Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 010221 - The Irish Times agus An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil

Iarraidh ar thaifid riaracháin an Bhinse Pleanála - an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis na scarbhileoga ar chaiteachas míosúil an Bhinse agus le nótaí táille a sholáthair lucht gairmiúil dlí - an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag alt 28(1) maidir le hainmneacha daoine aonair a earcaíodh trí bhíthin gníomhaireachtaí fostaíochta.

Case Summary

Fíricí

Rinne an Irish Times iarraidh ar thaifid riaracháin an Bhinse Fiosrúcháin i ndáil le Nithe áirithe Pleanála agus le hÍocaíochtaí (“ar a nglaoitear “Binse Fiosrúcháin Mahon” go coitianta).

Bhí siad seo a leanas i gceist leis na taifid atá i gceist: (i) meastacháin ar na costais a bhaineann le reáchtáil an Bhinse; (ii) socruithe tuarastail agus pinsin an Bhreithimh Onóraigh Flood (ball den Bhinse atá ar scor); (iii) nótaí táille agus sonraisc a chuir abhcóidí agus daoine eile a sholáthraíonn seirbhísí don Bhinse faoi bhráid na Roinne; agus (iv) comhfhreagras idir an Roinn agus Oifig an Ard-Aighne.

Rinne an Binse agus an Roinn agóid i gcoinne scaoileadh na dtaifead ar líon áirithe foras, lena n-áirítear an gá atá ann (i) céannacht fhinnéithe an Bhinse, (ii) ainmneacha na ngníomhaireachtaí earcaíochta a d’úsáid an Binse, agus (iii) aon fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de nó aon fhaisnéis phearsanta sna taifid a choinneáil faoi mhodh rúin.

Cinneadh

Chinn an Coimisinéir, ar bhonn fíoras, nach scaoilfí céannacht fhinnéithe an Bhinse trí rochtain a thabhairt ar na taifid lena mbaineann agus, ó tharla an aois atá ag na taifid, nach mbeadh ar chumas daoine aonair feillbhéasacha “insíothlú” isteach sa Bhinse, ní arbh eagal leis an mBinse é, trí chéannacht na ngníomhaireachtaí earcaíochta a scaoileadh. D’ordaigh an Coimisinéir rochtain a thabhairt ar na taifid go léir a lorgaíodh seachas na taifid a chruthaigh Oifig an Ard-Aighne [alt 46(1)(b)], taifid inar lorgaíodh nó inar soláthraíodh comhairle dhlí [alt 22(1)(a)], agus an fhaisnéis phearsanta atá i roinnt de na taifid [alt 28] lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine aonair a earcaíodh trí bhíthin na ngníomhaireachtaí earcaíochta.

Bhí an Coimisinéir sásta tar éis scrúdú a bheith déanta aici ar na nótaí táille agus na sonraisc i seilbh na Roinne, nach ndéanfaí aon damáiste ó thaobh na tráchtála de dóibh siúd a luadh trína scaoileadh. Thug an Coimisinéir, agus í ag teacht ar a tátail, aois na dtaifead agus an fhíric go raibh na táillí foriomlána a íocadh le habhcóidí i mbéal an phobail cheana féin, san áireamh. Thrácht an Coimisinéir chomh maith, fiú dá nglacfadh sí leis go raibh na nótaí agus na sonraisc íogair ó thaobh na tráchtála de, go mbeadh údar lena scaoileadh ó tharla an leas mór a dhéanfaí don phobal maidir le freagracht na gcistí poiblí.

Date of Decision: 20.09.2006

Our Reference: 010221

20.09.2006

The Irish Times 11/14 Sráid D'Olier Baile Átha Cliath 2

A Dhuine Uasail

Tagraím do d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (“an Roinn”) diúltú géilleadh do d’iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003, (na hAchtanna um SF”). Bhain d’iarraidh le rochtain a fháil ar thaifid áirithe riaracháin a bhaineann leis an mBinse Fiosraithe i ndáil le Nithe Áirithe Pleanála agus le hÍocaíochtaí (“an Binse”).

Achoimre ar an mbreith

Go hachomair, chinn mé breith na Roinne a athrú agus a ordú go ngéillfí do rochtain a thabhairt ar na taifid riaracháin a bhí á lorg agat seachas: (i) taifid a chruthaigh Oifig an Ard-Aighne, (ii) taifid inar lorgaíodh nó inar soláthraíodh comhairle dhlí, agus (iii) faisnéis phearsanta atá i roinnt taifead. Scrúdaigh mé aighneachtaí an Bhinse go cúramach agus táim sásta nach ndéanfadh nochtadh na dtaifead dochar do na nithe íogaire a bhí faoi chaibidil ag an mBinse ná nach dtarlódh aon cheann de na díobhálacha a d’aithin an Binse ina aighneachtaí mar thoradh ar an nochtadh.

Background

Cúlra

Sa bhuniarraidh a rinne tú chuig an Roinn lorg tú rochtain ar na taifid go léir a cruthaíodh idir an 1 Samhain 2000 agus an 13 Márta 2001 (an dáta a fuair an Roinn d’iarraidh), a bhaineann le costais agus le riarachán an Bhinse. Dhiúltaigh an Roinn géilleadh do d'iarraidh agus, tar éis diúltú sa bhreis faoi ‘athbhreithniú inmheánach’, rinne tú iarratas ar athbhreithniú ar bhreith na Roinne chuig m’Oifig. Tá sé soiléirithe agat go bhfuil tú ag lorg rochtana ar na taifid riaracháin amháin agus nach ar thaifid a bhaineann leis na fiosrúcháin rúnda atá faoi chaibidil ag an mBinse atá rochtain á lorg. Tá cúpla céad leathanach de thaifid sna taifid atá á lorg agat. Le linn m’athbhreithnithe agus tar éis comhairliúchán idir m’Oifig, an Binse agus an Roinn, d’aontaigh an Roinn timpeall is a leath de na taifid sin a scaoileadh. Cuireadh na taifid sin ar fáil duit i Meán Fómhair 2005. Lean an Roinn ag diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá fágtha.

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

Baineann m’athbhreithniú leis an gceist an raibh nó nach raibh údar le breith na Roinne diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá á gcoinneáil sna comhaid seo a leanas agus a cruthaíodh idir an 1 Samhain 2000 agus an 13 Márta 2001, agus leis an gceist sin amháin.

Scarbhileoga Excel - Próifíl mhíosúil ar chaiteachas 1999 - 2001

Meastacháin agus Costais Ghinearálta 2000 - PL 4/18/1/6B

Meastacháin agus Costais Ghinearálta 2001 - PL 4/18/2/10

Táillí Dlí - PL 4/18/1/7A Cuid 1

Slánú - PL 4/18/2/12

Nithe na Foirne Dlí - PL 4/18/1/7A Cuid 2

Pinsin & Íocaíochtaí - PL 4/18/2/9

Próiseas an athbhreithnithe

Iompar na Roinne

Riaráiste cásanna san Oifig seo ba chúis, den chuid is mó, leis an moill a bhí ann déileáil le d’iarratas, ach chuir an seasamh a ghlac an Roinn le linn m’athbhreithnithe leis an moill seo a thuilleadh. Déanann m’Oifig cóipeanna de na taifid ar diúltaíodh rochtain a thabhairt orthu a iarraidh go rialta tar éis iarratas a bheith déanta i gcomhair athbhreithniú ar bhreith chomhlachta phoiblí faoi na hAchtanna um SF. Tugann formhór na gcomhlachtaí poiblí freagra go pras ar na hiarrataí sin. I líon beag cásanna bíonn orm aird an chomhlachta phoiblí a tharraingt ar fhorálacha alt 37 de na hAchtanna um SF. Forálann Alt 37 go bhféadfaidh mé scrúdú a dhéanamh agus cóipeanna de thaifead ar bith a chreideann mé a bheith iomchuí do m’athbhreithniú a thógáil. Ag féachaint d’alt 34(1)(dd) folaíonn sé sin taifid a éilíonn comhlacht poiblí gan a bheith faoi réir fhorálacha na nAchtanna um SF de bhua alt 46.

Le linn an athbhreithnithe seo dhiúltaigh an Roinn, ar bhonn comhairle a fuair sí ón mBinse, cóipeanna de na taifid a lorg tú a sholáthar dom ar na forais gur chreid sí gur ""taifid an Bhinse", taifid den sórt sin (alt 46 de na hAchtanna um SF). Chuir foireann m’Oifige na cumhachtaí atá agam faoi alt 37 i gcuimhne don Roinn agus d’iarradar go gcuirfí na taifid ar aghaidh chuig m’Oifig chomh luath is ab fhéidir é. Ba tar éis a thuilleadh comhfhreagrais a bhabhtáil a fuarthas na taifid, áfach, - beagnach dhá mhí tar éis dóibh a bheith iarrtha.

Is mian liom dhá phointe a dhéanamh i ndáil le hiompar na Roinne. An chéad phointe is ea gur léir ó na hAchtanna um SF go bhféadfaidh mé rochtain a bheith agam agus cóipeanna de thaifead ar bith is iomchuí maidir le hathbhreithniú a thógáil agus gur chóir taifid den sórt sin a chur ar aghaidh chugam gan mhoill. Ní hé sin le rá go scaoilfear taifid den sórt sin chuig iarrthóir sa ghnáthchúrsa. Is léir go bhfuil sé ríthábhachtach, áfach, seachas i gcásanna eisceachtúla, go ndéanfainnse mar Choimisinéir Faisnéise scrúdú ar na taifid ar diúltaíodh rochtain a thabhairt orthu d’fhonn a chinneadh an ann nó nach ann do cheart ar rochtain faoi na hAchtanna um SF. An dara pointe is ea gur luaigh an Roinn go raibh an bhunbhreith maidir le rochtain a dhiúltú agus an bhreith gan na taifid a chur ar aghaidh chuig m’Oifig "bunaithe ar chomhairle ón mBinse…". Is léir ó fhorálacha na nAchtanna um SF nár mhór gurb é nó gurb í Ceann (nó oifigeach tarmligthe) comhlachta phoiblí a ghlacfadh an bhreith diúltú nó géilleadh d’iarraidh ar thaifid atá i seilbh an chomhlachta phoiblí sin. Is comhlacht poiblí ainmnithe í an Roinn chun críocha na nAchtanna um SF ach ní comhlacht poiblí ainmnithe é an Binse. Cé gur féidir le Ceann nó le hoifigeach tarmligthe dul i gcomhairle go neamhfhoirmiúil nó de réir fhorálacha alt 29 le tríú páirtí, is léir nár mhór go nglacfadh an comhlacht poiblí ar a ndearnadh an iarraidh an bhreith dheiridh. Is údar imní dom an seasamh a ghlac an Roinn. Scríobh mé ar leithligh chuig an Roinn agus tharraing mé aird na Roinne sa litir ar an ngá atá ann a chinntiú nach dtarlódh eachtra den sórt sin an athuair.

Comhairliúcháin le Tríú Páirtithe

Ós rud é gur taifid riaracháin iad na taifid lena mbaineann folaítear iontu sonraí faoi íocaíochtaí a rinneadh le daoine aonair a chuir seirbhísí ar fáil don Bhinse. Lean mé ar aghaidh ar an mbonn nár lig aighneachtaí an Bhinse ná breith na Roinne é sin i ndearmad agus d'fhéach mé do na hargóintí a cuireadh ar aghaidh sna haighneachtaí sin. Fós féin, breithnigh mé gur chuí dul i gcomhairle go díreach le líon áirithe de na tríú páirtithe seo le linn m’athbhreithnithe. Ó tharla gur cruthaíodh na taifid lena mbaineann geall le cúig nó sé bliana ó shin ní raibh sé indéanta teagmháil a dhéanamh leis na daoine aonair go léir a luaitear. Ní raibh, áfach, deacracht ar bith ag formhór na ndaoine a ndeachaigh mé i dteagmháil leo faisnéis a bhaineann leo a scaoileadh, go háirithe ós rud é gur scaoileadh faisnéis chosúil amach i mbéal an phobail cheana féin.

Findings

Torthaí

Is mian liom dhá phointe a dhéanamh sula leagfaidh mé amach m’fhionnachtana. Ar an gcéad ásc, forálann alt 34(12)(b) de na hAchtanna um SF, in athbhreithniú ‘toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d’iarraidh … mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith". Tá sé de dhualgas ar an Roinn dá réir sin, a shuí, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith diúltú rochtain a thabhairt. Tá na tráchtaireachtaí a fuarthas ón mBinse tugtha san áireamh agam chomh maith. Ar an dara dul síos, folaítear breith "de novo" le hathbhreithniú ar bith a dhéanaim faoi alt 34(2) de na hAchtanna um SF. Is éard is brí leis sin go bhfuil mo bhreith bunaithe ar na himthosca agus ar an dlí de réir mar a bhíonn i gceist ag tráth mo bhreithe.

Chun críocha mo bhreithe tá glactha agam leis an gcóras uimhrithe a d’úsáid an Roinn ina sceideal de thaifid a cuireadh ar aghaidh chuig an Oifig seo ar an 20 Deireadh Fómhair 2004.

Argóintí ginearálta ón mBinse

Léirigh an Binse líon áirithe argóintí ginearálta a bhaineann le nochtadh féideartha faisnéise atá sna taifid a lorgaítear. Tá sé curtha in iúl ag an mBinse gur cás leis go gcoinneofaí céannacht fhinnéithe áirithe an Bhinse faoi mhodh rúin agus go gcoinneofaí láthair na n-agallamh ar thug sé fúthu i bpríobháid faoi mhodh rúin. Glacaim le nádúr íogair na hoibre a thugann an Binse fúithi agus a riachtanaí is atá sé go bhfaigheadh an Binse faisnéis faoi mhodh rúin nuair is cuí sin. Tar éis do na taifid sa chás seo a bheith scrúdaithe go cúramach agam táim sásta nach nochtfadh rochtain orthu nithe rúnda den sórt sin.

Tá agóid déanta ag an mBinse chomh maith i gcoinne ainmneacha na ngníomhaireachtaí earcaíochta a d’úsáid an Binse a nochtadh. Tá na hainmneacha seo ar fáil i dtaifid a dhéanann mionsonrú ar chaiteachas an Bhinse. Is í argóint an Bhinse go bhféadfadh go sárófaí slándáil de thoradh nochtadh den sórt sin trí chur ar chumas daoine aonair feillbhéasacha "insíothlú" isteach sa Bhinse trí iarrachtaí a dhéanamh earcaíocht a fháil leis na gníomhaireachtaí sin. Mar fhreagra, déarfainn go nglacfainn leis, de bharr nádúr íogair a chuid oibre, go nglacann an Binse bearta cuí chun a chinntiú go ndéantar grinnfhiosrúchán ar bhaill foirne a earcaítear ó ghníomhaireachtaí den sórt sin, nó go deimhin ó fhoinse ar bith eile, chun a chinntiú nach mbaineann riosca slándála don Bhinse lena bhfostú. In aon chás, is gníomhaireachtaí a d’úsáid an Binse sa bhliain 2000 iad na gníomhaireachtaí a liostáiltear sna taifid seo. Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil an Binse fós ag baint úsáide as na gníomhaireachtaí sin sa lá atá inniu ann. Dá bhrí sin, tá teorainn an-mhór leis an úsáid a bhainfeadh aon duine aonair a bheadh ag smaoineamh ar ghníomh den sórt sin astu.

Alt 46(1)(a)

Dhiúltaigh an Roinn rochtain a thabhairt ar na taifid go léir faoi alt 46(1)(a). Forálann alt 46(1)(a) nach mbíonn feidhm ag na hAchtanna um SF maidir le taifid atá i seilbh binse agus a bhaineann le himeachtaí i mbinse seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta binse. Rinne tú d’iarraidh chuig an Roinn ar rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na Roinne. Éilíonn an aighneacht a rinne an Binse dar dáta an 21 Meán Fómhair 2004 go bhfuil na taifid díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 46(1)(a) ós rud é go bhfuil siad i seilbh an Bhinse chomh maith agus, maidir leis seo, thagair sé don sainmhíniú a thugtar ar ‘taifead’ sna hAchtanna um SF. Bhain an Binse léirmhíniú míchruinn as an sainmhíniú, áfach. Folaítear cóip de thaifead leis an sainmhíniú a thugtar ar thaifead sna hAchtanna. Is éard is brí leis sin gur dhá thaifead ar leith iad bunchóip an taifid agus cóip an taifid chun críocha na nAchtanna. Is léir nach bhfuil aon cheann de na taifid atá á lorg agatsa i seilbh an Bhinse cé go bhféadfadh cóipeanna ar leith agus/nó bunchóipeanna de na taifid sin a bheith i seilbh an Bhinse. Dá bhrí sin táim sásta nach bhfuil feidhm ag alt 46(1)(a) maidir leis an gcás seo. In aon chás, is léir ó nádúr d’iarrata go bhfuil tú ag lorg rochtana ar thaifid a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu mar thaifid a bhaineann le riarachán ginearálta an Bhinse.

Alt 22(1A)

Éilíonn an Binse ina aighneacht go bhfuil feidhm ag alt 22(1A) chomh maith maidir le cosc a chur ar scaoileadh faoi na hAchtanna um SF. Forálann alt 22(1A) go bhféadfadh comhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh más rud é maidir leis an taifead lena mbaineann "relates to…the business or proceedings, of" de bhinse. Forálann alt 22(1B), áfach, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1A) maidir le "a record in so far as it relates to the general administration of, or of any offices of, a tribunal ...". Dá bhrí sin, níl feidhm ag alt 22(1A) maidir leis an gcás seo.

Scarbhileoga Excel- Próifíl mhíosúil ar chaiteachas 1999 - 2001

Titeann taifid atá ar an gcomhad seo agus ar thug an Roinn na huimhreacha 1, 2, 6, 7, 8, 10, 11, agus 13 orthu isteach le scóip d’iarrata. Soláthraíonn na scarbhileoga faisnéis faoi chaiteachas an Bhinse sa bhliain 1999, 2000 agus 2001. Cuirtear an briseadh síos a dhéantar ar an gcaiteachas faoi líon áirithe teideal cosúil le speansais oifige, leabhair, tuarascálacha, seirbhísí cúiréireachta, speansais taistil agus trealamh. Liostálann na scarbhileoga na híocaíochtaí a rinneadh le soláthróirí éagsúla faoi na teidil sin. Ní sholáthraíonn siad aon fhaisnéis mhionsonraithe faoi na hearraí ná na seirbhísí a soláthraíodh. Cé nach ndearnadh aon argóint fhollasach go bhfuil an fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de bhreithnigh mé an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag alt 27(1)(b) maidir leis an bhfaisnéis.

Forálann alt 27(1)(b) go ndiúltóidh ceann rochtain a thabhairt (faoi réir ag an tástáil ar leas an phobail in alt 27(3)) más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar an rochtain caillteanas airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh an rochtain sin dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme atá aige nó aici. Ó tharla nádúr agus aois na faisnéise atá i gceist ní ghlacaim leis go ndéanfadh nochtadh na faisnéise na díobhálacha a shamhlaítear in alt 27(1)(b) do na soláthraithe a liostáiltear sna scarbhileoga. Fiú dá nglacfainn leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b), forálann alt 27(3) nach mbíonn feidhm ag an bhfo-alt maidir le cás inar bhfearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh don iarraidh. Ó tharla go ndéanfaí leas mór an phobail trí oscailteacht agus freagracht i gcaiteachas na gcistí poiblí a chinntiú chinnfinn gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí nochtadh na faisnéise sna scarbhileoga ná trí aon díobháil a d’fhéadfaí a dhéanamh do na daoine aonair nó do na cuideachtaí atá liostáilte.

Faisnéis Phearsanta

Liostáiltear íocaíochtaí a rinneadh le daoine aonair áirithe sna scarbhileoga chomh maith. Bhreithnigh mé an nochtfaí nó nach nochtfaí faisnéis phearsanta faoi na daoine aonair sin dá dtabharfaí rochtain ar an bhfaisnéis seo. Forálann alt 28 de na hAchtanna gur cheart do chomhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh dá mba rud é go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine seachas an t-iarrthóir dá dtabharfaí rochtain ar an taifead. Seachas i líon teoranta cásanna, nach bhfuil i bhfeidhm anseo, is féidir faisnéis phearsanta faoi dhuine aonair a scaoileadh chuig tríú páirtí i gcás, gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go gcosnófaí ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis agus sa chás sin amháin.

Sainmhínítear "faisnéis phearsanta" in alt 2 de na hAchtanna um SF mar

"… faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta -

(a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair, nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó

(b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin,".

Liostáiltear sna scarbhileoga íocaíochtaí a rinneadh le daoine aonair ainmnithe maidir le (i) speansais taistil agus chothaithe a d’éiligh daoine aonair áirithe, (ii) íocaíochtaí a rinneadh le gníomhaireachtaí earcaíochta maidir le baill shealadacha foirne a sholáthar, agus (iii) an tuarastal a íocadh le ball amháin d’fhoireann an Bhinse. I ndáil le (iii) chuaigh mé i gcomhairle leis an mball foirne lena mbaineann agus níl agóid ar bith aige nó aici i leith an fhaisnéis seo a nochtadh ós rud é gur gnáthíocaíocht í atá i bhfeidhm maidir le grád ar leith sa státseirbhís go ginearálta.

Ní bhreithním gur faisnéis phearsanta faoi na daoine aonair sin atá san fhaisnéis ag (i) thuas .i. speansais a íocadh le daoine aonair áirithe maidir le costais taistil agus chothaithe. Ní ghlacaim leis go gcomhlíonann an cineál íocaíochta seo, a íocadh as cistí poiblí maidir le dualgais a glacadh ar son an Bhinse le linn do dhuine aonair a bheith fostaithe ag an mBinse, an sainmhíniú ag (a) ná ag (b) thuas. I mbreith a glacadh roimhe seo (Case 99168 Mr Richard Oakley and the Office of the Houses of the Oireachtas) thrácht an Coimisinéir ag an am mar seo a leanas i gcomhthéacs an bhreithnithe a rinne sé ar fhaisnéis phearsanta sa chás sin:

"It is pertinent to recall at this point that the information at issue in this case concerns amounts paid to individuals to defray expenses incurred by them in discharging their functions as public representatives. The payments do not arise out of some private activities or private aspects of their lives. On this point they can be distinguished from, say, a payment made to a claimant under the Social Welfare Acts, where there is an expenditure of public money but the payment derives from some private aspect of the claimant's life such as family circumstances or inadequacy of means."

Ar an gcaoi chéanna sa chás seo ní eascraíonn na híocaíochtaí as gné áirithe phríobháideach de shaol an duine aonair ach tabhaítear iad le linn dó nó di a bheith i mbun a dhualgas oifigiúil/a dualgas oifigiúil.

Tá dearcadh difriúil agamsa, áfach, i ndáil le roinnt den fhaisnéis a bhaineann le híocaíochtaí a rinneadh le gníomhaireachtaí earcaíochta. Ainmnítear sna scarbhileoga na daoine aonair a bhí fostaithe ag an mBinse trí na gníomhaireachtaí éagsúla agus trína dtuarastail faoi seach. Dá dtabharfaí rochtain nochtfaí an méid a íocadh le gach duine aonair agus ní cosúil gur méid caighdeánach a bhí ann. Dá dtabharfaí rochtain nochtfaí chomh maith go raibh an duine aonair cláraithe le gníomhaireacht earcaíochta ag an tráth sin. Breithním gur faisnéis í an fhaisnéis sin a bhaineann le stair fostaíochta an duine aonair agus dá bhrí sin, is faisnéis phearsanta faoin duine aonair sin a bheadh inti. Is féidir rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis seo áfach, ach ainmneacha na ndaoine aonair atá liostáilte os comhair an mhéid a íocadh leis an ngníomhaireacht earcaíochta, a scriosadh. Táim sásta go gcomhlíonann sin leas an phobail maidir le hoscailteacht agus freagracht i gcaiteachas na gcistí poiblí.

Liosta cuideachtaí agus daoine aonair a sholáthair seirbhísí don Bhinse atá i dtaifead 11 agus léirítear sa liosta go bhfuil deimhniú imréitigh cánach acu. Ceann de na ceanglais chun a bheith ag obair le heagraíocht phoiblí cosúil leis an mBinse is ea go soláthrófaí deimhniú imréitigh cánach cothrom le dáta. Ní bhreithním gur faisnéis phearsanta faoi na daoine aonair sin atá liostáilte an fhaisnéis sin. Cinnim, áfach, gur faisnéis phearsanta an "uimhir chustaiméara" a shann na Coimisinéirí Ioncaim do na daoine aonair agus nach ndéanfaí leas ar bith don phobal trína scaoileadh.

Cinnim gur chóir rochtain a thabhairt ar na scarbhileoga ach ainmneacha na ndaoine aonair a earcaíodh trí bhíthin na ngníomhaireachtaí earcaíochta agus na n-uimhreacha custaiméirí a shanntar do na daoine aonair a liostáiltear i dtaifead 11 a scriosadh - ("Bailíochtú den Deimhniú Imréitigh Cánach").

Meastacháin agus Costais Ghinearálta 2000 - PL 4/18/1/6B

Meastacháin agus Costais Ghinearálta 2001 - PL 4/18/2/10

Titeann na taifid a bhfuil na huimhreacha 1 agus 2 orthu ar an gcomhad PL 4/18/1/6B agus na taifid a bhfuil na huimhreacha 18 go 25, iad sin san áireamh, orthu ar an gcomhad PL 4/18/2/10 isteach le scóip d’iarrata. Is comhfhreagras le linn 2000 agus 2001 idir an Roinn, an Binse agus an Roinn Airgeadais ina lorgaítear cead i leith caiteachais ar ábhair agus ar sheirbhísí áirithe, atá sna taifid den chuid is mó. Scrúdaigh mé na taifid go cúramach agus d’fhéach mé do na haighneachtaí a rinne an Binse. Bhreithnigh mé an ní agus ní ghlacaim leis go bhfuil aon ní sna taifid atá díolmhaithe.

Liosta d’íocaíochtaí a rinneadh le soláthraithe lena n-áirítear gníomhaireachtaí earcaíochta atá i dtaifead 25. Cinnim de bharr na gcúiseanna a leagtar amach thuas i ndáil leis na daoine aonair sin a bhí earcaithe trí bhíthin na ngníomhaireachtaí sin go bhfuil feidhm ag alt 28 maidir le hainmneacha na ndaoine aonair sa taifead seo.

Go hachomair, cinnim nach raibh údar ag an Roinn ina breith diúltú rochtain a thabhairt ar thaifid ar an dá chomhad sin a thiteann isteach le scóip d’iarrata, seachas ainmneacha na ndaoine aonair a luaitear i dtaifead 25.

'Táillí Dlí’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/1/7A Cuid 1

Titeann na taifid a bhfuil na huimhreacha 11, 12 agus 13 orthu i sceideal na Roinne isteach le scóip d'iarrata. Ina theannta sin tá litir dar dáta an 24 Eanáir 2001 (ina bhfuil nóta táille dar dáta an 19 Eanáir 2001) ar an gcomhad chuig Oifig an Ard-Aighne ó rannóg Pleanála na Roinne. Is mar "AG2" a thagróidh mé don litir. Ní iarraidh ar chomhairle dhlí atá sa litir ach baineann sí le táillí a ghearr abhcóide ar son an Bhinse a cheadú. Is comhfhreagras idir Oifig an Ard-Aighne, an Roinn Airgeadais agus an Binse a bhaineann le saincheisteanna foirne atá i dtaifead 11, 12 agus 13.

Cé nár luaigh an Binse aon díolúine ar leith éilíonn an Roinn go bhfuil na taifid díolmhaithe ós rud é gur cumarsáid le hOifig an Ard-Aighne atá iontu. Glacaim leis go bhfuil an Roinn ag tagairt d’alt 46(1)(b) a eisiann ó na hAchtanna um SF taifid a chruthaigh nó a shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin. Níor chruthaigh ná ní shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne aon cheann de na taifid. Cé go bhféadfaí cur síos a dhéanamh ar roinnt de na taifid mar chumarsáid chuig Oifig an Ard-Aighne baineann siad le nithe riaracháin amháin agus ní bhaineann siad le haon ní eile cosúil le hiarrataí ar chomhairle dhlí, mar shampla. Scrúdaigh mé gach ceann de na taifid go cúramach agus bhreithnigh mé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh feidhm a bheith ag díolúine ar bith eile maidir leo. Táim sásta, áfach, seachas an taifead a ndéantar cur síos air thíos, gur chóir rochtain a thabhairt ar na taifid ar an gcomhad seo a thiteann isteach le scóip d’iarrata.

Taifead 12

Tá miontráchtaireacht in alt a sé de thaifead 12 faoin ráta pá atá dlite d’abhcóide sinsir a bhí ag feidhmiú ar son an Bhinse. Breithním go nochtfadh an tagairt seo chomh maith le faisnéis i dtaifid eile faisnéis phearsanta faoin abhcóide sinsir agus nach tábhachtaí leas an phobail i scaoileadh na faisnéise ná ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann sna cásanna seo. Cinnim, dá bhrí sin go bhfuil feidhm ag alt 28 maidir le hainm an abhcóide shinsir sa séú halt de thaifead 12.

Nóta Táille

Mar a luaitear thuas, tá nóta táille dar dáta an 19 Eanáir 2001, ceangailte le taifead "AG2". Chuir abhcóide a d’fheidhmigh ar son an Bhinse in imeachtaí dlí sa bhliain 2001 isteach an nóta táille i gcomhair íocaíochta. Sonraíonn an nóta an líon iomlán iníoctha, na himeachtaí lena mbaineann an táille agus nádúr na táille, mar shampla, 'táille mionteagaisc’, ‘atáille’ nó táille chun mionnscríbhinn fhorais a réiteach. De réir mar a luaitear thuas, níor éiligh an Roinn ná an Binse aon díolúine shonrach i ndáil leis an bhfaisnéis sa nóta. Mar sin féin, ar mhaithe lena bheith críochnúil bhreithnigh mé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh feidhm a bheith ag alt 27(1)(b) den Acht um SF maidir leis.

Forálann alt 27(1)(b) go ndiúltóidh ceann rochtain a thabhairt (faoi réir ag an tástáil ar leas an phobail in alt 27(3)) más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar an rochtain caillteanas airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh an rochtain sin dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme atá aige nó aici. Ó tharla nádúr agus aois na faisnéise atá i gceist agus ó tharla gur cuireadh na táillí foriomlána a íocadh le gach abhcóide a d’fheidhmigh ar son an Bhinse i mbéal an phobail, ní ghlacaim leis go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sa nóta na díobhálacha a shamhlaítear in alt 27(1)(b). Fiú dá nglacfainn leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b), forálann alt 27(3) nach mbíonn feidhm ag an bhfo-alt maidir le cás inar bhfearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh don iarraidh. Ó tharla go ndéanfaí leas mór an phobail trí oscailteacht agus freagracht i gcaiteachas na gcistí poiblí a chinntiú chinnfinn gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go nochtfaí an fhaisnéis sna nótaí táille ná aon díobháil a d’fhéadfaí a dhéanamh don duine aonair lena mbaineann.

Slánú - PL 4/18/2/12

Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne

Tá taifead amháin ar an gcomhad 'Slánú’ a thiteann isteach le scóip d'iarrata. Litir dár dáta an 5 Márta 2001 ó Rannóg Pleanála na Roinne is ea an taifead inar lorgaítear comhairle dhlí ó Oifig an Ard-Aighne. Tá sé thaifead ann a bhfuil an lipéad "Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne" orthu agus atá á gcoinneáil ar chomhad na Roinne 4/18/1/7A Cuid 1 – "Táillí Dlí". Iarrataí ar chomhairle dhlí agus comhairle dhlí a fuarthas ina dhiaidh sin ó Oifig an Ard-Aighne atá sa chomhfhreagras. Táim sásta go mbeadh an comhfhreagras ó Oifig an Ard-Aighne, taifid a chruthaigh an Oifig sin, díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 46(1)(b) a eisiann ó na hAchtanna um SF taifid a chruthaigh nó a shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin. Ní fhéachfaí go mbaineann an chomhairle dhlí le riarachán ginearálta Oifig an Ard-Aighne. Bheadh na hiarrataí ar chomhairle dhlí ón Roinn díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 22(1)(a) a chosnaíonn taifid a bheadh díolmhaithe óna dtabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla. Ós rud é nach liostáiltear na taifid sin ar sceideal na Roinne tá siad liostáilte agam in Aguisín na breithe seo.

Nithe na Foirne Dlí - PL 4/18/1/7A Cuid 2

An taifead ar thug an Roinn uimhir 2 air, 'nóta don chomhad’ ó Rannóg Pleanála na Roinne, dar dáta an 5 Eanáir 2001, an t-aon taifead a d’aithin an Roinn a thit isteach le scóip d’iarrata. Tagraíonn an nóta do tháillí a íocadh le habhcóide sinsir agus sóisir. Chuaigh mé i gcomhairle leis an mbeirt duine aonair a luaitear agus níl agóid ar bith ag ceachtar acu i gcoinne an méid táillí a íocadh leo a nochtadh. Dá réir sin, ordaím go dtabharfar rochtain ar an nóta seo.

'Pinsin & Íocaíochtaí’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/2/9

Tá fiche is a haon taifead liostáilte ar an gcomhad seo a thiteann isteach le scóip d’iarrata. Is iad sin taifid uimhir a 6, 7 agus 12 go 30, iad sin san áireamh. Baineann na taifid le socruithe tuarastail agus pinsin an Bhreithimh Onóraigh Flood, arbh é "Comhalta Aonair" an Bhinse é ansin. Tá faisnéis a bhaineann leis na harduithe éagsúla a bhí dlite don Bhreitheamh Onórach Flood de réir na ngnátharduithe dá phost, a thuarastal agus é ar scor, ríomhaireachtaí maidir le riaráiste tuarastail, ciorcláin iomchuí na Roinne Airgeadais agus socruithe riaracháin maidir le tuarastal a íoc, sna taifid chomh maith. Tá go leor den fhaisnéis tugtha an athuair sna taifid éagsúla. Éilíonn an Binse gur chóir rochtain ar na taifid seo go léir a dhiúltú ós rud é go bhfuil faisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood iontu.

Forálann alt 28(1) de na hAchtanna um SF gur cheart do chomhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh dá mba rud é go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine seachas an t-iarrthóir dá dtabharfaí rochtain ar an taifead. Is féidir faisnéis den sórt sin a scaoileadh, áfach, i gcás go dtoileodh an duine lena mbaineann an fhaisnéis leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh.

Ní áireofaí go leor den fhaisnéis cosúil le scálaí tuarastail a mbeadh feidhm leo maidir le breithimh na hArd-Chúirte, arduithe ar an gcéatadán pá atá dlite faoi na socruithe náisiúnta pá, agus araile mar fhaisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood. Cuireadh sampla de na taifid ar aghaidh chuig an mBreitheamh Onórach Flood le linn m’athbhreithnithe, áfach. Chuir an Breitheamh Onórach Flood in iúl nach raibh deacrachtaí ar bith aige maidir leis an bhfaisnéis a scaoileadh. Dá réir sin, cinnim gur chóir rochtain a thabhairt ar an bhfiche is a haon taifead ar an gcomhad seo seachas iad seo a leanas:

  • Tá sonraí cuntas bainc, seoladh baile agus sonraí pearsanta cánach faoin mBreitheamh Onórach Flood i líon áirithe de na taifid. Cinnim gur faisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood atá san fhaisnéis seo agus nach ndéanfaí leas ar bith don phobal as í a scaoileadh. Dá réir sin, is cóir rochtain ar na taifid seo nó ar chodanna de na taifid seo a leanas a dhiúltú: 12, 15, 18 (an 4ú halt, dara líne) 19, 20 (seoladh), 21 (seoladh), 23 (an t-ochtú líne tag. ÍMAT/ÁSPC), 24 (seoladh agus an 7ú halt tag. cuntas bainc) agus 25 (seoladh).

Decision

Cinneadh

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú, chinn mé breith na Roinne a athrú de réir mar atá tugtha thuas.

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise