- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 050166 - An tUasal Éamonn Murphy agus IDA
(Ní miste leis an iarrthóir má fhoilsítear a ainm agus a shonraí pearsanta eile, ach gur glanadh mionsonra amháin ar fhaitíos go n-aithneofaí, dá bharr, páirtí eile a bhí sa scéal.)
Iarraidh ar cheart rochtana ar thaifid – más chun leasa an phobail é saoradh a dhéanamh ar thaifid a nochtann seasaimh idirbheartaíochta a glacadh – alt 21(2) – más feidhm d’eisceacht ar riail na pribhléide gairmiúla dlíthiúla – alt 22(1)(a) – más ionann agus díspeagadh cúirte taifid ábhartha a shaoradh – alt 22(1)(b) – más féidir a bheith ag súil leis, le réasún, go ndéanfadh ceart rochtana dochar nó díobháil do chothroime imeachtaí coiriúla i gcúirt nó imeachtaí sibhialta i gcúirt nó i mbinse eile – alt 23(1)(a)(iv) – más chun leasa an phobail é taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta faoin tríú páirtí a shaoradh – alt 28(5)(a)
Case Summary
Achoimre
D’fhéach an t-iarrthóir go saorfaí gach taifead, ó 1 Iúil 2003 go dtí 14 Eanáir 2005, dár bhain le malartú talún a bhíothas a bheartú, agus le teach nua a thógáil dá thuistí (nach maireann) mar aon le fiosrú dár tagraíodh i litir a fuair sé ón IDA in 2002. Dhiúltaigh an tIDA cead a thabhairt féachaint ar fhormhór mór na dtaifead atá i gceist.
Baineann an cás seo le roinnt gnéithe tábhachtacha dá mbaineann leis an díolúine ar dhíspeagadh cúirte [alt 22(1)(b)] ach nár phléigh an Coimisineir Faisnéise leo go dtí seo. Chinn sí nach dtugann páirtí dlíthíochta, nó nach dtugtar don pháirtí dlíthíochta sin, gealltanas intuigthe tráth a ndéanann Cúirt Ordú ar Fhollasú. Ach ó tharla nár tháinig a leithéid i gceist sa chás seo, dúirt an Coimisinéir nach ndéanfadh sí aon chinneadh maidir leis an gceist is leithne ná sin .i. cé acu an dtugtar nó nach dtugtar a leithéid de ghealltanas nuair a dhéantar liosta de na taifid sin atá le saoradh a sheirbheáil, nó nuair a thugtar, go deimhin, na taifid úd ar aird de bhun ordú ar fhollasú.
Shoiléirigh an Coimisinéir chomh maith gurb é an páirtí dá dtugtar na cáipéisí sin de bhun ordú ar fhollasú (nó liosta cáipéisí, seans), agus an páirtí sin amháin, seachas an páirtí a dhéanann an follasú, a thugann an gealltanas intuigthe úd. Ach is iad na cáipéisí a fhaightear de bhun ordú ar fhollasú, agus na cáipéisí sin amháin, a chuimsítear faoin ngealltanas a thugtar, agus ní féidir, dá bhrí sin, iad a shaoradh chuig iarrthóir ar bith faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Dá réir sin, is féidir cáipéisí eile atá i seilbh an chomhlachta ar aon nós, agus arb ionann iad agus na cáipéisí sin a fuarthas de bhun ordú ar fhollasú, is féidir iad a shaoradh chuig iarrthóir ar bith faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (faoi réir, dar ndóigh, ag aon díolúine eile lena bhfuil feidhm). Thar aon ní eile, is féidir cáipéisí a nocht comhlacht poiblí do pháirtí eile na dlíthíochta a shaoradh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó tharla nach mbeadh aon ghealltanas tugtha ag an gcomhlacht sin maidir lena chuid cáipéisí féin, agus nach féidir, dá bhrí sin, díspeagadh cúirte a lua leis.
Maidir le cé acu an dtagann nó nach dtagann eisceacht ar riail na pribhléide gairmiúla dlíthiúla i gceist (PGD) i dtaca le taifid ar leith, chinn an Coimisinéir nárbh ann do na himthosca sin ba ghá chun go bhféadfaí an eisceacht ar riail na pribhléide gairmiúla dlíthiúla a aistarraingt i gcás na dtaifead atá i gceist, agus dhiúltaigh sí d’éileamh an iarrthóra nach ndlitear díolúine na pribhléide gairmiúla dlíthiúla do na taifid a bhí i gceist.
Maidir le taifid a nochtfadh seasaimh idirbheartaíochta, chinn an Coimisinéir nár chun leasa an phobail é na taifid a shaoradh ó tharla nach aighneas seanbhunaithe é aighneas an iarrthóra leis an IDA agus gur móide, i ndeireadh na dála, gur le dlí nó lena thuilleadh idirbheartaíochta a chuirfí críoch leis an aighneas. Chinn sí freisin gan an tuairisc a scríobhadh ar fhiosrú de chuid an IDA – nuair a rinne an t-iarrthóir gearán faoi oifigeach de chuid an IDA – a shaoradh, mar nár leor a raibh d’fhorais ann go gcinnfeadh sí gur fearr a dhéanfaí leas an phobail na taifid a nochtadh seachas ceart chun príobháideachta an té a ndearnadh an gearán faoi a chaomhnú.
Maidir le taifid a choimeád an tIDA siar de bhun alt 23(1)(a)(iv), chinn an Coimisinéir nár tugadh léiriú sách mór ar an díobháil a tharlódh de thoradh nochtadh na faisnéise ábharthaí chun go gcaomhnófaí an díolúine seo.
Date of Decision: 03.07.2006
Our Reference: 050166
03.07.2006
An tUasal Éamonn Murphy
A dhuine uasail
Tagraím don iarratas a rinne tú go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an Industrial Development Agency (IDA) i dtaca le d’iarratas um Shaoráil Faisnéise dar dháta 14 Eanáir 2005. Tá an t-athbhreithniú sin ar chinneadh an IDA críochnaithe anois agam. Is faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 a rinneadh an t-athbhreithniú sin, agus dá réir sin, is le hAcht na bliana 1997 (arna leasú) a bhaineann gach tagairt dá bhfuil sa litir seo d’ailt ar leith den Acht um Shaoráil Faisnéise mura dtugtar a mhalairt le fios.
Background
Cúlra
San iarratas ar Shaoráil Faisnéise a rinne tú ar an IDA, d’iarr tú go saorfaí gach taifead dár bhain leis an tréimhse 1 Iúil 2003 go dtí 14 Eanáir 2005, i dtaca leis an malartú talún a beartaíodh, leis an teach nua a bhí le tógáil do do thuismitheoirí (nach maireann), agus leis an bhfiosrú a bhíothas a bheartú agus ar tagraíodh dó i litir a fuair tú ó oifigeach de chuid an IDA i mí na Nollag 2002. Eisíodh cinneadh an IDA, an 23 Feabhra 2005, ina raibh sceideal a liostaigh na 491 taifead ábhartha a aimsíodh (ar a n-áirítear uimhir 232 agus 232A), agus nár géilleadh do shaoradh a mbunáite ar bhonn díolúintí éagsúla a éilíodh.
Tar éis sin, an 8 Márta 2005, rinne tusa iarratas ar an IDA go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach. Rinne an tIDA cinneadh maidir leis an achomharc sin, an 31 Márta 2005; bhí de thoradh air sin gur saoradh chugat cuid de thaifead uimhir 402. Ina theannta sin, aimsíodh roinnt taifid bhreise a bhain le hábhar agus tugadh duit, dá réir sin, sceideal nua cothrom le dáta ar a raibh 500 de thaifid, arna n-uimhriú ó 1 go dtí 499 (ar a áiríodh uimhreacha 232 agus 232A).
An 24 Bealtaine 2005, rinne tú achomharc chuig m’Oifigse i dtaobh chinneadh an IDA, agus glacadh leis an iarratas achomhairc sin, an 21 Meitheamh 2005, ach a bhfuarthas an táille chuí, €150.
Fuarthas aighneacht ina dhiaidh sin ón IDA, an 12 Iúil 2005, inar tugadh le fios gurbh ann do thaifead breise, uimhir 500, ar cóip é de thaifead uimhir 489 ach go bhfuil roinnt eolais bhreise, breactha de láimh, ann. Ina theannta sin, d’aimsigh an tIDA trí leathanach bhreise ar cuid iad de thaifead uimhir 488, taifead ar ceithre leathanach ar fad atá anois ann. Ní miste a lua go bhfuarthas amach gur ceithre leathanach atá i dtaifead uimhir 490 seachas aon leathanach amháin faoi mar a tugadh le fios i sceideal na dtaifead a cuireadh ar fáil duit. Fuarthas amach freisin gur sé leathanach atá i dtaifead uimhir 104 seachas aon leathanach amháin faoi mar a tugadh le fios i sceideal an IDA. Is éard atá sna cúig leathanach bhreise sin ceangaltáin a cuireadh le leathanach tosaigh na litreach.
