- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 040219 - An tUasal X agus An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Iarraidh chun na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar thaifid a bhaineann leis an gcóras vótála leictreonaí a fháil– an faisnéis rúnda í faisnéis – alt 26(1) – an faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de í faisnéis – alt 27(1) – leas an phobail
Case Summary
Fíricí
Is é a d'iarr an iarraidh rochtain ar thaifid éagsúla a shealbhaíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) maidir leis an gcóras vótála leictreonaí a fháil. Ar áireamh ar na taifid a coinníodh siar tá na tairiscintí a chuir ceithre cinn de thairgeoirí nár éirigh leo isteach, agus an tairiscint a chuir an táirgeoir ar éirigh leis, Nedap Powervote, isteach chomh maith le taifid eile a bhaineann le gach ceann de na cúig thairiscint. Dhiúltaigh an Roinn na taifid a chur ar fáil ar na forais gur taifid dhíolmhaithe iad faoi ailt 26 agus 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Cinneadh
Níor ghlac an Coimisinéir leis go raibh na praghasanna beartaithe in aon cheann de na tairiscintí nár éirigh leo, le himeacht aimsire, íogair ó thaobh na tráchtála de i gcónaí. Chinn sí, mar gheall ar an méid sin gan a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de a thuilleadh, nach raibh an ghné rúnda riachtanach, a cheanglódh ar an Roinn iad a chosaint ar na forais go bhfuil feidhm ag alt 26, ag gabháil leis na sonraí sin a thuilleadh. D'ordaigh sí na praghasanna beartaithe a bhí i ngach ceann de na tairiscintí a scaoileadh, i gcás nár thoiligh na tairgeoirí leis an scaoileadh sin cheana féin. Le linn déanamh amhlaidh, thug sí faoi deara nár shonraigh aon cheann de na tairgeoirí, an tráth a chuir siad a dtairiscintí isteach, go raibh aon ghnéithe dá dtairiscintí íogair ó thaobh na tráchtála de go speisialta. D'ordaigh sí tairiscint amháin nár éirigh léi a scaoileadh ina hiomláine mar ní dhearna an tairgeoir iomchuí aon chás speisialta chuici gur chóir aon chuid dá thairiscint a choinneáil siar; sheas sí leis an diúltú i gcás an chuid eile de na tairgeoirí nár éirigh leo agus a coinníodh siar.
Maidir le tairiscint Nedap, níor ghlac an Coimisinéir leis go raibh comhthuiscint rúndachta idir Nedap agus an Roinn maidir le hábhair na tairisceana; ina theannta sin níor ghlac sí leis gur sholáthair Nedap an tairiscint don Roinn in imthosca a d'fhorchuir oibleagáid rúndachta ar an Roinn ina leith. Ghlac sí leis gur faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de gnéithe den tairiscint seachas na praghasanna a luadh. Mheas sí áfach, gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, tairiscint Nedap (agus taifid ghaolmhara) a scaoileadh ina hiomláine, go háirithe leas an phobail i dtaca lena cheadú don phobal measúnú a dhéanamh ar an luach ar airgead a fuarthas nó a cailleadh idir an tráth a chinn an Rialtas gurbh í tairiscint Nedap an tairiscint ba mhó ba chuí a cuireadh isteach agus an tráth a síníodh an t-aon chonradh amháin (le haghaidh crua-earraí) atá ar marthain. Mheas sí freisin gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, maidir le hoscailteacht i ndáil leis na sonraí agus na téarmaí go léir ar ar caitheadh airgead go dtí seo ar na bogearraí (nach bhfuil aon chonradh ar marthain ina leith), na sonraí sin atá sa tairiscint a scaoileadh.
Date of Decision: 12.09.2007
Our Reference: 040219
12.09.2007
An tUasal X
A X, a Dhuine Uasail
Déanaim tagairt don iarratas uait chun na hOifige seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise), ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) maidir leis an iarraidh uait dar dáta an 4 Bealtaine 2004, go sonrach an cinneadh maidir leis na taifid sin a bhí ina n-ábhar don Roinn do dhul i gcomhairle faoi alt 29 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Le do thoil, gabh mo leithscéal arís as an moill a bhí ann maidir le déileáil le do chuid iarratas.
Background
Cúlra
An 4 Bealtaine 2004, d'iarr tú na nithe seo a leanas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:
- Cóip de na taifid go léir a bhaineann leis an gcóras vótála leictreonaí a fháil, lena n-áirítear tograí a fuarthas, na measúnachtaí, scóráil agus measúnuithe orthu sin, agus na moltaí arb é an toradh a bhí orthu cinneadh na Roinne comheagras Powervote a roghnú;
- Cóip de na taifid go léir a bhaineann le taighde a rinneadh ar mhodhanna vótála leictreonaí;
- Cóip de na moltaí go léir a rinneadh chuig Airí agus cinntí a rinne siadsan maidir le vótáil leictreonach;
- Cóip d'aon Orduithe arna síniú ag Airí faoi alt 25 den Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999.
Dúirt an Roinn leat, an 31 Bealtaine 2004, go raibh sí ag dul i gcomhairle le roinnt páirtithe faoi alt 29 den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le roinnt taifead a bhaineann leis na tairiscintí a cuireadh isteach. Is é cinneadh deiridh na Roinne maidir leis na taifid sin is ábhar don athbhreithniú seo.
Is iad seo a leanas na taifid a ndúirt an Roinn leat go raibh sí ag dul i gcomhairle le páirtithe éagsúla faoi fhorálacha alt 29 i ndáil leo:
Taifid 1.22; 1.24; 1.27; 1.28; 1.29; 1.30; 1.31; 1.32; 1.37; 1.39; 1.41; 1.42; 1.43; 1.44; 1.46; 1.47; 1.49; 1.51; 1.54; 1.55; 1.56; 1.57; agus 1.58.
An 23 Meitheamh 2004, dúirt an Roinn leat gur mheas sí, ar scór dul i gcomhairle amhlaidh, gur chóir taifid 1.27; 1.28; 1.29; 1.32; 1.37; 1.39; 1.41; 1.46; 1.47; 1.49 agus 1.51 a scaoileadh chugat. Dúirt sí go raibh an chuid eile á coinneáil siar aici faoi alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise, sa mhéid is gur mheas sí go raibh faisnéis a bhí íogair ó thaobh na tráchtála de sna taifid agus nár ghá an fhaisnéis sin a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. B'iad na taifid a bhí i gceist taifid 1.22; 1.24; 1.30; 1.31; 1.42; 1.43; 1.44 (ar taifid iad cuid mhór de cheisteanna maidir leis na tairiscintí a cuireadh isteach, freagra ar na ceisteanna sin agus miondealú costais a chuir tairgeoir amháin isteach) agus taifid 1.54 go 1.58 (arb éard atá iontu na cúig thogra tairisceana a cuireadh isteach).
An 1 Iúil 2004, rinne tú an t-iarratas chun na hOifige seo ar athbhreithniú ar dhiúltú na Roinne na 12 thaifead dá dtagraítear san abairt sin roimhe seo a chur ar fáil.
Le linn m'athbhreithniú a dhéanamh, thug mé aird ar an gcomhfhreagras thuas agus ar chomhfhreagras éagsúil idir tusa agus foireann na hOifige seo. Mar a chéile leis an gcinneadh ar chás 030412, ní dhéanfaidh mé tagairt sa chinneadh seo ach amháin do na háitimh sin a rinne tú is dóigh liomsa atá iomchuí maidir leis an athbhreithniú seo. Thug mé aird freisin ar chomhfhreagras éagsúil idir foireann na hOifige seo agus an Roinn, agus ar theagmhálacha éagsúla idir an Oifig seo agus tríú páirtithe a chuir tairiscintí isteach maidir leis an gcóras vótála. Thug mé aird achomair freisin ar thuairimí a chuir na tairgeoirí in iúl ar scór an Roinn do dhul i gcomhairle leo sa bhliain 2004, agus freisin ar aon tuairimí a cuireadh in iúl nuair a tugadh fógra dóibh ar dtús (sa bhliain 2004) go ndearna tusa iarratas chun na hOifige seo.
Rinne mé an t-athbhreithniú seo de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003. Dá réir sin, gach tagairt sa litir seo d'ailt áirithe den Acht um Shaoráil Faisnéise, ach amháin mar a luaitear a mhalairt, is tagairtí iad don Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Ar scór litreach ó Anne Moran, Uasal, Imscrúdaitheoir don Oifig seo, dar dáta an 22 Eanáir 2007, thoiligh Unilect le codanna den doiciméadacht tairisceana a chuir sé isteach (taifead 1.55) a scaoileadh. Scaoil an Roinn na codanna iomchuí de thaifead 1.55 chugat, agus ní bhreithneoidh mise a thuilleadh iad sa chinneadh seo.
Cuireadh moill ar Anne Moran, Uasal, dul i gcomhairle le hIndra mar gheall ar an litir lena mbaineann a bheith gan seachadadh, cé go ndealraíonn sé go bhfuil an seoladh ceart. Ar scór dul i dteagmháil leo ar an ríomhphost, áfach, thoiligh Indra (i Mí Iúil 2007) lena thairiscint (taifead 1.58) a scaoileadh ina hiomláine, agus sonraí taifead ina bhfuil ceisteanna a d'ardaigh an Roinn maidir lena thairiscint (tá leathanach 6 de thaifead 1.22 iomchuí sa chás seo) a scaoileadh. De réir mar a thuigim, faoi seo scaoil an Roinn taifead 1.58 ina iomláine mar aon le leathanach 6 de thaifead 1.22, agus ní gá dom iad tuilleadh breithnithe a dhéanamh orthu.
Níor thug Election Systems and Software (ES&S) freagra ar litreacha éagsúla a chuir Anne Moran, Uasal, chucu go dtí Mí Lúnasa 2007 nuair a thoiligh sé le cuid dá thairiscint a scaoileadh. Scaoil an Roinn na codanna iomchuí de thaifead 1.56 chugat, agus ní dhéanfaidh mé iad a bhreithniú tuilleadh sa chinneadh seo. Níor thug ES&S aon mhíniú ar an moill a bhí ann freagra a thabhairt ar litreacha Anne Moran, Uasal, agus ba chóir a thabhairt faoi deara nár cuireadh moill ar an gcinneadh seo go dtí go bhfuarthas freagra; chuir tosca eile cosc orm an t-athbhreithniú seo a chríochnú roimhe seo.
De réir mar a thuigim scaoil an Roinn chugat ceangaltán a ghabhann le tairiscint Nedap (taifead 1.54) i. tuarascáil bhliantúil Nedap don bhliain 1999. Ní chlúdófar an ceangaltán sin san athbhreithniú seo dá réir sin.
I gcúrsa m'athbhreithnithe, thug mé faoi deara gur coinníodh siar anailís ar chostas de chuid dhá cheann de na tairgeoirí nár éirigh leo, atá ar leathanach 10 de thaifead 1.49, cé gur tugadh le tuiscint i gcinneadh na Roinne dar dáta an 23 Meitheamh 2004 gur scaoileadh an taifead seo ina iomláine. Dá réir in, déileálfaidh mé leis an gcuid den taifead seo a coinníodh siar i m'athbhreithniú.
Is amhlaidh go bhfuil m'athbhreithniú ar an gcás seo teoranta don cheist i dtaobh an bhfuil cinneadh na Roinne diúltú na taifid atá liostaithe thíos (glacfar leis gur tagairt d'aon taifead den sórt sin ar coinníodh cuid de siar aon tagairt do "taifead") de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise:
- Taifid a Bhaineann leis an Tairgeoir ar Éirigh Leis: Taifid 1.22 (leathanach 2); 1.44; agus 1.54; agus
- Taifid a Bhaineann leis na Tairgeoirí nár Éirigh Leo: Taifid 1.22 (leathanach 1, leathanaigh 3-5 agus leathanach 7); 1.24; 1.30; 1.31; 1.42; 1.43; 1.49 (costais ar leathanach 10 amháin); agus 1.55-1.57.
Dúirt an tUasal Moran leat ina litir dar dáta an 17 Aibreán 2007, nach gcuimseofar i m'athbhreithniú an tsaincheist i dtaobh ar chóir rochtain a thabhairt duit ar aon taifid eile atá iomchuí maidir leis an iarraidh uait dar dáta an 4 Bealtaine 2004 (i. na taifid sin nach raibh ina n-ábhar don Roinn do dhul i gcomhairle le páirtithe eile faoi alt 29), agus ní bheidh aon athbhreithniú ann ar an tsaincheist i dtaobh na táille a gearradh ort ar scór d'iarrata. Mar is eol duit, tá an dá shaincheist á n-athbhreithniú i gcás 060057.
Beidh tugtha faoi deara agat, ó dhoiciméadacht a scaoileadh chugat cheana féin, go bhfuair an Roinn seacht dtairiscint. Cuireadh taifid a bhain le cúig thairiscint chun na hOifige seo áfach. Dúirt an Roinn leis an Oifig seo nach sealbhaíonn sí ach amháin taifid na gcúig chuideachta a ndearnadh measúnacht iomlán ar a dtograí, agus gur cuireadh an doiciméadacht tairisceana iomchuí ar ais chuig an dá chuideachta eile. Níl aon chúis agam le hamhras a bheith orm i dtaca le ráiteas na Roinne ina thaobh sin.
Chun críocha an chinnidh seo, déanfaidh mé tagairt i gcoitinne don tairgeoir a bhuaigh (comheagras Nedap-Powervote) mar "Nedap".
Forálacha Iomchuí agus Cur Chuige
Tá foráil in alt 26(1(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise nach scaoilfear taifead de bhun an Achta um Shaoráil Faisnéise i gcás gurb amhlaidh, maidir le taifead ina bhfuil an fhaisnéis:
- gur tugadh é don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus
- ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún agus
- gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus
- go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht.
Tá foráil in alt 26(1)(b) go ndiúltófar d'iarraidh ar rochtain ar thaifead dá mba rud é "gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán.................nó thairis sin le dlí". D'fhonn dualgas rúndachta cothromasach a bheith ann, measann an Oifig seo gur ghá trí choinníoll a chomhlíonadh, viz.
- gur gá go mbeidh an rúndacht riachtanach ag gabháil leis an bhfaisnéis atá sa taifead agus
- gur gá gur tugadh an fhaisnéis sin in imthosca a fhorchuireann oibleagáid rúndachta agus
- gur gá go bhfuil úsáid neamhúdaraithe na faisnéise sin i gceist ar aimhleas an pháirtí a thugann í.
Tá an Oifig tar éis glacadh leis an míniú seo a leanas ar "rúndacht" a tógadh as F. Gurry, "Breach of Confidence" in Essays in Equity; P. Finn (Eag.); Law Book Company, 1985, (lch. 111):
"A confidence is formed whenever one party ('the confider') imparts to another ('the confidant') private or secret matters on express or implied understanding that the communication is for restricted purpose." (Féach cás Uimh. 98179 – Michael Grange, Uasal agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta).
Ceanglaítear le halt 26(3) leas an phobail a bhreithniú maidir le taifead lena mbaineann alt 26(1)(a).
Tá foráil in alt 27(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise, go ndiúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh ar thaifead más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann
"(a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,
(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó
(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis."
Is é éirim an téacs in alt 27(1)(b) nach é an cineál faisnéise atá tábhachtach ach an cineál dochair a d'fhéadfaí a dhéanamh dá scaoilfí í. Tá cosaint san fhoráil d'fhaisnéis arb amhlaidh, dá nochtfaí í
- [go] bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó
- [go] bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha."
Ceadaíonn an abairtín "go bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh" san fhoráil gur féidir níos mór saoirse a bheith ann maidir le diúltú rochtain a thabhairt ar an bhforas go bhféadfaí dochar a dhéanamh ná mar a cheadódh an abairtín "go ndéanfaí a nochtadh dochar". I ndáil leis an dara pointe urchair thuas, ba chóir a thabhairt faoi deara gur féidir feidhm a bheith ag alt 27(1)(b) fiú i gcás nach bhfuil sé cinnte go ndéanfaí dochar ach go bhféadfaí dochar a dhéanamh. Tríd an abairtín "dochar a dhéanamh" a úsáid, ní mór an damáiste is dóigh a bheidh ann mar thoradh ar nochtadh na faisnéise a shonrú go réasúnta soiléir.
Ar an gcéad ásc, níl aon áiteamh déanta ag an Roinn ná ag aon cheann de na heintitis eile gur faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de formáid na dtairiscintí a sholáthair siad. Tugaim faoi deara go leanann siad an fhormáid riachtanach mar atá leagtha amach ag an Roinn ina hIarraidh ar Thairiscintí, agus dá réir sin ní fheicim aon chúis na tairiscintí a chosaint ar an mbonn sin.
Findings
Torthaí
Torthaí - Tairiscint Nedap
Déileálfaidh mé ar dtús le seasamh na Roinne maidir le taifid a bhaineann le tairiscint Nedap, is é sin go bhfuil na taifid díolmhaithe faoi ailt 26 agus 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ar an gcéad dul síos, tugaim faoi deara gur dealraitheach nach ndearna an Roinn breithniú ar chuid d'aon cheann de na tairiscintí a scaoileadh chugat, ní fiú tairiscint an tairgeora ar éirigh leis, Nedap. De réir dealraimh, is amhlaidh atá ar bhonn thuairim na Roinne gur soláthraíodh aon ábhar a sholáthair na tairgeoirí faoi rún go hiomlán, nó ar an mbonn gurb éard atá iontu go hiomlán faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Is léir ó chinntí roimhe seo ón Oifig seo áfach, gur gá gach taifead a scrúdú ann féin agus, más cuí, d'ordaigh an Oifig seo doiciméadacht tairisceana a scaoileadh ina hiomláine agus go páirteach.
De réir dealraimh tá cuid mhór de thuairim na Roinne bunaithe ar an tuiscint atá ag an Roinn go bhfuil sna taifid atá i gceist faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a tugadh faoi rún – mar atá, an chúis go meastar gur faisnéis rúnda an fhaisnéis ná go dtuigtear, ar a laghad, gur faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de. I gcoitinne áfach, is tuairim amhrasach ar a fheabhas í tuairim na Roinne go bhfuil alt 26 agus 27 infheidhmithe maidir le gach cineál faisnéise a soláthraíodh di i gcomhthéacs comórtais tairisceana a bhí ann seacht mbliana ó shin. Tá tuairim na Roinne níos mearbhlaí arís ós rud é gur léir in alt 10.8 den Iarraidh ar Thairiscintí go bhféadfar an fhaisnéis atá sna tairiscintí a scaoileadh de bhun na hoibleagáide dlí arb éard í an tAcht um Shaoráil Faisnéise.
Maidir le Nedap féin, ní thoilíonn sé le haon taifid a scaoileadh a dhéanann difear dá leasanna.
Alt 26
Ghlac mé leis i gcinntí roimhe seo a bhaineann le halt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise, gur féidir go bhfuil an rúndacht riachtanach ag gabháil le gnéithe áirithe de thairiscintí an tráth a cuireadh an tairiscint isteach. Fuair mé amach freisin go dtagann an caidreamh atá idir na páirtithe chun bheith ina chaidreamh mar dhíoltóir/ceannaitheoir, a luaithe agus a bhronntar conradh, agus sa chás sin ní bhítear ag súil leis de ghnáth go gcoinneofar aon ghnéithe den sórt sin faoi rún. Mar shampla, níor ghlac mé leis go dtabharfaí praghsanna tairisceana ar éirigh leo (os coinne an mhodha a ríomhtar praghsanna) in imthosca a d'fhorchuirfeadh oibleagáid rúndachta.
Ghlac mé leis freisin gur féidir faisnéis eile a bhaineann le tairiscint ar éirigh léi agus atá íogair ó thaobh na tráchtála de (mar shampla sonraí maidir le heagrú inmheánach gnó tairgeora, anailísithe ar riachtanais an chomhlachta phoiblí, nó mínithe sonracha i dtaobh conas a bheartaigh an tairgeoir freastal do na riachtanais sin) a fhanacht faoi rún. Ní bheadh aon ghá le faisnéis den sórt sin a nochtadh ar mhaithe le leas an phobail de ghnáth, mura mbeadh sé riachtanach chun míniú a thabhairt ar chineál na n-earraí nó na seirbhísí arna gceannach ag an gcomhlacht poiblí.
Ar deireadh, fuair mé amach freisin go bhfanann faisnéis i dtairiscint nár éirigh léi atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún i gcoitinne tar éis conradh a bhronnadh, agus gurb é leas an phobail an fhaisnéis sin a chosaint ar nochtadh.
De réir dealraimh, tá an Roinn den tuairim gur thug sí do na tairgeoirí go léir, lena n-áirítear Nedap, dearbhú aonchiallach rúndachta maidir leis an doiciméadacht a sholáthair siad ar scór na hIarrata ar Thairiscintí.
Breithniú ar an Iarraidh ar Thairiscintí agus alt 26
San aighneacht a chuir an Roinn faoi bhráid na hOifige seo an 28 Feabhra 2007, déanann an Roinn tagairt d'ábhair na hIarrata ar Thairiscintí chun tacú lena tuairim go bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leis an tairiscint. Deirtear san aighneacht, cé nár shonraigh Nedap (agus tairgeoirí áirithe eile) nuair a chuir siad a dtairiscintí isteach go raibh siad íogair go hiomlán nó go páirteach, go mbeadh súil le réasún ag tairgeoirí an deis a bheith acu a dtuairimí a chur isteach maidir le hábhar a dtograí tairisceana dá mbeadh gá leis sin i gcomhthéacs an Achta um Shaoráil Faisnéise. Dúirt an Roinn go raibh sé suntasach nár chuir aon cheann de na 5 thairgeoir ráiteas á rá nach raibh an fhaisnéis a sholáthair siad íogair.
Is sliocht é seo a leanas as an roinn den Iarraidh ar Thairiscintí dar teideal "Réamhrá":
"Geallann an Roinn go ndéanfar aon fhaisnéis a sholáthraíonn tairgeoirí mar fhreagra ar an iarraidh seo a choinneáil faoi rún faoi réir oibleagáidí na Roinne faoin dlí, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (Uimh. 13 de 1997). Iarrtar ar thairgeoirí a mheas an bhfuil aon chuid den fhaisnéis a sholáthraíonn siad mar fhreagra ar an iarraidh seo nár chóir a nochtadh mar gheall ar í a bheith íogair. Más amhlaidh atá an cás, ba chóir do thairgeoirí, nuair a sholáthraíonn siad faisnéis, an céanna a shainaithint agus cúiseanna a shonrú go bhfuil sí íogair. Rachaidh an Roinn i gcomhairle le tairgeoirí faoi fhaisnéis íogair sula ndéanfaidh sí aon chinneadh maidir le haon iarraidh a fhaightear i dtaca le saoráil faisnéise. Má mheasann tairgeoirí nach bhfuil aon chuid den fhaisnéis a sholáthraíonn siad íogair, ba chóir dóibh ráiteas a dhéanamh chuige sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a scaoileadh mar fhreagra ar iarraidh i dtaca le saoráil faisnéise."
Deirtear i roinn 10.8 den Iarraidh ar Thairiscintí:
"[Go nd]éileálfar le gach freagra ar an Iarraidh seo ar Thairiscintí faoi rún agus ní thabharfar aon fhaisnéis atá iontu d'aon tríú páirtí gan cead a fháil i scríbhinn ón tairgeoir, ach amháin sa mhéid......gur gá é faoi reachtaíocht de chuid na hÉireann agus/nó de chuid na hEorpa (lena n-áirítear reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise)....".
Ar an gcéad dul síos, tá an chuma ar an réamhrá a ghabhann leis an Iarraidh ar Thairiscintí go bhfuil tagairtí débhríocha ann don ghá atá ann aird na Roinne a dhíriú ar chineálacha áirithe faisnéise. D'fhéadfaí glacadh leis, má fhanann an tairgeoir ina thost, gur léiriú é go measann sé gur faisnéis íogair an fhaisnéis go léir sa tairiscint ach ag an am céanna, d'fhéadfaí glacadh leis freisin, má fhanann an tairgeoir ina thost, nach bhfuil aon fhaisnéis sa tairiscint a measann sé gur faisnéis íogair í. Níl aon tagairt san Iarraidh ar Thairiscintí d'aon tátal a bhainfí as tost iomlán ó thairgeoir sa chás sin.
Measaim, áfach, nach bhfuil i gceist i léamh na ranna iomchuí den Réamhrá, i dteannta alt 10.8 thuas, ach dearbhú do thairgeoirí go ndéileálfar mar fhaisnéis rúnda leis an bhfaisnéis go léir in aon tairiscint a chuirtear faoi bhráid na Roinne a aithnítear mar fhaisnéis íogair, go dtí cibé tráth ar gá an fhaisnéis sin a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nó ar mhodh dlíthiúil eile. Feictear domsa chomh maith gurbh é a bhí beartaithe leis an Réamhrá a ghabhann leis an Iarraidh ar Thairiscintí ní hamháin deis a thabhairt do thairgeoirí ionchasacha béim a leagan ar na gnéithe sin de na tairiscintí a bhí conspóideach agus a bhí á soláthar faoi rún, agus rud tábhachtach, an deis a thabhairt dóibh míniú a thabhairt i dtaobh cén fáth gur gá na gnéithe sin a chosaint. D'fhéadfaí é a léamh freisin mar dhearbhú do thairgeoirí ionchasacha go rachaidh an Roinn i gcomhairle leo i dtaobh seans a bheith ann go scaoilfí faisnéis íogair, sa mhéid is gur leag an tairgeoir béim ar na gnéithe íogara sa tairiscint agus gur thug sé cúiseanna i dtaobh cén fáth gur chóir iad a chosaint, ar an gcéad ásc. Fiú má leag tairgeoir béim, áfach, nuair a chuir sé an tairiscint isteach, ar na gnéithe sin den tairiscint a mheas sé a bheith íogair agus má sholáthair sé cúiseanna i dtaobh cén fáth a bhí ag gabháil leis sin, ní ghlacfainn leis gurbh ionann na tráchtaí sa Réamhrá a ghabhann leis an Iarraidh ar Thairiscintí agus ceart crosta thar aon scaoileadh a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na sonraí sin ar scór iarrata i dtaca le saoráil faisnéise.
Ar ais nó ar éigean, mar gheall ar na tagairtí débhríocha san Iarraidh ar Thairiscintí d'oibleagáidí na Roinne maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise agus mar gheall ar an gcaoi a d'imreodh sin tionchar ar a cumas an doiciméadacht tairisceana a chosaint ar scaoileadh, bheinn ag súil leis, dá mba rud é go raibh aon cheann de na tairgeoirí buartha faoin tionchar ionchasach a ghabhfadh le gnéithe den tairiscint a scaoileadh i dtaca le saoráil faisnéise, go gcuirfidís ceisteanna ar an Roinn maidir leis agus na gnéithe sin den tairiscint (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) a raibh siad buartha fúthu go háirithe a chur in iúl don Roinn. Níor sholáthair an Roinn aon fhianaise dom gur cuireadh aon cheisteanna den sórt sin ná gur cuireadh iad ar a suaimhneas i dtaobh aon ábhair buartha. Feictear domsa go bhfuil an Roinn ar an eolas maidir lena hoibleagáidí tacú lena seasamh le fianaise iomchuí agus cé nár iarr an Oifig seo aon fhianaise den sórt sin, ní shéanann sin an fíoras nár sholáthair an Roinn aon fhianaise den sórt sin a d'fhéadfadh a bheith ann as a stuaim féin.
A mhéid a bhaineann alt 26(1)(b) leis an gceist, ní ghlacaim leis gur cuireadh aon cheann de na tairiscintí isteach in imthosca a d'fhorchuir dualgas rúndachta ar an Roinn. Bhí na tairgeoirí go léir saor chun cinneadh a dhéanamh páirt a ghlacadh sa phróiseas. Is é a bheadh de thoradh ar thairiscint a chur isteach a d'éireodh leis na milliúin euro a thuilleamh in airgead de chuid an cháiníocóra. Go háirithe, ní thig liom glacadh leis gur cuireadh aon cheann de na tairiscintí isteach ar an mbonn go mbeadh an Roinn faoi oibleagáid sonraí uile na dtairiscintí lena mbaineann a choinneáil siar.
Dá réir sin, ní ghlacaim leis, d'ainneoin na dtuairimí a dhealraíonn a bheith ag an Roinn ar an ní, gur thug an Iarraidh ar Thairiscintí ráthaíocht lom do na tairgeoirí ionchasacha go léir go gcoinneodh an Roinn na tairiscintí go léir a cuireadh isteach ina n-iomláine ar an mbonn gur soláthraíodh faoi rún iad. Tá tacú leis an méid sin sa chaoi inar scaoil an Roinn féin sonraí áirithe de chuid na dtairiscintí go léir, trí thaifid eile a scaoileadh chugatsa.
Ós rud é go raibh an tAcht um Shaoráil Faisnéise ann ar feadh dhá bhliain faoin am a cuireadh na tairiscintí isteach, ní ghlacaim leis go raibh aon seasamh ag an Roinn ráthaíocht den sórt sin a thabhairt in aon chás, go háirithe i bhfianaise an Láraonad Beartas de chuid na Roinne Airgeadais d'eisiúint, in Aibreán 1998, Fógra Uimh. 9 maidir le Saoráil Faisnéis agus Fáil Phoiblí. Léiríonn an fógra sin nach mbeidh comhlachtaí poiblí in ann, mar thoradh ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, ráthaíochtaí rúndachta a thabhairt a bhí ann mar chuid d'fháil phoiblí roimhe seo. Bheinn in amhras freisin faoi aon áitiú gur cuireadh tairiscint, go háirithe tairiscint ar éirigh léi, isteach in imthosca a d'fhorchuir dualgas rúndachta ar an Roinn, i bhfianaise an fhógra sin agus i bhfianaise fhoclaíocht na rann iomchuí den Iarraidh ar Thairiscintí.
Breithniú ar thairiscint Nedap agus alt 26
Ag filleadh ar thairiscint Nedap, is é an rud is mó atá tábhachtach i dtaca le cinneadh a dhéanamh i dtaobh feidhm a bheith ag ailt 26(1)(a) nó (b) maidir léi ná an tsaincheist i dtaobh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a rá go raibh comhthuiscint rúndachta ann idir an Roinn agus Nedap maidir le hábhair na tairisceana an tráth a cuireadh isteach í, nó i dtaobh ar sholáthair Nedap an fhaisnéis sa tairiscint don Roinn faoi imthosca a d'fhorchuir oibleagáid rúndachta ar an Roinn.
Dúradh in aighneacht na Roinne an 28 Feabhra 2007, agus san aighneacht uaithi ina dhiaidh sin an 14 Meitheamh 2007, gur cuireadh tairiscint Nedap isteach faoi rún agus ar an tuiscint go mbeadh deis aige a thuairimí maidir le hábhair na dtograí tairisceana a chur isteach dá mbeadh gá leis sin i gcomhthéacs an Achta um Shaoráil Faisnéise mar atá leagtha amach san Iarraidh ar Thairiscintí.
Fiú dá mbeadh sé beartaithe ráthaíocht lom rúndachta a sholáthar do na tairgeoirí go léir san Iarraidh ar Thairiscintí cuma cé acu ar éirigh leo nó nár éirigh leo, áfach, níor léirigh Nedap an tráth a chuir sé an tairiscint isteach go raibh sí á soláthar faoi rún, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, rud a d'admhaigh an Roinn ina litir chuig an Oifig seo an 28 Feabhra 2007. Níor soláthraíodh aon fhianaise domsa gur chuir Nedap aon cheisteanna i dtaobh bhrí na tagartha do shaoráil faisnéise san Iarraidh ar Thairiscintí, ná fianaise gur soláthraíodh aon dearbhuithe chuige sin dó (is ceist eile ar fad í an bhféadfaí dearbhuithe den sórt sin a thabhairt go bailí nó nach bhféadfaí).
Mar fhreagra ar litir ó Anne Moran, Uasal, an 22 Eanáir 2007, dúirt Henk Steentjes, Uasal, ó Nedap, an 9 Feabhra 2007, nach ndearna Nedap aon ráiteas á rá nach raibh aon fhaisnéis íogair in aon chuid dá thairiscint. Dúirt sé go mbraitheann Nedap go bhfuil na leasanna atá aige chomh mór sin nach cúis le foilsiú an fíoras nár léirigh siad go sainráite cibé ranna nár chóir a nochtadh.
Ní mheasaim go bhfuil sé réasúnach ar thaobh tairgeora ar éirigh leis a bheith ag súil go gcoinneofaí iomlán na tairisceana iomchuí faoi rún tar éis do phróiseas na dtairiscintí a bheith thart, go háirithe i bhfianaise an Achta um Shaoráil Faisnéise agus i bhfianaise na gceanglas atá ann maidir le hoscailteacht agus trédhearcacht i gcaiteachas agus déanamh cinntí ag an Rialtas, maidir le hathrú ollmhór ar an gcóras vótála in Éirinn a mbeadh i gceist leis na milliúin euro a chaitheamh. Ar ndóigh, bhí sé soiléir san Iarraidh ar Thairiscintí go bhféadfaí an fhaisnéis sna tairiscintí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus bhí sé soiléir freisin gur chóir do thairgeoirí ní hamháin an fhaisnéis a bhí íogair ach míniú a thabhairt i dtaobh cén fáth go raibh sí íogair. Cé go mb'fhéidir go bhfuil leasanna móra ag Nedap anois, bhí sé sa staid chéanna leis na tairgeoirí eile go léir an tráth a cuireadh an tairiscint isteach – iarrthóir a d'fhéadfaí a roghnú. Ní ghlacaim leis gur féidir le Nedap brath ar an bhfíoras gur roghnaíodh é ar deireadh mar sholáthraí mar mhodh chun a dhiúltú don fhíoras nár leag sé béim ar aon ghnéithe den tairiscint, an tráth a cuireadh isteach í, mar ghnéithe a mheas sé a bheith íogair.
Ina theannta sin, cé go ndearnadh tagairtí do litreacha éagsúla agóide a fuair an Roinn ó thairgeoirí eile ar scór an Roinn do dhul i gcomhairle faoi alt 29 (rud a rinne sí sa bhliain 2004) in aighneacht na Roinne an 28 Feabhra 2007, ní raibh aon tagairt inti do ríomhphost a chuir Roy Loudon, Uasal, thar ceann Nedap (dar dáta an 16 Meitheamh 2004). Bhí an tUasal Loudon ar dhuine de na sínitheoirí leis an gconradh a síníodh ar deireadh idir an Roinn agus Nedap sa bhliain 2003. Dúradh sa ríomhphost go n-iarrann siad, dá mba rud é go mbeadh ar an Roinn cóipeanna de chomhfhreagras a bhaineann lena n-aighneacht i dtaca leis an tairiscint a scaoileadh, go mbeadh an scaoileadh sin teoranta do chomhfhreagras i scríbhinn amháin. Dúradh go bhféadfadh litreacha, tograí agus praghsanna arna lua a áireamh air sin. Dúradh nár chóir aon ríomhphoist ná nótaí lámhscríofa a scaoileadh. Dúradh go bhféadfadh go bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith in áiteanna iontu siúd nár chóir a chur ar fáil don phobal. Dúradh nach gcoinníonn siad cartlanna ríomhphoist agus nach bhféadfaidís ráthaíocht a thabhairt go mbeadh aon taifid a bheadh acu iomlán.
Chinn an Roinn, d'ainneoin an ríomhphoist ón Uasal Loudon, gan na sleachta iomchuí den tairiscint a scaoileadh. Feictear domsa, d'ainneoin an tseasaimh atá ag Nedap i láthair na huaire nár chóir aon chuid den tairiscint a scaoileadh, go dtacaíonn ríomhphost an Uasail Loudon tuilleadh leis an tuiscint nach féidir a rá go bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leis an tairiscint.
Dá réir sin, ní ghlacaim leis go raibh comhthuiscint rúndachta idir Nedap agus an Roinn maidir le hábhair na tairisceana. Ní ghlacaim leis ach oiread gur sholáthair Nedap an tairiscint don Roinn in imthosca a d'fhorchuir oibleagáid rúndachta ar an Roinn ina leith. Ní bhaintear an bonn den mhéid sin trí iarrachtaí ina dhiaidh sin a éileamh gur soláthraíodh an tairiscint faoi rún ná trí thagairtí a dhéanamh d'fhaisnéis faoi rún sa chonradh a síníodh idir an Roinn agus Nedap sa bhliain 2003. Sa mhéid ina bhfuil tagairt sa chonradh (i mír 12.7 de) d'fhaisnéis rúnda, tugaim faoi deara nach sonraíonn sé gur measadh gur faisnéis rúnda an tairiscint – agus in aon chás, tá nóta sa chonradh go bhfuil an fhaisnéis rúnda sin faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Mar sheachfhocal, bheadh ceist agam i dtaobh thuairim na Roinne go ndearnadh faisnéis sa tairiscint, a d'fhéadfaí faisnéis a bhaineann le "pits díola" a thabhairt uirthi nó ar faisnéis í atá ar fáil ar shuíomh idirlín na cuideachta nó ó fhoinsí oifigiúla eile, a sholáthar di faoi rún agus i dtaobh na caoi a mhaíonn sí gur chóir sonraí de chuid na tairisceana ar dhóigh léi gur chuí athfhriotal a dhéanamh orthu nó tagairt a dhéanamh dóibh i dtaifid eile a scaoileadh, a chosaint ar an bhforas go bhfuil feidhm ag alt 26 an ag tráth seo.
Alt 27
I gcásanna eile, d'áitigh tusa, i ndáil le taifid a bhain le córas Nedap-Powervote, nach bhféadfadh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith sna taifid atá i gceist. Dúirt tú sna cásanna eile sin gur innill agus bogearraí a bhaineann le hÉirinn amháin na hinnill agus na bogearraí a dhíoltar in Éirinn, agus nach bhfuil aon mhargadh acu aon áit eile. Thug tú le tuiscint freisin gur laghdaigh tráchtaí a rinne an Coimisiún ar Vótáil Leictreonach i ndáil leis na bogearraí IES a luach tráchtála go dtí nialas. D'fhéadfaí a thuiscint freisin ó na háitimh atá déanta agat gur laghdaigh sonraí a d'fhoilsigh an grúpa bradaithe san Ísiltír luach tráchtála innill vótála Nedap.
De réir dealraimh, tá an Roinn den tuairim go bhfuil faisnéis, a d'fhéadfadh a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de nuair a soláthraíodh í seacht mbliana ó shin, fós íogair ó thaobh na tráchtála de inniu. Áitíonn sí, i ndáil le gach ceann de na tairiscintí, go bhfuil innill vótála leictreonaí deartha le haghaidh cuspóra amháin i. chun tosaíochtaí vótála a thaifeadadh agus toisc go bhfuil an teicneolaíocht is gá chun sin a dhéanamh bunúsach go maith (i gcomórtas le ríomhaire pearsanta mar shampla a chaithfidh feidhmeanna éagsúla a chomhlíonadh agus cláir agus bogearraí éagsúla a úsáid go comhuaineach), de ghnáth maireann innill vótála i bhfad. Luaigh an Roinn an sampla go bhfuil saolré 20 bliain ag na comhábhair ríthábhachtacha in inneall vótála Nedap. Deir sí, cé gur féidir bogearraí bainistithe toghchán, a oibrítear ar ríomhairí pearsanta, a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá chun anailís níos casta a dhéanamh ar na sonraí vótála agus chun torthaí a chur i láthair ar bhealaí éagsúla, go mbeidh an bhunfheidhm arb í vótaí a thaifeadadh agus a stóráil mar an gcéanna i gcónaí. Leanann sí uirthi lena rá go bhfuil na tairgeoirí sin go léir fós ag oibriú sa mhargadh agus nach dóigh go mbeidh difear suntasach idir na tairiscintí a cuireadh isteach le déanaí agus iad sin a soláthraíodh sa bhliain 2000, go háirithe i dtéarmaí crua-earraí agus cur chuige córasach.
Ar scór dul i gcomhairle le hAnne Moran, Uasal, an 30 Lúnasa 2006, dúirt an tUasal Hank Steentjes ó Nedap, an 22 Meán Fómhair 2006, go bhfuil an fhaisnéis ina thairiscint fós iomchuí, cé go raibh sí, an tráth sin, sé bliana d'aois. Dúirt sé gur faide ré saoil córais vótála ná 6 bliana go 10 mbliana, agus gur fíor an méid sin freisin maidir leis na crua-earraí agus na bogearraí laistigh agus arb éard atá iontu an t-inneall vótála. Dúirt an tUasal Steentjes nach bhféadfadh Nedap a cheadú an doiciméadacht tairisceana, ná taifid d'aon cheisteanna a bhain leis an tairiscint ná aon doiciméadacht eile a scaoileadh mar gheall ar an mbagairt ionchasach dá sheasamh iomaíoch sna réimsí teicneolaíochta, tráchtála agus airgeadais. Lean sé air lena rá go raibh sonraí sa tairiscint maidir leis na praghsanna a táirgeadh, réitigh le haghaidh cur chun feidhme céimneach an tionscadail, agus sonraí maidir le heagrú an tionscadail, agus go rachadh an fhaisnéis chuimsitheach iontu sin chun tairbhe d'iomaitheoirí na cuideachta. Ansin, luaigh an tUasal Steentjes roinnt rudaí eile, ar dóigh liomsa iad a bheith iomchuí maidir le leas an phobail seachas an tsaincheist i dtaobh an bhfuil na taifid díolmhaithe ar an gcéad ásc.
Bhí athrá ar an méid sin sa litir ón Uasal Steentjes an 9 Feabhra 2007 agus bhí tagairt inti do thuairim Nedap go raibh a leasanna chomh mór sin nár leag sé aon bhéim ar aon ghnéithe den tairiscint mar ghnéithe íogara, agus nár chúis í sin lena ordú an tairiscint a scaoileadh ag an tráth seo. Dúirt sé cé go bhfuil roinnt gnéithe den doiciméadacht tairisceana a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil siad tábhachtach, is cuid iad de chur chuige straitéiseach na cuideachta trí chéile maidir le tionscadal den sórt seo.
Ar an gcéad ásc, measaim go bhfuil sé iomchuí, mar a pléadh roimhe seo, nár shonraigh Nedap gur soláthraíodh an tairiscint a chuir sé isteach, ná aon chuid di, faoi rún ná go raibh sí íogair ó thaobh na tráchtála de. Toisc gur ghlac mé leis, áfach, i gcásanna gaolmhara eile, go mbeadh faisnéis shonrach maidir leis na hinnill vótála agus na bogearraí gaolmhara cáilithe lena díolmhú faoi alt 23 den Acht um Shaoráil Faisnéise, tacaíonn sin le mise do ghlacadh leis maidir le faisnéis den tsamhail chéanna is faisnéis atá chomh sonrach céanna maidir leis na hinnill agus na bogearraí gaolmhara, má tá sí i dtairiscint Nedap-Powervote, go mbeadh sí díolmhaithe faoin bhforáil sin agus gurbh fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de í atá díolmhaithe faoi alt 27(1)(b).
Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil aon áiteamh déanta ag an Roinn ná ag Nedap ina dteagmhálacha leis an Oifig seo i ndáil leis an gcás seo, gur chóir alt 23 a chur chun feidhme maidir leis na taifid tairisceana. In aon chás, feictear domsa gur beag an baol, más aon bhaol é, a bheadh ann go n-úsáidfí an fhaisnéis sin chun cur isteach ar an gcóras toghcháin agus is amhlaidh, nach bhféadfaí alt 23 a úsáid chun na sonraí sin a choinneáil siar óna scaoileadh. Sa chaoi chéanna, níl aon chúis agamsa le cinneadh a dhéanamh go bhfuil feidhm ag alt 27 ar an mbonn sin.
D'ainneoin nach ndearna Nedap aon chás go raibh aon ghnéithe dá thairiscint íogair ó thaobh na tráchtála de an tráth a chuir sé an tairiscint isteach, measaim go bhfuil sé úsáideach breithniú a dhéanamh ar alt 27 maidir leis na gnéithe seo a leanas den tairiscint. An chéad réimse a ndéileálfaidh mé leis réimse na bpraghsanna. Ansin breathnóidh mé ar an gceist i dtaobh an nglacaimse leis go bhféadfar a mheas gur sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sonraí atá sa tairiscint maidir leis na crua-earraí agus na bogearraí. Chuige sin, tugaim faoi deara go ndealraíonn sé go ndearna an Roinn féin idirdhealú idir sonraí a bhaineann leis na bogearraí bainistithe toghcháin (a ndúirt sé ina leith gur féidir iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá) agus sonraí a bhaineann leis an mbunfheidhm arb éard í vótaí a thaifeadadh agus a stóráil, i. an t-inneall vótála, a n-áitíonn sí, de réir dealraimh, gur lú is dócha go ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta.
Praghsanna agus Costais
Mar achoimre ghinearálta ar mo chur chuige go dtí seo, ghlac mé leis, sa mhéid is gur fearr leis an Rialtas praghsanna tairisceana níos ísle, go bhféadfadh a nochtadh cur isteach ar chaidrimh ghnó le custaiméirí eile agus ar an mbealach sin dochar a dhéanamh do staid iomaíoch na dtairgeoirí a n-éiríonn leo. Toisc gurb iad na custaiméirí eile sa chás seo áfach, Rialtais nó údaráis phoiblí, ní léir domsa go seasann an t-áiteamh seo sa chás seo. Má ghlacaimid leis go bhfuil na praghsanna níos fearr ná mar atá do chomhlachtaí eile den sórt sin, bheadh le tuiscint ón méid sin gur chóir a mheas gur sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, de réir bhrí alt 27(1)(b), sonraí a bhaineann le struchtúr táillí tairgeoirí a n-éiríonn leo, lena n-áirítear sonraí i dtaobh céard a bhí ar áireamh ar na táillí agus céard nach raibh, agus gur téarmaí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, de réir alt 27(1)(b), téarmaí íocaíochta. I gcinntí roimhe seo áfach, scaoileadh an fhaisnéis sin maidir le táillí ar mhaithe le leas an phobail ó thaobh oscailteachta agus trédhearcachta maidir le cinntí a dhéanamh agus airgead a chaitheamh ag an Rialtas. Mar atá, chaill an fhaisnéis tairisceana ar éirigh léi a rúndacht maidir le rátaí táillí agus sonraí eile is gá chun an cineál seirbhísí dá ndearnadh conradh a thuiscint.
Ar an gcéad dul síos, tugaim faoi deara gurb amhlaidh gur scaoil an Roinn, trí thaifid eile a scaoileadh chugat, sleachta as gach tairiscint (lena n-airítear taifead Nedap). Maidir le Nedap, scaoil taifid 1.48 agus 1.51 na costais iomlána a cuireadh chun tosaigh mar chostais infheidhme ag gach céim den tionscadal agus na costais iomlána a ghabhann leis na crua-earraí, leis na bogearraí, le hoiliúint etc. a beartaíodh a sholáthar. Tugaim faoi deara go bhfuil tagairt sna taifid sin do na costais sin i méideanna € agus IR£ araon.
Tugtar le tuiscint in aighneacht na Roinne chun na hOifige seo dar dáta an 14 Meitheamh 2007, i ndáil le tairiscint Nedap, i gcás inar scaoileadh costais tairisceana i dtaifid eile a bhaineann leis an iarraidh seo, nach bhfuil aon rud breise le foghlaim trí na figiúir sa tairiscint féin a scaoileadh. Ní aontaím leis an gcur chuige sin. Is í an tsaincheist le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh feidhm a bheith ag díolúine ná an bhféadfadh nó nach bhféadfadh dochar sonrach a dhéanamh dá scaoilfí faisnéis áirithe.
Sa mhéid a bheidh feidhm ag alt 27 maidir le faisnéis den sórt sin, tá na praghsanna (agus an miondealú orthu) mar atá siad sa tairiscint seacht mbliana d'aois. De réir leathanach 15 de thaifead 1.48, a scaoileadh chugat, dhaingnigh Nedap leis an Roinn go mbeadh na praghsanna a luadh ann go dtí 2004/5. Tá trácht ar an leathanach ina dhiaidh sin freisin maidir leis an meath 7% ar an ráta iomlaoide $/€ an tráth sin (Samhain 2000) agus deirtear ann gur ghá na praghsanna tairisceana a mhéadú den mhéid sin tar éis 12 mhí. Leantar ar aghaidh i dtaifead 1.48 lena rá go bhféadfadh aon duine buille faoi thuairim a thabhairt i dtaobh cén staid a bheadh ann sna blianta 2001 go 2004 agus go bhféadfadh an staid a bheith i bhfabhar na hÉireann.
Dá réir sin, ní ghlacaim leis gurbh amhlaidh, maidir le scaoileadh sonraí, sa bhliain 2007, i dtaobh praghsanna i dtairiscint seacht mbliana d'aois, ag pointe nuair a bheadh an tréimhse a raibh na praghsanna sin i gceist caite ar a laghad dhá bhliain ó shin, agus inar dhócha go ndéanfadh rátaí iomlaoide luaineacha tionchar a imirt ar na praghsanna sin sa tréimhse ráthaithe lena mbaineann in aon chás, go mbeadh de thoradh air faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh nó go bhféadfadh sin tionchar a imirt ar chaidrimh ghnó láithreacha Nedap.
Ní ghlacaim leis ach oiread go bhféadfadh scaoileadh na sleachta sin as tairiscint Nedap, ar dhóigh leis an Roinn gur chuí iad a scaoileadh i dtaifid eile, dochar a dhéanamh do leasanna gnó Nedap ag an tráth seo. Thug mé roinnt neamhréireachtaí faoi deara idir na praghsanna sna taifid sin agus na praghsanna sa tairiscint. Leag Anne Moran, Uasal, béim ar chuid de na neamhréireachtaí sin don Roinn le linn a tuairimí sise a leagan amach gur chóir dá ainneoin sin na sonraí sin a scaoileadh. Ní dhearna an Roinn aon trácht ar na neamhréireachtaí go feadh aon mhéid seachas a rá go raibh an Roinn i dteagmháil le Nedap, mar chuid den phróiseas fála agus sular bronnadh an tairiscint, i gcomhthéacs na riachtanas chun an córas a oibriú i gcomhthéacs na hÉireann agus dá dhroim sin go mbeidh athruithe éigin ar na costais a luaitear ag céimeanna éagsúla sa phróiseas.
Is cuma cé acu atá neamhréireachtaí ann nó nach bhfuil, mhínigh mé cheana féin nach nglacaim leis gur féidir a rá gur faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de praghsanna atá seacht mbliana d'aois, is cuma an ndearnadh aon leasuithe ar na praghsanna sin tar éis an tairiscint a chur isteach.
Ar mhaithe le bheith críochnaitheach, ní ghlacaim leis gurb ionann an fhaisnéis sin agus rúin trádála na gcuideachtaí lena mbaineann, ná faisnéis a d'fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar chaibidlí conarthacha nó eile de chuid an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá ndéanfaí í a nochtadh.
Sa mhéid a d'fhéadfadh alt 26(1)(a) feidhm a bheith aige riamh maidir leis na praghsanna éagsúla atá sa tairiscint a chuir Nedap isteach (cibé acu iomlán gnéithe aonair an tionscadail nó an costas iomlán a ghabhann le gach céim) feictear domsa go ndéantar, maidir leis an Roinn do scaoileadh taifead a dhéanann tagairt do na méideanna sin nó a luann go sonrach iad (cibé acu go dtí an punt is gaire nó an méid in Euro), a thabhairt le tuiscint nach raibh comhthuiscint rúndachta ann maidir leis na sonraí beachta mar atá siad sa sliocht iomchuí den tairiscint, fiú i gcás ina bhfuil neamhréireachtaí ann idir na praghsanna sa tairiscint agus na taifid ina dhiaidh sin.
Luaigh mé cheana féin nach nglacaim leis go bhféadfadh go ndearnadh an fhaisnéis sin a sholáthar in imthosca a d'fhorchuir dualgas rúndachta ar an Roinn. Fiú dá mba rud é gur soláthraíodh, agus go raibh dualgas rúndachta ann dá ndearnadh foráil ar shlí eile leis an dlí nó dualgas rúndachta cothromasach idir Nedap agus an Roinn maidir leis an bhfaisnéis atá i gceist, ní ghlacaim leis go bhfuil an rúndacht riachtanach ag gabháil le faisnéis a scaoil an Roinn cheana féin, nach féidir a rá ina leith ag an bpointe seo gur faisnéis phríobháideach nó rúnda í, a d'fhágfadh orm teacht ar an tátal go bhfuil dualgas cothromasach den sórt sin ann. D'fhéadfaí a áiteamh go raibh dualgas rúndachta ar an Roinn i leith Nedap de bhua roinn 12.7 den chonradh dar dáta an 19 Nollaig 2003. Ní thuigim áfach, cén chaoi go bhféadfadh aon sáruithe breise ar chomhaontú den sórt sin a tharlú trí shleachta as an tairiscint a scaoileadh a bhaineann leis na sonraí sin di a chuir an Roinn ar fáil don phobal cheana féin. Ar mhaithe le bheith críochnaitheach, táim den tuairim freisin gur ghá na sonraí sin a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail i dtaca le cur leis an tuiscint ar an modh inar seoladh an próiseas fála sa chás seo.
Tugaim faoi deara go ndeirtear i mír 1 de Sceideal 4 (Cuntas Gairid ar Tháillí agus Íocaíocht) a ghabhann leis an gconradh arna shíniú idir Nedap agus an Roinn, dar dáta an 19 Nollaig 2003, gurb iad na táillí ar threalamh, seachas na hinnill vótála, na táillí sin atá leagtha amach i dtairiscint Nedap-Powervote dar dáta an 14 Lúnasa 2000, mura gcomhaontófar iad idir na páirtithe mar atá leagtha amach i mír 2 [de Sceideal 4]. Tugaim faoi deara freisin, i Sceideal 4 , i míreanna 2 agus 3, go bhfuil leagtha amach an costas a ndearnadh an conradh ina leith agus a ghabhann leis na hinnill vótála agus an costas a ghabhann le 1,006 inneall láithreacha a thabhairt cothrom le dáta. Is léir, mar sin, gur gá tagairt a dhéanamh do na sleachta iomchuí den doiciméadacht tairisceana chun bheith ar an eolas faoi aon táillí ar threalamh seachas na hinnill vótála. Cuir i gcás, tá mise ar an eolas gur ghlac an Roinn na roghnuithe a mhol Nedap maidir le cuimhne chúltaca agus feiste chun cúnamh a thabhairt do dhaoine lagamhairc sa phróiseas vótála.
Mar a fuarthas amach i gcás Uimh. 98188 (an tUasal Mark Henry agus Oifig na nOibreacha Poiblí), nuair a bhronntar conradh, cailleann faisnéis tairisceana ar éirigh léi a rúndacht maidir le praghas agus cineál agus cainníocht na n-earraí arna soláthar. Ní fheicimse aon chúis, mar sin, le cinneadh a dhéanamh go bhféadfadh alt 26 feidhm a bheith aige riamh maidir le haon fhaisnéis sa tairiscint a d'fhéadfadh an praghas atá le híoc ar threalamh áirithe a shoiléiriú nach bhfuil clúdaithe faoin gconradh atá ann cheana féin. Sa chaoi chéanna, ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas, níor thig liom a chinneadh go bhfuil na praghsanna sin íogair ó thaobh na tráchtála de, de réir bhrí alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise. In aon chás, ba mhór a chuirfeadh leas an phobail, i dtaca le hoscailteacht i dtaobh an chineáil gealltanas a rinne an Roinn, agus leas an phobail i dtaca lena cuntasacht as airgead poiblí a chaitheamh, le scaoileadh na sonraí sin.
Bogearraí
Deir an Roinn go bhfuil faisnéis faoi phraghsanna a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do staid iomaíoch Nedap i seoladh a ghnó sna gnéithe iomchuí de thairiscint Nedap. Deir sí go bhféadfadh difear a bheith idir na praghsanna a luaitear le haghaidh gnéithe aonair, lena n-áirítear bogearraí ríofa a sholáthar, agus na praghsanna sin a luaitear do chliaint eile chomhaimseartha agus go bhféadfadh sin mar sin cur isteach ar chaidrimh ghnó láithreacha. Folaíonn an phlé nach bhfuil feidhm ag ailt 26 agus 27 maidir le sonraí faoi phraghsanna (cibé acu praghsanna iomlána nó miondealú ar na praghsanna iomlána sin) sa tairiscint, mar a pléadh sa chuid roimhe seo, aon phraghsanna a luaitear inti ar bhogearraí.
Dá réir sin, déileálann an chuid seo de mo chinneadh leis na gnéithe den tairiscint a dhéanann tagairt do shonraí na mbogearraí a cuireadh chun tosaigh, i. an rud ar bhreathnaigh Nedap air mar riachtanais córais i leith bogearraí, cén chaoi a mheas Nedap go bhféadfadh sé freastal do na riachtanais sin i dtéarmaí tairisceana, sonraí i dtaobh conas a dhéanfaí sin a chorprú i mbainistiú an tionscadail agus cur i ngníomh céimneach an tionscadail, etc.
Amhail ó dháta na litreach seo, níor síníodh aon chonradh i leith bogearraí IES a sholáthar. Deir an Roinn gur chuir sí siar cinneadh a dhéanamh i dtaobh na bogearraí a cheadúnú nó a cheadú go dtí go ndéanfar an fhoireann iomlán de phróifílí toghcháin a chlárú agus a thástáil chun sástacht na Roinne, rud nár tharla go dtí seo. Dúradh ina litir chun na hOifige seo dar dáta an 16 Meitheamh 2006 (mar atá iomchuí maidir le cás 030412) go raibh feidhm dá réir sin ag téarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar a bhain sé le forbairt bogearraí, agus ag ábhair na litreach i dtaobh céard a bhí ar intinn aici a cuireadh chuig Nedap an 15 Nollaig 2000.
Deir an Roinn go leagtar amach sa tairiscint roghnuithe maidir le comhábhair éagsúla den chóras lena n-áirítear na bogearraí ríofa a cheannach, agus go dtugtar inti praghsanna ar na roghnuithe sin. Áitíonn sí, toisc nach ndearnadh aon chinneadh i dtaobh na bogearraí ríofa a cheadúnú nó a cheannach, nach bhfuil aon bhuntáiste i gceist leis na codanna de thairiscint Nedap a scaoileadh a chlúdaíonn na bogearraí ríofa a cheannach. Deir sí freisin go bhféadfaí a áiteamh go mbeadh sé míthreorach na codanna sin den tairiscint a scaoileadh.
Ar an gcéad dul síos, níor mhínigh an Roinn cén fáth go n-áitíonn sí go bhféadfadh scaoileadh na ngnéithe sin den tairiscint a bhaineann le bogearraí a bheith míthreorach. Dá réir sin, níor thug mé aon aird ar an méid sin a dúirt sí. Ar an dara dul síos, fiú dá mba rud é gur soláthraíodh na sonraí iomchuí don Roinn ar na forais gur chóir go bhfanfaidís faoi rún ar an gcéad ásc, feictear domsa gur chaill na sonraí sin an rúndacht sin a luaithe agus a rinneadh an cinneadh glacadh le tairiscint Nedap le haghaidh an chórais vótála trí chéile.
Cé nár síníodh conradh le haghaidh bogearraí IES agus nach ndearnadh cinneadh chun na bogearraí a cheadúnú nó a cheannach thar barr amach, ní dhéanann sin aon difear don fhíoras gur caitheadh airgead poiblí ar bhogearraí IES sin. Feictear domsa nach féidir leis an Roinn áiteamh a chothú chun tacú leis an tuiscint gur chóir aon sonra maidir leis na bogearraí atá sa tairiscint a choinneáil siar ar na forais go bhfuil feidhm ag alt 26, i bhfianaise an mhéid sin, agus i bhfianaise na fionnachtana i gcás 98188 go gcailleann faisnéis tairisceana ar éirigh léi a rúndacht maidir le praghas agus cineál agus cainníocht na n-earraí arna soláthar, nuair a bhronntar conradh. Fiú dá mba rud é go ndearna Nedap bearta chun a chur in iúl gurbh fhaisnéis chonspóideach ar aon bhealach an fhaisnéis sin an tráth a chuir sé a thairiscint isteach, ní ghlacfainn leis gur chuir sin oibleagáid ar an Roinn aon sonraí a choinneáil faoi rún ar sonraí iad ar caitheadh airgead cáiníocóra ar a scór.
I ngnáth-imthosca, áfach, ghlacfainn leis go mbeadh an fhaisnéis sin íogair ó thaobh na tráchtála de agus, cé go bhfuil leisce orm é a dhéanamh, ní mór dom sin a dhéanamh sa chás seo agus a chinneadh go bhfuil na sonraí díolmhaithe faoi alt 27(1)(b) Ní mór, áfach, leas an phobail a chur san áireamh. Déileálfaidh mé leis sin ina dhiaidh seo sa chinneadh seo.
Crua-earraí
Baineann na gnéithe atá fágtha den tairiscint leis na crua-earraí, i. sonraí faoin rud a mheas Nedap gurbh iad riachtanais an chórais maidir le crua-earraí agus an chaoi a mheas sé go bhféadfadh sé freastal do na riachtanais sin, sonraí faoi chur i ngníomh céimneach an tionscadail etc.
Gné atá iomchuí sa chás seo ná gur síníodh conradh chun na crua-earraí a sholáthar, ina bhfuil sonraí freisin faoi phlean tionscadail agus sceideal seachadta sa mhéid a bhaineann sé leis an trealamh seo. Mar gheall air sin, d'fhéadfaí glacadh leis go bhféadfadh aon sonraí sa tairiscint a théann thar na sonraí iomchuí sa tairiscint a bheith díolmhaithe faoi alt 26, sa mhéid is nár ghá iad chun tuiscint a fháil ar chineál na n-earraí arna gceannach nó ar na téarmaí ar a ndearnadh conradh chun iad a sholáthar. Léirigh mé cheana féin nach nglacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 26 sa chás seo toisc nár leag Nedap béim ar aon ghnéithe den tairiscint mar ghnéithe conspóideacha.
Is féidir liom glacadh leis, áfach, go bhfuil na sonraí lena mbaineann, lena n-áirítear an tuiscint a bhí ag Nedap ar riachtanais na Roinne, agus an chaoi ar bheartaigh sé freastal do na riachtanais sin, díolmhaithe faoi alt 27(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Arís, áfach, ní mór leas an phobail a bhreithniú maidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh.
Leas an Phobail
Bhí tagairt sa litir uait chun na hOifige seo dar dáta an 16 Lúnasa 2004, don chinneadh a d'eisigh an Oifig seo i gCás Uimh. 98188 (an tUasal Mark Henry agus Oifig na nOibreacha Poiblí), go háirithe don trácht ann a bhaineann le rúndacht a chailliúint maidir le gnéithe de thairiscintí tar éis conradh a bhronnadh. Dúirt tú freisin, sa litir sin, gur chóir an doiciméadacht tairisceana a scaoileadh chugat ós rud é gur mhéadaigh an praghas tairisceana ó 25 mhilliún punt go dtí 44 mhilliún euro.
Ní dhearna tú aon áitimh eile chun na hOifige seo chun tacú leis an áiteamh uait gur gá an doiciméadacht tairisceana a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. Rinne tú áitimh éagsúla áfach, i gcásanna gaolmhara atá tar éis a bheith faoi athbhreithniú san Oifig seo, chun tacú leis an áiteamh uait i dtaobh cén fáth gur chóir na taifid sin a scaoileadh chugat ar mhaithe le leas an phobail. Níl sé ar intinn agam déileáil le gach trácht atá déanta agat i gcúrsa na gcásanna sin, ach ina ionad sin, tá na háitimh sin ar dealraitheach go ndearna tú agus ar dóigh liom is mó a bhaineann le hábhar mo bhreithnithe ar an gceist i dtaobh leas an phobail sa chás seo leagtha amach agam thíos.
1. Oiriúnacht an Chórais don Chuspóir
Dúirt tú go raibh cúram an-teoranta ag an gCoimisiún um Vótáil Leictreonach, nuair a bhí sé ann, ach gur mhol sé tástáil bhreise a dhéanamh ar an gcóras agus go ndearna sé moltaí éagsúla maidir leis na crua-earraí agus na bog-earraí sa chóras agus maidir leis na bearta slándála arna n-úsáid ag an Roinn. D'áitigh tú, i gcásanna eile, gur chóir taifid áirithe a scaoileadh ionas go bhféadfar sláine an chórais uile trí chéile a mheasúnú. Táim ag glacadh leis sin mar áiteamh go mb'fhéidir gur gá na taifid a scaoileadh sa chás seo chun tacú le leas an phobail i dtaca lena chinntiú go bhfuil an córas trí chéile oiriúnach don chuspóir ar beartaíodh dó é.
2. Cearta Bunreachtúla agus Muinín an Phobail sa Chóras a Roghnaíodh
Ag leanacht as an áiteamh roimhe seo, deir tú freisin gur gá go mbeidh cothroime chruinn ann idir leasanna tráchtála príobháideacha agus ceart an phobail a fhios a bheith aige conas a ndéantar a vótaí a láimhseáil. Tugann tú le tuiscint go bhfágann an ráthaíocht bhunreachtúil rúndachta a theachtaimid in Éirinn maidir le ballóidí go bhfuil sé dodhéanta ag aon ríomhchláraitheoir ráthaíocht a thabhairt gur taifeadadh rogha an vótálaí i gceart. Dhealródh sé ó na háitimh uait go mb'fhéidir go dtugann tú le tuiscint gur gá na taifid atá i gceist a scaoileadh d'fhonn muinín an phobail sa chóras a chinntiú.
3. Luach ar Airgead an Cháiníocóra
Deir tú go sábhálfaí airgead cáiníocóra dá ndéanfaí na díospóireachtaí iomchuí maidir leis an gcóras a sheoladh go poiblí, seachas i modh rúin. Glacaim leis, mar aon leis na tráchtaí a rinne tú maidir le caiteachas ar an gcóras, mar áiteamh gur chóir na taifid iomchuí a scaoileadh d'fhonn freastal do leasanna an phobail i dtaca le cuntasacht na Roinne as na cinntí a rinne sí maidir le buanna na dtograí éagsúla a bhreithnigh an Roinn le linn córas a roghnú, agus i dtaca le hoscailteacht a áirithiú maidir le luach ar airgead an cháiníocóra a caitheadh.
Thug mé féin agus mo réamhtheachtaí, an tUasal Kevin Murphy, aghaidh ar na háitimh maidir le leas an phobail i bhfabhar agus i gcoinne faisnéis tairisceana ar éirigh léi a scaoileadh i gcinntí roimhe seo (amhail cás 98188 a ndearna tú tagairt dó thuas), agus Cás Uimhir 98049 Henry Ford & Son etc. Déileáladh le saincheisteanna den tsamhail chéanna i gCásanna 030182 agus 99183.
Mar achoimre, tá leas láidir pobail ann i dtaca le hoscailteacht agus cuntasacht in úsáid cistí poiblí. Tá leas an phobail ann freisin i dtaca le riaradh cuí conarthaí poiblí, i dtaca le hionracas/sláine comórtas tairisceana comhlachtaí poiblí a áirithiú agus i dtaca lena áirithiú go bhfaightear luach ar airgead i ndáil le conarthaí poiblí. Is áis shuntasach í an oscailteacht maidir le caiteachas cistí poiblí chun a áirithiú go ndéantar maoirseacht éifeachtach ar chaiteachas poiblí, chun a áirithiú go bhfaigheann an pobal luach ar airgead agus chun calaois agus caimiléireacht agus cur amú nó mí-úsáid cistí poiblí a chosc.
Rinne mé tagairt roimhe seo do chásanna roimhe seo inar chaill faisnéis tairisceana ar éirigh léi aon rúndacht a bhí dlite don chuideachta a rinne an tairiscint maidir le rátaí táillí agus aon sonraí eile is gá chun tuiscint a fháil ar chineál na seirbhísí dá ndéantar conradh. Ina theannta sin, cé gur féidir nach mbeidh faisnéis áirithe atá i dtairiscint ina cuid den chonradh, agus cé gur féidir nach é praghas an chonartha na táillí a luaitear i dtairiscint, agus sa chás sin níl aon chaidreamh díoltóra/ceannaitheora ar marthain i leith na faisnéise sin, chinn mé nach gá fós go mbeidh feidhm ag alt 26.
Agus iarracht á déanamh agam cothroime a bhaint amach idir oscailteacht ar thaobh amháin agus an gá atá ann faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint ar an taobh eile, measaim go bhfuil sé dlisteanach dhá rud a bhreithniú. I ndáil leis na taifid seo, ní mór dom leas dearfach an phobail a fhóntar trí nochtadh a bhreithniú agus an dara rud ná an dochar a d'fhéadfaí a dhéanamh trí nochtadh. Le linn an dochar a d'fhéadfaí a dhéanamh do Nedap a mheas, glacaim leis, sa mhéid go bhfuil faisnéis sa tairiscint atá íogair ó thaobh na tráchtála de fós an lá inniu, go bhféadfaí dochar áirithe a dhéanamh dá leasanna gnó.
Maidir leis na háitimh uait go mb'fhéidir gur gá an doiciméadacht tairisceana a scaoileadh d'fhonn oiriúnacht an chórais don chuspóir dá bhfuarthas é a mheasúnú, agus chun muinín an phobail sa chóras sin a áirithiú, feictear domsa nach mbeadh na taifid ina gcúnamh mór chun an córas a mheasúnú, agus gur beag an tionchar a bheadh acu ar mhuinín an phobail. Cinnim gur beag an tábhacht a ghabhann leis an áiteamh sin agus breithniú á dhéanamh agam.
Saincheist atá thar a bheith tábhachtach áfach chun tacú leis na gnéithe den tairiscint a bhaineann leis na bogearraí a scaoileadh ná nach mbaineann an conradh a síníodh an 19 Nollaig 2004 ach amháin le crua-earraí a sholáthar, agus nach bhfuil aon chonradh ann a bhaineann leis na bogearraí. Dúradh i litir na Roinne chuig an Oifig seo dar dáta an 16 Meitheamh 2006 (mar atá iomchuí maidir le cás 030412) gurbh infheidhme, dá réir sin, téarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar a bhain sí le forbairt bogearraí, agus ábhair na litreach maidir lena raibh ar intinn ag an Roinn chuig Nedap dar dáta an 15 Nollaig 2000.
Mar a luadh níos luaithe, ar an 22 Meán Fomhair 2006, thug an tUasal Hank Steentjes as Nedap sracléiriú ar na cúiseanna gur mheas Nedap go raibh an doiciméadacht tairisceana íogair ó thaobh na tráchtála de an tráth seo. Lean sé air freisin lena áiteamh nach bhféadfadh ach amháin lucht teicneolaíochta faisnéise sonraí na mbogearraí agus na gcrua-earraí a thuiscint, agus nach mbeadh tromlach na vótálaithe in ann teacht ar thuairim maidir leis na sonraí sna taifid lena mbaineann. Thug sé le tuiscint nach bhféadfadh an pobal i gcoitinne teacht ar thuairim maidir le leordhóthanacht an chórais vótála trí na taifid sin a scaoileadh. Dúirt an tUasal Steentjes ansin, in aon chás, nach bhfuil saineolaithe teicneolaíochta faisnéise ar aon tuairim, go mbainfeadh na tuairimí frithráiteacha an bonn de mhuinín na vótálaithe, agus tugann sé le tuiscint gurb é an bealach is fearr chun muinín na vótálaithe a áirithiú ná trí údarás tástála creidiúnaithe.
An 14 Meán Fómhair 2006, dúirt an tUasal Anne Hoeflaak as Groenendaal (soláthraí iarbhír na mbogearraí) (cé gur i gcomhthéacs gnéithe áirithe den IES a scaoileadh é cuid mhór) gur cheap an Roinn agus an Coimisiún um Vótáil Leictreonach cuideachtaí neamhspleácha chun tástáil a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla den chóras agus go raibh na tuarascálacha uathu ar fáil don phobal. De réir dealraimh, is é a áitíonn seisean gur leor an leibhéal tástála a rinneadh go dtí seo chun leas an phobail a shásamh i dtaca lena áirithiú go ndearnadh tástáil leordhóthanach ar bhogearraí IES. D'fhéadfaí a thuiscint ón méid sin freisin go n-áiteodh sé go n-íoslaghdaíonn an leibhéal tástála a rinneadh go dtí seo leas an phobail i dtaca leis an doiciméadacht tairisceana a scaoileadh.
Measaim nach mbaineann na háitimh seo le hábhar. Ar an gcéad dul síos, ní ghlacaim leis nach mbeidh an pobal i gcoitinne in ann sonraí na tairisceana a thuiscint. Mar a pléadh níos luaithe, tá i bhfad níos mó faisnéise ginearálta iontu ná mar a bheadh, cuir i gcás, i dtaifid a bhaineann le cód foinse. Ní ceart a thuiscint ón méid sin go bhfuiltear ag glacadh leis an tuiscint gur chóir taifead a choinneáil siar toisc go mb'fhéidir nach dtuigfidh tromlach na ndaoine é áfach. Ar an dara dul síos, cé go ndearnadh tástáil ar an gcóras go dtí seo, chuir an Coimisiún um Vótáil Leictreonach bratach leis an riachtanas go ndéanfar leasuithe agus tástálacha breise.
Mar atá leagtha amach roimhe seo, is féidir gur gá sonraí tairgeora ar éirigh leis a nochtadh d'fhonn tuiscint a fháil ar chineál na n-earraí agus na seirbhísí arna gceannach, agus amhlaidh, cur le leasanna an phobail i dtaca le cuntasacht as cinntí arna ndéanamh ag an Roinn a áirithiú agus i dtaca le hoscailteacht a áirithiú maidir le luach ar airgead cáiníocóra arna chaitheamh. Is fíoras é gur caitheadh airgead poiblí ar bhogearraí IES – bogearraí nach raibh an Coimisiún um Vótáil Leictreonach in ann a mholadh lena n-úsáid. Tá sé réasúnach glacadh leis go mbeidh níos mó airgid ag teastáil chun na bogearraí seo a chur i bhformáid a mbeidh an Coimisiún um Vótáil Leictreonach (nó comhlacht eile arna cheapadh) sásta a cheadú, nó dá ndéanfadh an Rialtas cinneadh córas eile IES a úsáid, ní mór airgead eile a chaitheamh chun an córas sin a fháil.
Dá réir sin, tá tábhacht mhór ag gabháil le leas an phobail i dtaca le sonraí uile an airgid a caitheadh go dtí seo ar IES agus i dtaca leis na téarmaí ar ar caitheadh an t-airgead sin. Sa chás seo, feictear domsa gur gá aon ghnéithe den tairiscint a bhaineann le bogearraí IES a nochtadh. Ba chóir a thabhairt faoi deara, fiú dá gcinnfinn go raibh feidhm ag alt 26 maidir leis na sonraí sin, go gcinnfinn gur ghá iad a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
Mheasfainn freisin go bhfuil leas láidir pobail i gceist i dtaca leis na sonraí a scaoileadh ar a ndearnadh an cinneadh tosaigh chun dul ar aghaidh leis an tairiscint sa mhéid a bhain sí le bogearraí ar measadh gur fhreastail siad do riachtanais na Roinne agus a cheadú don phobal measúnú a dhéanamh ar luach ar airgead a caitheadh go dtí seo.
Rud eile is gá a bhreithniú ná gur críochnaíodh an comórtas tairisceana ag deireadh na bliana 2000, ach nár síníodh conradh chun na hinnill vótála a sholáthar go dtí Nollaig 2003. Tá méideanna suntasacha airgid phoiblí caite ar chóras vótála leictreonaí atá fós le húsáid i dtoghchán ar fud na tíre, cé go dtuigim gurb éard atá i gcóras Nedap gléasra lena úsáid i gcás vótála leictreonaí in Éirinn. Tuigim go ndúirt an t-iarAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go poiblí go n-úsáidfear na hinnill i dtoghcháin agus i reifrinn tar éis na bliana 2007. Cibé acu a tharlóidh sin nó nach dtarlóidh, nó an mbeidh tuairim eile ag an Aire reatha, ní bhaineann sin le hábhar le linn an cinneadh is gá a dhéanamh.
Maidir leis an gconradh le haghaidh na n-inneall vótála, tuigim gur ghá leasuithe a dhéanamh ar na hinnill, tar éis Treoirthionscadal Ollthoghchán Bhealtaine 2002, mar a bhí leagtha amach agus mar a tairgeadh sa tairiscint agus tuigim gur mhol an Coimisiún um Vótáil Leictreonach leasuithe eile a dhéanamh. Is dócha, mar sin, gur gá airgead poiblí eile a chaitheamh sula mbeidh aon chur i ngníomh céimneach den sórt sin ar fud na tíre.
D'fheadfaí a áiteamh go bhfuil leas an phobail comhlíonta i dtaca le cuntasacht as airgead arna chaitheamh ar na hinnill toisc go bhfuil an conradh le haghaidh na n-inneall (crua-earraí) ar fáil don phobal, agus go gcomhlíonann sin agus taifid eile a scaoileadh leas an phobail i dtaca leis an Roinn do bheith cuntasach as na cinntí a rinne sí maidir leis an gcóras vótála leictreonaí.
Measaim, áfach, go bhfuil leas láidir pobail ann i dtaca leis na sonraí a nochtadh ar a ndearnadh an cinneadh tosaigh chun dul ar aghaidh le tairiscint Nedap sa mhéid a bhain sí leis na crua-earraí, agus a cheadú don phobal measúnú a dhéanamh ar an luach ar airgead a fuarthas nó a cailleadh idir an tráth a rinne an Roinn cinneadh chun dul ar aghaidh le Nedap ar bhonn an chórais a tairgeadh amhlaidh agus an pointe nuair a síníodh an t-aon chonradh amháin atá ann. Mar atá, measaim gur gá na sonraí, maidir leis na crua-earraí a thairgeadh a measadh a d'fhreastail do riachtanais na Roinne le haghaidh córais vótála leictreonaí, a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
Tá sonraí sa tairiscint freisin maidir le riachtanais an chórais, tograí seirbhíse, tráthchlár, eagrú tionscadail, oiliúint, tacaíocht, conradh samplach etc. Ós rud é gur chinn mé go bhfuil gnéithe uile na tairisceana a bhaineann leis na crua-earraí agus leis na bogearraí a scaoileadh, leantar uaidh sin go gcinnim gur chóir gach gné eile den tairiscint le scaoileadh chomh maith toisc gur de dhlúth is d'inneach sholáthar na mbogearraí agus na gcrua-earraí is gá iad agus go bhfuil tionchar acu ar an tairgeadh lena mbaineann. Is amhlaidh nach gá dom iad a bhreithniú ar bhonn aonair.
Mar achoimre, measaim nach bhfuil feidhm ag ailt 26 ná 27 maidir le codanna de thairiscint Nedap agus gur ghá í a scaoileadh ina hiomláine ar mhaithe le leas an phobail pé scéal é.
Taifid Eile a Coinníodh Siar – Nedap
Tugaim faoi deara go bhfuil roinnt taifead ann – 1.22 (leathanach 2) agus 1.44, ina bhfuil ceisteanna maidir le tairiscint Nedap. Ní ghlacaim leis go bhfuil aon dualgas rúndachta ar an Roinn i leith Nedap maidir leis na ceisteanna sin. Tá amhras orm go bhfuil siad díolmhaithe faoi alt 27, ach sa mhéid go mbaineann siad le hábhar na tairisceana, agus sa mhéid go bhféadfaí a mheas gur tuairim dhiúltach ag an Roinn maidir le gnéithe den tairiscint atá iontu, glacaim leis, ach leisce orm, gurb amhlaidh atá an cás. Measaim, áfach, gur gá iad a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail i dtaca le cuntasacht i dtéarmaí mheasúnú na Roinne ar an tairiscint lena mbaineann.
Dá réir sin, ordaím go ndéanfar taifead 1.22 (leathanach 2 de) agus taifead 1.44 (ina iomláine) a scaoileadh chugat.
Torthaí– Na Tairgeoirí Nár Éirigh Leo
Ina haighneacht dar dáta an 28 Feabhra 2007, rinne an Roinn tagairt do litreacha éagsúla agóide a fuair sí ar scór dul i gcomhairle faoi alt 29, lena n-áirítear litir agóide ó Indra. Chuaigh sí i gcomhairle amhlaidh sa bhliain 2004.
Ar neamhaird le tuairimí na Roinne maidir leis an ní, déantar mo chuid athbhreithnithe de novo, rud a cheanglaíonn orm fíorais agus imthosca a chur i gcuntas mar atá feidhm acu an dáta a dhéanaim mo chinneadh. Is follasach go measaim gur fíoras iomchuí aois na doiciméadachta tairisceana. Maidir leis an maíomh go bhféadfadh go mbeadh níos lú ábhar buartha ag tairgeoirí maidir le tairiscintí a chuir siad isteach sa bhliain 2000 a scaoileadh sa bhliain 2007, ná mar a bheadh seacht mbliana ó shin, tacaíonn toiliú Indra, i mí Iúil na bliana seo, a thairiscint agus doiciméadacht ghaolmhar eile a scaoileadh, leis an maíomh sin. Tar éis an toiliú sin a fháil, d'admhaigh an Roinn go bhfuil ag Indra an seasamh is fearr chun a chinneadh céard ba fhaisnéis a bheadh íogair ó thaobh na tráchtála de laistigh dá thairiscint. Ba chóir go leanfaí as sin go bhfuil ag na tairgeoirí atá fágtha an seasamh is fearr chun a chinneadh an mian leo aon agóidí atá acu i gcoinne scaoileadh aon ghnéithe den tairiscint iomchuí a chur in iúl don Oifig seo. Dá réir sin, is í an tuairim atá agam gur faoi na tairgeoirí atá sé cás sonrach a dhéanamh chuig m'Oifigse á rá, go ndéanann siad agóid ag an tráth seo i gcoinne scaoileadh na doiciméadachta tairisceana.
Scríobh Anne Moran, Uasal, litir chuig gach ceann de na tairgeoirí an 22 Eanáir 2007 agus d'inis sí dóibh gur mheas sí go raibh na taifid le scaoileadh, ach amháin aon fhaisnéis phearsanta a bhí iontu. Dúirt sí leo mura gcloisfeadh sí a mhalairt uathu laistigh de thrí seachtaine ón dáta sin i. faoin 12 Feabhra 2007, go nglacfadh sí leis nach raibh aon agóidí ag na tairgeoirí i gcoinne an doiciméadacht tairisceana lena mbaineann a scaoileadh. D'iarr sí ar na tairgeoirí aon tuairimí dá mhalairt a bheadh acu a chur faoi bhráid m'Oifigese i scríbhinn/ar an ríomhphost, agus d'iarr sí orthu a dtuairim a theorannú do na gnéithe sin den tairiscint a d'áitigh siad a bhí, amhail i mí Eanáir 2007, íogair ó thaobh na tráchtála de go fóill.
Indra
Cuireadh an litir chuig Indra ar ais i mí an Mhárta 2007 mar nach bhféadfaí í a sheachadadh, agus tar éis a sheiceáil go raibh an seoladh iomchuí ceart, cuireadh arís í, ach cuireadh ar ais arís í i mí Iúil 2007. Rinne Anne Moran, Uasal, teagmháil leis an gcuideachta ar an ríomhphost ansin, agus ar scór sin thoiligh Indra lena thairiscint (agus taifid eile a bhain lena thairiscint) a scaoileadh go hiomlán.
Sequoia Bull Cara (Sequoia)
Níor cuireadh in iúl domsa go ndearna Sequioa tagairt d'aon ghnéithe dá thairiscint a mheas sé ab fhiú a chosaint an tráth a chuir sé an tairiscint isteach. Dealraíonn sé freisin nár chuir sé aon agóidí in iúl don Roinn nuair a chuaigh an Roinn i gcomhairle leis sa bhliain 2004, ná níor chuir sé aon fhreagra ar fhógra na hOifige seo maidir leis an athbhreithniú (sa bhliain 2004 chomh maith). Mar a chinn mé i gcás Nedap, toisc nach bhfuil aon agóidí sonracha déanta ag Sequioa, ní fheicim aon chúis le glacadh leis gur soláthraíodh a thairiscint don Roinn ar an tuiscint go bhfanfaidh sí faoi rún ná gur soláthraíodh í in imthosca a d'fhorchuir oibleagáid rúndachta ar an Roinn ina leith.
Cé gur iarr Sequoia am breise, ar scór na litreach ó Anne Moran, Uasal, dar dáta an 22 Eanáir 2007, chun measúnú a dhéanamh ar ábhair na tairisceana (agus d'iarr sé, agus soláthraíodh dó, cóip den tairiscint atá i gceist), thug sé freagra d'Anne Moran, Uasal, go bhféadfaidh sí dul ar aghaidh de réir mar is cuí léi.
Mar a míníodh, measaim gur gá tacú le tuairimí na Roinne, maidir leis an Roinn do leanúint de na taifid a choinneáil siar, leis an seasamh atá ag na tairgeoirí lena mbaineann. Is fíoras é nár chuir Sequoia in iúl don Oifig seo go bhfuil aon ghnéithe den tairiscint a mheasann sé fós gur chóir iad a chosaint ná níor leag sé béim ar aon ghnéithe den tairiscint a ndéanann sé agóid i gcoinne iad a scaoileadh.
Mar sin, measaim nach ndearna Sequoia agóid i ndáiríre i gcoinne an doiciméadacht tairisceana lena mbaineann a scaoileadh. Is deimhin liom freisin mar gheall ar Sequoia d'fhanacht ina thost maidir leis an ní, nach bhfuil aon ghnéithe den tairiscint ann atá, an tráth seo, íogair ó thaobh na tráchtála de agus ar gá iad a cosaint faoi alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Mar sin, cinnim gur chóir an tairiscint a chuir Sequoia faoi bhráid na Roinne a scaoileadh chugat, ach amháin an chuid di (Aguisín C) a bhaineann le resuméanna fhoireann Sequoia. Measaim go bhfuil an sleacht seo díolmhaithe faoi alt 28(1) sa mhéid is go bhfuil faisnéis phearsanta ann maidir leis na pearsana aonair lena mbaineann agus nach gá an fhaisnéis seo a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. Tugaim faoi deara freisin gur dealraitheach go mbaineann taifead 1.42 leis an tairiscint seo sa mhéid is gurb éard atá ann costais éagsúla a chuir Sequoia chun tosaigh mar chostais iomchuí maidir le caiteachas ar chrua-earraí, ar bhogearraí etc. ag gach céim den tionscadal. Cinnim go bhfuil sé le scaoileadh ar na cúiseanna céanna atá le tairiscint Sequoia a scaoileadh. Tá an ghné sin de thaifead 1.49 a bhaineann leis na costais atá leagtha amach i dtairiscint Sequoia le scaoileadh ar shlí den tsamhail chéanna.
Unilect
Mar a tugadh faoi deara, chomhaontaigh Unilect le codanna dá thairiscint a scaoileadh a ndúirt sé ina leith a fhéadfar a scaoileadh ó rúndacht. Dúirt sé áfach, go bhfuil sna gnéithe eile den tairiscint sonraí faoi chóid agus faoi bhogearraí atá fós in úsáid ag an gcuideachta, agus dá scaoilfí an fhaisnéis sin, go ndéanfadh sé dochar don Rátáil Slándála Fheidearálach atá aige faoi láthair sna Stáit Aontaithe. Dúirt sé freisin gurbh fhearr leis dá bhfanfadh aon fhaisnéis faoi chúrsaí airgeadais agus praghsanna faoi rún freisin.
Tá tagairt in aighneacht na Roinne dar dáta an 28 Feabhra 2007 don litir chlúdaigh a bhí ag gabháil le togra Unilect, ina ndeirtear go bhfuil an fhaisnéis sa doiciméad seo rúnda go maith agus nár chóir go bhfeicfeadh éinne í ó lasmuigh de ghrúpa imscrúdaithe na Roinne.
De réir dealraimh, léiríonn an litir a chuir Unilect chuig an Roinn gur mheas sé gur sholáthair sé a thairiscint go léir faoi rún. Chuir mé ceisteanna cheana féin i dtaobh an raibh an Roinn in ann dearbhú rúndachta a thabhairt do na tairgeoirí mar ní ghlacaim leis, an tráth a cuireadh na tairiscintí isteach, agus de réir mar a mhínigh mé roimhe seo, go raibh an Roinn in ann ráthaíocht den sórt sin a thabhairt. Cosúil leis na tairgeoirí eile, níor thug Unilect aon sonraí an tráth a cuireadh an tairiscint isteach i dtaobh cén fáth go raibh sí "rúnda go maith".
In aon chás, scaoil an Roinn, trí thaifid 1.49, 1.51 agus 3.10 a scaoileadh, sonraí faoin bpraghas iomlán a chuir Unilect isteach. Mar thoradh air sin, ní fheicim aon chúis le glacadh leis go raibh aon chomhthuiscint rúndachta ann go ndéileálfaí leis an tairiscint ina hiomláine mar thairiscint rúnda ná go raibh oibleagáid ar an Roinn ábhair uile na tairisceana a choinneáil faoi rún. Ní féidir liom glacadh leis ach oiread gur féidir gurb ionann agus nochtadh faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de scaoileadh an fhigiúir iomláin as an tairiscint, a luaigh an Roinn nó a ndearna sí tagairt dó i dtaifid eile a scaoileadh.
Tugaim faoi deara gurb éard atá i leathanach 2, agus i leathanaigh 11-14 de leabhrán 1 de thairiscint Unilect (soláthraíodh an tairiscint don Oifig seo ina dhá leabhrán) miondealú ar an bpraghas a luadh leis an Roinn (scaoileadh na leathanaigh faoi réir na praghsanna iomchuí a chur in eagar). Measaim freisin nach féidir aon áiteamh a dhéanamh gurb ionann agus scaoileadh faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de na leathanaigh sin de thairiscint Unilect a scaoileadh. Ar an gcéad dul síos, tá na praghsanna seacht mbliana d'aois agus, de réir na ngnéithe den tairiscint a scaoileadh, bhí siad le bheith ann go ceann tréimhse socraithe bliana agus bhí siad faoi réir ráta iomlaoide £/€ a bheith luaineach. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 27. Ní deimhin liom ach oiread go bhfuil fós ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le miondealú ar phraghsanna a luaigh Unilect rúndacht riachtanach a cheanglódh ar an Roinn í a chosaint ar na forais go bhfuil feidhm ag alt 26. Tá an ghné de thaifead 1.49 a bhaineann leis na costais atá leagtha amach i dtairiscint Unilect le scaoileadh ar shlí den tsamhail chéanna.
Tig liom glacadh leis, áfach, i gcás nár tháinig caidreamh custaiméara/díoltóra chun bheith ann, go bhfuil comhthuiscint rúndachta ann maidir leis an gcuid eile den tairiscint, agus go bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi Unilect ar áireamh i sonraí na tairisceana, i bhfianaise an mhéid a dúirt sé faoin tionchar a bheadh ar an Rátáil Slándála Fheidearálach atá aige faoi láthair sna Stáit Aontaithe dá scaoilfí iad.
Ní fheicim gurb é leas an phobail é an chuid eile den fhaisnéis a scaoileadh. Níor éirigh leis an tairiscint, agus níor caitheadh aon airgead poiblí ar an gcóras a thairg Unilect a cheannach. Ní fheicim gurb é leas an phobail é measúnú a dhéanamh i dtaobh cibé acu a bheadh nó nach mbeadh córas Unilect, mar a thuairiscítear sa tairiscint é, oiriúnach le haghaidh dálaí Éireannacha, dá réir sin. Dá scaoilfí an chuid eile den taifead seo, ní ligfeadh sin aon mheasúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an córas a roghnaíodh oiriúnach don chuspóir dá raibh sé beartaithe. I ndeireadh na dála, ní imreofaí aon tionchar ar mhuinín an phobail as an gcóras a roghnaíodh dá scaoilfí é. Sa mhéid is go bhfuil leas an phobail i gceist i dtaca le hoscailteacht na Roinne i dtaobh nithe éagsúla a bhreithnigh sí nuair a roghnaigh sí an córas, measaim gur freastalaíodh don leas sin trí thaifid eile a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chóras Unilect ar taifid iad a scaoileadh chugat.
ES&S
Níor thug ES&S aon fhreagra d'Anne Moran, Uasal, go dtí an 3 Lúnasa 2007, nuair a thoiligh sé le codanna éagsúla dá thairiscint (lena n-áirítear an miondealú ar na praghsanna beartaithe) a scaoileadh, agus scaoil an Roinn chugat iad faoin tráth seo. Níor shonraigh sé cén fáth nár thoiligh sé leis an tairiscint a scaoileadh ina hiomláine, ach tá sé réasúnach glacadh leis go measann sé go bhfuil an chuid eile den fhaisnéise íogair ó thaobh na tráchtála de.
Baineann an chuid eile den tairiscint le cur chuige ES&S maidir le tionscadal vótála leictreonaí, a measaim a bheadh úsáideach dá iomaitheoirí. I gcás nár tháinig aon chaidreamh custaiméara/díoltóra chun bheith ann, glacaim leis, sa chás seo freisin, go bhfuil comhthuiscint rúndachta ann idir an Roinn agus ES&S maidir leis an gcuid eile den tairiscint. Is féidir liom glacadh leis freisin gur faisnéis faoi ES&S atá íogair ó thaobh na tráchtála de atá sna sonraí sin. Cinnim go bhfuil an chuid eile den tairiscint díolmhaithe faoi ailt 26 agus 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise, agus ar na cúiseanna atá leagtha amach maidir leis an gcuid eile de thairiscint Unilect (seachas costais sa tairiscint sin), cinnim nach gá an fhaisnéis sin a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
Mar sin, cinnim gur chóir an chuid eile den tairiscint a chuir ES&S faoi bhráid na Roinne a choinneáil siar uait.
***
Mar sheachfhocal, is fiú trácht ar na tuairimí éagsúla maidir le doiciméadacht éagsúil a nocht na tairgeoirí éagsúla. Ní raibh aon agóid ag Indra, tairgeoir nár éirigh leis, i gcoinne a chuid doiciméadachta a scaoileadh ina hiomláine; chuir cuid de na tairgeoirí nár éirigh leo i gcoinne praghsanna a scaoileadh cé nár chuir cuid eile díobh; agus cuireann Nedap, an tairgeoir ar éirigh leis agus a thuill na milliúin euro in airgead cáiníocóra, i gcoinne aon chuid dá thairiscint a scaoileadh. Toisc gur mheas tairgeoir nár éirigh leis gur cuí a údarú a dhoiciméadacht a scaoileadh, músclaíonn sin an cheist i dtaobh an bhfuil sé réasúnach ag aon cheann de na tairgeoirí eile, go háirithe Nedap, a bheith ag súil leis gur chóir taifid den tsamhail chéanna a bhaineann leosan a choinneáil siar an tráth seo. Ar leithligh ón gceist sin, áfach, chinn mé gurb é an bealach is mó is cuí dul ar aghaidh ná measúnú a dhéanamh ar na tuairimí a chuir na heintitis éagsúla in iúl i gcomhthéacs mo bhreithnithe ar ailt 26 agus 27, i gcás inar cuireadh tuairimí den sórt sin in iúl.
Taifid Eile Arna gCoinneáil Siar
Tugaim faoi deara gur de ghné ghinearálta an chéad leathanach de thaifead 1.22, nach ndéanann tagairt do na cuideachtaí lena mbaineann ná nach ndéanann tagairt d'aon cheann de na tairiscintí ar aon chaoi. Ní ghlacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1) maidir leis ná ní ghlacaim leis ach oiread go bhfuil sé cáilithe le haghaidh díolúine faoi alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Dhéileáil mé leis an dara leathanach de thaifead 1.22 sa chuid den litir a dhéileálann le tairiscint Nedap. Déanann an chuid eile de thaifead 1.22 tagairt do na tairgeoirí eile. Déanann taifid 1.24 agus 1.31 tagairt do thairiscint Unilect agus déanann taifead 1.30 tagairt do thairiscintí ES&S agus Sequoia araon (cé gur ES&S (Bull Cara) an teideal atá ar an gcéad leathanach de, is deimhin liom go mbeartaítear go ndéanann an leathanach sin agus an leathanach ina dhiaidh tagairt do thairiscint Sequoia Bull Cara). Déanann taifead 1.43 tagairt do thairiscint Sequoia.
Rinne Anne Moran, Uasal, teagmháil leis na tairgeoirí an 25 Iúil 2007 maidir leis na taifid lena mbaineann. Rinne sí teagmháil freisin le hIndra maidir leis na taifid sin a bhain lena thairiscint. I gcás Indra, Unilect agus Sequoia, chuir sí ríomhphost chuig pearsanra laistigh de na cuideachtaí sin a rinne teagmháil léi cheana féin ar an ríomhphost ar scór na litreacha a chuir sí ar an 22 Eanáir 2007, agus d'iarr sí orthu freagra a thabhairt faoin 31 Iúil 2007. I gcás ES&S, nach raibh tar éis freagra a thabhairt fiú ar litir Anne Moran, Uasal, a chuir sí i mí Eanáir, chuir sí litir chuig seoladh a dhaingnigh sí ar an idirlíon agus d'iarr sí freagra faoin 7 Lúnasa 2007. Dúirt an tUasal Moran le gach ceann de na ceithre chuideachta go nglacfadh sí leis, mura gcloisfeadh sí a mhalairt, nár chuir siad i gcoinne na taifid lena mbaineann a scaoileadh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Unilect ná ó Sequoia. Cé go raibh tagairt sa litir ó ES&S dar dáta an 31 Lúnasa 2007 do litir an Uasail Moran dar dáta an 25 Iúil 2007 agus gur thoiligh sé cuid dá thairiscint a scaoileadh, ní dhearna sé aon trácht ar na taifid eile a scaoileadh (arb iad ábhar iarbhír na litreach dar dáta an 25 Iúil 2007).
Amhail i gcás tairiscintí, is í an tuairim atá agam go bhfágann imeacht aimsire gur lú an t-ábhar buartha a bheadh ag tairgeoirí maidir leis na doiciméid sin a scaoileadh ná mar a bheadh acu seacht mbliana ó shin. Dá réir sin, is í an tuairim atá agam, mura ndéanann na cuideachtaí cás chuig m'Oifigse i dtaobh cén fáth go gcuireann siad i gcoinne na doiciméid lena mbaineann a scaoileadh, nach ndearna siad agóid i gcoinne na doiciméid lena mbaineann a scaoileadh. Toisc nach bhfuarthas aon fhreagraí ó Sequoia ná ó Unilect , ní fiú nuair a chuir an tUasal Moran ríomhphost eile chuig na cuideachtaí lena mbaineann an 30 Iúil 2007 á rá go raibh sí ag glacadh leis gurbh é ba bhrí lena dtost nach raibh aon agóidí acu i gcoinne na taifid lena mbaineann a scaoileadh, glacaim leis nach gcuireann siad i gcoinne na doiciméid seo a scaoileadh.
Mar gheall ar an méid a dúirt Sequoia roimhe sin leis an Uasal Moran go bhféadfadh sí dul ar aghaidh de réir mar ba chuí léi maidir lena thairiscint, agus mar gheall ar a thost ar scór na ríomhphost uaithi maidir leis na taifid ar cheisteanna maidir leis na tairiscintí, ní féidir liom a chinneadh go bhfuil feidhm ag alt 26 nó 27 maidir leis na ceisteanna sin. Tá na ceisteanna lena mbaineann i dtaifid 1.22 (an tríú leathanach ón deireadh), sa chéad dá leathanach de thaifead 1.30 agus i dtaifead 1.43 ina iomláine.
Tá an rogha agam an cur chuige céanna a ghlacadh chugam féin maidir le Unilect toisc nár thug sé aon fhreagra ar ríomhphoist an Uasail Moran maidir leis na taifid sin. Chinn mé áfach, cur chuige a ghlacadh arb éard é aon cheisteanna a d'fhéadfadh faisnéis a nochtadh sna gnéithe sin den tairiscint a chinn mé a bheith díolmhaithe óna scaoileadh a chosaint. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an sliocht iomchuí de thaifead 1.22 (an leathanach deiridh de), ní fhaighim aon fhaisnéis ann nach bhfuil sna gnéithe sin de thairiscint Unilect a scaoileadh. Is é atá i dtaifead 1.24 freagra Unilect ar cheisteanna ón Roinn, agus ní fheicim aon chúis leis an taifead sin a choinneáil siar dá réir sin (tá tagairt ann do chostas ar chinn mé cheana féin gur chóir é a scaoileadh). Tar éis breithniú a dhéanamh ar thaifead 1.31, ní fhaighim aon ghné de nach mbaineann leis na gnéithe de thairiscint Unilect a scaoileadh agus ordaím go ndéanfar é a scaoileadh chugat, ach amháin an trácht atá ar an gcéad leathanach de (maidir le leathanaigh 7 agus 29 den tairiscint) faoin gcuideachta a sholáthraíonn tacaíocht do thogra Unilect. Cinnim go bhféadfaí a mheas go bhfuil an trácht íogair ó thaobh na tráchtála de agus ordaím go ndéanfar an abairt a choinneáil siar.
Ní léir domsa ar beartaíodh sa litir ó ES&S chuig an Uasal Moran dar dáta an 3 Lúnasa 2007, mar gheall ar thost na cuideachta maidir leis na taifid ina bhfuil na ceisteanna, toiliú lena scaoileadh. Chinn mé áfach, cur chuige den tsamhail chéanna a ghlacadh chugam féin i gcás ina mbaineann na ceisteanna le haon ghné de thairiscint ES&S a chinn mé a bheith díolmhaithe, go gcinnfidh mé mar a chéile maidir leis na ceisteanna.
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an dá leathanach iomchuí de thaifead 1.22 (an dara agus an tríú leathanach), ní fhaighim ach aon cheist amháin a bhaineann le cuid de thairiscint ES&S nár scaoileadh. Cinnim gur chóir gach gné den dá leathanach lena mbaineann a scaoileadh, ach amháin an cheist maidir le "Leathanach 4" den tairiscint, mar atá sé ar an gcéad leathanach de na ceisteanna. Tar éis an dá leathanach de thaifead 1.30 a bhaineann le ES&S (an tríú agus an ceathrú leathanach de), tugaim faoi deara go bhfuil ceisteanna ann maidir le míreanna 209 agus 210 den tairiscint, nár scaoileadh. Cinnim gur chóir an dá leathanach lena mbaineann de thaifead 1.30 a scaoileadh chugat ach amháin na ceisteanna lena mbaineann (an dá cheist dheireanacha ar an gcéad leathanach, agus an chéad cheist ar an dara leathanach de – tá trí cheist ar an leathanach seo).
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú), déanaimse leis seo cinneadh na Roinne a athrú. Ordaím go ndéanfar na taifid seo a leanas a scaoileadh chugat:
Tairiscint Unilect:
Taifead 1.55 – an chuid eile de leathanach 2, agus leathanaigh 11-14 de leabhrán a haon amháin;
Tairiscint Sequoia:
Taifead 1.57 ina iomláine;
Tairiscint Nedap-Powervote:
Taifead 1.54 ina iomláine;
Taifid eile:
Taifead 1.22 ina iomláine ach amháin an cheist a bhaineann le leathanach 4 de thairiscint ES&S; 1.24 ina iomláine; taifead 1.30 ina iomláine ach amháin na ceisteanna a bhaineann le míreanna 209 agus 210 de thairiscint ES&S; taifead 1.31 ina iomláine ach amháin an trácht ar an gcéad leathanach de (maidir le leathanaigh 7 agus 29 den tairiscint) faoin gcuideachta a sholáthraíonn tacaíocht do thairiscint Unilect; taifead 1.42 ina iomláine; taifead 1.43 ina iomláine; taifead 1.44 ina iomláine; agus an chuid eile de thaifead 1.49 ina iomláine.
Seasaim le diúltú na Roinne na taifid eile (an chuid eile de thaifead 1.56 i. Tairiscint ES&S; an chuid eile de thaifead 1.55 i. tairiscint Unilect seachas costais; na gnéithe sin de thaifid 1.22 agus 1.30 a dhéanann tagairt do ghnéithe díolmhaithe de thairiscint ES&S; agus an tagairt don chuideachta a sholáthraíonn tacaíocht do thairiscint Unilect, ar an gcéad leathanach de thaifead 1.31 (i. an cheist maidir le leathanaigh 7 agus 29 den tairiscint).
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann cinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise tar éis athbhreithnithe difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a eascraíonn as an gcinneadh. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis dháta na litreach seo.
Is mise le meas
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
Comisinéir Faisnéise