- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 99036 - An tUasal X agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Iarraidh ag iarchónaitheoir scoil saothair ar thaifid a bhaineann leis atá i seilbh na scoileanna saothair a ndearna sé freastal orthu - iarraidh ar thaifid lena mbaineann a dheirfiúr mharbh atá i seilbh na scoileanna saothair a ndearna sí freastal orthu - alt 6(9) - cé acu an raibh an caidreamh idir an Roinn agus na scoileanna saothair bunaithe ar chonradh i gcomhair seirbhísí nó nach raibh - cé acu an bhfuil na taifid chuí de chuid na scoileanna saothair lena mbaineann i seilbh na Roinne nó nach bhfuil.
Case Summary
Fíricí
Rinne an t-iarrthóir dhá iarraidh ar leith a sheoladh ar aghaidh chuig an Roinn, ceann amháin díobh i leith a dtaifead féin agus an ceann eile i leith na dtaifead a bhain lena dheirfiúr; chaith an bheirt acu tréimhsí fada i scoileanna saothair ina n-óige. Cheadaigh an Roinn na hiarrataí a mhéid agus a bhí siad in ann, ach scriosadh cuid de na taifid. Rinne an t-iarrthóir iarraidh a sheoladh chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoi dheoidh ar athbhreithniú ar chinntí na Roinne sa dá chás agus thug an Coimisinéir faoi na hathbhreithnithe seo ag aon am amháin. D'áitigh an t-iarrthóir go ndearna an Roinn faillí ina chuid ceart a bhí aige rochtain a fháil ar thaifid, a bhaineann leis féin agus lena dheirfiúr, a bhí i seilbh na n-ord rialta a bhí i gceannas ar na scoileanna saothair sin. Cé go mbaineann cinneadh an Choimisinéara le roinnt saincheisteanna a tháinig chun cinn sa chomh-athbhreithniú, is tromchúisí i bhfad an tsaincheist a bhaineann le cé acu an bhfuil an Roinn i dteideal taifid a bhíodh i seilbh ord rialta, lena mbaineann an t-iarrthóir agus a dheirfiúr, na taifid sin a ghlacadh chucu féin nó nach bhfuil. De réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, d'fhéadfaí faisnéis a scaoileadh má tá sí i seilbh na Roinne.
Torthaí
Is í an phríomhcheist atá ann, i dtaca le taifid a bhíodh i seilbh na n-ord rialta, cé acu an raibh an caidreamh idir an Roinn agus na scoileanna saothair bunaithe ar chonradh i gcomhair seirbhísí nó nach raibh. Thug an Coimisinéir faoi deara gur chaidreamh é seo a bhí á rialú de réir reachta agus níor chaidreamh é a bhí bunaithe ar chonradh a shínigh na páirtithe ar a thoil féin. Thug an Coimisinéir faoi deara nach raibh feidhm ag alt 6(9) agus measadh nach raibh na taifid sin i seilbh na Roinne a bhain leis an iarrthóir agus lena dheirfiúr agus lena gcuid ama sna scoileanna saothair; d'fhéadfaidís a bheith i seilbh na n-ord rialta a bhí i gceannas ar na scoileanna saothair.
Nóta:
1) Tá cinneadh iomlán an Choimisinéara le fáil thíos; pléitear alt 6(9) i dtreo dheireadh na míre, 'Torthaí', atá sa chinneadh.
2) D'achomharc an t-iarrthóir in aghaidh an chinnidh seo ar phonc dlí chuig an Ard-Chúirt. Ina breith an 30 Márta 2007, dhiúltaigh an Ard-Chúirt an t-achomharc. John O'Grady and the Information Commissioner [2007] IECH 152
Date of Decision: 09.01.2002
Our Reference: 99036
09.01.2002
An tUasal X
A Uasail X,
Déanaim tagairt do d'iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) ar athbhreithniú ar chinntí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta (an Roinn) i dtaca leis na hiarrataí saorála faisnéise a chuir tú ar aghaidh an 11 Deireadh Fómhair 1998. Tá an-bhrón orm faoin moill maidir le próiseáil d'iarrata. Mar is eol duit ón gcomhfhreagras roimhe seo a bhain le hathbhreithnithe eile, bhí an mhoill seo mar gheall ar easpa foirne (tá sé seo réitithe anois) agus ar an oiread sin iarrataí a fhaigheann an Oifig seo.
Tá m'athbhreithniú ar chinntí na Roinne tugtha chun críche agam anois maidir le d'iarrataí. Ós rud é go bhfuil dhá iarraidh ar leith faoi chaibidil san athbhreithniú seo, agus ag cur castachta cuid de na saincheisteanna san áireamh, tá an cinneadh seo fada mionsonraithe.
Background
Cúlra
Chuir tú dhá iarraidh saorála faisnéise chuig an Roinn an 11 Deireadh Fómhair 1998. Bhain ceann amháin díobh leat féin; theastaigh cóipeanna de gach taifead a bhain le do choinneáil in dá fhoras uait, mar a bhí, Scoil Mhíchíl, Ceapach Choinn, agus Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh, Cluain Meala. San iarraidh seo a bhain leat féin, theastaigh na rudaí seo a leanas uait: na horduithe coinneála don dá scoil, tuarascálacha scoile, taifid sláinte agus faisnéis faoi aon scrúduithe ar thug tú fúthu nuair a d'fhreastail tú ar na scoileanna seo. Theastaigh uait go mbeadh rochtain agat ar an bhfaisnéis seo uile. Chuir tú iarraidh eile ar aghaidh an dáta céanna; theastaigh uait rochtain a fháil ar na taifid uile a bhain le do dheirfiúr mharbh, X Uas., i dtaca lena coinneáil i Scoil Francis Xavier, Bealach an Doirín, Contae Ros Comáin agus i Scoil Sheosaimh, Luimneach. Shonraigh tú go háirithe gur mhaith leat rochtain a bheith agat ar na sonraí i leith na moille a bhí i gceist agus do dheirfiúr á scaoileadh ó chúram institiúide.
Ba é freagra na Roinne i dtaobh na n-iarrataí seo (dhá chinneadh ar leith) go mbeadh rochtain agat ar roinnt taifead agus go mbeadh rochtain theoranta agat ar thaifid eile. Dhiúltaigh an Roinn rochtain a thabhairt duit ar dhá thaifead ar leith ar fhoras nár bhain na taifid leatsa amháin nó le do dheirfiúr amháin. Dar leis an Roinn, níl aon taifid ina seilbh acu i dtaca le do shláinte nó i dtaca le scrúduithe ar thug tú fúthu. Theastaigh athbhreithniú inmheánach uait ar an dá chinneadh agus chloígh an Roinn lena gcinntí tosaigh in athuair. Chuir tú iarraidh chuig m'Oifig an 10 Eanáir 1999 ar athbhreithniú ar chinntí na Roinne.
Agus mé ag tabhairt faoin athbhreithniú seo, tá iarrataí a chuir tú ar aghaidh (idir chinn scríofa agus chinn bhéil) curtha san áireamh agam mar aon le hiarraidh mionsonraithe ón Roinn. Chomh maith leis sin, bhí mé ag féachaint d'fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise i gcoitinne.
Scope of Review
Raon
Baineann an t-athbhreithniú seo le cé acu an bhfuil sé de cheart ag an Roinn an rochtain a bhí uait ar na taifid atá acu agus a bhaineann leatsa agus le do dheirfiúr X Uas. agus ar coinníodh iad uait, go hiomlán nó go neamhiomlán, a dhiúltú nó nach bhfuil. Ina theannta sin, leag tú béim ar shaincheist eile a bhí ag cur as duit ÿ an bhfuil sé de cheart ag an Roinn gan ceanglas a chur ar na forais lena mbaineann a dtaifid a chur ar fáil don Roinn le go mbeifeá in ann do chuid iarrataí saorála faisnéise a láimhseáil. Ós rud é go bhfeictear domsa go raibh sé mar chuspóir ag do chuid iarrataí saorála faisnéise aon cheann de na taifid sin atá i seilbh na n-ord rialta nó na bhforas lena mbaineann a chuimsiú, cuirfidh mé an chuid seo de d'iarraidh san áireamh i mo chinneadh freisin.
Findings
Torthaí
Baineann d'iarraidh le taifid a bhaineann leat féin agus le do dheirfiúr mharbh. Tá ceart bunúsach agat rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat féin. Díorthaíonn an teideal a d'fhéadfaí a bheith agat rochtain a fháil ar fhaisnéis bhunúsach a bhaineann le X Uas. ó alt 28 (6) den Acht um Shaoráil Faisnéise a fhorálann go bhféadfadh duine rochtain a fháil ar thaifid duine mharbh más "ball é nó í d'aicme shonraithe" de réir na reachtaíochta. Forálann an rialachán cuí, Ionstraim Reachtúil Uimh. 47 de 1999, chomh maith le scaoileadh na dtaifead sin a fhoráil le hionadaí pearsanta an duine mharbh nó le duine arna cheapadh ag an dlí, scaoileadh na dtaifead sin le duine a dteastaíonn an fhaisnéis sin uathu más "neasghaol...nó aon duine dá samhail...de réir mar is cuí dar leis an gceann ag féachaint do na himthosca uile..." é nó í atá taobh thiar den iarraidh. Measaim gur duine "oiriúnach" thú sa chás seo. Tugaim faoi deara nach ndearna an Roinn, i bprionsabal, an scéal a fhiosrú maidir leis an gceart a bhí agat rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le do dheirfiúr mharbh.
Baineann trí shraith ar leith le d'iarraidh agus rachaidh mé i ngleic leo de réir mar a thagann siad chun cinn: (1) na taifid a bhaineann leatsa agus le X Uas. a d'aimsigh an Roinn, (2) na taifid chuí a d'fhéadfadh a bheith ag an Roinn ach nár aimsíodh iad agus (3) na taifid atá i seilbh foras seachas an Roinn.
(1) Na Taifid a d'Aimsigh an Roinn
(A) Na taifid a d'aimsigh an Roinn a bhaineann Leatsa
Maidir lena gcinneadh an 18 Samhain 1998, sheol an Roinn sé thaifead iomlána chugat a bhain leat féin (mar a shonraítear ina "Sceideal A", tá cóip de seo marcáilte mar "John" leis an gcinneadh seo). Ina theannta sin, sheol an Roinn cóipeanna de dhá thaifead neamhiomlána chugat agus choinnigh siad dhá thaifead eile siar go hiomlán. Scriosadh codanna de na taifid neamhiomlána ar fhoras go raibh faisnéis iontu nár bhain leatsa amháin. Maidir leis an dá thaifead a coinníodh siar go hiomlán, arna dhátú an 18 Feabhra 1966, coinníodh siar iad ar fhoras gur bhain an fhaisnéis iontu le daoine eile seachas tú féin. Bhraith an Roinn ar alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise i dtaca lena gcinneadh na taifid seo a choinneáil siar (bíodh taifid iomlána nó neamhiomlána iad).
Is cóipeanna de dhá fhoirm chaighdeánacha iad an dá thaifead a scaoileadh go neamhiomlán; tagraítear dóibh mar Fhoirm A agus Foirm D. Is é teideal Fhoirm A, "Sonraí Leanaí ar Ordaíodh é/í a Choinneáil i Scoil Cheartúcháin nó i Scoil Saothair" agus is é teideal Fhoirm D, "Fógra Scaoilte nó Fionraíochta, Aistrithe...etc". Tá an dá thaifead a coinníodh siar arna dhátú an 18 Feabhra 1966 agus déanann siad tagairt duit féin agus do do dheirfiúr mharbh. Rinne mé scrúdú ar an dá thaifead seo.
Alt 28
Forálann alt 28 (1) go ndiúltófar rochtain ar thaifead dá mba rud é go n-eascródh nochtadh faisnéise pearsanta ón rochtain seo (gan faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir san áireamh). Sainmhínítear "faisnéis phearsanta" in alt 2 den Acht um Shaoráil Faisnéise:
"... faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta--
(a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó
(b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin,"
Forálann alt 28(1) cosaint láidir d'fhaisnéis phearsanta agus más rud é gur faisnéis phearsanta a bhaineann le duine seachas an t-iarrthóir atá i gceist i dtaifead ar leith, bíonn an taifead sin prima facie díolmhaithe ó nochtadh.
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann, táim sásta go mbaineann na taifid a coinníodh siar go hiomlán nó go neamhiomlán leatsa agus/nó le do dheirfiúr. Ós rud é go bhfuilim sásta go nochtfadh scoileadh taifead iomlán roinnt faisnéise phearsanta faoi thríú páirtithe, áfach, creidim gur gá machnamh a dhéanamh ar an gceist seo ÿ ar cheart an fhaisnéis phearsanta tríú páirtithe seo a scaoileadh nó a choinneáil siar? É seo san áireamh, glacaim le cinneadh na Roinne i láthair na huaire gur faisnéis phearsanta a bhaineann le tríú páirtithe atá sna taifid a coinníodh siar.
Ciallaíonn alt 28(1) nach féidir taifead a nochtann faisnéis phearsanta faoi thríú páirtí a scaoileadh le duine eile ach amháin má tá feidhm ag ceann amháin de na forálacha cuí eile d'alt 28; 28(2) nó 28(5) sa chás seo. Níl sé ar intinn agam plé a dhéanamh ar shonraí alt 28(2) anseo de bharr go measaim nach mbaineann siad leis an gcás seo; níor cuireadh aon chás os mo chomhair inar tháinig siad chun cinn. Ní mór machnamh a dhéanamh ar fhorálacha alt 28(5), áfach. Tugaim faoi deara gur dhiúltaigh an Roinn rochtain ar na taifid seo faoi alt 28, ach níl fianaise ar bith ann go ndearnadh machnamh ar ábharthacht na dtaifead seo de réir alt 28(5).
Forálann alt 28(5) é seo a leanas:
"I gcás gurb é tuairim an chinn lena mbaineann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a ndiúltófaí géilleadh di faoi fho-alt (1) murach an fo-alt seo--
(a) gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go gcosnófaí ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, nó
(b) go rachadh sé chun tairbhe don duine aonair réamhráite, tríd is tríd, dá ngéillfí don iarraidh, féadfaidh an ceann, faoi réir alt 29, géilleadh don iarraidh."
I mo thuairimse, ní rachadh ceadú na hiarratas sa chás seo chun tairbhe don duine lena mbaineann an fhaisnéis. Is é mo thuairim é nach bhfuil feidhm ag alt 28(5)(b). Ní mór machnamh a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le scaoileadh do leas an phobail, áfach.
Leas an Phobail - Alt 28(5)(a)
Forálann alt 28(5)(a) scaoileadh faisnéise pearsanta a bhaineann le tríú páirtithe más rud é gur tábhachtaí do leas an phobail go scaoilfear faisnéis ná ceart an duine lena mbaineann an fhaisnéis i leith príobháideachais. Mar sin, le go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar na taifid a coinníodh siar, ní mór duit leas dearfach an phobail a shainaithint atá níos tábhachtaí ná cearta príobháideachais an tríú páirtí.
Shainaithin mé na leasanna pobail seo a leanas a thugann ábhar maith do scaoileadh na faisnéise i do chás.
- leas an phobail i ndaoine aonair, a bhí i gcúram an Stáit, a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis atá ábhartha don chinneadh iad a chur i gcúram agus do chinntí a dhéanann an Stát nó a dhéantar ar son an Stáit maidir lena leas agus iad sa chúram sin;
- leas an phobail go mbíonn an pobal mór ar an eolas faoin mbealach a dtéann comhlachtaí poiblí i mbun a gcúraimí;
- leas an phobail go mbíonn daoine aonair cinnte gur cruinn an fhaisnéis atá ag comhlachtaí poiblí fúthu;
- leas an phobail go mbíonn daoine aonair ar an láneolas faoina mbunús agus faoi stair a dteaghlaigh, go háirithe más rud é gur tógadh daoine aonair aníos ar shiúl óna mbunteaghlach.
Measaim go bhfuil roinnt mhaith argóintí leasa an phobail ann chomh maith i gcoinne scaoileadh na faisnéise seo:
- leas an phobail, a shainaithníonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise, maidir le seasamh leis an gceart nó le cosaint an chirt a bhaineann le príobháideachas gach duine;
- leas an phobail maidir le cosaint na faisnéise a fhaigheann comhlachtaí poiblí;
- leas an phobail maidir le daoine a bhfuil de cheart acu caidreamh a dhéanamh le comhlachtaí poiblí faoi rún agus gan imní a bheith orthu go scaoilfear faisnéis phearsanta nó faisnéis íogair.
Agus pointí an dá thaobh de leas an phobail á meas, ní mór a fhiafraí cén tionchar a bheadh ag scaoileadh na dtaifead atá faoi thrácht ar phríobháideachas na tríú páirtithe lena mbaineann. Ag féachaint do (a) na taifid a scaoil an Roinn leat cheana féin, chomh maith leis na cinn a scaoil Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh, go díreach leat, agus (b) do theagmháil a rinne tú leis an Oifig seo i dtaca le hathbhreithnithe eile, feictear domsa go bhfuil tú ar an eolas cheana faoi ábhar na faisnéise. Ní mór aois na dtaifead a chur san áireamh freisin; tá siad uile níos sine ná 30 bliain d'aois. Breathnú atá níos láidre ná iad sin is ea leas an-láidir an phobail a bhíonn i gceist nuair a ghlacann an Stát beartas um oscailteacht uasta i dtaca le daoine, nuair a bhí siad ina leanaí, a cuireadh i scoileanna ceartúcháin agus i scoileanna saothair. Níl aon amhras faoi ach go mbíonn leas an phobail i gceist nuair a léiríonn an Stát, is cuma cé na himeachtaí náireacha a thit amach san am a chuaigh thart, go bhfuil sí oscailte ina hiomláine maidir le pé rud a tharla sna forais seo. Cé nach cosúil nach gcuirfidh ábhar na dtaifead a coinníodh siar sa chás seo go tairbhiúil le d'eolas ar an am a chaith tú féin agus do dheirfiúr mharbh sna forais seo, tuigim go mbeidh tú den tuairim, mar thoradh ar choinneáil siar na dtaifead, nach bhfuil an Stát ag coinneáil le beartas oscailteachta maidir le daoine a chaith seal i scoileanna ceartúcháin agus i scoileanna saothair.
Táim sásta gur an-bheag a bheadh aon sárú príobháideachais a d'eascródh ó scaoileadh na dtaifead seo. Mar sin, ag féachaint do mo thuairimí thuas, táim sásta go mbeadh sé níos fearr do leas an phobail sa chás seo na taifid seo a scaoileadh in ionad iad a choinneáil siar.
(B) Na Taifid a d'Aimsigh an Roinn a bhaineann le X Uas.
I mí na Samhna 1998, scaoil an Roinn 13 thaifead ina n-iomláine le X Uas. (mar a shonraítear ina "Sceideal A", tá cóip de seo marcáilte mar "X Uas." leis seo). Scaoil an Roinn cóipeanna de chúig thaifead chomh maith; scriosadh codanna de na taifid seo agus choinnigh siad dhá thaifead iomlána siar. Is iad an dá thaifead a coinníodh siar go hiomlán an dá thaifead chéanna (arna dhátú an 18 Feabhra 1966) a coinníodh siar maidir leat féin. Ós rud é gur phléigh mé na taifid seo thuas agus ós rud é gur chinn mé gur cheart iad a scaoileadh, ní gá tuilleadh ama a chaitheamh leis an dá thaifead ar leith seo.
Ghiorraigh an Roinn cúig thaifead ar fhoras nach raibh faisnéis sna codanna a coinníodh siar a bhain le X Uas. amháin. Bhraith an Roinn ar alt 28 den Acht le haghaidh na coda seo dá gcinneadh. Rinne mé scrúdú ar na codanna a coinníodh siar agus baineann an fhaisnéis a coinníodh siar le dhá chatagóir, dar liom: (1) faisnéis a bhaineann le leanaí eile a cuireadh i gcúram ag an am céanna le do dheirfiúr, agus (2) faisnéis a bhaineann le do mháthair, agus le d'athair (cé nach bhfuil sé seo chomh tábhachtach céanna). Chuir tú an Oifig seo ar an eolas (trí labhairt leis an Uas. Doyle) nach bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi leanaí eile a luadh i gcáipéisí lena mbaineann do dheirfiúr chomh maith. Mar sin, nílim ag cur na faisnéise seo san áireamh agus mé ag déanamh machnaimh ar do chás.
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gcuid eile den fhaisnéis a coinníodh siar ó na taifid seo a bhaineann le X Uas., tá an tuairim chéanna agam ina leith agus a bhí agam faoi na taifid chéanna a bhaineann leat féin. Is í mo thuairim, ag glacadh le barúil na Roinne go nochtann an t-ábhar uile a coinníodh siar faisnéis phearsanta a bhaineann le tríú páirtithe, is fearr i bhfad do leas an phobail [nach mór a mheas de bhua alt 28(5) den Acht um Shaoráil Faisnéise] na codanna seo de na taifid a scaoileadh ná iad a choinneáil siar.
(2) Taifid a d'fhéadfadh a bheith i seilbh na Roinne ach nár aimsíodh iad
Déanaim tagairt anois don Roinn agus tá seans ann go bhfuil taifid a bhaineann le d'iarraidh ina seilbh acu, ach nach bhfuil na taifid sin aimsithe acu. Dar leis an Roinn gur aimsigh siad na taifid uile a bhaineann leat féin agus le do dheirfiúr, X Uas., a bhfuil ina seilbh acu agus gur dhéileáil siad leis seo ina gcinneadh. Sa chás seo, tá an Roinn ag brath a bheag nó a mhór ar alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise a shonraíonn go bhféadfaí rochtain ar thaifead a dhiúltiú más rud é "nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé". Is éard atá faoi chaibidil anseo cé acu ar ghlac an Roinn bearta réasúnacha le haghaidh taifid ábhartha eile a bhféadfaí a bheith ina seilbh acu nó nár ghlac.
Mínítear na cuardaigh thíos a deir an Roinn gur thug siad fúthu iad. Ní mór a chur san áireamh freisin gur thug baill foirne ón Oifig seo cuairt ar oifigí na Roinne i mBaile Átha Luain - áit a stóráiltear taifid a bhaineann le scoileanna saothair - leis na modhanna a fheiceáil atá ag an Roinn cuardaigh a dhéanamh le haghaidh taifead a bhaineann le hiarchónaitheoirí scoil saothair. É seo san áireamh, is cosúil go bhfuil córas cuimsitheach i bhfeidhm ag an Roinn le taifid phearsanta a bhaineann le hiarchónaitheoirí scoil saothair a shainaithint agus a fháil.
Tá sé tugtha faoi deara ag m'Oifig gur scan an Roinn an chuid is mó de na taifid a bhaineann le scoileanna saothair a bhfuil ina seilbh acu isteach i mbunachar sonraí ríomhaire. Is féidir gach ceann de na taifid scanta ó na 12,000 (nó mar sin) comhad pearsanta atá acu, agus ó chomhaid ghinearálta riaracháin na Roinne maidir leis na forais lena mbaineann, a fháil trí chritéir chuardaigh ar leith a úsáid, cosúil le hainm, dáta breithe, ainm an fhorais nó trí eochairfhocail a úsáid. Déantar cuardach láimhe le haghaidh comhad nach bhfuil scanta go fóill le feiceáil an bhfuil faisnéis phearsanta iontu a bhaineann leis an iarrthóir. Maidir le do chás, deir an Roinn go ndearnadh cuardaigh láimhe agus cuardaigh leictreonacha.
Is í m'fheidhm sa chineál cáis seo a bheith sásta go raibh bunús maith le cinneadh an chomhlachta phoiblí, i.e. bunaithe ar chuardach ceart agus déanta de réir gnáthchleachtais choinneála taifead maidir leis na cineálacha taifid atá faoi chaibidil anseo. Ní hí feidhm m'Oifige a gcuid cuardach féin a dhéanamh le haghaidh taifead. Ar bhonn na bhfiosrúchán a rinne m'Oifig, táim sásta gur ghlac an Roinn na bearta réasúnacha uile agus ab fhéidir le taifid a aimsiú a bhaineann le d'iarraidh. Cé go bhféadfadh sé tarlú go bhféadfadh taifid ábhartha a fháil amach anseo, táim sásta, ag féachaint do na himthosca lena mbaineann, gur ghlac an Roinn na bearta réasúnacha uile agus ab fhéidir na taifid a bhí uait a aimsiú agus táim sásta nach bhfuil aon taifid eile a bhaineann le d'iarraidh ina seilbh acu. Mar sin, is í mo thuairim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise i do chás maidir le haon taifid a d'fhéadfadh a bheith i seilbh na Roinne ach nach bhfuil aimsithe.
(3) Taifid atá i seilbh Forais eile seachas an Roinn
Luaigh tú i d'iarrataí go raibh sé de cheart ag an Roinn na taifid scoile ábhartha a fháil ó na forais rialta a bhí i gceannas ar na scoileanna. Luaigh tú "gur leis" an Roinn na taifid scoile seo siocair "go raibh conradh acu leis na scoileanna...agus mar sin, is féidir rochtain a fháil ar na taifid seo agus go raibh sé de cheart ag an Roinn iad a fháil faoi alt 6(9)".
Forálann alt 6(9) den Acht, a ndéanann tú tagairt dó:
"Aon taifead atá i seilbh duine atá nó a bhí ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí, measfar, chun críocha an Achta seo, má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an taifead leis an tseirbhís, é a bheith i seilbh an chomhlachta, agus measfar foráil a bheith sa chonradh go ndéanfaidh an duine, má iarrann an comhlacht air nó uirthi amhlaidh chun críocha an Achta seo, an taifead a thabhairt don chomhlacht lena choinneáil aige ar feadh cibé tréimhse is réasúnach sna himthosca ar leith."
Sa chás ar leith seo, tá ceithre fhoras faoi thrácht: Scoil Mhíchíl, Ceapach Choinn, Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh, Cluain Meala, Scoil Francis Xavier, Bealach an Doirín, Contae Ros Comáin agus Scoil Cheartúcháin Sheosaimh, Luimneach. Níl i scoil sa lá atá inniu ann ach ceann amháin díobh seo, mar atá, Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh. Is léir nach bhfuil taifid na bhforas seo i seilbh na Roinne, siocair, dar leis an Roinn, nach bhfuil agus nach raibh seilbh fhisiciúil riamh acu ar na taifid lena mbaineann. Tuigeann an Roinn go bhféadfadh taifid níos sonraithe, cosúil leis na taifid leighis a raibh tú sa tóir orthu, a bheith i seilbh na n-ord rialta a bhí i gceannas ar na scoileanna san am a chuaigh thart (ach, ní féidir le duine ar bith seachas na hoird iad féin é seo a dheimhniú ar ndóigh). Bhí Siúracha na Trócaire i gceannas ar Scoil Mhíchíl, Ceapach Choinn; bhí Siúracha na Carthanachta i gceannas ar Scoil Francis Xavier, Bealach an Doirín agus bhí Siúracha an Good Shepherd i gceannas ar Scoil Sheosaimh, Luimneach. Tá Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh, Cluain Meala, ina scoil go fóill agus tá na 'Rosminians' i gceannas air.
Conradh i gcomhair Seirbhísí
Is í an phríomhcheist anseo cé acu, dar leat féin, ar cheart go mbeadh feidhm ag alt 6(9) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le haon taifid ábhartha a d'fhéadfadh a bheith i seilbh na n-ord rialta go fóill nó nár cheart. Le go mbeidh feidhm ag alt 6(9), is gá a fháil amach go raibh an caidreamh idir an Roinn agus na scoileanna bunaithe ar chonradh i gcomhair seirbhísí. Ar an drochuair, níl le m'eolas, sainmhíniú cuimsitheach ann ar cad is brí le "conradh i gcomhair seirbhísí". Déanann an Irish Legal Companion le Murdoch tagairt dó mar, "conradh le conraitheoir neamhspleách" agus luaitear ann nach bhfuil "rialacha gasta diana" i gceist leis; ní mór "machnamh a dhéanamh" ar gach cás "maidir lena bhfíricí féin de réir treoirlínte leithne a chuirtear ar fáil i gcásdlí". Rud amháin atá soiléir gur conradh ar leith é conradh i gcomhair seirbhísí. Ní mór go mbeadh ceanglais ar leith a chomhall le go mbeidh conradh ann. Déanann Murdoch achoimre orthu siúd thíos:
"Go ginearálta, le go mbeidh conradh bailí agus infhorghníomhaithe le dlí, ní mór go mbeadh (1) tairiscint agus glacadh gan choinníoll; (2) ar intinn caidrimh dlí a bhunú; (3) comhaontú ad idem; (4) dlíthiúlacht an chuspóra; (5) cumas conarthach na bpáirtithe; (6) féidearthacht maidir le feidhmiú; (7) leorchinnteacht faoi na téarmaí; (8) dianmhachnamh."
I do chuid iarrataí, is léir go bhfuil tú den tuairim gur ghníomhaireachtaí Stáit iad na scoileanna saothair. Is rud amháin é glacadh leis gur ghníomhaireachtaí Stáit iad na scoileanna; is rud eile a chreidiúint go raibh feidhm na gníomhaireachta seo bunaithe ar chaidreamh dlí a bhí de réir, ní hamháin gnáthchonradh, ach conradh ar leith, i.e. conradh i gcomhair seirbhísí. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon argóintí ar leith déanta agat a thacaíonn le do thuairim go bhfuil nó go raibh a leithéid de chonradh ann. Maidir leis an Roinn, dar leo nach raibh riamh a leithéid de chonradh i gcomhair seirbhísí ann nó nach bhfuil conradh dá shamhail ann sa lá atá inniu ann. Dar leis an Roinn go raibh feidhm rialála acu go príomha i dtaca le scoileanna saothair, lenar bhain teisteasú agus cigireacht chomh maith le híocaíocht deontas caipitíochta i dtaca leis na leanaí a cuireadh sna scoileanna.
Feictear domsa gur cosúil nach raibh feidhm ag an gcéad dá cheanglas um chonradh, faoi mar a shonraítear thuas i sliocht Murdoch. Bhí an caidreamh idir an Roinn agus na scoileanna saothair á cinneadh de réir reachta (feic thíos) agus ní raibh sé bunaithe ar bhonn comhaontú idir na páirtithe. Mar sin, feictear domsa nach raibh an Roinn saor aon tairiscintí a dhéanamh do na scoileanna mar d'fhéadfaidís gan leas a bhaint as seirbhísí na scoileanna dá mba rud é go ndiúltófaí an tairiscint. Feictear domsa freisin, nach raibh sé ar intinn riamh ag an Roinn caidrimh dlí a bhunú leis na scoileanna ós rud é go raibh an caidreamh sin bunaithe de réir reachta cheana féin.
Is aonáin/b'aonáin reachtúla na scoileanna saothair iad féin dá bhforáladh ag an am sin sa Children Act, 1908. Ní mór a chur san áireamh, i gcomhthéacs an cháis seo, ba é cinneadh na gcúirteanna leanbh a chur ar scoil dá samhail agus ní cinneadh na Roinne. A luaithe agus a cuireadh leanbh ar scoil dheimhnithe, agus ar choinníoll go raibh an scoil laistigh dá gcuóta ceadaithe, bhí ceanglas dlí ar an Roinn an deontas caipitíochta cuí a íoc maidir leis an leanbh sin. Ós rud é go raibh ceanglas dlí ar an Roinn socrúchán an pháiste a mhaoiniú (ailt 73 agus 73 den Children Act, 1908), is deacair a chreidiúint go raibh caidreamh na Roinne leis an scoil bunaithe ar chonradh i gcomhair seirbhísí. D'fhéadfadh sé tarlú gur chaidreamh garchonarthach a bhí ann; is é sin le rá gur tháinig sé chun cinn trí oibriú an dlí beag beann ar intinní na bpáirtithe. Más cruinn m'eolas, áfach, ní hionann caidreamh garchonarthach agus conradh i gcomhair seirbhísí.
Ós rud é, dar liom, nár comhlíonadh dhá cheanglas ar a laghad um chonradh, táim sásta nach bhfuil aon chonradh i gcomhair seirbhísí ann agus nach raibh ceann ann riamh idir na scoileanna saothair agus an Roinn. Ag féachaint do na forais lena mbaineann sa chás seo agus ag cur na n-argóintí thuas san áireamh, táim sásta go bhfuil ábhar maith le mo thoradh. I dtaca le mo thoradh, táim den bharúil, maidir le do chuid iarrataí a bhaineann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, nach raibh iallach ar an Roinn aird a thabhairt ar thaifid chuí a d'fhéadfadh a bheith i seilbh na n-ord rialta atá i gceannas, nó a bhí i gceannas, ar na scoileanna atá faoi thrácht sa chás seo.
Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh
Tugaim faoi deara cé nach bhfuil Scoil Sheosaimh, Tigh an Chalaidh, faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, cuireann siad cóipeanna de thaifid ar fáil d'iardhaltaí go toilteanach. Chuaigh ball de m'fhoireann i dteagmháil le Scoil Sheosaimh, agus táim sásta gur chuir siad cóipeanna de thaifid ar fáil duit a bhaineann leis an am a chaith tú ansin. Táim sásta gur chóipeanna iomlána de na taifid chuí iad na cóipeanna a thug an scoil seo duit. Chuir an scoil m'Oifig ar an eolas nach bhfuil aon taifid eile a bhaineann leatsa ina seilbh acu.
Decision
De réir alt 34(13) den Acht um Shaoráil Faisnéise, sonraím go dtabharfaidh an Roinn éifeacht do mo bhreith sa chás seo laistigh de thréimhse de deich lá oibre ar éag don tráth chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó duine ar bith eile a ndearna cinneadh an Choimisinéara Faisnéise difear dó/di i ndiaidh athbhreithniú, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí a thagann chun cinn ón gcinneadh. Ní mór tús a chur le hachomharc den sórt sin tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Kevin Murphy
An Coimisinéir Faisnéise