Ceapadh Imscrúdaitheoir de chuid na hOifige seo, an tUasal Cathal Duffy, leis an athbhreithniú seo a dhéanamh; tá sé i dteagmháil rialta leat féin agus leis an IDA ó shin.
Scope of Review
Scóip an Athbhreithnithe
Nuair a thosaigh an tUasal Duffy ag obair ar an athbhreithniú seo, is é 494 líon na dtaifead ar fad a bhíothas tar éis a choimeád siar, go hiomlán nó go páirteach, de bhun cheann amháin nó níos mó de na díolúintí seo a leanas: alt 20(1) [an próiseas pléite], alt 21(1)(c) [seasaimh idirbheartaíochta a glacadh], alt 22(1)(a) [pribhléid ghairmiúil dhlíthúil], alt 22(1)(b) [díspeagadh cúirte], alt 23(1)(a)(iv) [cothroime imeachtaí coiriúla i gcúirt nó i mbinse] agus alt 28(1) [faisnéis phearsanta].
Ar scrúdú gach taifid go cúramach dó, tháinig an tUasal Duffy ar uiríoll maidir leis na díolúintí a d’éiligh an tIDA i dtaca le gach aon cheann de na 494 taifead. Dá éis sin, scríobh an tUasal Duffy litir uiríll chugat féin agus chuig an IDA. Scríobh sé chugat, an 14 Nollaig 2005, an 9 Eanáir 2006 agus an 11 Eanáir 2006, gur thug cuireadh duit freagra a chur ar ais chuige i dtaca le haon ghné lenar easaontaigh tú. An 23 Eanáir 2006, thug tú freagra fíor-mhionchruinn air, freagra inar pléadh leis na trí dhíolúine ar chreid an tUasal Duffy feidhm a bheith leo i dtaca le taifid áirithe a choimeád an tIDA siar .i. díolúine de bhun ailt 21(1)(c), 22(1)(b) agus 28(1).
I dtaca leis na taifid sin (nó le cuid de na taifid sin) ar chinn an tUasal Duffy gur coimeádadh siar go cuí iad de bhun dhíolúine alt 22(1)(a), dúirt tusa cé gur ghlac tú leis an mbonn a bhí leis an díolúine a chuir an tUasal Duffy síos nár shíl tú gur chóir feidhm a bheith leis an díolúine sin i gcás taifid áirithe ar thagair tú go sonrach dóibh. Is léir ó d’aighneacht nach ndiúltaíonn tú d’uiríoll an Uasail Duffy a deir go bhfuil feidhm le díolúine de bhun alt 22(1)(a) maidir leis an gcuid eile de na taifid, nó le cuid de na taifid sin, a choimeád an tIDA siar faoi alt 22(1)(a) agus a liostaíodh sa litir uiríll a scríobh an tUasal Duffy.
Sa litir uiríll a scríobh sé, nocht an tUasal Duffy a thuairim gur go cuí a coimeádadh siar taifid éagsúla, nó cuid de na taifid sin, faoin díolúine a éilíodh de bhun alt 21(1)(c). Mhínigh an tUasal Duffy ansin an fáth, dar leisean, nach é leas an phobail a dhéanfaí dá saorfaí taifid den chineál sin. Sa fhreagra a thug tusa maidir leis an ngné seo d’uiríoll an Uasail Duffy, thug tú le fios gurb é leas an phobail é go saorfaí taifid áirithe ar thagair tú go sonrach dóibh, i ngeall ar imthosca áirithe a ndearna tú m’aird a dhíriú orthu. I dtaca le ceithre cinn de na taifid ar thagair tú go sonrach dóibh, uimhreacha 353, 367, 377 agus 445, feicim nár coimeádadh siar na taifid seo faoi dhíolúine de chuid alt 21(1)(c).
Is léir ó d’aighneacht nach ndiúltaíonn tú do thuairim an Uasail Duffy go bhfuil feidhm leis an díolúine de bhun alt 21(1)(c) i dtaca leis an gcuid eile de na taifid, nó le cuid de na taifid sin .i. na taifid sin nár luadh san fhreagra a sheol tú ach a liostaíodh sa litir uiríll a scríobh seisean, ar an mbonn gur dóigh leis gur go cuí a choimeád an tIDA siar iad faoi réir na díolúine seo.
Maidir le taifead uimhir 490, feicim gur dhiúltaigh tú d’uiríoll an Uasail Duffy go raibh díolúine dlite de bhun alt 28(1) i dtaca leis an dara, tríú agus ceathrú leathanach den taifead seo .i. an ceangaltán trí leathanach a cuireadh leis an taifead seo.
I ngeall ar na himthosca seo, níl de raon ag an athbhreithniú seo anois ach a dhéanamh amach cén ceart a bhaineann le díolúine ar bith atá fós á héileamh i dtaca le taifid éagsúla, nó le cuid de na taifid sin, a choimeád an tIDA siar, agus nach cuí sin, dar leis an Uasal Duffy, mar aon leis na taifid sin dár thagair tú san aighneacht agat arb é do thuairim gur cóir a saoradh d’ainneoin gurb é a mhalairt a deir uiríoll an Uasail Duffy. Pléifear thíos gach aon cheann de na taifid seo i dtaca leis na díolúintí éagsúla a éilíodh.
Findings
Torthaí
Alt 22(1)(b)
Éilítear an díolúine seo i dtaca le gach taifead dá bhfuil fós á choimeád siar ag an IDA, faoi mar a liostaíodh iad i sceideal na dtaifead a cuireadh leis an gcinneadh dar dháta 31 Márta 2005 a lean an t-athbhreithniú inmheánach. Táthar á héileamh freisin i dtaca leis an taifead breise, uimhir 500, a dtángthas air tar éis don IDA tús a chur leis an athbhreithniú seo.
Foráiltear faoi Alt 22(1)(b) d’Acht na bliana 1997 (arna leasú) go ndiúltóidh ceann (comhlachta phoiblí) géilleadh d’iarraidh más rud é:
"gur taifead é de chineál ar eol don cheann nó ar cóir gurb eol dó gur dhíspeagadh cúirte é a nochtadh ..."
Dúirt an tIDA, mar chuid den chinneadh ar an athbhreithniú inmheánach:
"De réir chinneadh de chuid na hArd-Chúirte, in Aibreán 2001, ní mór cáipéisí a bhí ina sheilbh ag comhlacht poiblí agus a iarradh de bhun Ordú ar Fhollasú, ní mór iad a choimeád siar faoi Alt 22(1)(b) más le hiarraidh faoin Acht atá an ceart rochtana á éileamh. Mar is eol duit, tá caingean dlí ar bun againn i láthair na huaire i dtaobh an áitribh is ábhar don iarraidh atá déanta agat ..."
Ba é Máistir na hArd-Chúirte a rinne, an 18 Bealtaine 2004, an tOrdú ar Fhollasú ar thagair an tIDA dó, i dtaca le himeachtaí a thionscain an tIDA i leith an tríú páirtí. Cé gur iarr an tOrdú go ndéanfaí follasú taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis an dáta úd, fuarthas amach agus gan an t-athbhreithniú seo ach ina thús nach ndearna ceachtar de na páirtithe Mionnscríbhinn ar Fhollasú a mhionnú de bhun an Ordaithe sin. Dá ainneoin sin, is é tuairim an IDA nach mór ceart rochtana ar thaifid a chuimsítear faoi raon an Ordaithe a dhiúltú de bhun alt 22(1)(b). Is bunaithe ar an gciall a bhain siad féin as cuid dá raibh le rá ag an mBreitheamh O’Neill san Ard-Chúirt sa bhreithiúnas a tugadh sa chás EH and EPH v. the Information Commissioner (96 MCA/1999 & 107 MCA/1999) atá seasamh an IDA i dtaca leis an bpointe seo. Is é seasamh an IDA, arna bhunú ar an mbreithiúnas réamhráite sin, nach mór iarraidh, a rinneadh de bhun Ordú ar Fhollasú, ar thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí, a dhiúltú de bhun na díolúine seo más amhlaidh go n-iarrtar ceart rochtana trí iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ar an ábhar gurbh ionann saoradh toiliúil na dtaifead sin agus díspeagadh cúirte.
An 11 Deireadh Fómhair 2005, d’eisigh an tUasal Duffy litir uiríll chuig an IDA i dtaca le díolúine alt 22(1)(b) amháin. Sa litir sin, d’áitigh an tUasal Duffy nach raibh feidhm leis an díolúine, ar roinnt cúiseanna, agus d’iarr freagra ar an IDA. Sa litir sin, shuaithnigh an tUasal Duffy nár follasaíodh aon taifead, ná aon liosta taifead, agus dá bharr sin, nár tugadh aon ghealltanas, agus fiú dá dtuigtí gur tugadh gealltanas, nach bhféadfadh aon díspeagadh cúirte a bheith i gceist ar aon nós más amhlaidh nár thug tusa, an tríú páirtí, aon ghealltanas dá leithéid.
Dúirt an tUasal Duffy nach é an páirtí a dhéanann an follasú ach an páirtí dá ndéantar an follasú a thugann gealltanas. Dá réir sin, níl aon ghealltanas tugtha ag an IDA don Chúirt ná d’aon pháirtí eile, agus tig leis an IDA na cáipéisí atá i gceist a shaoradh don domhan mór, más áil leis, gan aon díspeagadh cúirte a theacht i gceist. Ach leag an tUasal Duffy béim ar an méid seo a leanas .i. nach ionann an cás seo in aon chor agus cás a dtabharfaí taifid ar aird do chomhlacht poiblí ó dhlíthí de bhun ordú ar fhollasú. I gcás den chineál sin, ba ionann agus díspeagadh cúirte dá ndéanfadh comhlacht poiblí nochtadh ar na taifid sin, agus is amhlaidh a bhainfeadh díolúine leis na taifid de bhun alt 22(1)(b).
Thagair an tUasal Duffy freisin d’easpa praitinniúlachta maidir le tuiscint an IDA ar rialú na hArd-Chúirte i gcás bhreithiúnas an Bhreithimh O’Neill agus luaigh sé gurb é an cinneadh a rinne an Oifig sin agamsa, i gcás eile nach céanna agus an cás seo, nárbh ionann agus díspeagadh cúirte dá ndéanfadh duine nach mbaineann leis an bpáirtí dá ndearnadh follasú (ach go háirithe i gcás duine nach é dlíodóir an pháirtí sin é) follasú é féin. Is amhlaidh atá mar nach mbeadh aon ghealltanas tugtha ag a leithéid de dhuine agus, dá réir sin, nach féidir sárú ar aon ghealltanas lena bhféadfaí díspeagadh cúirte a lua leis a chur i leith an duine sin. Ar an ábhar nach raibh aon ghealltanas tugtha agat agus nach féidir, dá bhrí sin, díspeagadh cúirte a lua i do leith, ba é uiríoll an Uasail Duffy nach raibh feidhm leis an díolúine a deonaíodh de bhun alt 22(1)(b) i gcás na dtaifead a choimeád an tIDA siar.
Sa fhreagra a thug an tIDA ar litir an Uasail Duffy, chloígh an tIDA lena thuairim go raibh feidhm le halt 22(1)(b). Dúradh:
"nuair atá follasú á lorg ag duine ón gCúirt, tá sé de choinníoll sula nítear an tOrdú, go dtugann an té dá bhfollasaítear na cáipéisí gealltanas gan aon úsáid a bhaint as na cáipéisí sin ach chun críocha dlí. Dá bhrí sin, bíonn feidhm ag an ngealltanas chomh luath is a ordaítear go ndéanfaí an follasú. Sa chás seo, táthar tar éis ordú ar fhollasú a dhéanamh, agus dá réir sin, tá sochar an ghealltanais a thug an cosantóir – agus follasú á lorg aige ón IDA – le fáil ag na cáipéisí a fholaítear san ordú, in ainneoin nár sainíodh na cáipéisí sin go fóill. Ina theannta sin, luaigh tú gurb é an tUasal Murphy an tríú páirtí, murab ionann agus an té a thug an gealltanas seo. Bíodh sin mar atá, is don Chúirt a thugtar an gealltanas úd, in ainneoin gur don té a bhfuil an follasú á dhéanamh aige a bhíonn sochar an ghealltanais."
In aighneacht eile dá chuid, chuir an tIDA a thuilleadh lena raibh le rá aige maidir leis an bpointe deiridh seo nuair a dúirt sé go ndlitear díspeagadh cúirte ar dhuine ar bith ar tugadh fógra dó maidir leis an Ordú ar Fhollasú má nochtann sé taifid dá dtagraíonn an tOrdú réamhráite gan fear déanta an fhollasaithe a ghealltanas a tharscaoileadh. Sa chás seo, tá fógra maidir leis an Ordú ar Fhollasú faighte ag an IDA, agus áitíonn sé gur tugadh don Chúirt an gealltanas intuigthe is gnách. Ó tharla gan tarscaoileadh ar an ngealltanas sin déanta ag an gCúirt ná ag an IDA, creideann an tIDA gur dhíspeagadh cúirte na cáipéisí atá i gceist a shaoradh.
Anuas air sin, luaigh an tIDA gurb éard atá i gcuid de na cáipéisí atá ina sheilbh comhfhreagras a tharla idir é féin agus an cosantóir maidir leis an gcaingean dlí a thionscain an tIDA san Ard-Chúirt. Ó tharla gur dócha go mbeidh an comhfhreagras sin ina chuid den fhollasú a bheas le déanamh ag an gcosantóir leis an IDA, creideann an tIDA go dtabhaíonn na cáipéisí atá i gceist sochar an ghealltanais atá tugtha, dar leo féin, ag an IDA. Is é imní an IDA go bhféadfaí díspeagadh cúirte a chur ina leith mar gheall ar an bhfollasú dúbailte a tharlódh dá mbeadh sé le nochtadh a dhéanamh ar cháipéisí ar thug sé gealltanas ina leith nach n-úsáidfí chun críocha ar bith eile iad ach chun críocha na dlíthíochta atá ar bun faoi láthair.
Tá barainn curtha agam ar an gceist seo agus feicim nach de bhun an Ordaithe ar Fhollasú a rinne Máistir na hArd-Chúirte, ná de bhun aon ordaithe eile ar fhollasú, a fuarthas ón gcosantóir aon cheann de na cáipéisí a choimeád an tIDA siar. Dá réir sin, is go neamhspleách ar aon fhollasú, a fuarthas ón gcosantóir cáipéis ar bith a dhéanfadh an tIDA a shaoradh chugat, agus dá réir sin, tá na cáipéisí sin saor ó ghealltanas intuigthe ar bith a tugadh i dtaca lena bhfollasú. Thagair an Breitheamh Keane, in Greencore plc v Murphy [(1995) 3 IR 520, 528], don chúis atá leis an ngá atá ann go n-iarrfaí gealltanas intuigthe, nuair a dúirt sé:
"The order requiring the production of the documents is an invasion of the right of the person against whom the order is made to keep his documents to himself and it is for that reason that the court will ensure that documents are not used for any purposes other than the purpose of the particular legal proceedings in which they are produced by making the order for production subject to that implied undertaking."
Ar an gcuma chéanna, is é an leagan seo thíos a chuir Matthews & Malek [Discovery (London, 1992) ag alt 12.04] ar an gcuspóir atá le gealltanas intuigthe:
"Is é is cuspóir don ghealltanas cosaint a thabhairt, a mhéid is comhsheasmhach le stiúradh ceart na caingne, do rúndacht na gcáipéisí sin de chuid an pháirtí atá i gceist. I gcoitinne, níl sé ceart go mbeadh an baol ann don té arbh éigean dó, de réir dlí, cáipéisí a thabhairt ar láimh, go bhféadfadh páirtí eile na cáipéisí céanna sin a úsáid chun críocha éigin eile seachas críocha na n-imeachtaí dlí atá i gceist."
Is léir, mar sin, gurb é réasún praiticiúil atá leis an ngealltanas gurb é an quid pro quo a bhaineann le haon nochtadh a dhéanfaí ar cháipéisí rúnda agus ar an bhfaisnéis a chuimsítear iontu nach féidir leis an bpáirtí dá nochtar iad úsáid a bhaint astu ach ar bhealach fíorshrianta. Ach más amhlaidh gur bhabhtáil páirtí amháin cáipéisí, ar bhonn oscailte, leis an bpáirtí eile, gan ceangal de bharr ordú ar fhollasú ar an bpáirtí sin, ba chóir go dtabharfadh réasún an ghealltanais intuigthe le fios nach srian ar an úsáid a bhainfeadh an páirtí eile as na cáipéisí atá i dtéarmaí an ghealltanais.
Ar bhunú na bprionsabal seo seo dom, is mian liom aghaidh a thabhairt anois ar an gceist cé acu, go deimhin, ar thug nó nár thug ceachtar den dá pháirtí gealltanas intuigthe mar chuid de chás Ard-Chúirte an IDA. I dtaca leis seo, feicim go molann Mathews & Malek nach dtagann ann don ghealltanas intuigthe seo nó go ndéantar liosta cáipéisí a sheirbheáil ("a list of documents is served") nó, go ndéantar cáipéisí a thabhairt ar aird de bhun ordú ar fhollasú ("documents are produced on discovery") [Discovery (London, 1992) ag alt 12.01]. Anuas air sin, shílfeá óna ndeir Delany & McGrath [Civil Procedure in the Superior Courts (An dara heagrán, Dublin, 2005) ag alt10-65] nach dtagann ann don ghealltanas intuigthe nó go ndéantar na cáipéisí féin a nochtadh:
"Glactar leis go coitianta go mbíonn cáipéisí a shaortar de bhun ordú ar fhollasú faoi réir ag gealltanas intuigthe ..."
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil tacaíocht le fáil don mhéid atá maíte ansin thuas sa dicta de chuid an Bhreithimh Finlay, in Ambiorix Limited v Minister for the Environment (No. 1) [(1992) 1 IR 277, 286], nuair a dúirt sé:
"[a] party obtaining the production of documents by discovery in an action is prohibited by law from making any use of any description of such documents or the information contained in them otherwise than for the purpose of the action. To go outside that prohibition is to commit contempt of court."
Ó tharla gan aon tagairt in aighneacht an IDA i dtaca leis an ábhar seo d’údarás dlíthiúil ar bith a thacódh lena sheasamh, cinnim gurb amhlaidh nach dtugtar nó nach bhfaightear, d’ainneoin a n-áitíonn an tIDA, gealltanas intuigthe nuair a dhéanann an Chúirt Ordú ar Fhollasú. Ó tharla nach dtagann sé i gceist san athbhreithniú áirithe seo, ní dhéanfaidh mé aon chinneadh maidir leis an mórcheist atá ann cé acu an dtugtar nó nach dtugtar gealltanas den chineál atá i gceist nuair a dhéantar liosta cáipéisí ar mian a nochtadh a sheirbheáil nó, go deimhin, nuair a thugtar ar aird na cáipéisí féin de bhun ordú ar fhollasú.
Ina theannta sin, fiú dá nglacfainn leis go bhfuil gealltanas intuigthe tugtha féin, an tráth seo, níl aon amhras orm ach nach ionann in aon chor cáipéisí a bhí i seilbh an IDA agus nach bhfuarthas de bhun Ordú ar Fhollasú agus cáipéisí a tugadh ar aird dá éis sin de bhun a leithéid d’ordú. Ó tharla go bhfuil ciall leathan ag an bhfocal "cáipéis" i nDlí an Fhollasaithe, is soiléir agus suaithní dom nuair a leagtar oibleagáid ar dhuine, de bhun ordú ar fhollasú, cáipéisí a áirítear faoi rúibric ar leith a thabhairt ar aird, go n-áirítear ar na cáipéisí sin, ní hamháin an bhunchóip nó aon bhunchóip chóipeáilte ach cóip ar bith de na cáipéisí sin, d’ainneoin gurb ionann, go praiticiúil, iad go huile agus go hiomlán agus go gcuimsíonn siad an fhaisnéis cheannann chéanna. Is den tábhacht an t-idirdhealú teicniúil seo sa chás seo mar go léirítear tríd, ach breathnú ar an scéal ar shlí eile, gur cáipéisí difriúla gach cóip, gach bunchóip chóipeáilte agus gach buncháipéis. Dá réir sin, má tá cáipéisí áirithe i seilbh an IDA i láthair na huaire ar "cáipéisí" iad ar ordaíodh don chosantóir iad a thabhairt ar aird don IDA de bhun ordú ar fhollasú, is é fírinne an scéil nach ionann na cáipéisí nó na taifid seo agus na "cáipéisí" céanna sin a thabharfadh an cosantóir ar aird de bhun ordú ar fhollasú, in am agus i dtráth, don IDA, agus dá bhrí sin, nach bhfuil siad faoi réir an ghealltanais intuigthe. Maidir le gealltanas intuigthe ar bith dá dtabharfadh an tIDA, ní bhainfeadh a leithéid de ghealltanas ach leis an gcóip nó lena leathcheann de cháipéis a dhéanfadh an cosantóir a liostú agus a thabhairt ar aird de bhun ordú ar fhollasú, murab ionann agus an bhuncháipéis nó a leathcheann de cháipeis a bheadh i seilbh an IDA (nó go deimhin vice versa, de réir mar a d’fheilfeadh don chás). Dá réir sin, dá mba rud é go raibh gealltanas intuigthe tugtha ag an IDA agus gur tugadh cáipéisí ar aird dóibh ón gcosantóir de bhun ordú ar fhollasú, cé go mbeadh sé toirmiscthe ar an IDA na cáipéisí sin a shaoradh chugat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, bheadh sé de chead aige, mar sin féin, cáipéisí a bhí ina sheilbh go hiondúil agus cheana féin, agus arb í an fhaisnéis chéanna a bhí iontu, a shaoradh chugat.
I dtaca leis an méid seo, dhealródh sé go dtacaíonn an breithiúnas a thug Ard-Chúirt Shasana i gcás Dubai Bank Limited & Anor. v Galadari and Others [(1992) 1 WLR 106] leis an tátal atá déanta agam féin gur "cáipéisí" difriúla bunchóipeanna, bunchóipeanna cóipeáilte agus cóipeanna nach mór, go teicniúil, a nochtadh, glanscartha ar a chéile, de bhun ordú ar fhollasú. Sa chás áirithe sin, ordaíodh do na páirtithe an follasú a dhéanamh, roimh an 13 Bealtaine 1991, ar gach cáipéis dár bhain le gné ar bith den chás a bhí idir lámha agus a bhí le fáil sa Ríocht Aonataithe. Comhaontaíodh go ndéanfaí follasú roimh dháta ba faide anonn .i. 30 Samhain 1991, ar gach cáipéis dá raibh thar lear. Rinne na páirtithe liostaí de na cáipéisí sin a bhí sa Ríocht Aontaithe a bhabhtáil lena chéile, isteach nó amach leis an 13 Bealtaine 1991, ach amháin nár áirigh na cosantóirí, ar a liosta siúd, fótachóipeanna de na cáipéisí a bhí thar lear, agus a bhí, an 13 Bealtaine 1991, le fáil i ndlínse na Ríochta Aontaithe. D’iarr na gearánaithe, ar cur chuige eile a bhí acu seachas cur chuige na gcosantóirí agus iadsan ag réiteach a liosta féin, d’iarr siad go dtaispeánfaí dóibh fótachóipeanna na gcosantóirí ach dhiúltaigh na cosantóirí sin a dhéanamh ar an ábhar, inter alia, nár chuimsigh an t-ordú ar fhollasú fótachóipeanna. Ba é breithiúnas a rinne an Breitheamh Morritt, nuair a d’ordaigh sé go ndéanfaí follasú, láithreach, ar na fótachóipeanna ábhartha, gur gnách, ar bhonn prionsabail, go gcaithfí fótachóipeanna a fhollasú, ach go ndúirt sé freisin gur bheag ab fhiú, ar bhonn gnáthchleachtais, iad a fhollasú glanscartha ar a chéile.
Maidir leis na taifid sin atá fanta a bhféadfaí iad a fhollasú don chosantóir mar chomhall ar an ordú ar fhollasú .i. taifid atá i seilbh an IDA ach nach mbeadh cóip ná bunchóip díobh ag an gcosantóir, creidim gur féidir iad seo féin a shaoradh chuig an tríú páirtí, bíodh sin roimh nó tar éis a dtabhairt ar aird de bhun ordú ar fhollasú. Níorbh ionann saoradh na dtaifead sin agus sárú ar ghealltanas intuigthe ar bith dá dtabharfadh an tIDA don chosantóir nó don Chúirt, ná níorbh ionann sin agus sárú ar ghealltanas intuigthe ar bith dá dtabharfadh an cosantóir don IDA nó don Chúirt. Dá bhrí sin, níor shiocair dhíspeagtha a bheadh ann dá saorfaí na cáipéisí. Tá údarás an chinnidh seo le fáil sa bhreithiúnas a thug an Breitheamh O’Neill i gcás EH and EPH v. the Information Commissioner. De réir na bprionsabal a leagadh síos sa chás sin, ba dhíspeagadh cúirte é na cáipéisí a shaoradh chuig an gcosantóir, murab ionann agus iad a shaoradh chuig an tríú páirtí. Tá sin amhlaidh mar gurbh ionann saoradh na gcáipéisí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, (acht nach leagann srian ar bith ar an úsáid a bhainfí as na cáipéisí sin tar éis a saortha), agus sárú ar ghealltanas intuigthe an chosantóra don IDA agus don Chúirt gan na cáipéisí ná an fhaisnéis a chuimsítear iontu a nochtadh leis an tríú páirtí. Ní féidir lena leithéid de shárú ná de dhíspeagadh cúirte a theacht i gceist más chuig an tríú páirtí (nár thug aon ghealltanas intuigthe) a shaortar cáipéisí atá, go hiondúil, i seilbh an IDA. Ar shamplaí de na dálaí sin a thabharfadh díspeagadh cúirte i gceist, tá siad seo a leanas: (a) dá dtabharfaí ar aird, de bhun ordú ar fhollasú, don chomhlacht poiblí A cáipéisí ó B agus dá nochtfaí do C iad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise; agus (b) dá dtabharfaí ar aird do B, de bhun ordú ar fhollasú, cáipéisí ón gcomhlacht poiblí A agus dá gceadódh an comhlacht poiblí A iarraidh B ar cheart rochtana ar na cáipéisí céanna de bhun iarrata faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Go hachomair, cinnim nach mbaineann an díolúine a éilíodh de bhun alt 22(1)(b) le haon cheann de na cáipéisí dá gcuimsíonn an t-athbhreithniú seo ar an ábhar nach féidir díspeagadh cúirte a chur i do leith ó tharla nach bhfuil aon ghealltanas tugtha agatsa, an tríú páirtí, agus nach de bhun ordú ar fhollasú a tháinig aon cháipéis dá bhfuil i gceist sna himeachtaí seo i seilbh an IDA. Pé scéal é, cinnim nach bhfuil aon ghealltanas tugtha ná faighte ag an IDA, ná faighte ag an gCúirt, agus dá réir sin, nach dtiocfadh díspeagadh cúirte i gceist cuma cé acu an é an cosantóir nó an tríú páirtí a rinne an iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Alt 22(1)(a)
Foráiltear faoin díolúine seo nach ngéillfear d’iarraidh má bhíonn ... "an taifead lena mbaineann díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla, ..."
I gcásanna eile (Tag. 98058 agus 020281), cinnim go gceadaíonn pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil (PGD) don chliant rúndacht a choimeád i gcás dhá chineál cumarsáide:
- cumarsáid a tharla idir an cliant agus a c(h)omhairleoir gairmiúil dlí d’fhonn comhairle dlí a fháil nó a chur,
- agus cumarsáid a tharla idir an cliant agus comhairleoir gairmiúil dlí (ar bith), nó idir an comhairleoir gairmiúil dlí agus an tríú páirtí, nó idir an cliant agus an tríú páirtí, ach é a bheith de chuspóir ag an gcumarsáid sin téisclim i gcomhair dlíthíochta atá á beartú nó ar feitheamh.
Sula dté mé ag plé leis an gceist cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an díolúine seo leis na taifid atá i gceist, is mian liom soiléiriú a dhéanamh, sa mhéid a bhaineann leis an díolúine seo, i dtaca le roinnt taifead.
San aighneacht dar dháta 23 Eanáir 2006 a rinne tú mar fhreagra ar litreacha an Uasail Duffy dar dháta 14 Nollaig 2005, 9 Eanáir 2006 agus 11 Eanáir 2006, thagair tú do thaifead uimhir 254 i dtaca leis an díolúine seo. Ní mór dom a shoiléiriú duit nár éiligh an tIDA díolúine i gcás an taifid seo, agus dá bhrí sin, gur de bhun díolúine faoi alt 22(1)(b), agus dá bhun sin amháin, a coimeádadh siar an taifead seo. Ina theannta sin, maidir leis an tagairt a rinne tú do thaifead uimhir 162, ní mór dom a shoiléiriú duit, gur mhaígh an tIDA gur bhain díolúine faoi alt 22(1)(a) leis na chéad cheithre leathanach amháin agus go raibh an chuid eile den cháipéis sin á coimeád siar de bhun alt 22(1)(b) agus dá bhun sin amháin. Ar an gcuma chéanna, i gcás taifead uimhir 411, choimeád an tIDA siar leathanaigh 1, 4, 5, agus 6 de bhun díolúine faoi alt 22(1)(a), agus an chuid eile den cháipéis de bhun díolúine faoi alt 22(1)(b) agus dá bhun sin amháin.
Maidir leis an dara pointe agus leis an dara pointe dhéag a luaigh tú i dtaca le taifead uimhir 102 agus le taifead uimhir 458 i d’aighneachta dar dháta 23 Eanáir 2006, tar éis dom inneachar na dtaifead seo a scrúdú, creidim go bhfuil feidhm leis an díolúine seo d’ainneoin go dtagraíonn na taifid sin d’iarrataí a rinne tú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, i measc nithe eile. Is éard atá sa chéad leathanach de thaifead uimhir 102 meamram inmheánach aon leathanaigh de chuid an IDA a cruthaíodh i bhfianaise litreach a scríobh dlíodóirí an IDA agus a cuireadh mar cheangaltán leis an taifead. Ar an gcuma chéanna, is éard atá i dtaifead 458 cáipéis dhá leathanach arb iad díodóirí an IDA féin a dhréachtaigh í.
Maidir le taifid uimhir 28, 178, 229, 255, 256, 296, 386, 389 agus 394, is léir ón aighneacht a sheol tú isteach nach n-easaontaíonn tú, per se, go bhfuil feidhm leis an díolúine seo, ach go gcreideann tú gur cheart an díolúine a dhíolmhú de bharr na gcúiseanna a luann tú i d’aighneacht. Dá réir sin, ní gá dom ach aon cheist amháin a mheas .i. an dtagann díolmhú i gceist maidir le díolúine na naoi dtaifead seo i bhfianaise na n-imthosca éagsúla ar thagair tú dóibh i d’aighneacht dar dháta 23 Eanáir 2006.
Is é atá á áiteamh agat nach féidir feidhm a bheith leis an díolúine a éilíodh maidir leis na taifid a luaitear thuas, mar go bhfuil fianaise prima facie ann gur imir an tIDA agus a chuid seirbhíseach míchleachtas nó comhcheilg d’fhonn calaois a dhéanamh ar sheilbh (.i. eastát) d’uncail (nach maireann) agus a bhfuil tusa anois i do thairbhí ar an tseilbh sin. Mar thaca leis seo, thagair tú do thaifid éagsúla a fhearann fianaise prima facie, dar leat, gur imríodh an míchleachtas nó an chomhcheilg úd. Dá éis sin, scríobh an tUasal Duffy chuig an IDA maidir leis an gceist seo, agus sa fhreagra a thug an tIDA air, séanadh go feilmeanta fíochmhar na líomhaintí a chuir tú i leith an chomhlachta, líomhaintí atá gan bhunús, dar leis an IDA.
Mar is eol duit, ní cuid ar bith den díolúine PGD sás ná meicníocht a cheadódh dom a dhéanamh amach cé chomh mór agus a dhéanfar nó nach ndéanfar leas an phobail, agus dá bhrí sin, ní ann do thosca ar bith de chuid an leasa phoiblí a chuirfinn san áireamh. Mar sin féin, i gcás eisceachtúil, tá sé de cheart ag an gcúirt éileamh ar phribhléid a dhiúltú ar fhoras an bheartais phoiblí. Cuirim i gcás, is eol dom gur foras seanbhunaithe dlí é nach mbaineann pribhléid le hábhar más amhlaidh gur ag treisiú nó ag cur ar aghaidh ciona atáthar. I dtaca leis seo, feicim go luann Maeve McDonagh [Freedom of Information Law in Ireland (Dublin, 1998) ag leathanach 174] gur leathnaigh an Breitheamh Finlay, i gcás de chuid na Cúirte Uachtaraí .i. Murphy v. Kirwan [(1993) 3 I.R. 501], na himthosca faoina bhféadfaí údar a thabhairt do dhiúltú pribhléide, nuair a dúirt sé:
"the essence of the matter is that professional privilege cannot and must not be applied so as to be injurious to the interests of justice and to those in the administration of justice where persons have been guilty of conduct of moral turpitude or of dishonest conduct even though it may not be fraud."
Ach is eol dom chomh maith, i gcás Bula Limited (in receivership) & Ors v. Crowley & Ors [(1994) 2 I.R. 54], gur chinn an Chúirt Uachtarach go mbíonn na heisceachtaí:
"restricted to cases where the allegation against a defendant is an allegation of fraud, criminal conduct or conduct constituting a direct interference with the administration of justice, such as malicious prosecution or abuse of the processes of the court - all charges containing a clear element of moral turpitude."
Anuas air sin, feicim go raibh an méid seo le rá ag an mBreitheamh Fennelly i gcás Fyffes Plc v. DCC Plc & Ors [(2005) IESC 3] sa Chúirt Uachtarach le gairid:
"The law, therefore, attaches significant value and accords a high degree of protection to the principle of legal professional privilege. It can, of course, be lost if it is clear that it is being used as a cloak to cover fraud."
Táim tar éis breathnú a dhéanamh ar an mbreithiúnas a thug an Queensland Information Commissioner i gcás Smith and Administrative Services Department (Cinneadh Uimhir 93003). Ba é argóint an Uasail Smith gur tháinig ann do na cáipéisí a bhí á n-éileamh aige mar gur chuir sé agóid i gcoinne iompar na Roinne, ar an ábhar go raibh iompar na Roinne ina leith féin i gcoinne an dlí agus gurb ionann an t-iompar sin agus mí-úsáid na cumhachta reachtúla, agus gur don mhéid a chuir seisean i leith na Roinne maidir le neamhdhlíthiúlacht, agus mí-úsáid na cumhachta reachtúla a thagródh na cáipéisí, níorbh fholáir. Ba é tuairim an Uasail Smith, i bhfianaise na n-imthosca sin, go raibh na cáipéisí a bhí i gceist taobh amuigh de raon na PGD agus nach raibh sé de cheart ag an Roinn, dá bhrí sin, brath ar an díolúine a bhí le fáil in Acht um Shaoráil Faisnéise Queensland chun ceart rochtana ar na cáipéisí a dhiúltú dó. Ar deireadh thiar thall, diúltaíodh don líomhain a rinne an tUasal Smith maidir le neamhdhlíthiúlacht, agus le mí-úsáid na cumhachta reachtúla agus daingníodh cinneadh sin na taifid a choimeád siar ar fhoras go raibh feidhm leis an bPGD.
Ach ina chinneadh mionchruinn athbhreithnithe, dúirt Coimisinéir Faisnéise Queensland go raibh cineál agus raon na PGD sa dlí coiteann ina n-ábhar breathnaithe ag Ard-Chúirt na hAstráile ar chúpla ócáid. Tá tagairt i gcinneadh an Choimisinéara d’achoimre a rinneadh de na bunphrionsabail atá le tarraingt as breithiúnais sin na hArd-Chúirte, faoi mar atá le fáil i mbreithiúnas a thug an tUasal K. Howie, Ball de Bhinse na nAchomarc Riaracháin in Victoria (Victorian Administrative Appeals Tribunal), in Re Clarkson and Attorney-General’s Department, [(1990) 4 VAR 197]. Tar éis dó a bharainn a chur ar na cásanna sin ina ndearna Ard-Chúirt na hAstráile grinnbhreathnú ar an ní is PGD ann, dúirt an tUasal Howie gur ann do roinnt prionsabal a d’fhéadfaí a lua, ar a n-áirítear:
"Ní mór imthosca a cruthaithe a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu an dtuilleann nó nach dtuilleann cáipéis pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil. Ní mór súil a chaitheamh ar an gcúis ar cruthaíodh í an chéad lá. Is ceist fhíriciúil an chúis ar cruthaíodh an cháipéis an chéad lá ....
[agus]
Ní bhaineann pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil le cáipéisí a cruthaíodh d’fhonn treoir nó cúnamh a thabhairt don té a dhéanfadh coir nó camastaíl, ná chun críoch mhídhleathach a chur ar aghaidh, ar a n-áirítear mí-úsáid na cumhachta reachtúla, ná chun constaic a chur roimh phróiseas an dlí féin ..."
Tá tagairt le fáil freisin, sa bhreithiúnas a thug Coimisinéir Faisnéise Queensland, do chás Varawa v. Howard Smith & Co. Ltd. [(1910) 10 CLR 382], nuair a dúirt an Breitheamh Griffith, ag trácht dó ar na himthosca sin a thabharfadh feidhm d’eisceachtaí:
"I am sure that it has never been held to apply to a case where all that is alleged is that the evidence will show that the plaintiff knew he had not a good cause of action."
Ar fhoras mo chuid taighde go léir, más uaim a chinneadh nach féidir feidhm a thabhairt do PGD, creidim nach mór leorfhianaise a bheith os mo chomhair go gcreidfinn gur d’fhonn gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí éigin a threisiú nó a chur ar aghaidh a cruthaíodh na cáipéisí atá i gceist againn féin anseo. Ní féidir an chosaint a thugann díolúine na PGD a cheilt ar aon cháipéis ach ar cháipéisí a cruthaíodh d’fhonn a leithéid de ghníomhaíocht réamhráite a théisclim nó a chur ar aghaidh. I bhfocail eile, ní leor domsa a chinneadh go bhfuil leorfhianaise ann go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ar bun; ní mór dom a bheith cinnte gur chun na críche sin (.i. gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí), a cruthaíodh na cáipéisí atá i gceist againn anseo. I dtaca leis seo, feicim nár baineadh aon úsáid as an téarma prima facie sa chás de chuid na Cúirte Uachtaraí a luadh thuas, Murphy v. Kirwan, (cás ar tugadh tuairim mhóraimh ina leith), ach gur measadh nach mór leorfhianaise a bheith ann go bhfuil na líomhaintí ábhartha "inmharthana agus inchreidte", nó "viable agus plausible", faoi mar a dúradh sa chúirt.
Agus an t-athbhreithniú seo ar bun agam, admhaím go raibh de mhórbhuntáiste agamsa go raibh an deis agam na taifid atá i gceist a scrúdú, buntáiste ab éigean a shéanadh ortsa. Cé gur bunaithe ar an gcur-i-gcás (nó ar an nglacan) atá d’aighneacht féin i dtaobh inneachar na dtaifead sin, is féidir liomsa – ó tharla na taifid sin feicthe agam – cinneadh fíorasach a dhéanamh arna bhunú ar an mbreathnú a rinne mé ar na taifid atá i gceist.
Tar éis dom barainn a chur ar na cáipéisí sin go léir a luaigh tú go sonrach san aighneacht dar dháta 23 Eanáir 2006 a sheol tú chuig an Uasal Duffy, agus ag féachaint dom ar na líomhaintí a rinne tú go bhfuil fianaise prima facie ann gur imir an tIDA gona sheirbhísigh míchleachtas nó comhcheilg d’fhonn calaois a dhéanamh ar sheilbh (.i. eastát) d’uncail (nach maireann), tá mé cinnte nach léir ó chineál na dtaifead sin gur d’fhonn gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí éigin de chuid an IDA gona sheirbhísigh agus a ghníomhairí a threisiú nó a chur ar aghaidh a cruthaíodh iad. Mar is eol duit, ní cúram ná feidhm domsa aon chinneadh a dhéanamh ná aon ní a rá maidir le hionnas ná substaint an aighnis atá ar siúl idir tú féin agus an tIDA, agus dá bhrí sin, ní dhéanfaidh mé ach a dhearbhú go bhfuilim cinnte nach ann do na himthosca sin (sna cáipéisí) ba ghá, dar liom, chun an chosaint a thugann PGD a aistarraingt. Dá réir sin, ní mór dom éimiú don éileamh atá déanta agat .i. nach féidir díolúine PGD a thabhairt do na cáipéisí agus nár cheart, dá bhrí sin, iad a dhíolmhú faoi alt 22(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Cé go n-admhaím gur mhó an sásamh duitse é dá dtabharfainn beagán mionsonraí faoina bhfuil i ngach aon cháipéis duit ionas gur fearr a thuigfí an bunús a bhí le mo chinneadh, ní mór dom aird a thabhairt ar alt 43(3) den Acht um Shaoráil Faisnéise a fhorálann nach mór dom cúram réasúnach a dhéanamh de nach nochtar aon fhaisnéis dá bhfuil i gcáipéis dhíolmhaithe. Fiú dá gcinnfinn gur chóir an taifead atá i gceist a shaoradh, ní bheadh sé de cheart agam nochtadh a dhéanamh ar fhaisnéis a gcreideann an tIDA fúithi gur i dtaifead díolmhaithe atá sí le fáil, ionas go gcaomhnófar ceart achomhairc an pháirtí sin san Ard-Chúirt.
Alt 21 (1)(c)
D’éiligh an tIDA an díolúine seo i dtaca le líon mór de thaifid a coimeádadh siar. Ní gá domsa, áfach, ach barúil a thabhairt maidir le hinfheidhmeacht na díolúine i gcás na dtaifead sin nach nglactar lena ndíolúine cheana féin, nó nach bhfuil díolúine acu cheana féin de bhun alt 22(1)(a).
Sa litir uiríll dar dháta 14 Nollaig 2005, liostaigh an tUasal Duffy na taifid sin ar choimeád an tIDA siar go cuí iad, dar leis, de bhun na díolúine seo. Ina theannta sin, mhínigh sé an chúis, dar leis, nach é leas an phobail é na taifid sin a shaoradh. San aighneacht agatsa dar dháta 23 Eanáir seo caite, mhínigh tú an chúis gur chreid tusa, i bhfianaise na n-imthosca sin ar thagair tú dóibh, gurb é leas an phobail go saorfaí na taifid seo a leanas: 10, 32 go dtí 37, 54, 67, 69, 75, 85, 96, 224, 260, 283, 284, 286 go dtí 288, agus 314. De bhrí nach ndiúltaíonn tú go bhfuil feidhm leis an díolúine, per se, is é mo dhualgas-sa a rá cé acu an é nó nach é leas an phobail é, faoi mar a mhaíonn tusa i d’aighneacht, go saorfaí na taifid. Pléifidh mé an cheist níos faide anonn faoin rúibric Leas an Phobail.
Scríobh an tUasal Duffy chuig an IDA chomh maith maidir le taifid nach bhféadfaí a choimeád siar, dar leis, faoin díolúine seo. Ghlac an tIDA leis an tuairim sin maidir le gach taifead cé is moite de thaifid uimhir 104, agus 491 go dtí 499. Is mar chuid den chinneadh seo a thiteann sé a shocrú an bhfuil feidhm leis an díolúine i dtaca leis na taifid seo, cé is moite d’aon abairt amháin as taifead uimhir 496 agus píosa d’abairt i dtaifead uimhir 495 (a bhfuil cóip di sa ríomhphost a seoladh dá éis sin, agus arb ionann iad agus taifid uimhir 492, 493 agus 494).
Foráiltear faoi Alt 21(1)(c) gur féidir gan géilleadh d’iarraidh dá "bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead lena mbaineann ... go nochtfaí seasaimh a glacadh, nó a bheadh le glacadh, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir nó treoracha a úsáideadh nó a leanadh nó a bheadh le húsáid nó le leanúint, chun críche aon chaibidlí a bhí nó atá, nó atá le bheith, á seoladh ag an Rialtas nó ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann."
I gcás uimhir 000257, chinn mo réamhtheachtaí féin gurb é is feidhm ghinearálta ag alt 21(1)(c) a chinntiú nach nochtar, go díreach ná go hindíreach, seasamh idirbheartaíochta ná pleananna agus araile do pháirtithe eile. Ina theannta sin, glacadh leis, ar bhonn ginearálta, go dtabharfaí díolúine d’fhaisnéis a raibh an chuma uirthi gur leis an idirbheartaíocht a bhí ar bun ag comhlacht poiblí a bhain sí. Breathnaíodh freisin ar an gceist seo a leanas .i. an mbeadh sé cruinn cur síos a dhéanamh ar nochtadh na faisnéise a bhain leis an gcás áirithe sin mar nochtadh ar sheasaimh agus araile mar chuid den idirbheartaíocht a bheadh ar bun ag comhlacht poiblí? Seo é an sainmhíniú a thugann The Oxford English Dictionary ar an bhfocal "negotiation": "the action or business of negotiating or making terms with others". Sainmhínítear an briathar "negotiate" mar "to hold communication or conference (with another) for the purpose of arranging some matter by mutual agreement; to discuss a matter with a view to some settlement or compromise".
Cé go leagann alt 43(3) den Acht um Shaoráil Faisnéise srian orm aon eolas a thabhairt faoina bhfuil le fáil i dtaifid uimhir 104 agus 491 go dtí 499, ní léir dom, ar an iomlán, cé mar ab ionann nochtadh na dtaifead sin agus nochtadh ar sheasamh idirbheartaíochta. Tar éis dom na taifid a scrúdú agus breathnú ar an argóint a rinne an tIDA go dtabharfaí feidhm don díolúine, cinnim gur beag atá sna taifid seo a nochtfadh seasamh idirbheartaíochta a glacadh nó a ghlacfar amach anseo. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm leis an díolúine a éilíodh i gcás na dtaifead uimhir 104, agus 491 go dtí 499, seachas i gcás na ngearrshleachta a luadh thuas agus cé is moite de na ceithre phuntphointí deiridh ar an dara leathanach de thaifead uimhir 104.
Leas an Phobail
Foráiltear faoi Alt 21(2) den Acht nach bhfuil feidhm le díolúine de bhun alt 21(1) sa chás gurbh fhearr, ar an iomlán, a dhéanfaí leas an phobail dá ndeonófaí seachas dá ndiúltófaí an iarraidh. Tá barainn curtha anois agam ar an gceist an ceart, go deimhin, saoradh a dhéanamh ar na taifid sin atáthar a choimeád siar ar an ábhar go mbaineann díolúine leo de bhun alt 21(1)(c), ach arb é do thuairimse gurb é leas an phobail go saorfaí iad; áirítear anseo freisin na ceithre phuntphointe ar an dara leathanach de thaifead uimhir 104.
Mar atá luaite ag an Uasal Duffy, ní mór dom a thabhairt san áireamh agus mé ag breathnú ar cheist seo leas an phobail, nach ann d’aon tástáil díobhála faoi alt 21(1)(c) [murab ionann agus ailt 21(1)(a) agus 21(1)(b)] .i. is féidir taifead a dhíolmhú de bhun alt 21(1)(c), in ainneoin gur leis an am a caitheadh a bhaineann aon seasamh idirbheartaíochta, pleananna agus araile a nochtfaí, agus go deimhin, fiú sa chás nach mbeadh tábhacht dá laghad ar bith leis na seasaimh, pleananna agus araile sin i dtaca le haon idirbheartaíocht atá ar siúl faoi láthair nó a tharlódh amach anseo. I dtaca leis seo, feicim go raibh an méid seo thíos le rá ag mo réamhtheachtaí, i gcás uimhir 98166:
"While section 21(1)(c) makes no distinction between disclosures which have the potential to prejudice current or future negotiations in some way or to cause some other harm and disclosures which do not, it seems to me that such a distinction should be made in applying the public interest test in section 21(2) to records which disclose positions taken etc. for the purposes of negotiations. Put simply, if release of such records cannot harm current or future negotiations or cause any other harm, then the public interest in openness in the workings of Government means that, in the absence of any other applicable exemption, the records should be released. On the other hand, if access to records which disclose positions taken etc. for the purposes of past negotiations could reasonably be expected to prejudice current or future negotiations or cause some other harm, then this is a matter which must weigh heavily in the application of the public interest balancing test."
Is eol dom go gcreideann tusa go daingean nach móide go dtarlóidh aon idirbheartaíocht amach anseo agus feicim gur thagair tú i d’aighneacht do shocrú a comhaontaíodh leis an IDA faoi Shamhain na bliana 2004 ach a ndearna an tIDA diúltú dó ina dhiaidh sin ("repudiated" mar a dúirt tú féin). Ó tharla gurb amhlaidh atá, tá an chuma ar an scéal gurb é leas an phobail a dhéanfaí dá saorfaí na taifid.
Ach mar sin féin, tá mé ar aon fhocal leis an Uasal Duffy nuair a luaigh sé, ina litir uiríll, gur cinnte nach aighneas seanbhunaithe an t-aighneas seo agatsa leis an IDA, agus gur móide, i ndeireadh na dála, gur le dlí nó lena thuilleadh idirbheartaíochta, agus leis sin amháin, a chuirfear críoch leis. Ó tharla gur mar sin atá, is deacair liom a chreidiúint nach mbeidh tionchar éigin ag na taifid seo ar réiteach deiridh an scéil seo, bíodh sé ina idirbheartaíocht nó ina dhlí. De bhrí go bhfuil na cúrsaí atá faoi chaibidil sna taifid seo fós ina steille bheatha, creidim gur mór a dhéanfaí leas an phobail mura nochtfaí iad.
Ach ní shin é deireadh an scéil ó tharla go maíonn tú, mar a rinne tú i gcás alt 22(1)(a), gurb é leas an phobail é go saorfaí na taifid ionas gur féidir "an míchleachtas nó an chomhcheilg atá ar siúl i gcomhlacht poiblí a nochtadh", nó "to expose the malpractice/corruption within a state agency", faoi mar a dúirt tú féin. Mar thaca lenar mhaígh tú, thagair tú do cháipéisí éasgúla a thugann fianaise prima facie, dar leat, go bhfuil a leithéid de mhíchleachtas nó de chomhcheilg ar bun.
Aithním gur chun leasa an phobail é go ndéanfadh an saoránach leas a bhaint as a cheart faoin Acht agus go gcuirfí ar an eolas é, chomh mór is féidir, faoi chúrsaí a bhfuil baint nach beag aige féin leo. Is chun leasa an phobail é chomh maith go gcaomhnófaí muinín an phobail as comhlachtaí poiblí agus go n-éascófaí scrúdú ceart ar ghníomhartha na gcomhlachtaí poiblí sin ionas go gcuirfí an pobal ar an eolas iomlán i dtaobh na bhfíricí a bhaineann leis an scéal. Ina theannta sin, creidim gur chun leasa an phobail é go mbeadh freagracht ar riarthóirí i dtaca leis an úsáid a bhaineann siad as cistí poiblí agus go gcaithfí, ach go háirithe, faisnéis ábhartha a nochtadh sa chás gur theip ar chomhlacht poiblí gníomhú go dleathacha agus go freagrach. I dtaca leis an bpointe deiridh, séanann an tIDA go feilmeanta fíochmhar na líomhaintí a rinne tú, líomhaintí atá gan bhunús, dar leis.
Tar éis dom an scéal a bhreathnú, creidim nach bhfuil sé de chumhacht agam cinneadh fíorasach ná eile a dhéanamh i dtaca leis na líomhaintí ar leith a rinne tú i leith an IDA. Dá réir sin, ó tharla gan aon chinneadh dá shórt sin déanta ag aon chomhlacht a bhfuil sé de chumhacht aige cinneadh dá shórt a dhéanamh, ní thig liom glacadh leis go bhfuil aon fhorais ann, faoi láthair, chun na taifid atá i gceist a nochtadh chun leasa an phobail.
Alt 20(1)
Cé gur éiligh an tIDA an díolúine seo i dtaca le líon mór taifead, níor phléigh an tUasal Duffy leis an díolúine seo ach i dtaca leis na sé thaifead – murab ionann agus gach taifead eile ar éilíodh díolúine ina leith – ar chreid sé nach bhféadfaí iad a choimeád siar de bhun alt 21(1)(c). Tar éis don IDA a litir uiríll a fháil, d’aontaigh an tIDA nach mbaineann an díolúine seo le taifid uimhir 82, 84, 309, 311, 316 ná 471.
Alt 28(1)
D’éiligh an tIDA an díolúine seo, i dtús aimsire, i leith thaifid 488, 489, 490 agus 500. Ach a bhfuair siad litir uiríll an Uasail Duffy, d’aontaigh an tIDA nach mbaineann an díolúine seo leis na taifid seo cé is moite de na trí leathanach a cuireadh mar cheangaltán le taifead uimhir 490, taifead a bhí faoi dhíolúine, dar leis an IDA.
Sa litir uiríll dar dháta 14 December 2005 a sheol sé chugat, mhínigh an tUasal Duffy an bunús a bhí lena uiríoll go mbaineann an díolúine seo leis na trí leathanach a cuireadh mar cheangaltán le taifead uimhir 490. Mar is eol duit, is éard atá sa cheangltán seo tuairisc ar fhiosrú a rinne bainisteoir sinsearach de chuid Rannóg Pearsanra an IDA tar éis duitse gearán a dhéanamh i dtaobh ball foirne áirithe [glanadh an tagairt d’ainm an duine].
Maidir le halt 28(5)(a) den Acht, a éilíonn go dtabharfaí san áireamh cé acu an tábhachtaí saoradh chun leasa an phobail ná ceart chun príobháideachta an té a bhí i gceist, bharúil an tUasal Duffy nár chun leasa an phobail an ceangaltán a shaoradh, agus liostaigh sé cúiseanna éagsúla a bhain le hábhar agus a bhí chun leasa an phobail.
San aighneacht agatsa dar dháta 23 Eanáir seo caite, thagair tú d’imthosca éagsúla a deir, cé nach ionann iad agus forais a thabharfadh ar dhuine a chinneadh nach pearsanta atá an fhaisnéis, gurb é leas an phobail é go saorfaí an taifead. Tar éis dom an taifead a scrúdú, creidim, ar na cúiseanna a luaigh an tUasal Duffy, gur faisnéis phearsanta atá sa cheangaltán .i. go mbaineann an fhaisnéis le líomhaintí faoi iompar a tharla taobh amuigh den iompar a mbeifí ag súil leis le linn ghnáthdhualgais oibre an té atá i gceist.
Luann tú i d’aighneacht nár fiosraíodh ach aon duine amháin, agus i bhfianaise na n-imthosca ar tharraing tú aird orthu, maíonn tú go raibh ag an IDA fiosrú i bhfad Éireann ní ba leithne a bheith déanta aige. Bíodh sin mar atá, is é fírinne an scéil i gcónaí é gur le haon bhall foirne amháin a bhaineann an tuairisc úd ar an bhfiosrú, agus faoi mar is eol duit ó chomhfhreagras a tharla idir tú féin agus an tIDA, ní bhfuarthas aon ní a thacódh leis an ngearán a rinne tú. Dá mba rud é gur glacadh leis an ngearán a rinne tú, ba léir ansin dom gur mhó go mór chun leasa an phobail an taifead a shaoradh. Ach ó tharla nach amhlaidh a tharla, cinnim nach chun leasa an phobail é an tuairisc ar an bhfiosrú a shaoradh. Ag féachaint dom ar alt 43(3) den Acht, ní thig liom a thuilleadh eolais a thabhairt i dtaobh na gcúiseanna ar leith a thug orm an cinneadh seo a dhéanamh. Ach creidim nach leor na nithe dár thagair tú i d’aighneacht agus tú ag iarraidh go saorfaí an taifead seo, chun go gcinnfinn nach fearr a dhéanfaí leas an phobail dá gcaomhnófaí ceart chun príobháideachta an té a ndearna tú gearán faoi.
Alt 23(1)(a)(iv)
D’éiligh an tIDA an díolúine seo i leith thaifid uimhir 488 go dtí 490, agus 500. Sa litir uiríll a sheol sé chuig an IDA, dúirt an tUasal Duffy, ach an tuairisc a cuireadh mar cheangaltán le taifead uimhir 490 a fhágáil as an áireamh, nár léir dó cé mar a d’fhéadfadh feidhm a bheith leis an díolúine seo i gcás na dtaifead a bhí fágtha.
Fóráiltear faoin díolúine seo gur féidir taifead a choimeád siar dá bhféadfadh sé "go ndéanfaí dochar nó díobháil do ... c[h]othroime ... imeachtaí sibhialta i gcúirt nó i mbinse eile." Ó tharla gur chinn mé go mbaineann díolúine, de bhun alt 28(1), leis an tuairisc a cuireadh mar cheangaltán le taifead uimhir 490, níl déanta anseo agam ach breathnú ar an díolúine seo i dtaca lena bhfuil fágtha de na taifid atá i gceist .i. 488, 489, an chéad leathanach de 490, agus 500. Agus sin déanta agam, creidim anois nach bhfuil feidhm leis an díolúine sin. Sa chomhfhreagras a tharla idir an Oifig seo agus an tIDA, ní dhearna an tIDA an díolúine seo a phlé ach i gcomhthéacs na tuairisce a cuireadh mar cheangaltán le taifead uimhir 490. Ó tharla nár tugadh dom aon fhoras a thiocfadh salach ar uiríoll an Uasail Duffy, agus ag féachaint dom ar a bhforáiltear faoi alt 34(12)(b) den Acht – áit a ndeirtear gur ar an gcomhlacht poiblí a thiteann sé fianaise a sholáthar a léireodh cúis go bhfuil feidhm leis an díolúine atáthar a éileamh – creidim nach leor ar léiríodh dom den díobháil a d’fhéadfaí a dhéanamh dá nochtfaí an fhaisnéis atá le fáil ina bhfuil fágtha de na taifid, chun go gcumhdófaí an díolúine seo. Dá réir sin, cinnim nach bhfuil feidhm leis an díolúine a éilíodh de bhun alt 23(1)(a)(iv) i dtaca leis na taifid atá i gceist.
Achoimhre ar na Torthaí
De bhun an athbhreithnithe a rinne mé ar na díolúintí a d’éiligh an tIDA, cinnim go saorfaí na taifid seo a leanas: 1 go dtí 9, 11 go dtí 27, 29 go dtí 31, 38, 47 go dtí 53, 55 go dtí 57, 60, 61, 64 (leathanaigh 2 agus 5-10 amháin), 66, 68, 74, 76, 78, 79, 81 go dtí 84, 86, 90, 93 go dtí 95, 97, 102, 104 (seachas na ceithre phuntphointe dheiridh ar leathanach 2), 108, 133, 148, 153, 162 (leathanaigh 5-23 amháin), 170, 171, 176, 182 go dtí 194, 196 go dtí 198, 200 go dtí 206, 208, 209, 211, 213, 215 go dtí 218, 223, 225 go dtí 228, 231, 232, 234, 235, 237, 239, 241 go dtí 247, 249, 250, 252 go dtí 254, 258, 259, 262 go dtí 267, 271 go dtí 274, 276 go dtí 279, 281, 282, 285, 286 (leathanach 1 amháin), 287 (leathanach 1 amháin), 295, 301, 302, 306, 308 go dtí 313, 315 go dtí 322, 327, 329, 331, 332, 338, 339, 342, 344 go dtí 346, 347 (leathanaigh 4, 6 agus 7 amháin), 349, 350, 356, 358, 371, 388, 390 go dtí 392, 395 go dtí 400, 406, 409, 411 (leathanaigh 2, 3 agus 7 go dtí 15 amháin), 415, 417, 419 go dtí 422, 425, 426, 428, 430, 434, 439, 446, 452 go dtí 454, 460, 464, 471, 474, 479, 488, 489, 490 (leathanach 1 amháin), 491, 492 (seachas an fhíor faoi phointe uimhir 3 sa ríomhphost a fuair an tIDA, an 2 Samhain 2004), 493 (seachas an fhíor dá dtagraítear i dtaifead 492), 494 (seachas an fhíor dá dtagraítear i dtaifead 492), 495 (seachas an fhíor dá dtagraítear i dtaifead 492), 496 (seachas an chéad abairt sa dara halt den litir atá ar leathanach 2), 497, 498, 499 (seachas pointe uimhir 1 agus 3 a bhaineann leis an tríú páirtí seachas le hábhar) agus 500.
Decision
Cinneadh
Ar dhéanamh an athbhreithnithe seo dom de bhun alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, athraím leis seo an cinneadh a rinne an tIDA, agus treoirím go ndéanfaí na taifid a liostaíodh thuas a shaoradh.
Tig le páirtí ar bith lena mbaineann an t-athbhreithniú seo, nó le haon duine eile a mbeidh tionchar ag cinneadh an Choimisinéara Faisnéise air, ar dhéanamh an athbhreithnithe sin di, tig leis achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i dtaca le haon mhír dlí a d’éireodh as an gcinneadh sin. Ní mór tús a chur leis an achomharc sin ocht seachtaine tar éis dháta na litreach seo, ar a dheireanaí. Mar eolas duit, ní féidir feidhm a thabhairt don chinneadh seo nó go gcaitear na hocht seachtaine sin.
Yours sincerely
Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise