- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 050319 - John Burns agus Fáilte Ireland
Iarraidh chun rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann leis an gcinneadh chun ceithre óstán cúig réalt a íosghrádú – an bhfuil faisnéis a tugadh i modh rúin sna taifid – alt 26 - an bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de – alt 27 – an bhfuil bonn lena n-eisiúint ar mhaithe le leas an phobail – alt 27(3).
Case Summary
Firicí
D'iarr an t-iarrthóir na taifid go léir a bhaineann le ceithre óstán a íosghrádú ó stádas cúig réalt go dtí stádas ceithre réalt. Ceanglaítear leis an reachtaíocht iomchuí óstáin a chlárú le Fáilte Ireland, ach ní cheanglaítear leis an reachtaíocht sin go nglacfaidh siad páirt i scéim aicmithe ná ní leagtar amach sa reachtaíocht sin caighdeáin d'óstáin. Cuireadh córas aicmithe saorálach ar bun sa bhliain 1993.
Tráth chinneadh an Choimisinéara, bhí ar áireamh sna taifid atá i gceist faisnéis a bhaineann leis na hóstáin (tuarascálacha cigireachta agus taifid ghaolmhara) agus taifid ina raibh tuairimí na n-óstán maidir leis an gconraitheoir (Excellence in Tourism, nó “EIT” chun críocha chinneadh an Choimisinéara) a sheol an próiseas grádúcháin thar ceann Fáilte Ireland. B'iad ailt 26 agus 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise na forálacha ar ar bhraith Fáilte Ireland.
Cinneadh
Níor ghlac an Coimisinéir leis go raibh feidhm ag alt 26 maidir le formhór na dtaifead. Ghlac sí leis go raibh feidhm aige maidir le taifead amháin, agus maidir le gnéithe de dhá thaifead eile.
Ghlac sí leis go raibh na taifid a bhaineann leis na cigireachtaí ar na hóstáin cáilithe le haghaidh díolúine faoi alt 27(1)(b), cé go raibh dáta orthu a théann siar chomh fada le 2003 agus 2004. Le linn leas an phobail a chur i gcuntas, rinne an Coimisinéir idirdhealú idir cigireacht a dhéanamh ar óstáin chun iad a aicmiú faoi chóras saorálach agus cigireacht éigeantach a dhéanamh ar chistineacha óstán chun críocha na reachtaíochta a bhaineann le sláinteachas bia. Níor chinn sí go raibh bonn leis na taifid lena mbaineann a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail.
Ghlac an Coimisinéir leis chomh maith go raibh feidhm ag alt 27(1)(b) maidir le taifid a bhaineann le tuairimíocht ó na hóstáin faoin gconraitheoir. I dtéarmaí ginearálta, dúirt sí go gceapann sí gur cheart taifid ina dtaispeántar conas a rinneadh stádas cúig réalt a thabhairt ar ais do na hóstáin tar éis achomharc a dhéanamh chuig Fáilte Ireland a bheith ar fáil don phobal. Thug sí faoi deara go nochtann taifid a d'eisigh Fáilte Ireland i gcúrsa an athbhreithnithe seo conas a rinneadh an cinneadh lena mbaineann. Níor cheap sí go dtuigfí an próiseas achomharc níos fearr dá n-eiseofaí an tuairimíocht shonrach ar leithligh faoi EIT atá sna taifid, agus chinn sí mar sin nach raibh bonn leis na taifid lena mbaineann a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail.
Date of Decision: 09.05.2007
Our Reference: 050319
09.05.2007
John Burns, Uasal The Sunday Times
Mr Burns, A dhuine uasail,
Déanaim tagairt don iarratas a rinne tú chun na hOifige seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) ar athbhreithniú ar an gcinneadh ó Fáilte Ireland maidir leis an iarraidh neamhdhátaithe uait chun rochtain a fháil “ar na taifid go léir a bhaineann le hísliú céime ceithre óstán ó stádas ceithre réalt le déanaí, agus leis an achomharc a rinne siad ina dhiaidh sin i gcoinne an chinnidh sin.”
Gabh mo leithscéal, le do thoil, mar gheall ar an moill a bhí ann le linn déileáil le d'iarratas. Is é is cúis leis riaráiste cásanna de bharr easpa foirne nuair a bunaíodh an Oifig ar dtús. Toisc go raibh an Oifig ag déileáil le roinnt cásanna casta ina ndearnadh na hiarratais sula ndearnadh an t-iarratas i do chás-sa, ní rabhamar in ann d'iarratas a chur i gcrích go dtí seo.
Background
Cúlra
Mar a luadh, iarradh leis an iarraidh neamhdhátaithe uait rochtain “ar na taifid go léir a bhaineann le hísliú céime ceithre óstán ó stádas ceithre réalt le déanaí, agus leis an achomharc a rinne siad ina dhiaidh sin i gcoinne an chinnidh sin.” Glacann Fáilte Ireland leis maidir leis an tagairt d'ísliú céime óstán le stádas ceithre réalt gur tagairt d'óstán le stádas ceithre réalt a bhí beartaithe. Ar an 7 Feabhra 2005, dúirt Fáilte Ireland leat go raibh sé ag diúltú do d'iarraidh, rud ar iarr tú go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach air ina dhiaidh sin. Ar an 29 Meán Fómhair 2005, d'eisigh Fáilte Ireland cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh agus luadh ann go raibh sé ag eisiúint na dtaifead, go páirteach, a shíl sé a bhí iomchuí maidir leis an iarraidh uait. Ar an 11 Deireadh Fómhair 2005, rinne tú d'achomharc chuig an Oifig seo.
Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh, thug mé aird ar chomhfhreagras idir Anne Moran, Uasal, Imscrúdaitheoir san Oifig seo, agus Fáilte Ireland, ar chomhfhreagras idir Anne Moran, Uasal, agus na hóstáin lena mbaineann, agus ar chomhfhreagras idir Anne Moran, Uasal, agus Excellence in Tourism Ltd (EIT), a bhí faoi chonradh ag Fáilte Ireland chun cigireachtaí a dhéanamh thar ceann Fáilte Ireland faoin gcóras réaltaicmithe nach raibh éigeantach an tráth sin le haghaidh óstán agus tithe aíochta. D'iarr an Irish Hotels Federation (an tIHF) freisin go dtaifeadfaí a thuairimí, agus thug mé aird ar a chuid tuairimíochta. Thug mé aird ar an iarratas a rinne tú chun na hOifige seo agus ar shonraí comhrá a bhí agat le déanaí le hAnne Moran, Uasal. Rinne mé scrúdú ar chóipeanna de na taifid atá i gceist, a cuireadh chuig m'Oifigse lena n-iniúchadh. Ar deireadh thiar, rinne mé an t-athbhreithniú seo de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise), arna leasú leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003. Gach tagairt sa litir seo d'ailt áirithe den Acht um Shaoráil Faisnéise, is tagairt í don Acht um Shaoráil Faisnéise arna leasú.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Ar an gcéad dul síos leagfaidh mé amach an méid a shealbhaíonn Fáilte Ireland taifid a bhaineann leis an iarraidh uait. Ansin leagfaidh mé amach na taifid sin a eisíodh (ar taifid iad, a dtugaimse faoi deara ina leith, a nochtann cé na hóstáin lena mbaineann), lena n-áirítear na taifid sin a eisíodh i gcúrsa an athbhreithnithe seo. Níl na taifid sin mar sin clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaim. Ar deireadh, leagaim amach na taifid a coinníodh siar agus atá clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaim:
- Comhad Óstán A: 16 thaifead iomchuí, ar eisíodh taifid 1-9 díobh ina n-iomláine agus 10-16 díobh go páirteach. Mar sin, tá an chuid eile de thaifid 10-16 clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaim.
- Comhad Óstán B: 19 dtaifead iomchuí, ar eisíodh taifid 1-5 agus 7 díobh agus ar eisíodh taifid 6, 8-10, 13-19 díobh go páirteach. Mar sin tá taifid 11 agus 12 (a coinníodh siar ina n-iomláine) agus an chuid eile de thaifid 6 agus 8-19 clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaim.
- Comhad Óstán C: 27 dtaifead iomchuí, ar eisíodh taifid 1, 2, 4, 6-8 agus 24 go 26 díobh ina n-iomláine agus ar eisíodh taifid 3, 5, 10-14, 18-20 agus 27 go páirteach. Mar sin beidh taifid 9, 15-17, 21-26 díobh agus an chuid eile de thaifid 3, 5, 10-14, 18-20 agus 27 clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaim.
- Comhad Óstán D: 39 dtaifead iomchuí, ar eisíodh taifid 3, 4, 12, 17a, 21, 22, 24-26, 35 agus 38 díobh ina n-iomláine agus ar eisíodh taifid 27, 28, 30-34, 36, 37 agus 39 díobh go páirteach.
Sholáthair Fáilte Ireland cóip dom freisin de thaifead (agus ceangaltáin éagsúla ag gabháil leis) dá dtagraítear i dtaifead 1 den chomhad seo, ar dealraitheach nach ndearnadh breithniú air le linn a phróisis chun cinneadh a dhéanamh. Aon tagairt eile do thaifead 1 i gcomhad Óstán D, mar sin, tá sí beartaithe mar thagairt don taifead a ndearna an Bord breithniú air le linn a phróisis chun cinneadh a dhéanamh go dtí seo chomh maith le tagairt don taifead breise agus na ceangaltáin a ghabhann leis.
Trí dhearmad níor eisigh Fáilte Ireland taifead 17 sa chomhad seo (billeog chumhdaigh facs) chugat. Gheall sé go n-eiseoidh sé an taifead chugat láithreach. Dá réir sin, ní gá domsa tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar an taifead seo. Is iad na taifead sa chomhad seo atá clúdaithe le scóip an athbhreithnithe uaimse na taifid sin a coinníodh siar ina n-iomláine (taifid 1, 2, 5-11, 13-16, 18-20 agus 23) agus na taifid sin a coinníodh siar go páirteach (taifid 27-34, 36, 37 agus 39).
I gcás inar gá, déanfaidh mé tagairt do chomhad Óstán D, do chomhad Óstán C, do chomhad Óstán A agus do chomhad Óstán B mar “Comhaid na nÓstán”.
- Comhad an Bhoird Achomhairc Aicmithe (BAA): 16 thaifead iomchuí, ar eisíodh 14 thaifead díobh agus ar eisíodh cuid den dá cheann atá fágtha (taifead 5 agus taifead 7).
Is é atá i dTaifead 7 dhá litir ó EIT chuig an BAA an 11 Samhain 2004 (ceann amháin a bhaineann leis an achomharc a rinne an D, a eisíodh go páirteach chugat, agus an ceann eile a thagair i gcoitinne do na hachomhairc go léir a cuireadh faoi bhráid an BAA a eisíodh chugatsa ina iomláine). Déanfaidh mise tagairt do litir an 11 Samhain 2004 a eisíodh go páirteach mar thaifead 7a.
Tá ceangaltán ag gabháil leis an litir eile ón 11 Samhain 2004, ina bhfuil doiciméid éagsúla a sholáthair EIT don BAA chun críche an achomhairc. Tá ar áireamh sa cheangaltán cóipeanna de thaifid éagsúla atá i gComhaid na nÓstán cheana féin, agus a eisíodh chugat nó a ndéantar breithniú orthu ina dhiaidh seo sa litir seo. Tá sé ar intinn agam gan déileáil níos mó le haon chóipeanna de na taifid sin atá as cheangaltán seo.
Sa cheangaltán freisin tá roinnt taifead nach bhfuil i gComhaid na nÓstán, ar eisíodh cuid acu chugat le linn an athbhreithnithe seo. Níl sé ar intinn agam déileáil níos mó leis na taifid sin. Is iad seo a leanas na taifid nár eisíodh chugatsa go dtí seo agus atá clúdaithe le scóip m'athbhreithnithe:
- Figiúir athchóiriúcháin do cheann de na hóstáin (a coinníodh siar ina n-iomláine agus a a ainmneoidh mise mar thaifead 7b);
- Litir dar dáta an 12 Feabhra 2004 ó Óstán D chuig EIT (a coinníodh siar go páirteach, a ainmnítear anois mar thaifead 7c);
- Tuarascáil Chigireachta Óstán C (a coinníodh siar go páirteach, a ainmnítear anois mar thaifead 7d);
- Litir o Óstán C chuig EIT dar dáta an 6 Lúnasa 2004 (a coinníodh siar go páirteach, a ainmnítear anois mar thaifead 7e);
- Litir ó Óstán C chuig EIT dar dáta an 29 Iúil 2004 (a coinníodh siar ina hiomláine, a ainmnítear anois mar thaifead 7f);
- Litir ó Óstán C chuig EIT dar dáta an 21 Meitheamh 2004 (a coinníodh siar go páirteach, a ainmnítear anois mar thaifead 7g).
An Córas Aicmithe
Tá Fáilte Ireland freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann óstáin na critéir chlárúcháin faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939-1988. De réir mar a thuigim, an tráth a rinne tusa d'iarraidh, gur oibrigh Fáilte Ireland, i gcomhairle leis an IHF, córas réalt-aicmithe neamhéigeantach freisin d'óstáin agus do thithe aíochta, a thug an ceart do na forais sin rogha a dhéanamh páirt a ghlacadh sa chóras nó gan páirt a ghlacadh sa chóras. An tráth a rinne tú d'iarraidh, bhí oibriú na gcigireachtaí, na gclárúchán agus an chórais aicmithe á dhéanamh ag EIT thar ceann Fáilte Ireland. De réir mar a thuigim tá córas aicmithe éigeantach á chur in ionad an chórais shaorálaigh sin faoi láthair.
Taispeánann na taifid sin a d'eisigh Fáilte Ireland chugat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur mheas EIT ar deireadh thiar, thar ceann Fáilte Ireland, gur cheart na hÓstáin a athaicmiú mar óstáin ceithre réalt; go raibh comhfhreagras éagsúil idir na hóstáin agus EIT ar scór an mhéid sin; go ndearna na hóstáin achomhairc chuig Fáilte Ireland i gcoinne na gcinntí iad a athaicmiú; gur cuireadh an BAA ar bun, go ndearna sé breithniú ar a n-achomhairc agus gur sheas sé leo; agus gur lean na hóstáin de bheith aicmithe mar óstáin cúig réalt dá réir sin (nó i gcás an Shelbourne, gur tharraing sé siar a achomharc agus d'iarr a bheith neamhaicmithe go dtí go gcríochnófaí a thionscadal athchóiriúcháin). Taispeánann na taifid a eisíodh chugat as comhad BAA na cúiseanna gur sheas an BAA leis na hachomhairc.
Findings
Fionnachtana
Sna haighneachtaí a chuir Fáilte Ireland faoi bhráid na hOifige seo, bhraith sé ar roinnt díolúintí san Acht um Shaoráil Faisnéise chun tacú leis an seasamh a bhí aige nár cheart na taifid atá i gceist a eisiúint chugat – eadhon alt 21(1)(a), 27 (ar alt é nár luaigh sé ina leith an raibh alt 27(1)(a), (b) nó (c) iomchuí), 26(1)(a), 26(1)(b), 22(1)(a), 23(1)(a)(ii), 23(1)(a)(iv), 30, 31(1)(a), 31(2)(l), 31(2)(m), 31(2)(n) agus 31(2)(o). Mar a bheidh tugtha faoi deara agat sna sceidil a sholáthair Fáilte Ireland duit, braitheadh ar alt 22(1)(a) maidir le taifid áirithe a bhaineann le hÓstán D.
Ar an gcéad dul síos, tugaim faoi deara go ndéantar tagairt i dtaifead amháin (an chéad líne de thaifead 15 i gcomhad Óstán A) do bhaill d'fhoireann an óstáin. Táim deimhin de go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi na daoine lena mbaineann dá n-ordóinn an sliocht seo a eisiúint, agus nach gá é a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail. Dá réir sin táim deimhin de gur cheart an sliocht a choinneáil siar óna eisiúint faoi alt 28(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise, ina bhfuil foráil chun diúltú d'iarraidh ar rochtain ar thaifead i gcás go nochtfaí faisnéis phearsanta dá ndéanfaí é eisiúint.
Alt 22(1)(a)
Foráiltear le halt 22(1)(a) go ndiúltófar géilleadh d'iarraidh ar thaifead dá mba rud é “go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla”.
Glacaim leis go gcumasaíonn pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil don chliant (is é sin le rá Fáilte Ireland sa chás seo) chun rúndacht dhá chineál cumarsáide a chothabháil:
- cumarsáidí rúnda arna ndéanamh idir an cliant agus a chomhairleoir nó a comhairleoir gairmiúil dlíthiúil d'fhonn comhairle dhlíthiúil a fháil agus/nó a thabhairt, agus
- cumarsáidí rúnda arna ndéanamh idir an cliant agus comhairleoir gairmiúil dlíthiúil nó idir an comhairleoir dlíthiúil agus tríú páirtí nó idir an cliant agus tríú páirtí arb é is príomhchuspóir leis ullmhú le haghaidh dlíthíochta atá ar intinn nó ar feitheamh.
Ní cheanglaítear le halt 22(1)(a) go ndéanfar leas an phobail a chur i gcuntas.
Sílim go bhféadfar roinnt taifead atá i gcomhad Óstán D a choinneáil siar ar na forais go bhfuil feidhm ag alt 22(1)(a) maidir leo. Is é atá sna taifid cumarsáidí idir Fáilte Ireland agus a chomhairleoirí dlíthiúla, idir comhairleoirí dlíthiúla Fáilte Ireland agus comhairleoirí dlíthiúla Óstán D, idir comhairleoirí dlíthiúla Fáilte Ireland agus EIT, agus idir Fáilte Ireland agus Óstán D agus/nó a chomhairleoirí dlíthiúla. Is deimhin liom go ndearna Óstán D machnamh ar dhlíthíocht toisc ón tús bhí a aturnaetha bainteach leis an bplé le Fáilte Ireland agus dá réir sin, sin an chúis go bhfuil na taifid lena mbaineann ann. Dá réir sin, sílim go mbaineann an dara cuid de phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil, agus amhlaidh, alt 22(1)(a), leis na taifid seo a leanas i gcomhad Óstán D:
Taifid 1; 2; 5; 6; 7; 8; 9; 10; 11; 13; 14; 15; 16; 18; 19; 20; 23.
Is leis an gcliant an phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil agus níl Fáilte Ireland toilteanach an phribhléid sin a tharscaoileadh. Toisc nach gá aon tástáil maidir le leas an phobail a chur i gcuntas maidir le taifid ar cinneadh go bhfuil feidhm ag alt 22(1)(a) maidir leo sílim gur coinníodh na taifid sin siar uait go cuí de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Feictear domsa gur féidir na taifid atá fágtha a aicmiú ina dhá n-earnáil:
(i) Tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha eile ina bhfuil faisnéis a sholáthair na hóstáin do na cigirí maidir le pleananna todhchaí;
(ii) Comhfhreagras maidir leis an tslí inar sheol EIT an próiseas measúnachta.
Alt 26
Foráiltear le halt 26 nach n-eiseofar taifead de bhun an Achta um Shaoráil Faisnéise i gcás gurbh amhlaidh, maidir leis an taifead ina raibh an fhaisnéis:
- go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus
- ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún agus
- gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus
- go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht.
Foráiltear le halt 26(1)(b) go ndiúltófar d'iarraidh ar rochtain ar thaifead dá mba rud é “gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán ……………nó thairis sin le dlí.”
Foráiltear le halt 26(2) nach mbeidh “feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.”
Ceanglaítear le halt 26(3) gur gá leas an phobail a chur i gcuntas i gcás inar cinneadh go raibh feidhm ag alt 26(1)(a) maidir le taifead i.e. arbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, dá ngéillfí don iarraidh seachas dá ndiúltófaí di. Ní cheanglaítear le halt 26(1)(b) áfach, go ndéanfaí leas an phobail a chur i gcuntas – mar sin, dá gcinnfí taifead a bheith díolmhaithe faoin bhforáil sin, ní féidir é a eisiúint.
De réir an mhéid sin thuas, ní féidir feidhm a bheith ag alt 26(1) maidir le haon taifead arna dhéanamh ag ball d'fhoireann Fáilte Ireland, ná maidir le taifead arna dhéanamh ag aonán faoi chonradh ag Fáilte Ireland, mura mbeadh nochtadh na faisnéise lena mbaineann ina shárú ar dhualgas rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus é dlite do na hóstáin.
Áitíonn Fáilte Ireland agus na hóstáin go raibh tuiscint ann go bhfanfadh aon fhaisnéis a bhaileofaí le linn an phróisis cigireachta rátála ina faisnéis rúnda agus nach gcuirfí ach amháin rátálacha deiridh na n-óstán ar fáil don phobal.
Ní heol dom go bhfuil aon chomhaontú nó reacht ann ina bhfuil foráil maidir leis an rúndacht sin, agus níor soláthraíodh aon fhianaise dom go raibh comhaontú nó reacht den sórt sin ann. Ní mór dom a bhreithniú, áfach, an bhforáiltear do dhualgas rúndachta “thairis sin le dlí” – is é sin le rá, an bhfuil dualgas cothromasach rúndachta idir na hóstáin agus Fáilte Ireland maidir leis an bhfaisnéis atá i gceist.
Ionas go mbeidh dualgas cothromasach rúndachta ann, measann an Oifig seo gur gá trí choinníoll a chomhlíonadh, eadhon
- gur gá go mbeidh an cháilíocht rúndachta is gá ag gabháil leis an bhfaisnéis atá sa taifead agus
- gur gá gur tugadh an fhaisnéis in imthosca ina bhforchuirtear oibleagáid rúndachta agus
- gur gá úsáid neamhúdaraithe a bhaint as an bhfaisnéis sin agus gur dhochar sin don pháirtí a thug an fhaisnéis sin.
Tá an Oifig tar éis glacadh leis an míniú seo a leanas ar rúndacht, a thógtar as F. Gurry “Breach of Confidence” in Essays in Equity; P. Finn (Eag.); Law Book Company, 1985, (lch. 111): “A confidence is formed whenever one party ('the confider') imparts to another ('the confidant') private or secret matters on express or implied understanding that the communication is for restricted purpose.” (Féach cás Uimh. 98179 – Michael Grange, Uas. agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta).
Is iad baill foirne de chuid EIT a rinne na cigireachtaí i gcúrsa a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh a d'ullmhaigh na tuarascálacha cigireachta. Is é atá sna tuarascálacha tuairimí agus barúlacha an údair maidir leis na saoráidí sna hóstáin. Cé go n-áitíonn Fáilte Ireland go raibh réim na faisnéise a fuair Fáilte Ireland trí chéile i bhfad níos leithne ná an fhaisnéis a gheobhadh aon chuairteoir amháin nó a gheofaí ar aon ócáid amháin, is fíor fós nach bhfuil aon fhaisnéis sna taifid lena mbaineann a tugadh do chigire. Cinnim, dá réir sin, nár cruthaíodh aon rúndacht idir na hóstáin agus EIT maidir leis an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha cigireachta. Is amhlaidh nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b) maidir leis na taifid seo.
Is é atá i gcuid de na taifid litreacha ó na hóstáin chuig EIT maidir le saincheisteanna ar díríodh aird orthu sna tuarascálacha cigireachta. Sa mhéid a bhfuil sonraí iontu faoi na bearta a bheartaíonn na hóstáin a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ar dhírigh na cigirí aird orthu le linn a gcigireachtaí, is féidir liom a ghlacadh leis gur féidir a rá go dtugann siad faisnéis. Nílim den tuairim, áfach, gur faisnéis a bhaineann le nithe rúnda nó príobháideacha an fhaisnéis lena mbaineann. Mar a tugadh faoi deara, is faisnéis ag a bhfuil tionchar ar an rátáil arna tabhairt ar deireadh thiar do na hóstáin an fhaisnéis lena mbaineann. Measaim gurb é atá i bhfaisnéis rúnda nó phríobháideach sa chomhthéacs seo ná sonraí a sholáthair na hóstáin nach mbaineann lena bhfreagraí i dtaobh conas a bheartaíonn siad gníomh a dhéanamh ar scór fhionnachtana na gcigirí, ar nós miondealú ar an gcaiteachas beartaithe a d'fhéadfaí a thabhú le linn an gníomh sin a dhéanamh. I mo thuairimse, ní faisnéis phríobháideach nó rúnda faisnéis maidir leis na bearta a bheidh le déanamh ag óstáin le linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a d'ardaigh na cigirí agus níl feidhm ag alt 26(1)(b) maidir leis na taifid seo.
Tá trí thaifead ar an gcomhad a measaim go bhfuil faisnéis phríobháideach nó rúnda den sórt sin iontu, eadhon taifead 7b i gcomhad BAA agus an abairt dheireanach den dara mír i dtaifid 8 agus 9 i gcomhad Óstán B. Glacaim leis go raibh tuiscint rúndachta ann maidir leis an bhfaisnéis sin idir na hóstáin agus EIT, agus glacaim leis chomh maith gur úsáid neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis sin é an fhaisnéis a eisiúint. Glacaim leis chomh maith, cé go bhfuil an sonra lena mbaineann beagáinín seanda, go ndéanfaí dochar don pháirtí a thug í dá n-eiseofaí an fhaisnéis lena mbaineann. Dá réir sin, cinnim go bhfuil dualgas cothromasach rúndachta idir Fáilte Ireland agus na hóstáin maidir leis an bhfaisnéis seo agus go bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b) maidir leis na taifid seo. Níl aon tástáil maidir le leas an phobail le cur i gcuntas i leith taifead a gcinntear a bheith díolmhaithe faoi alt 26(1)(b) agus mar sin, cinnim go bhfuil na taifid seo díolmhaithe óna n-eisiúint chugatsa.
Alt 27(1)
Ag cur na dtaifead sin ar chinn mé iad a bheith díolmhaithe mar atá leagtha amach thuas i leataoibh, is é atá sna taifid atá fágtha faisnéis a bailíodh ar scór cigireachtaí ar na hóstáin ag EIT maidir leis an bpróiseas measúnachta rátála réalt agus faisnéis a sholáthair na hóstáin do EIT i dtaobh conas a bheartaíonn siad gníomh a dhéanamh i leith torthaí sonracha na gcigireachtaí. Is é atá iontu freisin comhfhreagras idir na hóstáin agus EIT, nó idir na hóstáin agus Fáilte Ireland, i dtaobh céard a cheapann na hóstáin faoin tslí a chomhlíon EIT na feidhmeanna a shann Fáilte Ireland dó.
Is é alt 27 an fhoráil is cuí a chur i gcuntas maidir leis an bhfaisnéis sin, i mo thuairimse.
Foráiltear le halt 27(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise, go ndiúltóidh ceann, faoi réir fho-alt (2), géilleadh d'iarraidh ar thaifead, más rud é go bhfuil na nithe seo a leanas sa taifead lena mbaineann:
“(a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,
(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó
(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis.”
Féadfar taifead a chinnfear a bheith díolmhaithe faoi alt 27(1) a eisiúint más fearr a dhéanfaí leas an phobail dá ndéanfaí í a eisiúint seachas í a choinneáil siar (alt 27(3)).
Alt 27 agus faisnéis a bhaineann leis na hóstáin
Ní ghlacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(a) maidir le faisnéis den sórt sin sa mhéid is nach nglacaim leis go bhfuil rúin trádála na n-óstán sna taifid. Ní ghlacaim leis ach oiread go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(c) maidir leis an bhfaisnéis seo, sa mhéid is nár léiríodh dom go bhfuil aon chaibidlí conarthacha nó eile ar bun sna hóstáin a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh dá n-eiseofaí na taifid.
Glacaim leis áfach, go bhfuil feidhm alt 27(1)(b) maidir le taifid a bhaineann le torthaí na gcigireachtaí ar na hóstáin atá sna tuarascálacha cigireachta, nó atá sa chomhfhreagras ó na hóstáin a dhéanann tagairt do na cigireachtaí sin. Mar a leagadh amach níos túisce, cosnaíonn alt 27(1)(b) faisnéis, más rud é, dá n-eiseofaí an fhaisnéis sin:
- [go] bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó
- a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha.
Ní hé éirim na tástála in alt 27(1)(b) an cineál faisnéise ach an cineál dochair a dhéanfaí dá n-eiseofaí í. Anuas air sin, lamháiltear leis an abairtín “could” san fhoráil go mbeidh saoirse i bhfad níos fearr chun diúltú rochtain a dheonú ar fhoras mheabharbhraite ná leis an bhfocal “would”. I ndáil leis an dara pointe le hurchair thuas, is ceart a thabhairt faoi deara gur féidir feidhm a bheith ag an gcuid seo d'alt 27(1)(b) fiú i gcás nach cinnte go mbeidh an dochar sin ann ach go bhféadfadh sé a bheith ann. Le linn an abairtín “dochar a dhéanamh” a úsáid, áfach, ní mór go sonrófar ar bhealach réasúnta soiléir an dochar is dóigh a tharlóidh mar thoradh ar an bhfaisnéis a iarrtar a nochtadh.
Tá tuairimí ginearálta (nó tagairt do thuairimí ginearálta) sna taifid maidir le nithe ar nós an taithí atá ag an gcigire ag an deasc fáilte sna hóstáin, an maisiúchán sna seomraí, nó an bealach a chuirtear miasa áirithe i láthair. Táim tar éis breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí a áiteamh gur faisnéis í seo de chineál a d'fhéadfadh aon duine a fhanann sna hóstáin lena mbaineann a thabhairt faoi deara, agus mar sin an bhféadfaí dochar a dhéanamh tríd an bhfaisnéis sin a eisiúint. Táim tar éis breithniú a dhéanamh chomh maith ar an bhfíric go dtéann na taifid siar go dtí na blianta 2003 agus 2004. Luaigh tusa nach bhféadfadh faisnéis a bhaineann le lochtanna a tugadh faoi deara chomh fada sin ó shin a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de anois.
Áitíodh ormsa gur dóigh go ndéanfadh tuairimí measúnóra oilte, a dhéanann anailís ar oibríochtaí na n-óstán de bhun an chórais aicmithe, i bhfad níos mó dochair do chlú na n-óstán ná aon tuairimí a chuirfeadh gnáthdhuine a fhanann ann in iúl. Is áiteamh réasúnach é seo. Glacaim leis go n-oibríonn na hóstáin i dtimpeallacht ina bhfuil an-chuid iomaíochta, ina bhfuil tábhacht thar na bearta ag gabháil leis an gclú atá ag gach óstán. Toisc gurb é toradh fhionnachtana na gcigirí go bhfaightear nó go gcoinnítear rátálacha áirithe, glacaim leis go bhféadfaí roinnt dochair a dhéanamh do chlú na n-óstán trí na fionnachtana sin a eisiúint.
Cé go dtéann an fhaisnéis sna taifid siar go dtí na blianta 2003 agus 2004, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh iomaitheoirí na n-óstán an fhaisnéis sna taifid atá i gceist a úsáid chun tairbhe dóibh féin anois. Dá réir sin, glacaim leis, d'ainneoin aois na dtaifead, go bhféadfaí tionchar a imirt ar chlú na n-óstán anois dá n-eiseofaí na taifid.
Ceist a tháinig chun tosaigh ón am a fuarthas an t-iarratas uait ná óstán B a dhíol. D'áitigh [ainm an mháthairghrúpa], áfach, go bhféadfadh drochthuairimíocht faoi óstán B tionchar a imirt ar staid iomaíochta óstán eile sa Ghrúpa. Glacaim leis an áiteamh seo.
Dá réir sin, glacaim leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir le faisnéis den sórt sin i gcomhaid na n-óstán.
Leas an phobail
Ceanglaítear orm le halt 27(3) breithniú a dhéanamh i dtaobh leas an phobail maidir le taifid a eisiúint a cinneadh a bheith díolmhaithe faoi alt 27(1). Luadh san iarratas uait chuig an Oifig seo dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2005 gurb é leas an phobail é a bheith ar an eolas faoin gcaoi a oibríonn Fáilte Ireland a chóras réalt d'óstáin. Luaigh tú freisin gurb é leas an phobail é a bheith ar an eolas faoin gcaoi a oibríonn sé a phróiseas achomharc, agus faoin gcúis gur tugadh stádas cúig réalt ar ais d'óstáin ar baineadh an stádas sin uathu.
Cé go léiríonn na taifid a eisíodh chugat nár oibrigh EIT na nósanna imeachta achomharc sa chaoi a comhaontaíodh, dhaingnigh Fáilte Ireland le m'Oifigse go ndearnadh na cigireachtaí a rinneadh ar na hóstáin san fhormáid a cheadaigh sé. Dá réir sin, níl baint ag leas an phobail le hábhair na dtaifead a chosaint ar na forais gur tháinig an fhaisnéis iontu ó phróiseas cigireachta nach raibh ceadaithe.
Ar an gcéad dul síos, measaim go ndearnadh leas an phobail maidir le bheith ar an eolas faoin gcaoi a oibríonn Fáilte Ireland a chóras rátála réalt d'óstáin trí dhoiciméad Fáilte Ireland “Classification System for Hotels in Ireland” a bheith ar fáil don phobal, ar doiciméad é ina leagtar amach na critéir atá le cur chun feidhme maidir le hóstáin a bhíonn ag iarraidh rátáil réalt áirithe a choinneáil nó a fháil, de bhun an chórais shaorálaigh a bhí ar bun an tráth a rinneadh na híosghráduithe. Ní mheasaim gurbh fhearr a dhéanfaí leas seo an phobail dá n-eiseofaí na taifid seo.
Is é an chéad áiteamh eile a rinne tú ná gurb é leas an phobail é a chinntiú go bhfuil an próiseas achomharc trédhearcach, go háirithe maidir leis an gcúis gur tugadh na rátálacha réalt ar ais ina dhiaidh sin. I mo thuairimse, rinneadh leas seo an phobail go leordhóthanach leis na taifid a eisíodh chugat go dtí seo, go háirithe na taifid sin as comhad BAA a thaispeánann conas a rinneadh na hachomhairc a phróiseáil agus an chúis ar tugadh na rátálacha cúig réalt ar ais. Níl faisnéis maidir leis an bpróiseas achomhairc féin nó maidir leis an gcúis gur tugadh na rátálacha cúig réalt ar ais sna taifid atá á mbreithniú agam anseo. Ní mheasaim mar sin gurbh fhearr a dhéanfaí leas seo an phobail dá n-eiseofaí iad, dá réir sin.
Is féidir argóint ar leithligh a dhéanamh gur ar mhaithe le leas an phobail é a nochtadh conas a ndearna Fáilte Ireland faireachán ar EIT maidir leis na feidhmeanna a bhí á gcomhlíonadh aige thar a cheann. Toisc nach bhfuil aon fhaisnéis maidir leis an méid sin na taifid atá i gceist, measaim nach ndéanfaí leas seo an phobail dá n-eiseofaí iad.
Sna haighneachtaí a rinne tú le déanaí (ar an nguthán agus ar an ríomhphost), dúirt tú, cé gur taispeánadh sna taifid a tugadh duit conas a tugadh na rátálacha réalt ar ais, go mbraitheann na praghsanna a ngearrann óstáin ar an bpobal as a seirbhísí ar rátáil réalt áirithe a thabhairt, agus mar sin, gur ar mhaithe le leas an phobail é torthaí na gcigireachtaí a nochtadh agus a bheith ar an eolas faoin gcúis gur measadh gur chaill na hóstáin a stádas cúig réalt. Deir tú, cé nach bhfuil oibleagáid ar an bpobal a gcustaiméireacht a thabhairt d'óstán áirithe, go ngearrann óstáin praghsanna níos airde i gcoitinne ar an údar go bhfuil rátáil réalt acu atá daingnithe agus tacaithe ag gníomhaireacht stáit, Fáilte Ireland. Is é a thuigim ón argóint sin, toisc gur chinn na hóstáin dá dtagraítear sa chás seo páirt a ghlacadh sa chóras saorálach, agus mar sin tairbhe áirithe a bhaint as (trí rátáil atá ceadaithe ag Fáilte Ireland a dhámhachtain) gur cheart dóibh freisin a bheith ag súil leis go mbeadh faisnéis maidir leis na rátálacha sin a dhámhachtain a bheith faoi réir a n-iniúchta ag an bpobal.
Le linn iarracht a dhéanamh cothroime a bhaint amach idir bheith oscailte ar thaobh amháin agus an gá atá ann chun faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint ar an taobh eile, sílim gur dlisteanach dhá rud a chur i gcuntas. I ndáil leis na taifid seo, ní mór dom a chur i gcuntas leas dearfach an phobail a dhéantar trí nochtadh agus is é an dara rud ná an dochar a d'fhéadfadh an nochtadh sin a dhéanamh.
Tá cinntí déanta agam i gcásanna eile arb é an toradh a bhí orthu tuarascálacha cigireachta ar áitreabh bia, naíolanna lae agus ar thithe altranais príobháideacha a chur ar fáil. Tá na haonáin sin áfach, faoi oibleagáid de réir dlí caighdeáin áirithe a chomhlíonadh, a cheanglaítear ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a fhorfheidhmiú ansin.
Ar an taobh eile, cé go dtuigim go gceanglaíonn an tAcht um Thrácht Cuartaíochta 1939 óstáin a bheith cláraithe le Fáilte Ireland agus go bhforáiltear leis go ndéanfar cigireacht ar áitreabh cláraithe, ní cheanglaítear leis go nglacfaidh óstáin páirt i scéim aicmithe ná ní leagtar amach ann caighdeáin ar gá d'óstáin a chomhlíonadh. Maidir le haicmithe, ní fhoráiltear leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta ach amháin go bhféadfaidh Fáilte Ireland áitreabh cláraithe a ghrádú ó am go ham de réir mar is cuí leis.
De réir mar atá fianaithe sna ceanglais chodarsnacha sa reachtaíocht, dhealródh sé go leagann an tOireachtas i bhfad níos mó béime ar a thábhachtaí atá na caighdeáin ar chóir a bheith ann i dtithe altranais, i naíolanna lae agus in áitreabh bia ná ar chaighdeáin ar gá d'óstáin de ghráid áirithe iad a chomhlíonadh. Mar a tugadh faoi deara, thug Fáilte Ireland scéim shaorálach isteach sa bhliain 1993 ina raibh foráil go bhféadfadh óstán fanacht lasmuigh den scéim agus fanacht neamhaicmithe. Dá réir sin, tá idirdhealú déanta agamsa idir cigireacht a dhéanamh ar óstáin chun iad a aicmiú faoi scéim shaorálach agus, mar shampla, cigireacht éigeantach a dhéanamh ar chistineacha óstán chun críche na reachtaíochta a bhaineann le sláinteachas bia.
Sa dara cás, feicim gur ar mhaithe le leas an phobail go mór é taifid a bhaineann le háitribh bia, le tithe altranais agus le naíolanna lae a eisiúint. Tá impleachtaí soiléire do shláinte an phobail ann mura gcloíonn áitribh bia le caighdeáin. Is iad na daoine is leochailí sa tsochaí iad na daoine a bhaineann úsáid as tithe altranais agus as naíolanna lae, agus go minic is beag rogha a bhíonn acu agus ag a gclanna i dtaobh an mbainfidh siad úsáid as seirbhís den sórt sin ar an gcéad ásc, gan trácht ar cén soláthraí seirbhíse a úsáidfidh siad.
Baineann na taifid atá i gceist sa chás seo le measúnachtaí foriomlána ar aestéitic na n-óstán, agus sa mhéid a bhaineann codanna teoranta díobh le limistéir ullmhúcháin bia, ní airbheartaíonn na cigireachtaí iomchuí a bheith den chineál a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a dhéanamh. Cé go nglacaim leis, i dtéarmaí ginearálta, gur cheart go mbeidh daoine ar gach ioncam in ann luach ar airgead a fháil le linn a bheith ag fanacht nó ag ithe in óstán áirithe, is í an fhírinne ná gur rogha a bhaineann le galántacht seachas rogha a bhaineann le gá atá i gceist le linn óstán a roghnú. Ann féin, ciallaíonn an méid sin nach bhfuil oibleagáid ar an bpobal na seirbhísí atá á dtairiscint a cheannach agus go bhfuil daoine den phobal i riocht i bhfad níos fearr chun siopadóireacht a dhéanamh chun teacht ar luach níos fearr ná úsáidirí naíolann lae nó tithe altranais.
Tríd is tríd, cinnim gur lúide leas an phobail maidir le taifid a bhaineann le cigireachtaí ar óstáin ná leas an phobail maidir le tithe altranais, naíolanna lae agus áitribh bia.
Tá aitheanta agat go bhféadfaidh daoine siopadóireacht a dhéanamh le linn rogha a dhéanamh idir óstáin agus deir tú gur féidir le hóstáin freisin praghsanna níos ísle a ghearradh ná mar a thacódh a rátálacha leis. Glacaim leis, ar chúiseanna éagsúla, gurb é leas óstáin é rátáil ard atá formhuinithe go hoifigiúil a choinneáil nó a fheabhsú, agus go deimhin, d'fhéadfadh gurb é beartas grúpa óstán áirithe go ndéanann a óstáin iarracht ar rátáil áirithe a bhaint amach. Dá ainneoin sin, ní mór dom a chuimhneamh go bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ceaptha chun oscailteacht agus trédhearcacht na slí ina seolann comhlachtaí poiblí a gcuid oibríochtaí a mhéadú agus, go ginearálta, níl sé ceaptha mar mhodh chun oibríochtaí fiontar príobháideach a oscailt lena n-iniúchadh. Anuas air sin, ní chuireann óstáin seirbhís ar fáil thar ceann comhlachta phoiblí agus ní fhaigheann siad airgead poiblí (mar a tharlaíonn i gcás tithe altranais a fhaigheann fóirdheontais i leith othar áirithe), agus níl aon impleachtaí ann do shláinte an phobail saoráid áirithe a bheith ann nó gan a bheith ann.
Tríd is tríd, sa chás seo, ní mheasaim gur gá ar mhaithe le leas an phobail na taifid a bhaineann leis na cigireachtaí ar na hóstáin a nochtadh.
Alt 27 agus faisnéis maidir le EIT
Mar a leagadh amach níos túisce, tá tuairimíocht ó na hóstáin i gcuid de na taifid i gcomhaid na n-óstán i dtaobh na slí inar sheol EIT an mheasúnacht agus an próiseas rátála. Glacaim leis gur faisnéis faoi EIT atá cáilithe le haghaidh díolúine faoi alt 27(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise an tuairimíocht sin.
Arís, téann na taifid siar go dtí na blianta 2003 agus 2004. Toisc, áfach, go mbaineann siad le tuairimí agus plé maidir leis an modh inar sheol EIT a chuid feidhmeanna thar ceann Fáilte Ireland, glacaim leis go bhféadfadh caillteanas nó gnóchan ábhartha airgeadais do EIT a bheith ann mar thoradh ar an tuairimíocht sin a eisiúint, go sonrach maidir lena chumas a sheirbhísí a mhargú sa i dtionscal na n-óstán. Cé nach bhfuil Fáilte Ireland in ann go dtí seo a dhaingniú an bhfuil EIT fós ar marthain nó nach bhfuil, glacaim leis go bhfuil feidhm fós ag alt 27, sa mhéid is gur féidir go bhfuil EIT fós ag seoladh gnó, nó go bhféadfaidh sé tabhairt faoi ghnó arís faoin ainm EIT. De rogha air sin, glacaim leis go bhféadfaí tionchar a imirt ar chlú gnó na ndaoine atá bainteach le EIT dá n-eiseofaí an fhaisnéis sin, ar daoine iad a dtuigim atá ag gabháil faoi láthair d'fhiontair eile i dtionscal na n-óstán.
Dá réir sin, measaim go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis an bhfaisnéis sin.
Leas an phobail
Mar a tugadh faoi deara, rinne EIT conradh le réamhtheachtaí Fáilte Ireland chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh maidir le clárú óstán agus maidir leis an gcóras aicmithe saorálach. Feictear domsa go laghdaítear leas an phobail toisc caidreamh conarthach a bhunú le comhlacht poiblí chun ceart an chonraitheora a chosaint ar ceart é chun faisnéis a chosaint atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a bhaineann leis an gconradh sin a chur i gcrích. Ag an am céanna, aithním freisin gurb é leas an phobail é a chinntiú go bhfuil na fiontraíochtaí príobháideacha sin a dhéanann caidrimh den sórt sin le comhlachtaí poiblí i riocht chun iarracht a dhéanamh caidrimh chonarthacha eile a dhéanamh sa todhchaí, cibé acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí.
Cé go bhfuil sonraí áfach sna taifid atá i gceist anseo maidir leis na forais aonair achomhairc, ní mheasaim go bhfaightheá tuiscint bhreise ar an bpróiseas achomharc dá n-eiseofaí an tuairimíocht rí-shonrach áirithe faoi EIT atá i gComhaid na nÓstán. Ní sholáthrófaí léargas ní b'fhearr ar an gcaoi a d'oibrigh Fáilte Ireland a chóras rátála réalt ná ar an gcaoi a ndearna sé faireachán ar EIT chun go gcomhlíonfaí téarmaí an chonartha a bhí déanta aige, nó ar thuairimí na n-eadránaithe deiridh ar na hachomhairc dá n-eiseofaí an tuairimíocht sin. Mar sin, ní mheasaim go bhfuil bonn, ar mhaithe le leas an phobail, leis an damáiste a d'fhéadfaí a dhéanamh do EIT dá ndéanfaí an tuairimíocht shonrach ó na hóstáin faoi a eisiúint.
Dá réir sin, measaim gur cheart an fhaisnéis sin a choinneáil siar.
Achoimre maidir leis na taifid i gComhaid na nÓstán
Cinnim go bhfuil an chuid atá fágtha de na taifid a coinníodh siar díolmhaithe faoi alt 27(1)(b), sa mhéid is gur deimhin liom go bhfuil faisnéis iontu atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi na hóstáin nó faoi EIT, nach bhfuil bonn lena n-eisiúint ar mhaithe le leas an phobail. Dá réir sin, ní gá dom na díolúintí eile a chur i gcuntas ar bhraith Fáilte Ireland orthu i leith na dtaifead seo.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, daingním, leis seo, an cinneadh ó Fháilte Ireland sa chás seo.
Ceart Achomhairc
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile ar a bhfearann cinneadh ón gCoimisinéir tar éis athbhreithnithe, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a éiríonn as an gcinneadh. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéar Faisnéise