Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 050330 - Inion X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Iarraidh ó iar-othar ar a taifid síciatrachta féin – cibé an bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach an iarrthóra dá ndéanfaí an fhaisnéis a nochtadh di – alt 28(3) – cibé an raibh údar le go ndearnadh rogha dul in iontaoibh alt 28(3).

Case Summary

Fíricí

Lorg an t-iarrthóir rochtain ar a taifid liachta (lena n-áirítear taifid síciatrach ta) ó dhá ospidéal le linn na tréimhse 1989 - 1996.  Dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rochtain a thabhairt ar na taifid agus chuaigh siad in iontaoibh alt 28(3) maidir leis an gcinneadh seo. Foráiltear in alt 28(3) go bhféadfaidh comhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh i gcás go mbaineann an iarraidh le taifid liachta, síciatrachta nó oibre sóisialaí agus i dtuairim cheann an chomhlachta phoiblí, "go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach an iarrthóra" dá ndéanfaí an fhaisnéis a nochtadh. Mar a cheanglaítear, áfach, le halt 28(4), thairg Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rochtain ar na taifid do ghairmí sláinte iomchuí dá dtogródh an t-iarrthóir gairmí den sórt a shonrú.

Fionnachtana

Chinn an Coimisinéir, cé gur íseal í an tairseach chun alt 28(3) a agairt ("go bhféadfaí dochar a dhéanamh"), is ceist í atá faoi rogha an chinnteora maidir le cibé ar chóir an díolúine a agairt. Sa chás seo chinn an Coimisinéir, cé gur comhlíonadh an tairseach íseal a bhain le halt 28(3), ní raibh údar leis an bhfeidhmiú rogha dá bhforáiltear in alt 28(3). Rinne an Coimisinéir an bhreith seo de bharr fíricí agus imthosca áirithe atá i bhfeidhm maidir leis an gcás áirithe seo a raibh sí ábalta iad a thabhairt san áireamh agus nach raibh tugtha san áireamh - nó nach raibh ar fáil le tabhairt san áireamh – ag cinnteoir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.  Áirítear ar na fíricí agus ar na himthosca sin:

  • an fhíric nach raibh tuairim ghairmiúil ar bith ar fáil ag cinnteoir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi na himthosca a d’fhéadfadh tarlú dá scaoilfí na taifid;
  • an fhíric nach raibh an t-iarrthóir tar éis a bheith i dteagmháil leis na Seirbhísí Sláinte Meabhrach le breis is deich mbliana;
  • an fhíric go rabhthas tar éis rochtain dhíreach a thabhairt don iarrthóir cheana féin ar fhaisnéis an-chosúil ón tréimhse chéanna a bhí i dtaifid tríú ospidéal.

Neamhnigh an Coimisinéir breith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus d’ordaigh sí go scaoilfí na taifid chuig an iarrthóir.

Date of Decision: 07.09.2007

Our Reference: 050330

07.09.2007

Iníon X

A Iníon X, a chara

Tagraím don iarratas a rinne tú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith a ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar fhreagra ar an iarraidh a rinne tú go dtabharfaí rochtain duit ar thaifid liachta ó Ospidéal [...] agus ó Ospidéal [...] don tréimhse 1989-1996. Maith dom an mhoill a bhí ann maidir le déileáil leis an gcás seo.

Background

Cúlra

Ar an 2 Lúnasa 2005 rinne tú iarraidh SF ar do thaifid liachta do na blianta idir 1989-1996 ó Ospidéal [...] agus ó Ospidéal [...]. Ar an 22 Lúnasa 2005 d’eisigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte admháil ar an iarraidh seo. Ar an 31 Lúnasa 2005, in éagmais breith a bheith tugtha, lorg tú athbhreithniú inmheánach ar an mbonn gur measadh gur diúltaíodh don iarraidh. Ar an 16 Meán Fómhair 2005, thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fógra duit gur aistríodh do chomhad in Ospidéal [...} chuig Ospidéal [...] sa bhliain 1991, gur aimsigh siad do chomhad in Ospidéal [an tOspidéal deiridh a luaitear] agus go rabhthas ag diúltú rochtain a thabhairt faoi alt 28(3)(a) den Acht um SF. Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iúl duit chomh maith go raibh rochtain á tairiscint acu trí bhíthin gairmí sláinte faoi alt 28(4)(a). Ar an 25 Deireadh Fómhair 2005 rinne tú iarratas ar m’Oifig chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhéach mé do na nithe seo a leanas agus athbhreithniú á dhéanamh agam ar an gcás seo:

’iarratas agus d’aighneachtaí dar dáta 25 Deireadh Fómhair 2005 agus 17 Feabhra 2006 agus na glaonna teileafóin a rinne tú

**** ’fhaisnéis atá an-chosúil le faisnéis atá i dtaifid eile;’fhéadfadh a bheith ann dá ndiúltófaí rochtain ag féachaint don chuspóir atá beartaithe.

na haighneachtaí a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi bhráid na hOifige seo chomh maith leis an gcomhfhreagras a bhí acu leis an Oifig seo le linn an athbhreithnithe seo;

an comhfhreagras a bhí agat leis an Oifig seo, lena n-áirítear d

forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003.

[...] Hospital and [...] Hospital. On 22 August 2005 the HSE issued an acknowledgement of this request. On 31 August 2005, in the absence of a decision, you sought an internal review on the basis of a deemed refusal. On 16 September 2005, the HSE notified you that your file in [...] Hospital was transferred to [...] Hospital in 1991, that it had located your file in [the latter] Hospital and that access was being denied under section 28(3)(a) of the FOI Act. The HSE also informed you that it was offering access through a health professional under section 28(4)(a). On 25 October 2005 you applied to my Office for a review of the HSE's decision.

In reviewing this case I have had regard to the following:

  • the information contained in the records at issue;
  • the HSE's submissions to this Office as well as its communications with this Office in the course of this review;
  • your communications with this Office, including your application and submissions dated 25 October 2005 and 17 February 2006 and your phone calls;
  • the provisions of the FOI Act 1997, as amended by the Freedom of Information (Amendment) Act 2003.

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

D’aimsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte comhad ina bhfuil 96 leathanach de thaifid a chlúdaíonn d’iarraidh. Tuigim gur sheol Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sceideal chugat ina dtugtar breac-chuntas ar ábhar an chomhaid seo. Le linn an athbhreithnithe seo, scaoil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 43 taifead ina n-iomláine agus ní thagann an 43 taifead seo faoi scóip an athbhreithnithe seo.

Baineann an t-athbhreithniú seo leis an gceist, cibé an bhfuil údar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ó thaobh fhorálacha an Achta um SF, leis an mbreith a thug siad diúltú rochtain a thabhairt ar an 53 taifead atá á gcoinneáil siar fós acu, agus leis an gceist sin amháin.

Réamhábhair

Is é an ról atá agam agus an t-athbhreithniú seo á sheoladh agam faoi alt 34 den Acht um SF, athbhreithniú de novo a dhéanamh. Sainmhínítear an téarma "de novo" mar seo a leanas in Murdoch's Dictionary of Irish Law:

"[Anew]. There is a hearing of a case de novo when an appeal is made to the Circuit Court to challenge an order of the District Court on the merits. All questions of law and fact are open to review and either party may call fresh evidence.

Ó tharla gur amhlaidh gur athbhreithniú de novo é m’athbhreithniú, tá sin de réir an bhreithiúnais a thug an Breitheamh Onórach Ó Caoimh sa bhliain 1999 sa chás ‘An tAire Oideachais agus Eolaíochta v An Coimisinéir Faisnéise’. Le deireanas fós, ghlac an Breitheamh Onórach Quirke leis an seasamh seo agus chuir sé leis sa bhreithiúnas a ghlac sé le gairid sa chás ‘An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais agus an Coimisinéir Faisnéise’ inar thug sé (An Breitheamh Onórach Quirke) faoi deara:

Th Commissioner was entitled to consider all of the material before her on the date on which she made her decision and to make her decision having regard to the circumstances which existed on [the date of her decision]" {Bhí an Coimisinéir i dteideal an ábhair go léir a bhí os a comhair ar an dáta ar a dtug sí a breith a bhreithniú agus a breith a dhéanamh ag féachaint do na himthosca a bhí ann [ar dháta a breithe]}"

Mar a léireofar thíos, tá roinnt gnéithe suntasacha a ghabhann leis na himthosca atá ann anois - ag an bpointe a bhfuil mo bhreith á tabhairt agam sa chás seo – nach ionann iad agus na himthosca siúd a bhreithnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a thug siad a mbreith ar an 16 Meán Fómhair 2005.

Findings

Torthaí

Chuaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iontaoibh alt 28(3) den Acht um SF mar bhonn dá ndiúltú géilleadh do d’iarraidh. Foráiltear in alt 28(3) go bhféadfar diúltú taifid liachta, síciatrachta nó oibre sóisialaí a scaoileadh más rud é

"i dtuairim an chinn lena mbaineann, go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach an iarrthóra dá ndéanfaí an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh dó nó di."

Foráiltear in alt 28(4), i gcás go ndiúltóidh an comhlacht poiblí rochtain a thabhairt ar na forais seo, agus má iarrann an t-iarrthóir air déanamh amhlaidh, go dtabharfar rochtain ar na taifid do ghairmí sláinte iomchuí , a shonróidh an t-iarrthóir. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur ionann breith dul in iontaoibh alt 28(3) agus breith diúltú géilleadh d’iarraidh ar thaifid.

Ag tráth na breithe, bhain na taifid a lorgaíodh le dátaí idir 19 agus 9 mbliana níos luaithe, agus tuigim nach raibh teagmháil agat le seirbhís síciatrachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le beagnach deich mbliana. Ciallaíonn sé sin ag tráth na breithe nach raibh eolas ar bith cothrom le dáta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi do bhail sláinte ná faoi d’imthosca go ginearálta.

Tugaim achoimre mar seo a leanas ar argóintí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i bhfabhar gan na taifid a scaoileadh:

Sa chás áirithe seo tá sna taifid  "cuntais inter lia d’fhéindíobháil, líomhaintí mí-úsáide agus nithe i ndáil le bail sláinte an iarrthóra ag an am".  Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an argóint go mbeadh duine réasúnach ar bith den dearcadh, arb é an dearcadh ceart é, go bhféadfadh go dtarlódh na hiarmhairtí – go ndéanfaí dochar – a shamhlaítear in alt 28(3) dá nochtfaí taifid den chineál seo a bhaineann leis an duine féin. Ó tharla nach raibh seasamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cinneadh a dhéanamh maidir le staid mheabhrach an iarrthóra, níor fhéad siad ach cinneadh a dhéanamh bunaithe ar stair liachta an iarrthóra mar atá leagtha amach sna taifid ábhartha. Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an argóint chomh maith go bhféadfadh duine a bheith den dearcadh le réasún, i bhfianaise stair liachta an iarrthóra, go bhféadfadh gur mhó ná an meán an fhéidearthacht go bhféadfadh go ndéanfaí dochar don iarrthóir dá scaoilfí na taifid chuici. Ar deireadh, luann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an pointe nach ngabhann caighdeán ard cruthúnais leis an bhfoclaíocht "go bhféadfaí dochar a dhéanamh" in Alt 28(3).

Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar na taifid agus ag féachaint don tairseach sách íseal a ghabhann leis an bhfoclaíocht "go bhféadfaí go ndéanfaí dochar", is féidir liom glacadh leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh do do shláinte coirp nó meabhrach, do do dhea-bhail nó do do riocht mothúchánach dá nochtfaí na taifid duit. Ó tharla, áfach, gur tástáil an-íseal díobhála an tástáil agus go bhféadfaí a shamhlú go mbeadh feidhm aici maidir le líon mór iarrataí, is gá a bhreithniú cibé an bhfuil údar sa chás seo go ndearnadh rogha an díolúine seo a agairt.

Ní mór dom tosú amach ón toimhdiú ar gné dhílis den Acht um SF é, i bhfabhar na dtaifead a iarradh a scaoileadh. Is toimhdiú láidir an toimhdiú seo i gcás go mbíonn rochtain ar a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta féin á lorg ag an iarrthóir. Go ginearálta, bíonn sé de chlaonadh ag m’Oifigse an cur chuige a ghlacadh nár chóir taifid síciatrachta a scaoileadh más rud é go ndéantar alt 28(3) a agairt ar bhonn ráitis ó ghairmí sláinte iomchuí, a bhfuil eolas a fuair s é nó sí le deireanas aige nó aici faoin iarrthóir, agus más rud é nach soláthraíonn an t-iarrthóir fianaise fhrisnéiseach.

Tá de dhifríocht sa chás seo nár chuir ceachtar páirtí ráiteas ó ghairmí sláinte isteach mar fhianaise. Go deimhin, glacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis nach bhfuil an seasamh acu dearcadh a nochtadh maidir le do bhail meabhrach. Is léir go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, sa chás seo, ar a bhfaichill, agus go bhfeictear dóibh gur léargas an bhreith a ghlac siad ar a ndualgas cúraim i leith iar-othair.

Tá fíricí agus imthosca áirithe atá ar fáil domsa anois, áfach, nach raibh ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a thug siad an bhreith agus nach mór anois a thabhairt san áireamh chun críocha mo bhreithe. Áirítear ar na fíricí agus ar na himthosca sin:

  • an fhíric go bhfuil breis is dhá bhliain imithe tharainn ó rinne tú an iarraidh seo den chéad uair i mí Iúil 2005;
  • an fhíric gur thug síceolaí, a ghlac leis go nglacfá freagracht as do shláinte féin, do thaifid, nach raibh léite aige, ó Ospidéal Síciatrach [eile] duit féin go díreach i mí Meán Fómhair 2005 (tá cóip den nóta scaoilte ón síceolaí seo tugtha agat do m'Oifig ina luaitear gur thug sé na taifid duit gan iad a bheith léite aige);
  • an fhíric go dtagraíonn na taifid ón [Ospidéal eile] agus na taifid atá faoi réir an athbhreithnithe seo don tréimhse chéanna ama agus go bhfuil faisnéis den tsamhail chéanna iontu;
  • an fhíric gur léir gur imeachtaí a bhfuil fios agat fúthu cheana féin na himeachtaí atá doiciméadaithe sna taifid;
  • an fhíric nach raibh teagmháil ar bith agat leis na seirbhísí sláinte meabhrach le breis is deich mbliana.

Tugaim faoi deara ó d’aighneacht mhionsonraithe dar dáta an 17 Feabhra 2006 na tráchtaireachtaí a rinne tú maidir leis an gcaoi a n-airíonn tú faoi do thaithí leis an tseirbhís síciatrachta sna blianta atá i gceist. Is léir go bhfuil drochiontaoibh ghlanoscartha agat as an tsíciatracht ón taithí atá agat uirthi. Is mar seo a leanas a thrácht tú:

"Ba thaithí mhíthaitneamhach, neamhthorthúil agus choscrach amach is amach a bhí agam ar na cleachtais síciatrachta agus síceolaíochta in Éirinn. Ar deireadh thiar, chuir na cóireálacha (ar chóireálacha trialacha roinnt díobh) mo dhea-bhail shíceolaíoch i mbaol. Ní mian liom go gcuirfeadh daoine a ghabhann don chineál ‘cúraim’ sin comhairle orm arís. ... Ba é barr an donais é dá dtabharfaí rochtain ar an bhfaisnéis seo dom trí bhíthin síciatraí nó tríú páirtí ar bith."

Ní gá dom, ná ní iomchuí dom, trácht ar an dearcadh seo. Creidim, áfach, gur cuid de shraith leathan imthosca ar cheart dom féachaint dóibh agus an cás seo á chinneadh agam na tráchtaireachtaí seo. Ceann de na hiarmhairtí a dfhéadfadh tarlú dá ndeimhneoinn breith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhféadfadh go mbeadh le tuiscint agatsa uaidh nach bhfuil ar do chumas, i ndáiríre, guaim a choinneáil ar do shaol féin; agus d’fhéadfadh gur iarmhairt í sin, gan dabht, a dhéanfadh an méid céanna dochair agus an dochar a raibh súil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é a sheachaint tríd an mbreith a ghlac siad a ghlacadh.

Tar éis dom an cás seo a bhreithniú go mion, agus ag féachaint don fhaisnéis bhreise atá ar fáil anois, cinnim, cé go bhféadfaí dochar a dhéanamh do do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach dá ndéanfaí na taifid a scaoileadh chugat ní leor an bonn go bhféadfaí feidhmiú díolúine alt 28(3)a chosaint. Déanaim an cinneadh seo go mór ar bhonn imthosca sonracha an cháis seo, mar a dtugtar breac-chuntas orthu thuas, ach go háirithe de bharr nár cuireadh ráitis isteach ó ghairmithe sláinte faoi do bhail sláinte mar atá faoi láthair;

  • nach raibh teagmháil agat leis na Seirbhísí Sláinte Meabhrach le breis is deich mbliana;
  • gur tugadh rochtain dhíreach duit cheana féin dá samhail d
  • gur iomarcach an toradh a d'fhéadfadh a bheith ann dá ndiúltófaí rochtain ag féachaint don chuspóir atá beartaithe.

Decision

Cinneadh

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú, neamhním leis seo breith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ordaím go dtabharfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rochtain iomlán ar na taifid atá i gceist trí chóipeanna díobh a sholáthar.

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Is mise, le meas,

Yours sincerely




Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéir Faisnéise