an argóint go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhaoine aonair inaitheanta, go háirithe iar-oifigeach an IDA (dá dtagrófar mar Oifigeach A anseo ina dhiaidh seo) dá scaoilfí an chuid eile den taifead. Ba iad seo a leanas cuid de na pointí a rinneadh sa chomhfhreagras le m’oifigigh:
- ní cóir go gcuirfí tuairimí faoi fheidhmíocht Oifigeach A ina bpost i mbéal an phobail díreach ó tharla gur oibrigh siad le comhlacht poiblí;
- d'fhéadfaí míchiall a bhaint as ábhar na tuarascála agus rogha úsáide a bhaint as;
- d'fhágfadh go bhféadfaí ceap magaidh a dhéanamh d’Oifigeach A dá scaoilfí an tuarascáil;
- d'fhágfadh gurbh ionann agus meastóireacht ar fheidhmíocht Oifigeach A a bheith i mbéal an phobail é scaoileadh na tuarascála agus díolmhaítear meastóireacht den sórt faoi alt 6(6)(a) [ina bhforáiltear gur faisnéis phearsanta don oifigeach féin taifid a bhaineann go hiomlán nó go príomha le meastóireacht ar chomhlíonadh feidhmeanna oifigeach comhlachta phoiblí];
- gur tagairtí pearsanta na tagairtí a rinneadh d’Oifigeach A ós go mbaineann siad le fostaíocht nó le stair fostaíochta an duine sin; agus
- go lagódh scaoileadh na tuarascála ceart chun príobháideachta Oifigeach A arna fhorail i dTeideal Fada an Achta um SF.
Déileálaim le gach ceann de na pointí sin sna míreanna seo a leanas.
Ceanglaítear le halt 8(4) den Acht go dtabharfar neamhaird ar aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith ag comhlacht poiblí i dtaobh céard í an chúis a bhíonn ag iarrthóir leis an iarraidh faoi SF chun críocha breitheanna SF a dhéanamh. Dá réir sin níl féidearthacht ar bith is léir don IDA go bhféadfaí míchiall a bhaint as ábhar na tuarascála agus rogha úsáide a bhaint as, ábhartha do mo bhreith sa chás seo. Ina theannta sin arís, i gcás 98078 [Wall agus an Roinn Sláinte agus Leanaí – féach www.oic.gov.ie], ba é seasamh an iarChoimisinéara gur annamh gur chúis mhaith, nó nár chúis mhaith riamh le rochtain ar thaifid a dhiúltú go bhféadfaí míthuiscint a bhaint as an bhfaisnéis. Glacaim leis gur argóint í atá á déanamh ag an IDA sna tuairimí eile a nocht siad gurbh ionann scaoileadh den chuid seo den taifead agus scaoileadh meastóireachta ar fheidhmíocht de facto Oifigeach A, agus gurbh ionann scaoileadh den sórt agus nochtadh faisnéise pearsanta faoi Oifigeach A agus dá bhrí sin go rachadh sé i gcoinne leas an phobail. Luaigh an IDA breith mo réamhtheachtaí (cás uimhir 020311 – féach www.oic.gov.ie) chun tacú lena gcointinn gur ionann meastóireachtaí feidhmíochta oifigigh chomhlachtaí poiblí agus faisnéis phearsanta do na daoine agus go ndíolmhaítear iad óna scaoileadh faoi SF faoi alt 6(6)(a). D’áitigh an IDA i dtús báire gur tagairtí pearsanta na tagairtí go léir a rinneadh d’Oifigeach A, lena n-áirítear go leor tagairtí nuair nár luadh ach teideal poist an duine, agus gur chóir iad a dhíolmhú. I gcomhfhreagras leis an IDA, rinne m’oifigigh an pointe gur dheimhnigh an IDA don iarratasóir céannacht Oifigeach A agus an fhíric go raibh an duine sin rannpháirteach sa mhalartú talún tráth a scaoileadh taifead áirithe de bhun iarrata um SF a rinneadh roimhe. Tar éis an chomhfhreagrais sin, ghlac an IDA leis go bhféadfaí tagairtí ina n-aithneofaí Oifigeach A a scaoileadh ach gur tagairtí pearsanta agus díolmhaithe tuairimí ar bith a rinneadh faoi chomhlíonadh fheidhmeanna an duine sin sa mhalartú talún.
Foráiltear in alt 6(6)(a) nach scaoilfí taifid foirne a mhéid is gur taifid phearsanra iad "a bhaineann go hiomlán nó go príomha le…meastóireacht ar chomhlíonadh" an duine atá i gceist. Cé go n-aontaím leis an tátal a bhain mo réamhtheachtaí as cás uimhir 020311, ba chuspóirí feidhmíochta go hiomlán a bhí sna taifid sna himthosca sin agus bhain siad leis an gcaoi a rangaíodh feidhmíocht na n-oifigeach ábhartha in aghaidh na gcuspóirí sin. Sa chás seo, cuirtear síos sa taifead ar chróineolaíocht na n-imeachtaí a bhaineann leis an malartú talún, agus breithnítear agus tráchtar ar an gcaoi a chomhlíon an IDA, trína n-oifigigh éagsúla agus a soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a bhfeidhmeanna ar an ábhar sin. Ní taifead pearsanra atá ann. Glacaim leis go dtráchtar sa taifead ar an gcaoi a ndearna daoine éagsúla, lena n-áirítear Oifigeach A, tascanna éagsúla i gcróineolaíocht na n-imeachtaí. Ní ghlacaim leis, áfach, gur ionann na tuairimí sin agus meastóireacht ar fheidhmíocht na ndaoine atá i gceist, seachas feidhmíocht an IDA mar chomhlacht corpraithe, nó go mbaineann siad "go hiomlán nó go príomha" le "meastóireacht ar fheidhmíocht" na ndaoine sin. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 6(6)(a) maidir leis an gcuid sin den taifead.
Déileálaim leis na pointí maidir le cibé an tagairtí pearsanra iad na tagairtí a rinneadh d'Oifigeach A sa taifead ó tharla go mbaineann siad le fostaíocht nó le stair fostaíochta an duine sin, nó go lagódh a scaoileadh ceart chun príobháideachta Oifigeach A, thíos.
Oifigeach A
Mar pháirtí inaitheanta ón tuarascáil, rinne m’oifigigh comhfhreagras le hOifigeach A agus thug siad breac-chuntas ar a réamhthuairim nár thagairtí pearsanta na tagairtí a rinneadh don duine sin sa tuarascáil agus gur chóir iad a scaoileadh. Thapaigh Oifigeach A an deis a sholáthair m’oifigigh freagra a thabhairt ar an réamhthuairim sin. Bhreithnigh mé an freagra sin, agus leagtar mo sheasamh tar éis an bhreithnithe sin amach thíos.
Léirigh Oifigeach A gurbh údar imní d’Oifigeach A go ndéanfaí dochar do sheasamh an duine sin sa cheantar dá scaoilfí an chuid eile den taifead agus nach bhféadfaí de chiall a bhaint as an aidhm a bhí leis an mbuniarraidh, agus leis an athbhreithniú seo dá bharr sin, ach go raibh iarracht thoiliúil á déanamh chun díobháil a dhéanamh do cháil an duine sin agus do sheasamh an duine sin sa cheantar. Tugaim faoi deara nach raibh agóid shonrach ag Oifigeach A i gcoinne réamhthuairime m’oifigeach nach ionann na tagairtí sa taifead agus faisnéis phearsanta Oifigeach A, ná a dtuairim gur údar é leas an phobail in aon chás le tagairtí den sórt a scaoileadh. Beartaím glacadh leis, áfach, gur ionann cúis imní Oifigeach A maidir lena seasamh sa cheantar agus maidir leis an iarracht thoiliúil mar ba léir dóibhsean í díobháil a dhéanamh do cháil agus do sheasamh Oifigeach A agus argóintí gur faisnéis phearsanta atá san fhaisnéis i ndáiríre, go lagódh sé ceart chun príobháideachta an duine, agus nach údar é leas an phobail leis na tagairtí d’Oifigeach A sa tuarascáil a scaoileadh. Beartaím déileáil anseo chomh maith le hargóint an IDA gur tagairtí pearsanta na tagairtí a dhéantar d’Oifigeach A sa taifead ós go mbaineann siad le fostaíocht nó le stair fostaíochta an duine sin.
I mo thuairim, déanann an tAcht SF fostaithe reatha go léir agus iarfhostaithe go léir na gcomhlachtaí poiblí SF cuntasach as na gníomhartha a ghlacann siad thar ceann na gcomhlachtaí poiblí sin tríd an bhforáil i mír (I) nach bhfolaíonn na nithe seo a leanas sa sainmhíniú ar "fhaisnéis phearsanta".
"i gcás…go raibh an duine aonair i seilbh oifige… mar chomhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí, ainm an duine aonair…nó aon ní a scríobh nó a thaifead an duine aonair in aon fhoirm i gcúrsa chomhlíonadh na bhfeidhmeanna…agus chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh".
Dá bhrí sin, ní taifid phearsanta do na daoine sin chun críocha SF taifid faoi aschur iaroifigeach ina n-iarfhostaíocht mar oifigigh agus dá réir sin, tá siad faoi réir a scaoilte faoi SF. Dá réir sin, ní tagairtí príobháideacha do na daoine atá i gceist tagairtí den sórt. I mo thuairim, tagann gníomhartha an iar-oifigigh sna hidirbheartaíochtaí atá ábhartha don tuarascáil sa chás seo faoin gcatagóir sin. Ar an mbonn sin, déanann an tAcht um SF Oifigeach A (mar iar-oifigeach an IDA) cuntasach as gníomhartha ar bith a glacadh sa cháil sin dó mar a bhíodh, is cuma cén dearcadh a d’fhéadfadh léitheoirí na dtaifead a ghlacadh ar na gníomhartha sin ar an gcineál róil a bhí ag an duine sin maidir leo. Ina theannta sin arís, dá mb’amhlaidh an cás go ndéanfaí dochar dá sheasamh sa cheantar dá scaoilfí na tagairtí, ní tharlódh sé sin i mo thuairim ach amháin i gcás gurbh é an dearcadh a ghlacfaí go háitiúil gur ghníomhaigh an t-iar-oifigeach go míchuí ar bhealach éigin agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á gcomhlíonadh acu.
In imthosca den sórt, d’éileodh leas an phobail, i mo thuairim, go scaoilfí an fhaisnéis ós go rachadh sé go mór chun leasa an phobail gur chóir oifigigh a dhéanamh cuntasach as gníomh míchuí ar bith agus iad ag gníomhú ina gcáil oifigiúil. Ar an lámh eile, ní fheicim cén chaoi a ndéanfadh an dearcadh a ghlacfaí go háitiúil gur ghníomhaigh duine go cuí difear do sheasamh an duine sin sa cheantar sin ó tharla gurb í mo thuairim go gcuirfeadh dearcadh deimhneach den sórt le seasamh an duine seachas dochar a dhéanamh don seasamh sin. Dá bhrí sin, ní fheicim bonn ar bith maidir le leas an phobail go gcoinneofaí siar na tagairtí ós gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí na taifid a scaoileadh i gcás gur ghníomhaigh Oifigeach A go míchuí, agus ní fheicim réasún ar bith taifead a choinneáil siar i gcás go dtabharfaí léargas deimhneach i dtaifead ar ghníomhartha a rinne an duine sin i gceart. Leagaim béim anseo nach breithiúnas atá á dhéanamh agam maidir le cibé ar ghníomhaigh nó nár ghníomhaigh Oifigeach A go cuí i gcomhlíonadh a fheidhmeanna poiblí ar an ábhar seo. I bhfianaise a bhfuil thuas, fiú dá mbeinn tar éis a chinneadh gur cháiligh an fhaisnéis mar fhaisnéis phearsanta nó phearsanra, ní ghlacaim leis an argóint gur údar é an leas an phobail a dhéanfaí ó thaobh sheasamh Oifigeach A sa cheantar a chosaint na tagairtí don duine sin sa taifead a dhíolmhú.
Breithneoidh mé anois an pointe nach bhféadfaí de chiall a bhaint as scaoileadh na dtagairtí ach amháin gurbh iarracht thoiliúil a bheadh ann chun díobháil a dhéanamh do cháil agus do sheasamh. Feicim dá chuid sa phointe seo, ar an gcéad ásc an éifeacht fhéideartha a bheadh ar cháil Oifigeach A dá scaoilfí an taifead agus ar an dara hásc an chúis a bhí ag an iarrthóir chun an taifead a lorg. Breithním gur dhéileáil mé leis an bpointe sa mhír roimhe seo maidir leis an éifeacht a bheadh ar cháil Oifigeach dá scaoilfí an taifead. Maidir leis an gcúis a bhí ag an iarratasóir leis an iarraidh, i mo thuairim forálann alt 8(4) go dtabharfar neamhaird don chúis a bheadh ag iarrthóir le hiarraidh a lorg faoi SF do bhreith ar bith maidir le cibé an ngéillfí nó an ndiúltófaí géilleadh d’iarraidh den sórt. Dá réir sin, ní mór dom neamhaird a thabhairt ar cibé an iarracht thoiliúil an iarraidh seo chun díobháil a dhéanamh do cháil agus do sheasamh Oifigeach A.
Cinnim, ar na cúiseanna arna leagan amach thuas, nach tagairtí pearsanta na tagairtí a rinneadh d’Oifigeach A agus nach bhfuil feidhm ag alt 28(1).
Decision
Breith
Bhreithnigh mé na hargóintí éagsúla arna ndéanamh ag an GFT, ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí a rinne agóid i gcoinne réamhthuairime m’oifigeach, agus ag iar-oifigeach an GFT, agus bhreithnigh mé seasamh an ghnólachta a sholáthair na seirbhísí atá ábhartha don mhalartú tailte ach nár fhreagair comhfhreagras m’oifigeach. Tar éis breithniúcháin den sórt, cinnim nach bhfuil feidhm ag formhór fhorálacha na ndíolúintí arna lua nó a bhí intuigthe. Cé go gcinnim go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) agus 27(1)(c) maidir leis na tagairtí a rinneadh don ghnólacht thuas agus do na hidirbheartaíochtaí atá ar bun idir an GFT agus an t-iarratasóir faoi seach, cinnim gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh rochtain a thabhairt ar na codanna den taifead atá ábhartha do na hábhair sin ná trí dhiúltú géilleadh di. Dá bhrí sin cinnim nach ndíolmhaítear óna scaoileadh faoin Acht um SF na codanna atá fágtha den taifead atá i gceist sa chás seo agus gur chóir iad a scaoileadh chuig an iarratasóir.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na breithe seo.