- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 050129 - An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Iarraidh ó thuismitheoir rochtain a fháil ar thaifid ospidéil a pháiste - arbh fhearr nó nárbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an pháiste trí na taifid a scaoileadh - alt 28(6)
Case Summary
Fíricí
Lorg an t-iarrthóir rochtain ar thaifid a bhaineann lena mhac a bheith curtha isteach san ospidéal de bharr frithghníomh ailléirgeach. Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gcoinne taifid ospidéil an pháiste a scaoileadh chuig an iarrthóir, go príomha ar bhonn ordú sábháilteachta a líomhnaítear a géilleadh i gcoinne an iarrthóra. Tugadh deis, le linn athbhreithniú an Choimisinéara, don mháthair, comhchaomhnóir an pháiste, aighneachtaí a dhéanamh faoi alt 34(6) agus (8) den Acht um SF ach níor thapaigh sí an deis.
An Bhreith
Chuaigh an Coimisinéir de réir bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí sa chás McK v The Information Commissioner . Chinn an Chúirt Uachtarach, ina breithiúnas, i ndáiríre, go mbíonn tuismitheoir i dteideal toimhde infhrisnéise gurbh fhearr a dhéanfaí leas an pháiste trí rochtain a thabhairt ar fhaisnéis mhíochaine a pháiste nó a páiste.
Thug an Coimisinéir faoi deara, sa chás seo, go raibh caomhnóireacht agus cearta caomhnóireachta agus oibleagáidí ar an iarrthóir agus ar mháthair an pháiste araon maidir leis an bpáiste. D'fhéach an Coimisinéir chomh maith d'fhianaise a chuireann in iúl gur géilleadh don ordú sábháilteachta líomhanta chun cosaint a thabhairt do mháthair an pháiste agus ní don pháiste. Chinn an Coimisinéir, maidir leis na himthosca, nár chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dóthain fianaise i láthair chun dul i gcoinne na toimhde gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an pháiste dá scaoilfí taifid ospidéil an pháiste chuig an iarrthóir.
D'fhéach an Coimisinéir chomh maith do thorthaí na Cúirte Uachtaraí in McK v The Information Commissioner go raibh dearcadh an mhionúir lena mbaineann, a bhí ag teacht in aois, an-iomchuí. Thug an Coimisinéir faoi deara sa chás seo, áfach, nach raibh na 10 mbliana caite ag an bpáiste fós. Níor bhreithnigh sí, dá bhrí sin, go raibh sé cuí a dhearcadh a lorg maidir lenar chóir nó nár chóir a thaifid ospidéil a scaoileadh chuig an iarrthóir.
Neamhnigh an Coimisinéir breith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus thug sí breith nua géilleadh don iarraidh ar rochtain a thabhairt ar thaifid ospidéil an pháiste.
Date of Decision: 10.07.2006
Our Reference: 050129
10.07.2006
An tUasal X
A X Uas., a chara
Tagraím don athbhreithniú ar bhreith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Limistéar an Mheán-Iarthair diúltú do d'iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 (An tAcht um SF) maidir le rochtain a thabhairt ar thaifid a bhaineann le cur san ospidéal do mhic, Mac Uasal X. Cuireadh an t-athbhreithniú seo ar fionraí, mar atá a fhios agat, ar feitheamh bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí ar chás McK v. The Information Commissioner. Tá tús curtha arís leis an athbhreithniú ar bhreith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa chás seo de bharr go bhfuil a breithiúnas tugtha anois ag an gCúirt Uachtarach.
Background
Cúlra
D'fhéach mé, le linn m'athbhreithniú, do d'iarratas ar athbhreithniú agus do na haighneachtaí a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Rinne mé scrúdú chomh maith ar na taifid i gceist.
Tugaim faoi deara gur cuireadh Bean Uasal Y, máthair agus comhchaomhnóir Mhac Uasal X ar an eolas chomh maith faoin athbhreithniú agus gur tugadh deis di aighneachtaí a dhéanamh faoi alt 34(6) agus (8) den Acht um SF. Ní bhfuarthas aon aighneacht fhoirmiúil uaithi go dáta. Leanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, áfach, de bheith ag cur i gcoinne taifid Mhac Uasal X a scaoileadh chugat.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Is iad na taifid atá i gceist ná taifid ospidéil Mhac Uasal X a bhaineann lena chur isteach in Ospidéal [...] i mí Lúnasa 2003 de bharr frithghníomh ailléirgeach. Dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do d'iarraidh ar rochtain a thabhairt ar na taifid faoi alt 28 den Acht um SF. Baineann m'athbhreithniú sa chás seo leis an gceist an raibh nó nach raibh údar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an mbreith a thug sí, agus leis an gceist sin amháin.
Findings
Torthaí
Forálann alt 28(1), faoi réir ag forálacha eile an ailt sin, go ndiúltófar rochtain a thabhairt ar thaifead más rud é go nochtfar faisnéis phearsanta. Luaitear in alt 28(6) den Acht um SF, áfach, d'ainneoin fho-alt (1), go bhféadfaidh an tAire Airgeadais a fhoráil le rialachán maidir le géilleadh do rochtain más rud é "gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an duine aonair lena mbaineann agus gur tuismitheoir nó caomhnóir an duine aonair an t-iarrthóir lena mbaineann". Déantar foráil i Rialacháin an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 (Alt 28(6)), 1999 (IR Uimh. 47 de 1999) do rochtain ar fhaisnéis phearsanta a thabhairt do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí i ndáil le mionúir in imthosca áirithe. Forálann na Rialacháin go bhféadfar géilleadh d'iarraidh ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta faoi mhionúr más rud é gur tuismitheoir nó caomhnóir an mhionúir an t-iarrthóir agus más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an mhionúir dá scaoilfí na taifid chuig an tuismitheoir/chuig an gcaomhnóir.
Chinn an Chúirt Uachtarach sa bhreithiúnas a thug sí le gairid i gcás McK v. The Information Commissioner go bhfuil tuismitheoir i dteideal toimhde infhrisnéise gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an pháiste trí rochtain a thabhairt ar fhaisnéis mhíochaine a pháiste nó a páiste. D'fhéach an Chúirt Uachtarach don Bhunreacht, agus í ag tabhairt a breithiúnais, agus bhreathnaigh sí go bhfuil an "relationship between parent and child has special status in Ireland". Thug an Chúirt faoi deara go raibh cearta ag an gclann mar aonad ach go raibh cearta ag gach ball den aonad sin chomh maith. Luaigh an Chúirt:
"A parent's rights and duties include the care of a child who is ill. As a consequence a parent is entitled to information about the medical care a child is receiving so that he or she may make appropriate decisions for the child, as his or her guardian. The presumption is that a parent is entitled to access such information. That position is not absolute. The circumstances may be such that the presumption may be rebutted. But the primary position is that the presumption exists."
Lean an Chúirt lena míniú: "The presumption is that the release of such medical information would best serve the interests of the minor. However, evidence may be produced that it would not serve her interests, and, in considering the circumstances, her welfare is paramount."
Dá bhrí sin, tá tuismitheoir i dteideal rochtain a bheith aige/aici ar fhaisnéis mhíochaine a pháiste nó a páiste bunaithe ar an toimhde gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an pháiste dá dtabharfaí rochtain den sórt sin. D'fhéadfaí teacht thart ar an toimhde, áfach, dá gcuirfí faisnéis dhóthanach i láthair a léireodh nárbh fhearr a dhéanfaí leas an pháiste dá scaoilfí faisnéis mhíochaine dá leithéid. Bíonn leas an pháiste os cionn gach ní agus breithniú á dhéanamh maidir lenar cuireadh nó nár cuireadh fianaise dhóthanach i láthair chun teacht thart ar an toimhde.
Is í an tuiscint atá agamsa go bhfuil caomhnóireacht agus cearta caomhnóireachta agus oibleagáidí maidir le Mac Uasal X ortsa freisin, chomh maith is atá ar a mháthair. Tuigim go gcónaíonn Mac Uasal X lena mháthair agus go bhfuil cearta rochtana áirithe agat i ndáil leis. D'ainneoin bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí, tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag leanúint de bheith ag cur i gcoinne taifid Mhac Uasal X a scaoileadh chugat, go príomha ar bhonn ordú sábháilteachta a géilleadh i do choinne, dar léi, ar feadh tréimhse cúig bliana ón 3 Márta 2003. I gcomhrá teileafóin a bhí aici le duine de m'fhoireann, áfach, thug Bean Uasal Y le fios gur géilleadh don ordú sábháilteachta chun cosaint a thabhairt dise agus ní dá páistí. Luaigh Bean Uasal Y chomh maith gur aontaigh sí go mbeadh comhchaomhnóireacht na bpáistí eadraibh. Cinnim maidir leis na himthosca nach bhfuil fianaise curtha i láthair ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheadh dóthanach chun dul i gcoinne na toimhde gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas Mhac Uasal X dá scaoilfí a thaifid ospidéil chugat. Dá réir sin, ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí sa chás McK v Information Commissioner, conclúidím nár mhór géilleadh do d'iarraidh ar rochtain sa chás seo.
Thagair an Chúirt Uachtarach, sa bhreithiúnas a thug sí i McK v. The Information Commissioner, d'ábharthacht dhearcadh an mhionúir lenar bhain an cás sin agus luaigh sí go raibh dearcadh an mhionúir an-iomchuí mar gheall ar a haois (17 bliain d'aois ag an am). Ní bhreithním, sa chás seo agus ós rud é go mbeidh do mhac 10 mbliana d'aois go gairid, go bhfuil sé cuí a dhearcadh a lorg maidir lenar chóir nó nár chóir taifid an ospidéil a scaoileadh chugat.
Decision
An Bhreith
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um SF arna leasú, neamhnaím leis seo breith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tugaim breith nua ag géilleadh do d'iarraidh ar rochtain a thabhairt ar thaifid ospidéil do mhic.
Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise