- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 040152 - An Bhean Uasal X agus Bord Sláinte mar a bhí
Rochtain ar theistiméireacht fostaíochta a soláthraíodh do Bhord Sláinte mar a bhí - arbh ionann scaoileadh agus sárú dualgais rúndachta - alt 26(1)(b)
Case Summary
Fíricí
Bhí an t-iarrthóir curtha ar phainéal do phost ar leith ag Bord Sláinte mar a bhí (an Bord). Soláthraíodh teistiméireacht dhiúltach mar fhreagairt ar fhoirm fiosrúcháin a chuir an Bord chuig a hiarfhostóir. Tar éis don Bhord an teistiméireacht a fháil, d'inis sé don Bhean Uasal X nach raibh sé ag leanúint ar aghaidh leis an iarratas a rinne sí ar phost. Ceapadh daoine a bhí níos faide síos ar an bpainéal ina dhiaidh sin. Lorg Bean Uas. X rochtain ar an teistiméireacht ach dhiúltaigh an Bord í a thabhairt di ar na forais go raibh faisnéis inti a soláthraíodh dó faoi rún agus go mbeadh dualgas rúndachta a bheadh ag dul do sholáthróir na teistiméireachta á shárú dá scaoilfí an teistiméireacht.
An Bhreith
Chinn an Coimisinéir nach mbeadh an taifead cáilithe ó thaobh díolúine de faoi alt 26(1)(b). Níor ghlac sí leis gurbh ionann tuiscint rúndachta sa chás seo agus tuiscint nach gcuirfí an t-iarrthóir ar an eolas go brách faoi ábhar na teistiméireachta. Thug sí san áireamh, gur thug an chuideachta, tar éis don iarrthóir a post sa chuideachta lena mbaineann a fhágáil, teistiméireacht dhearfach don iarrthóir a raibh éagsúlacht mhór idir í agus an teistiméireacht a tugadh don Bhord. Cinneadh sa bhreith maidir leis na himthosca go raibh ceart agus ionchas dlisteanach ag an iarrthóir poist ar nós imeachta cothrom ón gcomhlacht poiblí. Ghlac an Coimisinéir leis an dearcadh nár mhór glacadh leis go dtiocfadh aon tuiscint rúndachta idir an Bord agus an t-iarfhostóir leis na prionsabail a bhaineann le ceartas bunreachtúil.
Date of Decision: 05.02.2007
Our Reference: 040152
05.02.2007
An Bhean Uasal X
A Cháirde
Bhur gCliant:
Tagraím do bhur n-iarratas chuig m'Oifig faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 - 2003 chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith Bhord Sláinte X mar a bhí maidir le hiarraidh SF Bhean Uasal X [dáta]. Tá Bord Sláinte X corpraithe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois ach tagróidh mé dó mar "an Bord" tríd síos chun críche na breithe seo.
Is mian liom mo leithscéal a ghabháil faoin moill an-fhada a bhí ann maidir le déileáil leis an gcás seo. Mar a míníodh don Bhean Uasal X, bhí riaráiste cásanna ann de bharr an líon mór iarratas a fuarthas i rith bhlianta tosaigh na Saorála Faisnéise agus de bharr easpa foirne sa tréimhse chéanna. Tuigim gur chuir an mhoill seo isteach ar bhur gcliant.
Background
Cúlra
Bhain iarraidh bhur gcliaint dar dáta an [dáta] le teistiméireacht a thug iarfhostóir i ndáil lena hiarratas ar phost mar [sonraí an phoist] ag [ainm] (an tOspidéal).
Luadh i mbreith an Bhoird, [dáta] go ndeachaigh Bainisteoir Cúnta an Ospidéil i dteagmháil leis an duine a thug an teistiméireacht agus "nach raibh siad sásta cead a thabhairt [dom] sonraí ar bith i ndáil leis an teistiméireacht a tugadh a nochtadh." Lorg tú athbhreithniú inmheánach ar bhreith an Bhoird ar an [dáta]. Bhí breith athbhreithniú inmheánach an Bhoird, [dáta] éagsúil ón mbunbhreith agus scaoil sé na codanna sin den teistiméireacht a mheas sé a bhain le faisnéis fhíorasach. Coinníodh siar an chuid a bhí fágtha ar an mbonn go raibh dualgas rúndachta ag dul do sholáthróir na faisnéise agus dá bhrí sin go raibh an taifead díolmhaithe faoi alt 26(1)(b) den Acht um SF. Bhí bhur n-iarratas déanta agaibh chuig an Oifig seo ar an [dáta], sular eisíodh breith an athbhreithnithe inmheánaigh, ar an mbonn go meastar gur diúltú don rochtain é gan freagra a bheith tugtha ag an mBord.
Taispeánann doiciméid a chuir Bean Uasal X ar fáil gur thug an Bord le fios di go raibh sí sa [áit bainte amach] ar phainéal don phost san Ospidéal agus go ndéanfaí fostaíocht a thairiscint ag brath, inter alia, ar theistiméireachtaí sásúla a bheith faighte. Dúirt an Bord léi ina dhiaidh sin nach raibh sé ag leanúint dá hiarratas a thuilleadh mar go raibh teistiméireacht mhíshásúil faighte aige.
D'fhéach mé agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh agam ar theagmhálacha idir bhur gcliant agus an Oifig seo, mar aon le comhfhreagras ón mBord. Thug mé comhfhreagras ón moltóir lena mbaineann san áireamh chomh maith. Tá an t-athbhreithniú seo déanta agam de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Is í an tsaincheist a ardaítear san athbhreithniú seo an bhfuil diúltú an Bhoird cóip iomlán den taifead a lorgaíodh a scaoileadh de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise nó nach bhfuil. Ní bhaineann an t-athbhreithniú le scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais bhreith an Bhoird maidir le hiarratas ar phost a rinne bhur gcliant.
Findings
Torthaí
Réamhbhreithniú
Ba mhaith liom tabhairt faoi dhá réamhphointe sula ndéanaim scrúdú ar an taifead agus ar an díolúine a cuireadh i bhfeidhm maidir leis.
Ar an gcéad ásc bhí an "bhreith" bhunaidh a thug an Bord ar iarraidh SF bhur gcliaint an-easnamhach agus teipeann uirthi ceanglais an Achta um SF a chomhlíonadh maidir le líon áirithe gnéithe. Ní thugann litir an Bhoird dar dáta an [dáta], ach go háirithe, na cúiseanna a bhí leis an diúltú ná ní thagraíonn sí do dhíolúintí ar bith a ndéantar foráil dóibh faoin Acht um SF faoi mar a éilítear le halt 8. Teipeann ar an litir chomh maith an t-iarrthóir a chur ar an eolas faoina cearta achomhairc agus athbhreithnithe [Alt 8(2)(f) den Acht um SF]. Ar an dea-uair, chaith an Bord le bhur litir dar dáta an [dáta] mar iarratas ar athbhreithniú inmheánach agus cuireadh an t-ábhar faoi bhráid ball níos sinsearaí den fhoireann chun breith nua a thabhairt.
Ar an dara dul síos, d'fhéach mé d'fhorálacha alt 34(12)(b) den Acht um SF a dhéanann foráil, maidir le hathbhreithniú, go "toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an cheann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith". Is ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá sé dá réir sin a thaispeáint go bhfuil údar faoi fhorálacha an Achta um SF leis an mbreith diúltú rochtain a thabhairt ar na taifid atá i gceist.
An Teistiméireacht
Soláthraíodh an teistiméireacht lena mbaineann ar an [dáta] mar fhreagairt ar fhoirm fiosrúcháin a sheol an Bord chuig ceann d'iarfhostóirí Bhean Uasal X. Tá an teideal 'Teistiméireacht Phearsanra Faoi Rún' ar an bhfoirm fiosrúcháin a seoladh chuig an moltóir. Luadh i litir mhínithe an Bhoird a seoladh leis an bhfoirm 'Ba mhaith liom a dhearbhú duit go ndéileálfar leis an bhfaisnéise a chuirfidh tú ar fáil mar fhaisnéis faoi rún daingean …" Tá sé luaite ag an moltóir gur tugadh an fhaisnéis ar bhonn rúndachta agus nach n-aontaíonn sé/sí leis an bhfaisnéis atá sa taifead a scaoileadh.
Breith an Bhoird
I mbreith athbhreithniú inmheánach an Bhoird, chuaigh an Bord in iontaoibh alt 26(1)(b) maidir le diúltú rochtain a thabhairt ar an taifead seo.
Alt 26
Is í seo a leanas an fhoráil iomchuí:
"26._(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é_
...(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí.
Léiríonn breith athbhreithniú inmheánach an Bhoird gurb éard atáthar ag éileamh anseo go dtagann dualgas rúndachta as cothromas seachas as comhaontú ná achtachán. Glacaim leis, agus é dulta in iontaoibh alt 26(1)(b), go bhfuil an Bord ag éileamh go bhfuil dualgas rúndachta ag dul do sholáthróir na teistiméireachta "thairis sin le dlí" den chineál a bhaineann le dualgas cothromais rúndachta.
Ionas go mbeidh feidhm ag dualgas cothromais rúndachta, ní mór trí choinníoll a chomhlíonadh:
- ní mór go mbeadh an caighdeán riachtanach rúndachta ag baint leis an bhfaisnéis atá sa taifead, agus
- ní mór go mbeadh an fhaisnéis curtha ar fáil in imthosca a chuireann oibleagáid rúndachta i bhfeidhm, agus
- ní mór go mbeadh úsáid neamhúdaraithe na faisnéise sin ann chun aimhleas an pháirtí atá á cur in iúl.
[féach Coco v. A. N. Clark (Engineers) Limited F.S.R.4 (a ghlactar mar léiriú ar dhlí na hÉireann ar an ábhar atá faoi chaibidil i, mar shampla, Houseof Spring Gardens Limited v. Point Blank 15 [1984] I.R. 611)]
Tá sé mínithe agam i mbreitheanna a thug mé roimhe seo nár mhór ábhair phríobháideacha nó rúnda a bheith sna taifid chun caighdeán rúndachta a bheith ag gabháil leo agus nach mbaineann sin le faisnéis atá seanchaite ná atá i mbéal an phobail cheana féin. Is léir nach bhfuil na freagraí atá ar an bhfoirm seanchaite agus nach gnáth-thráchtaireachtaí iad, agus dá réir sin, glacaim leis go bhfuil an caighdeán rúndachta atá riachtanach ag gabháil leis an bhfaisnéis.
Is í an tsaincheist maidir leis na himthosca inar tugadh an fhaisnéis an raibh nó nach raibh sireadh an Bhoird agus ina dhiaidh sin glacadh an Bhoird le faisnéis ó dhuine d'iarfhostóirí Bhean Uasal X déanta faoi mhodh rúin a chuireann bac ar an mBord an fhaisnéis a nochtadh di. Chuaigh m'Oifig i gcomhairle leis an moltóir le linn an athbhreithnithe seo maidir leis an bhfaisnéis a bhí tugtha aige/aici don Bhord. Is é seasamh an mholtóra gur chreid údar na teistiméireachta go ndéileálfaí leis an bhfaisnéis faoi mhodh rúin ag féachaint, ach go háirithe, do na focail "faoi rún" ar bharr na foirme.
Glacaim leis gur tuiscint ghinearálta rúndachta a bhí sna teagmhálacha a bhí idir an Bord agus an t-iarfhostóir, sé sin, go raibh ábhar na foirme le bheith coinnithe faoi rún vis à vis ó thríú páirtí. Ní ghlacaim leis, áfach, gurbh ionann an tuiscint ghinearálta rúndachta sin agus tuiscint nach gcuirfí ábhar na teistiméireachta ar fáil go brách don duine ar bhain an teistiméireacht léi. Bhreithnigh mé go cúramach, agus mé ag teacht ar an dearcadh seo, na himthosca inar tugadh an fhaisnéis atá i gceist don Bhord. Tá tionchar ag an bhfíric seo a leanas orm - sé sin gur thug an chuideachta lena mbaineann teistiméireacht do Bhean Uasal X, nuair a d'fhág sí a post, atá, leis an bhfírinne a rá, éagsúil go mór ón bhfaisnéis a thug an chuideachta chéanna i ndáil lena feiliúnacht don phost mar [sonraí an phoist]. Ní féidir liom glacadh leis go bhféadfadh an t-iarfhostóir a bheith ag súil leis, tar éis dó teistiméireacht dhearfach a thabhairt do Bhean Uasal X nuair a d'fhág sí a post leis, go gcoinneofaí an dara teistiméireacht (a bhaineann lena feiliúnacht don phost áirithe) faoi rún. Go deimhin, d'fhéadfadh Bean Uasal X a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh teistiméireacht ar bith ina dhiaidh sin a thiocfadh ón bhfostóir céanna i gcomhréir leis an teistiméireacht dhearfach a soláthraíodh nuair a d'fhág sí an post a bhí aici leis an iarfhostóir. Is iomchuí chomh maith a thabhairt faoi deara go raibh an teistiméireacht a soláthraíodh nuair a d'fhág sí a hiarfhostóir sínithe ag bainisteoir sinsearach, [teideal].
Bhreithnigh mé an bhféadfaí glacadh leis nó nach bhféadfaí go mbeadh sé intuigthe don mholtóir ón bhfoirm fiosrúcháin féin go nglacfaí leis go raibh an teistiméireacht á tabhairt faoi mhodh rúin, vis à vis an duine, agus ar an mbonn tuisceana gurbh amhlaidh a bheadh an cás. Tá na focail "Príobháideach agus Faoi Rún" tugtha ar an bhfoirm. Ní thagraíonn an litir don fhíric go mbíonn taifid a bhíonn i seilbh comhlachtaí poiblí faoi réir ag an Acht um SF agus go bhféadfaí faisnéis phearsanta na n-iarrthóirí a chur ar fáil dóibh ar a n-iarraidh. Áirítear "dearcadh nó tuairimí duine eile faoin duine aonair" ar an sainmhíniú a thugtar ar fhaisnéis phearsanta san Acht um SF. Cé nach gciallaíonn sé seo gur cinnte go scaoilfear an teistiméireacht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ciallaíonn sé nach féidir dearbhú ar bith de rúndacht a thabhairt don mholtóir maidir le nochtadh na teistiméireachta don duine. Ní ghlacaim leis go bhféadfaí glacadh leis na focail sin mar cheart crosta a thabhairt don mholtóir faoin bhféidearthacht a bheadh ann go scaoilfí an taifead.
Ag féachaint do ról an chomhlachta phoiblí sna himthosca seo, tá athruithe tagtha de bharr teacht chun cinn na Saorála Faisnéise ar an mbealach ina ndéanann comhlachtaí poiblí a ngnó, ar na comhaontuithe a dhéanann siad agus ar na dearbhuithe a d'fhéadfadh siad a thabhairt. Táim sásta go raibh an Bord ar an eolas nó gur cheart don Bhord a bheith ar an eolas faoi impleachtaí fhorálacha an Achta ó tharla go raibh an tAcht um SF, 1997 i bhfeidhm i ndáil leis na boird sláinte le cúig bliana nuair a bhí an próiseas earcaíochta ar bun. Is cóir do chomhlachtaí poiblí a bheith aireach maidir le comhaontuithe rúndachta agus le dearbhuithe rúndachta a thabhairt i bhfianaise aidhm ghinearálta an Achta um SF rochtain a chumasú "a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta, chuig faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí". Tá mo dhearcadh ar an tsaincheist "Comhaontuithe Rúndachta i Ré na Saorála Faisnéise" leagtha amach agam sa bhreith a thug mé ar Chás Uimhir 000528 - An tUas. John Burns agus Bord Sláinte an Oirthuaiscirt [leagan béarla].
Is léir go raibh an Bhean Uasal X síos go mór leis, mar thoradh ar bhreith an Bhoird gan í a cheapadh. Níor shonraigh an Bord gur bhunaigh sé a bhreith ar aon ní eile seachas ar an bhfaisnéis sa teistiméireacht. I mbreitheanna a dtángthas orthu níos luaithe a bhaineann le teistiméireachtaí fostaíochta a bhíonn á lorg ag comhlachtaí poiblí [féach, mar shampla, na breitheanna i gCás Uimh. 010310 (leagan béarla) agus i gCás Uimh. 020021 chuir mé béim ar an ábharthacht a bhaineann le nós imeachta cothrom nó ceartas bunreachtúil i gcásanna den sórt sin. Thrácht mé mar seo a leanas ar Chás Uimh. 010310:
"…Creidim nach seasamh inbhuanaithe ag comhlacht poiblí é a bheith ag lorg cosaint a fháil ar chur chuige áirithe maidir le feidhmiú feidhme ar leith más rud é go bhfuil an chosúlacht air gurbh ionann an cur chuige sin agus sárú an cheanglais déanamh de réir nós imeachta cothrom. A mhéid a chuireann a gcearta isteach ar chearta nó leasa daoine aonair, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí gníomhú de réir nós imeachta cothrom. Tá feidhm ag an gceanglas sin i gcás próisis roghnaithe fostaí."
Ní ormsa atá an fhreagracht cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil nó nach bhfuil ceart ag iarratasóirí a chuireann isteach ar phoist i gcomhlacht poiblí ar phost nó an bhfuil nó nach bhfuil ceart acu ionchas dlisteanach a bheith acu go gceapfaí iad i bpost ar leith. Feictear dom áfach, nuair a liostaítear duine ar phainéal tar éis próiseas roghnaithe, go mbeadh ceart agus ionchas dlisteanach ag duine ar nós imeachta cothrom i measúnú an chomhlachta phoiblí ar an gcaoi a bhféadfadh sé nó sí dul chun cinn a dhéanamh ar an bpainéal sin. Tuigim ón mBord, sa chás seo, gur tairgeadh fostaíocht do dhaoine a bhí níos faide síos ar an bpainéal agus gur glacadh leis na tairiscintí sin.
Tagraím do dhá chás ón Astráil - Hamilton and Queensland Police Service [1994] QICmr 21 (26 Lúnasa 1994); (1994) 2 QAR 182 agus Kupr and Department of Primary Industries [1999] QICmr 6 (27 Meán Fómhair 1999); (1999) 5 QAR 140 - a chinn, cé nach cosúil go mbaineann ceart do nós imeachta cothrom leis na céimeanna uile in earcaíocht iarrthóirí seachtracha, go mbíonn feidhm leis a thúisce is a bhíonn painéal bunaithe ag an gcomhlacht. Measaim go bhfuil sé éagórach ó nádúr go gcaillfeadh iarrthóir ar éirigh leis/léi a bheith ar phainéal tar éis próiseas roghnaithe deis fostaíochta bunaithe ar theistiméireacht atá faoi rún agus nach féidir leis an iarrthóir iarracht a dhéanamh a dhíbhe.
Tagraíonn an Bord ina aighneacht chuig m'Oifig do bhreith [Cás Uimhir 020425 - An Dr. X agus an Státseirbhís agus An Coimisiún um Cheapacháin Áitiúla] (leagan béarla) mo réamhtheachtaí, An tUasal Kevin Murphy. Tugaim faoi deara, sna himthosca ar leith a bhain leis an gcás sin, gur cinneadh go raibh an fhaisnéis díolmhaithe. Dhéanfainn idirdhealú idir é agus an cás atá idir lámha, áfach, ar an mbonn beacht gur ceapadh an duine ar bhain an teistiméireacht leis/léi sa phost a lorgaíodh. Dúirt an tUas. Murphy an méid seo a leanas ina bhreith:
"Ba mhaith liom a thabhairt le fios chomh maith mura mbeadh éirithe leat sa chomórtas mar thoradh ar thuarascáil neamhfhabhrach ón Dr. A agus ós rud é nár tugadh an deis duit déileáil leis na tuairimí neamhfhabhracha a bhí ina thuarascáil, go mbeadh orm ansin a bhreithniú an mbeadh nó nach mbeadh sé riachtanach, ar mhaithe le leas an phobail agus ag coinneáil le cothroime nósanna imeachta, an dualgas rúndachta a shárú ar an bhforas go mbeadh sé mí-réasúnach coinneáil le dualgas den sórt sin sna himthosca sin."
Is iomchuí a thabhairt faoi deara gur féidir forálacha an Achta um SF a léiriú de réir an Bhunreachta. Rinne an Chúirt Uachtarach ráiteas an-soiléir maidir leis sin ina breith dar dáta Eanáir 2006 in NMcK v Information Commissioner [2006] IESC 2. Is éard is ciall leis sin sa chás reatha seo, agus dearcadh maidir leis an tuiscint a d'fhéadadh a bheith idir an Bord agus an moltóir á thabhairt san áireamh, gur gá glacadh leis go raibh meas aici ar na prionsabail a bhaineann le ceartas bunreachtúil. De réir mar a thuigimse é, in éagmais imthosca eisceachtúla, is ionann aon tuiscint a bhí idir an Bord agus an moltóir go gcoinneodh an Bord an fhaisnéis a bhí tugtha ag a hiarfhostóir siar ó Bhean Uasal X agus sárú na gceanglas a bhaineann le ceartas bunreachtúil. Caithfidh mé glacadh leis go raibh an tuiscint, cibé tuiscint a bhí ann, a bhí idir an dá aonán de réir na bprionsabal a bhaineann le ceartas bunreachtúil. Dá bhrí sin, tá orm a bheith den dearcadh nár áiríodh an tuiscint go gcoinneodh an Bord siar ó Bhean Uasal X cibé faisnéis a thabharfadh an moltóir dó leis an tuiscint rúndachta a bhí eatarthu.
Ní ghlacaim leis, de bharr na gcúiseanna atá luaite thuas, go raibh an fhaisnéis curtha ar fáil in imthosca a chuir oibleagáid rúndachta i bhfeidhm ar an mBord, oibleagáid den chineál a chuir bac air maidir le hábhar na teistiméireachta a nochtadh do Bhean Uasal X. Ní ghlacaim leis, sna himthosca seo, gurbh ionann nochtadh na teistiméireachta do Bhean Uasal X agus sárú dualgais rúndachta. Cinnim, dá bhrí sin, nach bhfuil an taifead díolmhaithe faoi alt 26(1)(b) den Acht um SF.
Decision
An Bhreith
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú) neamhnaím leis seo breith an Bhoird sa chás seo. Ordaím go gcuirfí an teistiméireacht a bhí á coinneáil siar ó Bhean Uasal X ar fáil di ina hiomlán.
Seolfar cóip den litir seo chuig bhur gcliant, chuig soláthróir na teistiméireachta lena mbaineann, agus chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (atá freagrach as an mbreith atá tugtha agam a chur i bhfeidhm). Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise