Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 060269 - Cás 060269 - An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Iarraidh ar thaifid chuntas agus ar thaifid a bhaineann le Cuntas Maoine Príobháidí Othair aintín an iarrthóra ar othar fadchónaithe í i saoráid de chuid an FSS - faisnéis phearsanta - alt 28(1) - ar thoiligh an duine lena mbaineann an fhaisnéis lena scaoileadh - alt 28(2)(b) - an rachadh sé chun tairbhe don duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis dá scaoilfí í - alt 28(5)(b).

Case Summary

Fíorais

Rinne an tUasal. X iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar na taifid go léir a bhaineann lena haintín is othar fadchónaithe i saoráid de chuid an FSS. Scaoil an FSS roinnt taifead chuici agus dhiúltaigh sí rochtain a thabhairt di ar thaifid eile ar an mbonn nárbh ann do na taifid lena mbaineann nó nach bhféadfaí iad a aimsiú a thuilleadh [alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise]. I gcúrsa an athbhreithnithe ag an gCoimisinéir Faisnéise, d'aithin agus chomhordaigh an FSS trí shraith eile taifead. D'áitigh an FSS go raibh na taifid a aithníodh, a bhain le Cuntas Maoine Príobháidí Othair aintín an iarrthóra, díolmhaithe óna scaoileadh faoi alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise mar go raibh faisnéis phearsanta iontu faoi pháirtí seachas an t-iarrthóir.

Cinneadh

Rinne an Coimisinéir breithniú ar ábharthacht alt 28(2)(b) agus ar an gceist i dtaobh ar thoiligh an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis lena scaoileadh. Níor iarr an FSS toiliú ó aintín an iarrthóra le scaoileadh a faisnéise pearsanta; agus ghlac an Coimisinéir leis nár chuí go ndéanfadh an FSS amhlaidh. Dhéileáil an FSS áfach leis an iarrthóir mar neasghaol cuí chun críocha a bhaineann le toiliú a thabhairt, thar ceann a haintín, chun táillí a ghabhann le fadchónaí a bhailiú (lena n-áirítear riaráistí táillí den sórt sin) ó Chuntas Maoine Príobháidí an Othair. Sna himthosca sin, dhealraigh sé go raibh sé réasúnach teacht ar an gconclúid gur cheart don FSS déileáil leis an iarrthóir mar neasghaol ar thoiligh an aintín a faisnéis phearsanta a scaoileadh chuici. Dá réir sin, chinn an Coimisinéir go raibh feidhm ag alt 28(2)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise sa chás seo agus go ndearnadh leis sin an díolúine in alt 28(1) a chur ar ceal.

Tá foráil freisin in alt 28(5)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le faisnéis phearsanta a d'fhéadfaí a scaoileadh, is é sin i gcás ina rachadh scaoileadh na faisnéise chun tairbhe don duine aonair lena mbaineann sí. In imthosca áirithe an cháis seo - inar bhain an fhaisnéis atá i gceist le gnóthaí airgeadais aintín an iarrthóra - tháinig an Coimisinéir ar an gconclúid go rachadh scaoileadh faisnéise maidir le haintín an iarrthóra chuig an iarrthóir chun tairbhe don aintín. I gcás nach raibh an aintín in ann bainistiú a dhéanamh ar a cuid gnóthaí airgeadais, agus ina raibh bainistiú á dhéanamh ag an bhFSS orthu thar a ceann, dhealródh sé go rachadh sé chun tairbhe di dá mbeadh neasghaol ar an eolas maidir leis na hidirbhearta airgeadais a bhí á ndéanamh thar ceann na haintín. Dá réir sin chinn an Coimisinéir go n-éiríonn ceart chun rochtain a fháil ar na taifid faoi alt 28(5)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise chomh maith.

D'athraigh an Coimisinéir cinneadh an FSS agus d'ordaigh sí rochtain ar na taifid bhreise a aithníodh i gcúrsa an athbhreithnithe a sholáthar don Uasal X.

Date of Decision: 28.09.2007

Our Reference: 060269

28.09.2007

An tUasal X

A Uasal X, a chara,

Déanaim tagairt don iarratas uait faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 ar athbhreithniú ar chinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Limistéar an Iarthuaiscirt (an FSS) i ndáil leis an iarraidh uait, dar dáta an 18 Aibreán 2006, ar an bhfaisnéis go léir sa chomhad dar teideal an tUasal M. D'údaraigh an Coimisinéir Faisnéise domsa an t-athbhreithniú seo a dhéanamh thar a ceann.

Background

Cúlra

Rinne tú an iarraidh lena mbaineann i ndáil le saoráil faisnéise sa litir uait dar dáta an 18 Aibreán 2006. Ós rud é gur mhainnigh an FSS cinneadh a thabhairt laistigh den teorainn ama fhorordaithe, b'ionann é agus diúltú don iarraidh. Ar an 29 Meitheamh 2006 rinne tú iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh measta an FSS diúltú don iarraidh. Mhainnigh an FSS cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh a thabhairt laistigh den teorainn ama fhorordaithe agus rinne tú iarratas, ar an 11 Lúnasa 2006, chuig an Oifig seo ar athbhreithniú ar dhiúltú measta an FSS don iarraidh uaitse. D'iarr an Oifig seo ar an bhFSS, ar an 20 Lúnasa 2006, an tsaincheist a scrúdú agus a seasamh nó a cinneadh éifeachtúil sa chás seo a chur in iúl don Oifig seo. Scríobh an FSS chugat ar an 15 Nollaig 2006 á rá go raibh sí ag diúltú rochtain a thabhairt duit ar thaifid áirithe a chreideann sí a bheith díolmhaithe faoi alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Sa chomhrá teileafóin a bhí agatsa ar an 18 Nollaig 2006 leis an Uasal David Stone ón Oifig seo, chuir tú in iúl nach raibh tú sásta le freagra an FSS agus gur mhian leat go leanfaí ar aghaidh leis an athbhreithniú ag Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh, thug mé aird ar na nithe seo a leanas:

  • an comhfhreagras a bhí ann idir tú féin agus an FSS i ndáil leis an iarraidh seo;
  • conclúidí an FSS maidir leis an ní;
  • an t-iarratas chun na hOifige seo;
  • ábhar na dtaifead a sholáthair an FSS don Oifig seo chun críocha an athbhreithnithe seo;
  • an comhfhreagras/an chumarsáid idir na páirtithe agus an Oifig seo, agus
  • forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003.

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

Is iomchuí a thabhairt faoi deara nach mbaineann an t-athbhreithniú seo ach amháin le ceart rochtana a bheith agat ar thaifid a shonraigh tú san iarraidh bhunaidh agus arbh ann dóibh an dáta a rinne tú an iarraidh.

Tugaim faoi deara gur scríobh an tUasal Desmond O'Neill, Imscrúdaitheoir san Oifig seo, litir chugat ar an 5 Feabhra 2007 inar leagadh amach an tuiscint a bhí aige ar scóip an athbhreithnithe seo. Ar dtús, sholáthair an FSS dhá chomhad don Oifig seo ar a raibh na lipéid File A agus File B. Is é tá i gComhad A seacht litir idir an FSS agus dhá ghnólacht aturnaetha. Ní bhaineann an comhad ar aon bhealach leis an Uasal M. Ón litir uaitse ar an 5 Eanáir 2007 chuig an Oifig seo, dealraíonn sé go dtuigeann tú go mbaineann an comhfhreagras le píosa beag talún. De réir mar a thuigimse, tharraing tú siar an ghné sin den iarratas uait ar an athbhreithniú seo. Is é atá i gComhad B 19 dtaifead a bhaineann leis an Uasal M. Níl aon rud scriosta ach amháin faisnéis phearsanta faoi othair eile. Tuigim gur scaoil an FSS na taifid sin chugat (agus na rudaí cuí scriosta iontu) agus nach mian leat go ndéanfaidh an Coimisinéir athbhreithniú ar an gcuid sin de d'iarratas ar athbhreithniú.

Sa litir uaidh dar dáta an 5 Feabhra 2007, mhol an tUasal O'Neill nach mbainfeadh scóip an athbhreithnithe seo ach amháin le cinneadh an FSS mar a bhaineann sé leis na taifid sin nár scaoileadh chugatsa roimhe seo, eadhon:

  • taifid chuntais;
  • taifid a bhaineann le Cuntas Maoine Príobháidí Othair an Uasail M., agus
  • ceannteidil staidrimh 11 go 25 atá luaite ar an taifead dá ngairtear "Particulars re patients admitted".

Ós rud é nach ndearna tú aon agóid, glacaim leis go nglacann tú leis an gcur chuige seo.

I gcúrsa an athbhreithnithe, tar éis comhfhreagrais leis an Oifig seo, d'aithin agus chomhordaigh an FSS trí shraith eile taifead a soláthraíodh don Oifig seo chun críocha an athbhreithnithe seo. Tá sonraí faoi na taifid sin leagtha amach san Aguisín a ghabhann leis an litir seo maidir leis an gcinneadh. De réir mar a fheicfidh tú, tá roinnt de na taifid sin nach dtagann faoi réim scóip an athbhreithnithe seo toisc gur cruthaíodh iad tar éis an dáta a rinne tú an iarraidh. Is í an cheist san athbhreithniú seo an bhfuil nó nach bhfuil an FSS ceart diúltú rochtain a thabhairt duit ar na taifid sin a cruthaíodh roimh an dáta a rinne tú an iarraidh, agus atá leagtha amach san Aguisín, ar an mbonn go bhfuil siad díolmhaithe óna scaoileadh faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise. 

Findings

Fionnachtana

Nithe Réamhráiteacha

Roimh dhéileáil leis na díolúintí a éilíonn an FSS, ba cheart dom a léiriú gurb amhlaidh, cé go gceanglaítear ar an gCoimisinéir Faisnéise le halt 34(10) den Acht um Shaoráil Faisnéise cúiseanna lena cinntí a thabhairt, go bhfuil an méid sin faoi réir cheanglas alt 43 go nglacfaidh sí gach réamhchúram is gá i gcúrsa an athbhreithnithe chun cosc a chur le nochtadh faisnéise go bhfuil sí i dtaifead díolmhaithe. Ní mór don Choimisinéir freisin staonadh ó fhaisnéis a nochtadh a n-áitíonn páirtí leasmhar atá i dtaifead díolmhaithe chun ceart an pháirtí sin achomharc eile a dhéanamh chun na hArd-Chúirte a chosaint. Ciallaíonn na srianta sin nach féidir liom ach tuairisc theoranta a thabhairt ar na taifid atá i gceist.

Is iomchuí a lua freisin gurb amhlaidh, de réir alt 8(4)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise, le linn cinneadh a dhéanamh, go bhfuil bac ar an gCoimisinéir Faisnéise aon chúis a thugann an t-iarrthóir leis an iarraidh a chur i gcuntas. Ina theannta sin, le linn dom mo chuid fionnachtana a dhéanamh, thug mé aird ar fhorálacha alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise lena bhforáiltear go "[d]toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith". Fágann an méid sin gur faoin bhFSS atá sé a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, go bhfuil bonn, faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, leis an gcinneadh diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá i gceist sa chás seo.

An bhFuil Taifid Eile Ann: Alt 10(1)(a)

Áitíonn an FSS nach féidir aon taifid eile a bhaineann leis an iarraidh uaitse a aimsiú an tráth seo seachas na taifid sin a aithnítear san Aguisín a ghabhann leis an gcinneadh seo. Go bunúsach, is éileamh an méid sin ar dhíolúine faoi alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Foráiltear mar a leanas le halt 10(1)(a):

"(1) Féadfaidh ceann a ndéanfar iarraidh faoi alt 7 chuige nó chuici diúltú géilleadh don iarraidh más rud é- (a) nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé."

Is í an cheist ar gá aird a dhíriú uirthi sa chuid seo den athbhreithniú ná an bhfuil bonn le cinneadh an FSS diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid - seachas na taifid sin a aithnítear san Aguisín. Measann an Coimisinéir Faisnéise gurb é an ról atá aici i gcásanna den sórt seo - i gcás inar chinn comhlacht poiblí nach féidir na taifid a iarradh a aimsiú nó nach ann dóibh - athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an chomhlachta phoiblí agus cinneadh a dhéanamh an raibh bonn leis an gcinneadh sin. Ciallaíonn an méid sin go gcaithfidh sí aird a thabhairt, in aon athbhreithniú eile, ar an bhfianaise atá ar fáil don té a dhéanann an cinneadh agus an réasúnú a úsáideann sé nó sí le linn an cinneadh a dhéanamh. Is é ról an Choimisinéara Faisnéise cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar thug an té a rinne an cinneadh aird ar an bhfianaise iomchuí go léir agus má thug, an raibh bonn leis an gcinneadh a rinne sé nó sí sa chás.

Tar éis don Oifig seo do dhul i dteagmháil léi, sholáthair an FSS sonraí maidir leis na cuardaigh a rinneadh teacht ar na taifid go léir a bhaineann le d'aintín. Níl sé ar intinn agam na hiarrachtaí go léir a rinne an FSS teacht ar thaifid eile a leagan amach go sonrach ach tá mé sásta leis na cuntais a soláthraíodh don Oifig seo maidir leis na cuardaigh sin. Is é seasamh an FSS nach ann d'aon taifid eile a iarrann tú nó nach féidir iad a aimsiú anois. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta a rinne an FSS chun teacht ar na taifid a iarrann tú, measaim go ndearnadh gach beart réasúnach chun a fháil amach cá bhfuil na taifid sin. Dá réir sin, cé go n-aithním a thábhachtaí atá na taifid a d'iarr tú duitse, táim sásta go bhfuil sé réasúnach teacht ar an gconclúid, i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinneadh chun teacht orthu, nach féidir, ar mhí-ámharaí an tsaoil, aon taifid eile a aimsiú. Cinnim, mar sin, go bhfuil bonn le cinneadh an FSS diúltú don iarraidh uait ar thaifid - ar taifid bhreise iad i dteannta na dtaifead a aithnítear san Aguisín - faoi threoir alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Alt 28

Áitíonn an Bord go bhfuil na taifid a aithnítear san Aguisín díolmhaithe óna scaoileadh faoi alt 29(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Foráiltear mar a leanas le halt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise:

" Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta ......... dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe".

In imthosca an athbhreithnithe seo, ní gá an méid atá faisnéis phearsanta sna taifid a fhiosrú. Glacaim leis (agus chonaic mé sa scrúdú a rinne mé ar na taifid atá i gceist) go nochtar faisnéis phearsanta faoi d'aintín sna taifid atá i gceist sa chás seo.

Tá foráil san Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le cosaint láidir d'fhaisnéis phearsanta i gcás ina n-iarrann duine seachas an duine lena mbaineann an fhaisnéis an fhaisnéis sin. Tá faisnéis den sórt sin díolmhaithe de ghnáth óna scaoileadh faoi alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá líon teoranta eisceachtaí ann ón bhforáil sin den Acht um Shaoráil Faisnéise. Eisceacht amháin is ea cás inar thoiligh an duine lena mbaineann an fhaisnéis le scaoileadh na faisnéise, de réir mar a fhoráiltear le halt 28(2)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Tugaim faoi deara nár chuir an FSS ceist ar d'aintín i dtaobh an dtoilíonn sí lena cuid faisnéise pearsanta a scaoileadh chugat; agus glacaim leis go mb'fhéidir nár chuí go ndéanfadh sí amhlaidh. Tugaim faoi deara, áfach, gur dhéileáil an FSS leatsa mar neasghaol cuí chun críocha a bhaineann le toiliú a thabhairt, thar ceann d'aintín, chun táillí fadchónaithe a bhailiú (lena n-áirítear riaráistí táillí den sórt sin) óna Cuntas Maoin Príobháidí Othair. Sna himthosca sin, dealraíonn sé gur réasúnach teacht ar an gconclúid gur cheart don FSS déileáil leat mar neasghaol ar thoiligh an tUasal M. a faisnéis phearsanta a scaoileadh chuige nó chuici. Dá réir sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 28(2)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise sa chás seo agus go gcuirtear leis sin an díolúine in alt 28(1) ar ceal.

Déantar foráil freisin in alt 28(5)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise go bhféadfaí faisnéis den sórt sin a scaoileadh i gcás ina rachadh scaoileadh na faisnéise chun tairbhe don duine aonair lena mbaineann sí. Feicim in imthosca áirithe an cháis seo - cás ina mbaineann cuid mhór den fhaisnéis atá i gceist le gnóthaí airgeadais d'aintín - go rachadh scaoileadh faisnéise a bhaineann le d'aintín chugatsa chun tairbhe di siúd. I gcás nach bhfuil sí féin in ann, de réir mar a thuigim, a cuid gnóthaí airgeadais a bhainistiú agus ina bhfuil siad á mbainistiú ag an bhFSS thar a ceann, dhealródh sé go rachadh sé chun tairbhe di dá mbeadh neasghaol ar an eolas maidir le hidirbhearta airgeadais atá á ndéanamh thar ceann d'aintín. Dá réir sin, cinnim go n-eascraíonn ceart rochtana ar thaifid freisin faoi alt 28(5)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ceisteanna eile

Cé nach cuid de mo chinneadh ceangailteach é, tig liom a rá leat gur shásaigh an FSS dom leis an míniú a thug sí i ndáil le ceannteidil staidrimh 11 go 25 mar a luaitear sa taifead dá ngairtear "Particulars re patients admitted".

Deir an FSS gur tagairt d'fhoirm pro forma a bhaineann le hothair isteach í an tagairt d'ítimí 11 go 25 ar an bhfoirm a bhaineann le hothair isteach ar foirm í ar a bhfuil liosta fáithmheasanna a bhfuil na huimhreacha 11 go 25 orthu. Níor cuireadh an ceangaltán sin ar áireamh sa chomhad agus mar sin níor fágadh ar lár é mar níor chuid de chomhad an Uasail M. ariamh é.

I ndáil leis an méid seo a leanas:

Na hiontrálacha i nótaí na mbanaltraí le linn 1987 a dhéanann tagairt do "goes to bank" "got money from bank for cigs".

Deir an FSS gur shuigh fiosruithe leis an bhfoireann a bhí i gceist nach raibh aon acmhainn tacaíochta ag an Uasal M. roimh an mbliain 2000 (nuair a tháinig d'aintín chun bheith cáilithe chun an pinsean seanaoise neamhranníocach stáit) agus, dá réir sin, go n-íocfaí méid beag airgid léi as ciste an Bhoird Sláinte do dhaoine ar an ngannchuid. Níor chuid dá Cuntas Maoine Príobháidí Othair a bheadh sa mhéid sin ach d'íocfaí amach é ar iarraidh/nuair a measadh gur ghá trí dhul go dtí an banc (i. rachadh riarthóir san ospidéal go dtí an banc).

Decision

Cinneadh

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú), déanaimse leis seo cinneadh an FSS a athrú agus ordaím don FSS taifid áirithe de na taifid bhreise atá leagtha amach san Aguisín a ghabhann leis an gcinneadh seo agus ar cuid de é a scaoileadh.

Cearta Achomhairc

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann cinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an gcinneadh sin. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Fintan Butler
Imscrúdaitheoir Sinsearach