- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 030056 - An tUasal T agus Ord Siúracha Carthanachta Iosa agus Mhuire (an tOrd)
Iarraidh ar theistiméireacht a sholáthair iar-fhostaí don Ord - an raibh tuiscint rúndachta ann - alt 26(1)(a) – an raibh dualgas rúndachta cothromais ag dul don mholtóir - alt 26(1)(b) - an raibh conradh le haghaidh seirbhísí ann idir an moltóir agus comhlacht poiblí - alt 26(2) - an gá gur leis an gcomhlacht poiblí a shealbhaíonn taifid atá an conradh le haghaidh seirbhísí - alt 26(2) - feidhm alt 26(1) a bheith teoranta le halt 26(2).
Case Summary
Fíorais
Tar éis a hiarratais ar phost leis an Ord, thuig an tUasal T gur éirigh léi faoi réir teistiméireachtaí sásúla a fháil. Mar a tharla, níor tugadh an post di agus ghlac sí leis gurb amhlaidh a tharla toisc gur tugadh teistiméireacht mhíshásúil. Rinne an tUasal T iarraidh ansin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar theistiméireacht a sholáthair an fostaí a bhí aici roimhe sin, Ionad X (an tIonad) don Ord. Dhiúltaigh an tOrd rochtain ar an teistiméireacht a thabhairt faoi alt 26(1)(a).
Cinneadh
Tá an díolúine atá in alt 15 den Acht um Shaoráil Faisnéise ceaptha chun faisnéis a fhaightear faoi rún a chosaint. Chinn an Coimisinéir go raibh ceanglais amháin de chuid na gceithre cheanglas in alt 26(1)(a) nár comhlíonadh mar sin bhí sí sásta nach raibh feidhm ag an díolúine atá in alt 26(1)(a) maidir leis an taifead áirithe atá i gceist.
Rinne an Coimisinéir breithniú ar ábharthacht alt 26(2) lena gcuirtear srian leis an gcineál cáis lena mbaineann alt 26(1). Ní mór dhá thástáil a chomhlíonadh le go mbeidh feidhm ag an srian; baineann ceann amháin acu le foinse an taifid atá i gceist agus baineann an ceann eile le cé hé nó cé hí an duine dá bhfuil dualgas rúndachta ag dul (agus cás inar shárú dualgais rúndachta nochtadh an taifid). Éilítear leis an gcéad tástáil gur taifead é an taifead lena mbaineann taifead “arna ullmhú” ag comhlacht poiblí nó ag “duine atá ag soláthar seirbhísí do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí”. Éilítear leis an dara tástáil gur dualgas rúndachta an dualgas rúndachta atá ag dul do chomhlacht poiblí nó do “d[h]uine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí”. Tá sé tábhachtach go bhfuil sé soiléir go bhfuil sé sainráite i leith na dtástálacha in alt 26(2) gur i dtéarmaí conartha le haghaidh seirbhísí le “comhlacht poiblí” seachas leis an “[g]comhlacht poiblí” iad. Le linn na dtástálacha sin a chur chun feidhme maidir leis an gcás seo, is léir go raibh an taifead lena mbaineann (an teistiméireacht fostaíochta) "arna ullmhú" ag an Ionad agus gurbh éard a bheadh in aon sárú ar dhualgas rúndachta sárú ar dhualgas rúndachta a bheadh ag dul don Ionad ón Ord.
Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) d’Oifig an Choimisinéara, is deimhin leis an gCoimisinéir go bhfuil caidreamh conarthach ann idir an tIonad agus an FSS agus gurb ionann an caidreamh sin agus conradh le haghaidh seirbhísí. Mar sin, ionas go gcomhlíonfar na tástálacha, ní gá sa chás seo a shuíomh go bhfuil conradh le haghaidh seirbhísí ag an Ionad leis an Ord (“an comhlacht poiblí”); Is leor a shuíomh go bhfuil conradh le haghaidh seirbhísí ag an Ionad le haghaidh seirbhísí le "comhlacht poiblí" (a fholaíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). Mar sin, ba dheimhin leis an gCoimisinéir, maidir leis an dá thástáil a aithnítear thuas - agus is tugaid le feidhm alt 26(2) - gur comhlíonadh iad agus go bhfuil feidhm ag alt 26(2) maidir leis an taifead atá i gceist sa chás seo agus nach bhfuil feidhm ag alt 26(1).
Cé nach gá déileáil leis an gceist i dtaobh ar shárú dualgais rúndachta cothromais nochtadh an taifid nó nárbh ea, cuireann an Coimisinéir in iúl, dá mbeadh uirthi déileáil leis an gceist sin, gur dócha go gcinnfeadh sí nár shárú dualgais rúndachta cothromais nochtadh an taifid in imthosca áirithe an cháis seo. Tá achoimre ar na cúiseanna leis an gcur chuige sin sa chinneadh.
Chuir an Coimisinéir cinneadh an Oird ar neamhní agus d’ordaigh sí don Ord cóip den taifead atá i gceist a sholáthar don Uasal T.
Date of Decision: 21.05.2007
Our Reference: 030056
21.05.2007
An tUasal T
A Uasail T, a chara,
Déanaim tagairt don iarratas uait chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 ar athbhreithniú ar chinneadh Shiúracha Carthanachta Íosa agus Mhuire (an tOrd) maidir leis an iarraidh a rinne tú i ndáil le saoráil faisnéise an 4 Iúil 2002.
Is oth liom go mór an mhoill fhada a bhí ann déileáil leis an gcás seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, mar gheall ar an líon mór iarratas a fuarthas sna blianta tosaigh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, bhí riaráiste oibre san Oifig seo agus tá do chás-sa ar cheann de na cásanna a ndearna an staid sin difear dó. Tuigim go raibh an mhoill sin ina cúis le frustrachas duit.
Background
Cúlra
San iarraidh uait i ndáil le Saoráil Faisnéise an 4 Iúil 2002 d’iarr tú cóip den teistiméireacht ón Ionad X. I gcomhfhreagras ina dhiaidh sin leis an Oifig seo léirigh tú gur thairg na Siúracha Carthanachta post duit mar altra cláraithe do dhaoine atá faoi mhíchumas meabhrach ach doiciméadacht shásúil a fháil agus ansin nach bhfuair tú an post mar gheall ar an teistiméireacht sin. Is léir gurb í an teistiméireacht a iarrtar teistiméireacht ó fhostaí roimhe sin.
Ní raibh an bealach inar dhéileáil an tOrd leis an iarraidh uait sásúil agus is cuí a leagan síos go hachomair ord na n-eachtraí a bhaineann leis an bpróiseas chun cinntí a dhéanamh.
An Próiseas chun Cinntí a Dhéanamh
Ar an 16 Iúil 2002 chuir an té a dhéanadh cinntí i ndáil le saoráil faisnéise an uair sin san Ord litir chuig Ionad X de réir alt 29 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Is é atá in alt 29 foráil a cheanglaíonn ar chomhlacht poiblí fógra a thabhairt do thríú páirtí iomchuí i gcás ina mbeartaíonn an comhlacht poiblí taifid a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail ar taifid iad a d’fhéadfadh a scaoileadh difear a dhéanamh do leasanna an tríú páirtí. Chun críocha an cháis seo, is leor a rá gur tionscnaíodh i gceart an fógra sin faoi alt 29. Chuir an té a dhéanadh cinntí san Ord in iúl don Ionad X cé go bhfuarthas an teistiméireacht a iarradh ar bhonn rúndachta agus go raibh sé díolmhaithe thairis sin faoi alt 26(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise (i dtuairim an té sin) go raibh sí ag smaoineamh ar í a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. Sula ndéanfadh sí cinneadh críochnaitheach, bhí an té a dhéanadh na cinntí sin ag iarraidh ar Ionad X aighneacht a dhéanamh ar an gceist i dtaobh an ndéanfaí leas an phobail tríd an teistiméireacht a scaoileadh seachas an teistiméireacht a choinneáil siar.
An 19 Iúil 2002 thug Ionad X freagra ar an bhfógra faoi alt 29 á rá nár thug siad cead faisnéis na teistiméireachta a tugadh don Ord a scaoileadh don phobal. An 6 Lúnasa 2002, scríobh an tOrd litir chuig Ionad X á rá gur bhraith siad fós, tar éis ábhair imní Ionad X a bhreithniú, gur ghá an taifead sin a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. Chuir an tOrd in iúl don Ionad X go bhféadfadh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. An 6 Lúnasa 2002 scríobh an tOrd litir chugatsa freisin chun an seasamh a chur in iúl duit. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, bhí an litir sin cineál trí chéile ó thaobh na teachtaireachta a bhí inti. Ar thaobh amháin, cuireadh in iúl go raibh cinneadh curtha chuig tríú páirtí agus gur ghá am a thabhairt don tríú páirtí machnamh a dhéanamh i dtaobh achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise; ar an taobh eile, níor cuireadh in iúl duit cén t-ábhar a bhí sa chinneadh sin agus dúradh inti go mbeadh ceart agat achomharc a dhéanamh chuig Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Oird mura bhfaighfeá cinneadh faoin 5 Meán Fómhair 2002. Ar an drochuair, ní raibh an fhaisnéis sin cruinn. I gcásanna ina ndéantar alt 29 a thoghairm, níl aon cheart ann achomharc eile a dhéanamh chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann (an tOrd sa chás seo); is chun Oifig an Choimisinéara Faisnéise is gá aon achomharc eile a dhéanamh. Sa chás seo, cás ina ndearnadh cinneadh an taifead a scaoileadh chugat, is ag an tríú páirtí a bheadh an ceart chun achomharc a dhéanamh agus níor mhór an t-achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara Faisnéise.
An 16 Lúnasa 2002 scríobh aturnaetha de chuid Ionad X litir chuig an Ord á rá go ndena an tOrd botún nuair a dúradh sa litir maidir leis an gcinneadh dar dáta an 6 Lúnasa 2002, go raibh ceart achomhairc chun an Choimisinéara Faisnéise ag Ionad X. Dúirt na haturnaetha leis an Ord nach raibh aon oibleagáid ar Ionad X achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh teistiméireacht fostaíochta a scaoileadh chuig an Uasal T; agus lean siad orthu agus dúirt siad gurb é an nós imeachta dlíthiúil ceart go ndiúltódh an tOrd an teistiméireacht a scaoileadh chuig an Uasal T. faoi alt 26 den Acht agus ina dhiaidh sin gur ar an Uasal T a bheadh an oibleagáid achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Tá sé tábhachtach a rá amach go bhfuil an seasamh sin mícheart. Tá sé thar a bheith soiléir san Acht um Shaoráil Faisnéise go bhfuil comhlacht poiblí i dteideal cinneadh a dhéanamh taifid a scaoileadh fiú nuair a chuireann tríú páirtí dá ndéantar difear i gcoinne scaoileadh na dtaifead. Tá sé soiléir san Acht freisin [féach alt 14(1)(a) mar aon le halt 34(1)(f) agus alt 34(15)] gur chuig an gCoimisinéir Faisnéis go díreach seachas trí achomharc eile (athbhreithniú inmheánach) chuig an gcomhlacht poiblí an ceart achomhairc sna himthosca sin agus go bhféadfaidh tríú páirtí dá ndéantar difear an ceart achomhairc sin a fheidhmiú.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil is dealraitheach gur ghlac an tOrd leis an seasamh a leag aturnaetha Ionad X amach agus, go bunúsach, chuaigh siad siar ar an gcinneadh a rinne siad géilleadh don iarraidh uaitse. Ina dhiaidh sin, an 23 Nollaig 2002, chuir siad in iúl duitse nach raibh siad in ann géilleadh don iarraidh uait sa chás sin agus d’iarr siad ort athbhreithniú inmheánach a iarraidh. Ba é an toradh a bhí ar an athbhreithniú inmheánach sin, a cuireadh chugatsa an 23 Eanáir 2003, gur diúltaíodh don iarraidh uait ar bhonn alt 26(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise. An 29 Eanáir 2003 rinne tú iarratas chun na hOifige seo ar athbhreithniú ar dhiúltú an Oird géilleadh don iarraidh uait.
Mar gheall ar an mearbhall a bhaineann le próiseáil na hiarrata uait i ndáil le saoráil faisnéise, chinn m’Oifigse glacadh le d’iarratas ar athbhreithniú ar an ngnáthbhealach, d’ainneoin gur chinn an tOrd iarbhír géilleadh don iarraidh uait agus ina dhiaidh sin go ndeachaigh siad siar ar an gcinneadh sin. Is deimhin liom gurb é sin an gníomh ceart ag cuimhneamh i gcónaí, go háirithe, dá seasfaí leis an gcinneadh bunaidh, gur dóigh go ndéanfadh Ionad X achomharc chuig an Oifig seo. Is é atá tábhachtach anseo ná, chun críocha an athbhreithnithe seo, go ndearna an Oifig teagmháil leis na páirtithe iomchuí go léir (lena n-áirítear Ionad X) agus go bhfuarthas aighneachtaí uathu go léir agus gur cuireadh na haighneachtaí sin i gcuntas.
Seoladh an Athbhreithnithe seo
Le linn an cás seo a athbhreithniú, thug mé aird ar na nithe seo a leanas:
- an comhfhreagras a bhí ann idir tú féin agus an tOrd i ndáil leis an iarraidh uait;
- conclúidí an Oird maidir leis an ní;
- an t-iarratas a rinne tú chuig an Oifig seo;
- an comhfhreagras/an chumarsáid idir na páirtithe agus an Oifig seo;
- faisnéis a sholáthair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis an gcaidreamh conarthach atá aici le hIonad X, agus
- forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú leis an Acht um Shaoráil Faisnéise [Leasú], 2003.
Tugaim faoi deara gur chuir an tUasal Des O'Neill ó m’Oifigse, an tImscrúdaitheoir a bhí ag plé leis an gcás seo, ráiteas maidir lena réamhthuairimí chuig an Ord agus chuig Ionad X an 7 Aibreán 2003. Cé gur thug mé aird ar na réamhthuairimí sin, beidh sé soiléir ón méid seo a leanas nach nglacaim leis na tuairimí sin i ngach cás.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Is í an cheist san athbhreithniú seo an bhfuil bonn, faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, leis an gcinneadh a rinne an tOrd diúltú rochtain a thabhairt ar an taifead lena mbaineann.
Findings
Torthaí
Nithe Réamhráiteacha
Mar gheall ar an méid ama atá caite ó rinne tú an iarraidh i ndáil le saoráil faisnéise, tá sé iomchuí a lua gur athbhreithniú de novo, atá bunaithe ar an dlí agus ar na himthosca mar atá siad i bhfeidhm an tráth a dhéantar an cinneadh ar athbhreithniú, an t-athbhreithniú seo faoi alt 34 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Is léir gurb amhlaidh atá ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte i gcás Minister for Education and Science and the Information Commissioner - nuair a dúirt an Breitheamh Ó Caoimh, agus é ag tagairt do chineál athbhreithnithe faoi alt 34 den Acht um Shaoráil Faisnéise "gur gá béim a leagan a thábhachtaí atá sé gur ceart gur mar éisteacht de novo ag an gCoimisinéir Faisnéise achomharc arna chomhaontú idir na páirtithe agus a thig as Alt 34 den Acht agus gur ceart, maidir leis an gcinneadh a bhí le déanamh ag an gCoimisinéir Faisnéise, go ndéanfaí é i bhfianaise na n-achomharc a dhéanfaí chuig an gCoimisinéir Faisnéise i bhfianaise na bhfíoras agus na n-imthosca a bhí ann dáta an athbhreithnithe seachas i bhfianaise na bhfíoras agus na n-imthosca a bhí ann dáta an chéad chinnidh." Thacaigh an Breitheamh Quirke go sainráite leis an dearcadh sin sa bhreithiúnas a thug sé le déanaí in The National Maternity Hospital and the Information Commissioner.
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach cuimhneamh i gcónaí go ndéanann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithniú trí athmheas iomlán a dhéanamh ar thuillteanais an cháis seachas ar mhodh athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Luaim an pointe sin go háirithe mar gheall ar mhíthuiscint is dealraitheach atá ann maidir le ról Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus atá in aighneacht a rinne aturnaetha a bhí ag gníomhú thar ceann an Oird.
Ar deireadh thiar, cé gur thug mé aird ar na haighneachtaí mionsonraithe a rinne aturnaetha ag gníomhú thar ceann an Oird agus Ionad X, faoi seach, ní bhraithim gur gá aird a dhíriú ar gach ceann de na háitimh a ardaítear sna haighneachtaí sin.
Alt 26(1)(a)
Bhraith an tOrd ar alt 26(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise mar bhonn le diúltú don iarraidh uaitse. Deirtear an méid seo a leanas in alt 26(1)(a):
"(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—
(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh [do chomhlacht poiblí] i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó”
Le go mbeidh feidhm ag alt 26(1)(a), is gá ceithre rud a shuíomh, eadhon:
- gur tugadh an fhaisnéis i modh rúin, agus
- gur tugadh an fhaisnéis ar an tuiscint gogcoinneofaí rúnda í, agus
- gur dhóigh go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile sa todhchaí dá nochtfaí an fhaisnéis, agus
- go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht.
Léirítear an téarma “tuiscint” i gcomhthéacs alt 26(1)(a) mar chomhthuiscint idir an té nó an dream a thugann an fhaisnéis i modh rúin agus an té nó an dream dá dtugtar an fhaisnéis i modh rúin. Is mian liom an méid seo a leanas a lua go ginearálta. Mar thoradh ar an Acht um Shaoráil Faisnéise tá athruithe tagtha ar an tslí ina seolann comhlachtaí poiblí a ngnó agus ar na comhaontuithe a dhéanann siad. Mar gheall ar a thábhachtaí atá oscailteacht agus cuntasacht sa tseirbhís phoiblí, agus toisc go raibh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 i bhfeidhm le níos mó ná ceithre bliana anuas an tráth a iarradh an teistiméireacht atá i gceist, is deimhin liom go raibh an tOrd (nó gur cheart go raibh an tOrd) ar an eolas maidir le himpleachtaí fhorálacha an Achta. Mar gheall ar achtú an Achta um Shaoráil Faisnéise, is féidir faisnéis a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe thairis sin ar fhorais rúndachta.
Ag breathnú ar na himthosca inar iarradh agus inar soláthraíodh an teistiméireacht, tugaim faoi deara go raibh an píosa seo a leanas sa litir ón Ord inar iarradh an teistiméireacht:
"The office will protect information received on an agreed understanding of confidentiality, consistent with the Freedom of Information Act. Such information will enjoy protection in the normal course under section 26 of that Act. We will release no such information provided by you under that Act against your wishes."
Tá abairt dheireanach an phíosa sin ar neamhréir leis an tagairt d’alt 26 den Acht. Cé go soláthraítear cosaint d’fhaisnéis rúnda a fhaigheann comhlachtaí poiblí le halt 26(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise, ní dearbhchosaint í. Tá alt 26(1)(a) faoi réir fhorálacha alt 26(3) lena gceanglaítear an fhaisnéis a scaoileadh dá mba rud é gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ar rochtain ar an taifead ná trí dhiúltú géilleadh di. Is iomchuí a thabhairt chun cuimhne ag an bpointe seo gurbh é an chéad chinneadh a rinne an tOrd, ar cinneadh é a tugadh an 6 Lúnasa 2002, an teistiméireacht a scaoileadh ar bhonn na forála i dtaobh leas an phobail atá in alt 26(3). Tugtar le fios leis an méid sin nach raibh sé beartaithe sa tagairt a rinne an tOrd do “an agreed understanding of confidentiality, consistent with the Freedom of Information Act" dearbhrúndacht a thairiscint. Más rud é gur bheartaigh an tOrd (agus níl an méid sin cinnte ar chor ar bith) a chur in iúl don Ionad X go ndéileálfaí le faisnéis ar bith a fuarthas mar fhaisnéis faoi dhearbhrún, is gealltanas é nach raibh an tOrd in ann a thabhairt.
Rud eile is ceart a chur i gcuntas ná, cibé tuiscint a bhí ann maidir le rúndacht, d’fhéadfadh nár fholaigh sí tuiscint nach ndéanfaí an teistiméireacht a nochtadh don té is ábhar don teistiméireacht (duit féin). I gcinntí éagsúla a bhain le rochtain ar theistiméireachtaí fostaíochta, i gcás inarb é nó í an t-iarrthóir an té is ábhar don teistiméireacht (amhail sa chás seo), dhírigh mé aird ar an bhfíoras gur dóigh go rialaítear comhlachtaí poiblí le riachtanais nóis imeachta chóir i gcásanna den sórt sin. [Féach na cinntí a rinne mé i gCásanna Uimh. 040152 agus 020021] thug mé faoi deara gur féidir gur gá go mbeadh iarratasóir ar phost i dteideal a bheith ar an eolas maidir le hábhar teistiméireachta a ndéanann an comhlacht poiblí breithniú uirthi mar chuid den phróiseas roghnóireachta chun nós imeachta cóir a urramú. Ina theannta sin, dhealródh sé go bhfuil an t-ualach a bhaineann le nós imeachta cóir níos troime sna cásanna sin ina gceapfaí iarratasóir ar phost chuig post murach teistiméireacht dhiúltach a chur i gcuntas.
Chun críocha an cháis seo, nílim cinnte go raibh comhthuiscint rúndachta ann idir an tOrd agus Ionad X de chineál a chuir toirmeasc ar an Ord ábhar na teistiméireachta ón Ionad X a nochtadh duitse. Mar a tharlaíonn sé, níl aon deacracht agam glacadh leis go raibh comhthuiscint rúndachta ann a chuir toirmeasc ar an Ord ábhar na teistiméireachta a nochtadh do thríú páirtithe.
Is í an tríú tástáil le go mbeidh feidhm ag alt 26(1)(a) gur dhóigh, dá nochtfaí an fhaisnéis, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile sa todhchaí. D’áitigh an tOrd gur gá di teistiméireachtaí iomlána neamhbhalbha a áirithiú ó iarfhostóirí nuair a earcaíonn siad foireann nua agus gur dhóigh, dá scaoilfí an teistiméireacht sa chás sin, go mbeadh iarmhairtí diúltacha i gceist agus iad ag iarraidh teistiméireachtaí den sórt sin sa todhchaí. Dúirt an tOrd an méid seo a leanas:
“Our contention is that the interests of our clients would be poorly served if our policy and practice in relating (sic) to accessing references was such as to create a likelihood that the references available to us in future years were circumscribed and guarded".
De réir dealraimh is áiteamh é sin nach gcuirfear teistiméireachtaí iomlána neamhbhalbha ar fáil ach amháin in imthosca ina dtuigeann an moltóir nach nochtfar an fhaisnéis don té is ábhar don teistiméireacht. I bhfocail eile, is í an éifeacht a bheadh le nochtadh ábhar na teistiméireachta ón Ionad X go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don Ord ag an duine céanna nó ag daoine eile sa todhchaí. Ní féidir liom glacadh le bailíocht an áitimh sin. Mar gheall ar an gcás áirithe seo, d’athraigh an tOrd na téarmaí ar a n-iarrann sé teistiméireachtaí fostaíochta. Dar leis an Ord, agus é ag iarraidh teistiméireachtaí den sórt sin anois, staonann sé ó chosaint ar nochtadh a thairiscint ar bhonn alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise; ina ionad sin, cuireann sé in iúl anois do mholtóirí go mbaineann téarmaí agus coinníollacha an Achta um Shaoráil Faisnéise leis an eagraíocht. Ar an mbonn sin, agus tuigim go bhfuil an méid sin i ngníomh ó bhí Feabhra 2003 ann, ní féidir tuiscint dearbhrúndachta a bheith ag moltóirí i ndáil leis an teistiméireacht uathu; beidh a fhios acu go bhféadfaí faisnéis a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Sna himthosca sin, ní féidir a mhaíomh go bhféadfaí dochar a dhéanamh do thabhairt teistiméireachtaí den sórt sin sa todhchaí dá scaoilfí teistiméireacht 2002 i do chás-sa. Is amhlaidh atá an cás toisc go mbeidh a fhios ag gach moltóir sa todhchaí, agus ó bhí Feabhra 2003 ann, nach bhfuil dearbhrúndacht i gceist do na teistiméireachtaí uathu agus go bhféadfaí iad a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní féidir a mheas go ndéanfaí dochar do sholáthar teistiméireachtaí sa todhchaí dá dtabharfaí rochtain ar theistiméireacht 2002 ón Ionad X mar ní bheadh i gceist leis sin ach léiriú ar na téarmaí ar a ndéantar teistiméireachtaí den sórt sin a iarraidh faoi láthair – is é sin le rá, beidh a fhios ag gach moltóir go bhféadfaí teistiméireachtaí a scaoileadh de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.
I bhfianaise an mhéid sin, cinnim nár dhóigh go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise dá shamhail (teistiméireachtaí fostaíochta) don Ord ag an duine céanna nó ag daoine eile. Mar atá leagtha amach thuas, le go mbeidh feidhm ag alt 26(1)(a) is gá go gcomhlíontar gach ceann de na ceithre thástáil aitheanta. Ós rud é nach gcomhlíontar ceann amháin de na tástálacha sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) sa chás seo.
Alt 26(1)(b)
I gcomhthéacs an cháis seo, ní mór alt 26(1)(b) a léamh i dteannta alt 26(2):
"(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—
(a) ...
(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.”
I gcinneadh an 21 Eanáir 2003 ón Ord tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, bhraith an tOrd ar alt 26(1)(a) amháin mar bhonn le diúltú don iarraidh uaitse. I gcúrsa an athbhreithnithe seo, thug an tUasal O’Neill as an Oifig seo mar thuairim réamhráiteach uaidh gur gá a mheas (ina thuairim féin), mar gheall ar alt 26(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise, go raibh dualgas cothromasach rúndachta ann idir an tOrd agus Ionad X. Mhol an tUasal O’Neill freisin áfach gur cheart an dualgas cothromasach rúndachta a neamhniú ar mhaithe le leas an phobail. Ina bhfreagra ar na tuairimí réamhráiteacha sin, thacaigh aturnaetha thar ceann an Oird leis an tuairim go raibh dualgas cothromasach rúndachta ann ach chuir siad i gcoinne an dualgas sin a neamhniú ar mhaithe le leas an phobail.
Níor déileáladh leis an bhféidearthacht go mbainfeadh alt 26(2) le hábhar sa litir ón Uasal O’Neill maidir leis na tuairimí réamhráiteacha agus táimse chun aird a dhíriú air sin anois.
Alt 26(2)
Baineann alt 26(2) le hábhar toisc go gcuirtear srian leis ar an gcineál cáis ina bhfuil feidhm ag alt 26(1). Is gá dhá thástáil a chomhlíonadh le go mbeidh feidhm ag an srian; baineann ceann amháin acu le foinse an taifid atá i gceist agus baineann an ceann eile le céannacht an duine bhfuil dualgas rúndachta ag dul dó nó di (agus cás inar shárú ar dhualgas rúndachta a bheadh i nochtadh an taifid). Éilítear leis an gcéad tástáil gur taifead arna ullmhú ag comhlacht poiblí nó ag duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí an taifead lena mbaineann. Éilítear leis an dara tástáil gur dualgas rúndachta é an dualgas rúndachta atá ag dul do chomhlacht poiblí nó do dhuine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí. Is léir nach bhfuil an díolúine faoi alt 26(1)(b) ceaptha leasanna comhlachta phoiblí ná leasanna aon duine atá ag gníomhú mar chonraitheoir do chomhlacht poiblí a chosaint. Go bunúsach, dealraíonn sé gurb é atá i gceist gur cheart comhlachtaí a mhaoinítear le hairgead poiblí, cé nach comhlachtaí poiblí iad sa chiall gur cuid den earnáil Stáit iad, a bheith faoi réir na leibhéal céanna trédhearcachta agus cuntasachta atá i gceist le comhlachtaí san earnáil Stáit.
Trí na tástálacha sin a chur chun feidhme sa chás seo, is léir gur taifead arna ullmhú ag Ionad X an taifead lena mbaineann (an teistiméireacht fostaíochta) agus gur shárú ar dhualgas rúndachta a bhí ag dul don Ionad X aon sárú ar dhualgas rúndachta a bheadh i gceist.
Mar gheall ar fhaisnéis a sholáthair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do m’Oifigse, is deimhin liom go bhfuil caidreamh conarthach ann idir Ionad X agus an FSS agus gurb ionann an caidreamh sin agus conradh le haghaidh seirbhísí. (Cé nach ndearna mé fiosrú go sonrach, bheinn ag súil leis gurb ionann an caidreamh atá ann idir an tOrd agus an FSS agus conradh le haghaidh seirbhísí; ach ní gá an tsaincheist sin a chinneadh chun críocha an cháis seo.) Tuigim ón FSS go ndéanann an FSS na seirbhísí a sholáthraíonn Ionad X a mhaoiniú go substaintiúil (níos mó ná €2m. gach bliain faoi láthair) agus go soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte níos mó ná 90% de mhaoiniú príomha Ionad X. Tuigim freisin go bhfuil ionadaithe ag an FSS ar Bhord Bainistíochta Ionad X. Ina theannta sin, tuigim, maidir le seirbhísí Ionad X, gur seirbhísí iad, go feadh méid mhóir, de chineál a bhfuil dualgas reachtúil ar an FSS a sholáthar agus go ndéanann an FSS an dualgas sin a chomhall, go páirteach, trí shocrú conarthach le hIonad X. Ar deireadh thiar, tuigim gur deimhin leis an FSS, cé nach bhfuil aon chomhaontú foirmeálta seirbhíse ann idir Ionad X agus an FSS, gur caidreamh é is ionann agus conradh intuigthe le haghaidh seirbhísí. Ar ndóigh, feictear domsa go bhfuil Ionad X sa riocht céanna vis à vis an FSS agus atá go leor soláthraithe eile seirbhíse agus gur cheart go mbeadh Ionad X ag súil leis, cosúil leis na soláthraithe seirbhísí eile sin, go dtiocfadh sé go díreach faoi réir an Achta um Shaorála Faisnéise ag pointe éigin.
Chun críocha an cháis seo, tá sé tábhachtach a bheith soiléir, maidir leis na tástálacha in alt 26(2), go mbaineann siad le conradh le haghaidh seirbhísí “le comhlacht poiblí” seachas “leis an gcomhlacht poiblí”. Mar sin, chun na tástálacha a chomhlíonadh, ní gá a shuíomh sa chás seo go bhfuil conradh ag Ionad X leis an Ord (“an comhlacht poiblí”); is leor a shuíomh go bhfuil conradh le haghaidh seirbhísí ag Ionad X le comhlacht poiblí (a fholaíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte).
Cinnim, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, gur duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí Ionad X. Mar gheall ar an gcinneadh sin, is deimhin liom gur comhlíonadh an dá thástáil a luaitear thuas – agus is tugaid le feidhm alt 26(2). Mar sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 26(2) maidir leis an taifead atá i gceist sa chás seo agus nach bhfuil feidhm ag alt 26(1).
Toisc go bhfuil éifeacht le halt 26(2), níl feidhm ag alt 26(1) ina bhfuil ailt 26(1)(a) agus 26(1)(b) araon. Chinn mé cheana, níos túisce sa chinneadh seo, nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a); is foras ar leithligh é feidhm a bheith ag alt 26(2) lena chinneadh nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a).
Sárú ar Dhualgas Cothromasach Rúndachta
Toisc gur chinn mé go bhfuil feidhm ag alt 26(2) agus nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b), níl sé fíor-riachtanach go ndéileálfaidh mé leis an tsaincheist i dtaobh ar shárú ar dhualgas cothromasach rúndachta nó nárbh ea nochtadh an taifid. Dá mbeadh orm déileáil leis an gceist sin is dócha go gcinnfinn nár shárú ar dhualgas cothromasach rúndachta é nochtadh in imthosca áirithe an cháis seo. Tugtar achoimre thíos ar na cúiseanna go leanfainn an cur chuige sin.
Rinne mé tagairt níos luaithe sa chinneadh seo, i gcomhthéacs alt 26(1)(a), do chineál na tuisceana rúndachta a bhí ann idir an tOrd agus Ionad X i ndáil leis an teistiméireacht a iarraidh agus a sholáthar. Go hachomair, ní deimhin liom go raibh comhthuiscint rúndachta ann idir an tOrd agus Ionad X a chuir toirmeasc ar an Ord ábhar theistiméireacht Ionad X a nochtadh duitse. D’ainneoin an tátail sin, b’fhéidir nár mhiste déileáil go sonrach leis an áiteamh go ndéanfaí sárú ar dhualgas cothromasach rúndachta dá scaoilfí an teistiméireacht chugatsa.
Mar phointe tosaigh, measaim go bhfuil sé áisiúil cineál an dlí cothromais a mheabhrú go ginearálta. Gan airbheartú ráiteas cuimsitheach a thabhairt ar céard atá i gceist le cothromas, tá sé cruinn a rá go mbaineann sé le cothroime agus leis an gceartas aiceanta. Ar áireamh ar na prionsabail cothromais aitheanta áirithe, atá luaite i natháin chlúiteacha (atá luaite in Dictionary of Irish Law (Murdoch)) tá: “equity will not suffer a wrong to go without a remedy"; "he who seeks equity must do equity"; "he who comes to equity must come with clean hands"; "equity regards the balance of convenience" agus "equity imputes an intention to fulfil an obligation".
Agus na prionsabail leathana sin á gcur chun feidhme maidir le himthosca an cháis seo, glacaim leis má dhéanann Ionad X iarracht éileamh ar shárú ar dhualgas cothromasach rúndachta a chothú – mar gheall ar an Ord do scaoileadh na teistiméireachta chugatsa – go mbeadh sé iomchuí féachaint do na prionsabail chothromais leathana sin.
Ina theannta sin, déileáladh leis an dlí rúndachta i roinnt breithiúnas ó uaschúirteanna na hÉireann le déanaí - [mar shampla O'Callaghan i gcoinne an Bhreithimh Alan Mahon & daoine eile (2005 IESC 9) agus Mahon i gcoinne Foilseacháin Phoist (2007 IESC 15)] – ina ndéantar athbhreithniú ar na húdaráis sa réimse sin dlí. Arís, cé nach n-airbheartaítear gur anailís chuimsitheach í seo ar na breithiúnais sin, tá roinnt prionsabal fíor-iomchuí le haithint. Ar áireamh orthu sin tá na nithe seo a leanas:
- an prionsabal nach mbainfidh duine a fuair faisnéis faoi rún leas éagórach as an rúndacht sin;
- an prionsabal go mbítear ag súil leis go n-urramóidh an duine a fhaigheann an fhaisnéis faoi rún an dualgas a bheith de mheon macánta;
- an prionsabal nach bhfuil ceanglas chun faisnéis faoi rún a choinneáil siar ó pháirtí iomardaithe inmharthana ach amháin i gcás inar cóir sna himthosca go léir an diúltú faisnéis a nochtadh;
- an prionasabal go bhfuil rúndacht cáilithe leis na ceanglais Bhunreachtúla arb éard iad an ceartas aiceanta nó nós imeachta cóir.
Dá mba rud é gur shárú ar dhualgas cothromasach rúndachta, a bhí ag dul don X Centre ón Ord, é an teistiméireacht a scaoileadh chugatsa, ansin is mar a leanas a bheadh an cás:
- de réir dealraimh thacódh an cothromas le teip ar an gceartas aiceanta/nós imeachta cóir (sa mhéid is go mbeadh tionchar ag teistiméireacht rúnda ar d’ionchais fostaíochta leis an Ord);
- de réir dealraimh thacódh an cothromas le héagóir a dhéanamh nach bhfuil aon leigheas uirthi;
- de réir dealraimh thacódh an cothromas le faisnéis a choinneáil siar ó pháirtí iomardaithe i gcás nár dhóigh gur chóir an méid sin a dhéanamh sna himthosca go léir;
- de réir dealraimh thacódh an cothromas le cearta páirtí (nó páirtithe) a iarrann cothromas ach nach bhfuil lámha glana acu, nó a iarrann cothromas ach nach bhfuil sásta cothromas a thabhairt (sa mhéid is go ndaingneofaí ceart an Oird agus Ionad X téarmaí a chomhaontú atá éagórach de réir dealraimh).
Ar an taobh eile, ní féidir liom glacadh leis go bhféadfaí a mheas, dá scaoilfeadh an tOrd an teistiméireacht chugatsa, go rabhthas ag teacht i dtír go héagórach ar Ionad X; ná gur fianaise an méid sin ar mheon mímhacánta vis à vis Ionad X. De réir dealraimh, iarradh agus soláthraíodh an teistiméireacht gan ráiteas soiléir a bheith tugtha ag ceachtar taobh i dtaobh na dtéarmaí beachta ar a raibh an t-idirbheart bunaithe. Feictear domsa áfach, nach bhféadfadh ceachtar taobh a bheith ag súil leis – dá gcaithfidís tamall ag déanamh machnaimh ar an méid a bhí i gceist - go bhféadfaí teistiméireacht, atá chomh suntasach sin maidir le hionchais fostaíochta duine aonair, a choinneáil siar go dlisteanach ón té is ábhar don teistiméireacht. Agus an méid sin á rá agam, tuigim go hiomlán go mb’fhéidir gur gnáthchleachtas i roinnt earnálacha san am atá thart cleachtas den sórt sin. Ní fhágann sé sin go bhfuil an cleachtas inghlactha. Mar a thug mé le tuiscint i gcinntí eile – mar shampla i gCás 010310, tá réimse roghanna ar fáil ag comhlachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí agus iad ag iarraidh oiriúnacht fostaí ionchasaigh a shuíomh; níor cheart gur ghá a bheith ag brath ar chleachtais atá éagórach go bunúsach.
Go hachomair, dá mbeadh sé riachtanach cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaí nó nach ndéanfaí sárú ar dhualgas cothromasach rúndachta dá nochtaí an taifead duitse, is é a chinnfinn nach mbeadh sárú den sórt sin i gceist in imthosca áirithe an cháis seo.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú), neamhnímse leis seo cinneadh an Oird diúltú rochtain a thabhairt ar an taifead a iarradh agus ordaím don Ord cóip den taifead atá i gceist a sholáthar duitse.
Cearta Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann cinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an gcinneadh sin. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéir Faisnéise