Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 040149 - An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Maidir le: Iarraidh i ndáil le Saoráil Faisnéise: An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) 

Iarraidh ó neasghaol chun rochtain a fháil ar thaifid liachta a mháthar éagtha - faisnéis phearsanta - alt 28(1) - léiriú reachtúil - alt 28(6)(b) agus airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin fán Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 (Alt 28(6)) 1999 [IR Uimh 47 de 1999] - aicmí iarrthóirí a bhféadfar taifid duine éagtha a scaoileadh chucu - an bhfuil nó nach bhfuil dualgas rúndachta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - alt 26(1)(b).

Case Summary

Fíorais

D'iarr an t-iarrthóir rochtain ar thaifid liachta a mháthar a fuair bás agus a bhí ina hothar in ospidéal faoi rialú Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is iad neasghaolta an duine éagtha é féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha. Dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rochtain a thabhairt dóibh ar na taifid ar an mbonn gurbh fhaisnéis phearsanta maidir leis an duine éagtha an fhaisnéis sna taifid sin agus go raibh an fhaisnéis sin cosanta ar a scaoileadh faoi alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Fionnachtana

Chinn an Coimisinéir go mbaineann an t-iarrthóir le haicme a thagann faoi réir théarmaí alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise agus airteagal 3(1)(b)(iii) de Rialacháin 1999 agus go bhfuil teideal aige go ndeonófar rochtain dó ar thaifid a mháthar a fuair bás. Chinn sí freisin, toisc go bhfuil foráil in alt 28(6)(b) maidir le próiseas faoina scaoilfear faisnéis phearsanta rúnda duine éagtha chuig aicmí sonraithe áirithe daoine, nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b) chun na taifid a dhíolmhú sá chás seo ós rud é nár suíodh gur shárú ar dhualgas rúndachta atá dlite d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é na taifid a scaoileadh chuig duine de na neasghaolta.

Ghlac sí leis go raibh codanna de na taifid ina raibh faisnéis phearsanta faoi thríú páirtithe (daoine eile den teaghlach) díolmhaithe óna scaoileadh faoi alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Luaigh an Coimisinéir gur dhírigh sí aird, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005 agus i bhfoilseacháin eile, agus tar éis dlúthanailís a dhéanamh ar na forálacha reachtúla sa réimse sin, gur athraigh a hOifig a cur chuige maidir le taifid daoine éagtha agus gur mhol a hOifig go ndéanfadh an tAire Airgeadais athbhreithniú ar na Rialacháin ar bhonn práinne. Leag sí amach an bunús a bhí leis an seasamh athbhreithnithe bunaithe ar léiriú liteartha airteagal 3(1)(b)(iii) de Rialacháin 1999. Mheas sí, i gcás daoine éagtha, gur dealraitheach nach bhfuil aon cheart chun príobháideachta ann. D'aithin sí go bhféadfadh go bhfuil cúiseanna a bhaineann le beartas chun na rialacháin a fhorléiriú ar shlí eile ach níor dheimhin léi go gceadaítear di staonadh ón bhforléiriú liteartha.

Date of Decision: 31.05.2007

Our Reference: 040149

31.05.2007

An tUasal X

A Uasail X, a chara,

Déanaim tagairt don iarratas uait faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 go 2003, ar athbhreithniú ar chinneadh iar-bhoird sláinte (an Bord) maidir leis an iarraidh um shaoráil faisnéise a rinne tú dar dáta an 23 Bealtaine 2003. Is cuid d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Bord anois ach chun críche an athbhreithnithe seo gairfear "an Bord" de.

Is oth liom an mhoill a bhí ann déileáil leis an iarratas uait agus tuigim gur bacainneach duit é. Ar an drochuair, mar gheall ar an líon mór iarratas a fuarthas sna céad bhlianta d'oibriú an Achta um Shaoráil Faisnéise, bhí riaráiste mór oibre san Oifig seo. Ina theannta sin, bhí moill ann mar gheall ar shaincheisteanna casta dlí a eascraíonn sa chás seo agus i gcásanna eile ina bhfuil taifid daoine éagtha i gceist.

Background

San iarraidh uait, d'iarr tú rochtain ar thaifid liachta do mháthar a fuair bás, Bean Uí X, a bhí ina hothar in Ospidéal Y (an tOspidéal). Tuigim gur bhaintreach í do mháthair a fuair bás agus gur tusa agus do dheirfiúracha agus do dheartháracha a neasghaolta.

Ba é cinneadh an Bhoird, ar seasadh leis in athbhreithniú inmheánach, diúltú don iarraidh uait ar na forais go raibh feidhm ag alt 28 den Acht um Shaoráil Faisnéise d'fhonn faisnéis phearsanta faoi do mháthair agus faoi dhaoine aonair eile a chosaint ar nochtadh. Fuaireamar an t-iarratas uait ar athbhreithniú ar chinneadh an Bhoird ar an 20 Aibreán 2004.

Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh thug mé aird ar na nithe seo a leanas -

an t-iarratas uaitse ar athbhreithniú agus an teagmháil a rinne tú le m'Oifigse, lena n-áirítear comhrá teileafóin idir tú féin agus Elizabeth Dolan, Imscrúdaitheoir, an 28 Meán Fómhair 2004;

comhfhreagras idir an Bord agus tú féin i ndáil leis an ní seo; agus

aighneachtaí an Bhoird chuig m'Oifigse.

Rinne mé scrúdú chomh maith ar na taifid atá i gceist ar sholáthair an Bord cóipeanna díobh dom chun críocha an athbhreithnithe seo.

Scope of Review

Mar a léirigh Elizabeth Dolan, Uasal, ina litir dar dáta an 29 Meán Fómhair 2004, inar leag sí amach cén réamhdhearcadh a bhí aici ar na forálacha iomchuí de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, is í an t-aon saincheist san athbhreithniú seo ná an dtugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise teideal duit chun rochtain a fháil ar thaifid liachta do mháthar a fuair bás. Tá tuairisc ar na taifid atá i gceist i sceideal na dtaifead arna n-uimhriú 1 go 50 a d'ullmhaigh an Bord agus a chuir m'Oifigse ar fáil duitse.

Findings

Réamhnithe

Ón tús, is mian liom aird a tharraingt ar an bhforáil in alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise lena bhforáiltear gurb amhlaidh, in athbhreithniú, "[go d]toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith." Is í éifeacht na forála seo an dualgas a chur ar an mBord an toimhde bhunúsach a dhíláithriú ar toimhde í atá san Acht um Shaoráil Faisnéise go scaoilfear taifid a shealbhaíonn comhlachtaí poiblí nuair a iarrtar iad faoin Acht.

Tá foráil in alt 8(4) den Acht um Shaoráil Faisnéise, faoi réir fhorálacha eile an Achta, go dtabharfar neamhaird ar aon chúis a thugann an t-iarrthóir le hiarraidh le linn breith a thabhairt maidir le géilleadh nó diúltú géilleadh don iarraidh. Is í éifeacht na forála seo nach mbaineann an spreagadh atá agat chun an iarraidh a dhéanamh le breith a thabhairt maidir leis an iarraidh.

Is é atá sna taifid nótaí liachta agus banaltrais lena n-áirítear taifid maidir le cógas agus torthaí tástálacha. Ar áireamh iontu tá roinnt mionsonraí maidir le teagmhálacha a bhí ann idir an tOspidéal agus daoine de do theaghlach, tú féin san áireamh, le linn do do mháthair a bheith ina hothar san ospidéal. Tá na tagairtí sin duit féin agus do dhaoine eile de do theaghlach, de réir riachtanais, ceangailte leis an bhfaisnéis faoi do mháthair agus, mar sin, ní féidir déileáil leo ar bhonn aonair. I gcás tagairtí duit féin, sna cásanna sin nach ndéantar tagairt freisin do dhaoine eile de do theaghlach, tá a scaoileadh ag brath ar an bhfaisnéis faoi do mháthar a bheith inscaoilte. I gcásanna tagairtí do dhaoine eile de do theaghlach (lena n-áirítear cásanna ina bhfuil tagairtí duitse chomh maith, ní gá go scaoilfear iad fiú má chinnim go bhfuil teideal agat chun an fhaisnéis phearsanta faoi do mháthair a fháil.

Alt 28 - Faisnéis Phearsanta

Tá an Bord ag brath ar alt 28 mar bhonn lena chinneadh diúltú don iarraidh uait. Tá foráil in alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise nach nochtfar faisnéis phearsanta (lena n-áirítear an fhaisnéis sin a bhaineann le duine aonair éagtha) do thríú páirtí. Ní cosaint dhaingean áfach an chosaint dá bhforáiltear le halt 28(1) agus tá forálacha eile laistigh d'alt 28 chun faisnéis phearsanta a scaoileadh chuig tríú páirtí in imthosca áirithe. I gcás faisnéise pearsanta duine éagtha, tá foráil shonrach in alt 28 á fhoráil, in imthosca áirithe, chun faisnéis den sórt sin a scaoileadh chuig tríú páirtí. Tá an fhoráil sin in alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise agus foráiltear leis chun taifid duine éagtha a scaoileadh i gcás inar "duine d'aicme a shonraítear" i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais an t-iarrthóir. Tá rialacháin déanta ag an Aire faoi alt 28(6)(b) in Ionstraim Reachtúil Uimh. 47 de 1999, dá ngairtear "na Rialacháin" anseo ina dhiaidh seo.

Foráiltear leis na Rialacháin go ngéillfear d'iarr aidh i gcás ina bhfuil an duine aonair lena mbaineann na taifid marbh agus ina mbaineann an t-iarrthóir le ceann de na haicmí a shonraítear. Ar áireamh ar na haicmí sonraithe tá na daoine seo a leanas:

" 3(1)(b)...

(iii) céile an duine aonair nó neasghaol dá chuid nó dá cuid nó cibé duine nó daoine eile is dóigh leis an gceann is cuí ag féachaint do na himthosca go léir agus d'aon treoirlínte iomchuí arna dtarraingt suas agus arna bhfoilsiú ag an Aire".

Tugaim faoi deara gur ainmnigh tú tú féin mar "neasghaol" san iarraidh uait chuig an mBord dar dáta an 23 Bealtaine 2003.

Seasamh an Bhoird

San aighneacht ón mBord, is dealraitheach go nglacann an Bord leis gur "neasghaol" de chuid an éagaigh tú ach léiríonn sé nach tusa seiceadóir eastát do mháthar a fuair bás agus go bhfuil deartháracha agus deirfiúracha agat. Tugann sé le tuiscint go bhféadfadh gur fearr aon ábhar imní atá agat faoi iontráil do mháthar, a fuair bás, san ospidéal a réiteach trí idirphlé. Áitíonn an Bord go bhfuil súil ag othair go bhfaighidh siad rúndacht agus príobháideacht le linn a saol, agus go dtuilleann siad an céanna, agus, i ndiaidh a mbáis, tá sé de dhualgas ar ospidéil an phríobháideacht sin a chothabháil mura bhfuil cúiseanna soiléire agus bailí ann chun taifid othair éagtha a scaoileadh. Áitíonn sé, i gcás Bhean Uí X, nach bhfuil aon imthosca ná riochtaí ann atá i bhfabhar scaoileadh na dtaifead. Deir an Bord chomh maith gur chaith an sainchomhairleoir lena mbaineann go leor uaireanta an chloig ag plé le do chuid ábhar imní.

Ní mór a thabhairt faoi deara nach ndíríonn áitimh an Bhoird aird ar an gceist in alt 28(6)(b) agus sna Rialacháin ghaolmhara agus ar an gcaoi a bhaineann na forálacha sin leis an gcás seo.

Léiriú

Tar éis dlúthanailís a dhéanamh ar na forálacha reachtúla iomchuí, cuireadh faoi deara dom athsmaoineamh a dhéanamh ar sheasamh m'Oifigese maidir le gnéithe áirithe den cheart rochtana ar thaifid daoine éagtha. Dá dhroim sin is cur chuige nua é mo chur chuige sa chás seo i dtaobh na ceiste a bhaineann le rochtain ar thaifid daoine éagtha. Fágann sé sin gur gá cinntí ó m'Oifigse maidir leis an tsaincheist seo a léamh, chun críocha fasach, i bhfianaise na forbartha seo.

I mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005 (a foilsíodh in Aibreán 2006) dhírigh mé aird ar an bhfíoras go bhfuil an dlí mar atá sa réimse seo míshásúil. Luaigh mé go n-eascraíonn saincheisteanna casta eiticiúla agus dlíthiúla le linn a bheith ag déileáil le ceart rochtana ar thaifid daoine éagtha agus mhol mé gur chóir don Aire Airgeadais (an tAire ar a bhfuil an cúram rialacháin a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise) athbhreithniú a dhéanamh ar an réimse seo ar bhonn práinne. Mar a tharlaíonn, leanann na Rialacháin in éifeacht amhail ar dháta mo chinnidh sa chás seo.

Ar an 15 Nollaig 2006, chuir Elizabeth Dolan, Uasal, ó m'Oifigse, ráiteas ar na réamhthuairimí sa chás seo agus d'iarr sí freagra ón mBord, dá mba mhian leis é. Dhírigh Elizabeth Dolan, Uasal, aird an Bhoird ar an bhfíoras gur athraigh seasamh m'Oifigese maidir le rochtain ar thaifid daoine éagtha, faoi na Rialacháin, ón seasamh a leagadh amach i gcinntí níos luaithe ó m'Oifig. Go háirithe, léirigh Elizabeth Dolan, Uasal, don Bhord go mb'fhéidir go raibh aighneacht bhunaidh an Bhoird bunaithe ar chur chuige de chuid m'Oifigese nach raibh feidhm aige a thuilleadh i bhfianaise forbairtí. Cé gur léirigh an Bord go mbeadh sé i gcoinne scaoileadh na dtaifead, mhainnigh sé aon aighneacht a dhéanamh ag déileáil leis na pointí ábhartha a leagadh amach i ráiteas Elizabeth Dolan, Uasal, maidir le réamhthuairimí.

Cé nach ndearna an Bord aon aighneachtaí ag cur i gcoinne léiriú m'Oifigese ar na forálacha iomchuí, creidim go bhfuil sé cuí má leagaim amach an bunús atá le mo chur chuige.

Foráiltear le halt 28(1) gurb amlaidh:

" Faoi réir fhorálacha an ailt seo,[go n]diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhaineann le duine aonair éagtha) dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe".

Is léir go bhfuil cosaint in alt 28(1) maidir le faisnéis phearsanta duine éagtha ach ní cosaint dhaingean í. Tá sé sainráite go bhfuil an chosaint seo "faoi réir fhorálacha an ailt seo". Ina theannta sin, táimse den tuairim go n-eascraíonn aon chosaint a thugtar leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do thaifid daoine éagtha ó laistigh den Acht um Shaoráil Faisnéise féin seachas ó aon cheart ginearálta nó bunreachtúil chun príobháideachta. Tá roinnt eisceachtaí in alt 28 ó bhunchosaint faisnéise pearsanta; agus as measc na n-eisceachtaí sin, is é an ceann is mó is iomchuí maidir le críocha an athbhreithnithe seo ná an eisceacht atá in alt 28(6)(b) agus sna Rialacháin ghaolmhara. Is í an tsaincheist atá le cinneadh ná an bhfuil ceart rochtana agat ar thaifid do mháthar a fuair bás de bhua alt 28(6)(b) agus, go háirithe, airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin. Beidh ceart rochtana reachtúil agat ar thaifid do mháthar a fuair bás i gcás ina suífear go mbaineann tú le ceann de na haicmí a shonraítear:

"(iii) céile an duine aonair nó neasghaol dá chuid nó dá cuid nó cibé duine nó daoine eile is dóigh leis an gceann is cuí ag féachaint do na himthosca go léir agus d'aon treoirlínte iomchuí arna dtarraingt suas agus arna bhfoilsiú ag an Aire".

Tá deacrachtaí i gceist le léiriú an fho-airteagail seo. Aithnítear san fho-airteagal go bhfuil trí aicme éagsúla ann, mar atá, "céile", "neasghaol" agus "duine nó daoine eile". Is í an tsaincheist lárnach an mbaineann an cáiliú "is dóigh leis an gceann is cuí ag féachaint do na himthosca go léir agus d'aon treoirlínte arna dtarraingt suas agus arna bhfoilsiú ag an Aire" le gach ceann de na trí aicme nó leis an aicme dheiridh amháin ("duine nó daoine eile").

D'aithin m'Oifigse riamh gurb é an léamh is soiléire ar fhomhír (iii) nach mbaineann an cáiliú ach amháin leis an gceann deiridh de na trí aicme a aithnítear. D'fhonn torthaí a sheachaint ar dealraitheach iad a bheith i gcoinne spiorad an Achta um Shaoráil Faisnéise, bhraith mé féin agus mo réamhtheachtaí go raibh teideal againn i gcinntí roimhe seo gan cloí le forléiriú liteartha na forála agus déileáil leis an gcáiliú mar chailiú a bhain le gach ceann de na trí aicme (lena n-áirítear céilí agus neasghaolta). Léirigh an cur chuige sin tuairim nach mbeadh beartaithe ag an Oireachtas gur chóir go mbeadh ceart rochtana neamhcháilithe ar thaifid duine éagtha de bhua duine a bheith ina chéile nó ina chéile nó ina neasghaol de chuid an duine éagtha . Fadhb a bheadh i gceist leis sin go háirithe i gcás nach mínítear an téarma "neasghaol" chun críocha na Rialachán agus, d'éagmais aon mhínithe reachtúil, is féidir réimse leathan gaolta de chuid an duine éagtha a áireamh. Is fiú a thabhairt faoi deara gur tagairt í an tagairt sna Rialacháin do neasghaol seachas don neasghaol a d'fhéadfaí a fhorléiriú mar thagairt don pháirtí a mheastar a bheith ar an neasghaol is neasa. {Mínítear an téarma "céile" chun críocha na Rialachán agus, mar a tharlaíonn, tá earnáil i bhfad níos leithne i gceist ná mar a shamhlódh duine leis an téarma sin de ghnáth; cuir i gcás, folaíonn sé "páirtí i bpósadh atá díscaoilte" chomh maith le "fear nó bean nach raibh pósta leis an duine aonair éagtha ach a bhí in aontíos mar fhearchéile nó mar bhanchéile leis an duine aonair éagtha".}

Anois is í an tuairim atá agam nach bhfuil agam mar Choimisinéir Faisnéise ach amháin rogha an-teoranta gan cloí leis an rud a thuigim gurb é an léiriú liteartha ar an bhforáil in airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin. Tuigim go gceanglaíonn an riail maidir le forléiriú liteartha go léirítear reachtaíocht de réir ghnáthmhíniú agus mhíniú aiceanta na bhfocal agus na n-abairtí. Is deimhin liom gurb é léiriú cuí gramadaí agus liteartha airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin ná nach mbaineann an cáiliú nó an srian ("ag féachaint do na himthosca go léir agus d'aon treoirlínte arna dtarraingt suas agus arna bhfoilsiú ag an Aire") ach amháin leis an rogha díreach roimh an gclásal sriantach .i. ní bhaineann sé ach amháin le "cibé duine nó daoine eile".

Leagtar amach in alt 5 den Acht Léiriúcháin 2005 na himthosca ina bhféadfaidh duine staonadh ón léiriú liteartha, i gcás ionstraime reachtúla:

"...(2) Le linn foráil de chuid ionstraime reachtúla (seachas foráil a bhaineann le smachtbhanna pionósach nó smachtbhanna eile) a fhorléiriú ar foráil í--

(a) atá doiléir nó débhríoch, nó

(b) a bheadh áiféiseach nó a mhainneodh a léiriú céard atá go soiléir ar intinn san ionstraim ina hiomláine i gcomhthéacs an achtacháin (lena n-áirítear an tAcht) faoina ndearnadh í dá léireofaí í go liteartha,

tabharfar forléiriú don fhoráil a léiríonn intinn shoiléir dhéantóir na hionstraime i gcás inar féidir an intinn sin a fháil amach ón ionstraim trí chéile nó i gcomhthéacs an achtacháin sin."

Ní mór na ceisteanna seo a chur: an bhfuil na forálacha in airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin doiléir nó débhríoch? nó an bhfuil áiféis mar thoradh ar léiriú liteartha nó an mainníonn léiriú liteartha intinn shoiléir an Oireachtais a chur in iúl (ar an toimhde go gcaithfidh an tAire a dhéanann na Rialacháin intinn an Oireachtais a chur in iúl)? Is í mo thuairimse ná gur freagra diúltach atá ar na ceisteanna sin. Ní aon ní i bhfriotal airteagal 3(1)(b) atá doiléir ná débhríoch; cé go bhféadfaí a bheith beagáinín níos cúramaí leis an bhfoclaíocht, is féidir é a thuiscint éasca go leor. Ní féidir a rá ach oiread go mbeadh sé áiféiseach dá bhforléireofaí é go liteartha. Cé nach mbeadh sé sásúil do chách go dtugann sé ceart neamhcháilithe rochtana ar fhaisnéis phearsanta duine éagtha do chéile nó do neasghaol, ní féidir breathnú air mar áiféis.Ní féidir a rá ach oiread nach léiríonn an léiriú liteartha intinn shoiléir an Oireachtais. Ar ndóigh, d'áitigh mé in áiteanna eile go bhfuil sé an-deacair a dhéanamh amach cad é intinn an Oireachtais maidir leis seo. Sa mhéid a chuir mé le foilseachán le déanaí maidir le nithe a bhaineann le saoráil faisnéise ["Access to Records of Deceased Persons under Freedom of Information" in Freedom of Information: Law and Practice, First Law 2006 (ed. Estelle Feldman) ], dhéileáil mé leis an tsaincheist mar a leanas:

"Tá sé socraithe go maith ag na Cúirteanna gurb é atá i gceist le reachtaíocht thánaisteach tarmligean ag an Oireachtas chuig údarás poiblí (Aire de ghnáth) mionsonraí forála de chuid reachtaíochta príomha (Acht den Oireachtas) a líonadh isteach le rialacháin i gcomhthéacs ina bhfuil para iméadair an ní atá le déanamh leagtha síos san Acht sin. Is éard atá i gceist ná éifeacht a thabhairt do phrionsabail agus do bheartais atá leagtha amach ag an Oireachtas sa mhátharAcht. Is é atá i gceist ag an Oireachtas, in alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise go bhféadfar taifid daoine éagtha a scaoileadh i gcás inar "duine d'aicme a shonraítear" i rialacháin atá le déanamh ag an Aire an t-iarrthóir. Mar atá cúrsaí faoi láthair, is ní don Aire é aicmí iarrthóirí a shonrú a bhféadfar taifid duine éagtha a scaoileadh chuige nó chuici.

Le linn na haicmí sin a shonrú ina rialacháin áfach, ní thig leis an Aire dul thar na prionsabail agus na beartais atá leagtha síos ag an Oireachtas san Acht um Shaoráil Faisnéise. Is í an deacracht ná a dhéanamh amach cé na prionsabail agus na beartais atá leagtha síos ag an Oireactas maidir leis sin. Tá dhá thagairt shainráite d'fhaisnéis phearsanta daoine éagtha; tá an chéad tagairt in alt 28(1), lena ndéantar an fhaisnéis sin a dhíolmhú óna scaoileadh agus tá an dara tagairt in alt 28(6)(b), ina bhfuil foráil maidir le rialacháin a dhéanamh chun staonadh ón díolúine i gcás iarrthóirí a bhaineann le haicme arna sonrú ag an Aire. Cé is moite den dá thagairt sin, níl aon phrionsabal ná beartas san Acht um Shaoráil Faisnéise a bhaineann go sainráite le taifid daoine éagtha. Ar ndóigh, a mhéid is féidir liom a shuíomh ó bhreathnú ar dhíospóireachtaí na Dála agus an tSeanaid, ní raibh aon tagairt shubstaintiúil don cheist i dtaobh taifid daoine éagtha nuair a bhí an tOireachtas ag déileáil leis an mBille um Shaoráil Faisnéise sna blianta 1996 agus 1997.

Má chuardaíonn duine na prionsabail agus na beartais sin atá mar bhunús leis an Acht um Shaoráil Faisnéise trí chéile, breathnaíonn duine go príomha ar an Teideal Fada a aithníonn roinnt rudaí lárnacha mar shampla:

rochtain le soláthar a mhéid is féidir é;

is ní a bhaineann le ceart an rochtain;

tá rochtain le bheith i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobhaideachta;

go bhfuil srian le cur le cearta rochtana le "heisceachtaí riachtanacha".

Laistigh de chorp an Achta um Shaoráil Faisnéise, féadfar a áiteamh gur bhunaigh an tOireachtas prionsabail agus beartais iomchuí a mhéid a iarrann sé faisnéis a fhaightear i modh rúin (alt 26) agus faisnéis phearsanta, lena n-áirítear faisnéis phearsanta daoine éagtha (alt 28). Ina theannta sin, bunaítear le halt 29 an prionsabal arb éard é dul i gcomhairle leis an tríú páirtí lena mbaineann i gcás ina mbeartaítear faisnéis rúnda nó phearsanta nó faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.

I gcás daoine éagtha ... de réir dealraimh níl aon cheart chun príobháideachta ann. Más amhlaidh atá, ansin ní bhaineann an prionscabal maidir le príobháideacht a urramú le rialacháin an Aire. I gcás rúndachta, tá fadhb ann freisin sa mhéid nach dóigh go mbeadh dualgas rúndachta dlite do dhuine éagtha. Má tá dualgas rúndachta dlite do dhaoine marbha, cén chaoi gur féidir leis an Aire ansin rialachán a dhéanamh a sháraíonn dualgas den sórt sin?

Dealraíonn sé domsa, le linn an tasc a leagan amach arb é aicmí iarrthóirí a shonrú a bhféadfar taifid duine éagtha a scaoileadh chucu, níl mórán ag an Aire mar bhunús i dtéarmaí prionsabal agus beartas atá san Acht um Shaoráil Faisnéise é féin. D'fhéadfaí a áiteamh, as na prionsabail agus na beartais a thagann faoi réim an Achta um Shaoráil Faisnéise, arna n-aithint thuas, gurb é an dá cheann is mó is iomchuí sa chás seo (a) leas an phobail a chur i gcuntas agus (b) a inmhianaithe atá sé dul i gcomhairle leo siúd a mheasfaí a bheith ina chaomhnóir nó ina caomhnóir ar thaifid an duine éagtha. Tá sé suimiúil go ndealraíonn sé gurb é sin an cur chuige dá bhforáiltear in Acht um Shaoráil Faisnéise Queensland, áit ar féidir taifid duine éagtha a scaoileadh ach sin sa chás amháin ar bhonn leas an phobail agus tar éis dul i gcomhairle leis an duine incháilithe den teaghlach.

[...]

Go bunúsach, is í mo chonclúid nach bhfuil ráiteas soiléir go léir san Acht um Shaoráil Faisnéise faoi láthair, a mhéid a bhaineann le taifid duine éagtha, ón Oireachtas maidir leis na priosabail agus na beartais sin ar chóir don Aire aird a thabhairt orthu le linn rialacháin a dhéanamh.

Féadfaidh go bhfuil forais le himeacht ó fhorléiriú liteartha freisin maidir le cásanna aonair ina dtagann toradh as an bhforléiriú liteartha is dóigh a bheadh i gcoinne an Bhunreachta. Ní chreidim go dtarlódh sin sa chás seo. Cé go mb'fhéidir go bhfuil cúiseanna a bhaineann le beartas ag gabháil le dul le forléiriú eile ar an bhforáil atá i gceist, ní deimhin liom go gceadaíonn sin dom staonadh ón riail a bhaineann le forléiriú liteartha.

Tugaim faoi deara go bhfuil an dearcadh céanna maidir le léiriú na forála ag an Ollamh McDonagh [Freedom of Information Law (Second Edition) Thomson Round Hall 2006] agus ag tráchtairí eile.

Conclúid i ndáil le halt 28(6)

Is í mo chonclúid gurb amhlaidh, nuair a iarrtar taifid a bhaineann le duine éagtha, gur gá i gcónaí alt 28(6) a chur i gcuntas; agus má chomhlíontar na critéir atá leagtha amach sna Rialacháin, tá sé riachtanach géilleadh don iarraidh, faoi réir díolúine reachtúil éigin eile a bheith ann á thoirmeasc an géilleadh agus faoina réir sin amháin. Sa chás seo, is neasghaol de chuid an éagaigh tú agus is deimhin liom gur earnáil leathan í an earnáil neasghaolta agus nach bhfuil teideal agam aon chéimlathas a thabhairt isteach ná aon srian eile a chur leis an téarma. Is deimhin liom gur iarrthóir tú a bhaineann le haicme a thagann faoi réim théarmaí alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise agus airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin agus go bhfuil tú i dteideal, de réir na bhforálacha sin, go dtabharfar rochtain duit ar thaifid ospidéil do mháthar a fuair bás. Déanaim cinneadh dá réir sin.

Cé gur chinn mé go bhfuil ceart rochtana agat de réir alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise agus airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin, ní bheadh an ceart sin i réim in imthosca ina raibh feidhm ag díolúine eile chun na taifid, nó cuid díobh, a chosaint. Ní raibh an Bord ag iarraidh brath ar aon díolúine eile seachas alt 28(1); rinne sé tagairt, áfach, do shaincheist na rúndachta a ghabhann le taifid othar agus creidim gur cuí breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfar na taifid a chosaint ar bhonn rúndachta. Tá freisin an tsaincheist i dtaobh na gcodanna sin de na taifid a nochtann faisnéis phearsanta faoi dhaoine eile de do theaghlach (gan do bheanchéile a chur san áireamh mar tuigim gur thoiligh sise le rochtain a bheith agatsa ar aon tagairtí di agus. in aon chás, is miontagairtí iad na tagairtí sin) cé go mbaineann na taifid go príomha le do mháthair a fuair bás.

Alt 26 - Faisnéis a thugtar i modh rúin

In aighneachtaí an bhoird, tá tagairt do rúndacht othar cé gur dealraitheach nach bhfuil sé ag brath ar alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise ina dhiúltú géilleadh do d'iarraidh. Anois breithneoidh mé an bhfuil aon ní in alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise a dhíláithreodh do theideal faoi alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise agus faoi airteagal 3(1)(b)(iii) de na Rialacháin.

Deirtear in alt 26(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise:

"Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é--

(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó

(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí."

Tá foráil mar a leanas in alt 26(2):

"(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí. "

Ós rud é gur chruthaigh foireann an Ospidéil agus/nó daoine atá faoi chonradh seirbhíse leis an mBord (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) na taifid atá i gceist, measaim nach féidir feidhm a bheith ag alt 26(1)(a) agus déanaim cinneadh dá réir sin. Chun go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(b), níor mhór a shuíomh gur shárú ar dhualgas rúndachta atá dlite den Bhord do do mháthair a fuair bás é dá scaoilfí taifid do mháthar chugat.

Sa chás seo bheadh aon dualgas rúndachta bunaithe ar chothromas seachas ar aon chomhaontú nó achtachán sonrach. Tá na tástálacha cearta atá le feidhmiú le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sárú á dhéanamh ar dhualgas cothrom rúndachta leagtha amach i gcás Coco v. A. N. Clark (Engineers) Limited F.S. R. 415 (a nglactar leis mar chás a léiríonn dlí na hÉireann maidir leis an ábhar - féach mar shampla House of Spring Gardens Limited v. Point Blank Limited [1984] I.R 611) ina ndúirt an Breitheamh Megarry an méid seo a leanas:

'De ghnáth is gá trí ghné más rud é, ar leith ó chonradh, go mbeidh rath ar chás maidir le sárú rúndachta. An chéad ghné ná nach mór go mbeidh rúndacht éigin ag gabháil leis an bhfaisnéis féin. An dara gné ná nach mór gur tugadh an fhaisnéis in imthosca ina bhforchuirtear oibleagáid rúndachta. An tríú gné ná ní mór gur ar aimhleas an pháirtí a thugann an fhaisnéis é an fhaisnéis a úsáid gan údarás.'

Glacaim leis go dtiocfadh, de ghnáth, faisnéis a eascraíonn i gcaidreamh gairmiúil idir gairmí sláinte agus othar faoi réim na hearnála arb í caidrimh rúnda í a aithnítear go traidisiúnta sa dlí. Glacaim leis chun críocha m'athbhreithnithe gurb amhlaidh, an tráth a taifeadadh an fhaisnéis, go raibh imthosca ann go raibh bunús ann chun cáiliú agus oibleagáid na rúndachta a shuíomh. Cruthaíonn an tríú gné, an ceanglas gur gá gur ar aimhleas an pháirtí a thugann an fhaisnéis é an fhaisnéis a úsáid gan údarás, deacrachtaí in imthosca cáis ina bhfuil an páirtí marbh anois agus go n-údaraítear scaoileadh na faisnéise chuig aicmí áirithe daoine faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

De réir dealraimh tá sé éiginnte go maith an bhfuil cearta ag daoine éagtha faoi dhlí na hÉireann. In Murray agus Duine Eile v. an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú [2004] 2 IR, dúirt an Breitheamh Abbot nach raibh sé in ann teacht ar aon údarás i stair an dlí choitinn a dhearbhaigh ceart an éagaigh chun deachlú nó chun aon cheart maoine. I dtéarmaí ceart do dhaoine éagtha dá bhforáiltear sa Bhunreacht chinn an Breitheamh Abbot nach bhfuil aon áit sa Bhunreacht a bhféadfar tátal a bhaint as go bhfuil cearta ag na héagaigh.

Níl aon deacracht agam leis an tuiscint go mbraitheann gairmithe liachta go bhfuil siad faoi cheangal rúndachta i gcoitinne. Measaim áfach nár ghá gurbh ionann oibleagáidí fhoireann liachta an Ospidéil i leith na n-éagach agus dualgas cothrom rúndachta a bheith dlite den Ospidéal do na héagaigh. Ina theannta sin, ba mhór idir scaoileadh taifid i gcomhlíonadh cinnidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus aon nochtadh neamhúdaraithe faisnéise othair ag dochtúir nó gairmí liachta eile.

Le linn a bheith ag iarraidh alt 26(1)(b) a chur chun feidhm ní mór aird a thabhairt ar an Acht um Shaoráil Faisnéise trí chéile agus ba chóir alt 28(6) a mheas mar alt a leagann síos an creat chun déileáil le taifid duine éagtha. Ní chuireann sin bac ar úsáid forálacha eile - deirtear in airteagal 3 de na Rialacháin gur chóir go mbeidh scaoileadh faoin bhforáil sin faoi réir fhorálacha eile an Achta um Shaoráil Faisnéise. Glacaim leis áfach gurb iad na forálacha eile den Acht nár mhór aird a thabhairt orthu na forálacha sin a oibríonn chun leasanna seachas leasanna an duine éagtha a chosaint; mar shampla, an ceart chun príobháideachta ag daoine beo (alt 28), an ceart chun rúndacht a chaomhnú i ndáil le taifid a thagann faoi réim na pribhléide gairmiúla dlíthiúla (alt 22) nó ceart an Stáit chun taifid a chaomhnú a bhaineann le nithe a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta nó le caidreamh idirnáisiúnta (alt 24). Ba chóir d'alt 28(6) an comhthéacs a leagan amach maidir le scaoileadh taifead daoine éagtha a bhreithniú i gcás ina mbaineann an t-iarrthóir le ceann de na haicmí a shonraítear. Tá an próiseas reachtúil beacht go leor le nach ngéillfear d'iarrataí ach amháin i gcás ina bhfaightear amach gur duine é nó í an t-iarrthóir a n-údaraítear scaoileadh na dtaifead chuige nó chuici le reacht. Thairis sin, tá sé deacair a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh forálacha alt 28 nó na Rialacháin oibriú ariamh chun rochtain a cheadú ar thaifid daoine éagtha ag a n-iondaithe pearsanta, ag a gcéilí, ag a neasghaolta nó ag daoine eile a meastar gur daoine cuí iad.

In aon chás, le go mbeidh sárú ar dhualgas rúndachta bheifeá ag súil le bheith in ann duine beo a aithint ar ina leith a tharla an sárú agus a bheadh, dá dhroim sin, in ann caingean a thabhairt ar aghaidh mar gheall ar shárú an dualgais sin. Measaim nach bhfuil aon fhorais agam sa chás seo le teacht ar an tátal go ndéanfadh scaoileadh na dtaifead chugatsa ag an bpointe seo dochar don éagach ná dá hionadaithe pearsanta le linn a n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.

Déantar foráil le halt 28(6)(b) maidir le scaoileadh faisnéise pearsanta daoine éagtha in imthosca áirithe; go bunúsach, déantar foráil leis maidir le rud arb éard é, de réir dealraimh, sárú teoranta ar phríobháideacht agus ar rúndacht. Déantar foráil le halt 28(6)(b) agus leis na Rialacháin maidir le próiseas faoina ndéanfar faisnéis phearsanta rúnda duine éagtha a scaoileadh chuig aicmí áirithe sonraithe daoine agus chuig na haicmí sin amháin. Táimse den tuairim nach mbeadh sé de réir intinn an Achta um Shaoráil Faisnéise alt 26 a thoghairm i ndáil le faisnéis phearsanta is inscaoilte thairis sin de bhua alt 28(6)(b).

Ní deimhin liom gur nochtadh neamhúdaraithe é scaoileadh an taifid faoi alt 28(6)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b) chun na taifid a dhíolmhú as chás seo. Ar an mbonn sin, tá na taifid le scaoileadh de bhua alt 28(6)(b) agus na Rialachán. Mar a tugadh sracléiriú air thuas áfach, ní gá go mbaineann an ceart rochtana seo leis na codanna sin de na taifid ina bhfuil tagairtí do dhaoine eile de do theaghlach (lena n-áirítear cásanna ina bhfuil tagairt duitse sna tagairtí sin chomh maith).

Taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta faoi dhaoine eile

Tá sé tábhachtach a bheith soiléir nach mbaineann do cheart chun teidil ar thaifid do mháthar a fuair bás, faoi alt 28(6)(b), le ceart rochtana chun codanna de thaifid a nochtann faisnéis phearsanta faoi dhaoine eile den teaghlach (chomh maith le faisnéis phearsanta faoi do mháthair a fuair bás). I roinnt cásanna, baineann na codanna sin le do mháthair, leat féin agus le duine eile den teaghlach chomh maith. De réir prionsabail, tá na codanna sin díolmhaithe óna scaoileadh ar an mbonn céanna le faisnéis phearsanta faoi aon tríú páirtí, mar atá, faoi alt 28(1).

Rinne Elizabeth Dolan, Uasal, na féidirtheachtaí éagsúla a leagan amach a thagann faoi réim alt 28 [alt 28(2), 28(5)] a cheadaíonn cosaint faoi alt 28(1) a chealú. Aontaím le tuairim Elizabeth Dolan, Uasal, nach bhfuil feidhm ag aon fhorálacha de chuid alt 28(2) sa chás seo. Tá foráil in alt 28(5) go bhféadfar taifead ina bhfuil faisnéis phearsanta faoi thríú páirtí a scaoileadh más rud é (a) gur mó leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go seasfaí ceart an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis chun príobháideachta, nó (b) go rachadh géilleadh don iarraidh chun tairbhe don duine aonair sin. I mo thuairimse, ní rachadh sé chun tairbhe do an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis dá ngéillfí don iarraidh sa chás seo. Is gá áfach an cheist maidir le leas an phobail a bhreithniú maidir leis na taifid sin ina bhfuil faisnéis phearsanta faoi dhaoine de do theaghlach.

Leas an Phobail

D'fhonn rochtain a fháil ar na taifid sin, is gá leas dearfach pobail a aithint atá níos tábhachtaí ná cearta príobháideachta na dtríú páirtithe. Tugaim faoi deara nár aithin tú aon leas áirithe pobail a bhfreastalófaí dó dá scaoilfí na codanna sin de na taifid a bhaineann le daoine eile den teaghlach chugat. Measaim áfach go bhfuil nithe a bhaineann le leas an phobail atá i bhfabhar scaoileadh na dtaifead chugat sa chás seo agus ar áireamh orthu sin tá:

leas an phobail ó thaobh a fhios a bheith ag daoine den phobal faoin gcaoi a chomhlíonann comhlacht poiblí a chuid feidhmeanna,

leas an phobail ó thaobh a fhios a bheith ag daoine den phobal gur faisnéis chruinn faisnéis a shealbhaíonn comhlachtaí poiblí.

Le linn cinneadh a dhéanamh an bhfuil leas an phobail i bhfabhar scaoileadh na dtaifead níos tábhachtaí ná leas an phobail maidir leis an gceart chun príobháideachta a urramú, tá roinnt nithe le cur i gcuntas. An chéad ní ná go bhfuil leas an phobail maidir le cearta príobháideachta a chosaint an-láidir go deo mar is léir ó Theideal Fada an Achta um Shaoráil Faisnéise agus ó fhoclaíocht alt 28(5)(a). I gcomhthéacs saorála faisnéise is leas de chuid an phobail é príobháideacht duine aonair agus ní ní é a bhaineann le cearta príobháideacha a chosaint. Nuair a scaoiltear taifead faoin Acht um Shaoráil Faisnéise is ionann é, go bunúsach, agus nochtadh don domhan mór toisc nach gcuireann an tAcht aon srianta ar úsáid na faisnéise ina dhiaidh sin. Ar áireamh ar na nithe eile a bhaineann le hábhar tá (1) an méid atá tú ar an eolas cheana féin faoin bhfaisnéis atá sna taifid agus (2) an gcuirfeadh scaoileadh na dtaifead atá i gceist go suntasach iarbhír le do thuiscint ar an gcaoi a chomhlíon an tOspidéal a chuid feidhmeanna i ndáil le do mháthair a fuair bás.

In do chomhfhreagras leis an mBord, luaigh tú gur míbhuntáiste duit é iarchoimeád taifead comhfhreagrais idir an tOspidéal agus an Dochtúir Gately (dochtúir ginearálta do mháthar). A mhéid a fhéadfar an méid sin a fhorléiriú mar áiteamh go bhfuil leas pobail i gceist maidir le mionsonraí uile theagmháil an Ospidéil leis an Dochtúir Z maidir le cúram do mháthar a bheith agat, aontaím go mbaineann na taifid sin go príomha le do mháthair a fuair bás agus gur cuid dá fáisnéis phearsanta iad. Dá réir sin tá siad le scaoileadh chugat de réir mo chuid fionnachtana thuas. Measaim, sa chás áirithe seo, gurb indéanta tagairtí do dhaoine eile seachas duit féin agus do do mháthair a scriosadh ó na taifid sin gan na taifid a fhágáil míthreorach.

Mar sin, táimse den tuairim, go bhfreastalaítear d'aon leas pobail maidir lena fhios a bheith agatsa conas a dhéileáil na seirbhísí sláinte le hiontráil agus cúram do mháthair trína taifid liachta a scaoileadh chugatsa mar neasghaol de réir alt 28(6)(b). Ní chreidim go bhfuil leas an phobail maidir le rochtain a bheith agatsa ar na méideanna beaga faisnéise pearsanta faoi thríú páirtithe sna taifid sin a bheith agat ná leas an phobail maidir le ceart príobháideachta daoine seachas tú féin, do bheanchéile agus do mháthair a chaomhnú. Is é mo chinneadh nach dtugtar le halt 28(5)(a) ceart rochtana duit ar na codanna sin de na taifid ina bhfuil faisnéis faoi thríú páirtithe.

I bhfianaise mo chinnidh go bhfuil codanna de na taifid díolmhaithe faoi alt 28, ní dhearna mé breithniú i dtaobh an bhfuair an Bord an fhaisnéis faoi thríú páirtithe i modh rúin ná i dtaobh an mbeidís cáilithe le haghaidh díolúine faoi alt 26(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Is iad na codanna de na taifid atá le coimeád siar:

Taifead 14 - an t-alt deireanach; taifead 15 - an chéad alt ; taifead 68 - seoladh agus uimhir theileafóin i líne 5 den chéad iontráil; taifead 80 - línte 4 agus 5 den chéad alt, líne 3 (ó "...again"), línte 4-6, líne 8 ó "... re same", den tríú halt; taifead 87 - seoltaí agus uimhreacha teileafóin daoine seachas tú féin; taifead 95 - línte 2-4; taifead 142 - an tríú hítim i líne 1 agus líne 2 chomh fada le "... re", taifead 147- an abairt dheireanach (tar éis "...to").

Decision

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú, cealaím leis seo cinneadh an Bhoird diúltú rochtain a thabhairt duit ar thaifid do mháthar a fuair bás agus ordaím go scaoilfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (mar chomharba an Bhoird) cóipeanna de na taifid chugat seachas na codanna sin atá luaite thuas mar thaifid dhíolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ceart Achomhairc

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann cinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an gcinneadh sin. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Emily O'Reilly
Coimisinéir Faisnéise