- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 040104 - Cás 040104 - An tUas. X & An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Is mian liom tagairt don iarratas a rinne tú don Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht SF) go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh Roinn an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) ar an iarraidh a chuir tú chucu dar dháta 24ú Samhain 2003 ag lorg taifead i dtaobh an tionscadail ríomh-vótála.
Gabhaim pardún agat arís as an moill mhór ag críochnú an athbhreithnithe duit. Mar is eol duit tharla sin de bharr carnadh de chásanna a d’éirigh as ganntanas foirne i luath-bhlianta na hOifige seo. Bhain sé freisin le chomh casta is a bhí gnéithe áirithe den athbhreithniú seo, agus le hathbhreithnithe eile a d’iarr tú ar chinntí maidir le hiarrataí uait go dtí an Roinn.
Case Summary
Fírící
Bhí rochtain á lorg ag an iarraidh ar thaifid éagsúla i seilbh Roinn an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) i ndáil leis an gcóras leictreonach vótála , lena n-áirítear taifid i seilbh na bpáirtithe go léir atá, nó a bhí, ag soláthar seirbhísí don Roinn faoi chonradh seirbhísí.
Níor ghlac ceachtar acu, an Roinn nó soláthraí an chórais vótála leictreonaí (an Cuibhreanas Nedap Powervote, áitithe san Ollainn), go raibh a leithéid de rud agus conradh seirbhíse eatorthu. Dá réir sin níor chuireadh na taifid a bhí i seilbh an chuibhreannais ar láimh don Roinn. Níor sholáthraigh tríú páirtí eile (Kema) taifid ar bith, agus d’eitigh tríú páirtí eile fós (PTB) taifid áirithe a bhí ina seilbh acu a sholáthar. Ghlac an Roinn go raibh conarthaí seirbhíse eatarthu féin agus an dá pháirtí dheireanacha, ach, mar sin féin, go bhfuil Kema agus PTB áitithe san Ollainn agus sa Ghearmáin faoi seach.
Cinneadh
Mheas an Coimisinéir, fiú amháin má tá conarthaí seirbhísí ann, dá n-eiseodh sí fógra 37 chuig na soláthraithe seirbhíse i gceist nach bhfaigheadh sí é a chur i bhfeidhm, ar an mbonn nárbh eol dí aon mheicníocht lenar féidir an tAcht SF a bheith ina cheangal dlíthiúil lasmuigh den dhlínse. Freisin níor mheas sí go raibh sé infheidhmithe fógra 37 a eisiúint chuig an Roinn ag iarraidh orthu dul i mbun dlí chun iallach a chur ar tríú páirtithe taifid a bhí ina seilbh acu a sholáthar, de bhrí nach bhfuil sé de chumhacht aici ach amháin iarraidh ar an Roinn gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun an cheartais conarthaigh atá acu a chur i bhfeidhm má tá a leithéid ann.
Sna cúinsí seo, ní dhearna sí aon bhreith maidir le cibé acu an bhfuil conradh seirbhíse idir an Roinn agus soláthraithe an chórais leictreonaigh vótála ná maidir le na taifid úd a bhí diúltaithe ag Kema agus PTB a chur ar fáil.
Ní ghlacfadh sí ach oiread le diúltú na Roinne chun taifid a scaoileadh maidir le cheist ‘shonraí an scórchoimeádaí’ ach ghlac sí leis an diúltú a thugadar maidir le taifid a scaoileadh a d’fhéadfadh cuidiú le cur trí chéile an chórais vótála leictreonaí.
Date of Decision: 16.11.2007
Our Reference: 040104
16.11.2007
An tUas. X
A Uasail X
Is mian liom tagairt don iarratas a rinne tú don Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht SF) go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh Roinn an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) ar an iarraidh a chuir tú chucu dar dháta 24ú Samhain 2003 ag lorg taifead i dtaobh an tionscadail ríomh-vótála.
Gabhaim pardún agat arís as an moill mhór ag críochnú an athbhreithnithe duit. Mar is eol duit tharla sin de bharr carnadh de chásanna a d’éirigh as ganntanas foirne i luath-bhlianta na hOifige seo. Bhain sé freisin le chomh casta is a bhí gnéithe áirithe den athbhreithniú seo, agus le hathbhreithnithe eile a d’iarr tú ar chinntí maidir le hiarrataí uait go dtí an Roinn.
Background
Cúlra
Chuir tú iarraidh isteach ar 24 Samhain 2003 ag lorg na nithe seo a leanas:
- Cóip de gach taifead a chuireadh nó a fuarthas ó 24ú Meán Fómhair 2003 go dtí, nó ó, soláthraithe an chórais leictreonaigh vótála;
- Cóip de gach taifead a chuireadh nó a fuarthas ó 24ú Meán Fómhair 2003 go dtí, nó ó, athbhreithneoirí an chórais leictreonaigh vótála;
- Cóip de gach taifead bainteach leis an gcóras leictreonach vótála atá, faoin Acht SF, i seilbh duine atá, nó a bhí, ag soláthar seirbhíse don Roinn faoi chonradh seirbhíse. Dúirt tú go raibh cuid mhaith thaifead "den aicme sin ina seilbh ag TNO agus ag PTB".
- Cóip de gach taifead a chuireadh nó a fuarthas ó 24ú Meán Fómhair 2003 go dtí, nó ó, an Institiúid um Riarachán Poiblí, bainteach leis an gcóras leictreonach vótála;
- Cóip de gach taifead inmheánach na Roinne a chruthaíodh ó 24ú Meán Fómhair, bainteach leis an gcóras leictreonach vótála;
- Cóip de na taifid a diúltaíodh faoin iarraidh SF 2003/271 agus nach bhfuil faoi réir ailt 20(1) a thuilleadh;
- Bunchóip daite, nó cóip bhog de thaifead áirithe;
- Taifead ar bith sa Roinn a bhaineann le teipeanna i Modúl na Ballóide;
- Cóip de DTP ar bith de dháta ar bith, iníoctha le Powervote UK, Powervote (Ireland), Powervote Services, Nedap, PMI, Nathean, ERS nó le soláthraithe nó le hathbhreithneoirí seachas iad.
Leagadh amach sa chinneadh a rinne an Roinn, dar dháta 9ú Eanáir, 2004, gur mheasadar go raibh 116 taifead ann a bhí ábhartha don iarraidh a rinne tú. Ghearradar táille de €243.78 ort agus choinníodar siar as do chuid taifead 60, 61, 75, 76, 78, 104 go dtí 111, 113, 114 agus taifead 116 go hiomlán (d’úsáideadh 116 lena léiriú, mar a thug an Roinn orthu, "na taifid i seilbh PTB agus TNO ar an vótáil leictreonach) agus na taifid 28 agus 29 go páirteach (ainmneacha tríú páirtithe ba ea na codanna díobh sin a choinníodh siar de réir sceidil na Roinne ar a gcinneadh a rinneadar). San iarraidh a rinne tú ar athbhreithniú inmheánach dar dháta 6ú Feabhra 2004 loirg tú athbhreithniú ar chinneadh na Roinne maidir le taifid a liostaigh tú mar "60, 61, 75, 76, 78, 104 go dtí 111, 113, 114, agus 119". (Dealraíonn sé gur ghlac an Roinn leis an dtagairt uait don ‘taifead 119" mar thagairt mícheart do na taifid a raibh "taifead 116" tugtha acu féin orthu agus rinneadar beart dá réir sin). Chuireadh in iúl duit sa chinneadh ar an athbhreithniú inmheánach sa Roinn dar dháta 27ú Feabhra, 2004 go rabhadar ag scaoileadh chugat na taifid 76 agus 78 ach go rabhadar ag cloí leis an ndiúltú a thugadar maidir leis na taifid eile.
Rinne tú an t-iarratas chuig an Oifig seo ar an 4ú Márta 2004. Le linn dom an t-athbhreithniú a dhéanamh tá ceann tógtha agam don chomhfhreagras thuas, don chomhfhreagras idir tú féin agus an Oifig seo, agus don chomhfhreagras idir an Oifig seo agus an Roinn. Maidir leis na haighneachtaí atá déanta agat, ní dhéanfaidh mé tagairt sa chinneadh seo ach amháin do na hargóintí atá déanta agat a mheasaim a bheith ábhartha don athbhreithniú seo. Tá ceann tógtha agam freisin do chomhfhreagras ilghnéitheach idir an Oifig seo agus tríú páirtithe, do chóipeanna de na taifid a choinníodh siar atá ábhartha don iarraidh a rinne tú, agus a chuireadh ar fáil ag tríú páirtithe chuig an Oifig seo nó chuig an Roinn le linn an athbhreithnithe seo. Ba cheart a thabhairt faoi deara nuair a chuir tríú páirtithe cóipeanna de thaifid go díreach chuig an Oifig seo, chuireadh cóipeanna freisin chuig an Roinn ionas go bhfaigheadh siad cinneadh ar chóir dóibh na taifid sin a scaoileadh nó a mhalairt.
Tá an t-athbhreithniú seo déanta agam faoi réir forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, (Acht SF), mar a leasaíodh ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003). Dá bhrí sin baineann gach aon tagairt d’ailt áirithe san Acht SF sa litir seo, mura ndeirtear a mhalairt, leis an Acht SF, 1997 mar a leasaíodh.
Scope of Review
Teorainn an Athbhreithnithe
As na taifid thuasluaite a choinníodh siar, de dheasca na dteagmhálacha éagsúla ó Anne Moran, Imscrúdaitheoir san Oifig seo, thoiligh an Roinn na taifid seo a leanas a scaoileadh chugat: 75, 104, 106, 107, 109, 110, 111, 113 agus 114 go hiomlán, móide de na taifid 105 agus 108 go neamh-iomlán.
Scríobh tú chuig Ms Moran an 21ú Lúnasa 2006 ag iarraidh uirthi fiosrú breise a dhéanamh faoi thaifid áirithe nach bhfuair tú ach a raibh ráite leat go bhfaighfeá (tuigim anois go bhfuil na taifid seo curtha chugat anois agus gur tharla an mhoill de bharr dearmaid a rinneadh sa Roinn). Sa litir chéanna dúirt tú gurb iad na taifid a bhí fós gan ‘aire a bheith tugtha dóibh’ ag an tráth sin ná taifid 60, 61 agus 116 as an méid a choinnigh an Roinn siar uait.
Dá bhrí sin, beidh an t-athbhreithniú agam teoranta do mheasúnú a dhéanamh féachaint an raibh an diúltú a thug an Roinn na taifid 60 agus 61 a scaoileadh chugat ina n-iomláine, agus freisin an diúltú a thugadar do thaifid a scaoileadh a bhí ábhartha do chuid 3. den iarraidh a rinne tú (na taifid a raibh ‘taifead 116’ tugtha acu mar ainm orthu) faoi réir téarmaí an Achta SF
Teorainn an Athbhreithnithe maidir le "Taifear 116"
Faoi mar a d’aontaigh tú i do litir chuig an Oifig seo ar 21 Lúnasa 2005 maidir le cás 030412, clúdóidh an t-athbhreithniú a dhéanfaidh mé ar chinneadh na Roinne maidir le "taifead 116" an diúltú a thug an Roinn do thaifid a scaoileadh chugat, taifid a raibh ráite agat fúthu le linn d’athbhreithnithe eile go mba chóir iad a bheith siad scaoilte chugat faoi réir forálacha ailt 6(9) den Acht SF. Tá mé sásta go n-áirítear taifid dá leithéid sin sa bhfoclaíocht i bpointe 3. den iarraidh uait den 24ú Samhain, 2003.
Áitíonn tú go háirithe go bhfuil taifid i seilbh Nedap-Powervote atá ábhartha don iarraidh a rinne tú agus dar cheart a bheith tugtha don Roinn sa chéad áit faoi alt 6(9) den Acht SF. I measc na dtaifead dar chóir a bheith i seilbh Nedap-Powervote dar leatsa is ea plean maidir le caighdeán, sceideal forbartha bogearraí agus tráthchlár; dlúthdhiosca Nedap de dhoiciméadú teicniúil, an ‘Treoir Stíle’ de chuid Powervote; measúnaithe éagsúla ar shlándáil agus iontaofacht na meaisíní vótála agus comhairimh; an cód foinseach, doiciméadú i gcomhair forbartha; sonraíochtaí an chláir chomhairimh agus an bhunachair; agus na caighdeáin deartha a úsáideadh i ríomhchlárú an chórais. Ní aontaíonn an Roinn go bhfuil aon chonradh seirbhíse ann.
Dá bhrí sin tabharfaidh cuid (i) den ghné seo den athbhreithniú a dhéanaim aghaidh ar an áitiú uaitse gur conradh seirbhíse dáiríre atá sa socrú idir an Roinn agus Nedap-Powervote agus dá dheasca sin go gcaithfear taifid ar bith atá i seilbh Nedap-Powervote agus atá ábhartha don iarraidh uait a chur ar fáil faoi réir ailt 6(9) den Acht SF.
Tugaim faoi deara go raibh cosúlacht ann gur síl an Roinn sa chéad chinneadh a rinneadar faoi "thaifead 116" gur raibh an tagairt a rinne tú do PTB (Physikalisch-Technische Bundesanstalt) agus do TNO (Eagraíocht na hÍsiltíre um Thaighde Fheidhmeach Eolaíochtúil), i mír 3. den iarraidh uait mar atá liostaithe thuas, faoi mar bheifeá ag cur teorann le scóip na gné sin den iarraidh go dtí na taifid a bhí i seilbh na n-eagraíochtaí sin amháin. Shíl Ms Moran go raibh an ghné seo den iarraidh níos leithne ná mar a thuig an Roinn agus chuir sí an méid sin in iúl don Roinn. Aontaíonn an Roinn anois nár síleadh an ghné seo den iarraidh a theorannú chuig taifid a bhí ina seilbh ag TNO agus PTB amháin agus gur theastaigh uait rochtain a iarraidh ar thaifid a bhí ina seilbh siúd nó i seilbh aonaid ar bith eile a bhí ag cur seirbhíse faoi chonradh ar fáil don Roinn maidir le tionscadal na vótála leictreonaí. Dá bhrí sin d’iarradar cóipeanna de thaifid a bhí ina seilbh ag roinnt tríú páirtithe a thug seirbhísí dóibh faoi chonradh seirbhíse (athbhreithnithe an chórais srl.) de bhun ailt 6(9) den Acht SF.
Tuigim nach bhfuair an Roinn freagra ar bith ar a n-iarraidh ó PTB ná ó ERS (‘Seirbhísí um Leasú Toghcháin’), agus dúirt Kema leo nach bhfaigheadh siad glacadh leis an iarraidh agus go gcaithfeadh siad dul go dtí Nedap chun tuilleadh eolais a fháil.
Chuir PMI (cuid den ‘Ghrúpa um Bhainistiú Tionscadal’) /Nathean, Zerflow, TNO agus an Bord um Sheirbhísí Ríomhaireacht an Rialtais Áitiúil (BSRRÁ) na taifid ábhartha a bhí ina seilbh acu chuig an Roinn. Sa litir a chuir Ms Moran chugat ar 29ú Aibreán 2007 dúradh leat nach gclúdófaí roinnt de na taifid seo faoin athbhreithniú a dhéanfainnse, ar an ábhar gur cruthaíodh iad i ndiaidh dáta an iarrata a chuir tú isteach, nó go rabhadar foilsithe cheana go poiblí, nó go rabhadar tugtha duit cheana de bhun iarrataí eile faoi SF. Go hachomair, dúirt sí leat nach mbeadh aon cheann de na taifid a bhí curtha ar fáil ag PMI/Nathean, Zerflow nó ag TNO clúdaithe faoin athbhreithniú seo. Ní dheachaigh an litir uait den 15ú Bealtaine ina choinne seo agus mar sin níl sé ar intinn agam na taifid áirithe seo a liostú, a lua ná a bhreithniú arís ina dhiaidh seo.
Sa litir a scríobh Ms Moran ar 20ú Aibreán 2007 liostaíodh na taifid atá ábhartha don athbhreithniú seo mar a leanas:
Taifead L102 a bhí coinnithe go hiomlán siar uait ag an Roinn, agus na taifid L73, L87, L100, L106, L108, L113, L115, agus L121 (taifid a bhí coinnithe go páirteach siar uait ag an Roinn). Sholáthair an Bord Soláthair Conarthaí don Rialtas Áitiúil na taifid seo go léir don Roinn agus chuir an Roinn an litir "L" leo chun iad a dheighilt ó thaifid eile a tháinig faoin athbhreithniú seo.
Iar sin dheimhnigh an Roinn gur scaoileadh an taifead L106 chugat ar bhonn iarrata SF níos luaithe (Tagairt na Roinne 2003/271, rinneadh an cinneadh a achomharc chuig an oifig seo faoi chás 040102). Níl sé i gceist agam a thuilleadh machnaimh a dhéanamh faoin dtaifead seo.
Sa litir a chuir Ms Moran chugat ar 20 Aibreán 2007 tugadh cúiseanna éagsúla duit faoi cad na thaobh nach gclúdódh an t-athbhreithniú uaimse na taifid L87, L108, L113 agus L121. Níor chuir tú ina choinne seo agus dá bhrí sin ní dhéanfar na taifid seo a bhreithniú arís.
Ar bhonn teagmhála a rinneadar le Ms Moran thug an Bord Seirbhísí Ríomhaireachta don Rialtas Áitiúil (BSRRÁ) le fios nach raibh aon chur i gcoinne acu roimh a raibh de shonraí fágtha sa chuid eile de thaifead L100 a bheith scaoilte (clúdaíonn sin costas na n-aonadaí a bhí tugtha mar mheastachán ag an BSRRÁ chuig an Roinn). Freisin, ar bhonn teagmhála le Ms Moran, thug Eurokom Teoranta (a raibh úinéireacht gafa acu ar Zerflow) le fios go mba chuma leo dá scaoilfí an taifead L102 (togra faoi chóras slándála a chuir Zwerflow chuig an Roinn i Mí Mheithimh 2003 ach a bhí ina seilbh ag BSRRÁ). Tuigim go bhfuil na taifid seo scaoilte anois chugat agus níl sé fúm a thuilleadh a dhéanamh mar gheall orthu.
Mar sin, déanfaidh cuid (ii) den athbhreithniú díriú ar an ndiúltú a thug an Roinn na taifid atá fágtha a fuaireadar ón BSRRÁ a scaoileadh chugat, .i. na taifid L73 agus L115 faoi bhun ailt 6(9) den Acht SF.
Loirg Ms Moran cóipeanna de thaifid ábhartha ó PTB, ERS agus Kema, ach ní bhfuarthas freagra ar bith ó Kema. Mar sin, bainfidh cuid (iii) den athbhreithniú le loiceadh Kema le haon taifead a chur ar fáil don Oifig seo ná don Roinn.
Sholáthair ERS cóipeanna de dheich dtaifid agus chuir PTB 220 cóip de thaifid a ar fáil. Mar a dúradh cheana, chuireadh cóipeanna breise, faoi seach, ar fáil chuig an Roinn ón Oifig agamsa.
D’insíodh duit sa litir a chuir Ms Moran chugat ar 3 Iúl 2007 go raibh an Roinn ag scaoileadh taifead amháin chugat as na taifid a chuir ERS ar fáil. Tá seacht gcinn eile dátaithe i ndiaidh an iarrata uaitse (agus dhá cheann díobh sin foilsithe cheana féin don phobal); cóip de thaifead a bhí sa cheann deireanach ar scaoileadh cuid de chugat cheana de bhun an iarrata i gcás uimhir 030412 agus an ceann deireanach, cóip de thaifid a scaoileadh chugat ar bhonn iarratais i gcás 031018, agus níor chuir tú i gcoinne atheagrú na sonraí ag an am. Dúirt sí leat gur dhealraigh an scéal dí nach raibh dada le hathbhreithniú sa chás seo maidir leis na taifid a tháinig ó ERS. Níor shéan tú é sin agus mar sin níl dada agamsa le machnamh a dhéanamh air i dtaobh na dtaifead a chuir ERS ar fáil.
Bhí cur síos sa litir a chuir Ms Moran chugat ar 14ú Lúnasa 2007 ar réimse na dtaifead a bhí curtha chuig an Oifig seo ag PTB (agus tugaim faoi deara gur scoil an Roinn a bhformhór chugat). Rinne na taifid go léir nach mbeadh clúdaithe faoin athbhreithniú seo a liostú, is é sin taifid a bhí scaoilte chugat cheana de bharr an athbhreithnithe seo nó athbhreithnithe eile, nó taifid a bhí curtha ar líne. Níl sé fúm na taifid seo a liostú arís sa litir seo. Dúirt sí leat go ndéanfadh an t-athbhreithniú uaimse a mheas cibé acu an raibh sé de cheart agat rochtain a fháil ar a bhfuil fágtha de thaifid a chuir PTB chuig an Oifig seo, mar a leanas:
Aicme A: Na Taifid A65, A66, A95 agus A96;
Aicme D: Na Taifid D1 agus D35.
Déanfaidh Cuid (iv) den chinneadh uaim an diúltú a thug an Roinn na sé thaifead thuas a scaoileadh chugat a mheas.
Mar fhocal deireanach, aon tagairt feasta sa doiciméad seo do "thaifead" is féidir é a ghlacadh, más ábhartha, mar thagairt don chuid (nó do na codanna) atá coinnithe siar as a leithéid de thaifead.
Sula ndéanfaidh mé mo bhreithiúnas a achoimriú, déanfaidh mé cur síos freisin ar cheist na n-aighneachtaí. Sa litir a chuid Ms Moran chugat ar 25 Bealtaine 2006 maidir le cás 030412 léirigh sí a cuid tuairimí maidir leis an gconradh Nedap-Powervote, rud a thagair sí dó sa litir a chuir sí chugat maidir leis an gcás seo dar dháta 20 Aibreán 2007. Sa bhfreagra a thug tú ar sin dúirt tú nár léirigh an comhfhreagras ba dhéanaí acu sin cérbh iad na céad tuairimí a bhí ag Ms Moran faoin ábhar, agus gur theastaigh a fhios sin a bheith agat ionas go mbeidh caoi agat aghaidh a thabhairt orthu. Dúirt tú go raibh fonn speisialta ort a cuid tuairimí a fháil maidir lena raibh ráite agat faoi ghnéithe áirithe a bhí sa litir uaithi den 25 Bealtaine 2006 agus gur theastaigh uait a fháil amach cérbh iad an hargóintí a rinne an Roinn maidir le feidhmiú ailt 6(9).
In achomharc a rinneadh chuig an Ard-Chúirt le déanaí ag Parents for Justice maidir le cinneadh a rinne mise faoi chás-uimhir 050380, nótáil Quirke J. gurb é a bhí i gceist faoi alt 34 den Acht ná go mbeadh an t-athbhreithniú a dhéanfainn cúistiúnach ó thaobh nádúir de in ionad a bheith sáraíochtach agus gur fúm féin go hiomlán aon ghnásanna a d’úsáidfinn in athbhreithnithe dá leithéid, ar choinníoll nach sáróinn aon phrionsabail aitheanta den cheartas dhlí aiceanta nó bunreachtúil. Dúirt Quirke J. ".... that there was no principle of natural constitutional law or justice which confers upon parties who make submissions to a decision making body the right to respond to the submissions made by every other party who participates in the process." Nótáil sé freisin go raibh "full and equal access to the Commissioner and her officials" ag gach páirtí a ghlac páirt san athbhreithniú sin.
Dá bhrí sin, is é an cleachtas a leanfaidh mé ag déileáil le hathbhreithnithe faoi alt 34 den Acht SF ná deis a thabhairt do gach páirtí san athbhreithniú aighneachtaí ag tacú lena gcás féin a chur isteach. B’fhéidir go gciallódh sin níos mó ná teagmháil amháin idir an Oifig seo agus comhlacht poiblí, lena bheith siúráilte go bhfuil fíricí ábhartha an cháis ar eolas agam go hiomlán, agus le hiarracht a dhéanamh ar áitiú ar chomhlacht poiblí a n-aigne a athrú maidir le taifid a bhí coinnithe siar acu roimhe sin. Ar an dul céanna, d’fhéadfadh sé a tharlú go mbeadh Imscrúdaitheoir ag teagmháil le hiarrthóir níos minice ná uair amháin, faoi mar atá sa chás seo, nuair nach raibh tuairimí an iarrthóra maidir le taifid breise atá tagtha chun solais lorgtha roimhe sin ag duine ar bith.
Mar sin féin fágtar an cinneadh deireanach maidir leis an iarraidh orm féin (nó ar an oifigeach údaraithe agam). Ag teacht ar an gcinneadh sin dom tógaim ceann de thuairimí an Imscrúdaitheora, d’aighneachtaí an iarrthóra, de chás an chomhlachta phoiblí agus de thríú páirtithe ar bith a bheadh baint acu leis an scéal. Go hachomair, is dóigh liom chomh luath is a bhíonn an deis ag iarrthóir tuairim a chaitheamh faoi cheist áirithe (bíodh sé sin de bharr cuireadh chun aighneacht a dhéanamh tar éis don Oifig seo cás a ghlacadh, nó de bharr aon litreach a eiseofaí ag lorg tuairimí sa chéad áit), níl gá ar bith ann go mbeadh plé leanúnach idir m’fhoireann agus na hiarrthóirí maidir leis na tuairimí sin.
Dá bhrí sin, tá mé sásta nach bhfuil gá ar bith ag an Oifig seo plé fadálach a choimeád ar siúl leat maidir le luacha na hargóinte atá agat maidir le feidhmiú ailt 6(9) vis a vis Nedap-Powervote.
Tugaim faoi deara nach bhfuil freagra tugtha agat ar litreacha áirithe a chuir Ms Moran chugat. Mar sin féin, tá mé sásta go bhfuil deis réasúnta faighte agat chun do thuairimí a nochtadh maidir le gach ghné den chás seo, agus dá bhrí sin, ní mór dom a thuiscint nach bhfuil a thuilleadh le cur agat leis.
Ar dheireadh, tugaim faoi deara go ndúirt an litir uait den 15ú Bealtaine 2007 nár chóir go mbeadh na taifid ar an liostú a rinne Ms Moran agus a cheap tusa ar chóir a bheith ag Nedap-Powervote mar theorainn ar an méad taifead a bheadh faoi athbhreithniú. Maidir le seo, tugaim faoi deara go raibh sé soiléir sa litir a chuir Ms Moran chugat go dtabharfaí aird san athbhreithniú ar an socrú idir an Roinn agus Nedap-Powervote agus go ndéanfaí cinneadh cibé acu an mbaineann alt 6(9) leis sa chéad áit. Bheadh de thoradh ar an gcinneadh sin cibé acu an mbeadh sé de cheart agat, nó nach mbeadh, rochtain a fháil ar na taifid liostaithe agat ar an dtuairim go bhféadfaidís a bheith ag Nedap-Powervote, agus ‘ar thaifid eile ag Nedap Powervote a bheadh ábhartha don iarraidh a chuir tú isteach’. Tá sé soiléir nach raibh Ms Moran ag iarraidh teorainn a chur in aon tslí leis an ngné seo den iarraidh uait.
Findings
Torthaí na Taighde
Taifid 60 agus 61
Bhí an Roinn ag brath ar alt 20(1) den Acht SF maidir leis na taifid seo, a bhaineann leis an gceist cibé acu agus/nó go dtí cén leibhéal ar cheart sonraí an scórchoimeádaí a chur ar fáil dá mbeadh an ríomh-vótáil ag feidhmiú. Mar a phléadh sa chinneadh a eisíodh ar an iarraidh uait i gcás uimhir 040102, forálann alt 20(1) gur féidir iarraidh a dhiúltú má tá ábhar istigh ann a bhaineann le próisis bhreithniúcháin chomhlachta phoiblí (ag áireamh tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí chomhchomhairle a bheadh breithnithe, chun críocha na bpróiseas céanna ag an gcomhlacht, ag ceann an comhlachta, nó ag ball den chomhlacht nó d’fhoireann an chomhlachta).
Forálann alt 20(2) nach mbaineann fo-alt (1) le taifead má tá, agus sa mhéad go bhfuil, inter alia "faisnéis fhírinneach" ann, agus forálann alt 20(3) fiú má fuarthas go mbaineann alt 20(1) leis, d’fhéadfaí fós é a scaoileadh dá mba rud é go rachadh sé, go cothrom, níos fearr chun leasa an phobail an t-iarraidh a cheadú in ionad é a dhiúltú.
I gcaitheamh an athbhreithnithe seo rinne an Roinn tagairt d’aighneachtaí a bhí déanta acu chuig an Oifig seo i gcásanna eile ina choinníodar taifid den chineál céanna siar uait faoi alt 20(1) den Acht SF, go háirithe an rud ar a dtugadar "na hiogaireachtaí maidir le polasaí" a bhain leis an gceist, "gur dóichí go mbeadh iarmhairtí diúltacha ar phróiseas an gcinntí a dhéanamh faoi mar a dúradh cheana" agus "toisc gur fíor nach bhfuil an fhadhb seo réitithe fós"- é sin mar thacaíocht ar an seasamh a thugadar. I Mí Iúil 2006, nuair a eisíodh cinntí eile as an Oifig seo maidir le taifid a bhain le ceist shonraí an scórchoimeádaí, ba é an seasamh a bhí ag an Roinn nach raibh dul chun déanta sna breithniúcháin maidir le sonraí an scórchoimeádaí ón dáta a chuir tú do chéad iarraidh isteach. Mar sin féin, dúirt an Roinn leis an Oifig seo ar 12 Meán Fómhair 2007 go raibh Aire nua an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tar éis a bheith ag obair chun a sheasamh maidir leis an dtionscadal leictreonach vótála a chur le chéile, agus go raibh sonraí an scórchoimeádaí i measc na n-ábhar a raibh sé chun machnamh a dhéanamh air.
Nuair a d’iarradh ar an Roinn míniú a thabhairt cén iarmhairt a bheadh ag a raibh sna taifid 60 agus 61 dá scaoilfí anois iad ar na breithniúcháin i taobh ceist shonraí an scórchoimeádaí thagair an Roinn an Oifig seo d’aighneachtaí a rinneadar roimhe sin (go háirithe iad siúd den 6ú agus den 26ú de Mhí Iúil 2006 – is dóigh liom gurb é atá sa cheann deireanach seo ná tagairt don aighneacht uathu den 27ú Iúl 2006 maidir le an gcás atá faoi láimh againn) a raibh "íogaireachtai maidir le polasaí" leagtha amach iontu cheana a bheadh ábhartha do chinntí a dhéanamh maidir le giniúint agus imdháileadh sonraí an scórchoimeádaí sa todhchaí.
D’eisíodh roinnt cinntí as an Oifig seo, go háirithe maidir le cás 040102 inar frítheadh nár thaispeáin an Roinn go raibh sé chun leasa an phobail a leithéid sin de thaifid a chosaint, fiú amháin dá mbeidís díolmhaithe faoi alt 20(1) den Acht SF. Go háirithe, rinne an cinneadh maidir le cás 040102 an méid a bhí sna haighneachtaí a rinne an Roinn a achoimriú, ag áireamh iad siúd den 6ú agus an 27ú Iúl 2007 mar gheall ar an gcás atá i gceist. Dúirt mé mar gheall ar seo :
"Ní leor cor ar bith go ndéanfadh comhlacht díreach a mhaíomh go mbeadh toradh chun donais ar phróiseas na gcinntí a dhéanamh ar ábhar áirithe mura leagfadh siad amach go soiléir conas a thitfeadh a leithéid sin amach. Bheinn ag súil go mbeadh an comhlacht poiblí ábalta a léiriú conas a chuirfí isteach ar an bpróiseas atá acu le cinntí a dhéanamh de bharr na faisnéise seo a bheith scaoilte chuig an bpobal. Mar an gcéanna má tá "íogaireachtaí maidir le polasaí" á n-imirt anseo, bheinn ag súil go ndéanfadh an comhlacht poiblí, ní hamháin a mhíniú cad iad na híogaireachtaí atá i gceist, ach cad í an iarmhairt a bheadh orthu dá scaoilfí an taifead atá faoi chaibidil."
Lean mé lena rá:
"Bhí sé saor don Roinn a leagan amach, mar fhreagra ar na ceisteanna a chuir Ms Moran orthu agus na tuairimí a thug sí féin, mion-mhíniú maidir leis an gcaoi a d’fhéadfadh droch-iarmhairt a bheith ar a gcuid bhreithniúcháin trí scaoileadh na dtaifead áirithe chuig an bpobal. Is dóigh liom freisin, bíodh is go mb’fhéidir go bhféadfadh a leithéid a bheith ann agus "íogaireachtaí maidir le polasaí" i dtaobh cibé acu (nó go dtí cé mhéid) ar cheart sonraí an scórchoimeádaí a scaoileadh ar bhonn reachtúil, mar sin féin ba chóir don Roinn a leagan amach go soiléir an chaoi a d’fhéadfadh na taifid áirithe seo, dá scaoilfí iad, droch-iarmhairt a imirt ar na "híogaireachtaí maidir le polasaí" a bhí i gceist. Níl ceachtar an dá rud déanta ag an Roinn dar liomsa.
Go cothrom, dar liomsa, tá teipthe ar an Roinn a leagan amach chun mo shástachta an chúis a bharántódh an leas poiblí an taifead áirithe seo a bheith coinnithe siar."
Tá sé faighte agam freisin go mbaineann na cúinsí céanna leis na taifid 60 agus 61. Go háirithe níor chuir an Roinn aon shonra ar fáil dom maidir leis an dtoradh a bheadh le scaoileadh na dtaifead sin, 60 agus 61, ag an dtráth seo, ar na "híogaireachtaí maidir le polasaí" a luaigh siad nó ar an bpróiseas cinntí a dhéanamh ar cheist shonraí an scórchoimeádaí, agus as sin, an fáth go n-éileodh an leas poiblí na taifid seo a bheith faoi chosaint. Mar sin, tuigtear dom nach bhfuil an Roinn tar éis a léiriú go mba chóir na taifid 60 agus 61 a choinneáil siar de bhun ailt 20(1) agus dá réir sin ordaím go scaoilfí chugat iad.
"Taifead 116"
Faoi mar a leagadh amach faoin alt dar dteideal "Teorainn an Athbhreithnithe" tá ceithre ghné san eilimint seo den athbhreithniú .i.
(i) an t-áitiú atá agatsa gurb é atá sa socrú a rinneadh idir an Roinn agus Nedap Powervote ná conradh chun seirbhísí a sholáthar agus faoin gconradh sin tá taifid ar bith atá ina seilbh ag Nedap-Powervote ábhartha don iarraidh uait agus inrochtana de bhun ailt 6(9) den Acht SF;
(ii) an diúltú a thug an Roinn an dá thaifead deiridh a fuaireadar ó Bhord Seirbhísí Ríomhaireachta an Rialtais Áitiúil (BSRRÁ) a scaoileadh chugat de bhun ailt 6(9) den Acht SF;
(iii) de bhrí gur loic ar Kema taifead ar bith a chur chuig an Roinn;
(iv) an diúltú a thug an Roinn duit na sé thaifead chuir PTB chuig an Oifig seo a scaoileadh chugat.
(i) An Conradh Nedap-Powervote
B’éard a dúirt an Roinn san aighneacht a chuireadar chuig an Oifig seo ar 12ú Bealtaine 2006 maidir le cás 030412 ná: "is é an struchtúr atá ag an gcuibhreannas tairisceana ná gurb é Nedap a sholáthraíonn an trealamh de chrua-earraí vótála agus soláthraíonn Powervote (dá ngairtear freisin Groenendaal) na bogearraí chun an toghcháin a bhainistiú agus na vótaí a chomhaireamh."
Tugaim faoi deara sa chonradh den dáta 19ú Nollaig 2003, a bhfuil a chóip agat féin, go leagtar amach ann go bhfuil sé idir na Soláthraithe (is é sin Powervote Ireland Teoranta agus Nedap NV) agus an custaiméir, is é sin an tAire Comhshaoil. Tá comhaontú ann, faoi Chlásal 2 le haghaidh an tsoláthair de "Threalamh Ordaithe, "Seirbhísí Tionscadail" (sonraithe faoi Sceideal 3 den chonradh) agus "Seirbhísí Tacaíochta agus Cothabhála"(leagtha amach faoi Chlásal 7 den chonradh).
Déantar an "trealamh ordaithe" a shainmhíniú sa chonradh mar "na míreanna de Threalamh lena n-áirítear na Bogearraí Leabaithe atá le soláthar ag na Soláthraithe chuig an gCustaiméir" mar a haithníodh iad faoi Sceideal 1. Déantar na "Bogearraí Leabaithe" a shainmhíniú sa chonradh mar "na bogearraí suite laistigh den Trealamh Ordaithe agus ar cheadúnas ag an gcustaiméir faoi réir an Chomhaontaithe seo." Dá bhrí sin is cuid bhunúsach den trealamh ordaithe na "Bogearraí Leabaithe". Tá an trealamh ordaithe sonraithe faoi Sceideal 1 den chonradh mar 6000 meaisín vótála, uimhreacha éagsúla de mhodúil ballóide agus d’aonaid ríomhchláraithe. Soláthraíonn Sceideal 1 freisin i gcomhair 1006 meaisín a soláthraíodh roimhe sin don Roinn a uasghrádú. Tuigim gurb é Nedap a sholáthraíonn an "trealamh ordaithe".
Mar sin féin, tugaim faoi deara nach dtagraíonn an sainmhíniú ar "threalamh ordaithe"sa chonradh le Bogearraí Comhtháite Toghchánaíochta (Integrated Election Software,"IES") a sholáthar, dá ngairtear freisin Bogearraí Bainistithe Toghchán (Election Management Software, "EMS").
I ndáil leis an gcás ar láimh, loirg Ms Moran sonraí breise ón Roinn maidir le ráiteas uathu ar 12 Bealtaine 2006, a thug le tuiscint ".. gurb é Powervote (dá ngairtear freisin Groenendaal) a sholáthraíonn na bogearraí um thoghcháin a bhainistiú a úsáidtear chun na meaisíní a ríomhchlárú agus na vótaí a chomhaireamh." Rinne an Roinn a shoiléiriú ar 28 Meán Fómhair 2006, "nárbh ionann Powervote Ltd agus Groenendaal BV".
Dúirt an Roinn go raibh Groenendaal BV agus Nedap tar éis nascadh le chéile i gcomhpháirtíocht ghnó leis an gcuspóir an vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm san Ísiltír. Ba é Groenendaal a sholáthródh na bogearraí comhtháite toghcháin agus sholáthródh Nedap an meaisíní vótála agus na forimeallaigh a ghabhann leo. Dúirt an Roinn gur chruthaíodh Powervote Limited chun deiseanna margaidh a shaothrú le haghaidh an EMS sa Ríocht Aontaithe agus gurb iad na daoine seo a rinne na céad tairiscintí agus an obair thionscadail in Éirinn. Dúirt an Roinn: . chomh luath is a rinne an Rialtas an cinneadh an córas a cheannach is ansin a chruthaíodh Powervote Ireland idir Groenendaal agus an gníomhaire na hÉireann/RA, Mr Roy London.
Is cosúil mar sin gurb é soláthraí fírinneach na mbogearraí seo ná Groenendaal, murab ionann agus Powervote Ireland Limited, a bhí ar cheann de na páirtithe den chonradh den 19ú Nollaig 2003.
Tuigim freisin as alt san Irish Times (den dáta 2ú Feabhra 2007) go bhfuil leachtú toilteanach déanta ag Powervote Ireland Limited orthu féin agus go bhfuil gach ceartas, dliteanas agus oibleagáid a bhí ar Powervote Ireland faoin gconradh aistrithe chuig Powervote Services Limited acu agus is cuideachta í sin atá cláraithe in Éirinn de réir mar a thuigim. Ní dhearna mé sonraí a iarraidh ar an Roinn maidir le seo. Tá Nedap agus Groenendaal lonnaithe san Ollainn.
Ó chomhfhreagras a tháinig ó Nedap agus ó Ghroenendaal le linn an athbhreithnithe seo is léir nach nglacann siad go bhfuil aon chonradh seirbhíse eatarthu féin agus an Roinn. Leanann as sin nár chuireadh taifid a bhí ina seilbh acu chuig an Roinn. Fiú amháin dá lorgóinn na taifid ó Nedap nó ó Ghroenendaal de bhun fógra faoi alt 37 den Acht SF, (agus an cheist cibé acu an bhfuil conradh seirbhíse idir an Roinn agus na daoine seo nó nach bhfuil a fhágáil i leataobh, bíodh is gur ar an gceist sin a bhraithfeadh ábharthacht aon fhógra dá leithéid) níl aon ghléasra ar aithne agamsa lenar féidir alt 37 den Acht SF a fhorfheidhmiú go dlíthiúil san Ollainn. Dealraíonn sé dom go mba ghnó in aisce fógra ailt 37 a eisiúint chuig Nedap nó chuig Groenendaal agus an scéal mar atá.
Tá nótáil déanta agam freisin ar an mbaint a bhí ag Powervote Ireland leis an gconradh agus an leachtú toilteanach atá déanta acu agus an chosúlacht go bhfuil a gcuid oibleagáidí faoin gconartha aistrithe acu chuig Powervote Services Limited. Cé go bhfuil ráite ag an Roinn go raibh Powervote Ireland déanta suas de Groenendaal agus gníomhaire na hÉireann/RA, Mr Roy London, ní heol dom mar sin féin an struchtúr dlíthiúil atá faoi Powervote Services Limited. Níl sé i gceist agam an cheist seo a thaighde níos doimhne agus, ar aon nós, ní chreidim go gcuireann an tOireachtas mar chúram orm cinntí a dhéanamh maidir le hábhair casta i ndlí an chonartha. Bheadh a leithéid de dhíth lena cinntiú cibé acu an gcuirfeadh fógra ailt 37, seirbheáilte ar Powervote Services Limited (nó fiú amháin ar Powervote Ireland Limited) iallach ar Ghroenendaal san Ollainn taifid a sholáthar domsa atá ábhartha don iarraidh a rinne tusa. Dá bhrí sin ní dhearna taifid a lorg ó Powervote Services Limited ná ó Powervote Ireland Limited ná níor eisigh mé fógra ailt 37 chucu ach oiread.
B’fhéidir go n-áiteofá go mba chóir don Roinn imeachtaí dlí a thógáil maidir le briseadh conartha i gcoinne Nedap, Powervote, Groenendaal, Powervote Services Limited nó Powervote Ireland Limited de bhrí gur theip orthu taifid a sholáthar chuig an Roinn. Thuigfí go mbunófaí sin ar an mbonn go gcuireann alt 6(9) clásal isteach sa chonradh ábhartha a thugann ar an gconraitheoir taifid a chur ar fáil don Roinn maidir leis na seirbhísí a thugadar. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfágtar faoin Roinn imeachtaí dlí a thógáil maidir le haon bhriseadh conartha a tharlaíonn as neamh-sholáthar taifead don Roinn ag na páirtithe d’aon chonradh seirbhíse a bhíonn i gceist. Bíodh is gurb í tuairim na Roinne nach bhfuil conradh seirbhísí idir iad féin agus na gnóthaí áirithe ní dóigh liom go rachaidís i mbun aon imeachtaí dlí mar sin.
B’fhéidir go smaoineofá freisin go mba chóir domsa fógra 37 a eisiúint chuig an Roinn a chuirfeadh ceangal orthu aon cheartais conarthacha a bheadh acu le soláthraithe an chórais leictreonaigh vótála a fheidhmiú. Fiú amháin dá nglacfadh an Roinn go raibh a leithéid de chonradh seirbhíse ann is é mo thuairim-se nach bhfaigheadh fógra eisithe faoi alt 37 den Acht SF iallach a chur ar an Roinn imeachtaí dlí a thógáil ag iarraidh na taifid ábhartha a fháil. Is dóigh liomsa gurb é is mó a d’fhéadfaidís a dhéanamh ná gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun aon cheartais chonartha a bheadh ann a fheidhmiú.
Go hachomair, cás is ea é seo nuair nach nglacann an Roinn ná na dreamanna ábhartha eile go bhfuil conradh seirbhíse ann gur féidir taifid a fháil dá bhun faoi réir ailt 6(9) den Acht SF. Dá n-eiseofaí cinneadh as an Oifig seo ag tacú le do thuairim maidir le halt 6(9), agus fiú amháin mura raibh dúshlán i gcoinne an chinnidh sin, nó fiú dá mbeadh dúshlán ann ach go bhfuair na Cúirteanna Uachtair go raibh sé ceart, in ainneoin sin níl cumhacht ar bith agamsa faoi Acht SF na taifid áirithe a fháil ó na páirtithe a bhfuil seilbh acu orthu ná chun ceangal a chur ar an Roinn é seo a dhéanamh. Ag cuimhneamh ar na nithe seo, níl sé curtha romham cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhfuil conradh seirbhíse ann nó nach bhfuil idir an Roinn agus soláthraithe an chórais leictreonaigh vótála.
(ii) an diúltú a thug an Roinn an dá thaifead deiridh a fuaireadar ó Sheirbhísí Ríomhaireacht an Rialtais Áitiúil (BSRRÁ) de bhun ailt 6(9) a scaoileadh chugat
Mar atá leagtha amach in alt na litreach seo dar dteideal ‘Teorainn an Athbhreithnithe’ is iad na taifid atá i gceist anseo ná L73 agus L115 (choinníodh an dá cheann seo siar uait go páirteach).
Maidir le taifid L73 tá an uimhir aitheantais phearsanta (UAP) réamhshocraithe don mhéaróg chuimhne coinnithe siar ag an Roinn ar an mbonn go bhfuil an baol ann dá scaoilfí í go n-éascódh sin aon chur isteach a dhéanfaí ar na meaisíní vótála. Deir an Roinn gur cuireadh na méaróga cuimhne thart air na Cinn Comhairimh (CCanna) roimh an scaipeadh céimneach den chóras ar fud na tíre a bhí pleanáilte le haghaidh Mí an Mheithimh 2004. Deir siad, sa ghnáth-shlí, go n-úsáidfí UAP réamhshocraithe chun logáil isteach don chéad uair ar an ríomhaire cruaite; agus iar sin go roghnódh na CCanna UAP dá gcuid féin chun dul isteach ar an gcóras. Deir siad, toisc gur tréigeadh an forleathnú náisiúnta, bhí go leor de na CCanna nár bhain na ríomhairí cruaite as an bpacáil fiú amháin, gan trácht ar logáil iseach leis na méaróga chuimhne. Bíodh is nach féidir leis an Roinn a bheith siúráilte ar athraíodh na UAPanna go léir ón socrú a bhí orthu, áitíonn siad go mba chóir go gcoimeádfaí siar an uimhir aitheantais phearsanta (UAP) réamhshocraithe ar eagla go mbeadh sé níos fusa cur isteach ar na meaisíní dá ndéanfaí é a fhoilsiú.
Sa litir a scríobh Ms Moran chugat ar 20 Aibreán 2007 dúirt sí leat go raibh sí ag déanamh fiosruithe breise leis an Roinn féachaint an raibh réamhshocrú an UAP inoibrithe fós nó nach raibh, ach dá dtarlódh go raibh sí fós inoibrithe go nglacfadh sí le háitiú na Roinne .i. go ndéanfadh a foilsiú cur isteach ar an gcóras vótála a dhéanamh níos fusa. Ní dheachaigh tú i gcoinne na dtuairimí sin ag an am.
Má tugtar aird ar an méid a deir an Roinn, dhealródh sé go mb’fhéidir go mbeadh an uimhir UAP réamhshocraithe inoibrithe fós i gcásanna áirithe. Mar sin, is dóigh liom go bhféadfadh foilsiú an UAP réamhshocraithe cuidiú cur isteach a dhéanamh ar na meaisíní, agus is coir í sin faoin alt 2(1) den Acht Toghcháin (Leasú) 2004. Forálann alt 23(1)(c) gur féidir rochtain ar thaifead a dhiúltú dá gceapfaí go réasúnta go gcuideodh a scaoileadh le coir a dhéanamh. Cé gur díolúine lán-roghnach é alt 23(1)(c), glacaim go bhfuil a fheidhmiú ar an uimhir UAP iomchuí sa chás seo d’fhonn an córas leictreonach vótála a chosaint ó chur isteach d’aon chineál.
Cinnim go mbaineann alt 23(1)(c) leis an gcuid de thaifead L73 atá ar chosaint.
Is éard atá sa chuid den taifead L115 a choinníodh siar ná uimhir fóin phóca phearsanta. Aontaíonn le tuairim Ms Moran gurb ionann é sin agus faisnéis phearsanta an duine atá i gceist agus tá seo díolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht SF (a fhorálann do dhiúltú taifead le faisnéis phearsanta) agus níl leas poiblí ar bith ag baint lena scaoileadh.
Cinnim go bhfuil a bhfuil fágtha den taifead L115 díolmhaithe ó scaoileadh chugat faoi alt 28(1) den Acht SF.
(iii) Loiceadh Kema taifid a chur chuig an Roinn
Tá sé ráite agat mar smaoineamh go mba chóir don Roinn an dlí a chur ar Kema (lonnaithe freisin san Ollainn) de bharr gur theip orthu aon taifid a sholáthar chuig an Roinn, ar an mbonn gurb ionann é sin agus an clásal a chuireadh isteach sa chonradh trí alt 6(9) den Acht SF a shárú, clásal a chuireann de cheangal ar Kema taifid faoi na seirbhísí a rinne siad a sholáthar don Roinn.
Loirg Ms Moran tuairimí na Roinne maidir leis an smaoineamh uait, agus dúradar nach raibh sé i gceist acu gabháil le dlíthíocht dá leithéid ar chúiseanna éagsúla nach bhfuil sé fúm cur síos a dhéanamh orthu anseo. Mar a dúirt mé cheana, ní chreidim go bhfuil an cumhacht agam iallach a chur ar an Roinn gníomh mar sin a dhéanamh agus gur saothar in aisce a bheadh ann dá n-eiseoinn fógra ailt 37 ar an Roinn.
Scríobh Ms Moran go dtí Kema freisin sna litreacha den 22 Bealtaine 2007, agus 14 Meitheamh 2007, inar iarr sí gach taifead a bhí ina seilbh a bhaineann leis an tseirbhís a thugadar don Roinn i ndáil le tionscadal na vótála leictreonaí. Níl freagra ar bith faighte suas go dtí dáta an chinnidh seo. Faoi mar atá ráite agam thuas tá mé den tuairim nach bhfuil feidhm ar bith ar alt 37 den Acht SF taobh amuigh d’Éirinn agus níl cumhacht ar bith agam aon fhógra faoin alt sin a eiseofaí de chuideachta lasmuigh den dhlínse a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin níl sé romham a thuilleadh gníomhaíocht a dhéanamh maidir le taifid ábhartha ar bith a d’fhéadfadh a bheith ar láimh ag Kema.
(iv) cibé acu ar chóir go mbeadh ceart rochtana agat ar na sé thaifead atá fágtha a sholathair PTB chuig an Oifig seo
Sa chéad áit, rinne an litir a chuir PTB in éineacht leis na 200 taifead a chuireadar chuig an Oifig seo ar bhonn teagmhála ó Ms Moran tagairt freisin d’ábhar mar chód foinseach agus "doiciméadú teicniúil"eile agus do thaifid eile a léiríonn codanna den chód foinseach agus den dhoiciméadú teicniúil. Dúradar go rabhadar ag diúltú iad seo a sholáthar faoi réir na gcomhaontuithe um neamh-fhoilsiú a bhí acu. D’iarr Ms Moran orthu a shoiléiriú an ndéanfaidís ábhar mar iad a sholáthar don Oifig seo chun críocha an athbhreithnithe seo, agus dúirt sí le PTB nár ghá gurb ionann an t-ábhar a chur chuig an Oifig seo agus go scaoilfí don iarrthóir áirithe é.
Ina bhfreagra dúirt PTB gur "foras de chuid rialtas na Gearmáine iad agus dá bhrí sin go mbíonn orthu géilleadh do dhlíthe agus do rialacháin na Gearmáine" agus dá réir sin nach bhfuil "soláthairtí ar bith eile de na taifid indéanta."
Is léir nach bhfuil PTB toilteanach ábhar breise a sholáthar chuig an Oifig seo dá ndeoin. Ar chúiseanna achoimrithe agam cheana is dóigh liom gur saothar in aisce é fógra faoi alt 37 den Acht SF a eisiúint chuig an Roinn ná chuig PTB maidir leis na taifid seo. Dá bhrí sin ní dhéanfaidh mé a thuilleadh machnaimh ar cheist an chóid fhoinsigh, ar an ndoiciméadú teicniúil ná ar na taifid eile a léiríonn codanna den chód foinseach agus den dhoiciméadú teicniúil, faoi mar atá ina seilbh ag PTB.
Is iad seo a leanas na seacht dtaifead a Sholáthair PTB don Oifig seo agus nár thoiligh an Roinn a scaoileadh chugat :
Aicme A: Na Taifid A65, A66, A95 agus A96; agus
Aicme D: Na Taifid D1 agus D35.
Tá scaoileadh i bpáirt déanta ag an Roinn ar na taifid A65, A66, A95 agus A96 ar an mbonn go bhfuil na codanna a choinníodh siar díobh díolmhaithe faoi alt 23(1)(c) den Acht SF (cód agus pasfhocal i gcásanna A65 agus A66 faoi seach, agus sraith-uimhreacha aitheantais de mheaisíní áirithe liostaithe ar na taifid A95 agus A96). Rinneadar coinneáil siar i bpáirt freisin ar na taifid D1 agus D35 ar an mbonn go bhfuil na codanna a choinníodh siar díobh (uimhreacha aitheantais de chrua-earraí agus cóid suime seiceála agus uimhreacha aitheantais de mheaisíní vótála faoi seach) díolmhaithe faoi alt 23(1)(c) den Acht SF. Áitíonn siad go bhféadfadh na sonraí éagsúla a choinníodh siar cur isteach ar na meaisíní a éascú agus cion a dhéanamh dá réir, agus mar sin go mbaineann alt 23(1)(c) le hábhar (tá foclaíocht ailt 23 den Acht SF agus an sliocht ábhartha as na hAchtanna Toghcháin curtha síos i gcinntí ón Oifig seo cheana féin agus níl sé romham na sonraí sin a athscríobh anseo).
Áitíonn an Roinn go ndéanfadh foilsiú na sraith-uimhreacha de chrua-earraí cosúil leis na meaisíní vótála nó na modúil ballóide, go ndéanfadh sé an obair níos éasca d’aoinne ar mhian leo síothlú isteach faoi cheilt a dhéanamh ar an gcóras chun crua-earra modhnaithe a mhalartú ar phíosa dlisteanach. Maidir leis na cóid suime seiceála míníonn an Roinn go gcuirtear torthaí na dtástálacha suime seiceála i gcomparáid leis na cóid seo agus mar sin, dá ndéanfaí na freagraí go mbeifí ag súil leo as na tástálacha suime seiceála a fhoilsiú, thabharfadh sin modh dóibh siúd ar mhian leo síothlú isteach sa chóras ionas go bhféadfaidís an toradh toghcháin ba rogha leo a bhaint amach, agus ag an am céanna d’fhéadfaidís an toradh tuartha den tástáil suime seiceála a ghiniúint chun an cur isteach a cheilt. Mhaígh an Roinn freisin dá mbeadh rochtain ar phasfhocal zipchomhaid an chóid fhoinsigh go mbeadh é níos fusa cur isteach a dhéanamh ar an gcód foinseach. Glacaim lena bhfuil le rá ag an Roinn maidir le pasfhocal an zipchomhaid, agus chuirfinn an méid seo leis, go bhfuil sé seo ar an mbonn dá dtitfeadh an zipchomhad áirithe seo sna lámha contráilte go ndéanfadh eolas ar an bpasfhocal cur isteach níos fusa ar an gcód foinseach a dhéanamh níos fusa.
Glacaim go bhféadfadh scaoileadh na míreanna atá fágtha de na taifid PTB é a dhéanamh níos fusa cur isteach ar an gcóras vótála, agus toisc gur cion é an cur isteach sin faoi na hAchtanna Toghcháin, tá mé sásta go mbaineann alt 23(1)(c) le seo, agus go raibh an ceart ag an Roinn a rogha a úsáid agus an fhoráil áirithe seo a fheidhmiú.
Decision
Cinneadh
Tar éis dom athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) din Acht SF, 1997 (mar a leasaíodh) déanaim cinneadh na Roinne a athrú sa chás seo.
Cuirim ar neamhní cinneadh na Roinne maidir le taifid 60 agus 61 i seilbh na Roinne agus ordaím go scaoilfí chugat iad. Maidir le "taifead 116", níl sé curtha romham cinneadh a dhéanamh maidir leis na taifid i seilbh an chuibhreannais Nedap Powervote ná ag Kema, ná maidir leis na taifid úd a dhiúltaigh PTB a sholáthar chuig an Oifig seo (go háirithe an cód foinseach, an doiciméadú teicniúil maille le taifid eile a atáirgeann codanna den chód foinseach agus den doiciméadú teicniúil, mar atá ar láimh ag PTB). Ar dheireadh, dearbhaím an diúltú a thug an Roinn maidir leis a bhfuil fágtha de thaifid PTB agus BSRRÁ a choinníodh siar uait i bpáirt.
An Ceart chun Achomhairc
Aon pháirtí d’athbhreithniú, nó aon duine a bhíonn faoi thionchar chinnidh ón gCoimisinéir Faisnéise i ndiaidh athbhreithnithe, is féidir leo achomharc chun na hArd-Chúirte a dhéanamh ar phointe dlí ag éirí as an gcinneadh. Ní mór aon achomharc mar seo a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtain ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéir Faisnéise