Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 050222 - X agus Y, Uaisle, agus Ospidéal

Iarraidh ó thuismitheoirí ar chóip d'fhístéip ar agallaimh lena leanbh mar chuid d'imscrúdú ar dhrochúsáid gnéis linbh a d'fhéadfadh a bheith ann - an cineál rochtana ar na taifid - an mbeadh sé ag teacht salach ar dhualgas nó oibleagáid dlí dá soláthrófaí cóip den fhístéip do na tuismitheoirí- an ndéanfaí dochar nó damáiste d'aon leas a chosnaítear le Cuid III nó an ndéanfaí an céanna a laghdú dá soláthrófaí an fhístéip do na tuismitheoirí - alt 12(2)(b)(iii) agus (iv) - faisnéis phearsanta faoi mhionaoiseach - alt 28(6)(a) - toimhde go bhfuil an tuismitheoir i dteideal rochtana ar na taifid - McK v an Coimisinéir Faisnéise - an ar mhaithe le leas an mhionaoisigh é cóip den fhístéip a sholáthar do na tuismitheoirí - an sárú dualgais rúndachta é dá soláthrófaí cóip den fhístéip do na tuisimitheoirí - alt 26(1)(b) - an ndéanfaí dochar d'éifeachtacht imscrúduithe - alt 21(1)(a).

Case Summary

Fíorais

Rinne tuismitheoirí linbh óig iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise ar rochtain ar thaifid an linbh ar taifid iad a shealbhaíonn ospidéal. Scaoil an tOspidéal na taifid pháipéir agus dhiúltaigh sé rochtain a thabhairt ar chóip d'fhístéip. Ina ionad sin, thairg sé deis do na hiarrthóirí breathnú ar an téip. Nuair a tháinig an cás go dtí an Coimisinéir chun athbhreithniú a dhéanamh air, dúirt an tOspidéal, agus é ag diúltú rochtain a thabhairt ar an taifead san fhoirm nó ar an modh a d'iarr sibhse, go raibh sé ag brath ar alt 12(2)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Ceadaítear leis na forálacha seo do lucht déanta cinntí rochtain a thabhairt ar thaifid i bhfoirm seachas an fhoirm a bhí á lorg i gcás inar deimhin leis nó léi go mbeadh sé ag teacht salach ar dhualgas nó ar oibleagáid dlí atá ar chomhlacht poiblí nó go ndéanfaí dochar nó damáiste d'aon leas, nó go laghdófaí aon leas, a chosnaítear le Cuid III nó le halt 46 den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Fionnachtana

Chinn an Coimisinéir go raibh cinneadh déanta ag an Ospidéal cheana féin go raibh ceart rochtana ag na hiarrthóirí ar fhaisnéis phearsanta faoina leanbh, lena n-áirítear an fhístéip. An rud a bhí i gceist ina hathbhreithniú de novo ná an mbeadh sé ag teacht salach ar dhualgais nó oibleagáidí dlí an Ospidéil nó an ndéanfaí dochar nó damáiste d'aon leasanna, nó an laghdófaí aon leasanna, a chosnaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise dá scaoilfí an fhístéip san fhoirm inar iarradh í.

Meas an Coimisinéir, tar éis bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in N.McK v an Coimisinéir Faisnéise [2006] 1 IRLM 504, nach mór di forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise a chur chun feidhme ar an mbonn go dtoimhdítear gur mór ag na hiarrthóirí, mar thuismitheoirí, leas an linbh agus go bhfuil siad ag gníomhú ar mhaithe le leas an linbh agus go bhfuil teideal acu rochtain a fháil ar an taifead. Chuaigh sí leis an tuiscint, nach bhfuil an toimhde arb éard í príomhaíocht tuismitheoirí a theachtann na hiarrthóirí, ar an gceist i dtaobh an gá iarbhír rochtain a fháil ar an taifead ar an modh a iarrtar chun a chumasú dóibh gníomhú ar mhaithe le leas a linbh.

Tá tuiscint ann go bhfuil ábhar fístéipe níos íogaire ná ábhar taifid páipéir, agus í ag déileáil leis an tuiscint sin, dúirt an Coimisinéir go scaoileann ospidéil agus eile faisnéis thar a bheith íogair faoi leanaí go rialta chuig tuismitheoirí - i bhfoirm pháipéir de ghnáth. Ar ndóigh, bhí rochtain cheana féin ag na hiarrthóirí sa chás seo ar thuarascálacha i scríbhinn agus ar nótaí faoi agallaimh a bhí ann lena leanbh. Níor ghlac an Coimisinéir leis go raibh teideal ag an Ospidéal a shamhlú go dtarlódh an rud ba mheasa a d'fhéadfadh tarlú i ngach cás ná seasamh a ghabháil chuige féin nach féidir le tuismitheoirí riamh, in aon imthosca ar chor ar bith, cóip a fháil d'fhístéip ar agallaimh lena leanbh. Ghlac sí le hábhair imní an Ospidéil maidir lena othair ach mheas sí nach raibh aon bhonn cirt aige agus cinntí á ndéanamh aige glacadh mar phointe tosaigh leis an eagla go bhfuil sé dosheachanta go scaipfí ábhar an taifeadta cibé acu d'aon ghnó nó ar shlí eile.

Ghlac an Coimisinéir leis go mbeidh cásanna ann ina dtabharfar fianaise ar aird nach ndéanfaí leas an linbh dá scaoilfí taifid do thuismitheoirí nó do thuismitheoir. Chinn sí, áfach, nár tugadh aon fhianaise ar aird gur cás den sórt sin an cás seo . Níor ghlac sí go bhféadfadh aon ráthaíochtaí maidir le rúndacht a tugadh sa chás seo feidhm a bheith acu i ndáil le nochtadh faisnéise faoin leanbh dá tuismitheoirí. Thuig sí go bhfuil sé tábhachtach don Ospidéal a bheith in ann a oiread athdhearbhaithe agus is féidir a thabhairt do leanaí maidir le húsáid a n-agallamh taifeadta sa todhchaí. Níor dheimhin léi áfach, go bhféadfadh an tOspidéal ariamh a dhearbhú go daingean do leanbh nach scaoilfí téip a agallaimh nó a hagallaimh ariamh chuig páirtí eile m.sh. chuig comhairleoirí dlí, tuismitheoirí nó caomhnóirí.

Ag féachaint d'imthosca áirithe an cháis seo, do na haighneachtaí a rinneadh, d'ábhar an taifid agus don mhéid a scaoileadh an t-ábhar a bhain leis chuig na hiarrthóirí cheana féin, chinn an Coimisinéir nach raibh feidhm ag forálacha alt 12(2)(b)(iii) agus (iv). D'ordaigh sí go dtabharfaí rochtain ar an taifead san fhoirm a d'iarr na tuismitheoirí .i. trí chóip den fhístéip a thabhairt dóibh.

Date of Decision: 12.05.2007

Our Reference: 050222

12.05.2007

X agus Y, Uaisle

A Dhaoine Uaisle, X agus Y,

Déanaim tagairt don iarratas a rinne sibh chuig m'Oifigse chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh [Ospidéil] maidir le bhur n-iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 chun rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le bhur n-iníon ("Z"). Is oth liom gur thóg an próiseas athbhreithnithe chomh fada sin. Mar is eol daoibh, cuireadh an t-athbhreithniú seo ar fionraí go dtí go bhfaighfí breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás N.McK v.an Coimisinéir Faisnéise. Ó thug an Chúirt Uachtarach a breithiúnas ar an 24 Eanáir 2006, tá a fhios agaibh freisin nár éirigh le hiarrachtaí teacht ar chomhshocraíocht ar an gcás leis an Ospidéal sa chaoi is gur gá anois cinneadh foirmiúil ceangailteach. Tugaim faoi deara gur thug sibh freagra chomh déanaí leis an 5 Bealtaine 2007 ar chomhfhreagras ón Ospidéal dar dáta an 24 Aibreán 2007 ina raibh tairiscint arís i ndáil leis an gcineál rochtana ar an taifead atá i gceist. De réir mar a thuigim níl an tairiscint sin inghlactha agaibhse.

Background

Rinne sibh bhur n-iarraidh ar an 24 Márta 2005 ar chóipeanna de thaifid arna sealbhú ag [aonad de chuid an Ospidéil] i ndáil le fógra a thabhairt agus imscrúdú agus cinntí a dhéanamh maidir le líomhaintí a rinneadh i gcoinne [Y, Uasal] i ní a bhaineann le mionaoisigh a chosaint agus i ndáil le plean um chosaint linbh a fhorchur i leith [bhur] linbh le linn na n-imscrúduithe.

Ba é cinneadh an Ospidéil dar dáta an 30 Bealtaine 2005 rochtain a thabhairt ar chóipeanna de na taifid faoi réir roinnt ábhair a scriosadh ina raibh faisnéis phearsanta faoi thríú páirtí. Ní raibh aon tagairt sa chinneadh sin d'fhístaifeadtaí a rinneadh ar dhá agallamh a bhí ag an Ospidéal le "Z". Díríodh aird ar an méid sin san iarraidh uaibh ar athbhreithniú inmheánach dar dáta an 12 Meitheamh 2005 agus luadh san iarraidh sin gur mhian libh achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh cóip den fhístéip atá i gceist a choimeád siar. Déileáladh go sonrach leis na fístaifeadtaí i gcinneadh an Ospidéil maidir leis an athbhreithniú inmheánach dar dáta an 28 Meitheamh 2005 sa mhéid is gur tairgeadh daoibh an deis teacht isteach agus breathnú ar an bhfístéip. Rinne sibh bhur n-iarratas ar athbhreithniú chuig m'Oifigse an 23 Iúil 2005.

Le linn m'athbhreithniú a dhéanamh, thug mé aird ar bhur n-iarratas ar athbhreithniú, ar an gcumarsáid a rinne sibh le m'Oifigse agus leis an Ospidéal agus ar na haighneachtaí a rinne an tOspidéal. Mar is eol daoibh, phléigh m'fhoireann roinnt gnéithe den chás libh féin agus leis an Ospidéal agus rinne siad iniúchadh ar an taifead atá i gceist.

Scope of Review

Le linn m'athbhreithnithe, cuireadh in iúl don Ospidéal ar ócáidí éagsúla gurb é an t-aon rud atá i gceist anseo ná an modh rochtana atá tugtha aige ar an bhfístéip. Ina chuid aighneachtaí dar dáta an 6 Aibreán 2006, an 16 Meitheamh 2006 agus an 19 Meán Fómhair 2006, d'admhaigh an tOspidéal nach mbainean áitimh le hábhar ar áitimh iad á rá nach bhfuil aon cheart rochtana agaibh ar an taifead.

Tá sibhse den tuairim, toisc gurb é cinneadh bunaidh an Ospidéil (30 Bealtaine 2005) géilleadh don iarraidh faoi réir eisiataí áirithe ach gan aon tagairt a dhéanamh don fhístéip, go bhfuil sé réasúnach a cheapadh go raibh sé ar intinn ag té déanta an chinnidh rochtain ar an bhfístéip a dheonú. Glacaim leis gur féidir gurb amhlaidh atá. Toisc gur dealraitheach áfach, nár aithin an duine a rinne an cinneadh an fhístéip mar thaifead iomchuí, agus toisc gur fágadh ar lár í as an sceideal a bhí ag gabháil leis an gcinneadh, go bhféadfaí a áiteamh nach ndearna sé aon chinneadh maidir leis an ngné sin den iarraidh. De réir an fhorléirithe sin, is é a bheadh mar thoradh air ná diúltú measta rochtain a thabhairt ar chóip den taifead [alt 41(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise]. In aon chás, tugaim faoi deara go ndeirtear gurb é atá san iarratas uaibh ar athbhreithniú inmheánach dar dáta an 12 Meitheamh 2005 ná achomharc i gcoinne chinneadh an Ospidéil gan cóip den fhístéip a scaoileadh chugaibh. Dá réir sin, beartaím dul ar aghaidh ar an mbonn gurb é an cinneadh tosaigh diúltú rochtain a thabhairt ar an bhfístéip agus gurb é an cinneadh a rinneadh tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh rochtain a dheonú ar an bhfístéip ar mhodh cigireachta nó trí bhreathnú uirthi (seachas trí chóip a sholáthar, mar a shonraigh sibh san iarraidh uaibh).

Ní bhaineann m'athbhreithniú sa chás seo ach amháin leis an gceist i dtaobh bonn cirt a bheith le cinneadh an Ospidéil rochtain a dheonú ar an bhfístéip ar mhodh seachas ar an modh a shonraigh sibh san iarraidh uaibh. Ní gá dom cinneadh a dhéanamh i dtaobh ceart rochtana a bheith agaibh ar an bhfístéip faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise; chinn an tOspidéal cheana féin go bhfuil an ceart sin agaibh.

Findings

Modh Rochtana

Ní dhéantar aon tagairt i gcinneadh an Ospidéil d'alt 12 den Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéileálann le cásanna ina gcinneann comhlacht poiblí rochtain a thabhairt ar thaifead ar mhodh seachas ar an modh a iarrann an t-iarrthóir. Nuair a luaigh m'Oifig an méid sin leis an Ospidéal, dúirt sé go raibh sé ag brath ar alt 12(2)(b)(iii) agus (iv) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Is mar a leanas atá alt 12(2):

(2) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 agus gur iarraidh le haghaidh rochtana ar thaifead i bhfoirm nó ar mhodh áirithe í an iarraidh, is san fhoirm sin nó ar an modh sin a thabharfar an rochtain sin mura deimhin leis an gceann lena mbaineann--

( a ) go mbeadh an rochtain sin i bhfoirm nó ar mhodh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi i bhfad níos éifeachtúla, nó

( b ) dá dtabharfaí rochtain san fhoirm nó ar an modh a iarradh-

(i) go ndéanfaí dochar fisiceach don taifead,

(ii) go mbeadh sárú ar chóipcheart (seachas cóipcheart ar leis an Stát, leis an Rialtas nó leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann é) i gceist,

(iii) go mbeadh sé ar neamhréir le dualgas dlíthiúil nó le hoibleagáid dhlíthiúil comhlachta phoiblí, nó

(iv) go ndéanfaí dochar, díobháil nó damáiste d'aon leas a chosnaítear le Cuid III nó le halt 46.

(3) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 ach gan rochtain a thabhairt ar an taifead lena mbaineann san fhoirm nó ar an modh a shonraítear san iarraidh, tabharfaidh sé nó sí an rochtain sin--

( a ) [...]

( b ) más cás lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin an cás, i cibé foirm eile nó ar cibé modh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi agus ar a gcomhaontóidh an ceann agus an t-iarrthóir nó, mura féidir leis na daoine sin comhaontú ar fhoirm den sórt sin, i cibé foirm a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is cuí leis an gceann.

Is léir ó alt 12(3)(b) go dtabharfar rochtain, i gcás ina gcuirtear mír (2)(b) chun feidhme, i cibé foirm agus ar cibé modh a chomhaontófar leis an iarrthóir, nó d'éagmais comhaontaithe den sórt sin, i cibé foirm is cuí leis an gcomhlacht poiblí. De réir mar a thuigim, ní dheachaigh an tOspidéal i gcomhairle libh le linn a chinneadh a dhéanamh d'fhonn comhaontú a dhéanamh libh maidir le rochtain a sholáthar ar mhodh seachas ar an modh a shonraigh sibhse.

Ar eagla go mbeidh aon amhras ann maidir leis an gcineál athbhreithnithe atá á dhéanamh agam, tá sé tábhachtach a bheith soiléir nach é an t-aon ról atá agamsa a sheiceáil an raibh roinnt foras ag an Ospidéal leis an tuairim a bheith aige go raibh feidhm ag alt 12(2)(b). Is athbhreithniú de novo é m'athbhreithniú, ina bhfuil athmheas le dhéanamh ar na fíorais agus na na himthosca go léir chomh maith leis an dlí. Go bunúsach, tá mise sa chás céanna agus a bhí ceann an chomhlachta phoiblí i dtéarmaí an chinnidh atá le déanamh. Dá réir sin, is é an pointe tosaigh domsa san athbhreithniú seo go bhfuil teideal agaibhse, mar iarrthóirí, rochtain a fháil ar an taifead ar an modh nó san fhoirm a iarrann sibhse mura rud é gur féidir liom a dheimhniú dom féin go bhfuil feidhm ag aon cheann de na forálacha in alt 12(2)(a) nó (b).

Seasamh an Ospidéil

Is é seasamh an Ospidéil nár dhiúltaigh sé rochtain daoibh ar an taifead ach gur dhiúltaigh sé rochtain a dheonú ar an modh a d'iarr sibhse. Deir an tOspidéal nach dtig leis rochtain a dheonú ar chóip den fhístéip agus go ndéantar leasanna an linbh lena mbaineann, leasanna othar eile, leasanna daoine inaitheanta eile agus leasanna an Ospidéil féin a chosaint le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise agus le dualgais dlí níos leithne. Áitíonn an tOspidéal gur cás é seo inar cuí alt 12(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise a chur chun feidhme ar mhodh atá réasúnta solúbtha d'fhonn éifeacht a thabhairt do na cearta a chosnaítear faoi shaoráil faisnéise, faoi dhlí an phobail i gcoitinne agus faoin mBunreacht. Deir sé go bhfuil dualgas air cúram a thabhairt do leanaí lena n-áirítear an leanbh lena mbaineann an taifead agus go seasann sé lena cheart rúndacht a chosaint i bhfís-agallaimh a mhéid is féidir é.

Rinne an tOspidéal roinnt aighneachtaí a ndearna mé gach ceann acu a bhreithniú go cúramach. Cé nach ndéanaim tagairt shainráite do gach ceann de na pointí a rinneadh, is deimhin liom go ndearnadh na nithe iomchuí go léir a bhreithniú agus gur déileáladh leo sa chinneadh seo.

Deir an tOspidéal ina aighneachtaí dar dáta an 19 Meán Fómhair 2006 gurb amhlaidh, maidir le leasanna a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise, go bhfuil na díolúintí in ailt 21 [imscrúduithe ag comhlachtaí poiblí], 23 [forfheidhmiú an dlí] agus 26 [faisnéis a fhaightear i modh rúin] thar a bheith tábhachtach; áitíonn sé freisin go bhfuil feidhm freisin ag ailt 20 [próiseas pléití], 29 [nós imeachta i ndáil le hiarrataí áirithe a bhaineann le faisnéis faoi thríú páirtithe], 30 [taighde] agus 31 [leasanna airgeadais agus eacnamaíochta comhlachtaí poiblí]. Tugaim faoi deara gurb í an t-aon díolúine amháin dá ndéantar tagairt i gcinneadh an Ospidéil tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh i ndáil leis an bhfístéip ná alt 26 - faisnéis a fhaightear i modh rúin. De réir mar a thuigim áfach, dhírigh m'fhoireann bhur n-aird ar na forálacha eile a bhfuiltear ag brath orthu anois nuair a bhuail siad libh le déanaí.

In aighneacht roimhe sin ón Ospidéal, luadh freisin forálacha alt 22(1)(b) [díspeagadh cúirte] agus alt 27 [faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de]. Cé nach ndeir an tOspidéal amach é, glacaim leis nach bhfuil siad ag brath ar an dá fhoráil dheireanacha a thuilleadh tar éis don Ospidéal breithniú a dhéanamh ar réamhthuairimí m'Imscrúdaitheora mar a leagadh amach iad ina litir chuig an Ospidéal dar dáta an 1 Lúnasa 2006.

Leagann an tOspidéal amach freisin cén fáth gur deimhin léi go dtiocfadh sé salach ar a dhualgais nó a oibleagáidí dlí dá scaoilfí cóip den fhístéip.

Faisnéis Phearsanta agus Leasanna a Bhaineann le Príobháideacht

Níl aon díospóid ann i dtaobh na ceiste gur faisnéis phearsanta faoi "Z" an fhaisnéis sa taifead agus go dtagann sé faoi réim an mhínithe ar "faisnéis phearsanta" in alt 2 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Leagtar béim in aighneachtaí an Ospidéil ar na saincheisteanna arb iad príobháideacht agus iontaoibh sa chaidreamh idir é féin agus an leanbh. Dá réir sin, feictear domsa gurb iad alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise agus cosaint leasanna príobháideachta na nithe is mó is iomchuí sá chás seo agus tá sé cuí go ndéileálfainn leis an tsaincheist sin i dtosach. Déanaim breithniú freisin ar na háitimh a dhéanann an tOspidéal faoin gceannteideal "Legal Duties and Obligations" i gcás ina mbaineann siad le príobháideacht. Luann an tOspidéal aithint an chirt chun príobháideachta in Airteagal 40 den Bhunreacht agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Deir sé go dtugtar aitheantas áirithe príobháideachta don chaidreamh idir an liachleachtóir agus an t-othar. Deir sé, fiú le gach dea-mhéin, go bhféadfadh an fhístéip dul ar iarraidh lasmuigh de thimpeallacht shlán an Ospidéil agus go bhfuil an fhéidearthacht ann go mbreathnódh daoine seachas na tuisimitheoirí uirthi.

Alt 28

Tá príobháideacht ar cheann de na leasanna a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise mar a shamhlaítear í in alt 12(2)(b)(iv) den Acht. Go sonrach, déantar foráil maidir le príobháideacht phearsanta in alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise mar a leanass:

"28(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhaineann le duine aonair éagtha) dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe".

Ní cosaint iomlán an chosaint faoi alt 28 áfach; san alt sin féin, tá roinnt eisceachtaí, a mbaineann ceann amháin acu go mór le hábhar sa chás seo. Tá foráil mar a leanas in alt 28(6):

" 28(6) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin maidir le géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é--:-

(a) gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an duine aonair lena mbaineann agus gur tuismitheoir nó caomhnóir an duine aonair an t-iarrthóir lena mbaineann, nó...".

Tá rialachán déanta ag an Aire Airgeadais faoi alt 28(6) sna Rialacháin fán Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (Alt 28(6)), 1999 (IR Uimh. 47 de 1999), dá ngairtear "Rialacháin 1999" anseo ina dhiaidh seo. Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 3(1) de na Rialacháin:

" 3.(1) D'ainneoin alt 28(1), géillfear, faoi réir fhorálacha eile an Achta um Shaoráil Faisnéise, d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead a mbeidh nochtadh faisnéise pearsanta (lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le duine aonair éagtha) i gceist le rochtain a fháil air, más rud é:

(a) gur tuismitheoir nó caomhnóir de chuid an duine aonair lena mbaineann an taifead an t-iarrthóir agus go mbaineann an duine aonair sin le ceann amháin de na haicmí daoine aonair seo a leanas:

(i) daoine aonair nach bhfuil lán-aois (de réir bhrí an Achta um Lán-Aois, 1985 ( Uimh. 2 de 1985)) slánaithe acu, nó

(ii) daoine aonair a bhfuil lán-aois (de réir na brí réamhráite) slánaithe acu agus a bhfuil, tráth na hiarrata, riocht nó éagumas meabhrach nó míchumas trom fisiciúil orthu, is riocht, éagumas nó míchumas de chineál atá deimhnithe ag liachleachtóir agus atá, mar gheall ar an gcéanna, neamhábalta chun a gcearta faoin Acht a fheidhmiú,

ar daoine aonair iad a shonraítear i gclásail (i) agus (ii) a ndéanfaí a leas, i dtuairim an chinn ag féachaint do na himthosca go léir agus d'aon treoirlínte arna dtarraingt suas agus arna bhfoilsiú ag an Aire, rochtain a thabhairt ar a dtaifid, ...".

Is léir ón Acht um Shaoráil Faisnéise, arna bhforlíonadh le Rialacháin 1999, go samhlaítear go mbeidh rochtain ag tuismitheoir ar fhaisnéis phearsanta faoi leanbh mionaoiseach i gcás ina meastar an rochtain sin a bheith ar mhaithele leas an mhionaoisigh. Is léir freisin, go bhfuil cúngú san fhoráil sin ar chearta príobháideachta an mhionaoisigh ach tá bonn cirt leis mar gur ar mhaithe leis an mionaoiseach é. Tugaim faoi deara nach dtugtar míniú ná soiléiriú ar "ar mhaithe le leas(anna)" san Acht um Shaoráil Faisnéise ná i reachtaíocht eile.

Sa mhéid is gur chinn an tOspidéal go bhfuil ceart rochtana agaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar fhaisnéis phearsanta bhur n-iníne (lena n-áirítear an fhístéip), ní mór go nglacann sé leis gurb é leas bhur n-iníne é an rochtain sin a dheonú. De réir dealraimh, áfach, tá an tOspidéal ag rá nach é leas bhur n-iníne é rochtain a thabhairt daoibh ar an bhfístéip trí chóip a sholáthar.

Ní deimhin liom ar chor ar bith gur leas a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise é cosaint leasanna an linbh sa mhéid atá sé i Rialacháin 1999 seachas san Acht féin. Ina theannta sin, tá sé ar áireamh i Rialacháin 1999 mar bhonn maidir le sárú cearta príobháideachta an linbh seachas mar leas atá le cosaint ann féin. Is féidir liom glacadh leis áfach, go mb'fhéidir go bhfuil dualgas nó oibleagáid dlí ar an Ospidéal gníomhú ar mhodh a urramaíonn leasanna an linbh. Sa mhéid seo a leanas, measaim go bhfuil sé áisiúil déileáil le leas(anna) a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise agus le dualgais agus oibleagáidí dlí an Ospidéil le chéile.

N. McK agus an Coimisinéir Faisnéise

In N.McK v an Coimisinéir Faisnéise [2006] 1 IRLM 504, sheas an Chúirt Uachtarach le breithiúnas na hArd-Chúirte go ndearna m'Oifigse earráid trí chinneadh a dhéanamh nach n-ordófaí taifid liachta mionaoiseach a scaoileadh chuig a hathair ach amháin i gcás fianaise inláimhsithe a bheith ann go ndéanfaí iarbhír leas an mhionaoisigh dá scaoilfí amhlaidh iad. De réir bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí, measaim go gcaithfidh mé forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise a chur chun feidhme sa chás seo (cé go mbaineann an pointe atá i gceist le modh rochtana seachas leis an bprionsabal arb é rochtain é) ar an mbonn go dtoimhdítear gurb é is mó is cás leis na hiarrthóirí, mar thuisimitheoirí, leas a linbh, agus go bhfuil siad ag gníomhú ar mhaithe le leasanna an linbh agus dá réir sin, go bhfuil teideal acu chun rochtain a bheith acu ar an taifead.

Rud bunúsach ar gá é a bhreithniú san athbhreithniú seo, mar sin, a admháil go bhfuil cearta bunreachtúla agaibh mar thuisimtheoirí agus go dteachtann sibh príomhaíocht tuisimitheoirí i ndáil le rochtain ar thaifid a bhaineann le bhur n-iníon. Mar gheall ar aois "Z", chinn mé nach cás é seo inar chóir a mianta agus a tuairimí a fháil agus a bhreithniú.

I gcúrsa an athbhreithnithe, thug m'fhoireann fógra don Ospidéal maidir lena tuairim go raibh aon chinneadh ar an modh rochtana sa chás seo le déanamh i gcomhthéacs chinneadh na Cúirte Uachtaraí gur cheart na forálacha iomchuí den Acht um Shaoráil Faisnéise a léiriú i bhfianaise an Bhunreachta. Tugaim faoi deara go raibh cinneadh na hArd-Chúirte in N. McK v an Coimisinéir Faisnéise [ 2004] 1 I.R.12] (ach ní breithiúnas na Cúirte Uachtaraí ar an achomharc) tugtha an tráth a rinneadh cinntí an Ospidéil. Sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh an Bhreithimh Quirke san Ard-Chúirt gurb amhlaidh, de dhroim na gceart agus na ndualgas a thugtar do thuismitheoir faoin mBunreacht agus stádas speisialta an chaidrimh idir tuisimitheoir agus leanbh in Éirinn, go dtoimhdítear teideal a bheith ag tuisimitheoir chun faisnéise faoin gcúram liachta atá á fháil ag a leanbh chun a chumasú dó nó di cinntí a dhéanamh maidir le cúram an linbh.

Seasamh an Ospidéil maidir le Cás McK

Cuireann an tOspidéal i gcoinne thuairim m'Oifigese gur chóir go mbeadh feidhm sa chás seo ag an toimhde ag a raibh feidhm i gcás McK. Deir sé go mbaineann an taifead atá i gceist sa chás seo le haicme seachas an aicme lenar bhain an taifead i gcás McK a bhain le gnáthchóireáil liachta. Áitíonn sé, sa chás seo, nach féidir a rá go bhfuil leasanna an linbh agus an tuisimitheora ad idem mar a bhí go soiléir i gcás McK. Leanann aighneacht an Ospidéil ar aghaidh lena rá, sa chás seo, nár thug na tuismitheoirí aon mhíniú réasúnach i dtaobh cad iad leasanna an linbh a chosnófaí dá mbeadh rochtain acu ar chóip den fhístéip. Ina theannta sin, déanann an tOspidéal idirdhealú idir an cás seo agus cás McK ar an mbonn gurb ionann ó thaobh faisnéise de an tairiscint a thug siad daoibh breathnú ar an bhfístéip i gcomórtas leis an modh rochtana a iarrann sibhse.

Cé go nglacaim leis gur bhain taifid McK le cóireáil liachta, is léir óna breithiúnas sa chás sin nár leag an Chúirt Uachtarach aon bhéim áirithe ar ábhar na dtaifead. Tá breithniú déanta agam ar áiteamh an Ospidéil gur chóir idirdhealú a dhéanamh idir an cás seo agus cás McK toisc, dar leis an Ospidéal, go mbaineann an fhaisnéis le líomhain maidir le drochúsáid gnéis linbh. Is léir gur tharla an t-agallamh le bhur leanbh toisc go ndearnadh líomhaintí áirithe. San fhístéip féin, ní dhéanann an duine a chuireann an t-agallamh ná an leanbh aon tagairtí sonracha do líomhaintí maidir le drochúsáid. Glacaim leis nach mbaineann an taifead le gnáthchóireáil liachta. Tugaim faoi deara áfach go bhfuil nótaí lámhscríofa an Ospidéil maidir leis na hagallaimh le "Z" ar pháipéar leis an gceannteideal "INPATIENT CLINICAL NOTES"; agus tá sé soiléir go ndearnadh an fhístéip de dhroim fhoireann ghairmiúil an Ospidéil do dhéanamh measúnú ar bhur n-iníon, ar mionaoiseach í, agus gur tharla na hagallaimh atá i gceist laistigh en Ospidéal. Cé nach raibh "Z" tinn, bhí sí ag fáil cúraim agus seirbhísí gairmiúla ón Ospidéal sa mhéid is gur moladh gur cheart measúnú a dhéanamh uirthi ann agus go mbeadh oraibhse, mar chaomhnóirí, cinntí cuí a dhéanamh di. Ní mheasaim go bhfuil aon rud i bhfionnachtana na Cúirte Uachtaraí i gcás McK a thugann teideal dom gan an oiread céanna tábhachta a thabhairt do chearta agus dualgais tuismitheoirí in imthosca nach gnáth-thaifid liachta na taifid lena mbaineann.

In McK, chinn an Ard-Chúirt, tar éis a aithint go ndearnadh gearán [maidir le drochúsáid gnéis linbh] roimhe sin i gcoinne athair an linbh, nach raibh aon bhunús leis an ngearán agus gur tháinig an t-achomharcóir os comhair na Cúirte le toimhde neamhurchóideachta a bhíonn ag gach saoránach sa Stát. Ní mór domsa dul ar aghaidh ar an mbonn go bhfuil an toimhde chéanna ag an athair sa chás seo; de réir dealraimh níl aon agóid ann i dtaobh gan aon bhonn a bheith leis na líomhaintí sa chás seo chomh maith.

Ina theannta sin, dealraíonn sé ó chuid dá aighneachtaí nach ndearna an tOspidéal, le linn an iarraidh a bhreithniú, a chur i gcuntas gur iarraidh ó mháthair an linbh chomh maith an iarraidh agus gur comhchaomhnóir an linbh í. In McK, inar chlis ar phósadh agus ina bhfuair duine bás, bhí saincheisteanna i gceist maidir le hagóid chomhchaomhnóir an mhionaoisigh i gcoinne rochtain a bheith ag an athair ar na taifid. Ní mar sin atá sa chás seo. Cé nach raibh sibh pósta nuair a dhéileáil an tOspidéal leis an iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise ar dtús, is deimhin liom go bhfuil sibh pósta anois le chéile agus gur teaghlach sibh a chosnaítear le hAirteagal 41 den Bhunreacht. Measaim, chun críocha saorála faisnéise agus i dtéarmaí an Bhunreachta nach mór a mheas gur comhiarrthóirí/iarratasóirí sibh agus gur sibhse tuismitheoirí an linbh lena mbaineann an fhaisnéis.

Tugaim faoi deara go háirithe gur bhraith an tOspidéal ar an áiteamh nár thug sibh aon mhíniú réasúnach i dtaobh cad iad leasanna an linbh a chosnófaí dá mbeadh rochtain agaibh ar chóip den fhístéip. Go bunúsach tá an tOspidéal ag rá nár léirigh sibhse, mar iarrthóirí, chun sástachta an Ospidéil cén chaoi go ndéanfaí leas an linbh dá bhfaigheadh sibh cóip den fhístéip. I mo thuairimse, tá an t-áiteamh sin an-chosúil leis an áiteamh ar dhiúltaigh an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach dó in McK nuair a cinneadh go raibh cur chuige m'Oifigese, ina cinneadh bunaidh, mícheart, nuair a cheangail sé ar an tuismitheoir fianaise inláimhsithe a sholáthar go ndéanfaí leas an mhionaoisigh dá scaoilfí an fhaisnéis. Is í mo thuiscint ar an bpíomhaíocht tuismitheora a theachtann sibhse nach bhfuil na toimhdí atá i gceist ag brath ar an gceist i dtaobh an bhfuil gá iarbhír le rochtain, ar an modh a iarrtar, chun a chumasú daoibh mar thuismitheoirí gníomhú ar mhaithe le leasanna bhur linbh. I bhfocail eile, feictear domsa nach gceadaítear le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí tástáil a thabhairt isteach chun breithniú a dhéanamh i dtaobh cén "úsáid" a bhainfeadh na tuismitheoirí as an taifead.

Seasamh na dTuismitheoirí

Deir sibh gur mian linbh an t-am agus an spás chun breathnú ar an bhfístéip más rud é, agus an tráth, go measann sibh gur gá é. Deir sibh go bhfuil an chuma ar chúrsaí nach bhfuil muinín ag an Ospidéal asaibh é sin a dhéanamh ar shlí a dhéanfadh leas bhur linbh. Rinne mé breithniú ar an gceist i dtaobh an bhfreastalaíonn sé don toimhde bhunúsach go bhfuil teideal ag tuismitheoirí rochtain a bheith acu ar fhaisnéis faoina leanbh an tOspidéal do thabhairt deis daoibh breathnú ar an bhfístéip. Mar a léiríodh thuas, tá foráil san Acht um Shaoráil Faisnéise go dtabharfar rochtain ar an modh a iarrtar mura bhfuil ceann de na forais, a luaitear in alt 12(2), chun an modh rochtana a athrú i gceist. Shonraigh sibhse in bhur n-iarraidh bhunaidh i ndáil le saoráil faisnéise gur theastaigh uaibh go soláthrófaí cóip den taifead daoibh. Tá sé cothrom a rá nach mbaintear feidhm as alt 12 ach amháin go hannamh ag lucht déanta cinntí agus gur eisceachtaí iad na forálacha atá ann.

Ní féidir liom glacadh leis go gcuireann bhur ndiúltú don rochtain ar mhodh eile (.i. trí bhreathnú ar an taifead) i gcoinne na toimhde go bhfuil sibh ag gníomhú ar mhaithe le leas bhur linbh. Deir sibh, sula ndearna sibh bhur n-iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise, go raibh cuireadh agaibh cheana féin ón bhfoireann san aonad den Ospidéal breathnú ar an bhfístéip ionas nach ndearna an cinneadh faoin iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise aon difear don chás ina raibh sibh. Deir sibh go mb'fhéidir go mba mhian libhse, nó le bhur n-iníon, breathnú ar an bhfístéip am éigin amach anseo agus go gcreideann sibh go bhfuil an tOspidéal ag baint úsáide as riail ghinearálta gan í a úsáid faoi threoir bhur gcáis áirithe. Bhí rochtain agaibh cheana féin ar ábhar na fístéipe sa mhéid is gur thug an tOspidéal leagan i scríbhinn den agallamh idir an tOspidéal agus bhur leanbh. Dhiúltaíonn sibh d'aon tátal nach féidir muinín a chur ionaibhse leis an bhfaisnéis sa taifead agus deir sibh go gcuideoidh sé libh le linn iarracht a dhéanamh déileáil leis an eachtra thrámach atá fulaingthe ag an teaghlach mar gheall ar na líomhaintí a rinneadh agus an t-imscrúdú a bhí ann ina dhiaidh sin má fhaigheann sibh cóip iomlán de na taifid a bhaineann leis an imscrúdú ar na líomhaintí maidir le drochúsáid.

Ba chóir dom a rá anseo go bhfuil mé ag smaoineamh ar alt 8(4) den Acht um Shaoráil Faisnéise a cheanglaíonn ar an té a dhéanann cinneadh, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh géilleadh nó diúltú d'iarraidh faoi alt 7, go dtabharfar neamhaird "faoi réir fhorálacha an Achta seo" ar aon chúiseanna a bheidh ag iarrthóir leis an iarraidh. Measaim, sa chás seo go bhfuil an cinneadh chun géilleadh don iarraidh déanta cheana féin agus nach bhfuil aon toirmeasc orm, agus mé ag breithniú an féidir rochtain a thabhairt ar an modh a iarrtar, aird a thabhairt, inter alia, ar an tábhacht a leagann na hiarrthóirí ar an modh rochtana ar an taifead.

Tuigim go pointe an tuairim go bhféadfadh go bhfuil ábhar fístaifeadta, de réir cineáil, níos íogaire ná taifead páipéir. Ní féidir a thoimhdiú áfach gurb amhlaidh atá an cás i gcónaí. Tá sé cothrom a rá go scaoileann ospidéil agus comhlachtaí poiblí eile faisnéis phearsanta íogair faoi leanaí go rialta, i gcóip páipéir de ghnáth, chuig tuismitheoirí agus caomhnóirí - laistigh agus lasmuigh de réim an Achta um Shaoráil Faisnéise. Sa chás seo, bhí rochtain agaibh cheana féin ar thuarascálacha i scríbhinn arna n-ullmhú ag an Ospidéal maidir le himscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le drochúsáid gnéis linbh ar "Z". Ar ndóigh, tá cóip agaibh cheana féin de na nótaí ar na hagallaimh le bhur leanbh. Maidir le cóip den fhístéip a sholáthar daoibh, ní féidir liom glacadh leis, i bhfeidhmiú fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, go bhfuil duine i dteideal an rud is measa a d'fhéadfadh tarlú a shamhlú i ngach cás agus glacadh leis mar phointe tosaigh an eagla go gceadódh sibhse go scaipfí cóipeanna den taifead.

Dealraíonn sé go bhfuil an tOspidéal den tuairim nach féidir, in aon imthosca, cóip d'fhístéip ar agallaimh lena leanbh a thabhairt do thuismitheoirí i ndáil le líomhaintí maidir le drochúsáid gnéis. Ní féidir liom glacadh leis gurb ionann sin agus próiseas iontaofa chun cinntí a dhéanamh. Glacaim leis ar ndóigh, go mbeidh cásanna ann ina dtabharfar fianaise ar aird nach ndéanfaí leas an mhionaoisigh dá scaoilfí taifid i bhformáid áirithe chuig na tuismitheoirí. Ní deimhin liom gur cás den sórt sin an cás seo áfach. Is áitimh ghinearálta na háitimh atá déanta ag an Ospidéal agus níor taispeánadh go bhfuil aon bhaint ar leith acu le hábhar bhur gcáis áirithe. Le linn cinneadh a dhéanamh faoi leasanna an linbh, ní féidir cur i gcoinne na toimhde sa Bhunreacht i bhfabhar tuismitheora ach amháin faoi threoir imthosca an cháis áirithe. D'éagmais aon áiteamh seasmhach a bhaineann leis an gcás áirithe seo agus i gcás inar mhainnigh an tOspidéal imthosca a aithint atá i gceist sa chás seo a thugann le tuiscint nach ndéanfaí leas an linbh dá ndeonófaí rochtain (trí chóip a sholáthar), ní mór dom a bheith den tuairim go bhfuil feidhm in bhur bhfabhar ag an toimhde sa Bhunreacht.

Faisnéis a Fhaightear i Modh Rúin

Ina chuid aighneachtaí, déanann an tOspidéal tagairt d'alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise trína áiteamh gur chóir leasanna rúndachta a chosaint. Leagann sé béim freisin ar an dualgas rúndachta atá dlite de do na daoine sin a ndéanann a fhoireann measúnú orthu nó cóireáil a chur orthu. Tá tagairt ann do dhualgais rúndachta agus muinín a thig as cóid agus caighdeáin eiticiúla, mionn Hippocrates agus Treoir Chomhairle Dhochtúirí Leighis na hÉireann maidir le hIompar Eiticiúil. Deir sé, gan ráthaíochtaí maidir le rúndacht, nach mbeadh an próiseas measúnachta inoibrithe. Mar sin, braitear ar an dualgas cothromasach agus an dualgas faoin dlí coiteann agus na leasanna a chosnaítear leis an díolúine in alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Aontaím leis an Ospidéal go mbaineann na leasanna a chosnaítear le halt 26 den Acht le hábhar. In imthosca inar chruthaigh foireann an Ospidéil féin an taifead atá i gceist, bheadh sé níos cuí an díolúine in alt 26(1)(b) a bhreithniú ag féachaint d'alt 26(2). De ghnáth, bheinn ag súil le háiteamh láidir gur shárú ar dhualgas rúndachta arna shamhlú leis an díolúine faoi alt 26(1)(b) dá nochtfadh an tOspidéal faisnéis faoi othar. De ghnáth, i gcás ina sealbhaíonn Ospidéal faisnéis faoi phearsa aonair, faightear agus sealbhaítear í i modh rúin. Níl sé cinnte ar chor ar bith áfach gur shárú ar dhualgas rúndachta den sórt sin é dá nochtfaí taifid liachta mionaoisigh chuig tuismitheoir fiú i gcás gur trí chóip a dhéanfaí an nochtadh seachas trí dheis a chur ar fáil breathnú ar an taifead.

Ní ghlacaim leis gur beartaíodh, nó go bhféadfadh, go mbeadh feidhm ag aon ráthaíochtaí maidir le rúndacht do "Z" a tugadh tráth na n-agallamh i ndáil le nochtadh dá tuismitheoirí. Is léir go ndearnadh cinneadh cheana féin an fhaisnéis nó na "rúin" a thug "Z" d'oibrithe sóisialta an Ospidéil a nochtadh daoibh. Ós rud é gur thug an tOspidéal cóip i scríbhinn daoibh cheana féin d'ábhar na fístéipe agus gur chinn sé rochtain a thabhairt ar an bhfístéip trí dheis a thabhairt breathnú uirthi, caithfidh go nglacann an tOspidéal leis nár thug sé ráthaíocht dhaingean do bhur n-iníon nach scaoilfí an fhaisnéis fúithi dá tuismitheoirí. Is cosúil gurb é ábhar imní an Ospidéil go bhfanfadh an fhaisnéis faoi rún vis à vis an domhan mór. Is léir go samhlaítear le forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, agus go nglacann an tOspidéal, go mbíonn faisnéis rúnda le scaoileadh in imthosca áirithe. Ar leith ó nochtadh faoi shaoráil faisnéise, is gá ó am go chéile faisnéis arna fáil a nochtadh do pháirtithe eile de réir dhlí an cheartais aiceanta i gcás, mar shampla, inar gá líomhaintí a chur in iúl don duine a ndéantar na líomhaintí ina leith.

Tugaim faoi deara nach ndírítear aird i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in McK ar an gceist i dtaobh arbh ionann, in aon imthosca, dualgas rúndachta a bheith ann a bheadh dlite den Ospidéal d'othar is mionaoiseach agus cur i gcoinne na toimhde go ndéanfaí leas an mhionaoisigh trí na taifid sin a scaoileadh chuig a thuismitheoir nó a tuismitheoir. Mar a pléadh thuas samhlaítear le halt 28(6) go scaoilfear an t-ábhar rúnda sin agus, sa mhéid sin, de réir dealraimh tá sé sin ag teacht salach ar na cosaintí dá ndéantar foráil le halt 26 (faisnéis a fhaightear i modh rúin). Táimse den tuairim má chinntear gur chóir taifid a scaoileadh faoi alt 28(6) agus faoi Rialacháin 1999, ansin gurb ionann sin agus scaoileadh údaraithe. Sa chás seo, i gcás nach n-údaraítear nochtadh, tá ceann de na príomhcheanglais is gá chun sárú dualgais rúndachta a shuíomh - agus a chuirfeadh alt 26 i ngníomh - ar lár.

I ndáil leis an seasamh dlí agus eiticiúil níos leithne a thairg an tOspidéal, nílim cinnte, ar na cúiseanna atá leagtha amach roimhe seo faoin teideal "Príobháideacht" go gcuirfí faoi deara don Ospidéal aon cheann dá dhualgais dá othar nó thairis sin a ligean thar ceal dá scaoilfí cóip den fhístéip chuig tuismitheoirí an linbh. Is léir nach cás é seo inar nocht na hoibrithe sóisialta nó an fhoireann eile a bhí bainteach mionsonraí faoi agallaimh an linbh do thríú páirtí de shárú ar a gcóid ghairmiúla agus eiticiúla. Ina ionad sin, tagann nochtadh na fístéipe daoibhse mar thuismtiheoirí, ar an modh a iarrann sibh, ó fheidhmiú bhur gceart reachtúil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus bhur gceart faoin mBunreacht mar thuismitheoirí.

Leasanna Páirtithe Eile

Ina chuid aighneachtaí, aithníonn an tOspidéal páirtithe seachas "Z" a bhféadfaí difear a dhéanamh dá leasanna trí chóip den fhístéip a scaoileadh. Déanann sé tagairt do phríobháideacht a fhoirne gairmiúla. Ní leas é sin a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéis sa mhéid is go n-eisiatar, sa mhíniú ar fhaisnéis phearsanta in alt 2, aon ní arna scríobh nó arna thaifeadadh ag duine aonair mar dhuine d'fhoireann comhlachta phoiblí chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Ina theannta sin tá foráil in alt 26(2) nach bhfuil feidhm ag cosaint faisnéise a fhaightear i modh rúin maidir le taifead arna ullmhú ag duine d'fhoireann comhlachta phoiblí mura rud é gur shárú ar dhualgas rúndachta atá dlite do dhuine seachas d'fhoireann comhlachta phoiblí dá nochtfaí an fhaisnéis lena mbaineann.

Deir an tOspidéal freisin, dá ndeonófaí rochtain ar an taifead ar an modh a iarrtar, go ndeonófaí dochar nó damáiste do leasanna daoine eile, nó go laghdófaí leasanna daoine eile, a ainmnítear san fhístéip nó a bheadh inaitheanta ón bhfístéip. Glacaim leis go luann "Z" daoine den teaghlach, cairde agus daoine eile ina cuid agallamh. Tá na tagairtí sin i gcomhrá faoi nithe ginearálta. Ní fhéadfaí a mheas gur faisnéis íogair nó phearsanta an fhaisnéis a bhaineann leo agus níl aon phlé ar líomhaintí maidir le drochúsáid gnéis. Déantar tagairt i gcoitinne do na daoine sin le túsainmneacha; ní nochtar sloinnte ná seoltaí ionas nach mbeadh siad inaitheanta ag an saol mór. Is léir go bhfuil na daoine aonair a luaitear inaitheanta ag bhur dteaghlach. Nochtar céannacht na ndaoine sin daoibh cheana féin mar gheall ar an gcinneadh rochtain a thabhairt ar an bhfístéip trí bhreathnú uirthi chomh maith leis an rochtain a tugadh daoibh ar na nótaí ar na hagallaimh agus ar thaifid eile. Dá réir sin ní deimhin liom go ndéanfaí dochar do leasanna na ndaoine a luann "Z" dá ndeonófaí rochtain ar chóip den taifeadadh.

Tugann an tOspidéal tuairisc ar an tríú grúpa de dhaoine eile dá ndéantar difear mar naíonáin eile is othair iarbhír nó ionchasacha san Ospidéal. Áitíonn an tOspidéal nach mbeadh daoine a bheadh ag dul faoi mheasúnú toilteanach labhairt go hoscailte mura mbeadh ráthaíochtaí rúndachta acu agus, d'éagmais ráthaíochtaí den sórt sin, go maolófaí cumas an Ospidéil measúnú a dhéanamh agus cóireáil a chur ar dhaoine den sórt sin go héifeachtach. Deir sé nach mbeadh muinín a thuilleadh ag othair ionchasacha agus a gcomhairleoirí as an Ospidéal ná as a fhoireann dá scaoilfí an fhístéip trí chóip a thabhairt daoibhse.

Aithním go hiomlán gur ábhar imní don Ospidéal a othair. D'ainneoin sin, measaim go léiríonn an t-áiteamh go ndéanfaí dochar do leasanna leanaí eile a d'fhéadfadh a bheith ina n-othair san Ospidéal dá scaoilfí an fhístéip a scaoileadh chugaibh, go bhfuil réamhthuiscint ann go ndéanfar ábhar an taifeadta a scaipeadh agus é in bhur seilbh. Mar a thug mé faoi deara thuas, nílim cinnte ar chor ar bith gur féidir bhur gcearta bunúsacha mar thuismitheoirí a chur i leataoibh ar bhonn cáis a thoimhdíonn go scaipfear an fhaisnéis san fhístéip, ar chaoi éigin, d'aonghnó nó ar shlí eile. Glacaim leis go bhfuil baol ann i gcónaí go bhfaighidh na daoine míchearta ábhar; tá an baol sin ann áfach i gcás aon taifead a bhaineann le leanaí lena n-áirítear taifid pháipéir agus taifid a shealbhaíonn ospidéil. Ina theannta sin is léir ó fhionnachana na Cúirte Uachtaraí i gcás McK agus ó chinntí uaimse ina dhiaidh sin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le cásanna a bhaineann le rochtain ag tuismitheoir ar thaifid a bhaineann lena leanaí, gur féidir an toimhde bhunúsach arb éard í príomhaíocht tuismitheoirí sna nithe seo a chur i leataoibh i gcás ina dtugtar fianaise ar aird a chuireann i gcoinne na toimhde. Níl sé cinnte ar chor ar bith go mbeadh fístéip le scaoileadh in aon chás sa todhchaí nó sna himthosca go léir chuig tuismitheoir nó chuig caomhnóir eile dá n-iarrfaidís í.

 Leasanna Eile a Chosnaítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

I dteannta leasanna daoine aonair maidir le príobháideacht agus rúndacht a pléadh thuas, déanann an tOspidéal roinnt áiteamh atá bunaithe ar dhíolúintí éagsúla san Acht um Shaoráil Faisnéise. Is é a sheasamh ná, gan dochar d'ailt 26 agus 28, go bhfuil leasanna eile de chuid an Ospidéil agus de chuid an phobail a bhaineann le hábhar agus nach mór a chosaint. Déanaim breithniú orthu sin anois i gcomhthéacs alt 12(2)(b)(iii) agus (iv). Pléadh cuid mhór de na pointí arna ndéanamh roimhe seo sa chinneadh seo agus ní dhéanfaidh mé athrá orthu anseo. Go háirithe, athdhearbhaím go gcreidim gur gá an cás seo a bhreithniú i bhfianaise threoir na Cúirte Uachtaraí i gcás McK. Anseo táim ag déileáil leis na leasanna éagsúla de réir an oird ina bhfaightear an fhoráil iomchuí san Acht um Shaoráil Faisnéise; aithním gur dealraitheach go leagtar béim ar chuid acu sin níos mó ná ar na cinn eile trí struchtúr na haighneachta ón Ospidéal.

Alt 20 - Próiseas Pléití

Aontaím leis an tuairim a léirigh m'Imscrúdaitheoir i gcúrsa an athbhreithnithe seo gur theip ar an Ospidéal aon phróiseas sonrach pléití a aithint a bhfuil sé ag gabháil dó agus míniú a thabhairt conas a chuirfí isteach ar an bpróiseas sin dá ngéillfí do bhur n-iarraidh. Deir an tOspidéal go mb'fhéidir go mbeidh seirbhísí breise ón Ospidéal ag teastáil ón leanbh sa todhchaí agus go gcuireann an méid sin, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-imreodh ábhar an taifid tionchar ar chinntí maidir le beartas, bonn cirt le halt 20 den Acht um Shaoráil Faisnéise a chur chun feidhme. De réir mar a thuigim tá an t-imscrúdú sa chás seo críochnaithe agus cuireadh an próiseas agus an toradh in iúl daoibh cheana féin. Measaim nár dheimhnigh an tOspidéal dom go mbaineann alt 20 le hábhar ar chor ar bith i dtaobh ar chóir nó nár chóir an fhístéip a scaoileadh ar an modh a iarrtar.

Alt 21 - Eifeachtacht Imscrúduithe

Aontaím leis an Ospidéal go raibh sé ag gabháil do phróiseas scrúdaithe, imscrúdaithe nó fiosrúcháin agus é ag cur agallaimh ar "Z". Go bunúsach, is feidhmeanna iad sin ar féidir a chosaint le halt 21(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise lena bhforáiltear mar a leanas:

"21.-(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead lena mbaineann - ( a go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh."

Níl aon deacracht agam glacadh le tuairim an Ospidéil go meastar go forleathan gur bealach éifeachtach cruinn chun taithí linbh a thaifeadadh é taifeadadh a dhéanamh ar agallaimh mheasúnachta ar an leanbh. In imthosca ina bhfuil an t-imscrúdú críochnaithe áfach agus próisis an imscrúdaithe curtha in iúl do na tuismitheoirí lena mbaineann, ní ghlacaim leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúcháin nó iniúchtaí arna seoladh ag an Ospidéal ag an bpointe seo dá dtabharfaí rochtain ar chóip den taifead. Mar a luaigh mé thuas, ní mheasaim gur féidir tabhairt faoi chás den sórt seo ar an mbonn go bhfuil sé dosheachanta go scaipfear an fhaisnéis a nochtfar daoibhse mar thuismitheoirí maidir leis na nósanna imeachta agus na próisis atá i gceist in imscrúduithe ar dhrochúsáid gnéis leanaí. Ina theannta sin, cuireadh na nósanna imeachta in iúl daoibh cheana féin trí na taifid pháipéir a scaoileadh chugaibh agus an ceart a thabhairt daoibh breathnú ar an bhfístéip agus sin gan an bonn a bhaint, de réir dealraimh, de dhaingne ná d'éifeachtacht phróiseas an Ospidéil.

Dúirt an tOspidéal, dá dtabharfaí rochtain daoibh ar an taifead trí chóip a thabhairt daoibh, nach mbeidh an fhoireann sa Ospidéal in ann amach anseo ráthaíochtaí a thabhairt do leanaí nach ndéanfar cóipeanna dá n-agallaimh. D'fhéadfaí an méid sin a fhorléiriú mar áiteamh go bhféadfaí dochar a dhéanamh d'éifeachtacht imscrúduithe amach anseo. Glacaim leis go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don Ospidéal go bhfuil caidreamh iontaobhais ann idir na leanaí a gcuirtear agallaimh orthu agus an fhoireann atá ag obair leo. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an tOspidéal in ann an oiread athdhearbhuithe agus is féidir a thabhairt do na leanaí maidir le húsáid a n-agallamh taifeadta sa todhchaí. Ní deimhin liom áfach go bhféadfadh an tOspidéal ariamh ráthaíocht dhaingean a thabhairt do leanbh nach scaoilfí a agallamh nó a hagallamh ariamh do pháirtí eile. Ar ndóigh, deir an tOspidéal gur gá ó am go ham cóipeanna d'fhístéipeanna a thabhairt do chomhairleoirí dlí tuismitheoirí, caomhnóirí nó daoine eile agus go ndéantar sin ar ghealltanas a fháil nach mbreathnóidh éinne ach amháin an cliant agus na comhairleoirí dlí ar an ábhar agus nach ndéanfar aon chóipeanna de agus go gcuirfear an chóip ar ais ag deireadh na n-imeachtaí.

Nílim cinnte ar chor ar bith go mbeidh aon athrú bunúsach ar chumas an Ospidéil ráthaíochtaí a thabhairt do leanaí maidir le téipeanna a n-agallamh a chur ar fáil mar gheall ar thoradh an cháis áirithe seo. Ó tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, in éifeacht tá cearta ionchasacha daoine a dhéanann iarrataí faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise chun rochtain a fháil ar thaifid (lena n-áirítear taifid ar fístéipeanna iad) a shealbhaíonn comhlachtaí poiblí cuir i gcás an tOspidéal. Mar a léiríodh cheana féin sa chinneadh seo, toimhdítear go bhfuil cearta ag tuismitheoirí, mar gheall ar a stádas faoin mBunreacht, i ndáil le faisnéis faoina leanaí. Toisc na cearta gaolmhara sin a bheith ann - faoin mBunreacht agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise - tá sé dosheachanta go mbeidh tionchar aige sin ar chumas an Ospidéil ráthaíochtaí daingne a thabhairt do leanaí maidir le téipeanna agallamh; agus ní dhéanfaidh an cinneadh sa chás seo aon difear mór don status quo. Cé go leanfar de mhíniú docht a thabhairt ar na himthosca ina bhféadfar fístéipeanna den sórt sin a scaoileadh, agus cé nach mbeidh ceart rochtana ar fhístéip den sórt sin ag tuismitheoirí nó ag tuismitheoir i gcónaí (beidh sé sin ag brath ar imthosca áirithe cáis), is deimhin liom nach bhfuil an tOspidéal in ann ráthaíochtaí daingne a thabhairt i ndáil le fístéipeanna den sórt sin.

In imthosca an cháis seo, ní deimhin liom go mbeidh na drochthionchair dhiúltacha a chuirfeadh feidhm alt 21(1)(a) i ngníomh dá scaoilfí cóip den fhístéip agus cinnim nach bhfuil feidhm ag an díolúine sin.

Alt 23 - Forfheidhmiú an Dlí agus Riaradh an Cheartais

Rinne mé breithniú ar an áiteamh a rinne an tOspidéal go bhféadfaí dochar a dhéanamh d'aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta dá scaoilfí cóip den taifead chugaibhse agus go bhféadfaí céannacht daoine a thug faisnéis i ndáil le forfheidhmiú nó riaradh an dlí shibhialta a nochtadh. Ag féachaint d'ábhar na fístéipe agus don fhíoras gur tugadh an ceart daoibh cheana féin breathnú ar an bhfístéip agus cóip de na nótaí faoin agallamh agus taifid eile a bhaineann leis an imscrúdú a bheith agaibh, ní ghlacaim leis go bhféadfaí le réasún dochar den sórt sin a dhéanamh. Cinnim mar sin, nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na díolúintí atá in alt 23.

 

Alt 29 - Fógra do Thríú Páirtithe in Imthosca Áirithe

Ní fheicim go mbaineann alt 29 le hábhar sa chás seo ós rud é nach bhfuil agus nach raibh taifead a bhain le leas an phobail faoi alt 26(3), 27(3) nó 28(5) i gceist. Dá réir sin ní bheartaím déileáil a thuilleadh leis an bpointe seo.

Alt 30 - Taighde

Aontaím leis an tuairim a léirigh m'Imscrúdaitheoir, an tUasal Dunne, níos túisce san athbhreithniú seo, nach dtagann an fhaisnéis san fhístéip faoi réim earnáil na taighde. Fiú dá dtiocfadh, nochtadh an fhaisnéis daoibh cheana féin ós rud é gur tugadh an ceart daoibh cheana féin breathnú ar an bhfístéip agus rochtain a fháil ar a hábhar i bhfoirm pháipéir.

Alt 31 - Leasanna Airgeadais agus Eacnamaíochta an Stáit agus Comhlachtaí Poiblí

Aontaím leis an Uasal Dunne nach bhfuil aon bhonn in imthosca an cháis seo leis an áiteamh go ndéanfaí dochar mór do leasanna airgeadais an Stáit nó an Ospidéil dá scaoilfí cóip den fhístéip chugaibhse.

Conclúid

Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar an ní, ní deimhin liom, ag féachaint d'imthosca áirithe an cháis seo, lena n-áirítear na haighneachtaí a cuireadh isteach, ábhar an taifid agus an méid a nochtadh an t-ábhar daoibh cheana féin, go bhfuil feidhm ag forálacha alt 12(2)(b)(iii) agus (iv) anseo. Cinnim nach mbeidh sé i gcoinne dualgais nó oibleagáide dlí comhlachta phoiblí, ná nach ndéanfar dochar nó damáiste d'aon leas a chosnaítear le Cuid III den Acht um Shaoráil Faisnéise ná nach laghdófaí aon leas den sórt sin trí rochtain a thabhairt ar an modh a iarrtar.

Decision

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise arna leasú, déanaimse leis seo cinneadh an Ospidéil a neamhniú agus ordaím ina ionad sin go dtabharfar an ceart rochtana ar an bhfístéip, ar ceart é a thug an tOspidéal cheana féin, ar an modh a d'iarr sibh .i. trí chóip den fhístéip a sholáthar daoibh.

Ceart Achomharc

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann cinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di tar éis athbhreithnithe achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an gcinneadh. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Is mise le meas

Yours sincerely




Emily O'Reilly
Coimisinéir Faisnéise