- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 050305 - Ms. X agus Ospidéal an Rotunda
Taifid "bunúis" - rochtain ar thaifid ina bhfuil aois sheanmháthair an iarrthóra nuair a rugadh mac di sa bhliain 1907 agus arbh é athair an iarrthóra é - faisnéis phearsanta - alt 28(1) - cibé an bhfuil faisnéis den chineál céanna i leith daoine aonair ar fáil don phobal i gcoitinne - alt 28(2)(c) - rochtain ar fhaisnéis phearsanta duine éagtha ag neasghaol - alt 28(6)(b) - cibé an faisnéis í a bhfuil an caighdeán riachtanach rúndachta ag gabháil di - alt 26(1)(a) - cibé arbh ionann nochtadh aois na seanmháthar don ghariníon agus sárú dualgais chothromais rúndachta - alt 26(1)(b).
Case Summary
Fíricí
Lorg an t-iarrthóir, Ms. X, taifid i seilbh Ospidéal an Rotunda a bhain lena seanmháthair (EB) ar rugadh mac di sa bhliain 1907 agus arbh é athair Ms. X (GB) é. Fuair GB bás sa bhliain 1990. Sholáthair Ms. X cóipeanna de theastas breithe agus de theastas báis a hathar. Dheimhnigh an tOspidéal go raibh sonraí ina chláir a bhí de réir na faisnéise ar an teastas breithe. Bhain an t-athbhreithniú leis an gceist, cibé an raibh údar ag an Ospidéal leis an mbreith a thug sé diúltú rochtain a thabhairt ar dhá thaifead (ó Leabhar an Aonaid Luí Seoil agus ó Leabhar Lóiste an Phóirtéara) ina raibh iontráil a bhain le haois EB (sa bhliain 1907), agus leis an gceist sin amháin. Chuaigh an tOspidéal in iontaoibh alt 28(1) - faisnéis phearsanta agus alt 26 - faisnéis a fhaightear i modh rúin, agus rochtain á dhiúltú aige.
Cinneadh
Thrácht an Coimisinéir gurbh éigean dul i mbun athbhreithniú mionsonraithe fada, lenar bhain argóintí casta dlí, nuair a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis go n-éistfí le réasún agus go bhféadfaí aois EB a chur in iúl do Ms. X, taobh amuigh de na hAchtanna um SF dá mba ghá sin, nuair a rinneadh an iarraidh den chéad uair sa bhliain 2005. Chinn sí, cé go bhféadfadh gurbh ionann aois duine agus "faisnéis phearsanta" de réir bhrí na nAchtanna um SF, nach mbíonn feidhm ag an díolúine in alt 28(1) más rud é "go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine aonair i gcoitinne, nó i leith aicme daoine aonair atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne." [alt 28(2)(c)].
Is léir ó fhiosrúcháin a rinneadh leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin a fheidhmíonn córas clárúcháin na mbásanna, na mbreitheanna agus na bpóstaí, gur féidir, a thúisce is a bhíonn ainm ag taighdeoir, faisnéis faoi aois duine aonair ar bith a fháil ar theastas breithe an duine aonair sin agus, más rud é gur duine pósta an duine aonair sin gur féidir an fhaisnéis a fháil chomh maith ar an teastas pósta, agus más rud é gur éag an duine sin gur féidir an fhaisnéis a fháil ar an teastas báis. Cuid de thaifead poiblí ar a mbíonn rochtain ag cách is ea faisnéis den sórt. D'aithin an Coimisinéir go mbeidh difríocht idir an méid iarrachta is gá chun teacht ar shonraí breithe duine aonair ar bith ag brath ar an méid faisnéise a bhíonn ar fáil ach, i bprionsabal féadfar teacht ar dháta breithe duine aonair trí theastas clárúcháin amháin nó trí theastais chlárúcháin eile na Príomh-Oifige Clárúcháin. Dá réir sin, feidhmíonn alt 28(2)(c) chun alt 28(1) a chur as feidhm sa chás seo. Níor ghá dá réir sin aghaidh a thabhairt
ar na hargóintí i leith leas an phobail a chuir an tOspidéal ar aghaidh i bhfabhar aois EB sa bhliain 1907 a choinneáil siar. Cé nárbh éigean di cinneadh a dhéanamh ar an gcás, dúirt an Coimisinéir gurb é is dóichí de chomh maith gur ghá na taifid a scaoileadh don iarrthóir faoi alt 28(6)(b) den Acht um SF ó tharla gurb í neasghaol EB í.
Níor ghlac an Coimisinéir leis, i ndáil le halt 26 den Acht um SF, maidir le himthosca an cháis seo, go bhféadfaí caitheamh leis an bhfaisnéis mar fhaisnéis a raibh an caighdeán riachtanach rúndachta ag gabháil di. Chinn sí nach raibh feidhm ag alt 26(1)(a) ná ag alt 26(1)(b). Dúirt sí ina theannta sin, dá mba ghá cinneadh a dhéanamh i ndáil le leas an phobail go gcinnfeadh sí tríd is tríd gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí aois a seanmháthar sa bhliain 1907 a nochtadh don iarrthóir.
Neamhnigh an Coimisinéir breith an Ospidéil agus d'ordaigh sí dó na codanna de na taifid a bhí i gceist a scaoileadh.
Dáta na Breithe: 19 Nollaig 2007
Date of Decision: 19.12.2007
Our Reference: 050305
19.12.2007
Ms X
A Ms. X , a chara,
Tagraím don iarratas a rinne tú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith a ghlac Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath (an tOspidéal) ar an iarraidh a rinne tú go dtabharfaí rochtain duit ar thaifid a bhaineann le do sheanmháthair.
Is oth liom an mhoill a tharla i ndéileáil le d'iarratas agus tuigim gur chuir an mhoill seo isteach ort. Ar bhotúnaí an tsaoil is mór an riaráiste oibre atá san Oifig seo de bharr a thoirtiúla is a bhí na hiarratais a fuarthas i mblianta tosaigh fheidhmiú an Achta um SF. Chuir na saincheisteanna crua dlí a eascraíonn as an gcás seo agus as cásanna eile a chuirtear faoi mo bhráid a bhaineann le taifid daoine éagtha, leis an moill faoi mar a mhínigh m'fhoireann duit. Tá sé le rá ag an Ospidéal nach bhfuil na saincheisteanna a ardaítear sa chineál cáis seo teoranta do na daoine siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an gcás agus gur chóir an grúpa i gcoitinne a gcuirtear isteach orthu a thabhairt san áireamh chomh maith. Mar sin féin ag an tráth seo breithním go bhfuil sé d'oibleagáid orm an bhreith fhoirmiúil cheangailteach ar d'iarratas dá bhfuil tú ina teideal a thabhairt duit.
Background
Cúlra
Rinne tú iarraidh SF ar an 22 Iúil 2005 ar fhaisnéis faoi do sheanmháthair, EB nach maireann, ar rugadh mac di in Ospidéal an Rotunda ar an 11 Bealtaine 1907 agus arbh é d'athair, GB nach maireann, é.
Chuir an tOspidéal in iúl duit ar an 16 Lúnasa 2005 gur dheimhnigh cuardach a rinneadh ar a thaifid iontráil i Leabhar an Aonaid Luí Seoil don bhliain 1907 a thaispeánann gur rugadh mac do EB ar an 11 Bealtaine 1907. Ina theannta sin dúirt an tOspidéal leat gur aimsigh sé iontráil i "Leabhair Lóiste an Phóirtéara" (atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta) a bhain chomh maith le go ndeachaigh EB san ospidéal sa bhliain 1907. Dúirt sé leat chomh maith go raibh an seoladh ina thaifid ag teacht leis an seoladh atá ar theastas breithe d'athar. Ba í breith an Ospidéil diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid sin de bharr, dá mba rud é go scaoilfí iad, go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine aonair seachas tú féin (alt 28(1)) agus go raibh faisnéis a tugadh i modh rúin sna taifid lena mbaineann (alt 26(1)(a)).
Chuir an tOspidéal in iúl duit chomh maith, ó tharla nár aimsíodh 'taifead máithreachais" i gcomhair do sheanmháthar i gcartlann an Ospidéil, go rabhthas ag diúltú géilleadh do d'iarraidh i ndáil le taifead den sórt faoi alt 10(1)(a) den Acht um SF ar an mbonn nach ann don taifead nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a bheith glactha chun a fháil amach cá bhfuil sé. Sholáthair an tOspidéal liosta de phointí teagmhála chun dul ar thuairisc craobh choibhnis rud a mheas sé a thabharfadh cúnamh duit.
Rinne tú iarratas ar an 25 Lúnasa 2005 chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar bhreith an Ospidéil. Tugadh fógra duit ar an 16 Meán Fómhair 2005 gur sheas an t-athbhreithneoir inmheánach leis an mbunbhreith. Rinne tú d'iarratas ar athbhreithniú chuig m'Oifig ar an 28 Meán Fómhair 2005. Chuir tú isteach cóipeanna de theastas breithe agus de theastas báis d'athar.
D'fhéach mé do na nithe seo a leanas agus athbhreithniú á dhéanamh agam ar an gcás seo:
- an fhaisnéis atá sna taifid atá i gceist;
- breitheanna an Ospidéil sa chás;
- na haighneachtaí a chuir an tOspidéal faoi bhráid m'Oifige;
- forálacha na nAchtanna um SF.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb í aois EB sa bhliain 1907 (agus ní a dáta breithe) an t-aon fhaisnéis "nua" a gheofá dá scaoilfí na taifid lena mbaineann. Baineann an t-athbhreithniú seo leis an gceist, cibé an bhfuil údar ag an Ospidéal, faoin Acht um SF, leis an mbreith a thug sí diúltú rochtain a thabhairt ar dhá thaifead (ó Leabhar an Aonaid Luí Seoil agus ó Leabhar Lóiste an Phóirtéara) ina bhfuil iontráil a bhaineann le haois EB (sa bhliain 1907), agus leis an gceist sin amháin. Mar a shoiléirigh m'fhoireann duit, tá faisnéis theoranta faoi Ms. B sna taifid a soláthraíodh do m'Oifig agus ní thugtar a dáta breithe san fhaisnéis sin. Is cosúil gur ghlac tú le staid an Ospidéil nach féidir taifid bhreise ar bith a aimsiú faoi do sheanmháthair ná faoi bhreith d'athar. Dá réir sin díreoidh an t-athbhreithniú seo ar an dá thaifead a aithníodh. Tugaim faoi deara chomh maith gur aontaigh tú sonraí eile sna taifid a thógáil as an áireamh san athbhreithniú seo.
Findings
Fionnachtana
Réamhábhair
Airím go bhfuil sé d'oibleagáid orm a rá gur ghá dul i mbun athbhreithniú mionsonraithe fada, lenar bhain argóintí casta dlí, chun a chinneadh cibé ar chóir aois mháthair d'athar nuair a rugadh d'athair di sa bhliain 1907 a insint duit. Tugaim faoi deara gur bhásaigh d'athair sa bhliain 1990. Bheifí ag súil leis go n-éistfí le réasún agus go bhféadfaí an fhaisnéis sin a thabhairt duit, taobh amuigh de chastacht na nAchtanna um SF dá mba ghá sin, nuair a rinneadh an iarraidh den chéad uair sa bhliain 2005. Níor tharla amhlaidh ar bhotúnaí an tsaoil agus is gá anois bailchríoch a chur ar an athbhreithniú tríd an mbreith fhoirmiúil cheangailteach seo a eisiúint.
I dtús báire is mian liom, chomh maith, aird a tharraingt ar an bhforáil in alt 34(12)(b) den Acht um SF ina bhforáiltear, maidir le hathbhreithniú, go "toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith." Is í éifeacht na forála seo an dualgas a chur ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann an toimhdiú aiceanta san Acht um SF go scaoilfear taifid i seilbh comhlachtaí poiblí i gcás go lorgófaí faoin Acht iad, a chur as feidhm.
Díolúintí a ndeachaigh an tOspidéal ina n-iontaoibh
Ba í breith an Ospidéil gur chóir diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid sin de bharr, dá mba rud é go scaoilfí iad, go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine aonair seachas tú féin [alt 28(1) den Acht um SF]. Cinneadh sa bhreith chomh maith go bhfuarthas an fhaisnéis atá sna taifid i modh rúin agus go ndíolmhaítear na taifid óna scaoileadh ar an mbonn seo chomh maith [alt 26(1)(a)]. Luaigh an tOspidéal alt 26(1)(b) chun tacú lena bhreith sna haighneachtaí a chuir sé faoi bhráid m'Oifige.
Alt 28 - Faisnéis Phearsanta
An Fhoráil Reachtúil
Tá an chosúlacht air go bhféadfadh gurbh ionann aois duine aonair agus "faisnéis phearsanta" arna sainmhíniú in alt 2(1) den Acht um SF. Is é seo a leanas ní (vi) i liosta na nithe a fholaítear sa sainmhíniú a thugtar ar "fhaisnéis phearsanta": "faisnéis maidir le creideamh, aois, gnéaschlaonadh nó stádas pósta an duine aonair". Cé go bhfolaítear é i liosta na samplaí sa sainmhíniú, glacaim leis nach mór do na samplaí seo ceann nó ceann eile de na réamhcheanglais uileghabhálacha a shásamh:
"… faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta -
(a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó
(b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin,"
Más rud é gurb ionann faisnéis faoi aois duine aonair agus faisnéis phearsanta beidh taifead ina nochtar taifead den sórt, de réir a chuma, díolmhaithe de bhua alt 28(1) den Acht um SF. Ní bhíonn feidhm ag an díolúine seo, áfach, más rud é "go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine aonair i gcoitinne, nó i leith aicme daoine aonair atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne." [alt 28(2)(c)].
Is í an Phríomh-Oifig Chlárúcháin a fheidhmíonn córas clárúcháin na mbásanna, na mbreitheanna agus na bpóstaí sa tír seo. Is léir ó fhiosrúcháin a rinne m'fhoireann leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin gur féidir faisnéis faoi aois duine aonair ar bith a fháil ar theastas breithe an duine aonair sin agus, más rud é gur duine pósta an duine aonair sin gur féidir an fhaisnéis a fháil chomh maith ar an teastas pósta; agus más rud é gur éag an duine sin gur féidir an fhaisnéis a fháil ar an teastas báis. Is léir gur cuid de thaifead poiblí ar a mbíonn rochtain ag cách an fhaisnéis atá i dteastais na Príomh-Oifige Clárúcháin. Beidh difríocht idir an méid iarrachta is gá chun teacht ar shonraí breithe duine aonair ar bith, lena n-áirítear dáta breithe, ag brath ar an méid faisnéise atá ag an taighdeoir cheana féin; ach i gcás go mbeadh ainm ag an taighdeoir, i bprionsabal d'fhéadfaí teacht ar dháta breithe an duine aonair sin trí theastas clárúcháin amháin nó trí theastais chlárúcháin eile na Príomh-Oifige Clárúcháin.
Is léir, dá mba rud é go mbeadh faisnéis eile chomh maith leis an ainm ag an taighdeoir, amhail an contae nó an réigiún inar rugadh é nó í nó aoisraon dóchúil an duine aonair, go mbeadh an próiseas cuardaigh níos éasca.
Nuair a rinne m'Oifig an argóint seo leis an Ospidéal, luaigh an tOspidéal ina fhreagra nach leor, in go leor cásanna 'dul ar thuairisc', an fhaisnéis a bhíonn ag daoine aonair ag a mbíonn ainmneacha agus sonraí eile chun an 'fhaisnéis chruinn' ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, a aithint. Glacaim leis go bhféadfadh gurb amhlaidh an cás. Fiú agus deacracht ar bith a bheith leis an bhfaisnéis a aimsiú, bíonn aoiseanna daoine aonair ar cláraíodh a mbreitheanna, a bpóstaí nó a mbásanna ar fáil don phobal i gcoitinne faoi mar atá tugtha síos thuas. Feictear domsa ó tharla go mbíonn faisnéis den sórt ar fáil don phobal i gcoitinne go sásaítear ceanglas alt 28(2)(c). Molann an tOspidéal go bhféadfaí comhairle a thabhairt do dhaoine aonair seirbhís na Príomh-Oifige Clárúcháin a úsáid in ionad taifid Ospidéil a fuarthas i modh rúin a lorg faoin Acht um SF. Ó tharla go bhfuil tú i dteideal faoin Acht um SF rochtain a lorg ar thaifid atá i seilbh an Ospidéil; agus ó tharla, tar éis duit iarratas a chur chugamsa, go gceangla
ítear orm faoin Acht um SF athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith an Ospidéil agus an bhreith sin a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú, níl an rogha agam bailchríoch a chur ar an athbhreithniú trí bhíthin tusa a threorú ar aghaidh chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin nó chuig foinse eile.
I bhfianaise a bhfuil ráite thuas, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 28(2)(c) maidir le haois EB. Tá sé d'éifeacht leis sin an díolúine in alt 28(1) a chealú agus ní gá domsa, dá réir sin, fionnachtana a dhéanamh ar na díolúintí eile i leith alt 28(1) atá san alt sin.
Seasamh an Ospidéil
Rinne an tOspidéal aighneachtaí mionsonraithe le linn an athbhreithnithe. Ní thugaim aghaidh ar na pointí go léir a rinneadh de bharr m'fhionnachtana go raibh sé d'éifeacht le halt 28(2)(c) go gcuirfeadh sé forálacha alt 28(1) den Acht um SF as feidhm sa chás seo.
Ag an am a ndearna tú d'iarraidh um SF, ba chóir go mbeadh na cinnteoirí ar an eolas ó dháta na dtaifead nach dócha go mbeadh do sheanmháthair beo sa bhliain 2005. Ghlac an tOspidéal leis, le linn an athbhreithnithe seo gur bhain na taifid atá i gceist le duine éagtha. Tá forálacha sainráite san Acht um SF chun déileáil le taifid daoine éagtha. Níor dhéileáil an bunchinnteoir, ná an cinnteoir a bhain leis an athbhreithniú inmheánach, áfach, leis na forálacha sainráite seo atá in alt 28(6)(b) den Acht um SF. Ghlac an tOspidéal leis tar éis do m'fhoireann an cheist a ardú leis go bhfuil do sheanmháthair éagtha. Is é an seasamh atá ag an Ospidéal nach bhfuil ceart ann féin sa ghnáthchúrsa ag neasghaol rochtain a fháil ar thaifid phearsanta duine éagtha. Ba chosúil ansin go raibh an argóint á déanamh ag an Ospidéal nach bhféadfaí taifid a scaoileadh faoi alt 28(6)(b) ach amháin i gcás go gcinnfí, tar éis fheidhmiú na tástála ar leas an phobail in alt 28(5)(a), go ndéanfaí leas an phobail dá scaoilfí na taifid. B
a chosúil go raibh an argóint á déanamh aige go bhféadfaí an tástáil ar leas an phobail a sheoladh ar bhealach éigin chun scaoileadh na dtaifead a chosc ar taifid iad a bheadh le scaoileadh seachas sin. I ndáiríre is é a mhalairt atá fíor. Tá alt 28(5)(a) ábhartha ó tharla go bhforáiltear ann go bhféadfaí taifead, ina mbeadh faisnéis phearsanta, a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail ar taifead é a bheadh díolmhaithe seachas sin de bhua alt 28(1). Dá réir sin breithním nach mbreithneofaí alt 28(5)(a) sa chás seo agus níl sé beartaithe agam déileáil a thuilleadh leis na hargóintí ar leas an phobail a chuir an tOspidéal chun cinn chun na taifid a choinneáil siar.
Alt 28 (6)(b)
Thug m'fhoireann mo dhearcadh ar fhorálacha an Achta um SF agus ar rialacháin (Uimh. IR 47 de 1999) i ndáil le rochtain ar thaifid daoine éagtha ar d'aird agus ar aird an Ospidéil le linn an athbhreithnithe. Tá líon áirithe breitheanna tugtha agam ó shin i leith (léigh, mar shampla Cás Uimh. 040149 - An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - atá foilsithe ar www.oic.gov.ie" www.oic.gov.ie) ina n-ordaím go scaoilfí taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta a bhaineann le duine éagtha chuig neasghaol; leagtar forléiriú na reachtaíochta ar a raibh mo bhreitheanna sna cásanna sin bunaithe amach sa bhreith seo. Ba í an chonclúid a dtáinig mé uirthi, más rud é go lorgaíonn neasghaol taifid a bhaineann le duine éagtha go mbeidh sé nó sí i dteideal tríd is tríd rochtain a fháil ar thaifid den sórt faoi théarmaí alt 28(6)(b) den Acht um SF agus faoi théarmaí airteagal 3(1)(b)(iii) de Rialacháin na bliana 1999 agus faoi réir gan díolúine reachtúil ar bith eile a bheith ann a chuirfeadh cosc ar scaoileadh na dt
aifead. Ní gá, de bharr m'fhionnachtana thuas nach bhfuil feidhm ag alt 28(1) sa chás áirithe seo [a chuirtear as feidhm de bhua alt 28(2)(c)], aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo go mion anseo. Creidim, áfach, gur ábhartha a thabhairt faoi deara, fiú i gcás go gcinnfí go bhfuil feidhm ag díolúine alt 28(1), gur dócha go mbeadh na taifid a bhaineann le do sheanmháthair nach maireann le scaoileadh chugat faoin Acht um SF de réir fhorálacha alt 28(6)(b).
Alt 26 - Faisnéis a fhaightear i Modh Rúin
Tagraítear do ghné rúnda na dtaifead ar fud fad aighneachtaí an Ospidéil. Creidim gur cuí a bhreithniú cibé an bhféadfaí an fhaisnéis atá i gceist .i. aois do sheanmháthar sa bhliain 1907 a chosaint faoin Acht um SF ar bhonn rúndachta. Luaitear in alt 26(1) den Acht um SF mar seo a leanas:
"Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é-
(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó
(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí."
Áitíonn an tOspidéal go bhfuil na taifid atá i gceist - nach nochtar iontu ach aois Ms. B nuair a rugadh mac di sa bhliain 1907 agus arbh é d'athair é - díolmhaithe de bhua alt 26(1)(a) & (b) den Acht um SF. Is iomaí uair roimhe seo a ghlac m'Oifig breitheanna inarbh é feidhmiú alt 26 ábhar na mbreitheanna agus ní gá anailís mhionsonraithe ar a fhorálacha a leagan amach chun críocha an cháis seo. Réamhcheanglas go mbeadh feidhm ag ceachtar ceann de na forálacha is ea nár mhór go mbeadh an caighdeán riachtanach rúndachta san fhaisnéis a bheadh sa taifead atá i gceist.
Tagraíonn an tOspidéal do na hoibleagáidí a bhíonn ar "sholáthraithe sláinte" a eascraíonn as Mionn Hippocrates agus a bhaineann le 'faisnéis mhíochaine" a bhíonn i modh rúin. Áitíonn an tOspidéal gur fachtóir cliniciúil í an aois, i gcomhthéacs cúram máithreachais, a chinneann na torthaí a bhíonn i ndán don mháthair agus don leanbh. Cé go dtugaim faoi deara san iontráil ina dtaifeadtar aois na máthar nach nochtar a dhath faoin gcóireáil a cuireadh uirthi, glacaim leis go dtiocfadh, go hiondúil, faisnéis a d'eascródh as caidreamh gairmiúil idir ghairmí sláinte agus othar faoi chatagóir na gcaidreamh rúndachta a aithnítear sa ghnáthchúrsa le dlí. Tugaim faoi deara chomh maith gurb é is dóichí de gur d'fhostaí ospidéil agus nach do lia cóireála a tugadh an cineál faisnéise a thug do sheanmháthair uaithi agus a taifeadadh i dtaifid bhreithe d'athar (mar shampla a haois, a stádas pósta). Mar shampla tá sonraí faoi aois Ms. B i Leabhar Lóiste an Phóirtéara.
Gabhtar sainmhíniú an téarma "rúndacht" as an dlí a bhaineann le sárú dualgais rúndachta: "A confidence is formed whenever one party ('the confider') imparts to another ('the confidant') private or secret matters on the express or implied understanding that the communication is for a restricted purpose." ("B" v. Brisbane North Regional Health Authority, (1994) 1 QAR 279, in alt 45, as giota le F. Gurry "Breach of Confidence" in aistí P. Finn (Ed.) Essays in Equity; Law Book Company, 1985, lch.111.). Ní fheictear dom bunaithe ar an sainmhíniú seo conas a d'fhéadfadh baint a bheith ag faisnéis a bhíonn ar fáil don phobal tríd an bPríomh-Oifig Chlárúcháin, mar a thugtar síos thuas, le nithe príobháideacha nó faoi rún. Glacaim leis gur bhain an fhaisnéis a thug Ms. B don Ospidéal, sa chiall ba choitianta a bheadh léi, le "nithe príobháideacha nó faoi rún". Ní féidir liom glacadh leis sna himthosca mar atá faoi láthair áfach, i gcás go raibh ainm a mháthar agus roinnt sonraí eile faoina bhreith ar eol
as ag d'athair (agus agatsa), go bhféadfaí caitheamh le faisnéis faoi aois a mháthar mar fhaisnéis lena mbaineann an caighdeán riachtanach rúndachta. Ar an mbonn seo ní féidir liom glacadh leis go bhfuil feidhm ag ceachtar den dá fhoráil in alt 26(1). Cinnim dá réir.
Fiú dá mba rud é go gcinnfí go bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) is díolúine í seo gur féidir an tástáil ar leas an phobail a chealú inti [alt 26(3)]. Táim sásta i gcás nár mhór leas an phobail a bhreithniú go gcinnfinn tríd is tríd gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail dá scaoilfí na taifid seachas dá gcoinneofaí siar iad. Ó tharla gur tú gariníon Ms. B is dlisteanach féachaint d'fheidhmiú na tástála ar leas an phobail. Dá mba rud é nach raibh gaol gar pearsanta ag an iarrthóir leis an duine arbh í a fhaisnéis nó a faisnéis atá i gceist (Ms. B) b'fhéidir sa chás sin go dtiocfaí ar a mhalairt de chonclúid maidir le leas an phobail. Is mór mar a dhéanfaí leas an phobail, áfach, dá mbeadh an fhaisnéis ab iomláine ab fhéidir é tríd is tríd ag daoine faoina mbunadh. In imthosca an cháis seo, táim den dearcadh gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, dá nochtfaí an fhaisnéis duit.
I ndáil le halt 26(1)(b), dá mba rud é go mbeadh ar dhuine feidhmiú féideartha an ailt sin a bhreithniú a thuilleadh, táim sásta nach gcinnfí go mbeadh feidhm maidir leis. D'fhonn go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(b), ba ghá go gcinnfí gurbh ionann nochtadh aois Ms. B dá gariníon agus sárú dualgais rúndachta a dhlitear i leith Ms. B. Bhunófaí dualgas rúndachta ar bith a d'eascródh ar chothromas. Cé nach bhfuil alt 26(1)(b) faoi réir ag cealú sainráite ar leas an phobail, glactar leis tríd is tríd nach bhforfheidhmeofaí oibleagáid rúndachta chun srian a chur ar an nochtadh faisnéise a mbeadh údar leis ar mhaithe le leas an phobail. Phléigh mé an tsaincheist seo go mion le gairid sa bhreith a thug mé ar Chás Uimh. 060030 - Ms. Y agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (arna fhoilsiú ar www.oic.gov.ie" www.oic.gov.ie). I gcás gur ghá déileáil a thuilleadh le halt 26(1)(b), táim sásta go gcinnfinn nach mbeadh feidhm leis maidir le himthosca an cháis seo.
Decision
Breith
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú, neamhnaím leis seo breith Ospidéal an Rotunda diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá i gceist. Ordaím don Ospidéal rochtain, i bhfoirm cóipe, a thabhairt ar dhá iontráil sna taifid a aithníodh ina dtaispeántar aois EB sa bhliain 1907. Tá sé seo faoi réir go ndeimhneoidh an tOspidéal sa ghnáthbhealach (mura bhfuil déanta amhlaidh aige cheana) gur tú iníon GB agus gariníon EB.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Is mise, le meas,
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise