- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 060023 - An tUasal X agus An Roinn Iompair
Iarraidh ar an Roinn Iompair ar thaifid a bhaineann le cigireacht ar árthach – cibé acu an raibh an iarraidh suaibhreosach nó cráiteach – alt 10(1)(e) – cibé acu an raibh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de i dtaifid iarrtha – alt 27 – cibé acu an raibh faisnéis phearsanta i dtaifid – alt 28 – cibé acu an bhfuil faisnéis a tugadh i modh rúin sna taifid – cibé acu an bhféadfadh, dá scaoilfí faisnéis i dtaifid, go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht scrúduithe arna seoladh ag an Roinn nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh – alt 21 – cibé acu an bhfuil faisnéis iontu, a d’fhéadfadh, dá scaoilfí iad, dochar a dhéanamh do chosc, brath nó imscrúdú cionta nó d’éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha na nithe réamhráite – alt 23(1)(a)(i) – cibé acu an bhfuil faisnéis iontu, a d’fhéadfadh, dá scaoilfí iad, dochar nó díobháil a dhéanamh d’fhorfheidhmiú, comhlíonadh nó riaradh aon dlí – alt 23(1)(a)(ii) - cibé acu an bhfuil faisnéis iontu, a d’fhéadfadh, dá scaoilfí iad, dochar nó díobháil a dhéanamh do mhodhanna, córais, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha chun sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht nó slándáil daoine agus maoine a chinntiú – alt 23(1)(a)(iii) - cibé acu an bhfuil faisnéis iontu, a d’fhéadfadh, dá scaoilfí iad, dochar nó díobháil a dhéanamh do chothroime imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla i gcúirt – alt 23(1)(a)(iv) – cibé acu an bhfuil faisnéis iontu a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit – alt 24(1)(c).
Case Summary
Fíricí
Lorg an tUasal X rochtain ar thaifid éagsúla i seilbh na Roinne Iompair i ndáil le hárthach ar leith (an M.V. AB). Níorbh é an t-iarrthóir úinéir an M.V. AB ag an tráth a ndearnadh an iarraidh ach mar sin féin tháinig an M.V. AB faoina úinéireacht le linn athbhreithniú na hOifige seo. Thoiligh an t-iar-úinéir (An tUasal Y), le linn an athbhreithnithe, go scaoilfí chuig an iarrthóir faisnéis ar bith a bhaineann leis an M.V. AB sular tháinig an M.V. AB faoi úinéireacht an Uasail X agus go scaoilfí, chomh maith, chuig an Uasal X faisnéis phearsanta ar bith inti a bhaineann leis an Uasal Y.
D’éiligh an Roinn go raibh na taifid díolmhaithe óna scaoileadh faoi líon éagsúil d’fhorálacha an Achta um SF. Luaitear ina haighneachtaí go bhfuil beartas ag an Roinn gan an tuarascáil féin ar an gcigireacht a dhéantar ar árthach a sholáthar d’úinéir an chéanna. Soláthraíonn sí tuarascáil achomair don úinéir ina háit sin.
Cinneadh
Níor ghlac an Coimisinéir leis, de bharr an t-athrú a tháinig ar imthosca maidir le húinéireacht an M.V. AB, gur cuí di a bhreithniú gur iarraidh shuaibhreosach nó chráiteach a bhí san iarraidh ag an bpointe ama seo.
Níor ghlac sí le hargóint na Roinne go raibh feidhm ag alt 27 maidir le faisnéis a bhaineann leis an M.V. AB, go háirithe ó tharla gur thoiligh an tUasal Y faisnéis den sórt a scaoileadh chuig an Uasal X. Thrácht sí, áfach, fiú dá gcinnfeadh sí go raibh an fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de, gur bhreithnigh sí gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí na taifid a scaoileadh ná a dhéanfaí leas an phobail dá gcoinneofaí siar iad, agus go mbeadh a scaoileadh ordaithe aici in aon chás.
Chinn sí go raibh tagairtí d’árthaí eile nach raibh faoi úinéireacht an Uasail X, atá á gcoinneáil sna taifid, taobh amuigh de scóip na hiarrata, agus d’ordaigh sí go gcoinneofaí siar iad.
D’ordaigh an Coimisinéir go scaoilfí na tráchtaireachtaí faoin iar-úinéir, ó tharla gur thoiligh sé go scaoilfí faisnéis den sórt. Chinn sí nárbh ionann tagairtí sonracha do dhaoine aonair nach n-ainmnítear sna taifid agus faisnéis phearsanta fúthu chun críocha alt 28 den Acht um SF. Thrácht an Coimisinéir, maidir le tagairtí do dhaoine aonair inaitheanta atá sna taifid, gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail dá scaoilfí na tráchtaireachtaí a bhain le feidhmíocht daoine aonair atá i bhfeighil na loinge, agus a bhíonn freagrach as sábháilteacht an árthaigh, ná a dhéanfaí dá scaoilfí tráchtaireachtaí a bhaineann le feidhmíocht an chuid eile den chriú ar an árthach. Chinn sí, áfach, gur lú leas an phobail a dhéanfaí dá scaoilfí faisnéis a bhaineann le feidhmíocht dhealraitheach duine aonair inaitheanta más rud é go bhfuil aighneas ann faoi cé hé an duine, i ndáiríre, a gcuirtear síos air san fhaisnéis (mar ab amhlaidh i ndáil le tagairt do dhuine a ainmnítear mar Mháistir molta an M.V. AB).
I ndáil le hargóint na Roinne gur sholáthair a Suirbhéirí faisnéis don Ard-Suirbhéir i modh rúin, níor ghlac sí leis go samhlaítear le halt 26(2) cás inar féidir go mbeadh dualgas rúndachta ar bith i ndáil le faisnéis a sholáthair siad dá chéile ag dul do chomhaltaí d’fhoireann comhlachta phoiblí dá chéile. Níor chinn sí go raibh feidhm ag alt 26 maidir le faisnéis arna soláthar ag baill aonair chriú (de bharr caighdeán faisnéis den sórt, den chuid is mó).
Níor ghlac an Coimisinéir le hargóintí na Roinne go bhfuil feidhm ag alt 21 maidir leis na taifid. Dúirt an Roinn nach soláthraíonn sí tuarascálacha cigireachta d’úinéir árthaigh de bharr go mbreithníonn sí, dá ndéanfaí amhlaidh, go ndéanfaí dochar d’ionchais fostaíochta an chriú. Dúirt sí nach mbíonn an máistir ná an criú ar a gcompord go minic thart ar Shuirbhéirí na Roinne le linn druileanna, de bharr go mbíonn imní orthu go gcaillfidh siad a bpoist má fheidhmíonn siad go dona os comhair na Suirbhéirí agus má fhaigheann na húinéirí amach faoi. Luaigh an Roinn gurbh é an t-ábhar ba mhó a bhí ag déanamh imní di go bhféadfadh sé tarlú nach mbeifí muiníneach as na Suirbhéirí dá scaoilfí an fhaisnéis atá i gceist, chomh maith leis an imní a bhí uirthi go bhfanfadh an criú ciúin agus go mbeadh siad ar a gcosaint ar a gcaidreamh leis na Suirbhéirí.
Thrácht an Coimisinéir agus dúirt sí, dá mbeadh dóthain oiliúna ar an gcriú gur chóir go mbeadh sé sin le tabhairt faoi deara ag na cigirí agus mura mbeadh oiliúint ar bhaill den chriú nó mura mbeadh siad toilteanach gach a mbeadh ar eolas acu a roinnt leis an Roinn, gur chóir gurbh í sábháilteacht na mball eile den chriú nó sábháilteacht na bpaisinéirí ar bord an árthaigh, a ndéanfadh an easpa scileanna riachtanacha difear dóibh, an ní ba mhó a dhéanfadh imní do na suirbhéirí. I gcás den sórt, bhreithnigh an Coimisinéir nach mbeadh le déanamh ag Suirbhéirí ach diúltú an t-árthach a dheimhniú. Dúirt sí gur bhreithnigh sí gur mhó d’imní í sábháilteacht na gcóras iompair phoiblí a chinntiú ná an imní faoi ionchais fostaíochta mháistir agus chriú na loinge a bhféadfadh nach mbeadh a gcaighdeáin ag teacht leis an gcaighdeán riachtanach a chinnteodh sábháilteacht den sórt. Thrácht an Coimisinéir chomh maith dá mba rud é, mar a mholann an Roinn, nach mbeadh ball criú a bhfuil dóthain oiliúna air/uirthi ábalta gach a bhfuil foghlamtha aige/aici a thaispeáint de bharr an struis a bhaineann le scrúdú ó chigirí na Roinne, go gcaithfí an cheist a chur conas mar a d'éireodh leis an mball criú sin déileáil le heachtra dáiríre éigeandála gur thrúig bháis nó bheatha í.
Níor ghlac an Coimisinéir leis, ar chúiseanna cosúla, go raibh feidhm ag alt 23 maidir leis na taifid.
Ar deireadh, chinn an Coimisinéir nach ndearnadh aon argóint chun tacú leis an gcointinn go raibh feidhm ag alt 24 maidir leis na taifid.
Date of Decision: 16.11.2007
Our Reference: 060023
16.11.2007
Uasal X
A Dhuine Uasail,
Tagraím do d’iarratas chuig an Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (An tAcht um SF) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith a tugadh ar d’iarraidh dar dáta an 29 Samhain 2005.
Is mian liom mo leithscéal a ghabháil faoin moill a tharla i ndéileáil le d’iarratas. Mar atá a fhios agat, d’eascair an mhoill as an obair agus dá bhrí sin as an am a thóg sé athbhreithnithe a dhéanamh ar na hiarratais sin a bhí istigh roimh dháta d’iarratais.
Background
Cúlra
Ar an 29 Samhain 2005, lorg tú rochtain faoin Acht um SF ar na taifid seo a leanas a bhí i seilbh na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha:
"Ag tagairt do "ráiteas contrárthachta" arna eisiúint ar son an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (Uimhir Thaifid 2005/802 JR na hArd-Chúirte),
(a) Cóipeanna de thuarascálacha an Chapt. Tom O’Callaghan (MSO) ar a shuirbhé ar M/V AB i [láthair] ar an 25 Iúil 2005;"
(b) Cóip de thuarascáil an Chapt. Neil Forde (MSO) ar thrialacha tabhairt isteach i nduga a tharla i [láthair] ar bord an M/V AB;
(c) Cóip de thuarascáil chuig an gCoimisiún arna cheangal faoi Airteagal 7(5) de Threoir 98/18/EC an AE a bhaineann leis an AB" a stopadh óna stiúradh isteach go [ láthair];
(d) Cóipeanna de na hiarratais go léir a rinne an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha faoi Airteagal 7 de Threoir 98/18/EC an AE."
Dhiúltaigh an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha d’iarraidh, ar an 20 Nollaig 2005, faoi alt 10 (1)(e) den Acht um SF, agus lorg tú athbhreithniú inmheánach air sin ar an 22 Nollaig 2005. Ós rud é go raibh an fhreagracht maidir le hábhair a bhaineann le d’iarraidh aistrithe chuig an Roinn Iompair ina dhiaidh sin, d’eisigh an Roinn sin a breith ar a hathbhreithniú inmheánach ar an 26 Eanáir 2006. Rinne tú d'iarratas chuig an Oifig seo ar an 30 Eanáir 2006.
Agus mé i mbun m ’athbhreithnithe, d’fhéach mé don chomhfhreagras thuas; do na sonraí faoi na teagmhálacha idir Ms Anne Moran, Imscrúdaitheoir san Oifig seo agus an Roinn Iompair (a dtagraím di mar "An Roinn" sa litir seo); agus do shonraí an chomhfhreagrais idir Ms Moran agus tú féin. Mar a thabharfaidh tú faoi deara, bhí éagsúlacht chomhfhreagrais idir Ms Moran agus an Roinn, a d’fhéadfá-sa a mheas a bheith i gcodarsnacht le ceanglas an Achta um SF go ndéanfadh an Roinn an diúltú a rinne sí ar na taifid atá i gceist a chosaint. Is féidir liomsa i gcónaí breith a thabhairt agus cinneadh a ghlacadh in aghaidh diúltú comhlachta phoiblí taifid iarrtha a scaoileadh i gcás go mbreithním nach bhfuil sé taispeánta ag an gcomhlacht poiblí dom go raibh údar leis an diúltú. Ba é dearcadh Ms Moran áfach gur ghá iniúchadh mionsonraithe a dhéanamh ar dhiúltú na Roinne agus dá bhrí sin lorg sí tráchtaireacht uaithi níos mó ná aon uair amháin. Glacaim leis gur cur chuige réasúnach ab ea an cur chuige a ghlac sí.
In aighneacht dheiridh na Roinne chuig an Oifig seo, áfach, lorg an Roinn cruinniú ionas go mbeadh sí ábalta míniú soiléir a thabhairt ar na saincheisteanna lena mbaineann. D ’fhreagair Ms Moran agus dúirt gur bhreithnigh sí nach raibh cruinniú riachtanach de bharr gur chreid sí gur chóir go mbeadh cás inargóinte ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag an Roinn soiléir óna haighneachtaí. Tagaim le Ms Moran; ní fheicim, in imthosca an cháis seo, céard í an fhaisnéis a d’fhéadfaí a chur ar fáil i gcruinniú duine le duine nach bhféadfaí a chur ar fáil in aighneacht scríofa. Dá réir sin, measaim gur tugadh dóthain deiseanna don Roinn chun tuillteanais a hargóna a chur ina luí orm.
Tá an t-athbhreithniú seo déanta agam de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, (SF) 1997, arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003. Dá réir sin, tagraíonn na tagairtí uile sa litir seo maidir leis na hailt ar leith den Acht um Shaoráil Faisnéise, don Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú, seachas in áiteanna ina sonraítear a mhalairt.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Déantar an t-athbhreithniú seo de novo; ciallaíonn sin nár mhór dom na fíorais agus na himthosca iomchuí go léir mar atá ag dáta mo bhreithe a thabhairt san áireamh.
Fíorais Iomchuí
Ba é dearcadh bunaidh na Roinne, dearcadh ar cosúil í a bheith ag cloí leis, gur chóir d’ iarraidh a dhiúltú ar na forais go raibh an iarraidh suaibhreosach nó cráiteach. Cé nár ghlac Ms Moran le dearcadh na Roinne maidir leis seo (Déileálfaidh mé níos déanaí i mo litir leis an gcaoi inar chuir an Roinn an fhoráil sin i bhfeidhm), chuaigh an Roinn in iontaoibh forálacha eile den Acht um SF ina dhiaidh sin. Chun tacú lena seasamh, sholáthair an Roinn faisnéis éagsúil don Oifig seo a bhain leis na himthosca ina ndearna tú iarratas uirthi, ar an 8 Meitheamh 2005, chun an raon loingseoireachta don árthach M.V.AB a athrú chun a bheith ag obair as [láthair]. Is cosúil, ag tráth an iarratais dar dáta an 8 Meitheamh 2005 ar an Roinn, nár thusa úinéir cláraithe an árthaigh dheimhnithe, arbh iad Y Shipping Ltd (An tUasal Y) na húinéirí. (Tuigim, i ndiaidh d ’ iarratas a bheith diúltaithe, gur lorg an tUasal Y athrú ar an raon loingseoireachta, go ndearnadh cigireacht ar an árthach, agus gur diúltaíodh an t-iarratas).
Tar éis scrúdú a bheith déanta aici ar cheangaltáin aighneacht na Roinne dar dáta an 28 Lúnasa 2007, áfach, go háirithe leathanach 4 de " Táb B " dá cuid (a gcuirtear síos air mar chúlra achomair ar an gcás agus breithiúnas de réir dátaí), thug Ms Moran faoi deara gur cuireadh an Roinn ar an eolas, i Meán Fómhair na bliana 2006 " go raibh úinéireacht Y Shipping Ltd tar éis a bheith glactha ag an Uasal Z agus ag an Uasal X le linn mhíonna an tsamhraidh. " Luaitear i dtáb eile " Táb D " a bhain leis an aighneacht go bhfuair an Roinn amach, in Eanáir 2007 gur aistríodh úinéireacht M.V. AB ó Y Shipping Ltd go DEF Limited. Dheimhnigh Clár na Long i nGaillimh gurb é an tUasal X bainisteoir ainmnithe an árthaigh.
Dheimhnigh an Roinn, ina haighneacht dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007, gur cláraíodh Bille Díola dar dáta 28 Meitheamh 2006 le hOifig Loingis Thráchtála na Roinne ar an 7 Samhain 2006, ina sonraítear aistriú úinéireacht an árthaigh M.V. AB ó úinéireacht Y Shipping Ltd. chuig DEF Limited. Luaitear ann chomh maith gur chuir Clár na Long i nGaillimh an Oifig Loingis Thráchtála ar an eolas gur tusa bainisteoir ainmnithe an árthaigh. Dheimhnigh sé chomh maith go léiríonn cuardach leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí gur stiúrthóir de chuid DEF Limited tú. Tá cóipeanna d ’ ábhair éagsúla, a thacaíonn leis na tráchtaireachtaí sin, soláthraithe agat ar leithligh don Oifig seo.
Fíoras iomchuí eile ab ea go bhfuair Ms Moran facs ón Uasal Y ar an 5 Meán Fómhair 2007 inar luaigh sé nach raibh agóid ar bith aige i gcoinne faisnéis a bheith á fáil agat faoin long M.V. AB. Óna taobh féin de, sheol Ms Moran an facs faoin toiliú chuig an Roinn lena bhreithniú. Sheol an tUasal Y litir eile chuig Ms Moran, dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2007, inar thoiligh sé faisnéis phearsanta ar bith faoi, a d’fhéadfadh a bheith sna taifid lena mbaineann, a scaoileadh chugat; sheol Ms Moran cóip den litir lena mbaineann chuig an Roinn ar an 23 Deireadh Fómhair 2007.
Cé gur leag an Roinn béim ar na himth osca ina ndearna tú d’ iarratas uirthi ar athrú raon loingseoireachta maidir leis an árthach M.V. AB ar an 8 Meitheamh 2005, agus ar tharluithe eile a tharla tar éis don iarratas sin a bheith déanta, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir le m ’ athbhreithniú de novo imthosca den sórt a thabhairt san áireamh. Dá réir sin, ní mór go dtiocfainn ar mo bhreith i bhfianaise an fhíorais gur tú, ag an bpointe ama seo, úinéir cláraithe an árthaigh M.V. AB; agus nach bhfuil agóidí ar bith ag úinéir an árthaigh mar a bhí ag an am a ndearna tú d ’ iarratas ar athrú raon loingseoireachta, an tUasal Y de chuid Y Shipping Ltd, i gcoinne faisnéis faoisean ná faoin M.V. AB a scaoileadh chugat, lena n-áireofaí faisnéis a bhaineann leis an árthach mar a bhí ar an 8 Meitheamh 2005.
Fíoras iomchuí deiridh is ea, de réir na Roinne, go ngníomhaíonn sí de réir Alt 8 den Acht Loingis Cheannaíochta 1992. Tar éis scrúdú a bheith déanta agam ar an Acht Loingis Cheannaíochta, 1992, tugaim faoi deara go mbaineann Cuid II dá chuid le " Longa Paisinéirí " , go bhforálann alt 6 dá chuid do " [a] vessel being used as a passenger ship shall be surveyed at least once in each year in accordance with this Part " ; agus go mbaineann alt 8 le teastas a bheith á eisiúint i ndáil le hárthaí a ndearnadh suirbhéireacht orthu, agus ina dtugtar breac-chuntas chomh maith ar na raonta (más ann) nach n-imeoidh an t-árthach tharstu, agus ar líon uasta na bpaisinéirí a iompróidh an t-árthach (ina sonraítear, más gá, an líon a bheidh le hiompar ar chodanna áirithe den árthach) agus cibé coinníollacha agus athruithe a bheidh faoi réir ag an líon.
Na Taifid
Ní léir ón gcomhfhreagras sna comhaid go ndúirt an Roinn riamh leat faoina mhéid is atá taifid atá ábhartha do d’iarraidh ina seilbh aici. Cé gur iarr Ms Moran ina litir chuig an Roinn dar dáta an 3 Meán Fómhair 2007 uirthi tú a chur ar an eola s faoi na forais, seachas na forais sin a bhaineann le halt 10(1)(e), trína rabhthas ag siarchoinneáil d ’ iarraidh, ghlac sí leis go gcuirfeadh comhlacht atá faoi réir SF le deich mbliana ar an eolas tú chomh maith faoina mhéid is atá taifid iomchuí ina seilbh aici, gan spreagadh a thabhairt di déanamh amhlaidh. Tugaim faoi deara áfach, nach raibh sonraí den sórt san áireamh ina litir chugat dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007, inar tugadh comhairle duit faoina hiontaoibh i bhforálacha an Achta um SF seachas alt 10(1)(e). Mhínigh Ms Moran duit ina litir chugat dar dáta an 10 Deireadh Fómhair 2007 go raibh taifid iomchuí do chodanna a) agus b) de d ’ iarraidh tugtha ag an Roinn don Oifig seo, agus gur éiligh sí nach raibh taifid ar bith a bheadh ábhartha do chodanna c) agus d) ina seilbh aici.
Mar atá a fhios agat sholáthair an Roinn chuig an Oifig seo (ar an 28 Lúnasa 2007) taifead amháin a bheadh iomchuí do chuid a) de d’iarraidh (tuarascáil ón gCaptaen amháin, dar dáta an 28 Iúil 2005, atá ainmnithe mar Thaifead 1 agam), agus trí thaifead gur cosúil go mbreithníonn sí iad a bheith iomchuí do chuid b) de d’iarraidh (nóta tugtha cothrom le dáta ón gCaptaen eile atá ainmnithe mar Thaifead 2 agam; tuarascáil an Chaptaein eile a bhaineann le druil dóiteáin a rinneadh ar an M.V. AB ar an 14 Iúil 2005 atá ainmnithe agam mar Thaifead 3; agus tuarascáil an Chaptaein céanna faoi thrialacha tabhairt isteach i nduga, dar dáta an 13 Meitheamh 2005 atá ainmnithe agam mar Thaifead 4). Breithneoidh mé diúltú na Roinne na taifid seo a scaoileadh chugat in ord na bhforálacha a ndeachaigh sise ina n-iontaoibh agus measaim go bhféadfadh gurb é seo an t-ord is feiliúnaí do na taifid atá i gceist.
Dúradh in aighneacht na Roinne chuig an Oifig seo dar dáta an 28 Lúnasa 2007 nach raibh taifid ar bith a bhí iomchuí do chodanna (c) agus (d) do d’iarraidh de bharr " Nach bhfuil Airteagal 7(5) de Threoir 98/18/EC an AE infheidhme sa chás seo, ní ann do thaifid ar bith maidir leis seo agus níl iarratais ar bith faoi Airteagal 7 déanta ag an Roinn seo." (Article 7(5) of EU Directive 98/18/EC is not applicable in this case, no records exist in this regard and no applications under Article 7 have been made by this Department.)
Luaitear i do litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2007 go raibh tú sásta leis an míniú seo agus dá bhrí sin ní fheicim cúis ar bith le codanna c) agus d) de d’iarraidh a thabhairt san áireamh i m’athbhreithniú. Dá réir sin, baineann m’athbhreithniú leis an tsaincheist amháin cibé acu an raibh an diúltú a rinne an Roinn maidir le taifid a bheadh iomchuí do nithe a) agus b) de d ’ iarraidh de réir théarmaí an Achta um SF.
Findings
Torthaí
Seachas alt 10(1)(e) den Acht um SF, maíonn an Roinn gur chóir d’iarraidh a dhiúltú ar fhorálacha alt 21, 23, 24, 26, 27 agus 28 den Acht um SF.
Alt 10(1)(e)
Maíonn an Roinn gur chóir d’iarraidh a dhiúltú ar na forais go bhfuil sí suaibhreosach nó cráiteach, ach go háirithe (de réir bhreith a hathbhreithnithe inmheánaigh) de bharr go raibh sí "cráiteach". Sheol an Roinn aighneacht chuig an Oifig seo (dar dáta 28 Feabhra 2006), chun tacú leis an dearcadh a bhí aici, agus luadh inti sleachta as an Acht Loingis Cheannaíochta, 1992, agus luadh inti go gceanglaítear ar Oifig na Suirbhéireachta Mara faoin dlí sin déileáil le húinéirí cláraithe árthaigh, arna shainmhíniú san Acht Loingis Thráchtála 1955. Luadh san aighneacht go dtaispeánann faisnéis reatha go bhfuil an M.V. AB cláraithe le Y Shipping Ltd. Ina theannta sin deimhníonn taifid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí go bhfuil ceathrar stiúrthóir ar an gcuideachta seo, níl tagairt ar bith don Uasal X i dtaifid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí a bhaineann le Y Shipping Ltd.
Thagair aighneacht na Roinne ina dhiaidh sin, dar dáta an 31 Márta 2006, don réasúnaíocht a bhí mar bhonn ag breith a hathbhreithnithe inmheánaigh sa chás seo. Tríd is tríd, dúradh ann go ndearna tú an iliomad iarrataí éagsúla i ndáil le hobair Oifig na Suirbhéireachta Mara in imeacht na mblianta agus ina theannta sin go raibh sé de bheartas aici déileáil le húinéir cláraithe árthaigh nuair ba chuí déanamh amhlaidh, seachas le bainisteoir nó cairtfhostóir molta ar bith faoi mar a chuir tusa síos ort féin.
Ní raibh ar chumas Ms Moran dul chun cinn a dhéanamh ar do chás go dtí Iúil 2007 de bharr brú oibre eile. Tar éis breithniú a bheith déanta aici ar thráchtaireachtaí na Roinne go dáta, dúirt Ms Moran leis an Roinn (ar an 18 Iúil 2007) nár bhreithnigh sí, go háirithe de bharr go raibh sé le tuiscint aici ag an tráth sin go raibh an t-árthach lena mbaineann ligthe ar cairt chugat ar a laghad, go raibh alt 10(1)(e) feiliúnach don iarraidh a bhí i gceist. Chuir sí i láthair na Roinne nach raibh a beartas siúd de bheith ag déileáil le húinéir árthaigh ina chúis chóir chun a bhreithniú gur iarracht chráiteach ab ea an iarracht a bhí á déanamh taifid a lorg faoi SF. Thug Ms Moran tráchtaireachtaí an athbhreithneora inmheánaigh faoi deara arbh í éirim a thráchtaireachtaí go bhféadfadh go mbeadh iarraidh dháiríre measctha isteach leis na cinn eile a bhreithnítear a bheith suaibhreosach nó cráiteach, ach níor aontaigh sí lena dhearcadh gur baol a bhí ansin a gcaithfeadh an té a rinne iarrataí den sórt glacadh leis. Dúirt sí leis an Roinn nár mhór don Roinn gach iarraidh a bhreithniú de bhua a tuillteanais, agus ag an bpointe sin lorg sí na taifid sin a bhí iomchuí don athbhreithniú.
Rinneadh an argóint in aighneachtaí ón Roinn ina dhiaidh sin, gur chóir d’iarraidh a dhiúltú, in aon chás, faoi na forálacha eile den Acht um SF a phléitear níos déanaí sa litir seo, ach chloígh sí lena dearcadh go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(e). Dúradh, ina haighneacht dar dáta an 28 Lúnasa 2007 gurbh í an chúis, gur bhreithnigh an Roinn seo gur iarraidh chráiteach ab ea an iarraidh seo ón Uasal X, go raibh an iliomad iarrataí SF déanta aige agus gur bhain a bhformhór díobh siúd le hárthaí nach raibh leas cóir aige iontu agus gur tríú páirtí ab ea é maidir leo. B’iarraidh eile den sórt an iarraidh SF seo ón Uasal X i ndáil leis an "M.V. AB" ar fhaisnéis faoi árthach nárbh eisean a úinéir cláraithe agus nach raibh leas cláraithe aige ann ag an tráth sin. ("[t]he reason why this Department considered this request from Mr X vexatious was on the basis that he had made so many FOI requests, the majority of which related to vessels for which he had no legitimate interest and for which he is a third party. This FOI request from Mr X in relation to the "M.V. AB" was another such request for information on a vessel where he was not the registered owner and had no registered interest at that time.") (Mar atá tugtha cheana, bhí an Roinn, ag tráth na haighneachta seo, ar an eolas gur tú, ag an tráth sin, úinéir an árthaigh.)
Dúradh in aighneacht na Roinne dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007 gur chuid de shraith iarrataí a measadh a bheith cráiteach ab ea an iarraidh. Dá réir sin, is cosúil go maíonn an Roinn chomh maith gur iarraidh i sraith d’iarrataí gan réasún atá déanta go follasach agat í an iarraidh sa chás seo.
Bhí mé san airdeall, agus an t-athbhreithniú seo á sheoladh agam, ar alt 8(4) den Acht, arna leasú, a cheadaíonn, i mo thuairimse, do cheann comhlachta phoiblí bunchúis iarrthóra a thabhairt san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar an bhfuil iarraidh suaibhreosach nó cráiteach. Ní mór dom béim a leagan ar an ngné de novo de m’athbhreithniú chomh maith.
Léirigh sracfhéachaint ar shuíomh gréasáin na Roinne go ndearna tú, ó Mhárta go Deireadh Fómhair 2004, 11 iarraidh éagsúil SF ar an Roinn agus go ndearna tú, ó mhí Iúil 2005 go dtí go ndearna tú d’iarraidh faoi réir ag ábhar an athbhreithnithe seo (29 Samhain 2005), 21 iarraidh eile den sórt. Is mian liom a shoiléiriú nár scrúdaigh mé cineál na n-iarrataí siúd, agus nach cuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair scrúdú dá leithéid a dhéanamh ná fionnachtana a dhéanamh maidir lena bhfuil nó nach bhfuil na hiarrataí sin suaibhreosach nó cráiteach.
Cé go gcreidim gur fíor go bhfuil iliomad iarrataí SF déanta agat, ní gá gur léiríonn an fíoras go bhfuil "an oiread" iarrataí SF déanta ag iarrthóir, go bhfuil aon cheann de na hiarrataí siúd suaibhreosach nó cráiteach. Seachas breithniú ar bith eile, tá an bhrí a bhainfí as ‘an oiread’ iarrataí chomh suibiachtúil, gur beag tairbhe a bhainfí as, i ndáiríre, chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé an bhféadfadh feidhm a bheith ag alt 10(1)(e). I bhfocail eile, ní mór líon na n-iarrataí a fhaigheann comhlacht poiblí, go ginearálta agus ó aon iarrthóir amháin ar bith, a bheith ag brath i bpáirt ar mheon an chomhlachta sin maidir le scaoileadh faisnéise.
Aontaím le dearcadh Ms Moran gurb í an Roinn atá freagrach as a chinntiú, fiú i gcás go mbreithneodh sí iarraidh nó iarrataí a bheith suaibhreosach nó cráiteach, nó dá mbreithneodh sí iad a bheith ina sraith d ’iarrataí gan réasún atá déanta go follasach, nach dtéann "iarraidh dháiríre" amú ina measc. I mbreith athbhreithniú inmheánach na Roinne, is léir gur fhéach sí do chineál na n-iarrataí eile a rinne tú nuair a bhí cinneadh á dhéanamh aici ar an raibh an iarraidh a bhí idir lámha aici cráiteach. Rinneadh amhlaidh is dócha, chun a chinneadh gur iarraidh i sraith d’iarrataí gan réasún a bhí déanta go follasach an iarraidh a bhí á déanamh. Ar an taobh eile den scéal, ní tú a bhí i d’úinéir cláraithe ar an árthach "M.V. AB" ag tráth a breithe ná ag tráth b hreith an athbhreithnithe inmheánaigh.
Ar an lámh eile, is léir ó aighneachtaí a rinneadh chun na hOifige seo sa bhliain 2007 nach mbreithníonn an Roinn an t-athrú seo a tháinig ar imthosca ó thaobh úinéireacht an árthaigh de a bheith iomchuí don chaoi ar chóir di déileáil leis an iarraidh áirithe seo ag an bpointe ama seo. Ní fúmsa a rá, i gcás nach mbeadh an t-árthach lena mbaineann ceannaithe agat, cibé acu an gcinnfinn go mbeadh an iarraidh áirithe faoi ábhar ag an athbhreithniú reatha ina údar diúltaithe faoi alt 10(1)(e). Ar an gcaoi chéanna, ní fúmsa a rá cibé acu an gcinnfinn go mbeadh údar ag an Roinn dá mbeadh sí chun iarraidh ar bith eile a bheadh déanta agat ar thaifid a bhaineann le hárthaí nach leat iad nó a bhaineann le hábhair mhara eile, a dhiúltú ar fhorais na forála seo den Acht um SF.
Is í fírinne an scéil ag an bpointe seo, áfach, go bhfuil an t-athbhreithniú ag díriú ar thaifid a bhaineann le hárthach atá faoi d’úinéireacht anois (trí bhíthin DEF Ltd). Nílim ar an eolas faoi iarraidh ar bith a bhí déanta agat roimh an 29 Samhain 2005 ag lorg rochtana ar thaifid den sórt. Dá réir sin, níl aon chúis agam le go nglacfainn leis go mbeadh dearcadh leanúnach na Roinne, gur chóir feidhm a bheith ag alt 10(1)(e) fós, d’ainneoin an t-athrú a tháinig ar na himthosca sa chás seo, ag dul de réir théarmaí an Achta um SF. Ó tharla nach bhfuil aon chúis amhrais orm faoi bona fides na hiarrata áirithe seo níl aon fhorais agam a chinneadh gur iarraidh i sraith d’iarrataí gan réasún atá déanta go follasach an iarraidh seo. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 10(1)(e) maidir le himthosca reatha an cháis seo.
Alt 27
Forálann Alt 27(1) den Acht um SF, faoi réir fho-alt (2), go ndiúltóidh ceann géilleadh d’iarraidh ar thaifead más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann
"(a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,
(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó
(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis."
Forálann Alt 27(2) den Acht um SF go ngéillfear in imthosca ar leith d’iarraidh lena mbaineann alt 27(1) den Acht um SF, agus níl aon cheann díobh sin iomchuí don bhreith seo i mo thuairimse. Forálann Alt 27(3) den Acht um SF go bhféadfar taifead a chinnfear a bheith díolmhaithe faoi alt 27(1) a scaoileadh más rud é gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ar thaifead ná trí dhiúltú géilleadh di.
Luaitear in aighneacht na Roinne dar dáta an 28 Lúnasa 2007 go bhfuil na taifid go léir lena mbaineann sa chás seo íogair ó thaobh na tráchtála de de réir Alt 27(1)(a), (b) & (c) den Acht um SF agus nár chóir iad a scaoileadh chuig tríú páirtí. Thagair an Roinn, san aighneacht sin, don Uasal Y mar úinéir an árthaigh agus dúirt sí nach bhféadfadh sí aon chuid den fhaisnéis sna taifid, a d ’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá staid tráchtála chun a árthach a ligean ar cairt chuig tríú páirtithe eile, a scaoileadh. Ó tharla gur léir ó na ceangaltáin a bhí leis an aighneacht sin go raibh an Roinn ar an eolas faoin athrú a tháinig ar úinéireacht an M.V. AB, ní féidir liom ach a thoimhdiú go raibh a tráchtaireachtaí bunaithe ar an gcomhthéacs gurbh é an tUasal Y a bhí ina úinéir ar an árthach ag tráth na gcigireachtaí sa bhliain 2005 agus go bhféadfadh tionchar a bheith ag tráchtaireacht dhiúltach ar bith a bheadh sna taifid agus a bhainfeadh lena úinéireacht ar an árthach ag an tráth sin ar a staid tráchtála sa bhliain 2007.
Ar an 6 Meán Fómhair 2007, áfach, sheol Ms Moran cóip d’fhacs a bhí faighte aici ón Uasal Y chuig an Roinn ina raibh luaite aige nach raibh agóid ar bith aige i gcoinne faisnéis a bheith á fáil ag an Uasal X faoin long M.V. AB. Tharla sé sin i ndiaidh comhrá teil eafóin a bhí ag Ms Moran leis an Oifigeach um SF de chuid na Roinne inar mhol sí go mbreithneodh an Roinn a seasamh i bhfianaise an toilithe sin.
Níor thrácht an Roinn ar thoiliú an Uasail Y ina haighneacht dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007, áfach. Deimhníodh inti sonraí éagsúla a luaitear níos luaithe sa litir seo maidir le haistriú úinéireacht an M.V. AB agus tagraíodh ansin d’fhaisnéis sna tuarascálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí tráchtála oibreoirí eile árthaí. Dúradh inti go bhféadfadh scaoileadh na faisnéise seo an bonn a bhaint dá leasanna tráchtála. Dúirt an Roinn go gcuirtear an pobal ar an eolas nuair a éiríonn leis an árthach nó i gcás go n-éireodh leis an árthach na suirbhéireachtaí nó tástálacha riachtanacha a bhaint amach agus go ndéantar amhlaidh trí bhíthin teastas sábháilteachta a eisiúint ar an long seo. Bíonn na teastais shábháilteachta sin ar fáil don phobal agus ní mór dóibh a bheith crochta suas in áit phoiblí ar an long. Dúirt sí go gcoinníonn sí liosta cothrom le dáta de longa deimhnithe ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ar an 11 Meán Fómhair 2007, d’iarr Ms Moran ar an Roinn an athuair faoin dearcadh a bhí aici maidir leis an gcúis gur áitigh sí go mbíonn feidhm ag alt 27 maidir le sonraí a bhaineann le M.V. AB. Ba í an t-aon tagairt a rinneadh d’alt 27 sa fhreagra a thug sí ina dhiaidh sin ar an 14 Meán Fómhair 2007 nuair a dúradh go gcuireann alt 27 den Acht um AF cosc ar fhaisnéis a ghintear taobh istigh de Ranna a scaoileadh más rud é go mbíonn oibleagáid dlíthiúil eile ann gan í a scaoileadh. Dúradh go raibh oibleagáidí dlíthiúla den sórt a chuireann cosc ar an scaoileadh san Acht um Chosaint Sonraí. (Ní fheicim ábharthacht na hargóna seo do bhreithniú alt 27 agus níl sé beartaithe agam déileáil leis a thuilleadh.)
Cinnim go bhfuil faisnéis sna taifid a bhaineann le M.V. AB chomh maith le faisnéis a bhaineann le hárthaí eile.
Faisnéis a bhaineann leis an M.V. AB
Ní fheicim go bhfuil cúis ar bith ann a chinneadh go bhfuil faisnéis a bhaineann le hárthach ag tráth sular cheannaigh tú é díolmhaithe óna scaoileadh chugat faoi alt 27 den Acht um SF, go háirithe ó tharla gur thoiligh an tUasal Y faisnéis den sórt a scaoileadh chugat. Níl argóint déanta ag an Roinn i gcoinne an toilithe lena mbaineann, ná níl argóint ar bith déanta aici maidir leis an gcúis gur chóir d’ábhar a bhaineann leis an M.V. AB a bheith díolmhaithe faoi alt 27, fiú i bhfianaise an toilithe sin.
Dá réir sin, cinnim nach bhfuil tagairtí ar bith don M.V. AB atá sna taifid lena mbaineann díolmhaithe faoi alt 27 den Acht um SF. I gcás, áfach, go gcinnfinn an fhaisnéis a bheith díolmhaithe faoin bhforáil seo, bheadh sé de cheanglas orm leas an phobail a bhreithniú dá scaoilfí na taifid chugat. Chinnfinn ar na cúiseanna atá leagtha amach go hachomair thíos, gur ghá an fhaisnéis lena mbaineann a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
Leas an Phobail
Ar an gcéad dul síos, dhéanfaí leas an phobail ach an Roinn a bheith chomh hoscailte is ab fhéidir é faoin gcaoi ina ndeimhníonn sí árthaí chun críocha an Achta Loingis Cheannaíochta, 1992. Faoi mar atá tugtha faoi deara cheana, tá sé de dhualgas ar an Roinn faoin Acht seo cigireachtaí a sheoladh ar mhaithe le deimhnithe den sórt, ach sa deireadh thiar ar mhaithe le sábháilteacht mhuirí. Nuair a bhíonn duine ag taisteal ar bhád farantóireachta nó ar árthach mara eile, glacann siad leis go bhfuil an t-árthach feiliúnach le bheith ar farraige agus go bhfuil oiliúint iomlán curtha ar an gcriú agus go bhfuil siad cumasach ó thaobh gach gné de chúrsaí sábháilteachta agus nithe eile. Cé gur cosúil go gcreideann an Roinn go sásaítear leas an phobail ó thaobh a thrédhearcaí is a bhíonn a modh cigireachta agus teastas á eisiúint aici i ndáil le hárthach a ndearnadh cigireacht air, ní aontaím léi. Breithním go ndéanfaí leas suntasach an phobail dá mbeadh a fhios go díreach ag an bpobal i gcoitinne na nithe a nocht cigireachtaí na Roinne, seachas a bheith ag tuar na dtorthaí dáiríre a bheadh orthu.
Ag an am céanna, is cóir gan a ligean i ndearmad gur ceapadh an tAcht um SF chun oscailteacht agus trédhearcacht sa bhealach a sheolann comhlachtaí poiblí a ngnó a mhéadú, agus tríd is tríd, níor ceapadh é mar mhodh trína bhféadfaí cíoradh a dhéanamh ar oibríochtaí fiontar príobháideach. Is í sábháilteacht an phobail agus an chriú a úsáideann báid farantóireachta agus árthaí eile dá leithéid atá i gceist anseo sa deireadh thiar, áfach. Breithním, i gcás go nochtann tuarascáil chigireachta easnaimh sna caighdeáin oiliúna a cheanglaítear ar an gcriú, nó easnaimh i sábháilteacht an árthaigh mar shampla, go ndéanfaí leas an phobail dá scaoilfí faisnéis den sórt. Ar an gcaoi chéanna, i gcás go gcomhlíonfadh nó go sáródh an criú na caighdeáin, dhéanfaí leas an phobail dá mbeadh faisnéis den sórt le fáil ag an bpobal. Bealach amháin nó bealach eile, beidh an pobal coinnithe ar an eolas ionas go mbeidh siad ábalta cinneadh a dhéanamh faoi cibé acu an mian nó nach mian leo na hárthaí lena mbaineann a úsáid.
Táim den dearcadh, a mhéid is go mbreithneodh fiontar ar bith go ndéanfaí dochar dá leasanna tráchtála dá scaoilfí na taifid áirithe, go mbeadh údar le haon laghdú a thiocfadh ar a ghnóthaí a d’fhéadfadh tarlú de bharr fios a bheith ag an bpobal faoi easnaimh i gcaighdeán an árthaigh nó i gcaighdeáin an chriú. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar oibreoirí árthaí den sórt airgead a chaitheamh, cibé acu i ndáil le hoiliúint, na lochtanna a leigheas, nó fiú árthach nua a chur in ionad an tseanárthaigh chun a chinntiú nach n-úsáidfidh custaiméirí modh iompair eile. Maidir leis an éileamh a d’ fhéadfadh a bheith ag aonán go bhféadfadh caiteachas den sórt deireadh a chur lena ghnó, ní fheicim go ndéanfaí leas ar bith don phobal, áfach, dá mba rud é go gceadófaí d’fhiontar, a bheadh toilteanach seachas sin sábháilteacht an phobail a chur i mbaol, leanúint air i ngnó.
Dá bhrí sin, dá gceanglófaí orm leas an phobail a bhreithniú, chinnfinn gur mó i bhfad a dhéanfaí leas an phobail tríd an bhfaisnéis a bhaineann leis an M.V. AB a scaoileadh chugat ná a dhéanfaí leas an phobail dá gcoinneofaí an fhaisnéis siar uait.
Faisnéis a Bhaineann le hÁrthaí Eile
Glacaim leis chomh maith go bhfuil tagairtí d’árthaí eile, tagairtí ginearálta agus breathnóireachta, sna tuarascálacha atá i gceist. Dúirt tú go bhfuil tú ag lorg rochtana ar thagairtí ar bith den sórt más rud é go bhfuil árthaí den sórt faoi d’úinéireacht, á bhfeidhmiú agat nó faoi do pháirtúinéireacht. Thug tú ainmneacha líon áirithe árthaí agus ní dhéantar tagairt ach do cheann amháin díobh (an M.V. GH) sna taifid. De bhua teagmhála ó Ms Moran, dúirt an Roinn leis an Oifig seo gur aistríodh úinéireacht an árthaigh seo chugatsa agus chuig triúr eile ar an 14 Meán Fómhair 2004. Ina fhianaise sin, ní fheicim cúis ar bith a bheith ann le tagairtí don M.V. GH arna gcoinneáil sna taifid a choinneáil siar uait.
Níl cúis ar bith agam a chinneadh go bhfuil na tagairtí d’árthaí seachas M.V. GH (nó an M.V.AB) clúdaithe faoi scóip d’iarrata de bharr nach dtagraítear sna taifid do na hárthaí eile siúd a ainmníonn tú i do litir dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2007. Dá réir sin, cinnim go bhfuil tagairtí den sórt taobh amuigh de scóip d’iarrata agus dá bhrí sin taobh amuigh de scóip an athbhreithnithe seo.
Tar éis breithniú a dhéanamh ar a bhfuil thuas, cinnim mar seo a leanas:
Taifead 1:
- An cúigiú pointe urchair (ag tosú leis na focail "I have the following observations") – le coinneáil siar ina iomlán, a mhéid is go mbaineann sé le hárthaí inaitheanta seachas an M.V. GH nó an M.V. AB. Dá bhrí sin beidh an tagairt don M.V. GH agus an dara habairt den phointe urchair sin le scaoileadh;
- An Seachtú Pointe Urchair faoin teideal "Observations": na tagairtí do dhá árthach seachas an M.V. AB le coinneáil siar;
- Dhá cheangaltán ina bhfuil grianghraif d’árthaí seachas an M.V. AB le coinneáil siar.
Taifead 4:
- An Tríú hAlt (ina bhfuil abairt amháin): Ainm an árthaigh seachas an M.V. AB le coinneáil siar;
- An Ceathrú hAlt (ina bhfuil dhá abairt): Ainm an árthaigh sa chéad abairt le coinneáil siar.
Cinnim, ar bhonn fíorais, nach dtagraíonn an dá thaifead atá fágtha d’árthaigh ar bith seachas an M.V. AB. Mar atá luaite, ní bhreithním alt 27 a bheith iomchuí d’fhaisnéis a bhaineann leis an árthach sin (agus fiú dá mbreithneoinn, chinnfinn go mbeadh gá lena scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail).
Alt 28
Áitíonn an Roinn dá mba rud é go scaoilfí na taifid iarrtha go scaoilfí faisnéis phearsanta faoi bhaill aonair an chriú; go mbaineann siad le "gnó pearsanta" iar-úinéir an árthaigh; agus dá bhrí sin, go bhfuil siad díolmhaithe faoi alt 28. Maidir leis seo, is cosúil go leagann sí tábhacht shuntasach ar an bhfíoras go gcuireann an tAcht um Chosaint Sonraí cosc ar shonraí pearsanta a scaoileadh.
Ar an gcéad dul síos, tá díomá orm a thabhairt faoi deara nach cosúil gur bhreithnigh an Roinn go bhféadfaí an tsaincheist seo a réiteach ach na taifid a scaoileadh i bpáirt, mar a shamhlaítear faoi alt 13 den Acht um SF. Ceadaíonn an fhoráil seo faisnéis i dtaifead nach bhfuil díolmhaithe a scaoileadh ach ag an am céanna déantar an fhaisnéis ann ar chóir í a choinneáil siar a chosaint. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann, nílim sásta go bhfuil an fhaisnéis phearsanta atá iontu (atá sách teoranta) den chineál is go bhféadfaí í a bhaint amach as na taifid gan an chuid eile den taifead a fhágáil gan aon bhrí a bheith leis.
Forálann alt 28(1) den Acht um SF do dhiúltú d’iarraidh dá mba rud é go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine inaitheanta seachas an t-iarrthóir dá ngéillfí don iarraidh.
Faisnéis faoi Iar-Úinéir
Ar an gcéad dul síos, ní léir domsa an bhfuil tagairt na Roinne do "ghnó pearsanta" an iar-úinéara tugtha chun a chur in iúl gur faisnéis phearsanta faoi atá inti ar chóir í a bheith díolmhaithe faoi alt 28, nó gur faisnéis í faoi na leasanna gnó atá aige ar ghá í a chosaint faoi alt 27. Agus alt 28 á bhreithniú, áfach, breithním gur dlúthcheist í ó thaobh cibé acu an faisnéis phearsanta faoi iar-úinéir an árthaigh (an tUasal Y), mar atá sna taifid, atá sna tagairtí nó an faisnéis faoin iar-úinéir mar fhear gnó atá iontu. In aon chás, thoiligh an tUasal Y faisnéis phearsanta a bhaineann leis agus faisnéis faoin M.V. AB a scaoileadh chugat. Dá réir sin, níl forais ar bith agam chun gnéithe ar bith de na taifid a thagraíonn don Uasal Y nó a bhaineann leis an Uasal Y a choinneáil siar
Faisnéis faoi Bhaill Eile Chriú/faoi Dhaoine Aonair Eile
Táim den tuairim nach bhfuil tagairtí ar bith i dtaifead 1 ná i dtaifead 2 a nochtfadh faisnéis phearsanta faoi bhaill inaitheanta criú ná faoi dhaoine aonair eile dá mba rud é go scaoilfí iad.
Táim den tuairim go bhfuil tagairtí teoranta do bhaill aonair criú i dTaifead 3:
- Sa mhír ar an dara leathanach, a thosaíonn leis na focail: "tugtar na pointí seo a leanas faoi deara" ("[t]he following points were noted") an chéad phointe urchair ina iomlán agus an chéad deich bhfocal den phointe urchair deireanach sa mhír seo;
- An dá abairt dheireanacha ar an dara leathanach;
- An chéad dá fhocal den dara habairt faoin teideal "Tráchtaireachtaí Ginearálta" ("General Comments") ar an tríú leathanach.
Glacaim leis go bhféadfaí an argóint a dhéanamh gur tagairtí intuigthe dóibh siúd a bhí i bhfeighil an árthaigh ar an lá lena mbaineann tráchtaireachtaí eile atá sa taifead.
Tugaim faoi deara na tagairtí teoranta seo a leanas do bhaill aonair criú i dTaifead 4:
- Tagairt do dhuine aonair (comhghleacaí gnó de do chuid), sa cheathrú halt deireanach agus sa séú halt deireanach ar an gcéad leathanach;
- Tagairt do bhall criú nach n-ainmnítear ar leathanach a dó den taifead (an ceathrú halt nach bhfuil ann ach abairt, mar a bhí sna trí alt a chuaigh roimhe);
- Tagairt do dhuine aonair, atá le fáil san alt deireanach den mhír "Conclúidí" ("Conclusions") ar leathanach a dó den taifead, agus an tagairt bhreise a dhéantar don duine aonair sin ar leathanach a trí den taifead.
Ar an gcéad dul síos, cinnim go ndéantar tagairtí ar bith a dhéantar do chomhghleacaithe gnó de do chuid i gcomhthéacs an chaidrimh ghnó sin, agus dá bhrí sin ní faisnéis phearsanta faoi na daoine aonair sin í . Breithním nach bhfuil gá ar bith breithniú a dhéanamh ar alt 28 i ndáil leis na comhghleacaithe sin, dá réir.
Bhreithnigh Ms Moran go ndéanfaí leas an phobail dá scaoilfí tagairtí do bhaill áirithe den chriú mar atá sna taifid, agus d’iarr sí ar an Roinn sonraí teagmhála a sholáthar faoi na daoine go léir dá dtagraítear iontu. Chuir an Roinn sonraí teagmhála líon áirithe de bhaill foirne na Roinne, comhghleacaithe gnó de do chuid, ar fáil mar aon le sonraí teagmhála duine ar chuir sí síos air mar Mháistir/Scipéir Loinge agus duine dá dtagraítear mar dhuine ar a bhfuil dualgais phíolótaíochta. Níor soláthraíodh sonraí ar bith eile.
Ar an gcéad dul síos, ní ghlacaim leis gur ionann tagairtí sonracha do dhaoine aonair nach n-ainmnítear sna taifid agus faisnéis phearsanta fúthu chun críocha alt 28 den Acht um SF (forálann an tAcht um SF go mbaineann an téarma "faisnéis phearsanta" le faisnéis faoi dhaoine aonair inaitheanta). Lagaíonn míniú seo na Roinne – de bharr an chineáil tionscail atá i gceist nach mbíonn ainmneacha ná seoltaí bhaill an chriú go léir aici mar go n-aistríonn siad ó long go long, ó chuideachta go cuideachta agus ó thír go tír – go mór cointinn ar bith go bhféadfadh duine, ó bheith ag léamh na dtaifead, a chinneadh cé hiad go díreach na baill den chriú nach n-ainmnítear ach dá dtagraítear sna taifid.
Ag an bpointe seo, níl fágtha fúm ach na tagairtí (idir thagairtí sonracha agus intuigthe) d’oibreoirí an árthaigh, mar atá sna taifid, a bhreithniú. Tríd is tríd, breithním gur mhó a dhéanfaí leas an phobail dá scaoilfí tráchtaireachtaí a bhaineann le feidhmíocht na ndaoine aonair a bhíonn i bhfeighil na loinge agus a bhíonn freagrach as sábháilteacht na loinge ná leas an phobail a dhéanfaí dá scaoilfí tráchtaireachtaí a bhaineann le feidhmíocht baill eile de chriú an árthaigh. Daoine ar nós Máistir an árthaigh atá ar intinn agam anseo. Ní léir ar an bpointe, áfach, ón léamh atá déanta agam ar thaifead 3 cé go díreach a bhí ina Mháistir ar an árthach ar an lá a ndearnadh an chigireacht lena mbaineann, 14 Iúil 2005. Tagraítear ann do bhall áirithe den chriú a bhí in ainm agus a bheith ina Mháistir ar an árthach dar leis, ach déantar tráchtaireachtaí chomh maith ar chleachtadh a rinneadh leis an duine, a bhí le bheith ina Mháistir nua agus é ar an stiúir. Bhí sonraí teagmhála an duine sin curtha ar fáil ag an Roinn agus chuaigh Ms Moran i dteagmháil leis i ndáil le scaoileadh féideartha faisnéise a bhaineann lena fheidhmíocht dhealraitheach mar Mháistir Loinge
Rinne an duine lena mbaineann agóid i gcoinne a fhaisnéis phearsanta a scaoileadh agus shéan sé gurbh é an Máistir loinge é ag an tráth a ndearnadh na cigireachtaí lena mbaineann. Dúirt sé gur dhuine eile a bhí ina Mháistir ar an long agus táim sásta nach raibh a shonraí teagmhála siúd ar na sonraí sin a chuir an Roinn ar fáil agus dá bharr sin ní féidir teagmháil a dhéanamh leis an duine sin.
Cé gur léir an tagairt don Mháistir a bhí le bheith ar an árthach i dtaifead 4 (dar dáta an 13 Meitheamh 2005), tugtar faoi deara sa taifead sin chomh maith go ndeachaigh sé féin agus úinéirí an árthaigh "ina mbealaí féin" nuair a cuireadh an nóta lena mbaineann i dtoll a chéile. Ceapaim go bhféadfaí a rá le réasún nach gá go mbreithneodh duine tagairt don Mháistir mar atá i dtaifead 3 mar thagairt don duine céanna dá dtagraítear i dtaifead 4. Ní bhreithním ach oiread gurbh é an duine a cheap an ball criú, a ndeachaigh Ms Moran i gcomhar leis, a bhí ina Mháistir ar an 14 Iúil 2005, an té a bhí le bheith ina Mháistir ar an árthach mar a thagraítear dó i dtaifead 4. (A mhéid is go bhféadfadh sé gurbh é an tUasal Y a bhí ann, mar atá tugtha faoi deara thoil igh sé go scaoilfí faisnéis a bhaineann leis nó leis an árthach M.V. AB chugat.)
Cé nach bhfuil, faoin Acht um SF, ceart crosta ag duine, a dhéanann agóid i gcoinne a fhaisnéis phearsanta a scaoileadh, ar scaoileadh na faisnéise sin, ní mór dom an t-aighneas dealraitheach faoi cén duine a bhí ina Mháistir ar an árthach ar an lá lena mbaineann a thabhairt san áireamh. Breithním gur lú leas an phobail a dhéanfaí dá scaoilfí faisnéis a bhaineann le feidhmíocht dhealraitheach duine aonair inaitheanta más rud é go bhfuil aighneas ann faoi cé hé an duine, i ndáiríre, a gcuirtear síos air san fhaisnéis.
Níl sé beartaithe agam aon chleachtadh a sheoladh chun a fháil amach gan amhras ar bith cén duine a bhí i bpáirt an Mháistir lena mbaineann (agus ní bhreithním gur fúmsa déanamh amhlaidh) agus breithním gurb é céannacht an duine dá dtagraítear mar Mháistir molta i dtaifead 3 a choinneáil siar an bealach is cothroime chun leanúint ar aghaidh. Dá réir sin, cinnim gur chóir na tagairtí don duine sin, mar atá sa dá abairt dheireanacha ar an dara leathanach de thaifead 3, a scaoileadh faoi réir ag a ainm a scriosadh. Breithním go ndéanann sé sin freastal ar bhealach cuí ar leas an phobail ó thaobh a oscailte agus a fhreagraí is a bhí an Roinn ina dearcadh ar chumas oibreoirí an árthaigh de, in imthosca an cháis seo.
A mhéid is a bhaineann sé le taifead 4, níl ann ach aon tagairt amháin do bhall aonair criú (an Máistir a bhí le bheith ar an árthach mar a bhí ag an am). Ó tharla comhthéacs na faisnéise lena mbaineann, ní fheicim go ndéanfaí leas an phobail ar bith dá scaoilfí ainm an duine lena mbaineann, agus ordaím go scaoilfí an tagairt faoi réir ag ainm an bhaill den chriú lena mbaineann a choinneáil siar.
Ó tharla go bhfuil céannacht dháiríre na mball criú dá dtagraítear (cibé acu go sonrach nó go hintuigthe) i dtaifead 3 agus 4 araon coinnithe siar; ó tharla nach féidir baill eile den chriú a aithint as na taifid a léamh; agus ó tharla gur scaoileadh faisnéis phearsanta eile le toil an duine lena mbaineann, tá an t-údar imní is cosúil atá ag an Roinn i ndáil le feidhm an Achta um Chosaint Sonraí inphléite.
Alt 26
Forálann alt 26(1)(a) den Acht um SF go ndiúltófar d ’iarraidh ar rochtain a thabhairt ar thaifead más rud é go gcomhlíonfar ceithre cheanglas charnacha, is iad sin:
- gur tugadh an fhaisnéis i modh rúin agus
- gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn tuisceana go ndéileálfaí léi mar fhaisnéis faoi rún agus
- gur dóigh, dá nochtfaí an fhaisnéis, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile sa todhchaí, agus
- go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d’fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht.
D ’fhonn alt 26(1)(b) den Acht um SF a agairt go rathúil, is gá a thaispeáint gurbh ionann an nochtadh sin agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d’achtachán nó thairis sin le dlí. Nílim ar an eolas faoi chomhaontú ná faoi achtachán ar bith a bhféadfadh dualgas rúndachta a bheith ann dá bhun sa chás seo (ná níor moladh aon cheann ach oiread). Dá bhrí sin, is "thairis sin le dlí" an t-aon bhealach ina bhféadfadh dualgas rúndachta a bheith sa chás seo: i bhfocail eile, más ann do dhualgas cothromais rúndachta.
D’fhonn dualgas cothromais rúndachta a bheith ann, breithníonn an Oifig seo nár mhór go gcomhlíonfaí trí choinníoll, viz.
- ní mór go mbeadh an caighdeán riachtanach rúndachta ag baint leis an bhfaisnéis atá sa taifead agus
- ní mór go mbeadh an fhaisnéis curtha ar fáil in imthosca a chuirfeadh oibleagáid rúndachta i bhfeidhm agus
- ní mór go mbeadh úsáid neamhúdaraithe na faisnéise sin ann chun aimhleas an pháirtí atá á cur in iúl.
Tá an sainmhíniú seo a leanas ar "rúndacht" a tógadh ó "Breach of Confidence" le F. Gurry in Essays in Equity; P. Finn (Ed.); Law Book Company, 1985, (leathanach 111) glactha ag an Oifig:
"A confidence is formed whenever one party ('the confider') imparts to another ('the confidant') private or secret matters on the express or implied understanding that the communication is for a restricted purpose." (féach cás Uimhir 98179 – An tUasal Michael Grange agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta).
Ceanglaítear le hAlt 26(3) leas an phobail a bhreithniú maidir le taifead ag a bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) maidir leis.
Ar deireadh, forálann alt 26(3) go bhféadfar taifead a chinnfear a bheith díolmhaithe faoi alt 26(1)(a) a scaoileadh más rud é gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ar thaifead ná trí dhiúltú géilleadh di.
Ba iad na hargóintí a rinne an Roinn i dtús báire (arna leagan amach ina haighneacht dar dáta an 28 Lúnasa 2007) i ndáil leis an bhforáil seo go bhfuarthas na taifid i modh rúin de réir Alt 26 chomh maith agus nach bhféadfaí iad a scaoileadh chuig tríú páirtí. Dúradh san aighneacht sin chomh maith go bhfuil tuarascálacha óna suirbhéirí chuig an Ard-Suirbhéir faoi rún de réir Alt 26(1)(a) den Acht um SF agus dá scaoilfí iad go mbainfí an bonn de thuairisciú oscailte na suirbhéirí chuig an Ard-Suirbhéir agus go ndéanfadh sin dochar do shábháilteacht an phobail agus nach ndéanfaí leas an phobail.
Tharchuir Ms Moran an Roinn, ar an 3 Meán Fómhair 2007, d’fhorálacha alt 26(2) den Acht um SF, a fhorálann nach mbeidh feidhm ag alt 26(1)(a) maidir le taifead arna ullmhú ag comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh "murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí". Dúirt sí leis an Roinn nach bhféadfadh a hargóint, go bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) maidir leis an bhfaisnéis a thug suirbhéirí na Roinne don Ard-Suirbhéir le linn a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh, seasamh i gcoinne an mhéid sin.
D’ainneoin sin, chuir an Roinn in iúl an athuair ina haighneacht dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007 go mbeadh sé ríthábhachtach go mbeadh Suirbhéirí ábalta tuairisciú go hoscailte chuig an Ard-Suirbhéir. Mura gcloífí leis sin go mbainfí an bonn de shábháilteacht mhuirí agus nach ndéanfaí leas an phobail. Dar léi baineann an mhír seo le feidhmiú Oifig na Suirbhéireachta Mara agus lena riachtanaí is atá sé, ó tharla an chineáil oibre scaipthe a bhí onn faoi Oifig na Suirbhéireachta Mara, go mbeadh na Suirbhéirí ábalta tuarascálacha a sheoladh chuig an Ard-Suirbhéir. Dar léi tá dualgas ar an Roinn ó thaobh an dlí de, gan na tuarascálacha a nochtadh, ó tharla go bhfuil ceanglas ann imscrúduithe cosúil leis an gceann seo a choinneáil i modh rúin. Dar léi gur iomaí cruth a bhíonn ar an dualgas seo agus tagraíonn sí dá dualgais faoin Acht um Chosaint Sonraí, de bharr go mbíonn faisnéis sna tuarascálacha ó na Suirbhéirí chuig an Ard-Suirbhéir i modh rúin laistigh de bhrí an Achta um Chosaint Sonraí agus nach bhféadfaí í a scaoileadh faoi fhorálacha an Achta sin.
("[i]t is essential for Surveyors to be able to report openly to the Chief Surveyor. If this is not allowed to stand than (sic) this will undermine maritime safety and not be in the public interest. This section is related to the functioning of the MSO and the necessity due to the dispersed nature of the work of the MSO for Surveyors to send in reports to the Chief Surveyor. There is a lawful obligation on the Department not to disclose these reports, as there is a requirement to keep investigations such as this confidential. This obligation is in many forms and we refer to our obligations under the Data Protection Act, as the reports from the Surveyors to the Chief Surveyor contain information, which is confidential within the meaning of the Data Protection Act and may not be released under its provisions.)"
Deirtear san aighneacht ansin nach mbeadh Éire ag tarraingt leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir leis seo dá scaoilfí an fhaisnéis. Leanadh ar aghaidh agus áitíodh gur chuir an máistir agus na baill den chriú go leor den fhaisnéis sna taifid iarrtha ar fáil do na Suirbhéirí ar an tuiscint gurb é nós agus cleachtas Oifig na Suirbhéireachta Mara déileáil leis an bhfaisnéis a thugtar le linn tástálacha agus druileanna i modh rúin. Dar léi gurb amhlaidh go gcuirfeadh scaoileadh faisnéis den sórt an caidreamh idir na Suirbhéirí agus lucht mara i mbaol in imthosca den sórt sa todhchaí agus go gcoiscfeadh sé sin faisnéis a thabhairt ar bhealach oscailte. Dar léi tá sé tábhachtach ar mhaithe le leas an phobail go leanfaí ag tabhairt an chineáil faisnéise seo d’Oifig na Suirbhéireachta Mara." ("… much of the information in the requested records was provided to the Surveyors by the master and crew members on the understanding that it is custom and practice of the MSO to treat information provided during test and drills in confidence. The release of such information is likely to jeopardise the relationship between Surveyors and seafarers in similar situations in future and prevent information being giving (sic) in an open manner. It is important in the interest of public safety that the MSO continues to receive this class of information.)"
Lean údar na litreach ar aghaidh agus thug breac-chuntas gurbh í a thuiscint, tríd is tríd, nárbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí scaoileadh na faisnéise seo de bharr na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar staid fostaíochta agus ar ionchais lucht mara agus de bharr na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar chumas Oifig na Suirbhéireachta Mara a sainchúram ó thaobh sábháilteacht an phobail de a chomhlíonadh. ("... on balance, the public interest would not be best served by the release of this information due to the implications it could have on the employment status and prospects of the seafarers and the implications it could have on the ability of the MSO in performing it (sic) public safety remit.") Níor cuireadh leis an méid seo san aighneacht dheiridh a rinne an Roinn.
Déileálfaidh mé ar an gcéad dul síos le hargóintí leanúnacha na Roinne go bhfuil faisnéis a chuireann na Suirbhéirí ar fáil don Ard-Suirbhéir díolmhaithe faoi alt 26. Mar atá leagtha amach ar an leathanach roimhe seo den bhreith seo, is léir go bhforálann alt 26(2) den Acht um SF nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag alt 26(1) maidir le faisnéis i dtaifead arna ullmhú ag comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh (faoi mar a bhíonn nuair a bhíonn suirbhéir ag ullmhú tuarascála ar shuirbhé nó ar chigireacht a sheol sé nó sí) murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí". Ní shamhlaítear le halt 26(2), cé gur cosúil go bhfuil amhlaidh á mholadh ag an Roinn, cás inar féidir go mbeadh dualgas rúndachta ar bith i ndáil le faisnéis a sholáthair siad dá chéile ag dul do chomhaltaí d’fhoireann comhlachta phoiblí dá chéile.
Dá réir sin, ní chinnim go bhfuil feidhm ag alt 26(1) maidir le faisnéis arna soláthar ag na Suirbhéirí don Ard-Suirbhéir. Is amhlaidh go bhfuil mé míshuaimhneach go ndearna an Roinn argóint den sórt ar an gcéad dul síos, ó tharla nach coincheap nua é seo agus ó tharla chomh fada is atá an tAcht um SF i bhfeidhm. Cuireann sé an-imní orm chomh maith gur chloígh an Roinn lena dearcadh cé gur tharraing Ms Moran aird na Roinne ar fhorálacha alt 26(2).
Cinnim mar seo a leanas agus alt 26(1) á bhreithniú agam:
- Tá "barúlacha" (observations) agus conclúidí an Chaptaein amháin i dTaifead 1. Mar a luaitear thuas, níl faisnéis a chuireann comhalta amháin d’fhoireann comhlachta phoiblí ar fáil do chomhalta eile díolmhaithe faoi alt 26(1). Ina theannta sin, ní bhreithním go bhféadfadh sonraí faoi bharúlacha suirbhéara a bheith faoi réir dualgas rúndachta, mura mbeadh ann ach nár chuir aon duine na tuairimí ná na barúlacha sin faoi bhráid an tsuirbhéara sin. Ní thagraíonn an tuarascáil lena mbaineann d’fhaisnéis a bheith á cur ag aon bhall den chriú ná ag aon duine eile faoi bhráid an Chaptaein sin, seachas na tráchtaireachtaí a rinne an tUasal Y i ndáil leis an M.V. AB. Ó tharla gur thoiligh an tUasal Y faisnéis a bhaineann leis an árthach a scaoileadh chugat, níl forais ar bith agam chun a chinneadh go bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) ná (b) maidir leis an bhfaisnéis seo. ’alt 26(1)(a) maidir leis.
- Barúlacha a údair, an Captaen, atá i bhformhór de Thaifead 2. Tagraítear ann chomh maith, áfach, do thráchtaireacht a rinne duine neamhaitheanta. Táim den tuairim nach féidir an duine lena mbaineann a aithint agus sa chás sin ní féidir go mbeadh feidhm ag an tríú ceanglas d’alt 26(1)(a) maidir leis. Cinnim chomh maith ó tharla nach féidir an duine a rinne an tráchtaireacht a aithint nach bhféadfaí aon dochar a dhéanamh don pháirtí lena mbaineann. Cinnim nach bhféadfadh go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(a) ná 26(1)(b) maidir leis an tráchtaireacht.
- Níl faisnéis ar bith a nglacfaí léi mar fhaisnéis a bhfuil gné rúnda ag baint léi i dTaifead 3. Cé go bhfuil tagairt i dhá abairt do dhuine aonair amháin ag deireadh an dara leathanaigh, a bhféadfaí an argóint a dhéanamh ina leith gur tugadh i modh rúin í, tá ordaithe agam cheana go gcoinneofaí siar ainm an duine lena mbaineann faoi alt 28 den Acht um SF. Ina fhianaise sin, ní ghlacaim leis go bhféadfadh feidhm a bheith ag an tríú ceanglas d'alt 26(1)(a) maidir leis an gcuid eile den dá abairt lena mbaineann, ná ní ghlacaim leis go bhféadfaí dochar ar bith a dhéanamh don pháirtí a chur in iúl í, agus sa chás sin cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) ná (b) maidir léi.
- Tagraíonn Taifead 4 (an chéad leathanach) do chomhrá idir an Captaen agus tríú páirtí. Nílim den tuairim go bhfuil an caighdeán riachtanach rúndachta ag baint leis an bhfaisnéis lena mbaineann, a bhfuil gné ghinearálta ag baint léi, a cheanglódh orm í a bhreithniú mar fhaisnéis dhíolmhaithe faoi alt 26(1)(a) nó (b).
D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gur tugadh tráchtaireacht eile, a cuireadh i leith ball áirithe den chriú nach n-ainmnítear agus atá le fáil ar leathanach a dó den taifead seo, i modh rúin. Ó tharla cuspóir an imscrúdaithe seo, agus ó tharla chineál na tráchtaireachta lena mbaineann, nílim sásta go bhfuil an tráchtaireacht den chineál go bhféadfaí a rá gur tugadh í in imthosca a leagann oibleagáid rúndachta uirthi ná go bhfuil an caighdeán riachtanach rúndachta ag gabháil léi. Is chun leasa an bhaill sin den chriú (agus chun leasanna na mball eile den chriú) páirt a ghlacadh sa chigireacht chomh maith is a bhíonn ar a gcumas, chun a chinntiú nach nglacfaí droch-chinneadh ina n-aghaidh ná in aghaidh an árthaigh ar a bhfuil siad ag obair. Dá bhrí sin d’fhéadfaí an argóint a dhéanamh i gcoinne na faisnéise sna taifid a bheith den chineál gur dóigh, dá scaoilfí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile sa todhchaí. Sa chás seo, ní raibh an Roinn ábalta sonraí teagmhála an duine lena mbaineann a sholáthar dom. Tá an cinneadh déanta agam cheana nach bhféadfaí a mhaíomh gur faisnéis phearsanta chun críocha alt 28 atá sa tagairt seo don bhall den chriú, mar atá sna taifid.
Dá réir sin, ó tharla nach bhféadfar an duine lena mbaineann a aithint tríd an tráchtaireacht atá i gceist a scaoileadh, ní fheicim cúis ar bith go nglacfaí leis go mbeadh drogall ar dhuine den sórt nó daoine den sórt faisnéis den sórt a sholáthar do shuirbhéirí na Roinne sa todhchaí. Fágann sin chomh maith nach nglacaim leis go bhféadfaí dochar ar bith a dhéanamh don pháirtí a rinne an tráchtaireacht. Cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) ná (b).
Ar deireadh, tá tráchtaireacht ar leathanach 3 den taifead seo a bhféadfaí a rá gur i modh rúin a tugadh í. Tá cinneadh déanta agam cheana, áfach, go bhfuil céannacht an duine dá dtagraítear ann díolmhaithe faoi alt 28 den Acht um SF agus ní fheicim cúis ar bith lena chinneadh go bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leis an gcuid eile de, ar chúiseanna cosúil le m’fhionnachtana maidir leis an tagairt dhá abairt a rinneadh do dhuine aonair ar leathanach 2 de Thaifead 3.
Alt 21
Forálann alt 21(1)(a) do dhiúltú géilleadh do thaifead más rud é go bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil leis dá scaoilfí an taifead "go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh".
Is í an tástáil díobhála in alt 21(1)(a) nach mór a bhreithniú is ea cibé an bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil leis dá scaoilfí an taifead go ndéanfaí "dochar" d'éifeachtacht na bhfiosrúchán agus araile a sheolann an Roinn maidir le hiarrthóirí ar phost. Ní mór do chomhlacht poiblí, i dtús báire, an díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh, dar leis, do na fiosrúcháin agus araile a sheolann sé, dá nochtfaí na taifid lena mbaineann, a aithint. Ach an díobháil sin a bheith aitheanta, ansin ní mór dó an réasúntacht go dtarlódh a leithéid de dhíobháil, a bhreithniú. Ina theannta sin dá n-éileofaí go bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a), ní mór eisceacht réasúnach a bheith ann maidir leis an díobháil réamh-mheasta de bharr an scaoilte.
Ní dúradh in aighneacht na Roinne dar dáta an 28 Lúnasa 2007 maidir leis na tuarascálacha ach go bhfuarthas na tuarascálacha mar chuid d’fheidhmeanna agus de nósanna imeachta imscrúduithe na Roinne chun oiriúnacht agus sábháilteacht an árthaigh phaisinéirí ó thaobh a raon loingseoireachta a athrú, a chinneadh. ("had been obtained as part of the functions and procedures of the Department in its investigations to determine the suitability and safety of the passenger vessel to change its plying limits.) Dúradh nár cheart go scaoilfí na taifid seo de réir Alt 21 den Acht um SF; dá ndéanfaí amhlaidh dhéanfaí dochar d’éifeachtacht nósanna imeachta na Roinne maidir le sábháilteacht an phobail ar árthaí paisinéirí a chinntiú. (These records must not be released in accordance with Section 21 of the FOI Act; as to do so would prejudice the effectiveness of the Department's procedures with regard to ensuring public safety on passenger vessels.)
Thug aighneacht na Roinne dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007, agus alt 21(1)(a) den Acht um SF á lua, breac-chuntas ar a dearcadh i gcás go scaoilfí na taifid go ndéanfaí dochar d’éifeachtacht na dtástálacha, na scrúduithe, na n-imscrúduithe, na bhfiosrúchán agus na n-iniúchtaí a sheolann Suirbhéirí na Roinne d’fhonn sábháilteacht na gcóras iompair phoiblí a mheas.
Leagadh béim san aighneacht gur fostaithe poiblí iad na suirbhéirí a ghníomhaíonn ar son an Aire agus an phobail, a dhéanann measúnuithe neamhspleácha sábháilteachta agus go gcinntear ar thorthaí na measúnuithe sin cibé acu an bhféadfaidh long paisinéirí a iompar. Dúradh ann gur torthaí ar dhruileanna sábháilteachta a rinne suirbhéirí na Roinne iad na taifid a lorgaíodh agus gur scrúduithe/imscrúduithe iad sin ar chumas chriú na loinge feidhmeanna ríthábhachtacha sábháilteachta a fheidhmiú. Deireann an Roinn, ó thaobh na gcásanna seo, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh próiseas oscailte i bhfeidhm; gurb é an suirbhéir, i ndáiríre, an scrúdaitheoir agus gurb iad an máistir agus an criú na hiarratasóirí agus gur ann do na tástálacha chun a fháil amach an bhfuil an long agus an criú feiliúnach chun seirbhís a sholáthar. Deirtear in argóint a dhéantar ann – argóint gur cosúil í a bheith níos iomchuí d’alt 26 – go bhfuil faisnéis faoi rún sna taifid dá réir sin agus gur léir go bhfuil gach rud faoi mhodh rúin, go bhfuil an t-acht um chosaint sonraí iomchuí sa chás seo chomh maith.
Deirtear in aighneacht na Roinne chomh maith:
- gur cinnte go ndéanfadh nochtadh na faisnéise seo dochar do thabhairt faisnéise do Shuirbhéirí sa todhchaí, de bharr go bhfuil sé tábhachtach le linn druileanna a bheith á ndéanamh gurb ann do bhéascna nach gcuirfí milleán ar dhuine de bharr gurb í aidhm na ndruileanna laige i bhfeidhmíocht an chriú a aithint ar mhaithe le béim a leagan ar easnaimh agus chun réiteach a fháil orthu. Gurb é a beartas nach gcuirfí an fhaisnéis seo in iúl don úinéir de bharr go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’ionchais fostaíochta an chriú. Go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuigfí nach mbíonn an máistir ná an criú ar a gcompord go minic thart ar Shuirbhéirí na Roinne le linn druileanna , de bharr go bhfeictear don chriú gur scrúdaitheoirí iad na Suirbhéirí agus go bhfuiltear á dtástáil agus go bhféadfadh go mbeadh imní orthu go gcaillfeadh siad a bpoist dá bhfeidhmeodh siad go dona os comhair na Suirbhéirí agus dá bh faigheadh na húinéirí amach faoi. Is maith atá na Suirbhéirí san airdeall faoi seo agus bíonn siad ar a ndícheall chun an fheidhmíocht is fearr a éilítear ar an gcriú a fháil uathu. Déanann na Suirbhéirí a ndícheall an criú a chur ar a gcompord agus ní ligfidh siad a dtráchtaireachtaí faoi fheidhmíocht an chriú leis an úinéir. I gcás go scaoilfí an fhaisnéis seo chuig an úinéir, ní bheadh an criú díreach leis na Suirbhéirí sa todhchaí agus b’fhéidir go gceilfeadh siad laigí ag súil nach dtabharfaí faoi deara iad. Is é an t-ábhar is mó imní nach mbeifí muiníneach as na Suirbhéirí agus go bhfanfadh an criú ciúin agus go mbeadh siad ar a gcosaint ar a gcaidreamh leis na Suirbhéirí. Dhéanfadh sé sin dochar don Roinn ó thaobh a bheith ábalta measúnuithe córa a dhéanamh ar an gcriú agus is é an toradh a bheadh air go gceilfí fadhbanna agus nach réiteofaí iad i gcomhluadar daoine a mbeadh muinín acu as a chéile. Bheadh tionchar tromchúiseach aige seo ar shábháilteacht mhuirí; agus is cinnte nach ndéanfaí leas an phobail amhlaidh.
("[d]isclosure of this information would most definitely prejudice the giving of information to Surveyors in the future, as during drills it is essential that there is a no-blame culture as the aim is to identify weaknesses in the performance of the crew with the aim to highlight the deficiencies and to rectify them. It is our policy that the owner is not informed of this information as it could adversely affect the crew's employment prospects. It is very important to realise that during drills the master and crew are often very nervous of the Departmental Surveyors as the crew see the Surveyors as examiners and that they are being tested, the crews may be fearful of losing their jobs if they perform poorly for the Surveyors and if the owners find out. The Surveyors are well aware are of this and do their best to bring out the best performance required of the crew. The Surveyors endeavour to put the crews at their ease and will not divulge to the owner their comments on the crew's performance. If this information was released to the owner, then the crews would not be open in the future and they may cover up weaknesses hoping they would not be noticed. Of most concern is the loss of trust in the Surveyors and the crews would "clam-up" and be defensive in their relationship with the Surveyors. This would be very detrimental to our ability to conduct fair assessments of crew and would lead to situations where problems were hidden and not addressed in a mutually trusting atmosphere. This would have a severe effect on maritime safety; and this would assuredly not be in the public interest.")
Éilítear ann chomh maith go bhfuil faisnéis sna taifid ina theannta sin agus dá mba rud é go scaoilfí chuig an úinéir iad go bhféadfaí iad a scaipeadh ar dhaoine eile, agus go bhféadfaí bonn a bhaint de cháil an mháistir agus an chriú agus go bhféadfadh mar gheall air sin go ndéanfaí dochar dá n-ionchais fostaíochta sa todhchaí. Luann an Roinn ansin gur cuireadh torthaí na measúnuithe in iúl don úinéir agus don phobal trí bhíthin theastas sábháilteachta na loinge agus an raon loingseoireachta a eisiúint.
Dhiúltaigh Ms Moran do na hargóintí seo ina litir dar dáta an 11 Meán Fómhair 2007. Dúirt sí dá mbeadh dóthain oiliúna ar an gcriú gur chóir go mbeadh sé sin le tabhairt faoi deara ag na cigirí agus mura mbeadh oiliúint ar bhaill den chriú nó mura mbeadh siad toilteanach gach a mbeadh ar eolas acu a roinnt leis an Roinn, gur chóir gurb í sábháilteacht na mball eile den chriú nó sábháilteacht na bpaisinéirí ar bord an árthaigh, a ndéanfadh an easpa scileanna riachtanacha difear dóibh, an ní ba mhó a dhéanfadh imní do na suirbhéirí. Aontaím lena dearcadh. I gcás den sórt, ní fheicim cúis ar bith le nach ndéanfadh na suirbhéirí ach diúltú an t-árthach a dheimhniú.
Chuir Ms Moran a dearcadh faoi bhráid na Roinne, sé sin nach bhféadfadh an Roinn coinneáil siar faisnéise ó úinéir árthaigh a chosaint – faisnéis mar shampla faoi gan é a bheith ar chumas ball criú trealamh múchta dóiteáin a úsáid – díreach chun ionchais fostaíochta an bhaill chriú lena mbaineann a chosaint; faoi mar a tharlódh in aon chás fostaíochta eile, mura mbíonn ball criú ag teacht leis an gcaighdeán riachtanach gur faoin mball criú lena mbaineann a chinntiú go mbainfidh siad amach na caighdeáin chun a n-ionchais fostaíochta féin a chinntiú. Dúirt sí gurbh é an dearcadh a bhí aici gur gá d’úinéir an árthaigh a bheith ar an eolas faoi easnaimh a bheadh á dtaispeáint ag an gcriú chun a chinntiú go soláthrófaí oiliúint iomchuí nó fiú féin chun a chinntiú go bhfostófaí criú a mbeadh oiliúint níos fearr curtha orthu chun sábháilteacht an árthaigh, an chuid eile den chriú agus chun sábháilteacht na bpaisinéirí a chinntiú. Dúirt sí gur bhreithnigh sí gur mhó d’imní í sábháilteacht na gcóras iompair phoiblí a chinntiú ná an imní fa oi ionchais fostaíochta mháistir agus chriú na loinge a bhféadfadh nach mbeadh a gcaighdeáin ag teacht leis an gcaighdeán riachtanach a chinnteodh sábháilteacht den sórt.
D’fhreagair an Roinn agus dúirt gur eisigh na Suirbhéirí tuarascáil faoin suirbhé ar an úinéir chun é a chur ar an eolas faoi na heasnaimh a bhí feicthe acu, agus chuir an Roinn cóip den tuarascáil sin ar fáil do m’Oifig. Dúradh san aighneacht, maidir le ceanglas áirithe amháin ar cuireadh an t-úinéir ar an eolas faoi, go raibh an oiliúint riachtanach curtha i gcrích ag an úinéir. Dúradh inti chomh maith go bhfuil teastais reachtúla inniúlachta faighte ag an gcriú agus go bhfuil siad ábalta ó thaobh an dlí de a ndualgais shainithe a chomhlíonadh, ní mór meas a bheith ar a gceart slí bheatha a shaothrú. Áitítear inti go ndearnadh an pobal a chosaint trí gan cead a ligean don long seirbhís a sholáthar as [láthair], agus trí chomhairle a chur ar an úinéir faoi na heasnaimh. Dúradh inti gur baineadh amach na cuspóirí go léir: an pobal a chosaint, na heasnaimh go léir aimsithe i measúnú iomlán ar an gcriú, meas léirithe ar fhostaíocht an chriú agus ar a gcearta pearsanta agus an t-úinéir curtha ar an eolas faoi easnaimh a bheidh le réiteach.
Is cosúil go n-áitíonn an Roinn go ndéanfaí dochar d’éifeachtacht a tástálacha, chomh maith leis na nósanna imeachta nó na modhanna trína seolann sí na tástálacha siúd, dá scaoilfí an fhaisnéis atá i gceist. Is cosúil gur bunaíodh é sin i bpáirt ar an imní a bhí uirthi go mbeadh tionchar ag scaoileadh na dtaifead ar ionchais fostaíochta an chriú agus go mbeadh drogall orthu páirt a ghlacadh sna measúnuithe lena mbaineann dá thoradh sin agus dá bhrí sin dhéanfaí dochar d’ábaltacht na Roinne a himscrúduithe a sheoladh. Nílim sásta, áfach, go háirithe sa chás seo, in éagmais ábhair trína bhféadfaí na baill áirithe den chriú nár thoiligh go scaoilfí faisnéis phearsanta fúthu a aithint, go bhféadfadh, dá mba rud é go n-ordóinn go scaoilfí na taifid faoi SF, aon tionchar den sórt a bheith ar a n-ionchais fostaíochta. Cinnim chomh maith nach réitíonn an míniú a thug an Roinn faoin gcúis nach raibh sí ábalta ainmneacha ná seoltaí chriú iomlán an M.V. AB a sholáthar do m’Oifig (.i. nach mbíonn ainmneacha ná seoltaí bhaill an chriú go léir aici mar go n-aistríonn siad ó long go long, ó chuideachta go cuideachta agus ó thír go tír) leis an éileamh a rinne sí go mbeadh ionchais fostaíochta criú den sórt i mbaol dá scaoilfí na taifid atá i gceist.
Aontaím, in aon chás, le dearcadh Ms Moran go mbeadh ar chumas an chriú na scileanna riachtanacha a thaispeáint do na suirbhéirí dá mbeadh siad acu agus sa chás sin mheasfaí go n-éireodh leo sa scrúdú. Más rud é nach bhfuil na scileanna acu, nó go ndiúltaíonn siad iad a thaispeáint, ní bheidh ar chumas na suirbhéirí ‘pas’ a thabhairt don chriú, ná an t-árthach a dheimhniú. Feictear domsa nach ionann an cás deiridh a luadh agus gan na suirbhéirí a bheith ábalta a bpoist a chomhlíonadh; breithním go gceanglaíonn a bpoist orthu teacht ar fhionnachtana diúltacha i gcás nach gcomhlíontar nó nach dtaispeántar na riachtanais iomchuí. Bheadh sé le rá agam chomh maith dá mba rud é go nglacfaí leis nach mbeadh ball criú a bhfuil dóthain oiliúna air/uirthi ábalta gach a bhfuil foghlamtha aige/aici a thaispeáint de bharr an struis a bhaineann le scrúdú ó chigirí na Roinne, go gcaithfí an cheist a chur conas mar a d’éireodh leis an mball criú sin déileáil le heachtra dáiríre éigeandála gur thrúig bháis nó bheatha í.
Sna himthosca sin cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a) maidir leis. Fiú i gcás go nglacfainn leis go bhfuil feidhm ag alt 21(1)(a) chinnfinn gur ghá na taifid a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail de bharr na gcúiseanna a leagadh amach níos luaithe.
Alt 23
Tá an argóint déanta ag an Roinn go gcuirfeadh scaoileadh na dtaifead bac ar nósanna imeachta na Roinne chun sábháilteacht an phobail a chinntiú agus chun sábháilteacht mhuirí agus ionchúisimh féideartha a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin go bhfuil na taifid díolmhaithe faoi alt 23(1)(a)(i), (ii), (iii) agus (vii) den Acht um SF.
Tá alt 23(1)(a) ceaptha chun faisnéis a chosaint, más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí í:
(i) go ndéanfaí dochar nó díobháil do chosc, bhrath nó imscrúdú cionta, gabháil nó ionchúiseamh ciontóirí nó éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha na nithe réamhráite;
(ii) forfheidhmiú, comhlíonadh nó riaradh aon dlí;
(iii) modhanna, córais, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha chun sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht nó slándáil daoine agus maoine a chinntiú; nó
(iv) cothroime imeachtaí coiriúla i gcúirt nó imeachtaí sibhialta i gcúirt nó i mbinse eile.
Ní gá breithniú a dhéanamh ar leas an phobail faoi alt 23 ach amháin in imthosca teoranta.
Luaigh an Roinn ina haighneacht dar dáta an 28 Lúnasa 2007 go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuimhneofaí ar an mífhaisnéis maidir leis an úinéireacht de bharr go bhfuil sé tábhachtach faoi alt 23 den Acht um Shaoráil Faisnéise nach scaoilfeadh an Roinn faisnéis a d’fhéadfadh dochar nó díobháil a dhéanamh d’fhorfheidhmiú nó do riar aon dlí agus go bhfuil sé de chúram ar an Roinn ach go háirithe sábháilteacht an phobail a bhíonn ag taisteal a chosaint.
Lean an Roinn uirthi agus dúirt gur údar mór imní di teagmhais agus timpistí lena mbaineann sábháilteacht phaisinéirí ar árthaí muirí agus go raibh fonn uirthi a chinntiú nach lagófaí an t-iontaobhas a cruthaíodh leis an tionscal le blianta beaga anuas. Dúirt an Roinn dá scaoilfí an fhaisnéis atá iarrtha ag tríú páirtí agus sa chás seo de bharr gur thug duine de na páirtithe mífhaisnéis faoin mbaint a bhí aige leis an árthach seo, go lagófaí riar sábháilteachta muirí agus gur léir nach mbeadh sé sin ar mhaithe le leas an phobail. Tá sé tábhachtach ar mhaithe le dea-riar sábháilteacht mhuirí agus le forfheidhmiú dlí, nach cóir go scaoilfí an fhaisnéis sin, a fuair an Roinn seo i bhfeidhmiú a feidhmeanna mar rialtóir sábháilteachta muirí. Feidhm de chuid na Roinne seo is ea sábháilteacht mhuirí a fhorfheidhmiú agus dar leis an Roinn dá scaoilfí faisnéis ar bith dhéanfaí dochar do ghníomhartha forfheidhmithe ar bith a shocródh an Roinn a ghlacadh. ("[t]o release the information requested by a third party and in this case where one of the parties had misrepresented their involvement with this vessel would undermine maritime safety administration and this is clearly not in the public interest. It is important for the good administration of maritime safety and law enforcement that information, obtained by this Department in exercising its role as the maritime safety regulator, should not be released. The enforcement of maritime safety is a function of this Department and to release any information would, in the Department's opinion, be detrimental to any enforcement actions, which the Department may choose to take.")
Cheistigh Ms Moran iontaoibh na Roinne san fhoráil seo ina litir chuig an Roinn dar dáta an 3 Meán Fómhair 2007. Dúirt an Roinn sa fhreagra a thug sí ar an 10 Meán Fómhair:
go bhfuil sé ríthábhachtach go gcoinneofaí tuarascálacha ar bith ar imscrúduithe ar bith a chuirtear faoi bhráid an Ard-Suirbhéara faoi rún chun go ndéanfar na nósanna imeachta dleathacha a chinnteoidh sábháilteacht an phobail a chothabháil. Chuir an Roinn an t-úinéir go maith ar an eolas faoi thoradh na measúnuithe. ... Bunaíodh gnéithe eile den bhreith ar thuarascálacha ó bhéal a fuarthas ó shuirbhéirí eile agus ar thaithí agus ar shaineolas Oifig na Suirbhéireachta Mara. Tá sé ríthábhachtach, faoi na hailt seo den Acht, go gceadófaí do Shuirbhéirí agus do lucht mara ar bord na loinge bheith i mbun na ndruileanna riachtanacha sábháilteachta i gcomhluadar oscailte agus muiníneach ina n-aontaítear nach doiciméid phoiblí iad na tuarascálacha de bharr gur measúnuithe ar inniúlacht na ndaoine aonair atá iontu agus go bhféadfaí damáiste a dhéanamh d’ionchais fostaíochta an lucht mara ar longa sa todhchaí dá scaoilfí iad. ("[i]t is essential that any reports produced to the Chief Surveyor as a result of any investigations remain confidential in order to allow the lawful procedures in ensuring public safety is maintained. The Department did make the owner well aware of the result of the assessments. ... Other elements in the decision were based on verbal reports from other surveyors and the experience and expertise of the MSO. It is essential that under these sections of the Act that the Surveyors and seafarers onboard the ship are enabled to carry out the required safety drills in an open and trusting environment where it is agreed that the reports are not public documents as they are assessments of the competency of individuals and their release could damage the employment prospects of seafarers on future ships (sic).")
Leanadh ar aghaidh sa fhreagra agus dúradh ann:
Ó thaobh na Roinne seo de tá na himscrúduithe agus na tuarascálacha measúnaithe seo faoi rún agus ríthábhachtach d ’fhorfheidhmiú sábháilteachta muirí. Dá mba rud é go gcuirfí tuarascálacha den sórt ar fáil don phobal d ’fhéadfadh go stopfaí ag tabhairt faisnéis ríthábhachtach sábháilteachta iontu a bhainfeadh le feidhmíocht daoine aonair agus d’fhéadfadh chomh maith go mbeadh srian leis an bhfaisnéis a bheadh ar fáil don Ard-Suirbhéir dá chinnteoireacht. Dhéanfadh sé sin an-dochar do Shábháilteacht Mhuirí agus ní dhéanfaí leas an phobail ná leas an lucht mara. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuireann an Roinn toradh na measúnuithe ar fáil agus cuireadh an toradh ar an gcás seo in iúl don Uasal Y. (Is leis an Roinn an bhéim.)
("From this Department's perspective these investigations and assessment reports are confidential and essential to the enforcement of maritime safety. If such reports were to be made public then it is possible that they may cease to contain vital safety information relating to individual performances as well as limiting the input of the decision making of the Chief Surveyor. This would be very detrimental to Maritime Safety and not in the public interest nor in the interest of seafarers. It is important to note that the Department makes the outcome of the assessments available and the result in this case was made known to Mr Y.")
D’fhreagair Ms Moran an Roinn agus dúirt sí nach léir dise go bhféadfaí a rá gurbh fhaisnéis ar chóir a bheith díolmhaithe faoi na forálacha arna lua ag an Roinn iad na tráchtaireachtaí sna taifid. Tharchuir sí an Roinn dá tráchtaireachtaí maidir le halt 21(1)(a) agus thug sí breac-chuntas ar an gcúis gur mheas sí nach raibh feidhm ag alt 23. Níor thagair aighneacht na Roinne dar dáta an 14 Meán Fómhair 2007 go díreach don dearcadh sin.
Mar achoimre aontaím le dearcadh Ms Moran nach dócha, dá gceilfí easnaimh (nó an comhthoradh, an dea-chleachtas nó fiú an cleachtas den scoth) a tugadh faoi deara maidir le scileanna an chriú, go gcuirfí cosc, brath nó imscrúdú cionta, gabháil nó ionchúiseamh ciontóirí nó éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha nithe den sórt, chun cinn. Dá bhrí sin, ní fheicim cén chaoi a bhféadfadh scaoileadh na dtaifead atá i gceist cur isteach ar chumas na Roinne a cuid oibre de bheith ag cosc, ag brath nó ag imscrúdú cionta, nó a bheith ag gabháil nó ag ionchúiseamh ciontóirí, a sheoladh.
Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faoi deara gur cineál faisnéise ab ea an fhaisnéis, den chuid is mó, a bhí tugtha faoi deara ag foireann na Roinne. Cinneadh nach bhfuil aon fhaisnéis sna taifid a bhí tugtha ag baill chriú den chineál go mbeadh sí díolmhaithe óna scaoileadh faoi alt 26(1)(a), agus ina theannta sin sa chás seo, coinníodh siar ainmneacha na mball criú inaitheanta (cé is móide den Uasal Y a thoiligh do scaoileadh den sórt). Dá réir sin, ní féidir seasamh le hargóint ar bith a mhaífeadh go mbeadh mar thoradh ar scaoileadh na dtaifead sa chás seo nach soláthródh ball criú ar bord árthaigh a mbeadh cigireacht á déanamh air, faisnéis iomchuí do suirbhéir, agus chuige sin go gcuirfí isteach ar éifeachtacht modhanna, córas, pleananna, nósanna imeachta dleathacha agus araile a úsáidtear sa Roinn chun críocha nithe den sórt. Cinnim, dá réir, nach bhfuil feidhm ag alt 23(1)(a)(i).
Breithním chomh maith i gcás nach dtaispeánfaí na scileanna riachtanacha, a mhéid is go bhféadfaí sárú dlí a bhreithniú, go mbeadh fós ar chumas na Roinne an gníomh riachtanach a ghlacadh chun a chinntiú go bhforfheidhmeofaí an dlí. Shamhlófaí nár chóir do shuirbhéirí na teastais iomchuí a eisiúint i gcás nach dtaispeánfaí na scileanna riachtanacha dóibh. I gcás go gcuirfeadh árthach chun farraige gan na teastais iomchuí, d ’fhéadfadh na húdaráis iomchuí an gníomh cuí a ghlacadh. Dá bhrí sin, ní ghlacaim leis go bhféadfaí cur as d’ábaltacht na Roinne a chinntiú go bhforfheidhmeofaí, go gcomhlíonfaí le, nó go riarfaí na dlíthe iomchuí ar shábháilteacht mhuirí, fiú i gcás go nglacfadh duine leis go mbeadh mar thoradh ar scaoileadh na faisnéise i gceist nach mbeadh ar chumas an chriú a dhualgais a chomhall. Cinnim, dá réir, nach bhfuil feidhm ag alt 23(1)(a)(ii).
Cinnim go bhfuil feidhm ag na cúinsí céanna maidir le halt 23(1)(a)(iii), agus aontaím le dearcadh Ms Moran maidir leis an bhforáil seo gur faoin Roinn atá sé sábháilteacht an phobail a chinntiú agus nach fúithi atá sé ionchais fostaíochta criú, nach bhfuil oiliúint curtha orthu nó nach bhfuil toilteanach ná ábalta na scileanna riachtanacha a thaispeáint, a chinntiú. Is é an dearcadh atá agam go mbeidh ar chumas ball criú a bhfuil dóthain oiliúna curtha air/uirthi a scileanna a thaispeáin t agus gur ar mhaithe leo féin déanamh amhlaidh. Is é an dearcadh atá agam nach dócha go gcuirfí drochmhisneach ar chriú an t-eolas a bheadh acu a thaispeáint díreach de bharr gur féidir leis an Roinn faisnéis a chur in iúl d’úinéir an árthaigh. I gcás go dtarlódh amhlaidh, breithním gur féidir leis an Roinn sábháilteacht an phobail agus araile a chinntiú díreach trí dhiúltú an t-árthach a dheimhniú. Chuirfinn an tráchtaireacht a rinne mé roimhe seo in iúl an athuair dá mba rud é go nglacfaí leis nach mbeadh ball criú a bhfuil dóthain oiliúna air/uirthi ábalta gach a bhfuil foghlamtha aige/aici a thaispeáint de bharr an struis a bhaineann l e scrúdú ó chigirí na Roinne, go gcaithfí an cheist a chur conas mar a d'éireodh leis an mball criú sin déileáil le heachtra dáiríre éigeandála gur thrúig bháis nó bheatha í.
Maidir le halt 23(1)(a)(iv), bheinn ag súil go mbeadh ar chumas na Roinne, agus díolmhú den sórt á éileamh aici, tagairt a dhéanamh d’imeachtaí atá ar bun nó d’imeachtaí a d’fhéadfadh le réasún a bheith beartaithe. Dúirt Ms Moran leis an Roinn gur bhreithnigh sí nach bhféadfadh an Roinn dul in iontaoibh na forála seo i bhfianaise an fhíorais nach bhfuil imeachtaí sibhialta ná coiriúla ar bith ar feitheamh mar thoradh ar na himscrúduithe arb iad ábhar na dtuarascálacha iad. Ní dhearna an Roinn agóid i gcoinne an dearcaidh seo agus dá bhrí sin cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 23(1)(a)(iv).
Alt 24
Níor thagair aighneacht na Roinne dar dáta an 28 Lúnasa 2007 don fhoráil seo. Chuaigh sí ina hiontaoibh den chéad uair ina haighneacht dar dáta an 10 Meán Fómhair, nuair a d’áitigh sí go ndéanfaí fasach a dhéanfadh dochar do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit, faoi fhorálacha Alt 24(1)(a) dá mba rud é go scaoilfí na taifid lena mbaineann.
Forálann alt 24(1)(a) go bhféadfaí taifead a dhiúltú (díolmhú lánroghnach) dá mba rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí é, go ndéanfaí dochar "do shlándáil an Stáit." Glacaim leis gur dearmad cló de chuid na Roinne atá anseo; ní ghlacaim leis, ar mhaithe lena bheith críochnúil, go bhféadfaí aon dochar a dhéanamh do shlándáil an Stáit dá scaoilfí faisnéis a bhaineann le hárthach a bheith ag oibriú as [láthair].
Glacaim leis gur d’alt 24(1)(c) a bhí sé i gceist ag an Roinn an tagairt a dhéanamh ina haighneacht. Forálann alt 24(1)(c) go bhféadfaí taifead a dhiúltú (arís eile, díolmhú lánroghnach, ní atá tábhachtach) dá mba rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí é, go ndéanfaí dochar "do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit".
Dúradh in aighneacht na Roinne dar dáta an 10 Meán Fómhair 2007 go:
Leanann Éire dea-chleachtas idirnáisiúnta i ndáil le stádas tuarascálacha den sórt ó Shuirbhéirí go dtí a Roinn. Dá mba rud é go scaoilfí na taifid seo sa chás seo dhéanfaí fasach trína bhféadfaí na tuarascálacha go léir den sórt a bhaineann le longa agus measúnuithe eile a scaoileadh chomh maith. Iompraíonn Éire í féin mar bhall freagrach den chomhphobal idirnáisiúnta agus is í an loingseoireacht, b’fhéidir, an tionscal is idirnáisiúnta de na tionscail go léir agus téann Suirbhéirí ón Roinn seo i mbun druileanna den sórt ar longa atá cláraithe i dtíortha ón gcoigríoch a thagann isteach i gcalafoirt na hÉireann. ("Ireland follows best practice internationally in relation to the status of such reports from Surveyors to their Department. If these records are released in this case then it will set a precedent whereby all such reports could also be released for other ships and assessments. Ireland acts as a responsible member of the international community, shipping is perhaps the most international of all industries and Surveyors from this Department carry out such drills on foreign registered ships calling to Irish ports.")
Leanadh ar aghaidh san aighneacht agus dúradh:
Tá cosc ar an Roinn faoi cheanglais idirnáisiúnta faisnéis den sórt a scaoileadh de bharr go mbaineann sí le saoránaigh agus le cuideachtaí a oibríonn faoi bhratach dhlínsí éagsúla agus a bhíonn á rialú ag reachtaíocht dlínsí éagsúla. Tagraímid anseo mar aon le samplaí eile do Threoir 1995/35 an AE agus do bhunachar sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, EMSA, ina gcoinnítear na tuarascálacha ó shuirbhéirí tar éis measúnuithe a bheith déanta acu ar bháid farantóireachta rolladh ann - rolladh as. Ní féidir na tuarascálacha seo a scaoileadh ar an bpobal, ach dearbhaítear don phobal, i gcás go mbeadh imní faoi shábháilteacht na long go gcuirfí longa as seirbhís. Dá mba rud é go scaoilfimis an fhaisnéis seo dhéanfaí fasach chun an fhaisnéis go léir den sórt a scaoileadh agus ní bheadh Éire ag tarraingt leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus bheadh difear déanta do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit.
("The Department are prohibited by international requirements from releasing such information as it relates to citizens and companies flying the flag and governed by legislation of different jurisdictions. We would refer here amongst other examples to EU Directive 1995/35 and the European Maritime Safety Agency, EMSA, database where the reports from surveyors following assessments on ro-ro ferries are stored. These reports may not be released to the public, but the public are assured, because, if there are safety concerns then the ships are taken out of service. If we were to release this information then the precedent would be set for the release of all such information and Ireland would be out of step with international best practice and the State's international relations adversely affected.")
Ina litir dar dáta an 11 Meán Fómhair 2007, léirigh Ms Moran don Roinn nach raibh teideal iomlán Threoir 1995/35 an AE tugtha ina haighneacht, ná nár tagraíodh d’aon airteagal inti ina gcuirfí in aghaidh scaoileadh na dtaifead atá i gceist sa chás seo, ná níor samhlaíodh di go raibh tionchar ar bith ag Treoir 1995/35 an AE ar chigireacht a dhéanamh ar árthaí muirí. Dúirt sí leis an Roinn chomh maith nár mhínigh an Roinn cé mar a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag scaoileadh taifead, a thaispeánann cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann árthaí nó criúnna árthaí den sórt na caighdeáin riachtanacha, ar chaidreamh idirnáisiúnta.
D’fhreagair an Roinn agus dúirt go raibh dearmad cló déanta aici agus go raibh sé i gceist aici tagairt a dhéanamh do "Council Directive 1999/35/EC of 29 April 1999 on a system of mandatory surveys for the safe operation of regular ro-ro ferry and high speed passenger craft services". Dúradh go ndéanfaí damáiste do chaidreamh idirnáisiúnta na hÉireann dá scaoilfí faisnéis in Éirinn nach bhféadfaí a scaoileadh i dtíortha eile, agus gurbh fhadhb thromchúiseach a bheadh inti do chaidreamh idirnáisiúnta na hÉireann.
Ar an gcéad dul síos, ní raibh mé ábalta airteagal ar bith i dTreoir 1999/35/EC ón gComhairle a aimsiú a chuireann cosc ar scaoileadh tuarascálacha cigireachta, cibé acu iad siúd atá i gceist sa chás seo nó aon chineál eile de thuarascálacha den sórt. Ní raibh mé ábalta aon fhoráil iomchuí a aimsiú ach an oiread sna Rialacháin chumasúcháin (I.R. Uimh. 405 de 2001 – nár tharchuir an Roinn ar aghaidh chugam). In aon chás, is faoin Roinn atá sé airteagail nó forálacha den sórt a thabhairt ar m’aird.
Dá réir sin, níl aon chúis agam lena chreidiúint go bhfuil cosc sainordaitheach ar scaoileadh taifead den sórt atá i gceist, ná ar scaoileadh faisnéis ar bith a bailíodh de bhun cigireachtaí den chineál seo. Ní iomchuí do mo bhreith cibé an scaoiltear tuarascálacha cosúla i dtíortha eile nó nach scaoiltear. Is iarraidh ar thaifead faoi théarmaí an Achta um SF í seo agus mura bhfuil sí díolmhaithe óna scaoileadh faoi cheann de na forálacha san Acht, scaoilfear na taifid. Níl ráite ag an Roinn liom faoi aon cheanglas AE a cheanglaíonn nár chóir tuarascálacha den sórt a scaoileadh; thagair sí ar bhealach an-ghinearálta do bhunachar sonraí EMSA agus níor mhínigh sí a shuntasaí is atá an tráchtaireacht; agus thagair sí do dhea-chleachtas idirnáisiúnta a éilíonn, dar léi, nár chóir tuarascálacha den sórt a scaoileadh. Ach thar gach ní eile, níor leag sí amach, mar a bheifí ag súil leis uaithi, an t-údar gurbh fhadhb thromchúiseach a bheadh ann do chaidreamh idirnáisiúnta na hÉireann dá scaoilfí na taifid. Breithním dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás go mbeadh ar chumas na Roinne a léiriú go soiléir cé mar a thitfeadh cás mar sin amach.
Go hachomair, cinnim nach leor aon cheann d’argóintí na Roinne chun mé a shásamh go bhfuil feidhm ag alt 24(1)(c) den Acht um SF maidir leis na taifid atá i gceist.
Achoimre
Níl sé i gceist agam gach cás ina bhféadfadh go scaoilfí an tuarascáil chigireachta ar árthach cosúil leis an M.V. AB a bhreithniú. Sa chás seo, diúltaíonn toiliú iar-úinéir an árthaigh do scaoileadh na dtaifead atá i gceist (mar a pléadh níos luaithe) argóint ar bith go nochtfaí ábhar a bheadh íogair ó thaobh na tráchtála de dá scaoilfí an fhaisnéis iarrtha chugat. Cás a d’fhéadfadh teacht chun cinn, áfach, is ea go lorgódh duine, nach mbeadh aon cheist faoi gurb é nó í an t-úinéir ag tráth na cigireachta, rochtain ar thuarascálacha an chéanna. Is cosúil nach mbeadh an Roinn toilteanach na taifid a scaoileadh chuig iarrthóir den sórt, de bhua an bheartais atá glactha aici gan tuarascálacha cigireachta a scaoileadh chuig úinéirí na n-árthaí d’fhonn cearta fostaíochta criú a chosaint.
Chuir mé an tuarascáil ar na druileanna a seoladh ar an 14 Iúil 2005 (taifead 3) i gcomparáid leis an tuarascáil a thuigim a cuireadh ar fáil don Uasal Y, an t-úinéir a bhí ar an M.V. AB ag an am. Luaitear na cineálacha druileanna a rinneadh, leagtar amach torthaí an chéanna ag tabhairt a laghad mionsonraí is is féidir, agus déantar moladh, i dtéarmaí an-ghinearálta agus an-oscailte, sa tuarascáil dheiridh a luaitear. Tá i bhfad níos mó mionsonraí le fáil i dTaifead 3, áfach, a bhaineann leis na heasnaimh áirithe a thug na Suirbhéirí faoi deara, nach cosúil (ag féachaint don tuarascáil a deir an Roinn a soláthraíodh d’úinéir an árthaigh) gur cuireadh an t-úinéir ar an eolas fúthu.
Táim ceangailte faoin Acht um SF gan ábhar taifid a éilítear a bheith díolmhaithe faoin Acht um SF a nochtadh d’fhonn gan dochar a dhéanamh do cheart achomhairc an chomhlachta phoiblí lena mbaineann. Bheadh an-imní orm, áfach, dá mba rud é nach gcuirfí mionsonraí beachta na cigireachta, go háirithe an mhír den tuarascáil dar teideal Tráchtaireachtaí Ginearálta (General Comments) sa chás seo, in iúl d’úinéir an árthaigh ionas go mbeadh ar a chumas cibé céimeanna nár mhór a ghlacadh a ghlacadh chun sábháilteacht an árthaigh, a chriú agus na bpaisinéirí a chinntiú.
Cás eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn is ea dá mba rud é go lorgódh ball leasmhar den phobal, nach mbeadh ceangal ar bith aige/aici leis an árthach a ndearnadh cigireacht air, rochtain ar thuarascálacha cigireachta an árthaigh sin. Bhreithneoinn gur chóir gur ghá na taifid i gceist a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail fiú i gcás nach dtoileodh úinéir do scaoileadh faisnéis den sórt. Breithním, mar aon leis an dearcadh atá léirithe agam in athbhreithnithe a bhaineann le tuarascálacha cigireachta a sheol comhlachtaí poiblí eile, gur chóir go mbeadh tuarascálacha cigireachta den chineál atá i gceist i mbéal an phobail, ionas go mbeadh an pobal ar an eolas chomh maith is is féidir é sula gcinnfeadh siad seoladh ar árthach den sórt.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú), neamhnaím leis seo seasamh na Roinne sa chás seo agus ordaím go scaoilfí na taifid a lorg tú i bpointe a) agus b) de d’iarraidh chugat, faoi réir ag faisnéis ar bith arna ordú sa mhír ‘Fionnachtana’ den bhreith seo a choinneáil siar.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Le gach dea-mhéin
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise