Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 031018 - Uasal X agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Iarraidh ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le haghaidh taifead a bhaineann leis an gcóras vótála leictreonaigh – an bhféadfaí go n-éascófaí cion a dhéanamh dá gcuirfí ar fáil iad – alt 23(1)(c)

Case Summary

Fíorais

D’iarr an iarraidh, agus 31 mhír ar leith inti, d’iarr sí rochtain ar thaifid éagsúla a bhí i seilbh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) a raibh baint acu leis an gcóras vótála leictreonaigh. Is é atá sa chóras vótála leictreonaigh atá le húsáid in Éirinn meaisíní vótála atá á sholáthar ag Nedap Powervote agus córas bogearraí (Bogearraí Comhtháite Toghcháin, nó IES), atá á sholáthar ag dream darb ainm Groenendaal. (Tugtar faoi deara, le do thoil, nach ndéanann an litir bhreithe athrá ar an iarraidh ina hiomláine, ach go ndéanann sí cur síos ar na míreanna di sin amháin ar diúltaíodh dóibh ar deireadh).

Ghéill an Roinn don iarraidh ina neamhiomláine agus dhiúltaigh sí rochtain a thabhairt ar roinnt taifead lena mbaineann de dheasca go raibh feidhm ag alt 26 (faisnéis a sholáthraítear i modh rúin) agus ag alt 27 (faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de) an Achta um SF orthu. Ghearr sí táille €46.93 freisin le haghaidh cuardach agus aisghabháil na dtaifead a cuireadh ar fáil.

Le linn an athbhreithnithe, rinne grúpa bradaithe Ollannacha bradaíl ar mheaisín vótála de chuid Nedap san Ísiltír (meaisín a bhí cosúil leis na cinn sin a rabhthas lena úsáid in Éirinn) agus d’fhoilsigh tuairisc ar an obair sin ar an idirghréasán.

Cinneadh

Cé go bpléann an cinneadh den chuid is mó maíomh an iarrthóra gur cheart go mbeadh taifid eile ag an Roinn, pléann sé diúltú na Ranna na taifid sin a chur ar fáil ar mhaígh sí i dtús báire iad a bheith díolmhaithe faoi altanna 26 agus 27, chomh maith.

Cé nach saineolaí ríomhaireachta í, ghlac an Coimisinéir leo seo a leanas agus í ag cuimhneamh ar áitithe a bhí déanta ag an Roinn, ag Nedap Powervote agus ag Groenendaal:

Gur mholadh réasúnta é go raibh faisnéis eile faoin gcóras vótala ina iomláine sna taifid sin a bhí i gceist, thar an méid atá curtha ar fáil ar an ngréasán;

Gurb é córas Nedap-Powervote, mar atá agus mar a chuirtear síos air sna taifid atá i gceist, an córas a bhfuiltear lena úsáid i dtoghcháin na hÉireann as seo amach, de réir an méid a dúirt an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

Gur réasúnta go bhféadfaí go n-éascófaí cur isteach ar na meaisíní agus ar na bogearraí a bhaineann leo .i. ar an gcóras vótála leictreonaigh a bhfuiltear lena úsáid in Éirinn, dá gcuirfí a leithéid d’fhaisnéis ar fáil.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisinéir leis gur mholadh réasúnta é go bhféadfaí go n-éascófaí cur isteach ar na meaisíní agus ar na bogearraí a bhaineann leo (.i. ar an gcóras vótála leictreonaigh a bhfuiltear ag súil lena úsáid in Éirinn), dá gcuirfí aon fhaisnéis atá sna taifid ar fáil, arbh fhéidir go gcinnteodh sí iomláine agus/nó cruinneas (nó a mhalairt) na faisnéise atá ar fáil ar an idirghréasán.

De bhrí gur cion é faoi alt 2(1) an Acht Toghcháin (Leasú) 2004 cur isteach, d’aonturas agus gan údarás, ar aon chóir de chuid an chóras vótala, ghlac an Coimisinéir leis go raibh na taifid díolmhaithe óna chur ar fáil faoi alt 23(1)(c) an Achta um SF. Forálann alt 23(1)(c) go bhféadtar diúltú do thaifead más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go n-éascófaí cion a dhéanamh dá dtabharfaí rochtain air, agus go ginearálta, ní gá leas an phobail a chur san áireamh. Go ginearálta, ní gá leas an phobail a chur san áireamh (agus níor ghá i gcás an athbhreithnithe seo).

Dá réir sin, dheimhnigh an Coimisinéir cinneadh na Ranna bac a chur ar na taifid. Cé nár ghá di alt 26 ná alt 27 an Achta um SF a chur san áireamh dá bhrí sin, dúirt sí go nglacfadh sí leis go mbeadh feidhm ag alt 27 ar na taifid, agus nárbh údar ceart é leas an phobail (alt 27(3)) leis na taifid a chur ar fáil.

Date of Decision: 13.02.2007

Our Reference: 031018

13.02.2007

Uasal X

A Uasal X

Táim ag scríobh chugat maidir le d’iarraidh ar an Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise, 1997 (an tAcht um SF) le haghaidh athbhreithniú ar bhreith an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) i dtaca le d’iarraidh dar dáta 14 Eanáir 2003.

Gabhaim mo leithscéal faoin moill mhór a bhí ann agus d’iarraidh á chur i gcrích. Mar a míníodh i litreacha eile leat ón Oifig seo, ba é riaráiste cásanna a tharla de dheasca easpa foirne le linn blianta tosaigh na hOifige seo ba chúis leis an moill seo, chomh maith le castacht ghnéithe áirithe an athbhreithnithe seo agus castacht athbhreithnithe ar iarratais eile atá déanta agat ar an Roinn.

Background

Cúltra

Bhí 31 mhír ar leith i d’iarraidh dar dáta 14 Eanáir 2003. Chuir breith na Ranna dar dáta 12 Feabhra 2003 roinnt taifead ar fáil duit, agus moladh duit dul i muinín taifead a cuireadh ar fáil duit cheana i dtaca le codanna áirithe de d’iarraidh. Gearradh táille €46.93 ort freisin, tugadh rochtain iniúchta duit ar thaifid áirithe tástála (de bharr do thoilithe leis an iniúchadh sin, de réir sceideal na breithe) agus cuireadh bac ar thaifid eile de réir altanna 26 agus 27 an Achta um SF. (Déanfaidh mé na taifid a diúltaíodh a liostáil níos faide anonn sa litir seo.) Chuaigh an Roinn i gcomhairle le tríú páirtithe chomh maith i dtaca leis na taifid a bhfuil an bhreith ina dtaobh faoi athbhreithniú i gcás 030197.

D’iarr tú athbhreithniú inmheánach ar bhreith na Ranna ar 10 Márta 2003, agus sheas an Roinn léi ar 1 Aibreán 2003. Rinne tú achomharc leis an Oifig seo ar 18 Aibreán 2003.

Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh agam, thug mé aird ar an gcomhfhreagras thuasluaite agus ar chomhfhreagras éagsúil idir tú féin agus foireann na hOifige seo. Mar a tharla sa bhreith ar chás 030412, déanfaidh mé tagairt sa bhreith seo do na hargóintí atá déanta agat a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú seo amháin, dar liom. Thug mé aird chomh maith ar chomhfhreagras éagsúil idir foireann na hOifige seo agus an Roinn agus ar theagmhálacha éagsúla idir an Oifig seo agus soláthraithe an chóras vótála.

Rinne mé an t-athbhreithniú seo de réir forálacha an Achta um Shaoráil Fáisnéise, (SF) 1997, agus é leasaithe ag an Acht um Shaoráil Fáisnéise (Leasú), 2003. Dá réir sin, baineann gach tagairt sa litir seo le haltanna faoi leith san Acht SF leis an Acht SF, 1997 agus é leasaithe, ach amháin má luaitear a mhalairt.

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

Taifid Lasmuigh de Scóip an Athbhreithnithe

Taifid 2, 6, 7, 10, 11, 15, 27, 29, 30, 31(a), 31(b), 31(i) go 31(w)

Mhínigh an litir a chuir Anne Uasal Moran, Imscrúdaitheoir san Oifig seo, chugat ar an 28 Meitheamh 2006 cén fáth nach mbeadh breith na Ranna ar na codanna seo de d’iarraidh mar chuid de m’athbhreithniú.

Níl sé de rún agam a míniú siúd a thabhairt go mion arís anseo. Tá tuairim agam gur leor a mhaíomh go n-aontaím lena barúil nach bhfuil orm breitheanna na Ranna ar thaifid atá curtha ar fáil duit ná ar thaifid atá i scóip athbhreithnithe eile ag an Oifig seo a chur san áireamh, gan cuimhneamh ar a mhalairt de thuairim nó de mhian a bheith agat féin.

Tugaim faoi deara chomh maith gurb ionann an taifead atá á lorg agat i gcuid 1 de d’iarraidh agus an taifead a bhaineann le cuid 31(c). Dá réir sin, táim ar aon tuairim leis an Uas. Moran nach mbeidh orm déileáil le ceist rochtana ar an taifead ach aon uair amháin agus déanfaidh mé amhlaidh i dtaca le cuid 31(c) de d’iarraidh amháin.

Taifid 3, 4, 5, 8, 9, 25, 26

Mhol breith na Ranna i dtaca le gnéithe 3, 4, 5, 8, 9 agus 25 de d’iarraidh, mhol sí duit dul i muinín na dtaifead a bhí curtha ar fáil duit aici cheana. Maidir le mír 26, dúirt sí leat nach raibh ann d’aon taifead dá leithéid.

Den chuid is mó, bhain do litir leis an Oifig seo dar dáta 1 Iúil 2003 le cur i bhfeidhm alt 6(9), le bac ar thaifid faoi alt 26 agus 27, le nósanna na Ranna agus í ag déileáil le d’iarraidh, lena diúltú taifid a liostáil agus lena breith go ngearrfaí táille. Ní dhearna an litir aon tagairt don mhaíomh gur cheart go mbeadh taifid eile ag an Roinn a bhainfeadh le míreanna 3, 4, 5, 8, 9 agus 25, ná gur cheart go mbeadh aon taifead a bhainfeadh le mír 26 aici.

D’iarr an tUas. Stephen Rafferty, ar ghnáth leis obair leis an Oifig seo, d’iarr sé ort go sonrach i litir dar dáta 24 Márta 2004 do thuairim a thabhairt ar thuairim na Ranna gur chuir sí gach taifead lena mbaineann a bhí aici maidir le míreanna 3, 4, 5, 8, 9, 25, 31(a), 31(b) agus 31(i) de d’iarraidh ar fáil duit cheana. I do fhreagra dar dáta 20 Aibreán 2004, dúirt tú nár chuir an Roinn taifid a bhain leis na gnéithe seo de d’iarraidh ar fáil duit, agus dá mba rud é nach raibh siad ag an Roinn, gur chóir di iad a fháil ó na soláthraithe de réir alt 6(9) an Achta um SF. Leis an bhfírinne a dhéanamh, dúirt tú ina dhiaidh sin, "baineann an réasúnaíocht chéanna le gach faisnéis teicniúil eile atá á lorg agam go fóill. Toilím gur féidir nach bhfuil sí i seilbh na Ranna, ach tá sí ag an Uas. Janson [Groenendaal]."

Maidir le mír 26 de d’iarraidh, dúirt tú gur scríobh an Roinn le páirtithe éagsúla i dtaca le heisiúint nua bogearraí agus go raibh cóipeanna dá leithéid de thaifid faighte agat de bharr iarrataí eile. Cé gur dhúirt tú gur chóir go gcuirfí ar fáil duit iad de bharr na hiarrata seo, níor shainigh tú gur mhaígh tú gur cheart go mbeadh tuilleadh taifead dá leithéid ag an Roinn. Dúirt tú, áfach, gurb fhéidir go mbeadh sceideal forbartha agus clár ama ag Groenendaal (.i. soláthraithe chóras vótála IES) ar chóir iad a fháil trí alt 6(9) an Achta um SF.

Bhí tuairim ag an Uas. Moran (agus tuairim réasúnta atá inti, dar liom) gur ghlac tú leis nach raibh aon taifead eile ag an Roinn a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh. Chuir an chuid eile dá litir dar dáta 28 Meitheamh 2006 a bhain leis na gnéithe seo de d’iarraidh in iúl duit go ndéanfadh an Oifig scrúdú ar chur i bhfeidhm, dá mb’fhéidir, ailt 6(9). (Thoiligh tú ina dhiaidh sin nach ndéanfaí scrúdú ach ar chás 040104.)

Dúirt do litir dar dáta 19 Iúil 2006, áfach, nár chuir tuairim an Uas. Moran san áireamh é go mbaineann míreanna 3, 4 agus 5 de d’iarraidh le taifid atá ag an Roinn agus ag Nedap chomh maith. Dúirt tú go mbaineann míreann 8 agus 9 le taifid na Ranna freisin (sa mhéid gur "faoi na Cinn Chomhairimh oibleagáidí reachtúla comhairimh agus bhainfeadh aon taifead a mbeadh treoracha do na CC ann le hábhar anseo" agus nach bhfuil feidhm ag alt 6(9) sa chás seo ar chor ar bith.  Deir tú go mbaineann míreanna 25 agus 26 le taifid Ranna chomh maith agus go bhfuil cóipeanna agat de ríomhphoist idir an Roinn agus na forbróirí a bhaineann le sceidil le haghaidh leaganacha nua na mbogearraí.  

D’fhéadfainn a chinneadh gur chuir do litir dar dáta 20 Aibreán 2004 aon taifead a bhí i seilbh na Ranna agus a bhain le míreanna 3, 4, 5, 8, 9 agus 25 de d’iarraidh as áireamh an athbhreithnithe. Ach glacaim leis go dtaispeánann míreanna 8, 9 agus 25 gur cheart go mbeadh na taifid lena mbaineann i seilbh na Ranna, ní i seilbh aon tríú páirtí. Dá réir sin, is é mo thuairim nár bhain do thoiliú "gurbh fhéidir nach bhfuil [an fhaisnéis teicniúil] ina seilbh" ag an Roinn le taifid dá leithéid. Dá réir sin, cuirfidh mé san áireamh iad mar chuid de m’athbhreithniú.

Tá sé de rún agam chomh maith ceist rochtana ar thaifid a bhaineann le mír 26 de d’iarraidh a chur san áireamh mar chuid de m’athbhreithniú, mar gheall nár dhúirt tú go sonrach riamh gur thoiligh tú gurbh fhéidir nach raibh a leithéid de thaifid i seilbh na Ranna. Tugaim faoi deara, áfach, nár chuir tú in iúl don Oifig seo go dti mí Iúil 2006 gur chóir go mbeadh aon taifead a bhain leis an ngné seo de d’iarraidh ag an Roinn, nó fiú aon taifead eile a bhainfeadh le míreanna 8, 9 agus 25 di. Tá sé réasúnta ag iarrthóir, dar liom a bheith chomh soiléir agus is féidir faoi cé acu gné dá bhuniarraidh nár freagraíodh i gceart agus é ag plé leis an Oifig seo, go háirithe agus a liacht sin taifead i gceist san iarraidh aige.

Maidir le míreanna 3, 4 agus 5 de d’iarraidh, ar an gcéad dul síos, níor dhúirt tú riamh nár ghlac tú le maíomh na Ranna nach raibh aon taifead lena mbaineann eile aici agus ansin dúirt tú gur thoiligh tú gurbh fhéidir nach raibh siad ag an Roinn. Anois tá tú ag iarraidh scóip m’athbhreithnithe a leathnú go mbeidh an fhéidearthacht go bhfuil a leithéid de thaifid ag an Roinn san áireamh ann. Deirim arís go mbím ag súil go ndéanfaidh iarrthóir cur síos soiléir ar shainghnéithe na breithe a bhfuil sé nó sí ag cur ina n-aghaidh. Dar liomsa gur cosúil gur chuir tú féin teorainn le scóip m’athbhreithnithe i 2004 agus na míreanna seo de d’iarraidh le fágáil ar lár. Is é mo bharúil é, má chuireann iarrthóir teorainn le scóip athbhreithnithe, nach luíonn sé le réasún a bheith ag súil go leathnóidh an Oifig seo arís í, go háirithe nuair a dhéantar cuid mhór oibre ar bhonn scóip na hiarrata a bheith teoranta agat mar iarrthóir, mar atá sa chás seo. Dá réir sin, níl sé de rún agam cinneadh foirmeálta a dhéanamh maidir leis na gnéithe seo de d’iarraidh.

Taifid 23, 24

De bhrí nár chuir do litreacha dar dáta 1 Iúil 2003 agus 20 Aibreán 2004 i gcoinne an mhodh rochtana ar thaifid faoi mhíreanna 23 agus 24 de d’iarraidh, dúirt an Uas. Moran leat i litir dar dáta 28 Meitheamh 2006 nach mbeidís san áireamh i m’athbhreithniú. Dúirt tú i litir dar dáta 19 Iúil 2006 nár thaitin an "dóigh inar iniúchadh na taifid seo" leat.

Cé go dtugaim faoi deara go ndearna tú tagairt i do litir dar dáta 20 Aibreán 2004 leis an Oifig seo do do mhíshástacht leis na háiseanna a cuireadh ar fáil duit chun iniúchadh a dhéanamh ar thaifid áirithe, níor bhain na taifid sin le míreanna 23 agus 24 de d’iarraidh. Agus fiosrúcháin bhreise déanta ag Uas. Moran, ámh, is cosúil nach ndearna tú aon iniúchadh riamh ar na taifid sin a bhfuil barúil ag an Roinn baint a bheith acu le gnéithe de d’iarraidh. Cé nár luaigh tú an tsaincheist seo leis an Oifig seo, chinn mé an cheist faoi cé acu an raibh nó nach raibh an modh rochtana ar na taifid sin agat ceart de réir an Achta um SF a chur san áireamh.

Taifead 28

Tugaim faoi deara gur luaigh tú taifead a cuireadh ar fáil duit ar 19 Samhain 2003 ar shíl tú gur chóir é a chur ar fáil duit leis an ngné seo de d’iarraidh a chomhlíonadh (luaite in iarraidh eile de do chuid ar an Roinn ar 21 Samhain 2003). De bharr a ndúirt tú faoi "t[h]aifead 28" i do litir dar dáta 20 Aibreán 2004 maidir le taifid eile a cuireadh ar fáil duit i dtaca le "míreanna 12, 13, 14, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 28" de d’iarraidh, áfach, chuir litir an Uas. Moran dar dáta 28 Meitheamh 2006 in iúl duit gur chosúil gur comhlíonadh an chuid seo de d’iarraidh ina hiomláine, cé go raibh moill ar chur ar fáil thaifead 28.

Agus tú á freagairt, dúirt tú nár bhain an "taifead 28" seo le mír 28 na hiarrata a bhí i gceist. Arís féin, níor luaigh tú an cheist seo leis an Oifig seo roimh mhí Iúil 2006. Ní soiléir liom, áfach, cé acu an bhfuil tú ag rá go bhfuil tú sásta leis na taifid a cuireadh ar fáil duit i dtaca le mír 28 de d’iarraidh nó nach bhfuil agus dá dheasca sin, tá an gné seo de bhreith na Ranna á chur san áireamh agam i m’athbhreithniú.

Achoimre ar na Taifid i Scóip an Athbhreithnithe

Agus an méid thuas san áireamh, ní théann m’athbhreithniú thar scrúdú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil breith na Ranna maidir le míreanna 8, 9, 12, 13, 14, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 28, agus 31(c) go 31(h) de d’iarraidh ceart de réir an Achta um SF nó nach bhfuil. Aon uair a dhéanaim tagairt do "thaifead" sa chuid eile den litir seo, is tagairt d’aon taifead nó do thaifid (ina (n-)iomláine nó i bpáirt) a bhfuil barúil ag an Roinn baint a bheith aige/acu leis an ngné chomhfhreagrach de d’iarraidh.

Agus mé ag déanamh cur síos ar mo bhreith ar chás 030412, mhínigh mé cad é ba chúis le cúrsaí éagsúla a bhaineann le tuiscint ar scóip aon athbhreithnithe ag an Oifig seo. Níl sé de rún agam cur síos eile a dhéanamh ar an ábhar sin anseo, ach mar achoimre ar an iomlán, ba cheart cuimhneamh ar na nithe seo a leanas:

Ní chuirfear gnásanna agus nósanna aon chomhlachta phoiblí le haghaidh comhlíonadh an Achta um SF san áireamh in athbhreithniú faoi alt 34 an Achta um SF;

Tabharfaidh an Oifig seo breith trí éisteacht as de nova de bharr na bhfíoras agus na n-imthosca a bheidh ar fáil faoi dháta an athbhreithnithe ag an Oifig seo agus ní de bharr na bhfíoras agus na n-imthosca a bhí ar fáil faoi dháta na bunbhreithe;

Má chuirtear taifead ar fáil aon uair i ndiaidh do chomhlacht breith a thabhairt ar iarraidh ar an taifead sin, is fíor go fóill gur cuireadh an taifead sin ar fáil agus dá bhrí sin, gur géilleadh don iarraidh sin;

Déanfar cur síos ar chur i bhfeidhm (más féidir) alt 6(9) an Achta um SF i mbreith na hOifige seo ar chás 040104;

Ní féidir tabhairt faoi athbhreithniú ar bhreith aon chomhlachta phoiblí maidir le taifid a bhaineann le hiarraidh ach amháin nuair ab’ann dóibh faoi dháta na hiarrata sin.

Maidir le haon chuid de d’iarraidh ina maíonn tú gur cheart go mbeidh taifid ábhartha eile ag an Roinn, déanfaidh m’athbhreithniú scrúdú ar cé acu an bhfuil a mhalairt de thuairim ag an Roinn ceart de réir an Achta um SF nó nach bhfuil. Fiú má bhaineann cur i bhfeidhm alt 10(1)(a) (go ndéanfaí go leor cuardaigh le haghaidh na dtaifead a bhaineann le hiarraidh) le haon ghné den athbhreithniú seo, tá cur síos déanta ar ról na hOifige i dtaca lena léithéid d’athbhreithniú ag an mBreitheamh Onórach Quirke, i gcás Matthew Ryan and Kathleen Ryan and the Information Commissioner (2002 No. 18 M.C.A.) san Ard-Chúirt.. Dúirt an Breitheamh Quirke gur ghlac sé leis nach raibh sé de cheangal ar ról an Choimisinéara a bhí ann ag an am taifid a chuardach. Dúirt sé gurbh éard a bhí sa ról "... rather to review the decision of the Department and in doing so to have regard to the evidence which was available to the decision-maker and to the reasoning used by the decision-maker in arriving or failing to arrive at a decision."

Thairis sin, feicim go ndéanann tú tagairt do roinnt cúrsaí nós imeachta i do litir dar dáta 19 Iúil 2006. Níl sé de rún agam freagra a thabhairt ar gach tagairt acu faoi seach, ach táim sásta nach bhfuil cur chuige an Uas. Moran (i dtaca le cás 031018 agus cás 030197 a láimhseáil ceann ar cheann agus lena cinneadh gan do chuid iarratas a láimhseáil de réir mar a fuarthas do chuid iarrataí) ag teacht salach ar chaoi ar bith ar do chearta athbhreithniú neamhspleách iomlán a iarraidh ar an Oifig seo ar bhreitheanna na Ranna maidir leis na hiarrataí sin.

Athbhreithniú ar an mBreith go nGearrfaí Táille

Déanfaidh m’athbhreithniú scrúdú ar cé acu an bhfuil an ceart ag an Roinn agus táille á ghearradh ort i dtaca le cuardach agus le haisghabháil na dtaifead a bhain le d’iarraidh nó nach bhfuil.

Findings

Torthaí – Breith faoi Bhac a chur ar Thaifid

Taifid 8, 9

D’iarr na míreanna seo de d’iarraidh

8. Aon taifead a dhéanann cur síos ar an dóigh a gcomhlíonann an Roinn a ceanglais reachtúla faoi Alt 44 – réamhimeachtaí agus am le vótaí a chomhaireamh;

9. Aon taifead a dhéanann cur síos ar an dóigh a gcomhlíonann an Roinn a ceanglais reachtúla faoi Alt 45 – cur i bhfeidhm chuid XIX an Phríomhachta.

Mhínigh litir an Uas. Moran leat dar dáta 28 Meitheamh 2006 agus í ag tabhairt breac-chuntas ar a réamhthuairimí maidir le gnéithe eile de d’iarraidh, mhínigh sí gur ag an Rannóg Díolúine atá na taifid uile atá i seilbh na Ranna a bhfuil an t-eolas ábhartha ar fad a bhaineann leis an tionscadal iontu. Dúirt sí leat gur dhúirt an Roinn gurbh é a bhí sna taifid doiciméid ón Roinn, doiciméid nó comhfhreagras ó dhaoine eile a bhfuil baint acu le forbairt agus le feidhmiú céimneach an chórais agus cóipeanna den chomhfhreagras ríomhphoist (idir inmheánach agus sheachtrach) ar fad a bhain leis an tionscadal. Dúirt sí leat gur dhúirt an Roinn chomh maith má bhíonn ilchóipeanna den eolas céanna ann, nó iltagairtí don eolas céanna (m.sh. ríomhphoist a cuireadh ar aghaidh, srl.), nach gcoinnítear aon aon chóip amháin sa taifead mar thagairt.

Is é freagra na Ranna ar an iarraidh le haghaidh taifead 8, de réir sceideal na breithe ar 12 Feabhra 2003, gur "freagracht an Chinn Chomhairimh é réamhimeachtaí agus am le haghaidh comhaireamh na vótaí. Féach Lámhleabhar d’úsáideoirí IES…" . Ba é a freagra ar an iarraidh le haghaidh taifead 9 gur dearadh na bogearraí comhairimh chun rialacha Chuid XIX an Acht Toghcháin, 1992 maidir le comhaireamh vótaí – lena mbaineann Sonraíocht na Rialacha Comhairimh, PMI Athbhreithniú Cóid agus tuairisc ERS – a chur i bhfeidhm.

I do litir leis na Oifig seo dar dáta 19 Iúil 2006, deir tú cé gur faoi na Cinn Chomhairimh atá na hoibleagáidí comhairimh reachtúla, go mbaineann aon taifead atá i seilbh na Ranna a thugann treoir do na Cinn Chomhairimh leis na gnéithe seo de d’iarraidh.

Deir an Roinn go síleann sí go mbaineann Powervote Lámhleabhar d’Oibrithe an Mheaisín Vótala agus Taifeadadh Díreach Vótála/Taifeadadh Leictreonach Vótála – Meamram i gcomhair Treorú Chinn Chomhairimh, Reifreann Fómhar 2002 leis na codanna seo de d’iarraidh. Tugaim faoi deara gur cuireadh iad seo ar fáil duit.

Deir an Roinn go bhfuil trí leagan nua eile den chéad taifead sin ina seilbh aici ó fuarthas d’iarraidh. Cé go bhfuil siad seo lasmuigh de scóip d’iarrata, tuigim go bhfuil na doiciméid seo curtha ar fáil duit ag an Roinn. Deir an Roinn go bhfuil leagan níos sine den dara taifead aici, leagan dar dáta Aibreán 2002, agus nár chuir sí ar fáil duit é de bharr an tuairim a bhíodh aici gur leor an leagan ba nua de thaifead a chur ar fáil le hiarraidh a chomhlíonadh. Tuigim, áfach, go bhfuil an taifead seo curtha ar fáil duit ó shin. Tuigim freisin gur chuir sí ciorclán ar fáil duit i dtaca leis an Meamram (agus leathanaigh ionaid iniata), taifead eilea tháinig ann i ndiaidh d’iarrata.

Maidir le do thuairim faoi oibleagáidí na Ranna féin, dúirt sí (ar 7 Samhain 2006) cé go leagann altanna 44 agus 45 an Acht Toghcháin (Leasú) 2001 nósanna amach atá le leanúint ag Cinn Chomhairimh chun vótaí a chomhaireamh i ndiaidh críochnú na vótaíochta, nach ceanglais reachtúla ar an Roinn iad. (Ní fúm atá sé breith a thabhairt ar cé acu an gcuireann an tAcht ceanglais reachtúla ar an Roinn nó nach gcuireann.) Deir an Roinn chomh maith go bhfuil cóipeanna reachtaíochta ina leagtar síos ceanglais reachtúla na gCeann Comhairimh ina seilbh aici, agus teacht orthu ag www.irishstatutebook.ie.

Is é maíomh na Ranna go bhfuil gach taifead a bhaineann leis na codanna seo de d’iarraidh curtha ar fáil duit aici, agus nach bhfuil aon taifead eile dá leithéid ina seilbh aici. Níl aon údar amhrais agam faoin maíomh seo. Seasaim lena breith i dtaca leis na taifid sin a cuireadh ar fáil, agus táim sásta go gcuirfí alt 10(1)(a) i bhfeidhm ar aon taifead eile lena mbaineann a bhfuil tú ag maíomh é a bheith ann.

Taifid 12, 13, 14, 16, 17, 18, 19, 20 agus 22

D’iarr na codanna seo de d’iarraidh:

12. Aon taifead a dhéanann cur síos nó a dhéanann trácht ar an modúl Memory_Read.pas/memory_Read.dfm;

13. Aon taifead a dhéanann cur síos nó a dhéanann trácht ar an modúl dmGen.pas;

14. Aon taifead a dhéanann cur síos nó a dhéanann trácht ar an modúl dmElec.pas;

16. Aon taifead sa Roinn a bhaineann le hAthbhreithniú Cóid #9 in "Powervote Freagra ar Athbhreithniú Cóid ar Bhogearraí Comhtháite Toghcháin Triail 2001-0096" aon áit a bhfuil " Tá tuairim againn go bhfuil pointe agat anseo" scríofa ag Forbróir;

17. Aon taifead sa Roinn a bhaineann le bogearraí le hachainíocha a láimhseáil;

18. Aon taifead sa Roinn a bhaineann le hAthbhreithniú Cóid #26 in "Powervote Freagraí ar Athbhreithniú Cóid ar Bhogearraí Comhtháite Toghcháin Triail 2001.0096", aon áit a ndeir an tAthbhreithneoir, "tarlaíonn cuid mhór oibríochtaí bhunachur sonraí… gan aon láimhseáil eisceachta";

19. Aon taifead sa Roinn a bhaineann le Measúnú Ailtireachta # 2 in "Powervote Freagraí ar Mheasúnú Ailtireachta ar Bhogearraí Comhtháite Toghcháin Nollaig 2001", aon áit a ndéanann an Forbróir trácht ar "Eochracha Príomhúla";

20. Aon taifead sa Roinn a bhaineann le Measúnú Ailtireachta #3 in "Powervote Freagraí ar Mheasúnú Ailtireachta ar Bhogearraí Comhtháite Toghcháin Nollaig 2001", aon áit a ndéanann an Forbróir trácht ar "Shláine na dTagairtí";

22. Liosta na rialacha uile (agus orduithe, Ionstraimí Reachtúla, srl. san áireamh) a bhaineann le Vótáil Leictreonach ar shínigh an tAire iad.

Ag deireadh d’iarrata, dúirt tú "Is mian liom cóip a bheith agam de na taifid uile atá sa Roinn a bhaineann le hiomláine na ballóide."  Is cosúil liom gur iarraidh é seo ar rochtain ar chóipeanna na dtaifead uile a bhaineann leis an 31 mhír de d’iarraidh.

Mhol an sceideal le breith na Ranna duit dul i muinín taifead áirithe agus í ag maíomh gur bhain siad leis na gnéithe 12, 13, 14, 16, 17, 18, 19 agus 20 de d’iarraidh. Chuir sí líon áirithe taifead ar fáil duit a bhain le mír 22.

Ní dhearna do litir leis an Oifig seo dar dáta 1 Iúil 2003 aon tagairt faoi leith do do mhíshástacht faoin tslí ar chuir an Roinn na taifid a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh ar fáil duit. I do litir leis an Oifig seo dar dáta 20 Aibreán 2004, áfach, dúirt tú go raibh cuid mhór taifead sa Roinn, taifid ríomhphoist den chuid is mó, a phléigh sonraí na n-ábhar a bhí luaite agat sna míreanna de d’iarraidh atá sa liosta thuas. Dúirt tú nár chuir an Roinn ar fáil duit iad, ach gur tháinig tú orthu agus comhaid tástála á scrúdú agat. Tuigim gurbh iad seo an cúig chomhad - F427/9, F429/2, F431/11, F431/12 agus F431/13 - ar tugadh rochtain iniúchta duit orthu i mí na Nollag 2003 i gcomhthéacs d’iarrata dar dáta 10 Deireadh Fómhair 2003, a ndearna an Oifig seo athbhreithniú uirthi sa chás 040102. Dúirt tú chomh maith nár leor na háiseanna a cuireadh ar fáil duit leis na taifid sin a iniúchadh.

Ar an 28 Meitheamh 2006, dúirt an Uas. Moran leat gur dhúirt an Roinn, i dtaca leis na taifid a maíonn tú gur chóir cóipeanna díobh a chur ar fáil duit (agus a dúirt tú gur tháinig tú orthu agus an cúig chomhad tástála á iniúchadh agat), gur dhúirt an Roinn gurbh fhéidir nach mbaineann na doiciméid sin a ndéanann tú tagairt dóibh ach go teagmhasach leis na príomhcheisteanna sna taifid sin. Dúirt sí leat gur dhúirt an Roinn chomh maith go raibh an Rannóg Díolúine á ullmhú féin i gcomhair feidhmiú céimneach náisiúnta an tionscadal ríomhvótala agus comhairimh agus go raibh an-chuid dualgas agus freagrachtaí ar an bhfoireann uile ag an am sin ar thug tú do chéad chuairt uirthi. Dúirt an Uas. Moran leat gur dhúirt an Roinn nach raibh de shuíomh a bheadh oiriúnach i gcomhair d’iniúchta ach in ascaill an fhorsheomra taobh amuigh de sheomra an Phríomhoifigigh de dheasca easpa spáis i dTeach an Chustaim agus de bharr an ghá le maoirseacht a dhéanamh ar na comhaid agus iad á iniúchadh agat chun cinntiú go gcoinneofaí ina n-iomláine iad. Dúirt sí gur shíl an Roinn gur ndearna sí gach beart réasúnta le cuidiú le d’iarraidh agus na cúrsaí amhlaidh.

Ba é dearcadh an Uas. Moran, mar a leagtar amach ina litir dar dáta 28 Meitheamh 2006 é, gur thug an Roinn deis réasúnta duit na comhaid sin a iniúchadh a raibh taifid eile a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh faighte agat iontu.

Agus tú á freagairt ar 19 Iúil 2006, dúirt tú nár ghlac tú le ráiteas na Ranna nár bhain na taifid ar tháinig tú orthu agus na comhaid á iniúchadh agat ach go teagmhasach leis na príomhcheisteanna. Níor ghlac tú leis ach oiread gur leor na háiseanna a cuireadh ar fáil duit agus chuir tú an Uas. Moran i muinín do litreach dar dáta 20 Aibreán 2004. Ansin dúirt tú gur chóir go ndéanfadh an Roinn cóip de na taifid uile a ndearna tú iniúchadh orthu cheana agus go gcuirfeadh sí chugat iad, nó "[d]e rogha air sin, gur mhian [leat] glacadh le tairiscint na Ranna ath-iniúchadh ar dhéanamh ar na taifid seo."

Maíonn an Roinn go fóill gur chuir sí cóipeanna de na taifid uile a bhí aici faoi dháta d’iarrata agus a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh ar fáil duit cheana. Thoiligh sí go ndéanfá ath-iniúchadh ar an gcúig chomhad tástála a bhí iniúchta agat de thoradh ar d’iarraidh dar dáta 10 Deireadh Fómhair 2003, áfach, cé go dtuigim nárbh ann do thrí cinn de na comhaid sin faoi dháta na hiarrata atá á athbhreithniú sa chás seo.

Tuigim go ndearna tú iniúchadh ar na cúig chomhad tástála arís ar 27 Deireadh Fómhair 2006 agus gur roghnaigh tú 28 taifead a raibh cóipeanna díobh le cur ar fáil duit. Chuir an Roinn 26 taifead acu ar fáil duit ina n-iomláine agus chuir sí bac ar mhíreanna den dá thaifead eile (taifead 7 agus taifead 9).

Bhain an mhír a cuireadh bac uirthi i dtaifead 7 le ráta laethúil pá le comhairleoir agus bhain an mhír a cuireadh bac uirthi i dtaifead 9 le huimhir ghuthán póca pearsanta tríú páirtí. Tá dáta 15 Nollaig 2003 ar thaifead 7 agus tá dáta 24 Iúil 2003 ar thaifead 9. Cé go bhfuil an Roinn sásta taifid a tháinig ann ó rinneadh d’iarraidh a chur ar fáil duit, is amhlaidh go fóill nach faoin Acht um SF a chuirtear ar fáil duit iad. Níl taifid a thagann ann i ndiaidh dáta aon bhuniarrata le háireamh san iarraidh sin, agus dá bhrí sin, níl siad le háireamh in aon athbhreithniú ag an Oifig seo ar bhreith maidir leis an iarraidh sin. Dá réir sin, níl sé de chumhacht agam faoin Acht um SF aon chinneadh a dhéanamh maidir leis na míreanna sin a cuireadh bac orthu i dtaifid 7 agus 9, a ndearna tú iniúchadh orthu i mí Dheireadh Fómhair 2006.

Go hachomair, is é maíomh na Ranna go raibh na taifid sin a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh curtha ar fáil duit aici cheana. Cé nár ghlac tú leis seo, tá na cúig chomhad tástála sin ar mhaígh tú taifid ábhartha eile a bheith iontu iniúchta agat arís agus tá cóipeanna faighte agat de thaifead ar bith a bhí iontu a bhí á lorg agat. (Cé gur cuireadh dhá thaifead ann ar fáil duit ina neamhiomláine, bhí siad seo i measc na dtaifead a tháinig ann ó rinneadh do bhuniarraidh agus níl siad le háireamh san iarraidh sin dá dheasca sin.) Mar a dúradh cheana, mhaígh do litir dar dáta 19 Iúil 2006, i dtaca le ceist rochtana ar thaifid a bhaineann le gnéithe 12, 13, 14, 16, 17, 18, 19, 20 agus 22 de d’iarraidh, mhaígh sí go mbeifeá sásta ath-iniúchadh a dhéanamh ar na comhaid tástála a bhí iniúchta agat i 2003 in áit cóipeanna páipéir díobh a fháil. Dá réir sin, is cosúil liom gur géilleadh go hiomlán do na míreanna seo de d’iarraidh.

Seasaim le breith na Ranna i dtaca leis na taifid sin ar chuir sí ar fáil duit iad faoin Acht um SF i dtaca leis na míreanna seo de d’iarraidh, dá réir sin. Tugaim faoi deara freisin nach ndeachaigh tú i dteagmháil leis an Oifig seo arís chun do mhíshástacht le freagra na Ranna maidir leis an mír seo de d’iarraidh a chur in iúl. Dá mbeadh orm níos mó machnamh a dhéanamh ar an ábhar, ámh, ní bheadh aon chúis amhrais orm i dtaobh maíomh na Ranna nach bhfuil aon taifead eile ina seilbh aici a bhaineann leis na míreanna seo de d’iarraidh agus dá réir sin, chinnfinn go mbeadh feidhm ag alt 10(1)(a).

Taifead 21

D’iarr an mhír seo de d’iarraidh liosta na dtaifead uile a bhain leis an gCóras Comhairimh.

Tugaim faoi deara gur chuir breith na Ranna liosta comhad ar fáil duit a raibh baint acu le bogearraí chomhaireamh vótala IES. Chuir do litir leis an Oifig seo dar dáta 1 Iúil 2003 míshástacht leis seo in iúl, áfach, agus dúirt gur chúis imní duit taifid eile a bheith ann nach raibh aon fhios agat fúthu. Dúirt tú go sonrach nár thug an Roinn freagra ar an iliomad iarrataí le haghaidh liosta na dtaifead a fuarthas ó na forbróirí lena mbaineann. Dúirt tú chomh maith gur dhúirt litir athbhreithnithe inmheánaigh na Ranna nach bhfuarthas a leithéid de thaifid ó fhorbróirí an Chóras Comhairimh.

Dúirt an tUas. Rafferty leat ar 24 Márta 2004 gur thaispeáin taifid na Ranna, de réir comhrá teileafóin ar 28 Eanáir 2003, go raibh tú féin agus an Roinn ar aon intinn gurbh fhéidir an mhír seo de d’iarraidh a láimhseáil mar iarraidh ar liosta comhad. Níor aontaigh tú leis an méid sin i do litir leis an Oifig seo dar dáta 20 Aibreán 2004.

Chuir litir an Uas. Moran dar dáta 28 Meitheamh 2006 in iúl duit nár chuir an tAcht um SF iallach ar an Roinn taifead a chruthú mar fhreagra ar iarraidh. D’fhreagair tú gur chóir go liostálfadh sceideal SF ar réitíodh i gceart é gach taifead lena mbaineann agus go ndearnadh an iarraidh seo mar fhreagra ar dhrochfhreagra na Ranna ar iarrataí a bhí déanta agat roimhe sin, nach raibh sceidil chuimsitheacha ag gabháil leo. Dúirt tú go raibh de dhualgas ar an Roinn na taifid ábhartha uile a liostáil mar chuid dá fhreagraí SF agus go mbeadh sceideal dá leithéid ina fhreagra ceart ar d’iarraidh ar thaifead 21.

Ar an gcéad dul síos, cé gur fíor gur cleachtas maith ag comhlachtaí poiblí é sceidil chruinne a eisiúint agus breith ar iarraidh a chur in iúl d’iarrthóir acu, níl aon fhoráil san Acht um SF a chuireann iallach ar chomhlacht poiblí a leithéid a dhéanamh. Dá réir sin, cé go molann m’fhoireann go rialta do chomhlachtaí poiblí sceidil chruinne taifead a eisiúint mar dhlúthchuid dá mbreitheanna SF, níl sé de chumhacht reachtúil agam ordú do chomhlacht poiblí sceideal a dhéanamh, ná breithiúnas a thabhairt ar chineál aon sceidil.

Cé gur féidir le comhlacht poiblí taifead a chruthú de bharr iarraidh SF, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforálann alt 6 an Achta um SF ceart rochtana a thabhairt ar "aon taifead atá i seilbh comhlachta phoiblí". Forálann alt 7 go ndéanfaidh aon duine ar mian leis nó léi an ceart rochtana a fheidhmiú, go "[n]déanfaidh sé nó sí iarraidh ... ar rochtain ar an taifead lena mbaineann…". Dá réir sin, tá barúil agam go bhforálann an tAcht um SF ceart rochtana ar thaifid atá ann cheana féin amháin agus nach n-ordaíonn sé cruthú taifead le géilleadh d’iarraidh.

Is féidir go maífidh tú go raibh rochtain ag an Roinn ar an eolas a bhí á lorg agat um dáta na hiarrata agus go raibh d’iallach uirthi taifead a chruthú leis an eolas sin faoin Acht um SF. Baineann alt 12 an Achta um SF leis an modh ar féidir rochtain a thabhairt ar thaifead. Cé go ndéanann alt 12 tagairt do rochtain a thabhairt ar thaifead trí fhaisnéis i dtaifead a athscríobh nó a dhíchódú, tugann friotal an ailt sin le tuiscint go gcaitheann an fhaisnéis a mbíonn a leithéid d’athscríobh nó de díchódú de dhíth uirthi a bheith mar chuid de thaifead inaitheanta. Dá réir sin, táim sásta nach iarraidh bailí faoin Acht um SF aon iarraidh ar fhaisnéis ach amháin más féidir é a thuiscint mar iarraidh ar rochtain ar thaifead atá ann cheana agus an fhaisnéis sin ann.

Deir an Roinn nach raibh liosta na dtaifead uile a bhain leis an gcóras comhairimh aici faoi dháta na hiarrata, ná (mar a shonraigh tú i d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach) liosta na ndoiciméad a fuair sí mar fhreagra ar an tairiscint, ná liosta na ndoiciméad a fuair sí ó fhorbróirí an chóras comhairimh. Níl aon chúis spairne agam leis seo. Dá réir sin, táim sásta go bhfuil údar maith ag an Roinn le feidhm a bhaint as alt 10(1)(a) maidir leis an ngné seo de d’iarraidh.

Cé nach mbaineann sé leis an athbhreithniú seo, ní follasach dom gur dhúirt litir na Ranna faoina hathbhreithniú inmheánach nach bhfuair sí taifead ar bith ó fhorbróirí an chóras comhairimh, mar a mhaígh tú i do litir leis an Oifig seo dar dáta 1 Iúil 2003. Shonraigh d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach, inter alia, go raibh uait liosta na ndoiciméad uile a fháil a fuarthas ó fhorbróirí an chóras comhairimh, de réir a dteideal agus a ndáta. Thug breith athbhreithniú inmheánach na Ranna freagra ort nach raibh ann dá leithéid de thaifid. Is cosúil liomsa go raibh an Roinn ag maíomh nach raibh an liosta sin a bhí uait ina seilbh aici, ní nach raibh na taifid féin aici a raibh a liosta siúd uait.

Taifid 23, 24

D’iarr tú na nithe seo a leanas faoi na míreanna seo de d’iarraidh:

23. Aon taifead sa Roinn a bhain le ceartú na n-earráidí a tuairiscíodh sna bogearraí;

24. Aon taifead sa Roinn a bhain le tástáil aischéimnitheach a dhéanamh ar eisiúintí ní ba dhéanaí na mbogearraí.

I litir na Ranna dar dáta 12 Feabhra 2003 faoina hathbhreithniú inmheánach, tairgíodh an deis duit na comhaid a raibh na taifid ábhartha iontu a iniúchadh agus tugann an sceideal iniata le tuiscint gur pléadh an méid seo leat. Tuigim, áfach, nár ghlac tú le tairiscint na Ranna ag an am sin.

Dúirt an Roinn leis an Oifig seo go bhfuil roinnt taifead a bhaineann leis na míreanna seo de d’iarraidh istigh sna cúig chomhad tástála a ndearna tú iniúchadh orthu i 2003 (i gcomhthéacs d’iarrata dar dáta 10 Deireadh Fómhair 2003 (.i. F427/9, F429/2, F431/11, F431/12 agus F431/13)). Mar atá scríofa níos luaithe, tá na comhaid seo iniúchta agat arís (an trí cinn a tháinig ann ó rinneadh an iarraidh seo san áireamh) agus tá cóipeanna de thaifid éagsúla iontu faighte agat.

Dúirt an Roinn leis an Oifig seo go raibh taifid eile ann a bhain le míreanna 23 agus 24 de d’iarraidh faoi na comhaid sin ar thairg sí rochtain orthu duit ar 12 Feabhra 2003. Ar 22 Samhain 2006, thug an Roinn cuireadh duit arís iniúchadh a dhéanamh ar na comhaid is deireanaí a luadh (.i. F 427/1, F427/2, F427/3, F427/4 agus F429/1). Tuigim go ndearna tú iniúchadh ar na comhaid seo ar 11 Nollaig 2006 agus gur roghnaigh tú 44 taifead a raibh uait cóipeanna díobh a fháil. Chuir an Roinn 41 taifead acu ar fáil duit ina n-iomláine agus chuir sí bac ar mhíreanna de thaifid 6, 9 agus 28.

Tá iniúchadh déanta agam ar ábhar thaifid 6, 9 agus 28. Táim sásta gurb é atá sa chuid de thaifead 28 a cuireadh bac uirthi (uimhir ghuthán póca phearsanta) faisnéis phearsanta dhuine de fhoireann na Ranna, nach mbaineann an fhaisnéis sin le hobair na Ranna, atá díolmhaithe óna chur ar fáil faoi alt 28(1) an Achta um SF. Ba nochtadh fhaisnéis phearsanta dhuine inaitheanta a bheadh ann agus ní shílim gur le leas an phobail é í a chur ar fáil duit. Is é mo chinneadh go raibh údar maith ag an Roinn bac a chur ar an mír seo de thaifead 28 agus na taifid sin á iniúchadh agat i mí na Nollag 2006.

Maíonn an Roinn gurb é atá sna míreanna sin de thaifid 6 agus 9 ar cuireadh bac orthu sainfhaisnéis faoi chodanna de chód foinseach IES agus go bhfuil siad díolmhaithe óna chur ar fáil faoi ailt 23 agus 27 an Achta um SF. Pléifidh mé cur i bhfeidhm na bhforálacha seo maidir le taifid 6 agus 9, chomh maith le mo chinneadh i dtaobh míreanna 31(c) go (h) de d’iarraidh, níos déanaí sa litir seo.

Dá réir sin, níl fágtha fúm ach breith a thabhairt i dtaobh míreanna 23 agus 24 de d’iarraidh faoi cé acu ar chuir an Roinn gach taifead lena mbaineann san áireamh agus na taifid sin le cur ar fáil duit nó nár chuir.

Maíonn an Roinn go bhfuil taifid a bhaineann leis an gcuid seo de d’iarraidh i dhá cheann de na comhaid tástála a ndearna tú iniúchadh orthu i 2003 (tháinig an trí chomhad eile ann i ndiaidh na hiarrata atá i gceist sa chás seo) agus i gcúig cinn de na comhaid tástála a ndearna tú iniúchadh orthu i mí na Nollag 2006. Ar an gcéad dul síos, tá líon na gcomhad lena mbaineann (seacht) in achrann le litir an Uas. Rafferty leat dar dáta 24 Márta 2004, a dúirt leat gurbh ann do 16 comhad tástála a bhain leis an gcuid seo de d’iarraidh.

Bhí an oiread an dúirt an tUas. Rafferty bunaithe ar an ábhar i litir dar dáta 30 Deireadh Fómhair, 2003 ón Roinn, a dúirt gurbh ann do 16 comhad tástála a bhain le gnéithe 23 agus 24 de d’iarraidh. D’iarr an Uas. Moran ar an Roinn ina dhiaidh sin soiléiriú a dhéanamh ar líon na gcomhad lena mbaineann a bhí i gceist. D’fhreagair an Roinn nach féidir léi an méid a dúradh ar 30 Deireadh Fómhair 2003 a mhíniú, mar "nach amhlaidh" go bhfuil ann do 16 comhad lena mbaineann, agus deir sí nach féidir ach barúil a bheith aici gur "earráid chló nó earráid riaracháin a bhí ann." Deir sí chomh maith nach féidir léi a chruthú cad chuige a ndearna an duine ábhartha sin den fhoireann tagairt do 16 comhad, mar nach n-oibríonn sí don Roinn a thuilleadh. I gcomhthéacs freagraí na Ranna ar ilcheisteanna an Uas. Moran faoin athbhreithniú seo, glacaim le réasúntacht mhaíomh na Ranna agus níl aon chúis agam níos mó iniúchadh a dhéanamh ar an mír seo de d’iarraidh.

I do litir leis an Oifig seo dar dáta 19 Iúil 2006 i dtaca le míreanna 23 agus 24 de d’iarraidh, dúirt tú go mbeifeá sásta ath-iniúchadh a dhéanamh ar na comhaid tástála a bhí iniúchta agat i 2003 in áit cóipeanna páipéir díobh a fháil. Mar a dúradh cheana, tá na cúig chomhad sin a bhí iniúchta agat i 2003 iniúchta agat arís (agus trí cinn a tháinig ann ó rinneadh d’iarraidh san áireamh), chomh maith leis an gcúig chomhad tástála eile a raibh barúil ag an Roinn gur bhain siad leis na gnéithe seo de d’iarraidh, agus tá na taifid sin sna 10 comhad uile a raibh uait cóipeanna a dhéanamh díobh roghnaithe agat.

Tá barúil agam anois gur comhlíonadh na codanna seo de d’iarraidh ina n-iomláine. Dá réir sin, seasaim le breith na Ranna maidir leis na codanna seo de d’iarraidh (arís féin, pléifear diúltú cóipeanna de thaifid 6 agus 9, a ndearna tú iniúchadh orthu i mí na Nollag 2006, a chur ar fáil duit ina n-iomláine níos déanaí sa litir seo). Tugaim faoi deara freisin nach ndeachaigh tú i dteagmháil leis an Oifig seo arís chun do mhíshástacht le freagra na Ranna maidir leis na míreanna seo de d’iarraidh a chur in iúl. Dá mbeadh orm níos mó machnamh a dhéanamh ar an ábhar, ámh, ní bheadh aon chúis amhrais orm i dtaobh maíomh na Ranna nach bhfuil aon taifead eile ina seilbh aici a bhaineann leis na míreanna seo de d’iarraidh agus dá réir sin, chinnfinn go mbeadh feidhm ag alt 10(1)(a).

Taifead 25

D’iarr an chuid seo de d’iarraidh aon taifead a bhí i seilbh na Ranna a bhain le cuid de na bogearraí a bheith scríofa in Ollannais.

Tugaim faoi deara gurbh é freagra na Ranna ar an iarraidh i gcomhair taifead 25 "nach bhfuil ann dóibh thar na doiciméid a cuireadh ar fáil cheana". (Tuigim gurbh é a bhí sna doiciméid lena mbaineann tuairisc PTB agus tuairisc PMI). Mar fhreagra ar do mhaíomh gur cheart go mbeadh taifid eile ag an Roinn a bhain leis an mír seo de d’iarraidh, dúirt an Roinn nach bhfuil a leithéid de thaifid eile aici. Níl aon údar amhrais agam faoina maíomh agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) i dtaca leis an mír seo de d’iarraidh.

Taifead 26

D’iarr an chuid seo de d’iarraidh aon taifead a bhí i seilbh na Ranna a bhain le sceidil le haghaidh leaganacha nua na mbogearraí.

Dúirt breith na Ranna nach raibh ann do "sceideal ar bith sa Roinn. Nuair a aontófar leagan deiridh don iliomad toghchán, beidh leagan nua ann do gach uile thoghchán."

Dúirt do litir leis an Oifig seo dar dáta 20 Aibreán 2004 go mbíodh cuid mhór comhfhreagrais ag an Roinn le Jan Janson agus le ERS, agus é fós ar siúl, maidir le heisiúintí nua na mbogearraí, agus iad seo a leanas san áireamh ann: díospóireachtaí faoi leith faoin uair a mbeadh gá le heisiúintí nua le haghaidh tástála, brú oibre ar Jan Janson agus na spriocdhátaí seo le baint amach agus fógraí faoi eisiúintí líonmhara leaganacha nua na mbogearraí lena spriocdhátaí seachadta ar ERS agus ar Nathean le haghaidh tástála.

Dúirt tú gur cuireadh na taifid seo ar fáil duit trí fhreagraí ar iarrataí eile a bhí déanta agat, ach gur bhain siad leis an ngné seo de d’iarraidh agus gur cheart iad a chur ar fáil duit dá réir.

Dúirt an Roinn gurbh í an tuiscint a bhain sí as d’iarraidh go raibh tú ag lorg taifead a leag sceideal na ndátaí eisiúna a rabhthas ag súil leo amach le haghaidh gach leagan nua de bhogearraí IES (tuiscint a shíleann sí i gcónaí a bheith ceart). Deir sí nach bhfuil ann dá leithéid de thaifead sa Roinn agus nár tharla forbairt leagan nua na mbogearraí de réir amchlár a bhí leagtha síos go foirmeálta sa chaoi a maíodh.

Ní fúmsa atá sé breithiúnas a thabhairt ar cé acu ar cheart don Roinn taifead dá leithéid a bheith ina seilbh aici nó nár cheart. Ní bheadh aon chúis amhrais agam faoi ráiteas na Ranna nach raibh a leithéid sin de thaifead ina seilbh aici agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) air. Déanfar athbhreithniú ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ann dá leithéid d’amchlár agus ar cé acu an ag tríú páirtí nó nach ag tríú páirtí an t-amchlár sin sa chás 040104.

Maíonn tú gur cheart don Roinn na taifid uile atá ina comhaid siúd a ndéanann tú tagairt dá leithéid thuas a chur ar fáil duit ar scor ar bith. Níor bhain an Roinn ciall mar sin as an gcuid seo de d’iarraidh agus cé go dtuigim go maith don chúis ar bhain an Roinn an chiall sin as an gcuid seo de d’iarraidh sa chaoi seo, ba cheart go mbeadh soiléiriú déanta aici in éineacht leatsa ar a scóip sula ndeachaigh sí ar aghaidh de réir a tuisceana féin ar an scéal.

Tá tuairim agam, ámh, dá mbeifí ag súil go ndéanfadh an Roinn scrúdú ar gach taifead sna comhaid éagsúla uile atá aici le féachaint ar bhain siad leis an gcuid seo de d’iarraidh, go gcuirfí isteach go substaintiúil agus go míréasúnach ar obair eile na Ranna. Deirim seo go sonrach de dheasca castacht na n-iarrataí éagsúla a bhí déanta agat ar an Roinn agus de dheasca an oiread ama atá caite aici ag plé le do chuid iarrataí agus le hathbhreithnithe na hOifige seo. Mar a mhínigh an Uas. Moran duit ina litir dar dáta 28 Meitheamh 2006, cé gur i gcomhthéacs míreanna eile de d’iarraidh a mhínigh sí é, forálann alt 10(1)(c) an Achta um SF gur féidir diúltú d’iarraidh ar thaifead más rud é

"…gur ghá, dá ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon nó ar chineál na dtaifead lena mbaineann nó ar chineál na faisnéise lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú, nó scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann ar scrúdú de shórt é, go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an chomhlachta phoiblí lena mbaineann".

Cinnim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(c) ar an mír seo de d’iarraidh chomh maith, dá réir sin.

­Taifead 28

D’iarr an mhír seo de d’iarraidh rochtain ar aon taifead a bhí sa Roinn "a bhaineann le húsáid níos mó ná pc comhairimh amháin". Rinne tú tagairt in iarraidh eile ar an Roinn ar 21 Samhain 2003 do thaifead a cuireadh ar fáil duit ar 19 Samhain 2003, ar shíl tú baint a bheith aige leis an mír seo de d’iarraidh. Is féidir go bhfuil tú ag maíomh go bhfuil ann do thaifid eile i seilbh na Ranna a bhaineann leis an mír seo de d’iarraidh.

Mar fhreagra ar cheisteanna na hOifige seo, dúirt an Roinn go bhfuil barúil aici go mbaineann an doiciméad "Treoirlínte do Chinn Chomhairimh – Cur Síos Teicniúil Leibhéal Toghcheantair (traschur sonraí)" leis an ngné seo de d’iarraidh, agus tuigim gur chuir sí ar fáil duit é. Tuigim freisin go bhfuil barúil aici go mbaineann na doiciméid Meamram i gcomhair Treorú Chinn Chomhairimh éagsúla, a ndearna mé cur síos orthu i mo chinneadh i dtaca le míreanna 8 agus 9 de d’iarraidh, go mbaineann siad leis an mír seo de d’iarraidh.

Maíonn an Roinn nach bhfuil aon taifead eile ina seilbh aici a bhaineann leis na míreanna seo de d’iarraidh. Níl aon chúis amhrais orm i dtaobh an mhaímh seo agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) i dtaca leis an mír seo de d’iarraidh, dá réir sin.

Taifid 31(c) go (h)

Is é atá sna taifid seo:

31(c) Riachtanais Teicniúla: Iontaofacht an Mheaisín Vótála ESI1, Leagan Doiciméid 1.1. RBW Teunissen Deireadh Fómhair 2001;

31(d) Sonraíocht Teicniúil: Córas Vótála Nedap ESI1 Stóráil Vótaí, Leagan Doiciméid 1.2 RBW Teunissen (14-12 - 2001);

31(e) Sonraíocht Crua-earraí agus Bogearraí: Clár Taispeána, Meaisín Vótála Éire ESI1 (8-10-2001);

31(f) Sonraíocht Crua-earraí agus Bogearraí: Clár Ceangail, Meaisín Vótála ESI1 Éire (5-10-2001);

31(g) Sonraíocht Comhéadain Painéal Vótálaithe agus Príomhchlár Próiseála, Meaisín Vótála Éire ESI1 (19-9-2001);

31(h) Sonraíocht Crua-earraí Córas Vótála Nedap ESI1: Stóráil Vótaí tar éis Idirbhriste (Leagan Doiciméid 1.0 RBW Teunissen, 19-10-2001).

Mar a leagadh síos i litir bhreithe an Uas. Sean Garvey i gcás 030412, litir dar dáta 2 Samhain 2006, tá an leagan níos sine de thaifead 31(d), taifead dar dáta 1 Lúnasa 2001, mar chuid de m’athbhreithniú freisin. Tá diúltú na Ranna taifid 6 agus 9 a chur ar fáil duit ina n-iomláine - agus iad i measc na dtaifead a bhí iniúchta agat ar 11 Nollaig 2006 - san áireamh chomh maith (leathanaigh 2-12 i dtaifead 6 agus leathanaigh 9 go 13 i dtaifead 9).

Rinne litir an Uas. Moran leat (litir dar dáta 10 Deireadh Fómhair) cur síos ar a tuairim go bhfuil feidhm ag alt 23(1)(c) an Achta um SF ar na taifid 31(c) go (h). Tá barúil agam go mbaineann a tuairimí siúd ina dtaobh agus do fhreagra féin chomh maith céanna leis an leagan níos sine de thaifead 31(d) agus le taifid 6 agus 9 agus iad i measc na dtaifead sin a ndearna tú iniúchadh orthu i mí na Nollag 2006.

Forálann alt 23(1)(c) go bhféadtar diúltú do thaifead más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go n-éascófaí cion a dhéanamh dá dtabharfaí rochtain air. Dúirt an Uas. Moran leat, de dheasca poiblíocht faoi bhradaíl mheaisíní leictreonacha Nedap san Ísiltír, gur shíl sí go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go n-éascófaí cur isteach ar chóir an chóras vótala dá dtabharfaí rochtain ar an bhfaisnéis a bhí sna taifid. Tharraing sí d’aird ar alt 2(1) an Acht Toghcháin (Leasú) 2004, a fhorálann go mbeidh duine ciontach i gcion má chuireann sé isteach, d’aonturas agus gan údarás, ar aon chóir de chuid an chóras vótala. Dúirt sí leat chomh maith nach gá le halt 23(1)(c) leas an phobail a chur san áireamh.

Mhol do fhreagra dar dáta 2 Samhain 2006 nach bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go n-éascófaí cur isteach ar chóir an chóras vótala, agus nach n-éascófaí cion a dhéanamh dá gcuirfí na taifid ar fáil.

Maíonn tú go raibh an oiread sin ais-innealtóireachta déanta ar an gcóras ag an ngrúpa Ollannach (agus mionchur síos uirthi ar an ngréasán) nach ndéanfadh faisnéis sa bhreis difear ar bith do chumas aon duine cur isteach ar an gcóras, agus deir tú chomh maith gur furasta an córas a thuiscint, mar go bhfuil gnáthchomhpháirteanna agus gnáthphróiseálaithe ann. Deir tú gur ghlac an Rialtas le moltaí an Choimisiún um Vótáil Leictreonach i dtaobh feabhas a chur ar shlándáil na meaisíní agus gur lú seans go gcuirfear isteach orthu (nuair a chuirfear i bhfeidhm iad). Dúirt tú nach bhfuil aon duine réasúnta ag súil go mbainfear feidhm as córas Nedap/Powervote in Éirinn arís agus dá réir sin nárbh fhéidir le réasún a chreidiúint go ndéanfaí cion.

Cé go ndéanann tú argóintí eile faoin bhfiúntas a bhainfeadh leis na taifid sin a chur ar fáil, is cosúil liom go mbaineann na hargóintí sin níos mó le tástáil faoi leas an phobail ná leis an gceist faoi cé acu an bhfuil feidhm ag an fhoráil féin ar an taifead. Mar achoimre, ámh, is é atá tú ag maíomh, dar liom, go gcuirfí feabhas ar shlándáil an phróiséas vótala, agus nach cuirfí air, dá gcuirfí na taifid seo ar fáil agus dá réir sin, gur lú seans go ndéanfaí cion.

An oiread faisnéise arbh fhéidir a bheith sna taifid thar an oiread atá ar fáil ar an ngréasán

Ar an gcéad dul síos, níl sé de rún agam díospóireacht a dhéanamh faoi cé acu an ndearna an grúpa Ollannach cion nó nach ndearna nuair a rinne siad "scrúdú", "insíothlú", nó "bradaíl" ar na meaisíní san Ísiltír.

Maíonn tú nach féidir faisnéis a bheith sna taifid a n-éascófadh cur isteach ar an gcóras thar an oiread atá ar fáil ar an ngréasán.

Baineann taifid 6 agus 9 leis an IES. Ar an gcéad dul síos, tuigim gur cuireadh isteach ar na bogearraí sna meaisíní vótala, ní ar na bogearraí san IES. Cé nach raibh cur síos ar thaifid 6 agus 9 á lorg agam ó sholáthraí an IES (Groenendaal), d’iarr agus fuair mé cur síos ar thaifid eile a bhain le bogearraí an IES, a bhfuil barúil agam baint a bheith aige le mo mhachnamh anseo.

Ar 14 Meán Fómhair agus ar 4 Deireadh Fómhair 2006, mhaígh Groenendaal go n-éascófaí ath-innealtóireacht agus ath-thógáil ghnéithe dá gcuid bogearraí dá dtabharfaí rochtain ar na taifid lena mbaineann. Dúirt sé nach amháin go gcuirfí isteach ar a chearta mhaoin intleachta agus go ndéanfaí dochar dá staid sa mhargadh, ach go n-éascófaí insíothlú isteach ina gcuid bogearraí le cur isteach ar thorthaí toghchán. Ar 9 Deireadh Fómhair 2006, tar éis na n-eachtraí sin san Ísiltír, tharraing Groenendaal aird ar an méid seo: gur bhain na heachtraí sin leis an meaisín vótala amháin, ní leis an IES. Rinne sé tagairt chomh maith don argóint a bhí aige roimhe sin maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfí isteach ar an gcóras, arbh fhéidir é a bheith mar thoradh ar chur ar fáil taifead áirithe a bhí á phlé. Ní mhaímse a bheith i mo shaineolaí ríomhaireachta. Cuireann an tAcht um SF iallach ar an gcomhlacht poiblí, nó uaireanta ar thríú páirtithe lena mbaineann, atá ag diúltu do rochtain ar na taifid áirithe, áfach, cuireann sé iallach orthu a chur in iúl dom chun mo shástachta gur cheart bac a chur orthu. Is cosúil gurb é maíomh Groenendaal go mbeadh nochtadh faisnéise nach bhfuil san fhearann poiblí mar thoradh ar chur ar fáil na dtaifead. Ina dhiaidh sin, deir tuairisc an ghrúpa Ollannaigh nach ndearna sé ach "fíorshracfhéachaint" ar na bogearraí coibhéiseacha atá in úsáid san Ísiltír. Luíonn sé le réasún glacadh leis nach ndéanann an fhaisnéis atá foilsithe ag an ngrúpa Ollannach ach tagairt fhánach don IES agus go bhfuil níos mó faisnéise i dtaifid 6 agus 9 (de na taifead sin á iniúchadh agat i mí na Nollag, 2006) ná an oiread atá curtha ar an ngréasán ag an ngrúpa Ollannach.

Baineann an chuid eile de na taifid leis na meaisíní vótala. Rinne Nedap (soláthraithe na meaisíní a ndearnadh bradaíl orthu) áitiú ar 22 Meán Fómhair 2006 agus iad ag tacú le bac a chur ar thaifid 31(c) go (h), a bhfuil tuairim agam baint chomh maith céanna a bheith aige leis an leagan níos sine de thaifead 31(d). Deir sé go mbeadh cur ar fáil na faisnéise atá sna taifid sin ina bhagairt ar a staid iomaíochta i réimsí na teicniúlachta agus na tráchtála agus go bhféadfaí é a úsáid le struchtúr deartha inmheánaigh na meaisíní a bhaint as. I ndiaidh an bhradaíl a tharla san Ísiltír, dúirt sé ar 13 Deireadh Fómhair 2006 go dtéann an fhaisnéis sna taifid atá i gceist, "go dtéann [sí] i bhfad thar a bhfuil foilsithe ag na bradaithe seo.". Déanann sé tagairt dá argóintí dar dáta 22 Meán Fómhair 2006 agus deir sé go bhfuil na hargóintí sin bailí go fóill, fiú tar éis gur fhoilsigh na bradaithe cuid de shonraí oibre inmheanaí a chórais.

Cé go bhfuil Nedap ag argóint i gcomhthéacs a thuairime go bhfuil feidhm ag alt 27 an Achta um SF, tá barúil agam go mbaineann a bhfuil le rá aige le cur i bhfeidhm alt 21(1)(c) an Achta um SF ar na taifid atá i gceist chomh maith. Maidir le háitithe Nedap, glacaim leis gur moladh réasúnta é faisnéis éigin a bheith sna taifid sin atá i gceist thar an méid atá curtha ar fáil ar an ngréasán ag an ngrúpa Ollannach i dtaca leis na meaisíní vótala.

Mar achoimre, mar sin, táim sásta gur moladh réasúnta é faisnéis eile faoin gcóras vótala ina iomláine a bheith sna taifid sin atá luaite anseo, thar an méid sin atá curtha ar fáil ar an idirghréasán ag an ngrúpa Ollannach.

An oiread arbh fhéidir go n-éascófaí cion a dhéanamh dá gcuirfí a leithéid d’fhaisnéis ar fáil

Ní fúmsa mar Choimisinéir Faisnéise é breith a thabhairt ar cé acu ar cheart nó nár cheart don Roinn díospóireacht a dhéanamh faoi riachtanais slándála an chórais seo leis an bpobal i gcoitinne i ndiaidh díscaoileadh an CVL (Coimisiún um Vótáil Leictreonach), agus ní fúmsa é breith a thabhairt ar cé acu ar cheart nó nár cheart don Roinn "slándáil trí dhoiléire" a bheith mar chur chuige aici i dtaobh an chóras ríomhvótala. Ní féidir liom ach breith a thabhairt ar na taifid a bheith nó gan a bheith díolmhaithe faoin Acht um SF, is é sin le rá sa chás seo, cinneadh an bhféadfaí go n-éascófaí cion a dhéanamh de réir dlí na hÉireann dá gcuirfí na taifid ar fáil.

Cuirtear síos ar an téarma, "voting system equipment" faoin Acht Toghcháin (Leasú) 2004 mar "any kind of mechanical, electro-mechanical or electronic apparatus for use in a voting system". Is éard atá sa trealamh atá le húsáid le vótá leictreonach a chaitheamh in Éirinn faoi láthair na meaisíní Nedap-Powervote (agus na bogearraí a bhaineann leo), de réir mar a chuirtear síos orthu sna taifid atá i gceist. Cé go gcreideann tú nach mbeadh aon duine réasúnta ag súil leis go n-úsáidfí an córas sin in Éirinn arís, is simplí an méid a bhfuil orm cloí leis: níl ráite ag an Rialtas nach mbainfidh sé feidhm as an gcóras arís. Tuigim gur dhúirt an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go poiblí go mbainfear feidhm as na meaisíní i dtoghcháin agus i reifrinn tar éis 2007. Is cuma don bhreith atá le tabhairt agam má tharlóidh sin nó mura dtarlóidh. Is amhlaidh gurb é córas Nedap-Powervote mar atá agus mar a chuirtear síos air sna taifid atá i gceist an córas a bhfuiltear lena úsáid i dtoghcháin na hÉireann as seo amach, de réir an méid a dúirt an tAire.

Cuireann alt 2(1) an Acht Toghcháin (Leasú) 2004 in iúl go soiléir gur cion atá ann má thógann, má mhilleann, má cheileann, má osclaíonn nó má chuireann aon duine isteach ar chaoi ar bith, d’aonturas agus gan údarás, ar chóir an chóras vótála.

Ní fúmsa atá sé breith a thabhairt ar cé acu an leor an slándáil fhisiciúil sna láithreacha ina bhfuil na meaisíní curtha i gcoimeád, nó nach leor í chun an ceann is fearr a fháil ar an mbaol go gcuirfí isteach ar na meaisíní. Dá réir sin, ní fúmsa atá sé breith a thabhairt ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an córas i mbaol a éillithe ag "daoine ar an taobh istigh" (an tAire, an Roinn agus a hoifigigh, na déantóirí, na soláthraithe, an fhoireann chothabhála, srl.), mar a thugann tú orthu.

Tá leagtha amach agam cheana cén fáth a bhfuil barúil agam faisnéis a bheith sna taifid sin atá i gceist thar an méid atá foilsithe ag an ngrúpa Ollannach. Glacaim leis gur réasúnta go bhféadfaí go n-éascófaí cur isteach ar na meaisíní agus ar na bogearraí a bhaineann leo (atá mar chóir an chóras vótala a bhfuiltear lena úsáid in Éirinn as seo amach) agus dá dheasca sin go bhféadfaí go n-éascófaí cion a dhéanamh. Cinnim dá réir sin go bhfuil feidhm ag alt 23(1)(c) ar a leithéid d’fhaisnéis.

An oiread arbh fhéidir go n-éascófaí cion a dhéanamh dá gcuirfí faisnéis atá foilsithe ag an ngrúpa Ollannach ar fáil

Maíonn tú go bhfuil an oiread sin ais-innealtóireachta déanta ag an ngrúpa Ollannach ar mheaisíní vótála Nedap, agus go bhfuil an oiread sin sonraí fúthu le fáil ar an ngréasán, nach bhféadfaí go n-éascófaí cur isteach ar an gcóras ina dhiaidh sin, dá gcuirfí na taifid sin atá i gceist ar fáil, dá réir sin. Ní aontaím leis an maíomh seo.

Glacaim leis gur réasúnta go bhféadfaí go n-éascófaí cur isteach ar na meaisíní agus ar na bogearraí a bhaineann leo (atá mar chóir an chóras vótala a bhfuiltear ag súil lena úsáid in Éirinn), dá gcuirfí aon fhaisnéis atá sna taifid ar fáil, arbh fhéidir go gcinnteodh sí iomláine agus/nó cruinneas (nó a mhalairt) na faisnéise a fhoilseofaí, agus dá réir sin, go n-éascófaí cion a dhéanamh. Dá bhrí sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 23(1)(c) ar a leithéid d’fhaisnéis.

Mar achoimre, táim sásta go bhfuil feidhm ag alt 23(1)(c) ar thaifid 31(c) go (h), ar an leagan níos sine de 31(d), agus ar na codanna sin ar cuireadh bac orthu i dtaifid 6 agus 9, a ndearna tú iniúchadh orthu i mí na Nollag 2006, ina n-iomláine.

Ní díolúine éigeantach alt 23(1)(c) sa chiall go gcaithfí an díolúine a chur i bhfeidhm, dá mb’ann do na míreanna ba ghá leis an alt sin a chur i bhfeidhm. Sa chás seo, glacaim leis go bhfuil údar maith le cur i bhfeidhm alt 23(1)(c) ar na taifid sin atá i gceist chun go gcosnófar an córas vótála leictreonaigh ar an mbaol go gcuirfí isteach air ar chaoi ar bith.

Dá réir sin, cinnim go bhfuil diúltú na dtaifead seo ina n-iomláine ceart de réir an Achta um SF, de bhrí go bhfuil feidhm ag alt 23(1)(c).

Leas an Phobail

Tá alt 23(1)(c) faoi réir ailt 23(3), a fhorálann nach mór cuimhneamh an bhféadfaí gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail tríd an fhaisnéis a chur ar fáil ná trí bhac a chur ar an taifead, má chomhlíontar aon cheann de thrí choinníoll.

Is é an chéad choinníoll "go nochtar leis, maidir le himscrúdú chun aon dlí a fhorfheidhmiú … nach bhfuil sé údaraithe le dlí nó go sáraíonn sé aon dlí." Ní shílim go bhfuil feidhm ag an gcoinníoll sin sa chás seo. Is é an dara coinníoll gurb é atá sa taifead faisnéis a bhaineann le "comhlíonadh feidhmeanna comhlachta phoiblí a n-áirítear ar a fheidhmeanna feidhmeanna a bhaineann le forfheidhmiú an dlí" agus is é an tríú coinníoll go bhfuil faisnéis ann a bhaineann le "tuillteanas nó a mhalairt, nó le rathúlacht nó a mhalairt, aon chláir, scéime nó beartais de chuid comhlachta phoiblí chun sáruithe ar an dlí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú." Níl aon fhaisnéis sna taifid seo a chomhlíonann na coinníollacha seo. Dá réir sin, táim sásta nach bhfuil feidhm ag alt 23(3) agus go bhfuil aon taifead atá i gceist díolmhaithe óna chur ar fáil duit faoi alt 23(1)(c) an Achta um SF. Mar thoradh air sin, ní bhaineann na hargóintí sin atá déanta agat i dtaca le leas an phobail le mo mhachnamh ar na taifid seo.

Agus mé ag cuimhneamh ar an gcinneadh sin agam thuas, tá tuairim agam nach gá dom staidéar a dhéanamh ar alt 27 an Achta um SF, cé gur phléigh comhfhreagras roimhe seo idir an Oifig seo agus tú féin leis an bhforáil áirithe sin go príomha. Dá mbeadh orm staidéar a dhéanamh ar an bhforáil sin, áfach, chinnfinn go mbeadh feidhm ag alt 27(1)(b) ar an bhfaisnéis a bheadh i gceist agus nárbh údar ceart é leas an phobail, go háirithe i dtaobh cosaint an chórais féin, leis na taifid a chur ar fáil.

Torthaí – Breith faoi Tháille a Ghearradh

Déanann tú tagairt do thuairisc Bhailíochtú Bhunachar Sonraí IES mar shampla de thaifead a bhain le hiarraidh faoi leith nár cuireadh ar fáil duit é go dtí go ndearna tú iarraidh SF eile á lorg go sonrach. Deir tú chomh maith nár cuireadh ar fáil duit ina iomláine é agus nár tugadh rochtain duit ina iomláine air go dtí go ndearna tú iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.

Deir tú gur chuir an tslí inar tugadh rochtain air seo agus ar thaifid eile, gur chuir sí an-mhoill ort agus do mhachnamh á dhéanamh agat ar an gcóras vótála leictreonaigh agus gur tharraing sí costas sa bhreis ort de dheasca iarrataí agus athiarrataí, iarratais ar athbhreithniú inmheánach, táillí le haghaidh cuardaigh agus cóipeála agus táillí le híoc leis an Oifig seo le hachomharc ar an iliomad iarrataí. Dúirt tú gur cheart dom an méid seo a chur san áireamh agus breith á thabhairt agam ar na táillí sin a gearradh ort.

Cé go dtuigim duit agus iallach ort sainiarrataí a dhéanamh ar an Roinn ar shaintaifid a bhfuil tú ag maíomh gur chóir iad a chur ar fáil duit de bharr iarrataí eile a bhí déanta agat, is amhlaidh nach gceadaíonn athbhreithniú faoi alt 34 dom athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna aon chomhlachta phoiblí chun géilleadh don Acht um SF. Tugann athbhreithniú faoi alt 34 údarás dom chun athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu an raibh cinneadh an chomhlachta sin – sa chás seo, an cinneadh sin táille a ghearradh ort agus gan toghadh méid na táille a tharscaoileadh – ceart de réir an Achta um SF nó nach raibh.

Deir do litir dar dáta 20 Aibreán 2004 nár cheart go ngearrfaí táille ort, mar gur fíorthábhachtach le náisiún na hÉireann an tslí a gcaithfí, a mbaileofaí agus a gcomhaireofaí a vótaí. Déanann tú tagairt do thábhacht taifead faoi leith le go dtuigfí an córas. Deir tú gur cinneadh míbhunreachtúil é an scéal is dócha a bheidh ann, is é sin go bhfuil an tAire agus an Roinn ar aon intinn go mbeidh na bogearraí a mbeidh vótaí na tíre á dhéanamh leo mar rún tráchtála ag comhlacht príobháideach de chuid na hÍsiltíre. Dá réir sin, deir tú gur cheart go gcuirfí gach faisnéis a bhaineann leis an scéal sin ar fáil agus nár cheart go mbeadh "orainn" íoc aisti.

Leagtar amach conas a ghearrtar táillí faoin Acht um SF in alt 47 an Achta. Ceadaíonn alt 47 go ngearrfar táille i dtaobh an chostais mheasta a ghabhann leis an taifead lena mbaineann a chuardach agus a aisghabháil, agus i dtaobh costas measta aon chóip den taifead arna déanamh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann don iarrthóir lena mbaineann.

Níor chuir tú in aghaidh an dóigh ar shocraigh an Roinn an táille a ghearrfaí ort i dtaca le d’iarraidh, ag am ar bith. Níor mheas mé ceart mhéid na táille a socraíodh, dá réir sin. Ina áit sin, dúirt tú gur chuí an táille sin a tharscaoileadh, faoi réir fhorálacha alt 47(5) an Achta um SF.

Forálann alt 47(5) go bhféadfaidh ceann (comhlachta phoiblí) méid na táille nó na héarlaise a laghdú nó a tharscaoileadh más dóigh leis nó léi "go mbeadh cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis go léir atá sa taifead lena mbaineann ina cúnamh ar leith chun "saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint."

Mhínigh cinneadh an Uas. Garvey i gcás 030412 nach bpléfeadh a athbhreithniú ciall an leagain "saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi", go háirithe agus tuairim aige go nochtfadh an Roinn a barúil siúd dá mba mhian léi cur in aghaidh do mhaímh gur saincheist a raibh tábhacht náisiúnta léi an cheist sin. Is amhlaidh i gcás an athbhreithnithe seo. Ina theannta sin, ní phléifidh m’athbhreithniú cé acu an mbeadh nó nach mbeadh na taifid sin atá i gceist ina gcúnamh le go dtuigfí ceist dá leithéid (moladh eile nach bhfuil an Roinn ag cur ina aghaidh).

Is cosúil gurb é maíomh na Ranna go bhfuil cead an an ndéantóir cinntí gan méid na táille a tharscaoileadh, fiú má tá ábhar na hiarrata ina chúnamh ar leith chun saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint. Dá réir sin, beidh scóip an ghné seo de m’iarraidh dírithe ar cé acu an raibh nó nach raibh cinneadh na Ranna gan toghadh méid na táille a tharscaoileadh ceart de réir an Achta um SF.

Tá difear idir friotal alt 47(5) agus friotal 47(1), a fhorálann go "[n]déanfaidh" táille chuí a ghearradh ar iarrthóir. Is follas go bhfuil sé de rún ag an Acht go ngearrfar táillí ar iarrataí ar thaifid an-toirtiúil. Cé gur faoin gcomhlacht poiblí é a thoghadh an dtarscaoilfidh nó an laghdóidh sé méid aon táille dá leithéid, déanann alt 47(5) tagairt do bharúil cheann an chomhlachta phoiblí chomh maith. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil orm glacadh le barúil dá leithéid, ach má tá mé le diúltu di, caithfidh go mbeidh údar maith leis.

Deir áitiú na Rann dar dáta 7 Samhain 2006 nár ghearr sí ach luach 2 uair a’ chloig de chuardach agus d’aisghabháil taifead ort, cé gur caitheadh beagnach 14 lá ag plé le gnéithe éagsúla de d’iarraidh. Deir an Roinn gur tharla sé seo agus an rannóg lena mbaineann faoi an-bhrú maidir le feidhmiú céimneach an chórais, a bhí á mholadh ag an am, faoi thoghcháin mhí an Mheithimh 2004. Deir sí gur chuí gan toghadh méid na táille a tharscaoileadh, sa chomhthéacs seo.

Agus machnamh déanta agam ar an gceist seo, tá barúil agam gur cur chuige réasúnta a bhí ann agus go raibh údar leis agus an scéal amhlaidh. Cinnim gur chuí ag an Roinn é gan toghadh méid na táille a tharscaoileadh ina iomláine sa chás seo.

Cur síos ar Thaifid 3, 4, agus 5

Mar a míníodh cheana, de bhrí gur chuir tú in iúl roimhe seo gur ghlac tú leis nach raibh aon taifead eile ag an Roinn a bhain leis na míreanna seo de d’iarraidh, níl sé de rún agam cinneadh foirmeálta a dhéanamh maidir leis na taifid sin. Rinne an Uas. Moran fiosrúcháin bhreise ar an Roinn mar chúnamh duit, ámh, i dtaca le do mhaíomh dar dáta 19 Iúil 2006 gur cheart go mbeadh taifid eile ag an Roinn a bhainfeadh leis na míreanna seo de d’iarraidh, thar an oiread acu a bhí curtha ar fáil duit aici cheana.

D’iarr an Uas. Moran ar an Roinn cur síos a dhéanamh ar do bharúil gur cheart go mbeadh taifid eile ag an Roinn a bhainfeadh leis na míreanna seo de d’iarraidh. Deir an Roinn gur cuardaíodh na comhaid uile a bhí ag an Rannóg Díolúine, idir chuardach leictreonach agus chuardach láimhe, chun teacht ar thaifid ábhartha. Deir sí go bhfuil tuairim aici go mbaineann na taifid seo a leanas, ar cuireadh ar fáil duit cheana iad, leis an ngné seo de d’iarraidh:

Tuairisc PTB agus dhá rud iniata ann; PMI Athbhreithniú Cóid ar Chóras Vótala Leictreonaigh Powervote; PMI Athbhreithniú Cóid ar Chóras Vótala Leictreonaigh Powervote Triail 2001-0094; Súdachód le haghaidh Athbhreithniú Cóid ag Bogearraí PMI; PMI Treoirlínte Athbhreithniú Cóid do Chóras Vótala Leictreonaigh Powervote; PMI Meastóireacht ar Bhunachar Sonraí Bhogearraí Comhtháite Toghcháin; Nathean Athbhreithniú Cóid ar Thriail IES 2002-0096 agus ar Thriail 2002-0099; agus ERS Tuairisc ar Thástáil Bogearraí STV de chuid na hÉireann.

Deir sí go bhfuil líon taifead eile ann a bhaineann le hábhar, a bhfuil teacht orthu ar shuíomh gréasáin na Ranna:

PTB Tuairisc 1: Tástáil ar Bhogearraí Comhtháite Toghcháin; PTB Tuairisc 2: Meaisíní Vótála ESI2; Nathean Athbhreithniú Cóid ar Thriail IES 023; Nathean Athbhreithniú Cóid ar Thriail IES 0132 Cur le Chéile agus Cothabháil Toghcháin; Nathean Athbhreithniú Cóid ar Thriail IES 0132 – Léitheoir Vótaí; Nathean Athbhreithniú Cóid ar Thriail IES 0111; agus Nathean Measúnú Ailtireachta agus Athbhreithniú Cóid ar IES le húsáid ag Toghcháin an Mheithimh 2004.

Ar an gcéad dul síos, tá na taifid sin a bhfuil teacht an an bpobal orthu (m.sh. trí shuíomh gréasáin na Ranna) lasmuigh de scóip an Achta um SF, agus mar thoradh air sin, lasmuigh de scóip m’athbhreithnithe. Is é maíomh na Ranna go bhfuil gach taifead eile lena mbaineann curtha ar fáil duit aici agus nach bhfuil aon taifead eile aici a bhaineann leis an mír seo de d’iarraidh. Dá mbeinn chun cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an ngné seo de d’iarraidh, ní bheadh aon chúis amhrais orm i dtaobh an mhaímh seo agus dá réir sin, bheinn sásta go mbeadh feidhm ag alt 10(1)(a) ar aon taifead eile a bhainfeadh leis an mír seo de d’iarraidh a bhfuil tú ag maíomh é a bheith ann.

Decision

Cinneadh

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) an Achta um Shaoráil Fáisnéise, 1997 (a leasaíodh), tá breith tugtha agam breith na Ranna maidir leis na taifid sin atá á phlé faoin athbhreithniú seo a dheimhniú. Deimhním a cinneadh táille a ghearradh ort i dtaca leis na taifid a cuireadh ar fáil duit, freisin.

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéir Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di,achomharc a dhéanamh chun an hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Déanfar achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ochtseachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise