- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 060260 - Ms. X, A&L Goodbody, Aturnaetha agus an tÚdarás Árachais Sláinte
Iarraidh ar thaifid a bhaineann le cothromú fiontar - cibé an meastar gur dhiúltaigh an tÚdarás an iarraidh - alt 41 - cibé dá ndéanfaí an iarraidh a phróiseáil an gcuirfí bac nó an gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an Údaráis - alt 10(1)(c) - cibé ar thairg an tÚdarás cúnamh a thabhairt don iarrthóir - alt 10(2)
Case Summary
Fíricí
Aturnae i ngnólacht dlí a bhí bainteach i ndlíthíocht leis an Údarás Árachais Sláinte (An tÚdarás) faoi chothromú fiontar ab ea an t-iarrthóir Ms. X. Bhain an iarraidh a rinne sí ar an Údarás le rochtain faoi SF ar na taifid go léir a bhaineann le 16 catagóir faisnéise lena mbaineann saincheist an chothromaithe fiontar sa mhargadh árachais sláinte. Áiríodh leis an iarraidh, i measc catagóirí faisnéise eile, "na taifid go léir a bhaineann le … feidhmiú na nAchtanna Árachais Sláinte 1994 - 2003", agus áirítear orthu sin na hAchtanna faoinar bunaíodh an tÚdarás agus ina leagtar amach a fheidhmeanna. Ba é an dearcadh a bhí ag an Údarás gur ghá, dá mba rud é go ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon na dtaifead lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú agus go gcuirfí bac, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair an Údaráis. Measadh, de réir alt 41, gur dhiúltaigh an tÚdarás don iarraidh cé nár eisigh sé breith fhoirmiúil.
Cinneadh
Mhínigh an tÚdarás, ina aighneacht, gur comhlacht beag reachtúil atá ann a bhfuil naonúr fostaí ceadaithe dó. Mhínigh an tÚdarás chomh maith gur bhain an iarraidh, faoi mar a cuireadh le chéile í, i ndáiríre, leis na taifid go léir a bhí i seilbh an Údaráis agus a cruthaíodh ón 1 Eanáir 2004 i leith. Dá bhrí sin, i dtuairim an Údaráis, bheadh air an t-ábhar atá i mbreis is 150 comhad stua-luamháin a scrúdú ina gceann is ina gceann chun gach aon cheann de na nithe a bhreithniú de réir mar a bhí iarrtha. Chuir an tÚdarás síos ar an gcaoi ina gcuirfeadh próiseáil na hiarrata sna himthosca isteach go mór ar fheidhmiú a dhualgais reachtúil faoi na hAchtanna Árachais Sláinte.
Bhreithnigh an Coimisinéir go raibh an iarraidh de chineál a bhí róleathan agus róthoirtiúil. Ghlac an Coimisinéir leis i bhfianaise aighneacht an Údaráis go gcuirfeadh próiseáil na hiarrata bac nó go gcuirfeadh próiseáil na hiarrata isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an Údaráis. Ghlac sí leis chomh maith nár chuí don Údarás an iarraidh a phróiseáil mar go dtabharfaí neamhaird ar a dhualgais reachtúla faoi na hAchtanna Árachais Sláinte dá barr. Thug an Coimisinéir faoi deara nach mbeartaítear leis na hoibleagáidí reachtúla a leagann an tAcht um SF ar chomhlachtaí poiblí ualach míréasúnach a leagan ar chomhlachtaí poiblí i gcomhlíonadh na ndualgas sin.
Dhiúltaigh an Coimisinéir chomh maith d'argóint Ms. X gur theip ar an Údarás cúnamh a thabhairt di chun an iarraidh a leasú (mar a thagraítear in alt 10(2)). Thug an Coimisinéir faoi deara gur scríobh Príomh-Fheidhmeannach an Údaráis chuig Ms. X agus gur shonraigh sé na deacrachtaí a bhain leis an iarraidh mar gheall ar an bhfoclaíocht leathan a bhí inti nuair a cuireadh le chéile i dtús báire í agus d'iarr sé uirthi a bheith níos beaichte. Luaigh an Príomh-Fheidhmeannach chomh maith go mb'fhéidir go bhféadfaí iarraidh leasaithe a dheonú ar bhonn céimneach. I ndáil le maíomh Ms. X go mbeifí ábalta nithe a shoiléiriú go héasca dá gcuirfí glaoch uirthi, thug an Coimisinéir faoi deara gur aturnae i ngnólacht dlí a bhí bainteach i ndlíthíocht leis an Údarás faoi chothromú fiontar ab ea Ms. X. Níor bhreithnigh an Coimisinéir, sna himthosca seo agus i bhfianaise toirt agus fairsinge na hiarrata, go bhféadfadh Ms. X a bheith ag súil leis, le réasún, go mbeadh soiléiriú á lorg ag an Údarás ar shlí eile seachas i scríbhinn.
Date of Decision: 05.11.2007
Our Reference: 060260
05.11.2007
Ms. X A & L Goodbody, Aturnaetha, An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta Cé an Phoirt Thuaidh Baile Átha Cliath 1
A Ms. X, a chara,
Tagraím do d'iarratas dar dáta an 8 Lúnasa 2006 chuig an Oifig seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith an Údaráis Árachais Sláinte ("an tÚdarás") maidir le d'iarraidh dar dáta an 30 Meitheamh 2006 a rinneadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 ("An tAcht um SF"). Is oth liom an mhoill a tharla i ndéileáil le d'iarratas ar athbhreithniú.
Background
Cúlra
Bhain d'iarraidh um SF leis na taifid go léir, arna sainmhíniú agatsa, a bhaineann le 16 catagóir faisnéise lena mbaineann saincheist an chothromaithe fiontar sa mhargadh árachais sláinte. Bhain na taifid a lorgaíodh leis na taifid sin a bhaineann leis an tréimhse idir 1 Eanáir 2004 agus an 30 Meitheamh 2006.
Ba é dearcadh Phríomh-Fheidhmeannach an Údaráis, An tUasal Liam Sloyan agus a nochtaigh sé ina litir dar dáta an 17 Iúil 2006 gur ghá, dá mba rud é go ngéillfí do d'iarraidh, mar gheall ar líon na dtaifead lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú agus go gcuirfí bac, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair an Údaráis. Bhreithnigh an tÚdarás chomh maith nár chomhlíon d'iarraidh alt 7(1)(b) den Acht um SF ina gceanglaítear maidir le hiarraidh go mbeidh dóthain sonraí inti i ndáil leis an bhfaisnéis lena mbaineann chun gur féidir an taifead a aithint trí bhearta réasúnacha a ghlacadh. Leag an tÚdarás a mholtaí amach duit, agus é ar intinn aige cúnamh a thabhairt duit, dar leis, faoin gcaoi ina bhféadfá d'iarraidh a leasú ar mhaithe le hiarraidh bhailí SF a dhéanamh, faoi mar a mheas an tÚdarás. Ina theannta sin d'iarr an tÚdarás go gcuirfí an t-iarrthóir in aithne dó ó tharla gur ghlac sé leis nach ndearna tú an iarraidh thar do cheann féin ach thar ceann cliaint. Ní raibh tú sásta leis an gcúnamh a thairg an tÚdarás duit agus sa deireadh rinne tú iarratas ar an Oifig seo chun athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar an gcás.
Tugaim faoi deara gur luaigh an tUasal Sloyan gurbh eisean a ghlacfadh an cinneadh dá mba rud é go measfaí an iarraidh a bheith bailí agus sa chás sin nach bhféadfaí leas a bhaint as nós imeachta maidir le hathbhreithniú inmheánach. Is cosúil, dá réir sin, nach ndearna an tUasal Sloyan a fheidhmeanna a tharmligean sa chás seo faoi alt 4 den Acht um SF. Tugaim faoi deara chomh maith nach ndearna an tUasal Sloyan alt 9 den Acht um SF a agairt chun an tréimhse ama reachtúil a fhadú chun an iarraidh a bhreithniú. Mar a phléitear thíos, breithním go bhfuil an iarraidh bailí d'ainneoin gur iarraidh thoirtiúil í. Breithním sna himthosca go meastar go ndearna ceann an Údaráis breith faoi alt 41 den Acht diúltú géilleadh don iarraidh. Tá dlínse, dá réir sin, ag an Oifig seo athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás faoi alt 34(1)(b) den Acht um SF. I bhfianaise go meastar gur diúltaíodh don iarraidh, áfach, tá tú i dteideal aisíocaíochta ar an táille de €150 a ghearrtar ar iarratas ar athbhreithniú agus a fuarthas uait ar an 8 Lúnasa 2006. Tá socruithe á ndéanamh chun an táille seo a aisíoc agus eiseofar seic chugat a luaithe is is féidir é.
Tugaim faoi deara nach nglacann an tÚdarás leis gur cás é seo inar ceart go measfaí gur dhiúltaigh sé d'iarraidh a dheonú. Is é an cás, áfach, go mbreithníonn an tÚdarás nár chomhlíon d'iarraidh alt 7(1)(b) den Acht um SF; foráiltear maidir le mainneachtain den sórt alt 7(1)(b) a chomhlíonadh d'fhorais go ndéanfaí 10(1)(b) a agairt; agus is ionann alt 10(1)(b) a agairt agus a chinneadh diúltú géilleadh don iarraidh.
D'fhéach mé, le linn an athbhreithnithe seo, do d'iarratas ar athbhreithniú, do nótaí a glacadh ar chomhráití teileafóin a bhí agat le baill foirne as an Oifig seo agus do na haighneachtaí a rinne tusa agus a rinne an tÚdarás. Tugaim faoi deara gur scríobh Ms. Melanie Campbell, Imscrúdaitheoir, chugat ar an 7 Nollaig 2006 agus gur mhínigh sí an réamhdhearcadh a bhí aici ar an gcás. Ghlac mé an freagra i scríbhinn a thug tú ar réamhdhearcadh Ms. Campbell san áireamh.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Mar a thug Ms. Campbell faoi deara, is iad fairsinge agus toirt d'iarrata, i ndáiríre, bonn líomhaintí an Údaráis i ndáil le halt 7(1)(b) den Acht. I bhfocail eile, ní hí an tsaincheist dháiríre sa chás seo cibé an bhféadfadh an tÚdarás taifid a thagann faoi scóip d'iarrata a aithint ach cibé an bhféadfaí le réasún an léirmhíniú a bhaint as d'iarraidh, mar a cuireadh le chéile í, go raibh feidhm aici maidir leis na taifid go léir, beagnach, i seilbh an Údaráis a cruthaíodh ón 1 Eanáir 2004 i leith. Mar a shonraítear in Treoir maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a chuir Aonad an Pholasaí Lárnaigh um SF i dtoll a chéile, is iarraidh bhailí í iarraidh thoirtiúil ina dhiaidh sin féin agus dá réir sin is iarraidh í a gceanglaítear breith a dhéanamh uirthi. Aontaím sna himthosca go meastar go ndearna an tÚdarás breith faoi alt 41 den Acht diúltú géilleadh do d'iarraidh agus go raibh sé beartaithe go rachadh an diúltú in iontaoibh alt 10(1)(c) den Acht. Dá réir sin, is í an tsaincheist atá romham san athbhreithniú seo cibé an bhfuil údar gur dhiúltaigh an tÚdarás do d'iarraidh faoi alt 10(1)(c).
Findings
Fionnachtana
De ghnáth i gcás go ndiúltaítear iarraidh um SF déantar sin ar an mbonn go gcinntear gur taifid dhíolmhaithe iad na taifid agus bíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na forálacha díolmhaithe i gCuid III den Acht maidir leo. Foráiltear in Alt 10 den Acht um SF, atá i gCuid II den Acht, go bhféadfar iarraidh a dhiúltú ar "fhorais riaracháin" faoi mar a ghlaoitear air sa teideal ar an taobh. Tá líon áirithe d'fhorais riaracháin ar leith in alt 10 chun diúltú d'iarraidh um SF. Sa chás seo dhealródh sé gurb é alt 10(1)(c) an fhoráil a d'fhéadfadh a bheith iomchuí.
Alt 10(1)(c)
Ceadaítear faoi alt 10(1)(c) den Acht um SF diúltú géilleadh d'iarraidh más rud é "gurb é tuairim an chinn gur ghá, dá ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon nó ar chineál na dtaifead lena mbaineann nó ar chineál na faisnéise lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú, nó scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann ar scrúdú de shórt é, go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an chomhlachta phoiblí lena mbaineann".
Luaigh an tÚdarás, ina aighneacht, gur comhlacht beag reachtúil atá ann a bunaíodh sa bhliain 2001 agus a bhfuil naonúr fostaí ceadaithe dó. Baineann a fheidhmeanna a leagtar amach sna hAchtanna Árachais Sláinte 1994 agus 2003 agus rialacháin ghaolmhara le rialú an mhargaidh phríobháidigh árachais sláinte. Ceann de na feidhmeanna is suntasaí atá aige is ea moladh a dhéanamh don Aire Sláinte agus Leanaí maidir le cibé ar chóir nó nár chóir tús a chur le híocaíochtaí cothromaithe fiontar. Rinneadh moladh den sórt i nDeireadh Fómhair na bliana 2005 agus bhí an moladh faoi réir imeachtaí ar athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt. Is iad an Príomh-Fheidhmeannach/Cláraitheoir, Ceann na nGnóthaí Rialúcháin, agus an Staitisteoir na baill foirne is mó a bhíonn freagrach as feidhmeanna an Údaráis i ndáil le cothromú fiontar.
Breithníonn an tÚdarás gur bhain d'iarraidh, mar a bhí sí curtha le chéile, i ndáiríre, leis na taifid go léir a bhí i seilbh an Údaráis agus a cruthaíodh ón 1 Eanáir 2004 i leith. Breithnítear amhlaidh ó tharla go n-áirítear le d'iarraidh, i measc catagóirí faisnéise eile, "na taifid go léir a bhaineann le … feidhmiú na nAchtanna Árachais Sláinte 1994 - 2003", agus áirítear orthu sin na hAchtanna faoinar bunaíodh an tÚdarás agus ina leagtar amach a fheidhmeanna. Is gá, dar leis an Údarás, go mbeadh baint ag gach ceann dá thaifid le feidhmiú na n-achtanna sin.
Míníonn an tÚdarás chomh maith go mbeadh air an t-ábhar atá i mbreis is 150 comhad stua-luamháin a scrúdú ina gceann is ina gceann chun gach aon cheann de na nithe a bhreithniú de réir mar a bhí iarrtha. Measann an tÚdarás go nglacfadh sé dhá uair an chloig, ar an meán, ar dhuine amháin gach comhad a sheiceáil chun réamh-mheasúnú a dhéanamh orthu. Ina theannta sin dar leis an Údarás thógfadh sé isteach agus amach le 10 seachtaine ar dhuine amháin, ar bhonn lánaimseartha, dul trí na comhaid go léir a bheadh ábhartha do d'iarraidh.
Ina theannta sin arís, ó tharla go bhfuil faisnéis faoi rún, íogair ó thaobh na tráchtála de, nó cineálacha eile faisnéise a d'fhéadfadh a bheith faoi réir díolúine faoin Acht um SF in go leor de na taifid iomchuí, bheadh scrúdú le déanamh ag ball d'fhoireann an Údaráis ag a mbeadh na cáilíochtaí oiriúnacha ar fhormhór na ndoiciméad sa bhreis is 150 comhad stua-luamháin chun a chinntiú nach scaoilfí go míchuí taifid nach bhfuil curtha in eagar. Measann an tÚdarás go gcaithfeadh duine amháin a bheadh ag obair go lánaimseartha seachtain le gach comhad stua-luamháin sa phróiseas scrúduithe seo. Luann an tÚdarás:
Dá réir sin, dá mba rud é go mbeadh foireann iomlán an Údaráis dírithe ar an tasc seo go lánaimseartha thógfadh sé ceithre mhí orthu na taifid lena mbaineann a léamh. Ar ndóigh ní bheadh gach ball d'fhoireann an Údaráis cáilithe chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé faisnéis a d'fhéadfaí a scaoileadh. Ina theannta sin, ba ghá an doiciméadú go léir a bhaineann leis an iarraidh a chur ar sceideal fiú sula ndéanfaí cinneadh, agus measaimid go nglacfadh an obair sin 4 nó 5 seachtaine sa bhreis.
Ina dhiaidh sin níor mhór dul i mbun próisis chun cinneadh a ghlacadh i ndáil le gach taifead agus d'fhéadfadh gur ghá comhfhreagras le tríú páirtithe faoin nós imeachta comhairliúcháin.
Ar deiridh, d'fhéadfadh gur ghá roinnt taifead a chur in eagar sula scaoilfí iad agus bheadh obair bhreise agus am breise ar an Údarás dá bharr. Dá réir sin, fiú dá ndíreodh foireann iomlán an Údaráis ar fhreagra a thabhairt ar an iarraidh agus dá dtabharfaí neamhaird do dhualgais reachtúla uile an Údaráis, ní fhéadfadh an tÚdarás freagra a thabhairt ar an iarraidh seo taobh istigh den scála amach arna fhoráil san Acht.
Cuireann an tÚdarás leis an méid sin, agus dúirt gur ó tharla go raibh ról agus feidhm shonrach san eagraíocht ag gach duine den naonúr fostaí, ní bheadh duine aonair ar leith ábalta an obair a dtugtar breac-chuntas uirthi thuas a dhéanamh go lánaimseartha gan cur isteach, go tromchúiseach, ar obair an chomhlachta. Cé go bhfuil Oifigeach um SF san Údarás tá dualgais eile le comhlíonadh aici chomh maith.
Aontaím leis an Údarás go bhfuil d'iarraidh de chineál atá róleathan agus róthoirtiúil. Glacaim leis i bhfianaise aighneacht an Údaráis go gcuirfeadh próiseáil d'iarrata bac nó go gcuirfeadh próiseáil na hiarrata isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an Údaráis. Glacaim leis chomh maith nár chuí don Údarás d'iarraidh a phróiseáil mar go dtabharfaí neamhaird ar a dhualgais reachtúla faoi na hAchtanna Árachais Sláinte dá barr. Cé go leagann an tAcht um SF oibleagáidí reachtúla ar chomhlachtaí poiblí, ní bheartaítear go leagfadh comhlíonadh na n-oibleagáidí seo ualach míréasúnach ar chomhlachtaí poiblí; chuige seo, rinne an tOireachtas foráil go bhféadfaí iarrataí a dhiúltú ar fhorais riaracháin, foráil mar atá in alt 10(1)(c). Táim sásta sna himthosca go raibh údar gur dhiúltaigh an tÚdarás, mar a mheastar, do d'iarraidh faoi alt 10(1)(c).
Nithe Eile
Luann tú sa fhreagra a thug tú ar litir réamhdhearcaidh Ms. Campbell nár tugadh aghaidh ar shaincheisteanna tábhachtacha a d'ardaigh tú sna haighneachtaí a rinne tú roimhe seo. Breithním gur déileáladh go cuí le saincheist ar bith a bhí ábhartha don cheist cibé an bhfuil feidhm ag alt 10(1)(c) maidir le d'iarraidh. I gcomhrá teileafóin a bhí agat le Ms. Campbell ar an 5 Deireadh Fómhair 2006, thug Ms. Campbell faoi deara nach iarraidh mhíchuí iarraidh ó chomhlacht poiblí go gcuirfí an t-iarrthóir in aithne dó i gcás, mar atá anseo, nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuiltear ag tabhairt ceannfhátha san áireamh. Sa chás seo d'fhéadfadh go mbeadh céannacht an iarrthóra ábhartha don nós imeachta chun fógra a thabhairt don tríú páirtí arna leagan amach in alt 29 den Acht um SF. Ina theannta sin arís, ó tharla gur tionscnaíodh imeachtaí cúirte a bhaineann le cothromú fiontar, d'fhéadfadh go mbeadh céannacht an iarrthóra ábhartha agus breithniú á dhéanamh ar cibé, maidir le taifid ábhartha ar bith, ar taifid
iad de chineál gur dhíspeagadh cúirte iad a nochtadh [mar a thagraítear in alt 22(1)(b) den Acht um SF]. Ina theannta sin arís, uaireanta d'fhéadfadh céannacht an iarrthóra a bheith ábhartha d'fheidhmiú na tástála ar leas an phobail ar ghné í de roinnt de na díolúintí faoin Acht um SF. Sna himthosca, breithním gur dlisteanach don Údarás iarracht a dhéanamh céannacht an iarrthóra a fháil amach sa chás seo.
Tugaim faoi deara sa fhreagra a thug tú ar fhiosrúcháin an Údaráis maidir le céannacht an iarrthóra gur áitigh tú gur tusa i do cháil phearsanta a rinne an iarraidh agus nach ndearnadh í thar ceann do ghnólachta ná thar ceann a chliant. Tugaim faoi deara go ndearnadh an iarraidh dar dáta an 30 Meitheamh 2006 ar pháipéarachas A&L Goodbody agus gur scríobhadh an tseic a bhí léi chun an táille a íoc ar son agus thar ceann A&L Goodbody, Aturnaetha Cuntas Uimh. 2. Tugaim faoi deara chomh maith gur sheol tú na déileálacha go léir a bhí agat le m'Oifig ar pháipéarachas A&L Goodbody, gur úsáid tú facs agus áiseanna teileafóin A&L Goodbody agus, arís eile gur le seic a scríobhadh ar son agus thar ceann A&L Goodbody, Aturnaetha, Cuntas Uimh. 2, a íocadh an táille €150 le m'Oifig. Tugaim faoi deara chomh maith sa chomhrá teileafóin a bhí agat le Ms. Elizabeth Martin de chuid na hOifige seo ar an 9 Meán Fómhair 2006 gur aontaigh tú gurbh iad A&L Goodbody an t-iarrthóir ar an athbhreithniú. Sna himthosca seo, is deacair a chreidiúint gur tusa i do cháil phearsanta a rinne an iarraidh.
Áitíonn tú chomh maith gur ghlac an tÚdarás "léirmhíniú antoisceach" ar d'iarraidh agus nach raibh a leithéid i gceist agat in aon chor agus gur léir gurbh amhlaidh sin dá gcuirfí glaoch ort. Ní aontaímse leis sin. In imthosca áirithe, mar shampla i gcás gur alt 7(1)(b) den Acht um SF an t-aon saincheist amháin, d'fhéadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfadh an comhlacht poiblí teagmháil le hiarrthóir ar an teileafón chun iarraidh a shoiléiriú mar a mholann Aonad an Pholasaí Lárnaigh. Aturnae i ngnólacht dlí a bhí bainteach i ndlíthíocht leis an Údarás faoi chothromú fiontar is ea thú áfach. Ní bhreithním, le réasún, sna himthosca seo agus i bhfianaise fad agus fairsinge d'iarrata, go bhféadfá a bheith ag súil leis go mbeadh soiléiriú á lorg ag an Údarás ar shlí eile seachas i scríbhinn.
Lorgaítear i do bhuniarraidh, mar a cuireadh le chéile í, na taifid go léir a bhaineann le feidhmiú na nAchtanna Árachais Sláinte i measc catagóirí eile faisnéise. D'iarr an tÚdarás ortsa i scríbhinn d'iarraidh a leasú. Leagtar amach go mion i litir an Uasail Sloyan chugat dar dáta an 17 Iúil 2006 na deacrachtaí a bhain leis an bhfoclaíocht leathan a bhí i d'iarraidh mar a cuireadh le chéile i dtús báire í agus d'iarr sé ort a bheith níos beaichte. Mhol an tUasal Sloyan chomh maith go bhféadfadh go mbeadh an tÚdarás ábalta socrú a dhéanamh chun iarraidh leasaithe a dheonú ar bhonn céimneach. Tugaim faoi deara go ndearna tú iarracht labhairt leis an Uasal Sloyan ar an teileafón ach, tar éis an chomhrá a bhí agat leis an Uasal Andrew Lyster, gur fhreagair an tUasal Sloyan tú i scríbhinn ar an 27 Iúil 2006 seachas ar an teileafón. Cé nár chuir an tUasal Sloyan é féin glaoch ar ais ort, scríobh sé chugat arís agus thug sé aghaidh ar na saincheisteanna a ardaíodh sa chomhrá a bhí agat leis an Uasal Lyster "i gcás go bhfaighfí iarraidh bhailí uait".
Bhí iarraidh "leasaithe" san aighneacht dar dáta an 13 Deireadh Fómhair 2006 a chuir tú chuig m'Oifig ach dhiúltaigh tú d'iarraidh bhunaidh a tharraingt siar agus tá tú fós ag iarraidh athbhreithniú i ndáil leis an iarraidh mar a cuireadh le chéile i dtús báire í. Nílim ar an eolas gur chuir tú an iarraidh leasaithe seo faoi bhráid na Údaráis. Sna himthosca sin, ní fheicim cén chúis gur chuir tú an iarraidh leasaithe seo in éineacht le d'aighneacht chuig m'Oifig. Dá mba rud é gurbh í an chúis a bhí leis cur leis an argóint a bhí á déanamh agat gur theip ar an Údarás cúnamh a thabhairt ionas go bhféadfaí glacadh le d'iarraidh, ní fheictear dom gurbh é sin a tharla dá thoradh. Go deimhin, ní chinnim go raibh bonn ar bith faoi d'argóint maidir leis seo. Breithním gur thairg an tÚdarás cúnamh a thabhairt duit, arna shamhlú in alt 10(2) den Acht um SF agus gur chomhlíon sé an fhoráil sin.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um SF, arna leasú, daingním leis seo an bhreith a mheastar a thug an tÚdarás Árachais Sláinte diúltú do d'iarraidh a chuaigh in iontaoibh alt 10(1)(c) den Acht um SF.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Is mise, le meas,
Yours sincerely
Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise