- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 010264 - Irish Examiner agus An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil
Iarraidh ar thaifid riaracháin an Bhinse Pleanála - an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) maidir leis na scarbhileoga ar chaiteachas míosúil an Bhinse agus le nótaí táille a sholáthair lucht gairmiúil dlí - an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag alt 28(1) maidir le hainmneacha daoine aonair a earcaíodh trí bhíthin gníomhaireachtaí fostaíochta.
Case Summary
Fíricí
Rinne an Irish Examiner iarraidh ar thaifid riaracháin an Bhinse Fiosrúcháin i ndáil le Nithe áirithe Pleanála agus le hÍocaíochtaí ("ar a nglaoitear "Binse Fiosrúcháin Mahon" go coitianta).
Bhí siad seo a leanas i gceist leis na taifid atá i gceist: (i) meastacháin ar na costais a bhaineann le reáchtáil an Bhinse; (ii) socruithe tuarastail agus pinsin an Bhreithimh Onóraigh Flood (ball den Bhinse atá ar scor); (iii) nótaí táille agus sonraisc a chuir abhcóidí agus daoine eile a sholáthraíonn seirbhísí don Bhinse faoi bhráid na Roinne; agus (iv) comhfhreagras idir an Roinn agus Oifig an Ard-Aighne.
Rinne an Binse agus an Roinn agóid i gcoinne scaoileadh na dtaifead ar líon áirithe foras, lena n-áirítear an gá atá ann (i) céannacht fhinnéithe an Bhinse, (ii) ainmneacha na ngníomhaireachtaí earcaíochta a d’úsáid an Binse, agus (iii) aon fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de nó aon fhaisnéis phearsanta sna taifid a choinneáil faoi mhodh rúin.
Breith
Chinn an Coimisinéir, ar bhonn fíoras, nach scaoilfí céannacht fhinnéithe an Bhinse trí rochtain a thabhairt ar na taifid lena mbaineann agus, ó tharla an aois atá ag na taifid, nach mbeadh ar chumas daoine aonair feillbhéasacha "insíothlú" isteach sa Bhinse, ní arbh eagal leis an mBinse é, trí chéannacht na ngníomhaireachtaí earcaíochta a scaoileadh. D’ordaigh an Coimisinéir rochtain a thabhairt ar na taifid go léir a lorgaíodh seachas na taifid a chruthaigh Oifig an Ard-Aighne [alt 46(1)(b)], taifid inar lorgaíodh nó inar soláthraíodh comhairle dhlí [alt 22(1)(a)], agus an fhaisnéis phearsanta atá i roinnt de na taifid [alt 28] lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine aonair a earcaíodh trí bhíthin na ngníomhaireachtaí earcaíochta.
Bhí an Coimisinéir sásta tar éis scrúdú a bheith déanta aici ar na nótaí táille agus na sonraisc i seilbh na Roinne, nach ndéanfaí aon damáiste ó thaobh na tráchtála de dóibh siúd a luadh trína scaoileadh. Thug an Coimisinéir, agus í ag teacht ar a tátail, aois na dtaifead agus an fhíric go raibh na táillí foriomlána a íocadh le habhcóidí i mbéal an phobail cheana féin, san áireamh. Thrácht an Coimisinéir chomh maith, fiú dá nglacfadh sí leis go raibh na nótaí agus na sonraisc íogair ó thaobh na tráchtála de, go mbeadh údar lena scaoileadh ó tharla an leas mór a dhéanfaí don phobal maidir le freagracht na gcistí poiblí.
Date of Decision: 20.09.2006
Our Reference: 010264
20.09.2006
The Irish Examiner 80 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2
A Dhuine Uasail
Tagraím do d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ("an Roinn") diúltú géilleadh do d’iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003, (na hAchtanna um SF"). Bhain d’iarraidh le rochtain a fháil ar thaifid áirithe riaracháin a bhaineann leis an mBinse Fiosrúcháin i ndáil le Nithe Áirithe Pleanála agus le hÍocaíochtaí ("an Binse").
Achoimre ar an mbreith
Go hachomair, chinn mé breith na Roinne a athrú agus a ordú go ngéillfí do rochtain a thabhairt ar na taifid riaracháin a bhí á lorg agat seachas: (i) taifid a chruthaigh Oifig an Ard-Aighne, (ii) taifid inar lorgaíodh nó inar soláthraíodh comhairle dhlí, agus (iii) faisnéis phearsanta atá i roinnt taifead. Scrúdaigh mé aighneachtaí an Bhinse go cúramach agus táim sásta nach ndéanfadh nochtadh na dtaifead dochar do na nithe íogaire a bhí faoi chaibidil ag an mBinse ná nach dtarlódh aon cheann de na díobhálacha a d’aithin an Binse ina aighneachtaí mar thoradh ar an nochtadh.
Background
Cúlra
Sa bhuniarraidh a rinne tú chuig an Roinn lorg tú rochtain ar na taifid go léir atá ina seilbh a bhaineann le hoibríocht an Bhinse, lena n-áirítear aon chomhfhreagras idir an Roinn agus an Binse idir an 1 Eanáir 1999 agus an 16 Bealtaine 2001. Dhiúltaigh an Roinn géilleadh do d’iarraidh agus, tar éis diúltú sa bhreis faoi ‘athbhreithniú inmheánach’, rinne tú iarratas ar athbhreithniú ar bhreith na Roinne chuig m’Oifig. Tá sé soiléirithe agat go bhfuil tú ag lorg rochtana ar na taifid riaracháin amháin agus nach ar thaifid a dhéanfadh difear do ghnó an Bhinse atá an rochtain á lorg. Tá cúpla céad leathanach de thaifid sna taifid atá á lorg agat. Le linn m’athbhreithnithe agus tar éis comhairliúchán idir m’Oifig, an Binse agus an Roinn, d’aontaigh an Roinn timpeall is a leath de na taifid sin a scaoileadh. Cuireadh na taifid sin ar fáil duit i Meán Fómhair 2005. Lean an Roinn ag diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá fágtha. I nDeireadh Fómhair 2005, d’aontaigh tú d’iarraidh a theorannú do na taifid atá fágtha a cruthaíodh le linn na ndátaí a luaitear thuas agus atá á gcoinneáil sna comhaid seo a leanas. Is mór agam do chomhoibriú maidir leis seo:
‘Nithe Ginearálta’ – Uimhir chomhaid PL 4/18/1/5
'Pinsin & Íocaíochtaí’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/2/9
‘Táillí Dlí’ – Uimhir chomhaid PL 4/18/1/7A Cuid 1
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Baineann m’athbhreithniú leis an gceist an raibh nó nach raibh údar le breith na Roinne diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá á gcoinneáil sna comhaid a liostáiltear thuas agus a cruthaíodh idir an 1 Eanáir 1999 agus an 16 Bealtaine 2001, agus leis an gceist sin amháin.
Próiseas an athbhreithnithe
Iompar na Roinne
Riaráiste cásanna san Oifig seo ba chúis, den chuid is mó, leis an moill a bhí ann déileáil le d’iarratas, ach chuir an seasamh a ghlac an Roinn le linn m’athbhreithnithe leis an moill seo a thuilleadh. Déanann m’Oifig cóipeanna de na taifid ar diúltaíodh rochtain a thabhairt orthu a iarraidh go rialta tar éis iarratas a bheith déanta i gcomhair athbhreithniú ar bhreith chomhlachta phoiblí faoi na hAchtanna um SF. Tugann formhór na gcomhlachtaí poiblí freagra go pras ar na hiarrataí sin. I líon beag cásanna bíonn orm aird an chomhlachta phoiblí a tharraingt ar fhorálacha alt 37 de na hAchtanna um SF. Forálann Alt 37 go bhféadfaidh mé scrúdú a dhéanamh agus cóipeanna de thaifead ar bith a chreideann mé a bheith iomchuí do m’athbhreithniú a thógáil. Ag féachaint d’alt 34(1)(dd) folaíonn sé sin taifid a éilíonn comhlacht poiblí gan a bheith faoi réir fhorálacha na nAchtanna um SF de bhua alt 46.
Le linn an athbhreithnithe seo dhiúltaigh an Roinn, ar bhonn comhairle a fuair sí ón mBinse, cóipeanna de na taifid a lorg tú a sholáthar dom ar na forais gur chreid sí gur "taifid an Bhinse", taifid den sórt sin (alt 46 de na hAchtanna um SF). Chuir foireann m’Oifige na cumhachtaí atá agam faoi alt 37 i gcuimhne don Roinn agus d’iarradar go gcuirfí na taifid ar aghaidh chuig m’Oifig chomh luath is ab fhéidir é. Ba tar éis a thuilleadh comhfhreagrais a bhabhtáil a fuarthas na taifid, áfach, - beagnach dhá mhí tar éis dóibh a bheith iarrtha.
Is mian liom dhá phointe a dhéanamh i ndáil le hiompar na Roinne. An chéad phointe is ea gur léir ó na hAchtanna um SF go bhféadfaidh mé rochtain a bheith agam agus cóipeanna de thaifead ar bith is iomchuí maidir le hathbhreithniú a thógáil agus gur chóir taifid den sórt sin a chur ar aghaidh chugam gan mhoill. Ní hé sin le rá go scaoilfear taifid den sórt sin chuig iarrthóir sa ghnáthchúrsa. Is léir go bhfuil sé ríthábhachtach, áfach, seachas i gcásanna eisceachtúla, go ndéanfainnse mar Choimisinéir Faisnéise scrúdú ar na taifid ar diúltaíodh rochtain a thabhairt orthu d’fhonn a chinneadh an ann nó nach ann do cheart ar rochtain faoi na hAchtanna um SF. An dara pointe is ea gur luaigh an Roinn go raibh an bhunbhreith maidir le rochtain a dhiúltú agus an bhreith gan na taifid a chur ar aghaidh chuig m’Oifig "bunaithe ar chomhairle ón mBinse…". Is léir ó fhorálacha na nAchtanna um SF nár mhór gurb é nó gurb í Ceann (nó oifigeach tarmligthe) comhlachta phoiblí a ghlacfadh an bhreith diúltú nó géilleadh d’iarraidh ar thaifid atá i seilbh an chomhlachta phoiblí sin. Is comhlacht poiblí ainmnithe í an Roinn chun críocha na nAchtanna um SF ach ní comhlacht poiblí ainmnithe é an Binse. Cé gur féidir le Ceann nó le hoifigeach tarmligthe dul i gcomhairle go neamhfhoirmiúil nó de réir fhorálacha alt 29 le tríú páirtí, is léir nár mhór go nglacfadh an comhlacht poiblí ar a ndearnadh an iarraidh an bhreith dheiridh. Is údar imní dom an seasamh a ghlac an Roinn. Scríobh mé ar leithligh chuig an Roinn agus tharraing mé aird na Roinne sa litir ar an ngá atá ann a chinntiú nach dtarlódh eachtra den sórt sin an athuair.
Comhairliúcháin le Tríú Páirtithe
Ós rud é gur taifid riaracháin iad na taifid lena mbaineann folaítear iontu sonraí faoi íocaíochtaí a rinneadh le daoine aonair a chuir seirbhísí ar fáil don Bhinse. Lean mé ar aghaidh ar an mbonn nár lig aighneachtaí an Bhinse ná breith na Roinne é sin i ndearmad agus d’fhéach mé do na hargóintí a cuireadh ar aghaidh sna haighneachtaí sin. Fós féin, breithnigh mé gur chuí dul i gcomhairle go díreach le líon áirithe de na tríú páirtithe seo le linn m’athbhreithnithe, go háirithe na daoine aonair sin a sholáthair ‘nótaí táille’ don Roinn maidir le híocaíocht ar sheirbhísí dlíthiúla. Ó tharla gur cruthaíodh na taifid lena mbaineann geall le cúig nó sé bliana ó shin ní raibh sé indéanta teagmháil a dhéanamh leis na daoine aonair go léir a luaitear. Ní raibh, áfach, deacracht ar bith ag formhór na ndaoine a ndeachaigh mé i dteagmháil leo faisnéis a bhaineann leo a scaoileadh, go háirithe ós rud é gur scaoileadh faisnéis chosúil amach i mbéal an phobail cheana féin. Rinne duine aonair amháin agóid i gcoinne faisnéis a bhaineann leis a scaoileadh agus léirigh sé go raibh sé ag dul in iontaoibh na n-aighneachtaí a rinne an Binse. Shocraigh beirt eile gan freagra a thabhairt ar mo chomhfhreagras. Bhí ‘nótaí táille’ soláthraithe ag gach duine den triúr don Roinn. Dá bhrí sin, thug mé aghaidh i mo bhreith ar an gceist rochtana maidir leis na ‘nótaí táille’ sin mar cheist ar leith.
Findings
Torthaí
Is mian liom dhá phointe a dhéanamh sula leagfaidh mé amach m’fhionnachtana. Ar an gcéad ásc, forálann alt 34(12)(b) de na hAchtanna um SF, in athbhreithniú ‘toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d’iarraidh … mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith". Tá sé de dhualgas ar an Roinn dá réir sin, a shuí, chun mo shástachta, go raibh údar leis an mbreith diúltú rochtain a thabhairt. Tá na tráchtaireachtaí a fuarthas ón mBinse tugtha san áireamh agam chomh maith. Ar an dara dul síos, folaítear breith "de novo" le hathbhreithniú ar bith a dhéanaim faoi alt 34(2) de na hAchtanna um SF. Is éard is brí leis sin go bhfuil mo bhreith bunaithe ar na himthosca agus ar an dlí de réir mar a bhíonn i gceist ag tráth mo bhreithe.
Chun críocha mo bhreithe tá glactha agam leis an gcóras uimhrithe a d’úsáid an Roinn ina sceideal de thaifid a cuireadh ar aghaidh chuig an Oifig seo ar an 20 Deireadh Fómhair 2004.
Argóintí ginearálta ón mBinse
Léirigh an Binse líon áirithe argóintí ginearálta a bhaineann le nochtadh féideartha faisnéise atá sna taifid a lorgaítear. Tá sé curtha in iúl ag an mBinse gur cás leis é go gcoinneofaí céannacht fhinnéithe áirithe an Bhinse faoi mhodh rúin agus go gcoinneofaí láthair na n-agallamh ar thug sé fúthu i bpríobháid faoi mhodh rúin. Glacaim le nádúr íogair na hoibre a thugann an Binse fúithi agus a riachtanaí is atá sé go bhfaigheadh an Binse faisnéis faoi mhodh rúin nuair is cuí sin. Tar éis do na taifid sa chás seo a bheith scrúdaithe go cúramach agam táim sásta nach nochtfadh rochtain orthu nithe den sórt sin.
Tá agóid déanta ag an mBinse chomh maith i gcoinne ainmneacha na ngníomhaireachtaí earcaíochta a d’úsáid an Binse a nochtadh. Liostáiltear na hainmneacha seo ar shonraisc áirithe. Is í argóint an Bhinse go bhféadfadh go sárófaí slándáil de thoradh nochtadh den sórt sin trí chur ar chumas daoine aonair feillbhéasacha "insíothlú" isteach sa Bhinse trí iarrachtaí a dhéanamh earcaíocht a fháil leis na gníomhaireachtaí sin. Mar fhreagra, déarfainn go nglacfainn leis, de bharr nádúr íogair a chuid oibre, go nglacann an Binse bearta cuí chun a chinntiú go ndéantar grinnfhiosrúchán ar bhaill foirne a earcaítear ó ghníomhaireachtaí den sórt sin, nó go deimhin ó fhoinse ar bith eile, chun a chinntiú nach mbaineann riosca slándála don Bhinse lena bhfostú. In aon chás, is gníomhaireachtaí a d’úsáid an Binse sa bhliain 1999 agus 2000 iad na gníomhaireachtaí a liostáiltear sna taifid seo. Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil an Binse fós ag baint úsáide as na gníomhaireachtaí sin sa lá atá inniu ann. Dá bhrí sin, tá teorainn an-mhór leis an úsáid a bhainfeadh aon duine aonair a bheadh ag smaoineamh ar ghníomh den sórt sin astu.
Alt 46(1)(a)
Dhiúltaigh an Roinn rochtain a thabhairt ar na taifid go léir faoi alt 46(1)(a). Forálann alt 46(1)(a) nach mbíonn feidhm ag na hAchtanna um SF maidir le taifid atá i seilbh binse agus a bhaineann le himeachtaí i mbinse seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta binse. Rinne tú d’iarraidh chuig an Roinn ar rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na Roinne. Éilíonn an aighneacht a rinne an Binse dar dáta an 21 Meán Fómhair 2004 go bhfuil na taifid díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 46(1)(a) ós rud é go bhfuil siad i seilbh an Bhinse chomh maith agus, maidir leis seo, thagair sé don sainmhíniú a thugtar ar ‘taifead’ sna hAchtanna um SF. Bhain an Binse léirmhíniú míchruinn as an sainmhíniú, áfach. Folaítear cóip de thaifead leis an sainmhíniú a thugtar ar thaifead sna hAchtanna. Is éard is brí leis sin gur dhá thaifead ar leith iad bunchóip an taifid agus cóip an taifid chun críocha na nAchtanna. Is léir nach bhfuil aon cheann de na taifid atá á lorg agatsa i seilbh an Bhinse cé go bhféadfadh cóipeanna ar leith agus/nó bunchóipeanna de na taifid sin a bheith i seilbh an Bhinse. Dá bhrí sin táim sásta nach bhfuil feidhm ag alt 46(1)(a) maidir leis an gcás seo. In aon chás, is léir ó nádúr d’iarrata go bhfuil tú ag lorg rochtana ar thaifid a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu mar thaifid a bhaineann le riarachán ginearálta an Bhinse.
Alt 22(1A)
Éilíonn an Binse ina aighneacht go bhfuil feidhm ag alt 22(1A) chomh maith maidir le cosc a chur ar scaoileadh faoi na hAchtanna um SF. Forálann alt 22(1A) go bhféadfadh comhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh más rud é maidir leis an taifead lena mbaineann "relates to…the business or proceedings, of" de bhinse. Forálann alt 22(1B), áfach, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1A) maidir le "a record in so far as it relates to the general administration of, or of any offices of, a tribunal ...". Dá bhrí sin, níl feidhm ag alt 22(1A) maidir leis an gcás seo.
'Nithe Ginearálta’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/1/5
Tá taifead amháin ar an gcomhad seo a thiteann isteach le scóip d’iarrata. Leagann an taifead ar thug an Roinn uimhir 1 air amach na ‘meastacháin’ ar na costais a bhaineann le reáchtáil an Bhinse don tréimhse 1999 go 2001. Ní chuirtear ainm ar dhuine aonair ar bith sa taifead ná níl aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de ann. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na ‘meastacháin’ táim sásta nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na díolúintí a d’éiligh an Binse ná an Roinn maidir leis an taifead agus dá bhrí sin ordaím go ngéilltear rochtain a thabhairt ar an taifead seo.
'Pinsin & Íocaíochtaí’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/2/9
Tá 47 taifead liostáilte ar an gcomhad seo a thiteann isteach le scóip d’iarrata. Baineann na taifid ar an gcomhad le socruithe tuarastail agus pinsin an Bhreithimh Onóraigh Flood, arbh é "Comhalta Aonair" an Bhinse é ansin. Tá faisnéis a bhaineann leis na harduithe éagsúla a bhí dlite don Bhreitheamh Onórach Flood de réir na ngnátharduithe dá phost, a thuarastal agus é ar scor, ríomhaireachtaí maidir le riaráiste tuarastail, ciorcláin iomchuí na Roinne Airgeadais agus socruithe riaracháin maidir le tuarastal a íoc, sna taifid chomh maith. Tá go leor den fhaisnéis tugtha an athuair sna taifid éagsúla. Éilíonn an Binse gur chóir rochtain ar na taifid seo go léir a dhiúltú ós rud é go bhfuil faisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood iontu.
Forálann alt 28(1) de na hAchtanna um SF gur cheart do chomhlacht poiblí diúltú géilleadh d’iarraidh dá mba rud é go nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhuine seachas an t-iarrthóir dá dtabharfaí rochtain ar an taifead. Is féidir faisnéis den sórt sin a scaoileadh, áfach, i gcás go dtoileodh an duine lena mbaineann an fhaisnéis leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh.
Ní áireofaí go leor den fhaisnéis cosúil le scálaí tuarastail a mbeadh feidhm leo maidir le breithimh na hArd-Chúirte, arduithe ar an gcéatadán pá atá dlite faoi na socruithe náisiúnta pá, agus araile mar fhaisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood. Cuireadh sampla de na taifid ar aghaidh chuig an mBreitheamh Onórach Flood le linn m’athbhreithnithe, áfach. Chuir an Breitheamh Onórach Flood in iúl nach raibh deacrachtaí ar bith aige maidir leis an bhfaisnéis a scaoileadh. Dá réir sin, cinnim gur chóir rochtain a thabhairt ar an 47 taifead ar an gcomhad seo seachas na heisceachtaí seo a leanas:
- Tá sonraí cuntas bainc, seoladh baile agus sonraí pearsanta cánach faoin mBreitheamh Onórach Flood i líon áirithe de na taifid. Cinnim gur faisnéis phearsanta faoin mBreitheamh Onórach Flood atá san fhaisnéis seo agus nach ndéanfaí leas ar bith don phobal as í a scaoileadh. Dá réir sin, is cóir rochtain ar na taifid seo a leanas a dhiúltú: 8 (mír (e)), 12, 15, 18 (an 4ú halt, dara líne) 19, 20 (seoladh), 21 (seoladh), 23 (an t-ochtú líne tag. ÍMAT/ÁSPC), 24 (seoladh agus an 7ú halt tag. cuntas bainc), 25 (seoladh), 32 (seoladh agus uimhir chustaiméara), 34 (seoladh), 35 (seoladh), 36 (seoladh) agus 37 (seoladh).
Is Meabhrán don Rialtas dar dáta an 12 Meitheamh 2000 atá i dtaifead 38. Forálann alt 19(1)(a) do thaifead a chosaint más rud é "gur chuir Aire den Rialtas nó an tArd-Aighne faoi bhráid an Rialtais é, nó go mbeartaíonn sé nó sí é a chur faoi bhráid an Rialtais, chun breithniú a dhéanamh air agus gur chun na críche sin a cruthaíodh é,". Táim sásta go bhfuil an Meabhrán don Rialtas díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 19(1)(a).
- Tá faisnéis faoi dhuine aonair nach bhfuil baint aige nó aici leis an mBinse i dtaifead 44. Cé go bhfuil miontagairtí don Bhreitheamh Onórach Flood sa taifead chomh maith tugtar an fhaisnéis dheireanach seo an athuair i dtaifid eile a bhfuil cinnte agam gur chóir iad a nochtadh. Dá réir sin, bhreithnigh mé go bhfuil an taifead seo taobh amuigh de scóip d’iarrata.
- Is cóip den Ordú ag bunú an Bhinse i mí na Samhna 1997 atá i dtaifead 47. Ós rud é gur cruthaíodh an taifead seo roimh thosach feidhme na nAchtanna um SF níl aon cheart rochtana i ndáil leis faoi na hAchtanna.
'Táillí Dlí’ - Uimhir chomhaid PL 4/18/1/7A Cuid 1
Tá 26 taifead as an gcomhad seo a liostáiltear i sceideal na Roinne a thiteann isteach le scóip d'iarrata. Folaítear leo sin ‘nótaí táille’ a chuir abhcóidí a bhíonn ag obair ar son an Bhinse isteach. Tá ocht dtaifead ann chomh maith a bhfuil an lipéad "Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne" orthu agus atá á gcoinneáil ar chomhad na Roinne agus níl siad sa sceideal.
Tá (i) comhfhreagras idir an Roinn agus Oifig an Ard-Aighne /an Roinn Airgeadais/an Binse a bhaineann le lucht foirne, costais agus acmhainní an Bhinse, (ii) plé faoi arduithe maidir le híocaíocht na n-aturnaetha/na n-abhcóidí a d’úsáid an Binse agus (iii) táillí dlí/nótaí táille a chuir abhcóidí agus aturnaetha a bhí fostaithe ag an mBinse isteach, san 26 taifead.
Cé nár luaigh an Binse aon díolúine ar leith éilíonn an Roinn go bhfuil na taifid díolmhaithe ós rud é gur cumarsáid le hOifig an Ard-Aighne atá iontu. Glacaim leis go bhfuil an Roinn ag tagairt d’alt 46(1)(b) a eisiann ó na hAchtanna um SF taifid a chruthaigh nó a shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin. Níor chruthaigh ná ní shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne aon cheann de na taifid. Cé go bhféadfaí cur síos a dhéanamh ar roinnt de na taifid mar chumarsáid chuig Oifig an Ard-Aighne baineann siad le nithe riaracháin amháin agus ní bhaineann siad le haon ní eile, cosúil le hiarrataí ar chomhairle dhlí, mar shampla. Scrúdaigh mé gach ceann de na taifid go cúramach agus bhreithnigh mé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh feidhm a bheith ag díolúine ar bith eile maidir leo. Táim sásta, áfach, seachas na taifid a ndéantar cur síos orthu thíos, gur chóir rochtain a thabhairt ar an 26 taifead ar an gcomhad seo a thiteann isteach le scóip d’iarrata.
Tá tráchtaireachtaí faoi leibhéal scileanna agus taithí roinnt de bhaill foirne an Bhinse agus a rátaí coibhneasta pá i líon beag de na taifid. Breithním gur faisnéis phearsanta na ndaoine aonair sin í an fhaisnéis sin agus nach tábhachtaí leas an phobail i scaoileadh na faisnéise ná ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann sna cásanna seo.
Tá na tagairtí le fáil in:
- Iatán do thaifead 5 – litir dar dáta an 2 Samhain 1999 chuig an Ard-Rúnaí, An Roinn Airgeadais ó Phríomh-Oifigeach sa Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil (3ú halt, 5ú habairt ag tosú le "It should be noted,...")
- Taifead 12 (ainm an abhcóide shinsir sa 6ú halt).
- Taifead 14 (an dara halt deireanach).
- Taifead 17 agus 29 (scrios ainm an duine aonair sa taifead agus aon fhaisnéis eile trína bhféadfaí an duine a aithint sa chéad alt).
- Taifead 19 go 21 (seoladh príobháideach)
- Taifead 38 (Scrios ón 3ú habairt, 2ara halt go dtí an chéad abairt, 8ú halt)
Nótaí Táille
Tá líon áirithe ‘nótaí táille’ a chuir abhcóidí a d’fheidhmigh ar son an Bhinse in imeachtaí éagsúla dlí idir 1999 agus 2000 isteach i gcomhair íocaíochta sna taifid ar an gcomhad. Sonraíonn na nótaí táille, de réir mar is gnáth, an líon iomlán iníoctha, na himeachtaí lena mbaineann an táille agus nádúr na táille, mar shampla, ‘táille mionteagaisc’, ‘atáille’ nó ‘táille lá suí’. Tá seoltaí baile na n-abhcóidí lena mbaineann i roinnt de na nótaí táille agus cinnim go bhfuil an fhaisnéis sin díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 28 de na hAchtanna. De réir mar a luaitear thuas, níor éiligh an Roinn ná an Binse aon díolúine shonrach i ndáil leis an bhfaisnéis shubstainteach sna nótaí. Mar sin féin, ar mhaithe lena bheith críochnúil bhreithnigh mé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh feidhm a bheith ag alt 27(1)(b) den Acht um SF maidir leis na nótaí táille.
Forálann alt 27(1)(b) go ndiúltóidh ceann rochtain a thabhairt (faoi réir ag an tástáil ar leas an phobail in alt 27(3)) más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar an rochtain caillteanas airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh an rochtain sin dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme atá aige nó aici. Ó tharla nádúr agus aois na faisnéise atá i gceist agus ó tharla gur cuireadh na táillí foriomlána a íocadh le gach abhcóide os comhair an phobail, ní ghlacaim leis go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sna nótaí táille na díobhálacha a shamhlaítear in alt 27(1)(b). Fiú dá nglacfainn leis go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b), forálann alt 27(3) nach mbíonn feidhm ag an bhfo-alt maidir le cás inar bhfearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh don iarraidh. Ó tharla go ndéanfaí leas mór an phobail trí oscailteacht agus freagracht i gcaiteachas na gcistí poiblí a chinntiú chinnfinn gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go nochtfaí an fhaisnéis sna nótaí táille ná aon díobháil a d’fhéadfaí a dhéanamh do na daoine aonair lena mbaineann.
Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne
Mar a luadh thuas tá ocht dtaifead ann a bhfuil an lipéad "Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne" orthu agus atá á gcoinneáil ar chomhad na Roinne chomh maith. Ós rud é nach liostáiltear na taifid sin ar sceideal na Roinne tá siad liostáilte agam in Aguisín na breithe seo. Iarrataí ar chomhairle dhlí agus comhairle dhlí a fuarthas ina dhiaidh sin ó Oifig an Ard-Aighne atá i sé gcinn de na taifid. Táim sásta go mbeadh an comhfhreagras ó Oifig an Ard-Aighne díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 46(1)(b) a eisiann ó na hAchtanna um SF taifid a chruthaigh nó a shealbhaíonn Oifig an Ard-Aighne seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin. Ní fhéachfaí go mbaineann an chomhairle dhlí le riarachán ginearálta Oifig an Ard-Aighne. Bheadh na hiarrataí ar chomhairle dhlí ón Roinn díolmhaithe óna nochtadh faoi alt 22(1)(a) a chosnaíonn taifid a bheadh díolmhaithe óna dtabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla.
Tá dhá thaifead eile a bhfuil an teideal "Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne" orthu. Tá na huimhreacha ‘AG1’ agus ‘AG2’ tugtha agam ar na taifid sin. Litreacha is ea iad seo chuig Oifig an Ard-Aighne dar dáta an 24 Eanáir 2001 (ina bhfuil nóta táille dar dáta an 19 Eanáir 2001) agus an 8 Bealtaine 2001. Ní iarrataí ar chomhairle dhlí atá iontu seo ach baineann siad le táillí a ghearr abhcóide ar son an Bhinse a cheadú. Tá tráchtaireachtaí i gcodanna de thaifead ‘AG1’, áfach, faoi rátaí coibhneasta pá roinnt ball den fhoireann. Mar a luadh thuas, breithním gur faisnéis phearsanta na ndaoine aonair sin í an fhaisnéis sin agus nach tábhachtaí leas an phobail i scaoileadh na faisnéise ná ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann sna cásanna seo.
Tá na tagairtí le fáil in:
- ‘AG1’ – Litir dar dáta an 8 Bealtaine 2001, (2ara halt, abairt dheireanach agus an 3ú halt ina iomlán) atá liostáilte ar chomhad 4/18/1/7A Cuid 1 na Roinne mar "Comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne".
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, arna leasú, chinn mé breith na Roinne a athrú de réir mar atá tugtha thuas.
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise