- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 040275 - An tUasal Martin Collins agus an Roinn Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha
Iarratas ar rochtain ar thaifid a bhaineann le forbairt Fheirm Ghaoithe Dharaidh Braoin - ar tugadh faisnéis i modh rúin – alt 26(1)(a) - an sárú dualgais rúndachta a bheadh ann é a nochtadh - alt 26(1)(b) – an fhaisnéis é atá íogair ó thaobh na tráchtála de – alt 27(1)(b) - an fearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarratas – alt 27(3).
Case Summary
Date of Decision: 24.06.2005
Our Reference: 040275
24.06.2005
An tUasal Martin Collins
A Uasail Collins
Tagraím don athbhreithniú ar bhreith na Roinne Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha ar d'iarratas ar rochtain faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 ("na hAchtanna FOI") ar thaifid a bhaineann le forbairt feirme gaoithe i nDaraidh Braoin, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe. Tá m’athbhreithniú ar bhreith na Roinne tugtha chun críche agam anois. Gabh mo leithscéal as an moill a thóg sé an t-athbhreithniú seo a thabhairt chun críche.
Background
Agus mé i mbun m’athbhreithnithe, thug mé aird ar d’iarratas ar athbhreithniú agus ar na haighneachtaí ó bhéal agus scríofa a rinne tú féin agus an Roinn. Lena chois sin, tugadh fógra do pháirtithe iomchuí eile maidir leis an athbhreithniú agus tugadh deis dóibh aighneachtaí a dhéanamh de réir ailt 34(6) agus (8) den Acht FOI. Rinneadh na haighneachtaí sin uile a mheas go cúramach freisin. Tá na taifid faoi shaincheist scrúdaithe agam freisin.
Scope of Review
Mar is eol duit, níor aithin an Roinn ach sé thaifead ar dtús a bhaineann leis an bhforbairt ar fheirm ghaoithe Dharaidh Braoin ar diúltaíodh rochtain orthu. De bhrí nár chuir an Roinn sceideal ar bith ar fáil roimhe seo, is i litir dar dáta an 20 Nollag 2004 ón Uasal Melanie Campbell, Scrúdaitheoir, a fuair tú cur síos ar na sé thaifead sin don chéad uair. Mar fhreagra ar litir an Uasail Campbell, d’ardaigh tú saincheist maidir le leordhóthanacht chuardach na Roinne do na taifid chuí. Léirigh scrúdú ar an tsaincheist chuardaigh gur ghlac an Roinn léiriú róchaol ar d’iarratas. I ndiaidh tuilleadh teagmhála leis an Oifig seo, thug an Roinn roinnt taifead breise duit in éineacht le sceidil chuí.
De bhrí is go raibh cur síos ar na taifid a diúltaíodh sna sceidil, bhí ar do chumas na nithe faisnéise a bhí fágtha a raibh suim agat iontu fós a aithint go sonrach. Tar éis an ní a mheas, chomhaontaigh tú scóip d’iarratais a chúngú do na praghsanna tairgthe agus na comhaontuithe díolacháin agus rogha iomchuí do thionscadal feirme gaoithe Dharaidh Braoin. Dá réir sin, is leis an gceist a bhfuil údar le diúltú na Roinne géilleadh do rochtain ar na taifid seo a leanas, nó codanna díobh, a bhaineann an t-athbhreithniú seo anois:
Findings
Faoi alt 34(12)(b) den Acht FOI, toimhdítear gan údar a bheith le breith maidir le diúltú géilleadh do rochtain ar thaifead mura léireofar chun mó shástachta go raibh údar leis an mbreith. Is é an éifeacht atá ag an bhforáil seo ualach an chruthúnais sa chás seo a chur ar an Roinn agus ar pháirtí iomchuí ar bith eile ar mian leo tacú le breith na Roinne diúltú do rochtain ar na taifid atá faoi shaincheist.
Éilíonn an Roinn go bhfuil feidhm ag alt 27 den Acht FOI sa chás seo. Áitíonn na tríú páirtithe lena mbaineann freisin go bhfuil faisnéis rúnda atá díolmhaithe faoi alt 26 den Acht FOI sna comhaontuithe díolacháin agus rogha.
Praghsanna Tairgthe
Soláthraíonn alt 27 den Acht FOI cosaint do thrí aicme éagsúla faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de mar seo a leanas:
"27.-(1) Faoi réir fho-alt (2), diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann—
a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,
b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí beatha, nó
c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthachta nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis."
I ngach ceann de na hiarratais AER sa chás seo, tá an praghas a tairgeadh do Chomhaontú um Cheannach Cumhachta (PPA) chun fuinneamh gaoithe a sholáthar do Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL) ar feadh tréimhse nach mó ná cúig bliana déag. Tá faisnéis chúlra curtha ar fáil ag an Roinn chun míniú a thabhairt ar an suntas a bhaineann le praghsanna tairgthe.
Tá dualgas ar Éire faoi dhlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh (AE) astuithe ceaptha teasa do ghiniúint leictreachais ó bhreosla iontaise a laghdú. De bhun Treoir 2001/77/EC ón AE, ní mór os cionn 13% de thomhailt leictreachais a fháil ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh faoi mbliain 2010. Sonraíonn an Treoir go "dtógfaidh Ballstáit céimeanna cuí chun tomhailt níos mó a spreagadh ar leictreachas táirgthe as foinsí inathnuaite fuinnimh i gcomhréir le spriocanna ionchomharthacha náisiúnta" éilithe faoin Treoir. Luann an Treoir freisin: "Tá sé tábhachtach neart na bhfórsaí margaidh chomh maith leis an margadh inmheánach a úsáid agus a chinntiú go mbíonn leictreachas táirgthe as foinsí inathnuaite fuinnimh iomaíoch agus tarraingteach do shaoránaigh na hEorpa."
De réir preasráitis den dáta an 4 Feabhra 2002, is é cuspóir an Chláir AER tacú le stáisiúin nua ghiniúna leictreachais cumhachtaithe ag fuinneamh in-athnuaite a thógáil. Tá tacaíocht den sórt sin ag teastáil, mar nach féidir le teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite dul i gcomórtas fós le giniúint leictreachais thraidisiúnta i margadh iomaíoch oscailte. Leanann an preasráiteas ar aghaidh ag míniú:
"Is rochtain ar chonradh um cheannach cumhachta le BSL (chomh fada is atá na hiarratasóirí a n-éiríonn leo in ann coinníollacha an chonartha a chomhlíonadh) atá i gceist leis an tacaíocht sin. Cuireann BSL conarthaí amach chun an aschur uile ó na stáisiúin roghnaithe a cheannach ag praghsanna cinnte ar feadh tréimhse suas go cúig bliana déag. Gineann sé seo a dhóthain muiníne d’infheisteoirí chun maoiniú a chinntiú nach bhféadfaí a fháil ar aon bhealach eile. Is tionscadail ansin iad a mbeidh brabús i gceist leo. Is tionscadail atá glactha ag an Aire Stáit amháin atá i dteideal conarthaí den sórt sin a dhéanamh.
Iarratasóirí rathúla a bheidh sna daoine a chomhlíonann téarmaí agus coinníollacha na hiomaíochta agus a thairgeann an leictreachas a dhíol le BSL ag an bpraghas is ísle nó faoin uasphraghas a fógraíodh don mhargadh roimhe seo i ngach teicneolaíocht i dtéarmaí agus coinníollacha foilsithe na hiomaíochta."
Bhí sé iomaíocht AER ar siúl ón uair a seoladh an Clár i 1995. Níl sé cinnte fós an mbeidh an tseachtú hiomaíocht ann nó nach mbeidh, ach deir an Roinn go bhfuil gach cosúlacht ann go mbeidh. De réir láithreán gréasáin na Roinne, d’fhógair an tAire in Aibreán 2005, go mbeidh "an chéad sásra tacaíochta margaidh eile d’fhuinneamh inathnuaite bunaithe ar chóras socraithe taraife ranníocaíochta" a bheidh " deartha go sonrach chun forbairt acmhainne nua a spreagadh agus nach mbeidh feidhm aige ach maidir le tionscadail nua-thógtha".
I ndiaidh na n-aighneachtaí iomchuí agus na faisnéise cúlra faoin gClár AER a mheas, táim sásta go bhfuil na praghsanna tairgthe, lena n-áirítear an ráta íocaíochta a cuireadh ar fáil ar an iarratas AER VI a shonraíonn an chaoi a bhfuil an praghas le híoc, íogair ó thaobh na tráchtála de, de réir bhrí alt 27(1)(b) den Acht FOI.
Tá an Clár AER deartha chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh iomaíoch ach inmharthana. In ionad córas de thacaíochtaí nó teanntaíocht dhíreach a chur ar fáil, a bheadh contrártha do bheartas an AE, riarann an Roinn an Clár trí chinntiú go bhfaigheann na daoine a dhéanann na tairiscintí is ísle cáilitheacha na conarthaí ar feadh tréimhse suas go cúig bliana déag.
Ní léiríonn na praghsanna tairgthe costas iomlán na gconarthaí, áfach, ach ina ionad sin tá siad i bhfoirm rátaí aonaid i leith cileavatuaire (kWh) d’fhuinneamh a dhíol. Mar shampla, mar a thuairiscigh an Roinn go poiblí, bhí na praghsanna tairgthe do sholáthar mórfhuinnimh ghaoithe san iomaíocht AER V idir 4.547 agus 4.812 eurocent in aghaidh an kWh. Dá bhrí sin, is cosúil gurb ionann difríocht bheag i bpraghsanna tairgthe agus suim suntasach thar thréimhse na gconarthaí.
I gcás an Uasail Mark Henry agus Oifig na nOibreacha Poiblí, Cásuimhir 98188 (25 Meitheamh 2001), d’aithin an Coimisinéir a bhí ann roimhe seo, an tUasal Kevin Murphy, an fhéidearthacht go bhféadfaí praghsanna tairisceana a úsáid chun faisnéis dhochrach a fháil faoi straitéis praghsála cuideachta. Rinne sé tagairt freisin do chásanna a bhain le tairiscintí i ndlínsí eile ina bhfuarthas go raibh faisnéis shonrach ar phraghsanna, cosúil le rátaí aonaid tairgeora rathúil, díolmhaithe ó nochtadh faoi fhorálacha a bhaineann le halt 27(1)(b) den Acht FOI.
Sa chás seo, d’éirigh go maith le Clár AER maidir le tairiscintí iomaíocha a bhaint amach, le ró-shuibscríobh déanta ar iomaíochtaí AER V agus VI. Ina leith sin, glacaim leis go bhféadfadh iomaitheoirí eolas ar na praghsanna tairgthe beachta a úsáid chun praghas níos ísle a ghearradh ná tairgeoirí rathúla in iomaíochtaí amach anseo. Féach, mar shampla, ar, Dalrymple Shire Council and the Department of Main Roads (1998) 4 QAR 474 (mír 40) (ag tabhairt faoi deara "go bhfuil na praghsanna eile luaite sna sceidil tugtha i rátaí aonaid ag úsáid na buntoisí aonaid ar gnách le gnó a chostais bhunúsacha d’fheidhmíocht seirbhíse a thomhais leo agus i mo thuairimse, d’fhéadfadh íogaireacht tráchtála soiléire a bheith ag baint lena nochtadh"). Mar a mhíníonn Saorgus Energy Ltd. ("Saorgus"), an tríú páirtí lena mbaineann a chuir na tairiscintí isteach: "Is féidir coibhéis nuashonraithe an phraghais [tairgthe] a ríomh go héasca tríd an bpraghas [tairgthe] a chóiriú do bhoilsciú trealaimh etc. Má mheastar go raibh an praghas [tairgthe] chomh hiomaíoch agus a d’fhéadfadh an t-iarratasóir é a dhéanamh, is é an toradh a bheadh ann dá nochtfaí é, go gcuirfí an t-iarratasóir faoi mhíbhuntáiste tráchtála suntasaí in idirbhearta eile. I ndáiríre, má nochtar an tairg, bainfear go mór ó luach na maoine/an tionscadail iomchuí agus ní fhéadfaí an dochar seo a leigheas."
Lena chois sin, glacaim leis, mar an ráta aonaid ag a gcaithfidh forbróirí fuinneamh a dhíol ar feadh tréimhse suas go cúig bliana déag, go leanann gach praghas tairgthe ar aghaidh le luach reatha a bheith aige beag beann ar an bhféidearthacht a bhaineann le hiomaíocht sa todhchaí agus is príomhfhachtóir é maidir leis an rath iomaíoch a bhaineann le tionscadal fuinnimh ghaoithe ar leith. Dá bhféadfadh iomaitheoirí nó páirtithe eolasacha eile athróga eile cosúil le costais oibre agus soláthairtí a chinneadh, is léir domsa go bhféadfaí an praghas tairgthe a úsáid chun brabúsacht an tionscadail a mheas. Cinnim go bhféadfadh caillteanas airgeadais ábhartha do thríú páirtí lena mbaineann a bheith mar thoradh ar phraghas tairgthe rathúil a nochtadh nó d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an tríú páirtí lena mbaineann sa mhargadh fuinnimh.
Ní bhíonn feidhm ag alt 27(1) dá mba rud é go mb’fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh di (tagraíonn alt 27(3) dó seo). Is mar seo a leanas a chuireann tú do dhearcadh ar leas an phobail in iúl:
"Is anachain é an Clár AER agus tá sé ag cruthú ‘deargiomaíocht’ atá ag cur forbróirí i dtreo tionscadal ar scála mór ar ár sléibhte atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de. Cuireadh le chéile an córas reatha go cúramach chun cabhrú le ‘gnó mór’ agus le cuideachtaí faoi úinéireacht an Stáit cosúil le Coillte (úinéir ollmhór talún), BSL agus gnólachtaí tógála móra. Is í an cheist bhunúsach atá le freagairt cén fáth an bhfuil sé chomh tábhachtach sin cuideachtaí a chosaint, a bhféadfadh nochtadh faisnéise ar cheart a bheith os comhair an phobail, difear a dhéanamh dóibh? Níl muinín ar bith againn as an imthosca atá go hiomlán neamhghlactha, áit a bhfuil an Roinn Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha freagrach as conarthaí AER a bhronnadh ar Choillte agus ar BSL."
Aontaím go bhfuil leas an phobail i gceist le hoscailteacht agus le trédhearcacht maidir le riaradh na Roinne ar an gClár AER. Lena chois sin, cé nach bhfuil caiteachas cistí poiblí i gceist leis na PPA a ndearnadh tairiscintí ina leith, gearrann siad tobhach, iarbhír nó ionchasach, ar chustaiméirí soláthróirí leictreachais cheadúnaithe. Ach, mar a thug an tUasal Campbell faoi deara, tá neart faisnéise ar fáil cheana féin faoin gClár AER ón Roinn lasmuigh de FOI (féach www.dcmnr.ie), lena n-áirítear tuarascáil ar phraghsanna tairgthe i ndiaidh d’iomaíocht a thugann faisnéis ghinearálta ualaithe ar na tairiscintí rathúla a theacht chun críche. Is as an tuarascáil ar phraghsanna tairgthe d’iomaíocht AER V a tógadh an fhaisnéis a bhfuil tagairt déanta di thuas ar an raon tairiscintí rathúla do sholáthar mórfhuinnimh ghaoithe. I ndréacht-thuarascáil ar na praghsanna tairgthe don iomaíocht AER V, míníonn an Roinn:
"Tá sé dearbhaithe ag iarratasóirí aonair in AER VI go bhfuil a bpraghsanna tairgthe aonair íogair ó thaobh na tráchtála de. Ar an láimh eile, tá gaolmhaireacht dhíreach ag na tairiscintí seo, iarbhír nó ionchasach, le tobhach seirbhíse poiblí gearrtha ar chustaiméirí soláthróirí leictreachais cheadúnaithe. Cuireann an liosta seo praghsanna ionchomharthacha ar fáil chomh maith le tionscadail a cuireadh isteach laistigh de na praghsanna ionchomharthacha sin. Déanann an liosta cothromaíocht idir stádas íogaireachta tráchtála dearbhaithe na bpraghsanna tairgthe iarbhír agus leas an phobail maidir le téarmaí leathana na gcostas ionchasach a thagann as AER VI a aithint."
I measc na bhfachtóirí atá i gcoinne nochtadh, ar an láimh eile, tá leas an phobail maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint. Measaim freisin go bhfuil leas an phobail go láidir maidir le comhlíonadh na Éireann ar a dualgais idirnáisiúnta agus Eorpacha chun astaíocht ceaptha teasa a laghdú. Cé nach n-aontaíonn tusa leis an gcaoi atá roghnaithe ag an Roinn leis na dualgais sin a chomhlíonadh trí thairiscintí iomaíocha faoin gClár AER, táim aireach go bhfuil an Roinn ag feidhmiú de réir bheartas an AE, a aithníonn, mar a luaitear thuas, an tábhacht a bhaineann le "leictreachas táirgthe as foinsí inathnuaite fuinnimh a dhéanamh iomaíoch agus tarraingteach do shaoránaigh na hEorpa". Is léir domsa go bhféadfaí an bonn a bhaint den Chlár trí fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh trí FOI. I bhfianaise na faisnéise uile a chuir an Roinn ar fáil faoin gClár AER lasmuigh de FOI, ní chreidim go gcuirfeadh nochtadh na bpraghsanna tairgthe beachta faoi shaincheist le leas an phobail in oscailteacht agus cuntasacht a dhóthain ionas go mbeadh sé níos tábhachtaí ná na fachtóirí leas an phobail i gcoinne nochtadh. Dá réir sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 27(1)(b) le taifid uimhir a 12 agus a 28 den chomhad AER V agus le taifead uimhir a 11 den chomhad AER VI.
Comhaontuithe Díolacháin agus Rogha
Seo a leanas a bhfuil sna taifid eile atá i gceist (atheagartha i ndiaidh teagmhála leis an Roinn a bhfuil mionchur síos air thíos): (1) comhaontú rogha tugtha chun críche idir Saorgus agus Coillte Teoranta, dar dáta an 27 Deireadh Fómhair 1999, do cheannachán suíomh, lena n-áirítear maoin Dharaidh Braoin, le linn tréimhse sonraithe dar críoch an 31 Nollaig 2001; sceidil faoi iamh ag leagan amach na "Mionsonraí agus Coinníollacha de Dhíolachán Maoine i nDaraidh Braoin", agus na "Mionsonraí agus Coinníollacha de Dhíolachán Maoine i gCathaoir an Iarla", praghsanna ceannacháin san áireamh; litir ó Choillte dar dáta an 28 Samhain 2001 ag lua go bhfuil téarmaí comhaontaithe aige le Saorgus i leith rogha ar thailte i nDaraidh Braoin a cheannach ar mhaithe le forbairt feirme gaoithe; agus léarscáil dar teideal "Leathnú Dharaidh Braoin OS 124 Gaillimh (cóip)"; (2) comhaontuithe díolacháin críochnaithe idir Saorgus agus Coillte do na tailte i nDaraidh Braoin agus i gCathaoir an Iarla, faoi seach, an 24 Nollaig 2001 mar dháta ar an bpéire acu. Ionas go mbeidh sé éasca tagairt a dhéanamh dóibh, d’úsáid mé an téarma "comhaontuithe díolacháin agus rogha" maidir le gach doiciméad faoi shaincheist a bhaineann le díolachán na dtailte.
Tráchtaireachtaí ar Iompar na bPáirtithe
Tá tráchtaireacht tuillte anseo ag iompar amhrasach na Roinne agus na dtríú páirtithe lena mbaineann maidir leis na taifid seo. Mar fhreagra ar litir fhógra ar an athbhreithniú ón Uasal Campbell, ní dhearna Saorgus agóid ar dtús maidir le nochtadh na gcomhaontuithe díolacháin agus rogha faoi réir gach faisnéis phraghsála a scrios amach, lena n-áirítear tagairtí ar bith d’íocaíochtaí agus éarlais rogha. Rinne Saorgus comparáid idir íogaireacht tráchtála na bpraghsanna talún agus an íogaireacht tráchtála a bhaineann leis an bpraghas a íocadh ar thuirbíní gaoithe. Luaigh Saorgus:
"Má bhíonn a fhios ag ár n-iomaitheoirí an praghas ag ar féidir linn talamh a cheannach, féadfaidh siad brú a chur ar úinéirí talún eile praghsanna a ísliú. De rogha air sin, is féidir an fhaisnéis a úsáid chun siaranailís a dhéanamh ar ár modh gnó. Is míbhuntáiste tráchtála dár ngnó a bheadh i gceachtar de na torthaí seo. D’áiteoimis nach fearr a dhéanfaí leas an phobail trí idirbhearta den sórt sin a fhoilsiú agus nach bhféadfaí frithchothromaíocht ar bith a bhaint amach don dochar suntasach a dhéanfar d’iomaíochas ár gcuideachta."
Agus í ag teacht ar a réamhthuairim, mheas an tUasal Campbell gur ní stairiúil a bhí san fhaisnéis phraghsála sna comhaontuithe díolacháin agus rogha agus dá bhrí sin nach raibh sé chomh híogair ó thaobh na tráchtála de agus a bhí na praghsanna tairgthe. Ach i ngeall ar an tairseach íseal a bhaineann leis an sainmhíniú ar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar bhonn dochar a dhéanamh do staid iomaíoch cuideachta, bhí an tUasal Campbell toilteanach glacadh leis go bhféadfadh feidhm a bheith ag alt 27(1)(b).
Ar cheist leas an phobail, áfach, chuir d’aighneacht mar fhreagra ar litir réamhthuairime an Uasail Campbell béim ar an bpointe nach "gnáthúinéir talún" ar bith a bhí i ndíoltóir na talún ach "cuideachta faoi úinéireacht an Stáit". Dá réir sin, ar an 18 Eanáir 2005, scríobh an tUasal Campbell chuig Coillte chun iad a chur ar an eolas faoi d’argóint áititheach go bhfuil leas an phobail in oscailteacht agus trédhearcacht i leith idirbhearta maoine a bhíonn idir lámha ag Coillte. Thug an tUasal Campbell faoi deara, cé nach comhlacht poiblí é Coillte de réir bhrí an Achta FOI, is comhlacht leathstáit tráchtála é. Luaigh sí freisin an tuiscint a bhí aici gur le Coillte maoin in Éirinn agus go mbíonn an mhaoin sin á bainistiú aige mar ghníomhaire Stáit. Sa chás go raibh a tuiscint mícheart, d’iarr an tUasal Campbell go sainithe go ndéanfadh Coillte soiléiriú ar stádas na dtailte atá mar ábhar ar na comhaontuithe díolacháin agus rogha chomh maith le cineál an ghnó a bhíonn ar bun ag Coillte chomh fada is a bhaineann sé leis an athbhreithniú seo.
Idir an dá linn, ar an 31 Eanáir 2005 b’éigean don Uasal Campbell comhaid na Roinne ar cuireadh ar aghaidh chuig an Oifig seo a thabhairt ar ais ionas go bhféadfadh an Roinn breith a thabhairt ar thaifid bhreise a aithníodh a bheith ag teacht faoi scóip d’iarratais i ndiaidh do cheist cuardaigh agus d’fhonn sceidil chuí a réiteach. An 3 Feabhra 2005, fuair an tUasal Campbell aighneacht i dtéarmaí láidre ó Saorgus ag déanamh cur síos ar an iontas a bhí air go "gcuirfinnse brú ar roinn rialtais faisnéis a tugadh di faoi rún tráchtála mar chuid de thairiscint iomaíoch urraithe ag an stát a nochtadh". Tugann Saorgus le fios dom "de bharr na gcleachtas seo, go háirithe nuair nach féidir aon mhaitheas aitheanta don phobail a bhaint amach, tá neamhthoilteanas ar dhaoine cheana féin faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i scríbhinn chuig nó idir comhlachtaí poiblí." Déanann Saorgus cur síos dom freisin ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige a chuid idirghníomhaíochtaí le comhlachtaí poiblí sa todhchaí a chomhl íonadh dá réir sin. Maidir leis na praghsanna talún faoi shaincheist, luann Saorgus:
"Chuireamar isteach na praghsanna talún a cuardaíodh faoin athbhreithniú Dharaidh Braoin seo chuig an DCMNR mar chuid den tairiscint AER 5. Is í an fhaisnéis a bhí ag teastáil ón DCMNR go raibh na tailte faighte agus go raibh ar ár gcumas an tionscadal a chur i gcrích dá nglacfaí lenár dtairiscint. Níor ghá dúinn na gnéithe tráchtála den aistriú talún a chur san áireamh, ach go raibh an talamh faighte againn. Dá bhrí sin, cuireadh isteach faisnéis bhreise a bhí teagmhasach don fhaisnéis a bhí ag teastáil. Is botún dá bhrí sin, dar linn féin, a bhí ann an fhaisnéis sin a thabhairt don DCMNR an chéad lá riamh."
Ina dhiaidh sin, an 23 Feabhra 2005, tugadh comhaid na Roinne ar ais chuig an Oifig seo le sceidil chuí ach gan na comhaontuithe díolacháin agus rogha. Faoi alt 37 den Acht FOI táimse i dteideal a cheangal ar aon duine atá i seilbh faisnéise, nó a bhfuil taifead faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú, gur faisnéis nó taifead atá, i mo thuairim, iomchuí maidir leis na críocha d’athbhreithniú faoi alt 34, aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin a thabhairt dom le scrúdú. Mar sin féin, is cosúil gur iarr Saorgus ar an Roinn gan na comhaontuithe díolacháin agus rogha a chur ar ais chuig m’Oifig, agus, tar éis fanacht ar chomhairle ón Ard-Aighne ar an ábhar, chomhlíon an Roinn leis an iarraidh seo. Cuireadh na doiciméid ar fáil sa deireadh ar an 8 Márta 2005 de bhun chomhairle an Ard-Aighne.
Is é seo an t-ochtú bliain ina bhfuil an tAcht FOI i bhfeidhm in Éirinn agus tá líonmhar breitheanna a bhaineann le tairiscintí eisithe ag an Oifig seo. Dá bhrí sin is deacair a thuiscint go mbeadh iontas ar chuideachta ag déanamh tairisceana ar chonradh in iomaíocht á riaradh ag comhlacht poiblí maidir le taifid a bhaineann leis an tairiscint atá i seilbh an chomhlachta poiblí a nochtadh. Is mearbhlach é freagairt Saorgus sa chás seo go háirithe mar go luaitear go sainiúil d’iarratasóirí ar fhoirmeacha iarratais AER i litreacha i gcló dubh agus iodálach an fhéidearthacht a bhaineann le nochtadh taifead i seilbh na Roinne faoi FOI. Ar chuma ar bith, is cosúil domsa go mba chóir go mbeadh sáreolas ag an Roinn ar an údarás atá agamsa faoi alt 37 gan dul chomh fada leis an Ard-Aighne ag lorg comhairle sular tugadh taifid atá mar ábhar in athbhreithniú faoi alt 34 ar ais chuig m’Oifig
Measaim, áfach, iompar Choillte a bheith thar a bheith go dona. Mar fhreagra ar litir an Uasail Campbell, dar dáta an 18 Eanáir 2005, rinne Coillte aighneacht dar dáta an 16 Feabhra 2005 ag cur i gcoinne nochtadh na gcomhaontuithe díolacháin agus rogha go foirmiúil. Luaigh Coillte, i measc nithe eile, nach raibh tuiscint an Uasail Campbell ar a stádas dlíthiúil agus ar a ról maidir le tailte a bhainistiú in Éirinn i gceart. De réir na haighneachta, is cuideachta phríobháideach teoranta é Coillte cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí 1963-2003 a bunaíodh faoin Acht Foraoiseachta, 1988, chun gnólachtaí foraoiseachta agus gnólachtaí a bhaineann leis an bhforaoiseacht a fheidhmiú ar bhonn tráchtála. Ní chuireann sé seirbhísí poiblí ar fáil agus ní fhaigheann sé maoiniú poiblí ar bith dá ghníomhaíochtaí gnó seachas é sin atá ar fáil do chuideachta phríobháideach ar bith eile. Luaigh Coillte freisin:
"Ní forannóg de roinn Rialtais é Coillte ná ní gníomhaireacht é atá faoi rialú roinn Rialtais ar bith. Cé gurb iad an tAire Talmhaíochta agus Bia agus an tAire Airgeadais scairshealbhóirí na +cuideachta, is ar Bhord Stiúrthóirí na Cuideachta, a bhfuil a dhualgas leagtha amach i ndlí na cuideachta agus san Acht Foraoiseachta, 1998, atá an fhreagracht dhlíthiúil maidir le bainistíocht na cuideachta.
Is mar a chéile an ghaolmhaireacht idir an chuideachta agus an tAire Talmhaíochta agus an ghaolmhaireacht idir cuideachta phríobháideach nó phoiblí theoranta ar bith agus a scairshealbhóirí. Maidir le foraoisí agus talamh eile Choillte, tá siad faoi úinéireacht iomlán na cuideachta chuig ar aistríodh na tailte de bhua Alt 39(1) den Acht Foraoiseachta, 1998. Níl na tailte á mbainistiú ar son an Stáit i gcomparáid le, mar shampla, na Páirceanna Náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit agus atá á mbainistiú ar son an Stáit ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Sa chomhthéacs seo, is maoin phríobháideach iad na tailte ar leis an chuideachta iad, le dlí, agus is idirbheart príobháideach dlí idir dhá aonán, nach ábhar iad de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise é an t-idirbheart atá mar ábhar den athbhreithniú."
Measaim, d’ainneoin mo chumhachtaí faoi alt 37 den Acht FOI, go bhfuil cur síos neamhchríochnaithe ar a stádas dlíthiúil tugtha ag Coillte dom. Ní dhéanann aighneacht Choillte tagairt ar bith in aon chor do bhreithiúnas cheangailteach Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa inar diúltaíodh do dhearcadh Choillte ar a stádas mar chuideachta phríobháideach. I gCás C-339/00, Ireland v. Commission of the European Communities [2003] ECR I-11757, ba é cinneadh na Cúirte (An Cúigiú Seomra), "mar ghnóthas poiblí" [béim curtha air], nach raibh Coillte incháilithe cúnamh deontais a fháil faoi scéim foraoiseachta an AE. Ina insint ar na fíricí, thug an Chúirt faoi deara go raibh 400,000 heicteár foraoise faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht dhíreach Stát na hÉireann go dtí deireadh na 1980í. D’údaraigh an tAcht Foraoiseachta, 1988, Coillte a ionchorprú "chun foraoiseacht a fhorbairt agus chun na feidhmeanna a d'fheidhmigh an tAire Airgeadais agus an tAire Fuinnimh go nuige seo a shannadh." I ndiaidh é a ionchorprú ar an 8 Nollag 1988 mar "chuideachta phríobháideach" faoi Acht na gCuideachtaí 1963, ghnóthaigh an tAire Airgeadais na scaireanna uile i gCoillte, ach mar sin féin bhí dualgas ar an gcuideachta a gníomhaíochtaí a fheidhmiú go neamhspleách ar an Stát agus ar bhonn tráchtála amháin. Dá bhrí sin d’éiligh Éire gur cháiligh Coillte mar "dhuine dlíthiúil faoi dhlí príobháideach" de réir bhrí Airteagal 2(2)(b) de Rialachán (EEC) Uimh. 2080/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 a thionscain an scéim foraoiseachta i gceist.
Ina argóintí os comhair na Cúirte, d'éiligh Éire cé gur gnóthas poiblí é Coillte faoi úinéireacht iomlán an Stáit nár chuir sé seo cosc air a bheith ina dhuine dlíthiúil faoi dhlí príobháideach. Ghéill Éire, áfach, gur rialaigh an Chúirt, i ndá bhreithiúnas roimhe seo, gur "údarás poiblí é Coillte a bhfuil a chonarthaí soláthair phoiblí faoi réir rialú an Stáit". Lena chois sin, agus an Coimisiún ag cur a argóint i láthair gur gnóthas poiblí é Coillte atá go hiomlán faoi réir rialú an Stáit, thug sé faoi deara: "Ní hé amháin go sealbhaíonn an Stát na scaireanna uile sa chuideachta agus go gceapann sé na hoifigigh ach is féidir leis freisin idirghabháil a dhéanamh i gcúrsaí airgeadais na cuideachta. Chomh maith leis sin tá Coillte Teoranta faoi réir dualgas chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil, dualgais a ndéanann an Stát monatóireacht ar a gcomhlíonadh."
Ag teacht ar bhreithiúnas i gcoinne na hÉireann, fuair an Chúirt na torthaí seo a leanas:
"Sa chás seo, tá sé luaite ag Éire gur gnóthas poiblí atá i gCoillte Teoranta faoi úinéireacht iomlán an Stáit agus is mar seo a bhí i gcónaí. Lena chois sin, tá sé rialaithe ag an gCúirt cheana féin maidir le Connemara Machine Turf agus Coimisiún v. Éire go raibh an chuideachta faoi rialú an Stáit agus níor thángthas ar aon fhianaise nua a léireodh nach mar seo a bhí a thuilleadh sna blianta airgeadais 1997 agus 1998. Níl dualgas na cuideachta chun a gnóthaí a bhainistiú ar bhonn tráchtála, nó an fhíric, líomhnaithe ag Éirinn, nach ndéanann an Stát, go ginearálta, idirghabháil i mbainistíocht na cuideachta níos cumhachtaí ná an fhíric a thángthas air go bhfuil an chuideachta faoi úinéireacht agus faoi rialú iomlán an Stáit agus dá bhrí sin go bhféadfadh an Stát idirghabháil a dhéanamh. Dá bhrí sin ní duine dlíthiúil faoi dhlí príobháideach é Coillte Teoranta chun críche Airteagal 2(2)(b) de Rialachán Uimh. 2080/92."
Tá sé ríshoiléir ó na tagairtí do bhreithiúnais a rinneadh roimhe nach bhfuil dearcadh na Cúirte ar Choillte mar ghnóthas poiblí faoi úinéireacht agus faoi rialú iomlán an Stáit teoranta do chuspóirí Rialachán Uimh. 2080/92. Ina leith sin, measaim go bhfuil sé mí-ámharach gur theip ar Choillte tagairt ar bith do rialáil na Cúirte ar a stádas a chur san áireamh ina aighneacht.
Ag díriú anois ar na héilimh ar dhíolúine déanta ag na tríú páirtithe lena mbaineann, tugaim faoi deara go n-áitíonn an dá pháirtí go bhfuil faisnéis rúnda chomh maith le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna taifid. Tabharfaidh mé aghaidh ar dtús ar an éileamh ar dhíolúine déanta faoi alt 26.
Alt 26
Luann alt 26(1) "Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é-
(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó (b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí".
Ionas go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(a), ní mór ceithre cheanglas a chomhlíonadh, eadhon:
° gur tugadh an fhaisnéis i modh rúin,
° gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn tuisceana go ndéileálfaí léi mar fhaisnéis faoi
rún,
° dá nochtfaí an fhaisnéis, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail ag an duine céanna nó ag daoine eile amach anseo, agus
° go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht.
Sa chás seo, áitíonn na páirtithe go mbaineann na comhaontuithe díolacháin agus rogha le hidirbhearta faoi rúin, tráchtála agus gur thug Saorgus don Roinn iad i modh rúin. Léiríonn Coillte gur aithin an Roinn nádúr rúnda na dtaifead agus dá bhrí sin tá comhthuiscint muiníne i bhfeidhm. Tugann aighneachtaí Choillte agus Saorgus araon le fios go láidir go mbeadh éifeacht dhochrach ag nochtadh maidir le soláthar don Roinn ar fhaisnéis faoi rún, tráchtála sa todhchaí acu féin nó ag páirtithe eile. Luann Coillte: "Ní bheadh ciall ná réasún leis mura mbeadh Coillte in ann comhairle a chur ar a scairshealbhóirí faoi na sonraí a bhaineann le hidirbhearta suntasacha tráchtála talún mar gheall ar an imní go gcuirfí faisnéis ar léir go bhfuil sí íogair ó thaobh na tráchtála de a chur amach os comhair an phobail." Léirigh Coillte imní freisin go gcuirfeadh nochtadh sa chás seo "réamhshampla nach bhféadfaí a sheachaint ar fáil ina mbeadh gá le gach idirbheart dá shamhail a bhí ann agus a bheidh ann a nochtadh. Bhead
h an chuideachta mar ábhar fiosruithe, conspóide agus díospóireachta, gan leas ar bith agus bheadh gá acmhainní díréireacha a leithdháileadh chuige sin."
Cé nach bhfuil alt 26 curtha i bhfeidhm ag an Roinn go sonrach, tugann a hiompar san athbhreithniú seo le fios go raibh aon tuiscint muiníne a bhí ann ag teacht ón dá thaobh. Dá bhrí sin táim sásta gur comhlíonadh an chéad dá cheanglas d’alt 26(1)(a). Tá sé luaite ag Saorgus, áfach, an páirtí a chuir isteach na comhaontuithe díolacháin agus rogha chuig an Roinn, nach bhfuil sé i gcoinne iad a nochtadh faoi réir an fhaisnéis phraghsála a scrios amach. De réir Saorgus féin, bhí an fhaisnéis phraghsála sa bhreis ar an bhfaisnéis a bhí ag teastáil ón Stát d’fhonn a fheidhm maidir le hiomaíocht AER a riaradh a fheidhmiú. Dearbhaíonn na seicliostaí doiciméad atá le tabhairt isteach in éineacht leis na hiarratais AER go mbeadh fianaise ar úinéireacht leordhóthanach. I gcás an Uasail Daniel Reed agus na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Cásuimhir 000041 (an 9 Aibreán 2001), mhínigh an Coimisinéir a bhí ann romham nach dtugtar cosaint go ginearálta d’fhaisnéis neamhábhartha .i.e., faisnéis nach mbaine
ann le feidhmiú cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla na Roinne nó a Aire, faoi alt 26(1)(a). Dá bhrí sin, cé go nglacaim leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh do thabhairt faisnéise tráchtála neamhábhartha dá shamhail ag Saorgus agus forbróirí eile sa todhchaí trí fhaisnéis phraghsála sna comhaontuithe díolacháin agus rogha a nochtadh, ní ghlacaim leis go bhfuil sé tábhachtach go leanfadh an Roinn ar aghaidh ag fáil faisnéise den sórt sin. Ina theannta sin, ní ghlacaim leis go ndéanfar dochar do thabhairt faisnéise atá iomchuí do riaradh an Chláir AER sa todhchaí don Roinn ag Saorgus nó ag forbróirí eile dá nochtfaí an fhaisnéis neamhábhartha sa chás seo.
Ní ghlacaim ach an oiread le moladh ar bith eile ó Choillte go gcoinneodh sé sonraí a bhaineann le hidirbhearta talún tráchtála suntasacha óna scairshealbhóirí, an tAire Talmhaíochta agus an tAire Airgeadais. Tugann breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, a pléadh thuas, le fios go bhfuil Coillte faoi úinéireacht agus faoi rialú iomlán an Stáit agus go bhféadfadh an Stát idirghabháil a dhéanamh i mbainistíocht a ghnóthaí. Ina leith sin, ní ghlacaim leis go ndiúltódh Coillte faisnéis a chur ar fáil do na hAirí iomchuí, don Roinn, nó do chomhlachtaí poiblí eile a mbaineann tábhacht leis maidir le hurscaoileadh a gcumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla. Is é mo thuairim é nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a).
Níl léiriú ar bith tugtha go bhfuil dualgas rúndachta ann de réir bhrí alt 26(1)(b). Ina aighneacht, dearbhaíonn Coillte go ginearálta maidir lena argóintí faoi alt 27 go bhfuil conarthaí cosúil leis an gcomhaontú tráchtála críochnaithe idir é féin agus Saorgus "faoi réir clásail rúndachta", ach níl fianaise aitheanta go sonrach aige nó curtha i láthair aige d’fhoráil ar bith den sórt sin a bhaineann leis na comhaontuithe díolacháin agus rogha faoi shaincheist sa chás seo. Dá bhrí sin, ag féachaint ar fhorálacha d’alt 34(12)(b), cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(b).
I bhfianaise gur chinn mé nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a), ní gá dom aghaidh a thabhairt ar shaincheist leas an phobail mar go dtagann sé faoi alt 26(3). Tugaim aghaidh, áfach, ar leas an phobail thíos maidir le halt 27(3).
Alt 27
Mar a thagraítear dó thuas, d’áitigh Saorgus go bhféadfadh iomaitheoirí nochtadh ar fhaisnéis phraghsála sna comhaontuithe díolacháin agus rogha a úsáid chun talamh a cheannach ar phraghsanna comhchosúla. Measann Saorgus freisin go bhféadfaí an fhaisnéis a úsáid chun siaranailís a dhéanamh ar a mhúnla gnó.
Áitíonn Coillte go dtabharfadh nochtadh ar fhaisnéis phraghsála, chomh maith le faisnéis eile neamhshonraithe atá sna doiciméid ar "cosúil a bheith neodrach", buntáiste tráchtála mífhéaráilte d’iomaitheoirí Saorgus agus iad ag déileáil le Coillte agus go gcuirfeadh sé Coillte faoi mhíbhuntáiste tráchtála trí fhaisnéis maidir lena mhúnla luachála atá iomchuí do dhíolacháin talún eile a nochtadh. Áitíonn Coillte freisin go bhfuil íogaireacht ó thaobh na tráchtála fós ag baint leis na comhaontuithe díolacháin agus rogha, d’ainneoin ama a bheith caite de bharr nádúr leanúnach thionscadal feirme gaoithe Dharaidh Braoin, tógáil na feirme gaoithe é féin san áireamh. Éilíonn Coillte freisin go bhfuil luacháil shuíomh Dharaidh Braoin iomchuí maidir le caibidlí leanúnacha le páirtithe eile maidir le díolacháin feirme gaoithe féideartha agus dá bhrí sin "tá sé soiléir go bhfuil sé díobhálach do leasa Choillte agus a scairshealbhóirí an fhaisnéis seo a nochtadh."
Ní fhaighim bonn ar bith le cinneadh go bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de réir bhrí alt 27(1) den Acht FOI sna comhaontuithe díolacháin agus rogha, seachas an fhaisnéis phraghsála atá iontu. Maidir leis an bhfaisnéis phraghsála, tugaim faoi deara go léiríonn na doiciméid gur thángthas ar chomhaontú faoi na praghsanna i nDeireadh Fómhair 1999 agus gur tugadh na díolacháin chun críche i mí na Nollag 2001. In Cannon and Australian Quality Egg Farm Limited (1994) 1 QAR 491 (mír 56), d’aithin Coimisinéir Faisnéise Queensland: "Níl luach tráchtála fágtha ag faisnéis atá sean nó as dáta agus is féidir go dtagann deireadh le luach faisnéise a bhaineann le hidirbheart ollmhór "aon-uaire", cosúil le maoin rialtais a dhíol, a luaithe agus a bhíonn an t-idirbheart tugtha chun críche". Go deimhin, i ndlínsí ar leith, is cosúil gur gnáthamh é praghsanna talún den sórt sin a nochtadh murab ann do chúinsí speisialta, cosúil le hidirbheart neamhchríochnaithe. Féach, mar shampla, ar Ontario Realty Corpo
ration, Coimisinéir Faisnéise agus Príobháideachta, Ontario, Ordú PO-1964, an 8 Samhain 2001 (tá fáil ar an bpraghas ceannaigh trí chuardach teidil). De bhrí is nach bhfuil sonraí ar bith sna comhaontuithe díolacháin agus rogha le léiriú mar a áiríodh na praghsanna talún, ní ghlacaim leis ach an oiread go dtaispeánfaí faisnéis ar bith maidir le cur chuige Choillte i leith luachála nó a mhúnla luachála dá nochtfaí é.
Tugaim faoi deara, áfach, go dteastaíonn iarratasóirí rathúla ón gClár AER chun gléasraí giniúna leictreachais nua a thógáil. Dá bhrí sin, glacaim leis go bhféadfadh an praghas a íocadh ar an talamh atáthar le tógáil air a bheith ábhartha do "mhúnla gnó" forbróra mar cheann de na hathróga i mbrabúsacht iomlán an tionscadail. Más rud é go raibh costais do thógáil agus oibriú an ghléasra ard i gcomparáid leis an bpraghas tairgthe, is dócha go mbeadh drochthionchar aige seo ar bhrabúsacht, agus vice versa. Neamhchosúil leis an bpraghas tairgthe, áfach, a léiríonn an ráta aonaid ag a ndíolfaidh an forbróir leictreachas ar feadh tréimhse suas go cúig bliana déag, baineann na praghsanna talún faoi shaincheist anseo le hidirbhearta a críochnaíodh níos mó ná trí bliana ó shin. Is cosúil domsa freisin gur athróg neamhaithnid a bheadh sna praghsanna talún gan tábhacht mhór acu d’iomaitheoirí agus páirtithe leasmhara eile mura mbeadh na praghsanna go mór as riocht le luach an mhargaidh. Seachas sin, d’fhéadfaí
meastachán ar phraghsanna talún a dhéanamh bunaithe ar luachálacha ar shuímh chomparáideacha.
Tarraingítear tuilleadh ceisteanna maidir leis an tábhacht a bhaineann le praghsanna talún sa chás seo do mhúnla gnó Saorgus mar gheall gur dhíol Saorgus tionscadal feirme gaoithe Dharaidh Braoin le Hibernian Wind Power Ltd. ("Hibernian"). Cosúil le Saorgus, tugadh fógra i leith an athbhreithnithe seo do Hibernian, ach baineann a aighneacht leis na comhaontuithe díolacháin agus rogha a chuathas ina mbun le Saorgus seachas na comhaontuithe díolacháin agus rogha faoi shaincheist.
Mar sin féin, mar a mhínigh an tUasal Campbell, tá tairseach íseal i bhfeidhm nuair atáthar ag cinneadh an bhfuil faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de ar bhonn dochar a dhéanamh do staid iomaíochta cuideachta. Ní bhaineann sé seo le cás ina bhfuil sé cinnte go ndéanfar dochar ach i gcás ina bhféadfadh a leithéid a tharlú. Ina leith sin, glacaim leis, le roinnt neamhchinnteachta, go gcáilíonn na praghsanna a íocadh ar na maoine i nDaraidh Braoin agus i gCathaoir an Iarla mar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de réir bhrí alt 27(1)(b).
Maidir leis an gceist faoi cé leis a dtéann leas an phobail, cinnim go mbaineann na fachtóirí atá i gcoinne nochtadh sa chás seo le leas an phobail i gcaomhnú cuí ar rúndacht agus leas an phobail maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a bhaineann le cuideachta phríobháideach a chosaint. Maidir leis na praghsanna tairgthe, tá sé cinnte agam freisin go bhféadfaí an bonn a bhaint ón gClár AER trí fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh trí FOI, clár atá deartha chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh iomaíoch ach inmharthana de réir bheartas an AE. Mar atá léirithe, áfach, ní mheasaim go bhfuil an leibhéal céanna íogaireachta tráchtála ag baint leis an bhfaisnéis phraghsála nó luachála sna comhaontuithe díolacháin agus rogha agus atá ag baint leis na praghsanna tairgthe. Lena chois sin, de bhrí is nach bhfuil gá faisnéis den sórt sin a chur faoi bhráid na Roinne, ní mheasaim go mbainfí an bonn den Chlár AER ar bhealach ar bith suntasach sa chás seo dá nocht
faí é.
Ní eile atá i bhfabhar nochtadh is ea, mar atá léirithe agat, an pointe nach idirbheart tráchtála idir dhá chuideachta phríobháideacha é an díol talún ag Coillte le cuideachta cosúil le Saorgus. Roimhe seo ba leis an Stát tailte Choillte ina n-iomláine agus is é an Stát a rinne bainistíocht dhíreach orthu. De bhun alt 39(1) den Acht Foraoiseachta, 1988, aistríodh na tailte chuig Coillte, cuideachta bunaithe ag an Stát d’fhonn leanúint ar aghaidh le "gnó na foraoiseachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara a sheoladh ar bhonn tráchtála agus de réir cleachtas éifeachtach na foraoiseolaíochta" (tagraíonn alt 12(1) den Acht Foraoiseachta, 1988, dó seo). Mar a rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa, áfach, tá Coillte faoi úinéireacht agus faoi rialú iomlán an Stáit. Dá réir sin, measaim gur cheart go mbeadh idirbhearta talún Choillte faoi réir scrúdú poiblí.
Féach ar Ontario Realty Corporation, Ordú PO-1964 (a bhfuil tagairt déanta dó thuas) (ag tabhairt faoi deara go mbaineann faisnéis faoi dhíol talún ag an Ontario Realty Corporation "le leas an phobail go bunúsach" agus go bhféadfadh leas an phobail i nochtadh a bheith "dosháraithe" áit arb ann d’imthosca neamhghnácha); Vynque Pty Ltd agus An Roinn um Thionscail Phríomhúla (1998) 4 QAR 393 (ag cinneadh go " bhfuil leas an phobail láidir maidir le scrúdú a dhéanamh ar idirbheartaíocht na Roinne le [tríú páirtí], le cinntiú go bhfuil bonn tráchtála mar is ceart acu, agus go bhfuil an Roinn ag déanamh monatóireachta mar is cuí ar na hoibríochtaí eastósctha agus go bhfuil a dualgais phoiblí á ndéanamh maidir lena freagracht as bainistíocht ar acmhainn phoiblí").
Ina leith sin, cinnim, tríd is tríd, go bhfuil leas an phobail i nochtadh iomlán na faisnéise faoi shaincheist maidir leis na hidirbhearta talún níos tábhachtaí ná fachtóirí leas an phobail nach bhfuil i bhfabhar nochtadh.
Dá réir sin, níl feidhm ag alt 27(1).
Decision
I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht FOI, leis seo, athraím breith na Roinne mar atá cur síos air thuas.
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó duine ar bith eile a ndearna breith an Choimisinéara difear dó/di i ndiaidh athbhreithnithe, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí a thagann chun cinn ón mbreith. Ní mór tús a chur le hachomharc den sórt sin tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise