- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 050381 - X Teoranta faoi chúram Aturnaetha Y agus Roinn an Taoisigh
Iarraidh chuig Roinn an Taoisigh ar thaifid a bhaineann le breith den Rialtas i bhfabhar dara críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a bheith á thógáil ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an dara críochfort a bheith faoi úinéireacht Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath – ar chuir Aire den Rialtas na taifid faoi bráid an Rialtais chun breithniú a dhéanamh orthu agus gur chun na críche sin a cruthaíodh iad – alt 19(1)(a) – ar thaifid de chuid an Rialtais iad seachas taifead trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann – alt 19(1)(b) – an bhfuil faisnéis sna taifid do chomhalta den Rialtas, lena húsáid aige nó aici go príomha chun aon ghnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas – alt 19(1)(c) – an bhfuil faisnéis fhíorasach a d’fhéadfaí a scaoileadh i ngnéithe ar bith de na taifid sin a chinntear a bheith díolmhaithe faoi alt 19(1) – alt 19(3)(a) – an sealbhaíonn nó ar chruthaigh an tArd-Aighne nó Oifig an Ard-Aighne na taifid (seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin) – alt 46(1)(b).
Case Summary
Fíricí
Lorg an t-iarrthóir mionsonraí faoi thaifid a bhaineann leis an gcomhaontú idir an Rialtas agus Comhdháil na gCeardchumann dar dáta 22 Meitheamh 2004 tacú leis an gcuspóir a bhain le pá agus téarmaí agus coinníollacha a choinneáil ar aon dul leis an gcomhaontú comhchoiteann a bhí i bhfeidhm ag an tráth sin sa tionscal mar chuid de na caibidlí maidir le Dul Chun Cinn a Inbhuanú. Lorg an t-iarrthóir chomh maith taifid a bhaineann leis an mbreithniú ar an gcomhaontú sin i gcomhthéacs bhreith an Rialtais dar dáta an 18 Bealtaine 2005 i bhfabhar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath a bheith ag tógáil an dara críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an críochfort sin a bheith faoi úinéireacht Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Dhiúltaigh an Roinn rochtain ar na taifid ar líon áirithe foras, go háirithe ailt 19 agus 46 den Acht um SF.
Torthaí
Ghlac an Coimisinéir leis go raibh formhór na dtaifead díolmhaithe faoi ailt 19(1)(a) nó (c) den Acht um SF. Forálann alt 19(3)(a) nach bhfuil faisnéis fhíorasach i dtaifead a bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leis, díolmhaithe óna scaoileadh. Agus an fhoráil seo á breithniú aici leag an Coimisinéir amach an tuiscint atá aici mar seo a leanas:
Ní réamhriachtanas agus breithniú á dhéanamh ar alt 19(3)(a) den Acht um SF é go bhfoilseofaí bhreith iarbhír de chuid an Rialtais – níl riachtanach ach go bhfuil ábhar substainteach na breithe sin foilsithe;
Go gceanglaítear alt 19(3)(a) a bhreithniú maidir le taifead ar bith a bhaineann le breith fhoilsithe den sórt;
Ag leanúint ó na fionnachtana a rinneadh i gcás 030714 maidir lena bhfuil i gceist le "faisnéis fhíorasach" (lenar aontaigh an Coimisinéir), nach gceanglaítear anailís nó tuairim de "rud éigin atá tarlaithe i ndáiríre" nó anailís d’fhaisnéis ghinearálta eile a scaoileadh faoi alt 19(3)(a);
Nach bhfuil a mhéid is atá faisnéis i "dtaifead den Rialtas" tagtha isteach i mbéal an phobail iomchuí agus breithniú á dhéanamh ar chiall an fhocail "fíorasach";
Nach bhféadfar, de réir alt 19(2) (a bhaineann le mionsonraí breithniúcháin an Rialtas a chosaint) mionsonraí ar bith i dtaifead a bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leis a thaispeánfadh na breithniúcháin as a dtáinig breith áirithe, a scaoileadh faoi alt 19(3)(a);
I gcás ina bhfuil mionsonraí fíorasacha de bhreith ar leith a thug an Rialtas i dtaifead lena bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leis go mbeadh na mionsonraí sin le scaoileadh faoi alt 19(3)(a) agus nach bhfuil siad díolmhaithe faoi alt 19(2);
Nár mhór féachaint don nádúr substainteach a bhaineann leis an bhfaisnéis i dtaifead, seachas féachaint do bhrí na bhfocal (.i. gan ann ach tagairt a dhéanamh do na t éarmaí ar leith inar tugadh é).
Chinn an Coimisinéir, agus an anailís seo curtha i bhfeidhm aici ar na taifid a chinn sí a bheith díolmhaithe faoi alt 19(1), gur chóir sleachta gairide díobh a scaoileadh faoi alt 19(3)(a). Ghlac sí leis chomh maith go raibh alt 46(1)(b) curtha i bhfeidhm go bailí maidir leis na taifid atá fágtha atá faoi chaibidil sa chás seo.
Date of Decision: 18.06.2007
Our Reference: 050381
18.06.2007
X Teoranta faoi chúram Aturnaetha Y agus Roinn an Taoisigh
A Cháirde
Tagraím do bhur n-iarratas chuig an Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (An tAcht um SF) chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith Roinn an Taoisigh (An Roinn) maidir le bhur n-iarraidh ar thaifid dar dáta an 18 Iúil 2005.
Is mian liom mo leithscéal a ghabháil faoi na moilleanna a tharla i ndéileáil leis an iarratas seo. Tá iarratais déanta agaibh chomh maith ar athbhreithniú ar bhrei theanna na Roinne Airgeadais agus Iompair maidir le hiarrataí cosúla, agus d’iarr sibh, i gcomhfhreagras le déanaí, go dtabharfaí tús áite do na cásanna seo. Mar a míníodh daoibh ag tráthanna eile, ní raibh ar chumas an Imscrúdaitheora , ar ar leagadh cásanna do chliaint, déileáil leis na cásanna go dtí seo de bharr an ualaigh oibre a bhain le cásanna eile a leagadh uirthi roimh chásanna do chliaint. Tá sí fós ag gabháil do roinnt de na cásanna sin, agus cé go ndéanfaidh an Oifig seo gach iarracht déileáil leis na hiarratais atá fágtha chomh tapa is is féidir léi, níl ar mo chumas a lua ag an tráth seo cén uair a mbeidh bailchríoch curtha orthu. Maidir leis seo, tuigim go mbeidh ar chumas m’Imscrúdaitheora, a thúisce is a bheidh soiléiriú faighte ón Roinn Airgeadais maidir le nithe dar ardaigh m’Imscrúdaitheoir leis an Roinn, réamhdhearcadh ar an gcás sin a sheoladh chugaibh.
Background
Cúlra
Lorgaíodh in bhur n-iarraidh, dar dáta an 18 Iúil 2005, cóipeanna de na comhaid go léir i seilbh na Roinne (lena n-áirítear gach comhfhreagras, meabhráin, miontuairiscí cruinnithe, taifid agus doiciméid d’aon chineál ar bith) a bhaineann le:
1. An comhaontú idir an Rialtas agus Comhdháil na gCeardchumann dar dáta 22 Meitheamh 2004 tacú leis an gcuspóir a bhain le pá agus téarmaí agus coinníollacha a choinneáil ar aon dul leis an gcomhaontú comhchoiteann a bhí i bhfeidhm ag an tráth sin sa tionscal mar chuid de na caibidlí maidir le Dul Chun Cinn a Inbhuanú, agus;
2. Breithniú ar an gcomhaontú thuas i gcomhthéacs chinneadh an Rialtais dar dáta an 18 Bealtaine 2005 i bhfabhar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath a bheith ag tógáil an dara críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an críochfort sin a bheith faoi úinéireacht Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Scaoil an bhreith a thug an Rialtas, dar dáta 16 Lúnasa 2005, chugaibh cóip den chomhaontú dá dtagraítear in 1. thuas "gan dochar" do bhur n-iarraidh um SF, á rá go raibh sí i mbéal an phobail cheana féin. Dúradh inti go raibh taifid eile a bheadh iomchuí maidir le bhur n-iarraidh díolmhaithe faoi alt 23(1)(a)(iv) den Acht um SF, ós rud é go bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún dá scaoilfí iad go ndéanfaí dochar nó go laghdófaí cothroime na n-imeachtaí a thionscnaimh sibhse ar an 15 Iúil 2005 thar ceann bhur gcliaint. Níor tugadh mionsonraí inti faoina mhéid is a bhí taifid ábhartha bhur n-iarrata ina seilbh.
Lorg sibh athbhreithniú inmheánach ar an mbreith seo ar an 12 Meán Fómhair 2005. Ba í breith athbhreithniú inmheánach na Roinne dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2005 naoi dtaifead a scaoileadh chugaibh agus dúradh sa bhreith go raibh sé cinn de na naoi dtaifead sin i mbéal an phobail cheana féin. Dúradh sa bhreith gur bhreithnigh an Roinn go raibh líon neamhshonraithe de thaifid eile díolmhaithe faoi ailt 19, 21, agus 46 den Acht um SF ach níor thagair sí d’alt 23(1)(a)(iv) mar alt a bhí iomchuí dá breith. Ag an tráth seo ní raibh aon mhionsonraí soláthraithe ag an Roinn daoibh fós faoin líon taifead a bhí á gcoinneáil siar aici uaibh.
Rinne sibh bhur n-iarratas chuig an Oifig seo ar an 23 Nollaig 2005. Agus mé ag teacht ar mo bhreith, d’fhéach mé don chomhfhreagras thuas, do chomhfhreagras idir sibh féin agus Ms Anne Moran, Imscrúdaitheoir san Oifig seo; do chomhfhreagras idir Ms Moran agus an Roinn; agus do chóipeanna de na taifid shiarchoinnithe a soláthraíodh dom lena n-imscrúdú. Tugaim faoi deara, le linn an athbhreithnithe, gur eisigh an Roinn sceideal oraibh ag liostáil 15 taifead mar thaifid a bheadh iomchuí do bhur n-iarraidh.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Sula leagaim amach na taifid atá clúdaithe ag scóip m’athbhreithnithe, ní mór dom tabhairt faoi roinnt réamhnithe, mar seo a leanas:
Díolúintí Breise a Ardaíodh
Chuaigh breith athbhreithniú inmheánach na Roinne in iontaoibh ailt 19, 21 agus 46 den Acht um SF. Dúirt Ms Moran libh, ina litir dar dáta an 1 Bealtaine 2007, go bhfuil an Roinn ag dul in iontaoibh alt 27 anois chomh maith (i ndáil le haon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de atá sna taifid), agus alt 20 (maidir le nithe lena mbaineann an próiseas pléite) den Acht um SF. Tugaim faoi deara go ndearna sibh agóid i gcoinne díolúintí nua a bheith ardaithe ag an Roinn ag an tráth seo den phróiseas.
Is cóir a thabhairt faoi deara go bhfuil na breitheanna a thugaim ar athbhreithnithe de novo agus is éard is brí leis sin go bhfuil siad bunaithe ar na himthosca agus ar an dlí de réir mar a bhíonn i gceist ag tráth mo bhreithe. I mbreithiúnas na hArd-Chúirte sa chás an tAire Oideachais agus Eolaíochta v An Coimisinéir Faisnéise – tá téacs an bhreithiúnais seo le fáil ar www.oic.ie – an Breitheamh Onórach O'Caoimh agus é ag trácht ar an gcineál athbhreithnithe faoi alt 34 den Acht um SF, "importance must be attached to the fact that the nature of the appeal agreed between the parties arising under Section 34 of the Act is by way of a hearing de novo by the Information Commissioner" agus "the decision that was to be made by Information Commissioner in light of the appeals taken to him were to be made in light of the facts and circumstances applying at the date of the review by him and not those facts and circumstances pertaining on the date of the original decision". Thacaigh an Breitheamh Onórach Quirke leis an seasamh sin go sainráite sa bhreithiúnas a thug sé in An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais agus An Coimisinéir Faisnéise (is féidir téacs an bhreithiúnais sin a fháil ar www.oic.ie chomh maith).
Is léir go bhfuil an Roinn i dteideal breithmheas a thabhairt orm maidir le fíricí agus imthosca iomchuí de réir mar a bhíonn feidhm leo ag dáta an athbhreithnithe seo. Cé go bhféadfadh sibh a mheas go bhfuil na fíricí agus na himthosca mar atá ag dáta na litreach seo a bheag nó a mhór mar an gcéanna is a bhí nuair a chuir sibh isteach bhur n-iarraidh SF, feictear dom go samhlaítear le focail an Bhreithimh Onóraigh O'Caoimh cás ina lorgaíonn comhlacht poiblí, le linn m’athbhreithnithe, dul in iontaoibh fhorálacha an Achta um SF nár bhreithnigh sé, ar cibé réasún, ag tráthanna níos luaithe den phróiseas SF. D’áitigh an Roinn, ag gach tráth dá cinnteoireacht SF, go bhfuil líon áirithe de na taifid díolmhaithe ina n-iomláine faoi alt 19 den Acht um SF. Cé go raibh a hargóintí maidir le hailt 20 agus 27 déanta de bhun dearcadh Ms Moran nach mbeadh gnéithe de na taifid shiarchoinnithe cáilithe ó thaobh díolúine de, is léir go ndearnadh iad gan dochar dá seasamh go bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leis na taifid ina n-iomláine. Dá seasfainn le dearcadh na Roinne maidir le hinfheidhmeacht alt 19, bheadh an tsaincheist an bhfuil feidhm ag aon fhoráil eile nó nach bhfuil le tarraingt anuas. Ar an láimh eile, mura seasfainn leis an dearcadh sin, táim den dearcadh go bhfuil an Roinn i dteideal, ag tráth ar bith, a lorg go gcosnófaí ábhar a bheadh seachas sin le scaoileadh.
Is cóir é a thabhairt faoi deara chomh maith go luaitear in alt 34(12)(b) den Acht um SF go dtoimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh ceann an chomhlachta phoiblí, chun mo shástachta, go raibh údar leis an mbreith. Ceadaíonn an fhoráil sin dom athbhreithniú a dhéanamh ar an diúltú foriomlán géilleadh d’iarraidh, agus níl an chosúlacht air go bhfuil m’athbhreithniú teoranta dá bharr do bhreithmheas a thabhairt ar na forais a ghairm comhlacht poiblí don diúltú suas go dtí an pointe a tionscnaíodh m’athbhreithniú agus ar na forais sin amháin.
Tá sé ríthábhachtach, áfach, is cuma an líon díolúintí a bhféadfadh comhlacht poiblí dul ina n-iontaoibh ag tráth ar bith den phróiseas cinnteoireachta SF, gurb í buntréith alt 34(12)(b) gurb í an Roinn atá freagrach as a thaispeáint go raibh údar le diúltú na dtaifead atá i gceist, ar cibé foráil den Acht um SF a bhreithníonn sí a bheith cuí, i dtéarmaí an Achta um SF. Ar deireadh, sa mhéid is go bhféadfaí saincheist a dhéanamh de chothroime iontaoibh na Roinne ar fhorais nua, feictear dom gur diúltaíodh é seo de bharr gur thug Ms Moran breithmheas daoibh ar sheasamh na Roinne agus gur tugadh deis tráchta ar an seasamh sin (sa mhéid is indéanta sin, mar a phléitear sa mhír dar teideal "Cur Síos ar na Taifid").
Ábharthacht na Taifead don Iarraidh
Insíodh daoibh i litir ó Ms Moran dar dáta an 1 Bealtaine 2007 go mb’fhacthas di go raibh gnéithe de na taifid shiarchoinnithe taobh amuigh de scóip bhur n-iarrata agus chuir sí ar an airdeall sibh go bhféadfainn na gnéithe sin de na taifid a chur as an áireamh ó scóip m’athbhreithnithe. Ní raibh an chosúlacht air go ndeachaigh sibh chun argóinte faoi seo.
Tá an chosúlacht air, dá cuidse di, gur bhreithnigh an Roinn na taifid ina n-iomláine mar thaifid a bheadh iomchuí do bhur n-iarraidh, agus nuair a cheistigh Ms Moran í faoi sin, léirigh sí nár mhian léi dul níos faide leis an ábhar. (Dúirt Ms Moran leis an Roinn, in éagmais aon argóinte ar a mhalairt maidir le hábharthacht na dtaifead ina n-iomláine don iarraidh, gur bhreithnigh sí gur chóir dom a bhreithniú go mbeadh na taifid ina n-iomláine iomchuí ina leith.) Fágann sin, áfach, gur chúng mar a chuir sibh bhur n-iarraidh – chun taifid a bhaineann leis an gcomhaontú idir an Rialtas agus Comhdháil na gCeardchumann dar dáta an 22 Meitheamh 2004, agus taifid a bhaineann le breithniú an chomhaontaithe sin roimh bhreith an Rialtais dar dáta an 18 Bealtaine 2005 a lorg.
Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar na taifid, tugaim faoi deara go bhfuil míreanna discréideacha i líon áirithe de na taifid a dhéileálann leis an gcineál ábhair atá in bhur n-iarraidh; míreanna eile a dhéileálann leis an gcineál ábhair atá in bhur n-iarraidh chomh maith le hábhair eile nach gclúdaítear faoina scóip; agus míreanna discréideacha eile a dhéileálann go hiomlán le hábhair nach gclúdaítear faoi scóip bhur n-iarrata.
Ar mhaithe le cothroime, chinn mé na taifid a bhreithniú ar an mbunús seo a leanas:
(i) I gcás ina bhfuil míreanna discréideacha laistigh de na taifid nach mbaineann ar bhealach ar bith leis an gcineál ábhair atá in bhur n-iarraidh, chuir mé as an áireamh iad ó scóip m
(ii) I gcás ina bhfuil míreanna discréideacha laistigh de na taifid a bhaineann leis an gcineál ábhair atá in bhur n-iarraidh agus a bhaineann chomh maith le hábhair eile nach dtagraítear dóibh ann, tá sé beartaithe agam na míreanna sin ina n-iomláine a bhreithniú
Fiú i gcás inar áitigh bhur gcliant go ndéanfaí leas an phobail trí fhaisnéis den sórt faoi thríú páirtithe a scaoileadh, fiú dá mba rud é nár lorgaíodh é ar an gcéad ásc, breithním go bhfuil sé ag teacht le mo dhlínse "de novo" go bhféadfaidh mé féachaint d’ábharthacht ábhair na dtaifead don iarraidh iarbhír a cuireadh faoi bhráid comhlachta phoiblí, fiú i gcás nach ndearna an comhlacht poiblí lena mbaineann argóint den sórt maidir leis sin. Cé go bhféadfaidh sibh a áitiú nach réitíonn sin le forálacha alt 34(12)(b), feictear dom go mbaineann an t-alt seo den Acht le dualgas cruthúnais a leagan ar chomhlacht poiblí chun an diúltú a rinne sé maidir le taifid a lorgaíodh go sonrach faoi iarraidh SF a chosaint, seachas a bheith mar cheangal air an t-údar, nár scaoil sé taifid nach ndearnadh iad a iarraidh i ndáiríre ar an gcéad ásc, a chosaint.
Cur Síos ar Thaifid
Admhaíodh i litir Ms Moran, de bharr nach raibh ar a cumas cur síos ina mbeadh dóthain eolais ann a thabhairt daoibh ar na taifid i gceist, go bhféadfadh go gcuirfeadh sin isteach ar bhur gcumas aon argóintí ar mhian libh go dtógfainnse san áireamh iad i m’athbhreithniú a chur le chéile go cuí. Mar a dúirt sí libh áfach, d’fhéadfadh gur sárú alt 43(3) den Acht um SF a bheadh ann dá soláthrófaí níos mó sonraí faoi chineál gach taifid agus forálann sin nár mhór don Oifig seo réamhchúraimí réasúnacha a ghlacadh in aghaidh nochtadh faisnéise i dtaifead díolmhaithe. Dúirt Ms Moran libh nach mór dí staonadh ó fhaisnéis a nochtadh a áitíonn páirtí ar bith a bheith i dtaifead díolmhaithe chun ceart achomhairc an pháirtí chun na hArd-Chúirte a chosaint.
Mar a luadh cheana, is é seasamh na Roinne sa chás seo go bhfuil na taifid sa chás seo díolmhaithe ina n-iomláine. Fiú dá mba rud é nár ghlac mé leis an argóint seo ar chor ar bith, agus gur ordaigh mé na taifid go léir lena mbaineann a scaoileadh ina n-iomláine, bheadh ceart achomhairc fós chun na gCúirteanna níos Airde ag an Roinn in aghaidh mo bhreithe agus d’fhéadfadh na Cúirteanna glacadh le mo bhreith nó diúltú glacadh léi. Fágann sin go bhfuil d’oibleagáid orm gan ábhair taifid den sórt a thaispeáint ionas nach ndéanfaí dochar do chearta achomhairc na Roinne. Dá réir sin, breithním nach bhfuil ar mo chumas aon sonra sa bhreis a sholáthar maidir le hábhar na dtaifead seachas mar a sholáthair Ms Moran ina litir chugaibh dar dáta an 1 Bealtaine 2007.
Achoimre ar Scóip an Athbhreithnithe
Scaoil an Roinn chugaibh naoi gcinn de na 15 taifead a bhreithníonn sí a bheith iomchuí do bhur n-iarraidh (taifid 1, 2, 6, 7, 8, 9, 11, 12 agus 14, mar a tugadh síos i litir Ms Moran chugaibh dar dáta an 1 Bealtaine 2007). Ní bheidh na taifid sin á mbreithniú agam a thuilleadh, ach oiread leis na haguisíní a ghabhann le taifead 15 a thuigim a scaoil an Roinn chugaibh le linn an athbhreithnithe.
Tugaim faoi deara chomh maith gur cóip de thaifid 48a agus 49 atá faoi athbhreithniú in bhur n-iarratas ábhartha lena mbaineann an Roinn Airgeadais (uimhir thagartha 050380) é taifead 13 (Aide Memoire i gcomhair an Rialtais dar dáta Iúil 2004). Táim ag fanacht faoi láthair ar shoiléiriú éigin ón Roinn Airgeadais maidir le taifid 48a agus 49, atá suntasach i leith breith ar bith a thabharfainn maidir le taifead 13. Dá réir sin, níl sé i gceist agam déileáil leis an tsaincheist ar chóir nó nár chóir rochtain a bheith deonaithe daoibh ar thaifead 13 san athbhreithniú reatha, agus déileálfaidh mé leis agus mo bhreith ar thaifid 48a agus 49 á tabhairt agam ar chás 050380. Tá sé seo de réir mo chumhachtaí faoi alt 34(9)(a)(iii) den Acht um SF, trína bhféadfaidh mé scor d’athbhreithniú más rud é go bhfuil, go raibh nó go mbeidh an ní lena mbaineann an t-iarratas ina ábhar d’athbhreithniú eile faoi alt 34. Ní bhreithním go ndearna an cur chuige seo dochar do bhur gcearta faoin Acht um SF ó tharla go mbeidh an cheist shubstainteach, rochtain ar an taifead lena mbaineann, ina ábhar d’athbhreithniú in am agus i dtráth.
Dá bhrí sin, tá m’athbhreithniú ag díriú isteach ar an tsaincheist amháin an bhfuil nó nach bhfuil diúltú na Roinne na gnéithe sin de na taifid shiarchoinnithe atá fágtha (.i. taifead 3, 4, 5, 10 agus 15) a scaoileadh chugaibh de réir an Achta um SF. Ag féachaint don réasúnú a leagadh amach sa mhír den litir seo dar teideal "Ábharthacht na dTaifead don Iarraidh", is iad seo a leanas na gnéithe de na taifid a bhreithním a bheith faoi scóip m’athbhreithnithe:
Taifead 3: míreanna 1, 2, 3, 5 (ailt 5.1, 5.2 agus 5.3 amháin) 6, 7 agus 8. Cinnim, ar bhonn fíoras, go bhfuil míreanna discréideacha den taifead i mír 4 agus sa chuid eile de mhír 5 nach mbaineann le bhur n-iarraidh;
Taifid 4 agus 5: ina n-iomláine;
Taifead 10: an chéad dá alt, an abairt ina ndiaidh agus pointe urchair uimhir
Taifead 15: ina iomláine.
Tugaigí faoi deara, le bhur dtoil, ach amháin i gcás ina sonraítear a mhalairt, go bhfuil aon tagairt a dhéanfar do thaifead siarchoinnithe sa chuid eile den litir seo beartaithe mar thagairt d’aon pháirt den sórt de thaifead den sórt a choinnigh an Roinn siar uaibh.
Findings
Torthaí
Forálacha Iomchuí – alt 19
Forálann alt 19(1)(a) nach scaoilfear taifead de bhun iarraidh SF más rud é gur chuir Aire den Rialtas nó an tArd-Aighne faoi bhráid an Rialtais é, nó go mbeartaíonn sé nó sí é a chur faoi bhráid an Rialtais, chun breithniú a dhéanamh air agus gur chun na críche sin a cruthaíodh é.
Forálann alt 19(1)(b) nach scaoilfear taifead de bhun iarraidh SF más rud é gur taifead de chuid an Rialtais é seachas taifead trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann.
Forálann alt 19(1)(c) nach scaoilfear taifead de bhun iarraidh SF más rud go bhfuil faisnéis (lena n-áirítear comhairle) ann do chomhalta den Rialtas, don Ard-Aighne, d’Aire Stáit, do Rúnaí an Rialtais nó do Rúnaí Cúnta an Rialtais lena húsáid aige nó aici go príomha chun aon ghnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas.
Forálann alt 19(3)(a) d’fhaisnéis fhíorasach atá i dtaifead lena mbaineann alt 19(1) a scaoileadh, "más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, faisnéis fhíorasach ann a bhaineann le breith de chuid an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne".
Déanann alt 19(6) foráil go bhféadfadh taifead a bheith díolmhaithe faoi alt 19(1) más rud é gurb éard atá ann "réamhdhréacht nó dréacht eile den ábhar go léir nó de chuid den ábhar atá sa taifead". Dá bhrí sin, féadfaidh taifead a bheith díolmhaithe faoi alt 19(1)(a) nó (c), fiú i gcás nár cuireadh faoi bhráid an Rialtais é nó nár soláthraíodh é don Aire iomchuí, más dréacht de thaifead é a bhí curtha faoi bhráid an Rialtais, nó más dréacht de thaifead é lena húsáid ag Aire, go príomha chun gnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas. Fadaíonn an fhoráil seo chomh maith sainmhíniú an fhrása "breith de chuid an Rialtais" a fholaíonn an Rialtas do nótáil agus do cheadú taifid a cuireadh faoina mbráid.
Taifid 3, 13, 10 agus 15
Meabhrán i gcomhair an Rialtais dar dáta 18 Bealtaine 2005 is ea taifead 3, agus Aide Memoire i gcomhair an Rialtais dar dáta 22 Meitheamh 2004 is ea taifead 15. Nóta achoimre don Taoiseach dar dáta 28 Eanáir 2005 is ea taifead 10.
Éilíonn an Roinn go bhfuil taifead 10 díolmhaithe faoi alt 19(1)(c), ós rud é gur soláthraíodh don Taoiseach é chun achoimre a thabhairt dó faoi nithe éagsúla eitlíochta a cuireadh faoi bhráid an Rialtais ar roinnt ócáidí. Dúradh libh i litir Ms Moran go raibh sí sásta, cé go raibh sí idir dhá intinn faoin éileamh seo i dtús báire, go léiríonn tagairtí áirithe sa taifead gurb é príomhchuspóir an nóta an Taoiseach a chur ar an eolas chun gnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas
Ag féachaint d’ábhair taifead 10 agus d’aighneacht na Roinne maidir leis an ábhar, táim sásta gurb é an príomhchuspóir a cruthaíodh taifead 10 comhairle a chur ar an Taoiseach chun gnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas maidir le nithe eitlíochta, lena n-áirítear saincheist an dara críochfort. Glacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 19(1)(c) maidir leis an taifead seo.
Tá sé ráite ag Ms Moran libh go n-áitíonn an Roinn gur cruthaíodh agus gur cuireadh taifid 3 agus 15 faoi bhráid chomhaltaí an Rialtais lena n-úsáid chun gnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinnithe den Rialtas (18 Bealtaine 2005 agus 22 Meitheamh 2004 faoi seach). Ina haighneacht bhunaidh chuig an Oifig seo, d’éiligh an Roinn go raibh feidhm ag ailt 19(1)(a) agus 19(1)(c) den Acht um SF maidir leis na taifid seo. Mar a dúirt Ms Moran libh, is cosúil go bhfuil an Roinn ag áitiú anois gur "taifid den Rialtas" iad taifid 3 agus 15 agus go bhfuil siad díolmhaithe faoi alt 19(1)(b). Maidir leis seo, dúirt Ms Moran libh gur bhreithnigh sí, mar shampla, gur taifead de bhreith a thug an Rialtas ag cruinniú Comh-Aireachta ab ea "taifead den Rialtas" agus nár bhreithnigh sí go bhfuil feidhm ag alt 19(1)(b) maidir le taifid a cuireadh faoi bhráid an Rialtais. Dúirt sí libh gur bhreithnigh sí gurb é alt 19(1)(a) an díolúine ab iomchuí a mbeadh feidhm aici maidir leis na taifid.
Chuir an Roinn in iúl don Oifig seo, bíodh go ndearnadh é chun a seasamh maidir le ‘faisnéis fhíorasach’ a mhíniú, go gcuireann alt 19(1)(b) as an áireamh ó chosaint, taifead trína bhfoilsítear breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne agus taifead mar sin amháin agus go bhfuil na focail "trína" ríthábhachtach sa chomhthéacs seo. Dúirt sí ós rud é nár foilsíodh na doiciméid atá i gceist (ná aon pháirt díobh), go bhfuil feidhm ag forálacha alt 19(1)(b) maidir leo agus maidir le gach cuid díobh.
Is cosúil go bhfuil míchiall á baint ag an Roinn as alt 19(1)(b) den Acht um SF. Feictear domsa gur cuireadh alt 19(1)(b) i dtoll a chéile, ar an gcéad ásc, chun an taifead iarbhír de bhreith a thug an Rialtas a chosaint, ach go gcuirtear as an áireamh (mar a d’admhaigh an Roinn) ó chosaint den sórt an taifead trínar fógraíodh an bhreith sin don phobal i gcoitinne (mar shampla, preaseisiúint nó óráid). I bhfocail eile, cé go mbeadh feidhm ag alt 19(1)(b) maidir leis an taifead den bhreith iarbhír Rialtais, scaoilfí an phreaseisiúint nó an óráid a leanfadh de bharr nach mbeadh sé díolmhaithe faoi alt 19(1)(b) ar an gcéad ásc.
Cé nach iad na taifid atá i gceist na taifid trínar cuireadh breith an Rialtais dar dáta 18 Bealtaine 2005 i mbéal an phobail, ní taifid iad ach oiread den bhreith a tugadh ar an ócáid sin. Ní ghlacaim leis gur "taifid de chuid an Rialtais" iad agus dá bhrí sin, ní ghlacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 19(1)(b) maidir leo.
Glacaim leis, áfach, gur cuireadh taifid 3 agus 15 faoi bhráid an Rialtais chun go mbreithneodh siad iad agus gur cruthaíodh iad chuige sin. Dá bhrí sin, glacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 19(1)(a) maidir leis na taifid seo.
Alt 19(3)(a)
Leagann an mhír den litir seo dar teideal "Forálacha Iomchuí – alt 19’ amach foclaíocht alt 19(3)(a) den Acht um SF. Go ginearálta forálann sé a bheag nó a mhór do shárú ailt 19(1)(a) agus (c). I bhfocail eile, má fhágtar go bhfuil taifead díolmhaithe faoi alt 19(1), is féidir an díolúine sin a chur i leataobh má bhíonn feidhm ag alt 19(3)(a) (mar a phléitear thíos) maidir leis an taifead.
Breith de chuid an Rialtais a "fhoilsiú" don phobal i gcoitinne an chéad saincheist a mbeidh cinneadh le déanadh fúithi agus an díolúine seo á breithniú. Dúirt Ms Moran libh gur cosúil go n-áitíonn an Roinn, de bharr nach raibh na taifid iarbhír atá i gceist foilsithe, nach mbreithneofaí aon chuid acu lena scaoileadh faoi alt 19(3)(a).
Tuigim i gcás ina bhfoilseofaí an bhreith sin den Rialtas, go bhféadfadh foilseachán den sórt a bheith i bhfoirm preaseisiúna nó ráitis, ina gcuirfí síos ar ábhar substainteach na breithe, eisithe ag nó thar ceann an Rialtais – i gcás den sórt ní fhoilsítear an taifead iarbhír den bhreith lena mbaineann. Ní bhreithním, áfach, gur réamhriachtanas agus breithniú á dhéanamh ar alt 19(3)(a) den Acht um SF, é foilsiú den bhreith iarbhír Rialtais.
Táim den dearcadh go gceanglaítear alt 19(3)(a) a bhreithniú a thúisce is a fhoilsítear an t-ábhar substainteach den bhreith. Dá bhrí sin ní ghlacaim le dearcadh na Roinne, de bharr nach raibh na taifid iarbhír atá i gceist foilsithe, nach mbreithneofaí aon chuid acu lena scaoileadh faoi alt 19(3)(a).
An chéad saincheist eile is ea ar chóir nó nár chóir an fhoráil a bhreithniú maidir leis an Meabhrán i gcomhair an Rialtais ba chúis dhíreach leis an mbreith fhoilsithe lena mbaineann agus leis sin amháin, nó ar mhór í a bhreithniú maidir leis na taifid go léir bainteach leis an mbreith sin agus ag a bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leo. Tá ar intinn agam anseo, mar shampla, taifid de bhreitheanna bainteacha a thug an Rialtas a chuaigh chu n fónaimh agus a raibh an bhreith fhoilsithe mar thoradh orthu (mar shampla breith tabhairt faoi chleachtas áirithe chun eolas a bhailiú a bhí mar bhonn faoi dheoidh ag an mbrí a bhí leis an mbreith fhoilsithe, nó breith chun torthaí an bhailiúcháin eolais atá luaite a nótáil).
Forálann alt 19(3)(a) go soiléir do scrúdú a dhéanamh ar thaifead "a bhaineann le breith de chuid an Rialtais a foilsíodh". Is í an chiall atá tógtha agam as seo go gceanglaítear go scaoilfí faisnéis fhíorasach i dtaifead ar bith atá díolmhaithe faoi alt 19(1) agus a bhaineann le breith de chuid an Rialtais agus gur foilsíodh éirim na breithe sin don phobal i gcoitinne.
Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh nár foilsíodh an taifead iarbhír de bhreith an Rialtais dar dáta 18 Bealtaine 2005 é féin, breithním go raibh d’éifeacht leis an bpreaseisiúint a d’eisigh an Roinn Iompair, agus an óráid a thug an tAire Iompair uaidh ar an dáta sin gur foilsíodh éirim na breithe sin don phobal i gcoitinne. Baineann na taifid atá i gceist sa chás seo leis an mbreith sin agus dá bhrí sin breithním gur chóir iad a scrúdú chun a mhéid is atá faisnéis fhíorasach iontu a fháil amach chun críocha alt 19(3)(a) den Acht um SF.
Is cosúil go bhfuil an Roinn ag áitiú anois, áfach, nár chóir na taifid atá i gceist sa chás seo a scrúdú chun a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil faisnéis fhíorasach iontu.
San aighneacht ba dhéanaí uaithi chuig an Oifig seo, deir an Roinn go bhfuil alt 19(1) agus alt 19(2) den Acht um SF curtha i dtoll a chéile chun teoiric rúndacht na Comh-Aireachta a chosaint. Thagair sí do bhreithiúnas na hArd-Chúirte sa chás Irish Press Publications v the Minister for Enterprise [2002] 4IR 110, a áitíonn sí atá mar "authority that the doctrine of Cabinet confidentiality protects not only discussions but documents upon which discussions are based." Deirtear ann, cé go bhfuil díolúine shonrach ag baint le plé na Comh-aireachta, "it is clear from the judgement that Cabinet confidentiality would cover documents referred to in section 19(1) also." Leantar ar aghaidh agus deirtear faoi alt 19(3) "must be interpreted in a way that does not violate the doctrine of Cabinet confidentiality pursuant to Article 28(4)(3) of the Constitution" agus nach gcreideann sí gur cuí dul trí gach líne de mheabhrán nó de dhoiciméad eile den sórt chun faisnéis fhíorasach a dheighilt ó fhaisnéis neamhfhíorasach, más rud é go raibh an doiciméad ina iomláine mar bhonn ag plé Comh-aireachta agus dá bhrí sin go bhfuil sé faoi chosaint ag rúndacht Comh-aireachta.
Luaigh an comhlacht poiblí iomchuí cás an Irish Press chomh maith san athbhreithniú a rinne an Oifig seo i gcás 030714. (Tugaim faoi deara gur thagair sibh chomh maith don bhreith seo in bhur gcomhfhreagras leis an Oifig seo agus glacaim leis dá bharr go bhfuil sibh ar an eolas fúithi). Leagadh amach sa bhreith, cé go mbaineann breithiúnas na hArd-Chúirte lena mbaineann leis an gceist ar chóir nó nár chóir doiciméid a scaoileann mionsonraí faoi phlé Comh-aireachta a scaoileadh ar a bhfollasú, nár breithníodh an cheist an bhféadfaí nó ar chóir faisnéis fhíorasach i ndoiciméid den sórt a scaoileadh. Leag an bhreith sin béim ar an ní go mbeadh breithiúnas an Irish Press níos iomchuí dá mba rud é go mbeadh feidhm alt 19(2) i gceist.
Admhaíodh sa bhreith a tugadh ar chás 030714, áfach, go bhforálann alt 19(2) den Acht um SF do phlé Comh-aireachta a chosaint (forálann sé do chosaint a thabhairt do thaifid a bhfuil ráiteas iomlán, nó cuid de ráiteas iontu a rinneadh ag cruinniú den Rialtas nó go bhfuil faisnéis ann a léiríonn éirim ráitis den sórt sin go huile nó cuid de, nó óna bhféadfaí éirim ráitis den sórt sin a thuiscint, agus nach taifead é trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann). Ina theannta sin, tugadh faoi deara sa bhreith chomh maith, ó tharla nach bhfuil feidhm ag alt 19(3)(a) maidir le taifid atá faoi scóip alt 19(2), nach gceanglaíonn an fhoráil chéadluaite go soiléir breithniúcháin den Rialtas a nochtadh, ach ina ionad sin go mbaineann sí le faisnéis fhíorasach a bhaineann le cinntí den Rialtas a scaoileadh.
Tagaim le fionnachtana cás 030714 (a d’eisigh an tUasal Liam Kelly, a d’oibrigh san Oifig seo tráth) nach mbeadh alt 19(3)(a) tugtha san áireamh ar an gcéad ásc dá mbeadh sé beartaithe ag an Oireachtas gur chóir gach faisnéis sna taifid atá faoi scóip 19(1) a chosaint. Aontaím go mbaineann tábhacht áirithe le feidhm a bheith ag an díolúine in alt 19(3)(a) "más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá" faisnéis fhíorasach ann, agus thabharfadh sé seo le tuiscint gur shamhlaigh an tOireachtas go bhféadfaí ábhar díolmhaithe a choinneáil siar as doiciméad gan faisnéis fhíorasach a choinneáil siar chomh maith. D’ainneoin a mhalairt de dhearcadh a bheith ag an Roinn sa chás seo anois, nár thagair (ná nár thug dúshlán), mar a thugaim faoi deara, do na fionnachtana a rinne an tUasal Kelly sa chás 030714 maidir leis an easpa ábharthachta idir cás an Irish Press agus breithniú alt 19(3)(a) den Acht um SF, táim sásta gur cuí domsa taifid 3, 10 agus 15 a scrúdú chun a mhéid is atá faisnéis iontu a d’fhéadfaí a scaoileadh faoi alt 19(3)(a) den Acht um SF a chinneadh.
An chéad saincheist eile nár mhór dom cinneadh a dhéanamh fúithi is ea an bhrí dháiríre atá leis an téarma "faisnéis fhíorasach" chun críocha alt 19(3)(a). Seo a leanas an cur chuige a ghlac mé:
Taispeánadh i litir Ms Moran dar dáta 1 Bealtaine 2007 chugaibh, de bharr gur thagair bhur n-iarratas chuig an Oifig seo do chás 030714, go gcaithfeadh, dá réir sin, go bhfuil sibh ar an airdeall gur amhlaidh faisnéis fhíorasach don Oifig seo agus faisnéis fhíorasach lena n-áirítear ábhar a cuireadh i láthair chun cúlra faisnéiseach a thabhairt don ábhar atá lárnach i dtaifead, agus a bheadh inaitheanta ó fhaisnéis i bhfoirm togra, tuairime nó molta. Thaispeáin sí chomh maith gur thagair an bhreith a tugadh i gcás 030714 do na sainmhínithe ar na focail "fíorasach" ("atá i gceist nó a bhaineann le fíricí den chineál fírice, iarbhír, fíor" agus "fíric" ("rud éigin atá tarlaithe i ndáiríre nó gurb é an cás é i ndáiríre; rud éigin atá ar eolas go cinnte gur den tréith sin é; dá bhrí sin, fírinne áirithe atá ar eolas de bharr breathnadóireacht dháiríre nó fianaise fhíréanta, seachas rud éigin ar baineadh tátal as, nó buille faoi thuairim faoi nó ficsean; sonra taithí, a bheadh inaitheanta ó na tuairimí a d’fhéadfaí a bhunú air").
Leagtar amach in alt 2 den Acht um SF (dá dtagraítear chomh maith i gcás 030714) go bhfolaíonn "faisnéis fhíorasach" "information of a statistical, econometric, or empirical nature, together with any analysis thereof". Mhínigh an tUasal Kelly i gcás 030714 an fáth go molann an focal "lena n-áirítear" mar atá sa sainmhíniú de "faisnéis fhíorasach" nach bhfuil a bhrí teoranta do "information of a statistical, econometric, or empirical nature, together with any analysis thereof". Lean an tUasal Kelly agus dúirt gur ghlac sé leis nach mór féachaint do ghnáthchiall an téarma "faisnéis fhíorasach" agus a scóip á breithniú.
Tagaim leis na fionnachtana seo.
D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh ón méid atá thuas go dtiocfadh aon anailís ar "rud éigin atá tarlaithe i ndáiríre" nó aon anailís ar fhaisnéis eile den chineál ginearálta faoin gcatagóir "faisnéis fhíorasach". Feictear domsa, áfach, go ndéanfaí "analysis thereof" níos oibiachtúla ar "information of a statistical, econometric, or empirical nature" ná a dhéanfaí ar fhaisnéis ghinearálta. Is dóigh go mbeadh aon anailís ar "rud éigin atá tarlaithe i ndáiríre" nó ar fhaisnéis eile den chineál ginearálta suibiachtúil, ó tharla go mbeadh an anailís sin bunaithe ar thuairimí an údair. Dá bhrí sin, ní fheicim údar ar bith a chinnfeadh go gceanglófaí anailís nó tuairim de "rud éigin atá tarlaithe i ndáiríre" nó anailís d’fhaisnéis ghinearálta eile, a scaoileadh faoi alt 19(3)(a).
Ag leanúint ar aghaidh ón bpointe roimhe seo tá an tsaincheist den mhéid is atá faisnéis i "dtaifead den Rialtas" tagtha isteach i mbéal an phobail, a áitíonn an Roinn gan a bheith iomchuí agus breithniú á dhéanamh ar chiall an fhocail "fíorasach".
Glacaim go drogallach le seasamh na Roinne maidir leis seo, cé go bhfuil an chuma air gur seafóideach an ní é go gcoinneofaí faisnéis atá i mbéal an phobail cheana féin siar óna scaoileadh. D’ainneoin mé a bheith idir dhá intinn, áfach, ní cheanglaítear le halt 19 breithniú a dhéanamh ar thástáil díobhála ar bith. Dá réir sin, glacaim leis sa mhéid is go bhfuil aon anailís ar fhaisnéis atá i mbéal an phobail (tóg mar shampla an anailís ar thuarascáil fhoilsithe) i dtaifead atá díolmhaithe faoi alt 19(1), nach mbeadh an anailís sin (tuairim, in aon chás) le scaoileadh faoi alt 19(3)(a) den Acht um SF.
Rinne sibh an argóint go bhfuil miontuairiscí cruinnithe fíorasach go hiomlán, ar an mbunús go ndéanann siad taifeadadh ar na fíorais .i. na heachtraí a tharla, na breitheanna a tugadh, agus an t-ionchur a rinneadh i gcruinniú. D'fhéadfaí an argóint seo a leathnú chun go molfaí dá mba rud é go mbeadh mionsonraí de chruinnithe níos luaithe den Rialtas a dhéileáil leis an tsaincheist áirithe i dtaifead cosúil le Meabhrán den Rialtas, gur chóir na mionsonraí sin a scaoileadh ó thaobh gur ábhar fíorasach cúlra iad atá iomchuí don ábhar atá á phlé sa taifead lena mbaineann.
Tá alt 19(2) suntasach i leith mo bhreithe maidir leis seo ó tharla go gcuireann sé as an áireamh óna scaoileadh aon taifead a thaispeánfadh éirim bhreithniúcháin an Rialtais (ar an gcoinníoll nárbh é an taifead sin an taifead a d’fhoilsigh mionsonraí faoin mbreith de chuid an Rialtais). Dá bhrí sin, ní fhéadfar mionsonraí ar bith i dtaifead a bhfuil feidhm ag alt 19(1) maidir leis a thaispeánfadh na breithniúcháin as a dtáinig an bhreith áirithe, a scaoileadh.
Ní cosúil, áfach, go gcuireann alt 19(2) srian le faisnéis a thaispeánann an bhreith iarbhír a dtángthas uirthi de bhun breithniúcháin Rialtais a scaoileadh, agus i mo thuairimse is ionann sin agus faisnéis fhíorasach. Ní fheicim cén chaoi a bhféadfadh mionsonraí de bhreith den sórt, iontu féin, léargas a thabhairt ar na breithniúcháin maidir leis na tograí as a dtáinig an bhreith sin.
Tugaim faoi deara go dtagraíonn cás an Irish Press a luaigh an Roinn don chás an tArd-Aighne v Hamilton (Uimh, 1 [1993] 2 I.R. 250, ina ndeir an Príomh-Bhreitheamh Finlay ar leathanach p.272:
"I would, therefore, conclude that the claim for confidentiality of the contents and details of discussion at meetings of the Government, made by the Attorney General in relation to the inquiry of this Tribunal is a valid claim. It extends to discussions and their contents, but it does not, of course, extend to the decisions made and the documentary evidence of them, whether they are classified as formal or informal decisions."
Dá bhrí sin, chinn an cás an tArd-Aighne v Hamilton nár chlúdaigh rúndacht Comh-aireachta taifead de bhreith de chuid an Rialtais. Luífeadh sé le réasún dá bhrí sin, gur dréachtaíodh alt 19(2) den Acht um SF agus an t-eisiamh seo ó rúndacht Comh-aireachta ar intinn.
Cinnim, ag féachaint d’ailt 19(2) agus 19(3) den Acht um SF, agus do thráchtaireachtaí an Phríomh-Bhreithimh Finlay mar a tugadh níos luaithe, más rud é go bhfuil mionsonraí faoi bhreith ar leith a thug an Rialtas i dtaifead go mbeadh na mionsonraí sin le scaoileadh faoi alt 19(3)(a).
Fágann sin, i gcás taifid ina bhfuil mionsonraí faoi thogra lena bhreithniú ag an Rialtas agus taifead níos déanaí a chuireann síos ar an mbreith a tháinig as an togra sin, nach mbeadh an ceann céadluaite le scaoileadh faoi alt 19(3)(a) ach nach mbeadh réasún ar bith ann go gcoinneofaí siar an ceann ba dhéanaí atá luaite ar fhorais den sórt (bheadh na breithniúcháin idir an dá chéim díolmhaithe faoi alt 19(2)).
Ní mór féachaint don nádúr substainteach a bhaineann leis an bhfaisnéis i dtaifead, seachas féachaint do bhrí na bhfocal (.i. gan ann ach tagairt a dhéanamh do na téarmaí ar leith inar tugadh é).
Cinnim mar seo a leanas tar éis an réasúnaíocht seo a chur i bhfeidhm maidir leis na taifid shiarchoinnithe:
(i) Ní bhreithním gur "faisnéis fhíorasach" chun críocha alt 19(3)(a) atá in aon ghné de thaifead 10, sé sin cinnim nach bhfuil ann ach amháin mionsonraí faoi thuairim agus faoi thogra; dá bhrí sin cinnim go bhfuil sé díolmhaithe ina iomláine faoi alt 19(1)(c);
(ii) Cinnim go bhfuil faisnéis fhíorasach sna gnéithe seo a leanas de thaifead 3 a bheadh le scaoileadh maidir le halt 19(3)(a) den Acht um SF:
Taifead 3: Mír 2.2 ina iomlán; Mír 2.3 (an chéad abairt, agus an chéad 19 focal faoi na pointí urchair ar leathanach 3 amháin); Mír 3.1 (focal 8 go 25 den chéad abairt agus an chéad 12 focal den dara abairt de); Míreanna 3.3 agus 3.4 ina n-iomláine; Mír 3.5 (an dá abairt dheireanacha amháin); Mír 3.6 gan an abairt dheireanach de san áireamh; Mír 3.12 (an chéad abairt gan na naoi bhfocal idir lúibíní san áireamh); Mír 3.17 (an chéad dá abairt agus an chéad 21 focal den tríú abairt); Mír 5.1 (an ceathrú agus an cúigiú habairt); Mír 5.3 (an abairt dheireanach gan na sé fhocal dheireanacha de san áireamh), Mír 8.
Cinnim go bhfuil na gnéithe atá fágtha de thaifead 3 díolmhaithe faoi alt 3(19)(a) den Acht um SF;
(iii) Ní bhreithním gur "faisnéis fhíorasach" chun críocha alt 19(3)(a) atá in aon chuid de thaifead 15, sé sin cinnim gur togra atá ann go huile agus go hiomlán. Ní cosúil go nglacann sibh le dearcadh Ms Moran nach bhfuil feidhm ag alt 19(3)(a) maidir le taifead 15. Mar a leag mé amach níos luaithe, ní mór dom cearta achomhairc na Roinne in aghaidh na breithe seo a chosaint más mian léi déanamh amhlaidh agus dá bhrí sin níl ar mo chumas mionsonraí ar bith faoin taifead seo a thabhairt a mhíneodh an fáth go n-aontaím lena dearcadh. Fágann sin, áfach, go nglacaim leis nach bhfuil aon fhaisnéis fhíorasach i dtaifead 15 mar a shamhlaítear faoi alt 19(3)(a) agus go bhfuil sé díolmhaithe óna scaoileadh chugaibh ina iomláine, de réir alt 19(1)(a).
Mar atá a fhios agat, áfach, d’éiligh an Roinn alt 27 den Acht um SF maidir le gnéithe áirithe de thaifead 3. Déileálfaidh mé le feidhm na forála seo maidir leis na taifid lena mbaineann níos déanaí sa bhreith seo.
Alt 19 - Leas an Phobail
Tugaim faoi deara go dtagraíonn bhur n-aighneacht chuig an Oifig seo dar dáta an 21 Bealtaine 2007 do chuspóir an Achta um SF rochtain ar fhaisnéis a chumasú "a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail" Leanann sibh ar aghaidh agus deireann sibh gur chóir leas an phobail a bhreithniú i ngach cás is cuma an bhfuil nó nach bhfuil tástáil shonrach do leas an phobail i ndíolúine, agus tagraíonn sibh do thuairimí a nocht mo réamhtheachtaí, an tUasal Kevin Murphy, ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2002 go "…[i] ngníomh, …go bhfuil ceanglas ann i bhformhór na gcásanna ina bhfuil iarraidh le diúltú ar bhonn díolúine ar leith maidir le breithniú a dhéanamh ar ceart an díolúine sin a chur i leataobh ar mhaithe leis an leas poiblí" agus "…go bhfuil cearta agus leasanna dlisteanacha pearsan aonair, comhlachtaí corparáideacha agus na hearnála poiblí féin ar leith ón, agus faoi réir ag an leas poiblí"
Nocht an tUasal Murphy na tuairimí sin chun béim a leagan ar a mhéid is a cheanglaítear ar bhreitheanna a thugtar faoin Acht um SF leas an phobail a thabhairt san áireamh. Léiríonn an t-athfhriotal dá dtagraítear, áfach, go gceanglaítear leas an phobail a bhreithniú i bhformhór na gcásanna, ní i ngach cás, agus léiríonn an abairt a thagann go díreach roimh an t-athfhriotal lena mbaineann go "[T]á roinnt de na díolúintí féin san Acht – ailt 20, 21, 26, 20, 27, 28, 30 agus 31 – faoi réir ag sárú leasa phoiblí." Níor thagair an tUasal Murphy d’alt 19 mar alt ina gceanglaítear leas an phobail a bhreithniú, agus mar is léir ó iomlán a chuid tráchtaireachtaí, níorbh é a bhí á lua aige nár mhór leas an phobail a bhreithniú maidir leis na forálacha atá san Acht um SF nach gceanglaítear leo go sonrach leas an phobail a bhreithniú.
Thagair sibh chomh maith don cháineadh a rinne mé agus atá foilsithe maidir lena mhéid is a dhéanann alt 19 foráil do thaifid a dhiúltú. Ní féidir liom an tAcht um SF a leasú d’ainneoin mo dhearcadh faoi alt 19 agus tá mé faoi cheangal léirmhíniú a thabhairt air mar a sheasann sé. Níl fáil agamsa ar thástáil ar leas an phobail a dhéanamh ar alt 19(1), dá réir sin. Fágann sin nach bhfuil fáil agam sa ar na hargóintí atá déanta agaibh a bhreithniú – argóintí maidir le leas an phobail atá déanta agaibh i bhfabhar scaoileadh na ngnéithe sin de na taifid a chinn mé a bheith díolmhaithe faoi alt 19(1) den Acht um SF agus nach gcáilíonn lena scaoileadh faoi alt 19(3)(a). Dá réir sin, cinnim go raibh na gnéithe atá fágtha de thaifid 3, 10 agus 15 coinnithe siar uaibh go bailí faoi alt 19(1) den Acht.
Alt 27
Cé go bhfuil m’athbhreithniú maidir le taifead 13 scortha agam, is iomchuí don chuid seo de mo bhreith go raibh ráite ag Ms Moran libh go raibh alt 27 den Acht um SF éilithe ag an Roinn maidir le naoi n-alt de thaifid 3 agus 13 agus gur bhreithnigh sí nach raibh ceithre cinn de na naoi n-alt lena mbaineann iomchuí do bhur n-iarraidh.
Aontaím le dearcadh Ms Moran maidir leis na ceithre halt lena mbaineann atá go léir i mír 4 de thaifead 3 lena mbaineann leasanna tríú páirtí nach bhfuil clúdaithe faoi scóip bhur n-iarrata. Tá mír 4 de thaifead 3 curtha as an áireamh agam as m ’athbhreithniú mar a mhínigh mé níos túisce sa chuid den litir seo dar teideal "Scóip an Athbhreithnithe". Ní bheidh siad le breithniú agam a thuilleadh.
Dá réir sin fágann sin go bhfuil cúig mhír a bhfuil an Roinn ag lorg feidhm a bheith ag alt 27 maidir leo. Tá ceithre cinn de na míreanna sin i dtaifead 13 agus tá an t-athbhreithniú reatha orthu scortha agam. Dá bhrí sin, níl sé i gceist agam athbhreithniú a dhéanamh ar argóintí na Roinne maidir leis seo.
Mír 3.12 de thaifead 3 an mhír atá fágtha i ndáil lena bhfuil an Roinn ag lua alt 27. Cé gur chinn mé go bhfuil feidhm den chuid is mó ag alt 19(1)(a) maidir leis an gcuid seo de thaifead 3, chinn mé chomh maith go bhfuil feidhm ag alt 19(3)(a) maidir leis an gcéad abairt de, gan na naoi bhfocal idir lúibíní atá san abairt sin chomh maith a chur san áireamh. Ní mór dom iontaoibh na Roinne in alt 27(1)(b) den Acht um SF a bhreithniú anois maidir leis an ngné sin den chéad aba irt de mhír 3.12 de thaifead 3 a chinn mé gur chóir í a scaoileadh faoi alt 19(3)(a) den Acht um SF.
Dúirt Ms Moran libh agus iontaoibh na Roinne in alt 27 maidir le gnéithe de thaifid 3 (agus 13) á cur in iúl aici daoibh, gur bhain na gnéithe lena mbaineann le hAer Rianta (Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath) ach de bharr cheanglais alt 43(3), nárbh fhéidir léi mionléiriú a thabhairt ar shonraí na sleachta lena mbaineann. Thug sí cuireadh daoibh, sa mhéid is féidir é, tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhm alt 27 maidir leis na trí mhír lena mbaineann agus maidir le leas an phobail ar a scaoileadh chugaibh. D’fhreagair sibh agus dúirt sibh go rabhthas ag iarraidh oraibh tráchtaireacht gan aird gan éifeacht a dhéanamh agus chuir sibh ar m’aird na tástálacha díobhálacha in ailt 27(1)(a), (b) agus (c), ar na díolúintí maidir leis na forálacha seo in alt 27(2), an tástáil ar leas an phobail in alt 27(3) agus an fhíric gurb í an Roinn atá freagrach as an diúltú taifead a chosaint. Ceistíonn sibh chomh maith an bhféadfaí nó nach bhféadfaí éileamh a dhéanamh ar alt 27 maidir le hAer Rianta agus chuir sibh leabhar Maeve McDonagh "Freedom of Information Law" (dara heagrán, 2006) ar m’aird a ndeireann sibh go moltar ann gur chóir an fhoráil sin a bheith teoranta d’fhaisnéis, atá íogair ó thaobh na tráchtála de, de chuid daoine aonair príobháideacha nó daoine ón earnáil phríobháideach, agus nach duine díobh sin é Aer Rianta.
Roghnaím scrúdú a dhéanamh ar an gcineál ábhair atá san fhaisnéis ar an gcéad ásc agus nílim den dearcadh gur rún trádála atá inti. Dá bhrí sin cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 27(1)(a) maidir leis.
Nílim sásta (ná níl míniú tugtha ag an Roinn ar an gcúis) gur faisnéis den chineál í an fhaisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha d’ Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath i seoladh a ghnó. Cuireann an abairt lena mbaineann síos go ginearálta ar ghníomh ar leith a glacadh agus an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin (ciallaíonn ceanglais alt 43(3) nach féidir liom a thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis an abairt lena mbaineann). Nílim den dearcadh gur faisnéis í an fhaisnéis den chineál a bheadh díolmhaithe faoi alt 27(1)(b) den Acht um SF.
Nílim sásta ach oiread gur faisnéis í an fhaisnéis lena mbaineann den chineál a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Arís eile, níor chuir an Roinn aon argóint chugam go bhféadfadh an cás a bheith amhlaidh ná níor leag sí béim ar chaibidlí reatha Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ná ar chaibidlí Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath sa todhchaí a bhféadfadh scaoileadh den sórt dochar a dhéanamh dóibh. Cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 27(1)(a) maidir leis an bhfaisnéis.
I bhfianaise m’fhionnachtana nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann díolmhaithe faoi alt 27, ní gá dom tabhairt faoin argóint a rinne sibh maidir lenar chóir nó nár chóir feidhm a bheith ag alt 27 maidir le faisnéis a bhaineann le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ná ní gá dom leas an phobail a bhreithniú.
Taifid 4 agus 5
Forálann alt 46(1)(b) nach bhfuil feidhm ag an Acht um SF maidir le taifead a shealbhaíonn nó a chruthaigh an tArd-Aighne nó Oifig an Ard-Aighne (seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin). Forálann alt 22(1)(a) do thaifead a dhiúltú más rud é go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla.
Tuairim a nocht an tArd-Aighne don Roinn is ea taifead 4 agus is aighneacht ó bhall foirne in oifig an Ard-Aighne chuig an Roinn de bhun iarrata ón Roinn ar chomhairle dhlí ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Dara Críochfort, is ea taifead 5.
Cóipeanna de thaifid a chruthaigh an tArd-Aighne agus a Oifig is ea an dá thaifead. Ní bhaineann siad le riarachán na hOifige sin ná ní taifid iad den chineál a ndearna sibh tagairt dóibh in bhur n-aighneacht chuig m’Oifig dar dáta an 23 Nollaig 2005. Breithním gur cuireadh alt 46(1)(b) i bhfeidhm go bailí maidir leis na taifid agus go bhfuil siad taobh amuigh de scóip an Achta um SF.
Ina theannta sin, is léir go bhfuil comhairle dhlí a soláthraíodh don Roinn i dtaifead 4 agus tugann sé léargas ar ábhar thaifead 5. Dá réir sin, táim den dearcadh chomh maith fiú i gcás go mbeadh na taifid clúdaithe faoin Acht um SF go mbeadh siad díolmhaithe óna scaoileadh chugaibh faoi alt 22(1)(a) den Acht um SF ós rud é go bhfuil cumarsáid iontu idir an cliant (an Roinn) agus a comhairleoir/ a chomhairleoir gairmiúil dlíthiúil (an tArd-Aighne agus a fhoireann) chun comhairle dhlí a fháil agus/nó a thabhairt.
Arís eile, cé go ndeir sibh go gcreideann bhur gcliant go ndéanfaí leas an phobail trí na taifid seo a bheith ar fáil, ní cheanglaíonn alt 46 leas an phobail a bhreithniú (ná ní dhéanann alt 22(1)(a) sin ach oiread). Dá réir sin, ní mór dóibh fanacht de bheith díolmhaithe óna scaoileadh chugaibh.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, leis seo athraím breith na Roinne sa chás seo. Ordaím na nithe seo a leanas a scaoileadh chugaibh maidir le halt 19(3)(a) den Acht um SF:
Taifead 3: Mír 2.2 ina iomlán; Mír 2.3 (an chéad abairt, agus an chéad 19 focal faoi na pointí urchair ar leathanach 3 amháin); Mír 3.1 (focal 8 go 25 den chéad abairt agus an chéad 12 focal den dara abairt de); Míreanna 3.3 agus 3.4 ina n-iomláine; Mír 3.5 (an dá abairt dheireanacha amháin); Mír 3.6 gan an abairt dheireanach de san áireamh; Mír 3.12 (an chéad abairt gan na naoi bhfocal idir lúibíní san áireamh); Mír 3.17 (an chéad dá abairt agus an chéad 21 focal den tríú abairt); Mír 5.1 (an ceathrú agus an cúigiú habairt); Mír 5.3 (an abairt dheireanach gan na sé fhocal dheireanacha de san áireamh), Mír 8.
Seasaim le breith na Roinne maidir leis na gnéithe atá fágtha de thaifead 3 atá faoi scóip m’ athbhreithnithe; maidir leis an bpáirt sin de mhír 10 atá faoi scóip m’athbhreithnithe; agus maidir le taifid 4, 5 agus 15 ina n-iomláine.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara tar éis athbhreithniú difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéir Faisnéise