- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 010355 - AV Niche Ltd. agus An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Iarraidh ar rochtain ar thaifid a chruthaigh an Garda Síochána i ndáil le comórtas tairisceana arbh í an Roinn an t-údarás conarthach ann - an bhfuil na taifid a chruthaigh an Garda Síochána faoi rialú na Roinne - alt 2(5)(a)iCase Summary
Na Fíorais
D'iarr an t-iarrthóir rochtain ar thaifid a bhaineann le hanailís an Gharda Síochána ar thairiscint an tairgeora ar éirigh leis chun trealamh agallamh agus faireachais a sholáthar don Gharda Síochána. D'áitigh an Roinn go raibh na taifid ar seilbh ag an nGarda Síochána (nach bhfuil faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise) agus nach raibh siad ar seilbh, ná faoi rialú, ag an Roinn. D'áitigh an t-iarrthóir go raibh na taifid faoi rialú na Roinne ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear gurb í an Roinn an t-údarás conarthach maidir leis an tairiscint agus, faoi Acht an Gharda Síochána 2005, go raibh dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána doiciméid a sholáthar d'Ard-Rúnaí na Roinne.
Cinntí
Chinn an Coimisinéir nach raibh na taifid faoi rialú na Roinne. Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an féidir a rá go bhfuil rialú ag comhlacht poiblí ar thaifid, nach bhfuil ina sheilbh aige go fisiciúil, bhí aird ag an gCoimisinéir ar an mbreith ó Choimisinéir Cúnta Faisnéise agus Príobháideachta Ontario in Ordú PO-2306- An Aireacht Oideachais, 11 Lúnasa 2004, agus ar an mbreithiúnas ón Ard-Chúirt i gcás an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Choimisinéara Faisnéise, 2004 Uimh. 56 MCA, 25 Eanáir 2006. Tháinig an Coimisinéir ar an gconclúid gur gá breithniú a dhéanamh ar réimse factóirí lena n-áirítear an raibh teideal dlíthiúil ag an gcomhlacht poiblí chun rochtain a fháil ar na taifid, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.
Sa chás sin, cé gur ghlac an Coimisinéir Faisnéise leis go raibh dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána taifid a sholáthar d'Ard-Rúnaí na Roinne má d'iarr an tArd-Rúnaí amhlaidh, níor ghlac an Coimisinéir Faisnéise leis gurbh ionann rochtain agus rialú. Thug an Coimisinéir faoi deara nár iarr an tArd-Rúnaí na taifid ar Choimisinéir an Gharda Síochána agus gurbh é Coimisinéir an Gharda Síochána an t-oifigeach cuntasaíochta don Gharda Síochána anois (seachas Ard-Rúnaí na Roinne). Ag féachaint do na factóirí eile, lena n-áirítear úinéireacht, seilbh fhisiciúil agus an Roinn a bheith ag brath ar na taifid, tháinig an Coimisinéir ar an gconclúid nach raibh na taifid faoi rialú na Roinne.
Date of Decision: 22.11.2006
Our Reference: 010355
22.11.2006
AV Niche (Recording Systems) Ltd 5 Heron Court Cranesfarm Road Basildon Essex SS143DF Sasana
A Dhaoine Uaisle,
Déanaim tagairt do bhur n-iarratas ar athbhreithniú ar an mbreith ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ("an Roinn") diúltú rochtain a thabhairt ar thaifid áirithe tar éis na hiarrata uaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003, ("na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise"). Bhain bhur n-iarraidh le rochtain ar thaifid a bhaineann le tairiscint a bhronnadh chun trealamh taifeadta agallamh a sholáthar agus a shuiteáil i stáisiúin de chuid an Gharda Síochána. Ar an gcéad dul síos is mian liom bhur leithscéal a ghabháil mar gheall ar an moill fhada a ghabh le déileáil le bhur n-iarratas. De dheasca easpa foirne i mblianta luatha na hOifige, tháinig riaráiste i gceist sa líon cásanna a bhí idir lámha. D'fhág sin gur thóg sé i bhfad níos mó ama orainn athbhreithniú cosúil le bhur gceannsa a chríochnú ná mar ba mhian liom. Tá an tsaincheist foirne seo réitithe anois a bheag nó a mhór agus tá an riaráiste laghdaithe ó bheagnach 800 cás ag an bpointe is airde go dtí an leibhéal atá anois ann – 331 athbhreithniú le críochnú.
Tá m'athbhreithniú, a rinneadh de réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, curtha i gcrích anois agam. Le linn m'athbhreithniú a dhéanamh, thug mé aird ar na haighneachtaí a chuir sibh faoi bhráid m'Oifige agus ar aighneachtaí na Roinne. Thug mé aird chomh maith ar na forálacha iomchuí d'Acht an Gharda Síochána 2005 agus ar an mbreithiúnas ón mBreitheamh Murphy i gcás an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Choimisinéara Faisnéise, 25 Eanáir 2006, [2004 Uimh. 56 MCA]. Ar deireadh, rinne mé iniúchadh ar chuid de na taifid a bhaineann leis an gcomórtas tairisceana agus atá i seilbh na Roinne.
Background
Cúlra
San iarraidh a chuir sibh chuig an Roinn, chuir sibh roinnt ceisteanna maidir leis an mbreith an tairiscint, chun trealamh taifeadta agallamh a sholáthar agus a shuiteáil i stáisiúin de chuid an Gharda Síochána, a bhronnadh ar SKS Communications. Mar is eol daoibh anois, ní dhéantar leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise oibleagáid a chur ar chomhlacht poiblí freagra a thabhairt ar cheisteanna, ach tugtar leo ceart rochtana ar thaifid atá ar seilbh ag comhlacht poiblí agus a d'fhéadfadh ceisteanna den sórt sin a fhreagairt. Thug an Roinn freagra ar roinnt ceisteanna de bhur gcuidse ach léirigh sí nach raibh sé ar a deis aici freagra a thabhairt ar chuid de na ceisteanna a bhí fágtha. Le linn an t-athbhreithniú seo a dhéanamh léirigh sibh nach bhfuil taifid á lorg agaibh a thuilleadh a sholáthródh freagra ar bhur gceisteanna ag (i), (iv), (xi), (xiv) agus (xviii) i bhur n-iarraidh. Baineann na ceisteanna atá fágtha le fiosruithe ón nGarda Síochána, le linn an phróisis chun tairiscintí a mheasúnú, maidir le modhnuithe ar tháirgí a bhí le soláthar ag gach tairgeoir. Is é seasamh na Roinne ná nach bhfuil na taifid a sholáthródh freagra ar na ceisteanna atá fágtha ar seilbh ag an Roinn ach go bhféadfadh go bhfuil siad ar seilbh ag an nGarda Síochána, toisc go mbaineann siad leis an measúnacht theicniúil a rinne an Garda Síochána. Toisc nach comhlacht atá forordaithe mar chomhlacht is "comhlacht poiblí" chun críocha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise an Garda Síochána áfach, níl an deis ar fáil daoibh iarraidh a dhéanamh chuige faoi na hAchtanna.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Ní bhaineann an t-athbhreithniú uaimse ach amháin leis an gceist i dtaobh an taifid atá ar seilbh nó faoi rialú ag an Roinn iad na taifid atá ar seilbh ag an nGarda Síochána agus a sholáthródh freagra daoibh ar bhur gceisteanna.
Findings
Achoimre ar an mBreith
Mar achoimre, chinn mé nach bhfuil na taifid ar seilbh ná faoi rialú ag an Roinn.
Cinntí
Léirigh sibh i bhur gcuid aighneachtaí go bhfuil díomá oraibh maidir leis an easpa aiseolais a fuair sibh ón Roinn agus ón nGarda Síochána tar éis an phróisis tairisceana. Cé go dtuigim cé chomh láidir agus a bhraitheann sibh maidir leis an tslí inar dhéileáil an Roinn le bhur gcuid gearán, ní mór dom a léiriú nach mbaineann sé leis an ról atá agamsa aon tuairim a nochtadh i dtaobh iompar na Roinne i ndáil leis an bpróiseas tairisceana ná i dtaobh ar cuireadh an próiseas i gcrích de réir na nósanna imeachta cuí. Is é an ról atá agamsa, mar Choimisinéir Faisnéise, san athbhreithniú áirithe seo, breith a thabhairt i dtaobh an bhfuil na taifid atá á lorg agaibh faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise de bhua na taifid sin a bheith ar seilbh nó faoi rialú ag an Roinn.
Ní mór dom a léiriú freisin gur breitheanna de novo na breitheanna uaimse i dtaobh athbhreithniú, rud a chiallaíonn go bhfuil siad bunaithe ar na himthosca agus ar an dlí de réir mar atá sé i bhfeidhm an tráth a thugaim an bhreith. Thacaigh an breithiúnas ón Ard-Chúirt i gcás an Aire Oideachais agus Eolaíochta v an Coimisinéir Faisnéise leis an tuiscint seo ar an ról atá agam ar breithiúnas é ina ndúirt an Breitheamh O'Caoimh, agus é ag trácht ar an gcineál athbhreithnithe a bhí in athbhreithniú a rinne mo réamhtheachtaí faoi alt 34 den Acht um Shaoráil Faisnéise, an méid seo a leanas: "the decision that was to be made by Information Commissioner in light of the appeals taken to him were to be made in light of the facts and circumstances applying at the date of the review by him and not those facts and circumstances pertaining on the date of the original decision".
Cúlra maidir leis an gConradh a Bhronnadh
Creidim go mbeadh sé áisiúil dá leagfaí amach an cúlra fíorasach iomchuí a ghabhann le seoladh an chomórtais tairisceana agus leis an gconradh a bhronnadh ina dhiaidh sin ar an tairgeoir buaiteach, SKS Communications. Le linn déanamh amhlaidh, d'úsáid mé ábhar ó thuarascáil speisialta dar dáta Nollaig 2002 ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus aighneachtaí na Roinne. Tugaim faoi deara go gcuireann sibh i gcoinne roinnt fíoras i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Is deimhin liom áfach, nach ndéanfadh aon nithe neamhchruinne sa tuarascáil difear do mo chuid cinntí.
Ar an 10 Lúnasa 2000, d'eisigh an Roinn Iarraidh ar Thairiscintí a bhí le foilsiú in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach. Foilsíodh an Fógra an 18 Lúnasa 2000. San fhógra, sonraítear gurb í an Roinn an t-údarás conarthach agus bhí aon iarrataí ar dhoiciméadacht a bhain le tairiscintí, aon fhiosruithe agus an tairiscint chríochnaitheach le díriú chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8. Fuarthas trí thairiscint (lena n-áirítear na tairiscintí ó SKS agus ó AV Niche) agus osclaíodh an 3 Deireadh Fómhair iad i láthair triúr comhalta den Gharda Síochána agus beirt oifigeach don Roinn. I ndiaidh na ngnáthnósanna imeachta maidir le tairiscintí a oscailt cuireadh na tairiscintí go léir ar aghaidh chuig Ceannfort an Gharda Síochána don Rannóg Theileachumarsáide lena measúnú. Is iad a bhí ar na daoine a roghnaíodh chun na tairiscintí a mheasúnú ná ceathrar comhalta a bhain leis an Rannóg Theileachumarsáide a raibh taithí fhorleathan acu ag plé le trealamh teileachumarsáide agus fístaifeadta agallamh. I Mí Feabhra 2001, chuir Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána a bhí freagrach as an Rannóg Theileachumarsáide an Tuarascáil maidir le Measúnacht ar Thairiscintí ar aghaidh chuig an Roinn mar eolas agus d'iarr an Coimisinéir Cúnta sin ceadú chun 252 chóras a cheannach ó SKS ar an mbonn gurb é SKS a chuir isteach an tairiscint ba mhó buntáiste ó thaobh eacnamaíochta de.
Thug an Roinn faoi deara, toisc nárbh í an tairiscint ba shaoire an tairiscint ba mhó buntáiste ó thaobh eacnamaíochta de, go mbeadh gá le ceadú ón gCoiste um Chonarthaí Rialtais ("CCR") sula ndéanfaí an conradh. Chuir an Roinn sonraí faoin gconradh beartaithe faoi bhráid an CCR lena cheadú a fháil an 20 Márta 2001. Cheadaigh an CCR an conradh ansin. In Aibreán 2001, chuir an Roinn litir chuig an nGarda Síochána á chur in iúl go bhfuarthas ceadú ón CCR agus go bhféadfaí conradh a dhéanamh le SKS Communications.
Ar an 26 Aibreán 2001, thug Ceanncheathrú an Gharda Síochána (An Rannóg Airgeadais agus Lóistíochta) fógra daoibh á rá nár éirigh le bhur dtairiscint. Ar an 1 Bealtaine 2001, chuir sibhse litir chuig an nGarda Síochána (ar cuireadh cóip di chuig an Roinn) inar iarr sibh an bhféadfaí a dheimhniú nárbh í an tairiscint ó AV Niche an tairiscint ba ísle a bhí comhlíontach agus mura bhféadfaí, cé na cúiseanna nárbh í an tairiscint ó AV Niche ba mhó buntáiste ó thaobh eacnamaíochta de. D'iarr sibh deimhniú freisin gur déileáladh le tairiscint AV Niche, ar phointí éagsúla a sonraíodh, sa tslí chéanna inar déileáladh leis an tairiscint ón tairgeoir ar éirigh leis. D'admhaigh an Roinn go bhfuarthas an litir sin an 9 Bealtaine 2001 agus chuir sí in iúl daoibh go rabhthas ag fanacht ar ábhar ó údaráis an Gharda Síochána sula bhféadfadh sí freagra a thabhairt.
Mar fhreagra ar cheisteanna ón Oifig seo, dúirt an Roinn go raibh an ról a bhí aici i ndáil leis an bpróiseas teoranta go forleitheadach do dhá réimse. Nuair a tionscnaíodh an tionscadal, deir an Roinn go raibh baint aici leis an tionscadal a cheadú ó thaobh beartais agus buiséadú, lena n-áirítear cumarsáid iomchuí a dhéanamh leis an Roinn Airgeadais. Tar éis an cinneadh a dhéanamh leanúint ar aghaidh le córas náisiúnta, thug an Garda Síochána doiciméid thairisceana don Roinn agus foilsíodh iad in iris an AE. Nuair a chríochnaigh comhaltaí d'fhoireann an Gharda Síochána an mheasúnacht ar na tairiscintí, cuireadh an Tuarascáil maidir le Measúnacht ar Thairiscintí faoi bhráid na Roinne lena ceadú. Nuair a fuair an Garda Síochána an cead sin, chuir an Garda Síochána an toradh in iúl do na tairgeoirí. Deir an Roinn nach bhfuair sí na tairiscintí lena gcur chuig an nGarda Síochána lena measúnú.
Mar fhreagra ar cheisteanna a bhaineann le seasamh na Roinne mar údarás conarthach, thug an Roinn freagra mar a leanas (i Meán Fómhair 2004):
"........i ndáil le hearraí agus seirbhísí a fháil, leagadh amach teorainneacha sonracha ceada tharmligthe i gcás ina raibh fáil faoi rialú díreach Stiúrthóir Airgeadais an Gharda Síochána. Is gá ceadú a fháil ón Roinn ón tús i gcás fála ar a bhfuil luach níos airde (cosúil leis an bhfáil atá i gceist sa chás seo). Is é an Garda Síochána (ag a bhfuil an saineolas teicniúil chun measúnachtaí den sórt sin a dhéanamh) a chuireann an próiseas tairisceana i gcrích iarbhír agus cuirtear toradh na measúnachtaí faoi bhráid na Roinne lena cheadú."
Dúirt an Roinn an méid seo a leanas chomh maith:
"...ba é an tAire Dlí agus Cirt an t-údarás conarthach agus cuireadh an conradh chuig an Roinn dá réir sin lena cheadú de réir mar ba ghá. Ní raibh na taifid is ábhar don iarraidh seo maidir le saoráil faisnéise (más ann dóibh) faoi rialú ag an Roinn ariamh. Níl aon ghá ag an Roinn leis na taifid seo chun a ról mar a dhéantar cur síos air thuas a chomhlíonadh."
Alt 2(5)(a) – Taifid atá faoi rialú Comhlachta Phoiblí
Cé go dtugtar le halt 6(1) de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise ceart rochtana ar thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí, foráiltear le halt 2(5)(a) freisin go bhfolaíonn tagairt do thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí taifid atá faoi rialú an chomhlachta. Áitíonn an Roinn nach bhfuil na taifid a sholáthródh freagra ar bhur n-iarraidh i seilbh na Roinne ach go bhfuil siad i seilbh an Gharda Síochána. Ní comhlacht poiblí a fhorordaítear chun críocha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise é an Garda Síochána. Cé go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cuntasach don Oireachtas as an nGarda Síochána, tá an dá chomhlacht neamhspleách ó thaobh oibríochta de. Aithnítear san Acht um Shaoráil Faisnéise féin leithleachas thaifid an Gharda Síochána sa mhéid is go liostáltar an Garda Síochána mar chomhlacht poiblí ann féin i mír 1(5) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht. Tugtar liosta sa mhír sin de chomhlachtaí poiblí éagsúla a fhéadfar a chur faoi réir an Achta amach anseo. Go dtí seo áfach níor leathnaíodh an tAcht chun go n-áireofaí an Garda Síochána ann.
Mar sin, is í an cheist a chaithfidh mise a bhreithniú ná an bhfuil na taifid atá i seilbh an Gharda Síochána faoi rialú na Roinne. Ní mhínítear céard is "control" nó "rialú" ann sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Mínítear "control" mar "power to direct; command" san Oxford English Dictionary. Mínítear "control" mar "the power or authority to manage direct superintend, restrict, regulate, administer or oversee." in Black's Law Dictionary. Cé go dtugtar treoir éigin sna mínithe seo, tá scóip leathan acu agus ní leor iad iontu féin chun a chinneadh an bhfuil taifead áirithe faoi rialú comhlachta phoiblí chun críocha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
Deirtear i dTeideal Fada an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 gur Acht é:
"dá chumasú do dhaoine den phobal rochtain a bheith acu, a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta, chuig faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí.....". Mar sin, measaim gur chóir ciall leathan a thabhairt don mhíniú ar rialú ag féachaint do chuspóirí na nAchtanna trí chéile.
I gcásanna a bhí ann roimh an gcás seo, léirigh an t-iarChoimisinéir Faisnéise, an tUasal Kevin Murphy, céard is brí le rialú i gcomhthéacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, mar a leanas:
"De réir mo thuairime féin, ní féidir a rá go bhfuil taifid, nach bhfuil go fisiciúil i seilbh comhlachta phoiblí, faoi rialú an chomhlachta phoiblí ach amháin má tá teideal dlíthiúil de chineál éigin, ar a laghad, ag an gcomhlacht poiblí chun na taifid sin a fháil. Le linn breith a thabhairt i dtaobh an bhfuil rialú den sórt sin ann, measaim gur gá aird a thabhairt ar an gcaidreamh atá idir na páirtithe, ar aon chomhaontú eatarthu maidir leis na taifid agus ar aon chearta dlíthiúla a bheidh ag páirtí a bheidh ag iarraidh rialú ar na taifid a éileamh."
Tugaim faoi deara go bhfuil foráil den tsamhail chéanna i reachtaíocht Ontario atá coibhéiseach leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, an Freedom of Information and Protection of Privacy Act, ar foráil í a sholáthraíonn rochtain ar thaifid atá faoi choimeád nó faoi rialú Aireachta (alt 10(1)). In Ordú PO-2306 – An Aireacht Oideachais, 11 Lúnasa 2004, agus ag baint leasa as dhá bhreith roimhe sin ón
Oifig sin, dúirt Coimisinéir Cúnta Faisnéise agus Príobháideachta Ontario, an tUasal Tom Mitchinison, an méid seo a leanas agus céard is rialú ann á bhreithniú aige:
"B'fhéidir go gcabhróidh an liosta factóirí neamh-uileghabhálach seo a leanas le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil rialú ag an Aireacht ar thaifid áirithe:
- Ar chruthaigh oifigeach nó fostaí de chuid na hAireachta an taifead? [P-120]
- Cén úsáid a bhí ar intinn ag an té a chruthaigh é a bhaint as? [P-120, P-239]
- An bhfuil cumhacht reachtúil ag an Aireacht nó dualgas reachtúil ar an Aireacht an ghníomhaíocht a dhéanamh ba chúis leis an taifead a chruthú? [Ordú P-912, ar seasadh leis in Ontario (Bord Athbhreithnithe ar an gCód Coiriúlachta) v. Ontario (An Coimisinéir Faisnéise agus Príobháideachta) (7 Márta, 1997), Toronto Doc. 283/95 (Ont. Div. CT.), deonaíodh cead chun achomharc a dhéanamh [1997], O.J. Uimh. 4899 (C.A.)]
- An príomhfheidhm, feidhm lárnach nó bunfheidhm de chuid na hAireachta an ghníomhaíocht atá i gceist? [Ordú P-912]
- An mbaineann ábhar an taifid le sainordú agus le feidhmeanna na hAireachta? [P-120, P-239]
- An bhfuil seilbh fhisiciúil ag an Aireacht ar an taifead, toisc gur soláthraíodh é go saorálach ag an té a chruthaigh é nó gur soláthraíodh é de bhun ceanglais shainordaithigh reachtúil nó fostaíochta? [P-120, P-239]
- Mura bhfuil seilbh ag an Aireacht ar an taifead, an bhfuil sé i seilbh oifigigh nó fostaí de chuid na hAireachta chun críocha a dhualgas nó a dualgas mar oifigeach nó mar fhostaí? [P-120, P-239]
- An bhfuil ceart seilbhe ar an taifead ag an Aireacht? [P-120, P-239]
- An bhfuil údarás ag an Aireacht úsáid agus diúscairt an taifid a rialáil? [P-120, P-239]
- Cén méid ar bhraith an Aireacht ar an taifead? [P-120, P-239]
- Cé chomh dlúth agus atá an taifead comhtháite le taifid eile atá i seilbh na hAireachta? [P-120, P-239]
- Cad é gnáthchleachtas na hAireachta agus institiúidí atá cosúil leis an Aireacht i ndáil le seilbh nó rialú ar thaifid den chineál sin, in imthosca den tsamhail sin? [MO-1251]
Factóirí le cur i gcuntas i ndáil le taifid a chruthaigh páirtí dá ndéantar difear
Is féidir feidhm a bheith ag an Acht maidir le faisnéis faoi rialú institiúide d'ainneoin gur tríú páirtí a chruthaigh í [Orduithe P-239, P-1001 agus MO-1225]. D'fhéadfadh na factóirí breise seo a leanas a bheith iomchuí sa chomhthéacs seo:
- Mura bhfuil an taifead i seilbh fhisiciúil na hAireachta, cé aige atá seilbh ar an taifead agus cén fáth?
- Cé leis an taifead? [Ordú MO-315]
- Cé a d'íoc as cruthú an taifid? [Ordú M-506]
- Cé na himthosca a ghabhann le cruthú, le húsáid agus le coinneáil an taifid?
- An bhfuil aon fhorálacha in aon chonarthaí idir an Aireacht agus an phearsa aonair a chruthaigh an taifead i ndáil leis an ngníomhaíocht ba chúis leis an taifead a chruthú, a thugann an ceart don Aireacht, go sainráite nó go hintuigthe, chun seilbh nó rialú ar shlí eile a bheith aici ar an taifead? [Greater Vancouver Mental Health Service Society v. Colóim na Breataine (An Coimisinéir Faisnéise agus Príobháideachta), [1999] B.C.J. Uimh. 198 (S.C.)]
- An raibh comhthuiscint nó comhaontú idir an Aireacht, an phearsa aonair a chruthaigh an taifead nó aon pháirtí eile nach nochtfaí an taifead don Aireacht? [Ordú M-165] Má bhí, cé na gealltanais rúndachta chruinne a thug an phearsa aonair a chruthaigh an taifead, cé dó, cathain agus cén fáth a tugadh iad agus cén fhoirm inar tugadh iad?
- An bhfuil aon chonradh, cleachtas, nós imeachta nó imthoisc eile a fhearann ar rialú, coinneáil nó diúscairt an taifid ag an Aireacht?
- An gníomhaire de chuid na hAireachta chun críocha na gníomhaíochta atá i gceist an phearsa aonair a chruthaigh an taifead? Más ea, cén scóip a bhí ag an ngníomhaireacht sin, agus an raibh ceart de chuid na hAireachta aici chun seilbh, nó rialú ar shlí eile, a bheith aici ar na taifid? [Walmsley v. Ontario (An tArd-Aighne) (1997), 34 O.R. (3d) 611 (C.A.)]
- Cad é gnáthchleachtas na pearsan aonair a chruthaigh an taifead agus cad é gnáthchleachtas daoine eile i ngairm i ndáil le seilbh nó rialú ar thaifid den sórt sin in imthosca den tsamhail sin? [MO-1251]
- Cén méid, más aon mhéid é, ar chóir don fhíoras, gur dhiúltaigh an phearsa aonair a chruthaigh an taifead cóip den taifead a sholáthar don Aireacht, cinneadh a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le rialú?
Léiríonn na ceisteanna seo go léir cur chuige cuspóiriúil i ndáil leis an gceist maidir le rialú faoi alt 10(1). Glacadh leis an gcur chuige seo chomh maith i gcórais eile a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis."
Anuas air sin, thug mé faoi deara an breithiúnas ón Ard-Chúirt i gcás an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Choimisinéara Faisnéise, 2004 Uimh. 56 MCA, 25 Eanáir 2006. Sa chás sin, rinne an Ard-Chúirt an cinneadh uaimse, go raibh rialú ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar thaifid a bhain le hiarratas an iarrthóra ar chúnamh deontais óna Bhord Fiontar Contae áitiúil (nár chomhlacht poiblí chun críocha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise an tráth sin), a chur ar ceal. Le linn teacht ar a breithiúnas, bhraith an chúirt ar an tástáil maidir le rialú a thug an Breitheamh Blayney in O Coindealbhain (Cigire Cánach) v Mooney [1990] 1 I.R. 422.
Sa chás deiridh sin, dhéileáil an Breitheamh Blayney le conarthaí le haghaidh seirbhísí. Bhain an cás leis na tástálacha a bhí le déanamh maidir le grád agus méid an rialaithe a bhí le feidhmiú ag an Aire (i gcás gur bhainisteoir oifige fostaíochta é nó í an cáiníocóir) agus leis an gceist an raibh gnó dá chuid féin nó dá cuid féin ag an gcáiníocóir. Dúirt an Breitheamh Blayney ag 431.2:
"Firstly, the test as to the degree and extent of the control exercised bythe Minister. While the Minister clearly lays down in the contract what is to be done, he does not direct how it is to be done except in certain instances when things are to be done in accordance with instructions, nor does he direct when the work is to be done except that the office is to be open during specified hours from Monday to Friday inclusive.
...
It was submitted on behalf of the appellant that the Minister exercised the necessary control by reason of the fact that the deputy employed by the respondent and any clerical assistance have to be approved by the Department. But the control given by the requirement to have the Department's approval is minimal. Once a deputy or a clerk has been approved, he is then in the employment of the respondent and under his control. It is he who decides what hours are to be worked in addition to the hours during which the office has to be kept open, and how any work is to be done in respect of which there are no express instructions from the Department. So the fact that the Department has to approve of their appointment is of little significance in regard to how or when they do their work."
Rinne an Ard-Chúirt breithniú chomh maith ar Readymix Concrete v an tAire Pinsean [1968] 1 All E.R. 433 ag 440 inar tugadh an míniú seo a leanas ar "control", i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta:
"Control includes the power of deciding the thing to be done, the way in which it is done, the means to be employed in doing it, the time when, and the place where it shall be done. All these aspects of control must be considered in deciding whether the right exists in a sufficient degree to make one party the master and the other his servant."
Le linn a breith a thabhairt, dhírigh an Ard-Chúirt ar an gcineál caidrimh idir an comhlacht poiblí agus an sealbhóir taifead mar atá leagtha amach sa reachtaíocht iomchuí. Chinn an Ard-Chúirt gur cinneadh an tsaincheist maidir le rialú taifead leis an tsaincheist maidir le rialú feidhmiúil agus ar an gceist i dtaobh an dtugann na comhaontuithe/protacail iomchuí rialú feidhmiúil don chomhlacht poiblí ar na gníomhaíochtaí faoinar cruthaíodh na taifid a iarradh.
Soláthraíonn na critéir atá leagtha amach ag Coimisinéir Faisnéise agus Príobháideachta Ontario, an méid a dúirt mo réamhtheachtaí agus an breithiúnas ón Ard-Chúirt treoir thar a bheith áisiúil le linn breithniú a dhéanamh ar an míniú atá le rialú i gcomhthéacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Measaim gurb í an tslí chuí chun breith a thabhairt ar an tsaincheist maidir le rialú ná na critéir a liostáltar i gcás Ontario de réir mar a bhaineann siad leis an gcás seo agus na cinntí i mbreithiúnas na hArd-Chúirte a iniúchadh.
Anailís ar fhactóirí maidir le rialú
Tá sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne gur taifid a bhaineann leis an measúnacht theicniúil a rinne an Garda Síochána na taifid atá á lorg agaibhse.
Cruthú/Seilbh fhisiciúil/Úinéireacht
Glacaim leis go mbeadh na taifid, más ann dóibh, i seilbh fhisiciúil an Gharda Síochána agus ní i seilbh na Roinne ná aon duine dá cuid oifigeach. Glacaim leis freisin gur chomhaltaí den Gharda Síochána a chruthódh na taifid sin, na comhaltaí sin atá fostaithe sa Rannóg Theileachumarsáide de réir gach cosúlachta. Glacaim leis ina theannta sin go bhfuil an dá chomhlacht neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus, dá bharr sin, nach bhfuil an t-údarás ag an Roinn úsáid nó diúscairt na dtaifead a rialáil. Maidir leis na critéir a bhaineann le húinéireacht, feictear domsa gur ag an nGarda Síochána a bheadh úinéireacht ar na taifid áirithe seo. Glacaim leis chomh maith nach mbeadh na taifid a bheadh i seilbh an Gharda Síochána comhtháite leis na taifid sin a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana atá i seilbh na Roinne, ach amháin an Tuarascáil deiridh maidir le Measúnacht ar Thairiscintí (TMT).
Teideal Reachtúil
Mar a luadh thuas, d'fhonn a áiteamh go bhfuil rialú ag comhlacht poiblí ar thaifid, ní mór go mbeidh, ar a laghad, teideal dlíthiúil de chineál éigin ag an gcomhlacht chun na taifid sin a fháil. Éiríonn saincheisteanna casta nuair a dhéantar breithniú ar an gcreat reachtúil a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Garda Síochána agus an Roinn, agus i dtaobh an bhfuil teideal dlíthiúil éigin chun na dtaifead sin ag an Roinn.
Ba í an Roinn an t-údarás conarthach i dtaca leis an tairiscint. Déantar le Treoir 93/36/CEE ón gComhairle, arna leasú, an oibleagáid a fhorchur ar údaráis chonarthacha soláthairtí a fháil, ar a bhfuil luach is mó ná tairseacha áirithe, de réir na rialacha atá leagtha amach sa Treoir. Tá feidhm ag na rialacha maidir le réimsí áirithe lena n-áirítear an ról atá ag údarás conarthach le linn fógraíocht a dhéanamh, fógraí a eisiúint chuig Iris Oifigiúil an AE, fógra i dtaobh sonraíochtaí teicniúla, conarthaí a bhronnadh agus faisnéis áirithe a sholáthar do thairgeoirí nár éirigh leo. Níl aon tagairt shonrach sa Treoir áfach do rialú a dhéanamh ar an bpróiseas ná rialú ná rochtain ar thaifid a ghintear le linn an phróisis. Cé gur léir go raibh ról lárnach ag an Roinn le linn cinneadh a dhéanamh ar chóir glacadh le moladh an Gharda Síochána a bhí sa TMT, ní thugtar le tuiscint sa ghnáthchúrsa toisc gurb í an t-údarás conarthach í go bhfuil teideal dlíthiúil ag an Roinn chun na dtaifead a chruthaigh an Garda Síochána le linn a mheasúnacht theicniúil a dhéanamh. Áitíonn an Roinn gur leor an fhaisnéis sa TMT chun go ndéanfadh an Roinn moladh an Gharda Síochána a ghlacadh nó a dhiúltú. Glacaim le háiteamh na Roinne nach gá di, d'fhonn a feidhmeanna mar údarás conarthach a chomhlíonadh, rochtain a bheith aici ar na taifid a chruthaigh an Garda Síochána.
Toisc gurbh é Ard-Rúnaí na Roinne "an t-oifigeach cuntasaíochta" don Gharda Síochána tráth na tairisceana áfach, d'fhéadfaí a áiteamh go mbeadh teideal aige chun na dtaifead iomchuí de chuid an Gharda Síochána, d'fhonn a ról a chomhlíonadh. Áirítear ar dhualgais oifigigh cuntasaíochta tuairisciú don Choiste Oireachtais um Chuntais Phoiblí agus don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir le cúrsaí airgeadais áirithe. Ó tháinig Acht an Gharda Síochána 2005 ("Acht an Gharda Síochána") i bhfeidhm áfach, ní hé an tArd-Rúnaí an t-oifigeach cuntasaíochta don Gharda Síochána a thuilleadh. Tá foráil in alt 43(1) d'Acht an Gharda Síochána (ar thosaigh a fheidhm i Mí Iúil 2006) gurb é nó í Coimisinéir an Gharda Síochána an t-oifigeach cuntasaíochta i ndáil le cuntais leithreasa an Gharda Síochána. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána freagrach as na nithe sin anois. Ina theannta sin, dúirt an Roinn gurb é an Garda Síochána is mó a bhíonn ag plé le tascanna i ndáil le seirbhísí agus earraí a fháil, chomh maith le conarthaí a éiríonn as an bhfáil sin a chaibidil. Cé go leanfaidh an Roinn de ról a bheith aici ag plé le hiarrataí ar cheadú ón Roinn Airgeadais, is mar sin atá cúrsaí toisc go gceanglaíonn an Roinn Airgeadais iarrataí den sórt sin a chur tríd an máthair-Roinn chun críocha riaracháin. De réir m'athbhreithnithe 'de novo' ní mór dom aird a thabhairt ar na himthosca an tráth a thugaim an bhreith. Má tá teideal chun na dtaifead ann de bhua ról an oifigigh cuntasaíochta, is ag Coimisinéir an Gharda Síochána amháin atá an teideal sin anois.
De réir dealraimh tá an cás doiléir i dtaobh cé a bheadh freagrach i dtaca le heachtraí a tharla roinnt blianta sular tháinig Coimisinéir an Gharda Síochána chun bheith ina oifigeach cuntasaíochta (ar nós na tairisceana atá i gceist anseo). Mar fhreagra ar cheisteanna ó m'Oifigse, dúirt an Roinn nach bhfuil aon eolas acu faoi aon ghné chúlghabhálach a bheith ag gabháil leis an reachtaíocht (agus go deimhin tugaim faoi deara nach bhfuil aon fhoráil den sórt sin san Ionstraim Reachtúil lena dtosaítear feidhm alt 43 d'Acht an Gharda Síochána). Tá an Roinn tar éis m'aird a dhíriú áfach ar leabhar na Roinne Airgeadais dar teideal "Public Financial Procedures". Déileáltar sa leabhar leis an gcás inar aistríodh freagracht as seirbhís ó Roinn amháin chuig Roinn eile. Tá foráil ann gur gnách don oifigeach cuntasaíochta atá freagrach de thuras na huaire as an tseirbhís láithriú os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí i gcás ina bhfuil cás á iniúchadh ag an gCoiste sin, mar a tharla bliain sular tharla an t-aistriú, cé go leanann an duine a shínigh na cuntais de bheith freagrach agus féadfar é nó í a ghairm os comhair an Choiste. Tugaim faoi deara go ndearna an Coiste um Chuntais Phoiblí iniúchadh ar thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis an ní seo i Meitheamh 2003. Rinne mé iniúchadh ar na trascríbhinní ó na himeachtaí sin a fheictear domsa a leagann béim ar easpa bainte na Roinne leis an bpróiseas. Dealraíonn sé chomh maith nach raibh na taifid atá á lorg anois agaibhse ag teastáil an uair sin ón Ard-Rúnaí chun a ról maidir le freagra a thabhairt don Choiste a chomhlíonadh. Sna himthosca, ní deimhin liom go mbeadh teideal dlíthiúil faoi láthair ag Ard-Rúnaí na Roinne chun na dtaifead atá i gceist agus a shealbhaíonn an Garda Síochána agus a bhaineann leis an tairiscint.
Mar a dhírigh sibhse aird air i bhur n-aighneachtaí áfach, baineann alt 40(2) d'Acht an Gharda Síochána le hábhar freisin. Tá foráil maidir leis an méid seo a leanas in alt 40:
"(1) Tabharfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána cuntas iomlán don Rialtas agus don Aire trí Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí maidir le haon ghné dá chuid feidhmeanna nó dá cuid feidhmeanna.
(2) Tá ar áireamh ar dhualgas Choimisinéir an Gharda Síochána faoi fho-alt (1) an dualgas aon doiciméad atá faoi chumhacht nó faoi rialú an Gharda Síochána, lena n-áirítear ábhar i bhfoirm taifid de chuid an Gharda Síochána, ráiteas arna ndéanamh ag comhaltaí den Gharda Síochána agus ag daoine eile agus tuarascálacha, a sholáthar ar iarraidh ón Ard-Rúnaí.
(3) Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána an t-ábhar go léir a shonraítear i bhfo-alt (2) agus a éileoidh an tArd-Aighne i dtaca le himeachtaí dlí a sheoladh thar ceann an Stáit a sholáthar don Ard-Aighne."
De réir dealraimh, is alt críochnaitheach é alt 40(2) maidir le breith a thabhairt go bhfuil teideal ag an Ard-Rúnaí chun rochtain a fháil ar aon taifead atá i seilbh an Gharda Síochána. D'ainneoin nach bhfuil sa rochtain ach gné amháin le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil rialú ag an Roinn ar na taifid, ní mór an dearcadh sin a chothromú toisc nár fheidhmigh an tArd-Rúnaí a chumhacht sa chás seo. Seachas i gcás ina gcinnfidh mé go bhfuil na taifid faoi rialú na Roinne, ní dóigh liom gur cuí iallach a chur ar an Ard-Rúnaí na taifid a iarraidh d'fhonn freagra a thabhairt ar iarraidh a bhaineann le saoráil faisnéise. Is é an cuspóir atá le taifid "atá faoi chumhacht nó faoi rialú an Gharda Síochána" a sholáthar don Ard-Rúnaí ná an chúis atá leagtha amach in alt 40(1), i.e. chun go dtabharfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána cuntas don Rialtas agus don Aire. San aighneacht uaibhse dar dáta 2 Iúil 2005 rinne sibh tagairt do phíosa cainte ón Seanadóir Ó Cuimín sa Seanad nuair a bhí leasuithe ar Acht an Gharda Síochána á dtairiscint ag an Aire. D'ardaigh an Seanadóir Ó Cuimín an cheist shonrach i dtaobh an gceadófaí le halt 40 den Bhille go soláthrófaí "córais fhístaifeadta agallamh". Cé nár sholáthair an tAire freagra sonrach, thuig sé go bhféadfadh go mbeadh cásanna ann nuair nár chuí don Ard-Rúnaí a chumhachtaí faoi alt 40 a fheidhmiú:
" Tuigim go bhfuil an chuma ar na cumhachtaí sa Bhille go bhfuil siad an-tréan, agus sna lámha míchearta go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu. Tá féidearthacht chomh maith céanna ann, áfach, go bhféadfaí éagóir a cheilt mura mbeadh na cumhachtaí sin ann. Gach iarraidh ó Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí chun aon phíosa páipéir ón nGarda Síochána a fheiceáil, d'fhéadfadh sé a bheith ina ábhar do cheist pharlaiminte, agus tá oibleagáid ar an Aire freagra a thabhairt i dtaobh ar bhain sé feidhm as na cumhachtaí sin iarbhír. Ní heol dom an ndéarfadh an tAire i ngach cás ar leith nár ar mhaithe le leas an phobail é ábhar a fhiosrúcháin a nochtadh, má bhain sé le saincheist maidir le cúrsaí slándála. Ar a laghad áfach tá sé cuntasach do Dháil Éireann i bhfoirm ceiste parlaiminte má bhaineann sé feidhm as na cumhachtaí sin. Dá mbainfeadh Ard-Rúnaí a Roinne feidhm as na cumhachtaí sin, bheadh an tArd-Rúnaí cuntasach i bhfoirm ceiste a chuirfí ar an Aire.
....
Aontaím leis an Seanadóir Muiris Ó hAodha agus le cainteoirí eile go bhfuil an próiseas fiosrúcháin dá bhforáiltear sa Bhille an-áisiúil. Tá ócáidí ann nuair a bheadh sé níos fearr, cuir i gcás, maidir le plé le brathadóirí, go mbeadh maolán idir an tAire agus na saincheisteanna a ndéileáltar leo. Mar shampla, dá líomhnófaí gur déileáladh go holc le brathadóir agus gur tharla go raibh dochar tromaí don phobal i gceist mar gheall air sin, b'fhéidir gurbh inmhianaithe go dtabharfaí dlíodóir neamhspleách isteach chun iniúchadh a dhéanamh ar an tsaincheist agus tuarascáil a thabhairt maidir léi, mar a tharla i gcás Shane Murphy, abhcóide sinsearach, seachas go mbeadh ar an Aire a bheadh ann de thuras na huaire a rá "Tabhair na comhaid sin dom. Breathnóidh mé air seo agus tabharfaidh mé breith maidir leis". Sna himthosca sin, glacaim leis go mbeadh ar an Ard-Rúnaí a rá leis an Aire nach raibh sé sásta a chumhachtaí a fheidhmiú chuige sin agus go molfadh sé don Aire idirghabhálaí a cheapadh chun é féin nó an Stát a chosaint trí dhuine neamhspleách a chur idir an tAire agus an t-imscrúdú.
Glacaim leis an méid a dúirt an Seanadóir Séamus Breathnach faoi bhrathadóirí i gcoitinne. Is sárshampla iad brathadóirí de réimse nár chóir don Aire fiosrúchán a dhéanamh maidir leis. Ní rithfeadh sé liom riamh a iarraidh ar an gCoimisinéir a rá liom cé na brathadóirí a bhí aige in aon eagraíocht faoi leith. Déarfainn go ndéanfadh sé gáire fúm dá n-iarrfainn air liosta dá chuid brathadóirí a thabhairt dom. San anailís dheireanach áfach, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé iomchuí tráth éigin an raibh brathadóir ann nó nach raibh."
Dá ainneoin sin, tar éis breithniú a dhéanamh ar an ní, is deimhin liom go gcuirtear dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 40 d'Acht an Gharda Síochána na taifid a bhaineann leis an measúnacht theicniúil a sholáthar don Ard-Rúnaí má iarrann an tArd-Rúnaí amhlaidh.
Príomhfheidhm, Feidhm Lárnach nó Bunfheidhm de chuid na Roinne
Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh ar cruthaíodh na taifid faoi phríomhfheidhm, faoi fheidhm lárnach nó faoi bhunfheidhm de chuid na Roinne tá sé tábhachtach arís a thabhairt chun cuimhne gurb iad na taifid a bhfuil rochtain orthu á lorg agaibh na taifid sin a chruthaigh an Garda Síochána le linn a mheasúnacht theicniúil a dhéanamh. Toisc gurbh í an Roinn an t-údarás conarthach, glacaim leis go bhfuil na taifid a bhaineann le ról na Roinne sa phróiseas go soiléir faoi rialú na Roinne agus go bhfuil siad i seilbh fhisiciúil na Roinne. Mar fhreagra ar fhiosruithe ó m'Oifig chuir an Roinn in iúl go n-áirítear orthu sin taifid a bhaineann le gníomhaíochtaí an choiste stiúrtha a cuireadh ar bun chun comhairle a thabhairt don Aire maidir leis an gcur chuige trí chéile a bheadh le glacadh maidir leis an trealamh a fháil, le cumarsáidí leis an Roinn Airgeadais i dtaca le ceaduithe, etc, le haghaidh tionscadal teicneolaíochta faisnéise agus teileachumarsáide, agus le comhfhreagras idir an CCR agus an Roinn. Creidim áfach, gur féidir an próiseas a roinnt i bhfeidhmeanna éagsúla ar leithligh. Measaim gur feidhm ar leithligh díobh sin an mheasúnacht theicniúil. Chuir an Garda Síochána an fheidhm sin i gcrích agus ní fhéadfaí í a chur i gcrích ach amháin ag an nGarda Síochána mar is aige sin a bhí an saineolas teicniúil sa réimse. Ar an gcuma chéanna, sa bhreithiúnas ón Ard-Chúirt i gcás an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Choimisinéara Faisnéise, cinneadh go raibh feidhm mhaoirsiúcháin ag an Roinn ar Bhoird Fiontar Contae agus nach raibh aon ról díreach aici le linn iarratais aonair ar dheontais a mheasúnú. Sa chás sin, ní raibh aon rialú ag an Roinn ar an bpróiseas measúnachta. Dá bhrí sin, ní mheasaim gur féidir a áiteamh gur cruthaíodh na taifid a bhaineann leis an measúnacht theicniúil ar na tairiscintí faoi phríomhfheidhm, faoi fheidhm lárnach ná faoi bhunfheidhm de chuid na Roinne.
An Roinn do bheartú na taifid a úsáid nó brath orthu
Mar a luadh roimhe seo, éilíonn an Roinn nach bhfuil gá aici leis na taifid a chruthaigh an Garda Síochána ón Roinn chun a ról mar údarás conarthach a chur i gcrích. Áitíonn sí go soláthraíonn an TMT ón nGarda Síochána go leor faisnéise chun go nglacfaidh nó go ndiúltóidh sí leis an moladh. Rinne mise iniúchadh ar an TMT a bhfuil 12 leathanach inti. Tugtar achoimre inti ar an bpróiseas tairisceana, ar an modh chun na tairiscintí a mheasúnú, ar na costais, ar chúlra na soláthraithe agus ar na torthaí a bronnadh ar gach tairgeoir. Tar éis breithniú a dhéanamh go cúramach ar an ní, glacaim le háiteamh na Roinne nach gá di rochtain ar na taifid lena mbaineann. Ina theannta sin, de réir na fianaise atá os mo chomhair amach, dealraíonn sé nár bhraith an Roinn iarbhír ar thaifid an Gharda Síochána maidir leis an measúnacht theicniúil.
Íocaíocht i leith Taifid a Chruthú
Is léir dom gurb é an Garda Síochána a d'íocfadh aon chostais a thabhófaí le linn na taifid atá i gceist a chruthú.
Conclúid
Ag féachaint don anailís a rinne mé mar a tuairiscíodh, agus don bhreithiúnas ón Ard-Chúirt i gcás an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Choimisinéara Faisnéise, 2004 Uimh. 56 MCA, 25 Eanáir 2006, cinnim nach bhfuil na taifid atá á lorg agaibhse, arb iad na taifid iad a chruthaigh comhaltaí den Gharda Síochána maidir lena measúnacht theicniúil ar na tairiscintí, i seilbh ná faoi rialú na Roinne. Cé go bhfuil dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi alt 40 d'Acht an Gharda Síochána na taifid a sholáthar don Ard-Rúnaí, má iarrann tArd-Rúnaí amhlaidh, ní chreidim gurb ionann "rochtain" agus "rialú". Is deimhin liom go bhfuil brí níos leithne ag rialú ná mar atá ag rochtain. Cuir i gcás, tá foráil sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise go bhfuil ceart rochtana ag daoine den phobal ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí. Ní féidir a áiteamh áfach go bhfuil taifid comhlachtaí poiblí faoi rialú an phobail. Anuas air sin, mar a luaigh mé cheana, i gcás Readymix Concrete v an tAire Pinsean [1968] 1 All E.R. 433 ag 440, míníodh "control", i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta, mar a leanas:
"Control includes the power of deciding the thing to be done, the way in which it is done, the means to be employed in doing it, the time when, and the place where it shall be done. All these aspects of control must be considered in deciding whether the right exists in a sufficient degree to make one party the master and the other his servant",
agus dúirt an Breitheamh Blayney in Ó Coindealbhain (Cigire Cánach) v Mooney [1990] 1 I.R.422, an méid seo a leanas:
"While the Minister clearly lays down in the contract what is to be done, he does not direct how it is to be done...".
Sa chás seo feictear domsa gurb é an ról a bhí ag an Roinn caiteachas a chumhdach agus a chinntiú gur cuireadh an tairiscint i gcrích ag féachaint do na nósanna imeachta cuí maidir le fáil. Ní raibh rialú feidhmiúil ag an Roinn ar an gcaoi a rinne an Garda Síochána measúnacht ar na tairiscintí. Níor dheachtaigh an Roinn don Gharda Síochána conas ba chóir an mheasúnacht ar na tairiscintí a dhéanamh. Ina theannta sin, ní raibh sé ar a deis ag an Roinn a dheachtú conas a dhéanfaí na taifid a chruthaigh an Garda Síochána a stóráil nó a scriosadh, ná breitheanna eile maidir le bainistiú taifead a dheachtú. Dá dtiocfadh na taifid chun bheith i seilbh na Roinne, ansin bheadh na taifid go soiléir ina seilbh aici agus bheidís faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Dúirt an Roinn, áfach, nár tháinig na taifid chun bheith ina seilbh agus nár iarr an tArd-Rúnaí rochtain orthu. Glacaim lena cuid fianaise sa mhéid sin. Mar achoimre, mar sin, cinnim nach bhfuil aon cheart rochtana ann ar na taifid toisc nach bhfuil na taifid i seilbh ná faoi rialú na Roinne.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá breith tugtha agam seasamh le breith na Roinne diúltú géilleadh do bhur n-iarraidh.
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile ar a bhfearann breith ón gCoimisinéir Faisnéise tar éis athbhreithnithe, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí a éiríonn as an mbreith. Ní mór achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise