Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 010314 - An tUasal X agus Bord Sláinte an Oirdheiscirt mar a bhí

Iarraidh ar rochtain a thabhairt ar thaifid phearsanta atá i seilbh Bhord Sláinte an Oirdheiscirt mar a bhí (an Bord) – cé acu an ann nó nach ann do phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil – alt 22(1)(a) – maidir le taifid teagmhálacha, a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu, idir aturnaetha an Bhoird agus aturnaetha an iarratasóra – ar tugadh nó nár tugadh i modh rúin, faisnéis a bhí tugtha ag Ollscoil don Bhord i ndáil le feidhmíocht an iarratasóra ar chúrsa– alt 26(1) – an scaoilfí nó nach scaoilfí faisnéis phearsanta dá nochtfaí na taifid – alt 28(1).

Case Summary

Fíricí

Lorg an t-iarratasóir rochtain ar a thaifid phearsanta atá i seilbh an Bhoird. Scaoil an Bord líon áirithe taifead chuige ach choinnigh sé siar an chuid a bhí fágtha ar na forais, inter alia, gur bhain pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil (alt 22(1)(a)) le taifid áirithe (taifid teagmhálacha idir aturnaetha an iarratasóra agus aturnaetha an Bhoird chun críche réiteach a fháil ar chaingean). Choinnigh an Bord siar taifid chomh maith a bhain le faisnéis a bhí tugtha ag Ollscoil i ndáil le feidhmíocht an iarratasóra ar chúrsa ar na forais an fhaisnéis sin a bheith tugtha faoi mhodh rúin (alt 26(1)).

Torthaí

Ghlac an Coimisinéir leis gur taifid den chineál nach bhféadfaí a thabhairt isteach mar fhianaise i gcúirt dlí iad na taifid de na teagmhálacha idir aturnaetha na bpáirtithe a bhain le réiteach a fháil ar an gcaingean dlí lena mbaineann. Bhí sí sásta, áfach, gur bhain pribhléid dá leithéid le catagóir ar leith seachas leis an gcatagóir a bhaineann le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil agus nach raibh feidhm ag alt 22(1)(a) maidir leo. D'aighnigh an Bord chomh maith go raibh na taifid díolmhaithe faoi fhorálacha eile san Acht um SF ach ní raibh an Coimisinéir sásta go raibh feidhm ag na díolúintí lena mbaineann leis na taifid.

Níor ghlac an Coimisinéir leis go raibh feidhm ag alt 26 maidir leis an bhfaisnéis a bhí tugtha ag an Ollscoil don Bhord. Cé gur ghlac sí leis gurbh í an tuiscint a bhí ann go bhfanfadh cumarsáid dá leithéid faoi mhodh rúin vis à vis tríú páirtithe, níor ghlac sí leis gur lorgaíodh agus gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn nach nochtfaí don iarratasóir í. Dá bhrí sin, níor ghlac sí leis go raibh tuiscint fhrithpháirteach idir an Ollscoil agus an Bord go gcoinneofaí an fhaisnéis siar ón iarratasóir. Dúirt sí, in éagmais imthosca eisceachtúla, nach dtiocfadh tuiscint dá leithéid leis na prionsabail a bhaineann le ceartas bunreachtúil.

Dhéileáil an bhreith go hachomair chomh maith le cé acu an raibh nó nach raibh gach beart réasúnach tógtha chun a thuilleadh taifead a chuardach agus, cé acu an nochtfaí nó nach nochtfaí faisnéis phearsanta faoi dhaoine aonair seachas faoin iarratasóir dá scaoilfí faisnéis as taifid eile.

Date of Decision: 22.09.2006

Our Reference: 010314

22.09.2006

An tUasal X

A X, a chara

Tagraím do d’iarratas chuig an Oifig seo maidir le hathbhreithniú ar bhreith Bhord Sláinte an Oirdheiscirt ar d’iarraidh um Shaoráil Faisnéise (SF) dar dáta an 2 Samhain 2000. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Limistéar an Oirdheiscirt tagtha in ionad Bhord Sláinte an Oirdheiscirt anois ach chun críocha na breithe seo tagrófar di mar "an Bord".

Is mian liom mo leithscéal a ghabháil faoin moill an-fhada atá ann ó rinne tú d’iarratas chuig an Oifig seo. Tharla riaráistí suntasacha oibre de bharr líon mór iarratas a fuarthas i mblianta tosaigh SF agus de bharr ganntanais foirne sa tréimhse chéanna. Tuigim gur chuir an mhoill seo as duit.

Background

Cúlra

I d’iarraidh dar dáta an 2 Samhain 2000 lorg tú rochtain ar "Chóip Iomlán de na Comhaid, Doiciméid go léir ... atá i seilbh Bhord Sláinte an Oirdheiscirt & nó a Ghníomhairí i ndáil le [do] Fostaíocht mar Oibrí Sóisialta le Bord Sláinte an Oirdheiscirt." Ina bhreith dar dáta 2 Feabhra 2001 d’aithin an Bord 168 doiciméad a bheadh clúdaithe ag d'iarraidh agus chuir sé in iúl duit go rabhthas á scaoileadh siúd chugat seachas na taifid seo a leanas: taifid 15, 21, 47, 59 (páirt díobh sin), 78, 136 (páirt díobh sin), 166, 167 agus 168. Dúirt an Bord gur mheas sé go raibh na doiciméid sin díolmhaithe faoi fhorálacha ceann nó ceann eile d’ailt 6(6), 22, 26 agus 28 den Acht um SF.

Ar an 20 Feabhra 2001 lorg tú athbhreithniú inmheánach ar bhreith an Bhoird; d’áitigh tú i d’iarratas nár aithníodh na taifid go léir a bhí clúdaithe ag an iarraidh de bharr gur chreid tú go raibh i bhfad níos mó ná an 168 taifead a d’aithin an Bord le fáil i do chomhad. Sheas breith an Bhoird, dar dáta an 26 Márta 2001, maidir leis an athbhreithniú inmheánach, lena dhiúltú na taifid atá liostáilte thuas a scaoileadh. Dúirt sé chomh maith go raibh dhá thaifead eile aimsithe aige agus go raibh sé á scaoileadh chugat. Ba é seasamh an Bhoird ag an am sin gurbh ionann na taifid a bhí faoi bhreithniú aige ag an bpointe sin agus do chomhad pearsanta iomlán. Rinne tú d’iarratas chuig an Oifig seo ar an 1 Lúnasa 2001 i gcomhair athbhreithnithe ar bhreith an Bhoird.

Is í an tuiscint atá agam, le linn an athbhreithnithe seo, gur chuir an Bord cóip de thaifead 21 (dá dtagraítear dó thuas) ar fáil duit. Ina theannta sin, le linn an athbhreithnithe seo agus tar éis ceisteanna a bheith ardaithe ag Ms. Moran as m’fhoireann, d’aimsigh an Bord cóipeanna de thrí chomhad iomchuí a bhí i seilbh a aturnaetha agus tá mé den tuiscint go bhfuiltear tar éis roinnt de na taifid as na comhaid sin a scaoileadh chugat.

Tá comhfhreagras idir tú féin agus Ms. Moran as an Oifig seo, agus comhfhreagras idir an Bord agus Ms. Moran tugtha san áireamh agam agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh. Tá scrúdú déanta agam chomh maith ar chóipeanna de na taifid lena mbaineann, a cuireadh ar fáil do m'Oifig chun críocha an athbhreithnithe seo. Ar deireadh agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh agam, bhreithnigh mé forálacha an Achta um SF [arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003]. Tagraíonn na tagairtí uile sa litir seo maidir le hailt ar leith den Acht um Shaoráil Faisnéise, don Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú, seachas in áiteanna ina sonraítear a mhalairt.

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

Tá dhá ní i gceist leis an athbhreithniú seo:

  1. an ann nó nach ann dá thuilleadh taifead, a bheadh iomchuí do d'iarraidh, agus ar cheart don Bhord iad a bheith breithnithe aige; agus
  2. an bhfuil nó nach bhfuil breith an Bhoird i ndáil leis na taifid a choinnigh sé uait de réir fhorálacha an Achta um SF.

I ndáil le 2 thuas, áirítear leis na taifid a bhfuiltear á gcoinneáil uait na taifid a d’aithin an Bord ina bhreith bhunaidh (dá dtagraítear ina dhiaidh seo mar an "Bunchomhad") chomh maith le roinnt taifead as comhaid na n-aturnaetha a ndearna an Bord breithniú orthu den chéad uair le linn an athbhreithnithe seo. Tagraítear do na trí chomhad de chuid na n-aturnaetha ina dhiaidh seo mar: Comhad a hAon, Comhad a Dó agus Comhad a Trí de réir mar is cuí.

Is iad seo a leanas na taifid siarchoinnithe as an mbunchomhad: taifid 15, 47, 59 (páirt díobh sin), 78, 136 (páirt díobh sin), 166, 167 agus 168. (Tabhair faoi deara, le do thoil, ina litir chugat dar dáta an 11 Feabhra 2005, gur thagair Ms. Moran trí earráid do thaifead 14 as an gcomhad sin seachas do thaifead 15.)

Is iad seo a leanas na taifid siarchoinnithe as na trí chomhad de chuid na n-aturnaetha:

Comhad a hAon

Taifid le páirteanna siarchoinnithe - taifid 1, 6, 7, 9, 10, 11, 26, 27, 29, 31, 33, 39, 40, 41, 43, 45, 46, 47, 49, 50, 51, 66, 67 agus 68.

Na taifid siarchoinnithe ina n-iomláine – taifead 28 agus 32.

Comhad a Dó

Tuigim, ag an bpointe seo, gur scaoileadh na taifid go léir as an gcomhad seo chugat seachas páirteanna beaga de thaifead 84 ar cóip é de thaifead 136 as an mbunchomhad (a scaoileadh chugat agus gan na páirteanna beaga sin ann). Ní gá, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh ar Chomhad a Dó chun críocha an athbhreithnithe seo.

Comhad a Trí

Taifead le páirteanna siarchoinnithe – taifead 36

Taifid siarchoinnithe ina n-iomláine – taifid 50, 51, 52, 77, 78, 80, 83-85, 88, 89-90, 91, 92, 93, 94, 100, 101, 103, 104, 105, 107, 108, 110-111 agus 113.

Is cóipeanna iad na taifid siarchoinnithe atá fágtha i gComhad 3, de thaifid atá le fáil cheana féin sa bhunchomhad agus ar choinnigh an Bord siar iad ina bhreith bhunaidh. De bharr go ndéanfar breithniú ar na taifid seo i ndáil leis an mbunchomhad, ní gá iad a bhreithniú i gcomhthéacs Chomhad a Trí.

Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo le measúnú a dhéanamh ar cé acu ar dhéileáil nó nár dhéileáil an Bord go cóir le haon ghearán a rinne tú leis an mBord, ná níl aon ról ag an Oifig seo maidir le gearáin dá leithéid a chur faoi bhráid aon chomhlachta eile chun réiteach a fháil orthu. Ar deireadh, is féidir glacadh le haon tagairt a dhéanfar do thaifead siarchoinnithe sa chuid eile den litir seo mar thagairt d’aon pháirt de thaifead a coinníodh siar uait.

Findings

Torthaí

Déileálaim thíos, ina gceann is ina gceann, leis an dá ní a aithníodh faoin teideal "Scóip an Athbhreithnithe".

An Ann Nó Nach Ann dá Thuilleadh Taifead

Forálann Alt 10(1)(a) go bhféadfaí diúltú do rochtain ar thaifead dá mba rud é "nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé,". Mhínigh Ms. Moran ról na hOifige seo maidir le cásanna dá leithéid duit agus ní gá dom dul siar go mion air sin.

Ina litir dar dáta an 11 Feabhra 2005, chuir Ms. Moran síos ar na bearta a deir an Bord atá glactha aige chun na taifid iomchuí maidir le d’iarraidh a chuardach. Scríobh tú chuig Ms. Moran ina dhiaidh sin i ndáil le líon áirithe de na taifid scaoilte agus thug tú le tuiscint gur cheart go mbeadh a thuilleadh taifead ann. Ina litir dar dáta an 31 Márta 2005, dúirt Ms. Moran leat go raibh trí chomhad iomchuí sa bhreis i seilbh aturnaetha an Bhoird (Comhad a hAon, a Dó agus a Trí agus tugadh "Comhad Phort Láirge" ar Chomhad a Dó chomh maith) agus dúirt sí go raibh an Bord chun roinnt de na taifid sin a scaoileadh chugat. Thug sí freagraí an Bhoird ar cheisteanna a bhí ardaithe agatsa duit chomh maith agus d’fhiafraigh sí díot soiléiriú a dhéanamh ar na taifid áirithe nó ar na páirteanna de thaifid ab fhacthas duitse a bheith ar iarraidh.

Tugaim faoi deara, sa litir ba dhéanaí uait, nár fhreagair tú go sonrach ceisteanna Ms. Moran maidir le taifid ar éiligh tusa iad a bheith ar iarraidh. Ní léir domsa ón litir sin cé acu an bhfuil tú ag tabhairt le tuiscint gur chóir go mbeadh a thuilleadh taifead ann nó an é go bhfuil tú ag trácht ar an mbealach ar dhéileáil an Bord le do ghearán.

Tá sé ráite ag Ms. Moran leat go measann sí go raibh an cuardach a rinne an Bord réasúnach. B’fhéidir gur mhian leat a thabhairt faoi deara go ndeir an Bord go ndearna sé cuardach san oifig ina raibh tú lonnaithe i bPort Láirge agus nár aimsíodh a thuilleadh taifead. Ag féachaint don chuardach a ndearna an Bord cur síos air, fiú más amhlaidh atá go n-áitíonn tú gur chóir go mbeadh a thuilleadh taifead ann, táim sásta go raibh cuardach an Bhoird maidir le taifid a bheadh iomchuí do d'iarraidh réasúnach agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) den Acht um SF maidir leis an ngné seo den athbhreithniú.

Taifid Siarchoinnithe

Tá cur síos déanta ag Ms. Moran duit ar na taifid siarchoinnithe agus ar na díolúintí atá á n-éileamh ag an mBord maidir leo. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon argóint shonrach déanta agat maidir leis an údar gur chóir na taifid a scaoileadh chugat ná nach bhfuil aon trácht déanta agat i ndáil le leas an phobail a dhéanfaí dá scaoilfí chugat iad i gcás na ndíolúintí sin (arna éileamh ag an mBord) a bhfuil feidhm ag tástáil ar leas an phobail maidir leo.

Déileálaim thíos le gach ceann de dhíolúintí an Achta um SF a ndeachaigh an Bord ina n-iontaoibh mar bhonn chun taifid shonracha a choinneáil siar. Tá sé le tuiscint agam nach bhfuil an Bord ag dul in iontaoibh alt 6(6) den Acht um SF a thuilleadh maidir le diúltú rochtain a thabhairt duit ar thaifid ar leith.

Alt 22 (1)(a)

Forálann alt 22(1)(a) go ndiúltófar iarraidh ar thaifead más rud é "go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla"; níl ceanglas maidir le breithniú ar bith a dhéanamh ar leas an phobail san fhoráil sin. Cuireann pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil ar chumas an chliaint dhá chineál cumarsáide a choinneáil faoi mhodh rúin:

  • cumarsáid faoi rún idir an cliant agus a chomhairleoir/a comhairleoir gairmiúil dlí féin ar mhaithe le comhairle dlí a fháil agus/nó a thabhairt, agus
  • cumarsáid faoi rún idir an cliant agus comhairleoir gairmiúil dlí nó idir an comhairleoir dlí agus tríú páirtí nó idir an cliant agus tríú páirtí agus gur ullmhú i gcomhair dlíthíocht bheartaithe/ar feitheamh an cuspóir ceannasach atá léi.

Ina litir dar dáta an 11 Feabhra 2005 agus ina litir dar dáta an 31 Márta 2005, thug Ms Moran breac-chuntas ar a dearcadh go raibh feidhm ag alt 22(1)(a) maidir le taifid 15, 166, 167 agus 168 as an mBunchomhad chomh maith le taifid 50, 51, 52, 78, 80, 83-85, 88, 89-90, 91, 92, 93, 94, 100, 101, 104, 105, 110-111 agus 113 as Comhad a Trí.

Aontaím le dearcadh Ms Moran agus breithním go mbaineann na taifid sin le ceann amháin nó le ceann eile den dá chineál cumarsáide atá faoi chosaint ag pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil. Dá réir sin, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 22(1)(a) maidir leis na taifid a aithníodh díreach thuas.

Taifid 77, 103, 107 agus 108 as Comhad a Trí

Teagmhálacha idir d'aturnae agus aturnaetha an Bhoird atá sna taifid seo a bhaineann le réiteach féideartha a fháil ar do chaingean in aghaidh an Bhoird. Is litreacha ó d'aturnae chuig aturnaetha an Bhoird atá i dtaifid 77 agus 107 agus is litir ó aturnaetha an Bhoird chuig d’aturnae atá i dtaifead 108. Tá "Gan Dochar" marcáilte ar gach ceann de na litreacha seo. Nóta atá i dtaifead 103 a thóg aturnaetha an Bhoird ar chomhrá teileafóin a tharla le d’aturnae; níl "Gan Dochar" marcáilte air. Bhí sé mar argóint ag an mBord, áfach, gur chóir caitheamh le nóta a bhaineann le cainteanna a rabhthas ina mbun ar bhonn "Gan Dochar", chun críocha SF, ar an mbealach céanna is a chaithfí le taifead ar chumarsáid scríofa a mbeadh "Gan Dochar" marcáilte air.

De bhrí gur éiligh an Bord i dtús báire go bhfuil na taifid sin díolmhaithe ar bhonn pribhléide gairmiúla dlíthiúla [alt 22(1)(a)], tá an chosúlacht air ón aighneacht ba dhéanaí a rinne sé (9 Bealtaine 2005) go nglacann sé nach bhfuil feidhm ag pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil maidir leo; is é an argóint atá aige, áfach, go bhfuil siad díolmhaithe ar bhonn díolúintí eile. D'fhonn aon dabht a sheachaint, is mian liom a shoiléiriú gurb é an seasamh atá agam nach bhfuil na taifid sin clúdaithe ag pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil.

De réir mar atá leagtha amach thíos, d’fhéadfadh taifid a bhfuil "Gan Dochar" marcáilte orthu a bheith clúdaithe ag pribhléid ach is catagóir ar leith í an phribhléid sin, nuair a bhíonn feidhm léi, seachas pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil. Is le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil amháin a bhíonn feidhm ag an díolúine in alt 22(1)(a).

Taifid "Gan Dochar" – Comhad a Trí

Is léir go bhféadfadh taifid a bhfuil "Gan Dochar" marcáilte orthu a bheith clúdaithe ag pribhléid sa chiall dhlíthiúil. De réir Irish Legal Companion le Murdoch:

"Letters written and oral communications made during a dispute between parties, which are made or written for the purpose of settling the dispute, and which are expressed or otherwise proved to have been made "without prejudice", cannot generally be admitted in evidence. Where the privilege is challenged, the court is entitled to examine the communications to determine whether they are of such a nature as to attract privilege: Ryan v Connolly [2001 SC] 2 ILRM 174 and 1 IR 627."

Tráchtann Murdoch ina dhiaidh sin go bhfuil an riail seo bunaithe ar an bpolasaí poiblí gur chóir páirtithe a spreagadh chomh fada is is féidir é chun a n-aighnis a réiteach gan dul i muinín dlíthíochta.

Deir Cross and Tapper in Evidence (An tOchtú hEagrán) go:

"[a] witness is said to be privileged when he may validly claim not to answer a question ...which would be relevant to the determination of an issue in judicial proceedings ...

Only four heads of privilege are sufficiently important to require discussion here, the privilege against self incrimination, legal professional privilege, privilege for statements made without prejudice as part of an attempt to settle a dispute and a privilege derived from the former for statements made to a conciliator. ... (Lth. 451)

[Statements made "without prejudice"] often relate to the offer of a compromise, and, were it not for the privilege, they would constitute significant items of evidence on the ground that they were admissions. Obviously it is in the public interest that disputes should be settled and litigation reduced to a minimum, so the policy of the law is in favour of enlarging the cloak under which negotiations may be conducted without prejudice. This policy is carried out by means of a rigorous insistence on the absence of any magic in the form of words used by the parties, everything being made to depend on their intention and the objective circumstances of the case, but difficulty occasionally arises as to the scope and effect of the privilege." (Lth. 501)

Míníonn Cross and Tapper (Lth. 500 - 501) faoi thaifid dá leithéid mar seo a leanas "cannot be put in evidence without the consent of both parties, the case being one of joint privilege" and that "it is not possible to import the notion of waiver from legal professional privilege, since where 'without prejudice' privilege exists it is essentially joint" (Lth. 503). Is léir go bhfuil idirdhealú idir pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil agus an phribhléid sin a bhaineann le ráitis gan dochar a dhéantar mar chuid d’iarracht réiteach a fháil ar aighneas.

Glacaim leis go bhfuil na taifid chomhfhreagrais idir na haturnaetha, taifid a bhfuil "Gan Dochar" marcáilte orthu, ann sa chomhthéacs iarrachtaí a dhéanamh réiteach a fháil ar do chaingean in aghaidh an Bhoird. Glacaim leis, i gcás taifead 103 (nóta a thóg aturnaetha an Bhoird ar chomhrá teileafóin le d'aturnae), nach bhfuil "Gan Dochar" marcáilte air, go bhféadfaí caitheamh leis ar an mbealach céanna is a chaitear leis na trí litir a bhfuil "Gan Dochar" marcáilte orthu. Ag féachaint don tráchtaireacht in Irish Legal Companion le Murdoch agus in Cross and Tapper, tá an chosúlacht air go bhféadfaí doiciméid a bhaineann le hiarrachtaí ó bhéal chun teacht ar réiteach a choinneáil siar ó bheith tugtha isteach mar fhianaise, d’ainneoin gan "Gan Dochar" a bheith marcáilte orthu. Luann Cross and Tapper (Lth. 501) an méid seo a leanas "[i]t is unnecessary to use the words or any equivalent, if it is clear from the surrounding circumstances that the evidence is part of a continuing negotiation, or obtained pursuant to one."

Glacaim leis gur cruthaíodh taifid 77,103,107 agus 108 i gcomhthéacs ina rabhthas ag iarraidh teacht ar réiteach ar do chaingean in aghaidh an Bhoird agus, dá bharr sin, is taifid den chineál iad nach bhféadfaí a thabhairt isteach mar fhianaise i gcúirt dlí. Táim sásta go mbaineann an phribhléid atá i bhfeidhm ar na taifid sin le catagóir ar leith seachas an catagóir maidir le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil agus dá réir sin, táim sásta nach bhfuil feidhm ag alt 22(1)(a) maidir leo.

Ina aighneacht dar dáta an 9 Bealtaine 2005, thug an Bord faoi deara gurb í an phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil an "t-aon phribhléid nach n-áirítear go sainráite leis na hAchtanna [um SF]." Is í mo thuiscint air sin gurb í an phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil an t-aon chineál pribhléide a dtugann an tAcht um SF cosaint shainráite di trí dhíolúine a thabhairt ón ngnáthcheart rochtana a thugann an tAcht. Molann an Bord ansin nach dócha go raibh sé i gceist ag an reachtas go mbeadh doiciméid a chlúdaítear faoi chineálacha eile pribhléide (agus thagair sé do phribhléid shagartúil/faoistine, pribhléid in aghaidh féin-ionchoirithe agus pribhléid "Gan Dochar") "le fáil gan bac faoi na hAchtanna um SF". Ba í an argóint a bhí ag an mBord ansin go mbeadh "doiciméadú dá leithéid díolmhaithe ó fheidhm a bheith ag na hAchtanna faoi alt 26 maidir leis – ‘faisnéis a fhaightear i modh rúin’". Rinne an Bord an argóint, níos déanaí san aighneacht seo, fiú dá gcinnfí nach mbeadh feidhm ag alt 26, go bhféadfadh go mbeadh na taifid sin díolmhaithe de bhua forálacha eile den Acht um SF agus luann sé ailt 20(1) agus 21(1)(b) & (c).

De bharr chointinn reatha an Bhoird go bhfuil na taifid sin díolmhaithe de bhua forálacha seachas alt 22(1)(a) – an bhunchointinn a rinne sé – is gá cointinn reatha an Bhoird a bhreithniú. Chaithfeadh sé go bhfuil cuma na míréalaíochta ar an gcleachtadh sin, áfach, ó tharla gur cumarsáid idir an Bord (trína aturnaetha) agus tú féin (trí d'aturnaetha) atá sna taifid lena mbaineann.

Feidhm a bheith ag alt 20(1) maidir le taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu - Comhad a Trí

Forálann alt 20(1) den Acht um SF go bhféadfaí diúltú rochtain a thabhairt ar thaifead "más rud é go bhfuil ábhar sa taifead áirithe a bhaineann le próisis phléite comhlachta phoiblí (lena n-áirítear tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú ag an gcomhlacht nó ag comhalta den chomhlacht nó d'fhoireann an chomhlachta chun críche na bpróiseas sin)." Tá an chosúlacht air go bhfuil an Bord ag tabhairt le tuiscint gurb ionann na teagmhálacha idir d’aturnaetha agus a aturnaetha féin, chun críoch réiteach a fháil maidir le do chaingean dlí, agus próiseas pléite mar atá faoi chaibidil in alt 20(1) den Acht um SF.

Táim ar an airdeall gurb é dearcadh tráchtairí ar oibríocht den chineál díolúine seo i gcomhthéacs dhlínse na hAstráile agus dhlínsí eile SF go gcaithfeadh go mbainfeadh an taifead le próisis déanta polasaí in áit baint a bheith aige le feidhmeanna nósanna imeachta nó seachadta seirbhísí dá mba leis a bheith cáilithe mar thaifead a bhaineann leis an bpróiseas pléite. Ina theannta sin, is é is dócha gur próiseas inmheánach a bhíonn i bpróiseas pléite. Is taifid teagmhála le tríú páirtí (tú féin) iad na taifid atá i gceist anseo agus baineann siad le réiteach féideartha a fháil ar chaingean dlí. Ní fheicim go bhfuil fiúntas ar bith in iontaoibh an Bhoird in alt 20(1) agus cinnim dá réir sin.

Feidhm a bheith ag alt 21(1)(b) maidir le taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu - Comhad a Trí

Forálann alt 21(1)(b) do dhiúltú d’iarraidh dá mba rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí an taifead iarrtha "go mbeadh droch-éifeacht shuntasach aici ar chomhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna a bhaineann le bainistiú (lena n-áirítear caidreamh tionscail agus bainistiú a fhoirne) ag an gcomhlacht.

Is í argóint an Bhoird go mbeadh droch-éifeacht shuntasach ag an scaoileadh ar "thoilteanas bhainistíocht an FSS a n-ionadaithe dlí a údarú dul i mbun idirbheartaíochta le hionadaithe dlí fostaithe agus le haon pháirtithe eile sa todhchaí maidir le réiteach poitéinsiúil a fháil ar chásanna, dá dtuigfí dóibh go bhféadfaí cainteanna dá leithéid a nochtadh ag am ar bith faoi SF d’ainneoin gan réiteach a bheith faighte as na hidirbheartaíochtaí."

Tá sé tábhachtach, arís, a bheith ar an airdeall go bhfuil an t-iarrthóir sa chás seo (tú féin) ina pháirtí díreach maidir leis an gcumarsáid a nochtann na taifid áirithe seo. Dá mba rud é nach raibh an t-iarrthóir ina pháirtí díreach, ba dhócha go mbeadh cosaint ag ábhar na dtaifead faoi alt 28 a thugann cosaint d'fhaisnéis phearsanta tríú páirtithe. D’fhéadfadh sé go bhfuil cur chuige an Bhoird bunaithe ar an dearcadh nach bhfuil céannacht an iarrthóra iomchuí agus go lagódh aon scaoileadh de na taifid sin iarrachtaí ar réiteach dá leithéid a fháil sa todhchaí. Más é seo cur chuige an Bhoird, ní féidir liom glacadh leis gurb é an cur chuige ceart é. Ní fhéadfaí aon dochar a dhéanamh d’ábaltacht an Bhoird maidir le hiarracht a dhéanamh réiteach a fháil sa todhchaí dá scaoilfí taifid chugat, taifid ina nochtfaí idirbheartaíochtaí a bhí aige leat cheana féin. Ní féidir liom glacadh leis nach mbeadh an Bord chomh toilteanach céanna dul i mbun idirbheartaíochtaí i gcúinsí cosúla sa todhchaí dá scaoilfí na taifid sin chugat. Ní ghlacaim leis gur léirigh an Bord go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí na taifid go mbeadh "droch-éifeacht shuntasach" acu ar chomhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna a bhaineann le bainistiú ag an mBord.

Cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 21(1)(b) den Acht um SF maidir leis na taifid seo.

Feidhm a bheith ag alt 21(1)(c) maidir le taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu - Comhad a Trí

Forálann an fhoráil seo go bhféadfaí diúltú rochtain a thabhairt ar thaifead dá mba rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá scaoilfí an taifead "go nochtfaí seasaimh a glacadh, nó a bheadh le glacadh, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir nó treoracha a úsáideadh nó a leanadh nó a bheadh le húsáid nó le leanúint, chun críche aon chaibidlí a bhí nó atá, nó atá le bheith, á seoladh ag an Rialtas nó ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann."

Glacaim leis go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis dá scaoilfí na ceithre thaifead go nochtfaí seasaimh a glacadh chun críoch na n-idirbheartaíochtaí a bhí ar bun idir d'aturnaetha agus aturnaetha an Bhoird. Ach sa chás seo, áfach, is do dhuine (tú féin) a bhí ina pháirtí díreach do na hidirbheartaíochtaí an nochtadh a bhfuiltear á lorg. Bheadh sé réasúnach a shamhlú nach ndéanfadh scaoileadh na dtaifead seo chugat ach deimhniú a thabhairt maidir leis an méid atá ar eolas agat cheana, sé sin ábhar na cumarsáide idir do ghníomhaire agus gníomhaire an Bhoird. Is é an dearcadh atá agam go mbaineann an focal "nochtadh", sa chomhthéacs reatha, le faisnéis a thabhairt nach raibh tugtha go dtí seo nó le hábhar a nochtadh nach raibh nochta go dtí seo. Is ar éigean gur féidir féachaint ar scaoileadh na dtaifead seo chugatsa mar nochtadh de bharr go raibh tú mar pháirtí don chumarsáid a dtugtar fianaise uirthi sna taifid.

Tá an chosúlacht air gurb é cuspóir alt 21(1)(c) cosaint a thabhairt d'ábaltacht comhlachta phoiblí dul i mbun idirbheartaíochtaí. Sa chomhthéacs seo, is ar éigean a bheadh sé inchosanta a áitiú gur cheart an fhoráil a thoghairm más rud é gurb é an duine atá ag lorg na dtaifead an duine céanna lena mbaineann na hidirbheartaíochtaí agus más rud é gur taifid ar chumarsáid dháiríre idir an comhlacht poiblí agus an duine sin atá sna taifid. De bhrí go mbeadh dearcadh difriúil ag duine i gcás go nochtfadh taifid an Bhoird a chaint inmheánach ar cé mar ab fhearr dul i mbun idirbheartaíochta, ní amhlaidh atá i ndáil leis na taifid atá i gceist anseo.

Measaim, i gcomhthéacs sonrach an cháis seo, nach féidir dul in iontaoibh alt 21(1)(c) agus cinnim dá réir sin. In aon chás, fiú dá mba rud é gur chinn mé go raibh feidhm ag alt 21(1)(c) maidir leis, is foráil í atá faoi réir ag an tástáil maidir le leas an phobail in alt 21(2). Dá mba ghá an tástáil ar leas an phobail a chur i bhfeidhm, táim sásta go gcinnfinn, maidir le himthosca sonracha an cháis seo, "gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh di".

Feidhm a bheith ag alt 26(1)(a) maidir le taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu - Comhad a Trí

Forálann alt 26(1)(a) go ndiúltófar d’iarraidh SF más rud é go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í:

  • a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus,
  • ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún agus
  • gur dóigh dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile amach agus
  • go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d’fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin, mar atá réamhráite a thabhairt don chomhlacht.

Is é seasamh an Bhoird go raibh tuiscint fhrithpháirteach rúndachta idir a aturnaetha agus d’aturnaetha go ndéileálfaí leis an gcumarsáid lena mbaineann mar chumarsáid faoi rún. Ní léir dom an bhfuil nó nach bhfuil an Bord ag áitiú go raibh tuiscint rúndachta idir an dá shraith d'aturnaetha a chuir bac orthu maidir leis an gcumarsáid a nochtadh dá gcliaint féin. Má bhí, is léir mar sin go bhfuil an tuiscint sin obtha cheana féin sa mhéid is go bhfuil na taifid sin anois i seilbh an Bhoird. Glacaim leis go bhfuil an chumarsáid atá i gceist faoi rún vis à vis páirtithe nach bhfuil baint acu leis an gcás ach ní ghlacaim leis go bhféadfaí go measfaí iad a bheith faoi rún i ndáil leatsa. Deirim é sin de bharr gur gníomhairí dá bprionsabail iad aturnaetha agus measaim gur idir an Bord agus tú féin i ndáiríre a bhí an chumarsáid lena mbaineann.

Ní chreidim go bhfuil sé úsáideach ná riachtanach anailís fhada a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil bac ar na taifid "gan dochar" a scaoileadh chugat de bhua alt 26(1)(a). Má tá feidhm le bheith ag an díolúine, ní mór gach ceann de na ceanglais sna pointí thuas a chomhlíonadh. Ní ghlacaim leis gur dóigh "go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile" dá scaoilfí taifid chugat ina nochtfaí cumarsáid d'aturnaetha le haturnaetha an Bhoird. Dá réir sin, agus gan féachaint ar gach ceann acu go mion, cinnim nár comhlíonadh na ceanglais chun go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(a) maidir leo agus nach bhfuil feidhm ag an díolúine.

Feidhm a bheith ag alt 26(1)(b) maidir le taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu - Comhad a Trí

Forálann alt 26(1)(b) go ndiúltófar d’iarraidh ar rochtain a thabhairt ar thaifead más rud é "gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán … nó thairis sin le dlí". Ní mór an dualgas rúndachta sin a bheith dlite ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann ar dhuine eile seachas aon chomhalta d'fhoireann an chomhlachta ná comhlacht poiblí eile.

De bhrí gur féidir leis an díolúine áirithe sin a bheith sách deacair lena fheidhmiú, dá mba leis a bheith iomchuí sa chomhthéacs reatha chaithfeadh gurbh amhlaidh gurbh ionann scaoileadh na dtaifead a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu chugat agus sárú dualgais rúndachta. Sa chomhthéacs reatha, is tú féin amháin an t-aon pháirtí a mbeadh caidreamh faoi rún ag an mBord leis. Ní féidir liom glacadh leis, de bharr na gcúiseanna go léir a bhfuil breac-chuntas tugtha agam orthu thuas, gurbh ionann scaoileadh na dtaifead (ar taifid chumarsáide iad idir an Bord agus tú féin) chugat agus sárú dualgais rúndachta. Is cinnte go n-ardófaí saincheisteanna i ndáil le rúndacht dá scaoilfeadh an Bord na taifid sin chuig páirtí éigin eile; ach ní shamhlaítear scaoileadh dá leithéid sa chás seo.

I gcomhthéacs an cháis áirithe seo, cinnim nach bhfuil na taifid a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu díolmhaithe faoi alt 26(1)(b) den Acht um SF.

Achoimre i leith na dtaifead a bhfuil "gan dochar" marcáilte orthu – taifid 77, 103, 107 agus 108 as Comhad a Trí

Cinnim nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na díolúintí atá éilithe ag an mBord, i ndáil leis na taifid seo, maidir le himthosca an cháis seo. Is é an príomhchúinse go mbaineann an scaoileadh molta leis an duine lena mbaineann na taifid agus nach mbaineann na taifid le haon duine eile seachas leis an mBord é féin. Is dócha gur toradh difriúil a bheadh ann dá mbeadh na taifid sin á lorg ag páirtí eile seachas agat féin.

Alt 26(1) - Taifid 59 (páirt de amháin) & 78 - An Bunchomhad

Mar is eol duit ó thaifid atá scaoilte chugat cheana féin, lorg an Bord faisnéis ar Ollscoil na Breataine Bige, Swansea i ndáil le d’fheidhmíocht a fhad is a bhí oiliúint á cur ort ansin in obair shóisialta ghairmiúil idir 1990-1991. Tá faisnéis a bhí tugtha ag Ollscoil na Breataine Bige mar fhreagra ar iarraidh an Bhoird le fáil sna páirteanna siarchoinnithe de thaifead 59 chomh maith leis an taifead siarchoinnithe 78 (is as an mBunchomhad an dá thaifead). [Is cóip de pháirt den chuid siarchoinnithe de thaifead 59 atá i dtaifead 22 as Comhad a Trí.]

Ghlac Ms. Moran as m’Oifig sa réamhdhearcadh a sheol sí chugat le seasamh an Bhoird nár chóir na taifid sin a scaoileadh ar an mbonn go bhfuil siad díolmhaithe faoi cheann nó níos mó de na forálacha atá in alt 26 a thugann cosaint d'fhaisnéis a fhaightear faoi mhodh rúin. [Leagadh amach sonraí fhorálacha alt 26 níos luaithe sa litir seo.] Ní seasamh é seo gur féidir liom glacadh leis áfach agus déanfaidh mé soiléiriú air sin thíos. Is í an tsaincheist a bhaineann leis seo cé acu an raibh nó nach raibh sireadh an Bhoird agus ina dhiaidh sin glacadh an Bhoird le faisnéis ó Ollscoil na Breataine Bige déanta faoi mhodh rúin a chuir bac ar an mBord an fhaisnéis a nochtadh duitse. Níl fadhb ar bith agam glacadh leis gur lorgaíodh, agus gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn go raibh sé faoi mhodh rúin go ginearálta; an ní nach féidir liom glacadh leis is ea gur lorgaíodh agus gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn nach nochtfaí duitse í.

Tugaim faoi deara go bhfuil "Príobháideach & Faoi Rúin" marcáilte ar thaifead 78, agus gur nóta an Bhoird ar chomhrá teileafóin leis an Ollamh Y in Ollscoil na Breataine Bige é. Ar an láimh eile, níl aon tagairt do rúndacht san iarraidh scríofa ar fhaisnéis a sheol an Bord chuig Ollscoil na Breataine Bige ina dhiaidh sin. Mar sin féin tá "FAOI RÚN" marcáilte ar an bpáirt de thaifead 59 a siarchoinníodh agus is éard atá sa taifead ná an litir a tháinig mar fhreagra ó Ollscoil na Breataine Bige.

Chuaigh m’Oifig i gcomhairle le hOllscoil na Breataine Bige, le linn an athbhreithnithe seo, maidir leis an bhfaisnéis a bhí tugtha aici don Bhord agus maidir lena dearcadh ar cheart nó nár cheart í a nochtadh duit. Is é seasamh na hOllscoile gur "tagairtí gairmiúla i ndáiríre" a bhí sa chumarsáid a bhí aici leis an mBord agus "gur chóir leanúint a bheith ag déileáil léi mar chumarsáid faoi rún agus nár chóir í a nochtadh". Is iad seo a leanas na cúiseanna a thug an Ollscoil maidir lena seasamh:

  • go gcuirfeadh aon imeacht ón gcleachtas maidir le bheith ag déileáil le taifid dá leithéid mar thaifid faoi rún "isteach ar thoilteanas moltóirí a ndearcadh a thabhairt go hiomlán agus go hoscailte" agus nach rachadh sé sin "chun tairbhe aon duine go ginearálta, go háirithe i ndáil le gairmeacha beatha cosúil le hobair shóisialta a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine éislinneacha sa phobal", agus
  • bhí roinnt ábhar san áireamh sa mhéid a dúirt an Ollscoil a bhí faighte aici féin ar an mbonn go mbeadh sé faoi rún ó thríú páirtithe agus nach mbeadh sé inmhianaithe "dá nochtfaí an t-ábhar sin"; cé gur ghlac sí leis go mbeadh go leor de seo ar eolas agat cheana féin.

Glacaim leis go mbeadh tuiscint ghinearálta rúndachta ag baint leis na teagmhálacha idir an Bord agus Ollscoil na Breataine Bige, sé sin, go bhfanfadh an chumarsáid faoi rún vis à vis tríú páirtithe. Ní ghlacaim leis, áfach, go raibh an tuiscint nach gcuirfí freagra na hOllscoile ar fáil duitse san áireamh leis an tuiscint ghinearálta rúndachta seo. Agus mé den dearcadh seo, tá tionchar áirithe ag an gcomhthéacs inar lorg an Bord faisnéis ar an Ollscoil fút orm. Tharla an teagmháil a rinne an Bord leis an Ollscoil i gcomhthéacs bhreithniú an Bhoird faoinar chóir nó nár chóir deireadh a chur le d’fhostaíocht. Ina litir den 17 Meitheamh 1998 chuig an Ollscoil – ar scaoileadh cóip di amach chugat – dúirt Bainisteoir Limistéir an Bhoird um Sheirbhísí Cúraim Leanaí gur iarr a Bhainisteoir Clár air "tuairisc a iarraidh go foirmiúil ar Ollscoil Swansea maidir le feidhmíocht an Uasail X ar an gCúrsa a luadh roimhe seo", sé sin, An tArdteastas in Applied Social Studies agus an cúrsa CQSW.

Ó tharla an comhthéacs inar lorgaíodh an tuairisc, ó tharla roinnt faisnéise a bheith tugtha cheana féin ag an Ollscoil ar an teileafón, ó tharla nár thug an Bord aon dearbhuithe scríofa rúndachta i ndáil leat féin agus ó tharla gur lorgaíodh an fhaisnéis go "foirmiúil", ní féidir liom glacadh leis go raibh aon tuiscint fhrithpháirteach idir an Bord agus an Ollscoil go gcoinneofaí faisnéis na hOllscoile siar uait.

Ó tharla gur foras í an Ollscoil ina gcuirtear oiliúint ghairmiúil ar oibrithe sóisialta, is deacair a shamhlú go ndiúltódh an Ollscoil faisnéis a thabhairt d’fhostóir oibrí shóisialta, cosúil leis an mBord, in éagmais dearbhuithe rúndachta. Is féidir an argóint a dhéanamh, go deimhin, go bhfuil sé de fhreagracht ar an Ollscoil i leith údarás fostaíochta aon fhaisnéis iomchuí atá aici faoi oibrithe sóisialta aonaracha atá fostaithe ag an údarás sin, nó atá beartaithe ag an údarás a fhostú, a thabhairt. Bheadh tábhacht sa bhreis ag baint leis an bhfreagracht sin dá mbeadh faisnéis ag an Ollscoil a thabharfadh le fios nach mbeadh duine aonair áirithe feiliúnach le fostú mar oibrí sóisialta. Dá réir sin, ní ghlacaim leis go raibh aon bhonn réasúnach ag an Ollscoil a chreidiúint go raibh faisnéis a thug sí, maidir le d'fheidhmíocht san Ollscoil, á tabhairt ar an tuiscint nach nochtfaí duit í.

I gcás an Bhoird, chaithfeadh go raibh sé ar an airdeall faoin tromchúis a bhain leis an gcomhthéacs inar lorg sé an fhaisnéis ar an Ollscoil. I mbreitheanna a dtángthas orthu níos luaithe a bhaineann le tagairtí fostaíochta á lorg ag comhlachtaí poiblí [féach na breitheanna i gCás Uimh. 010310 agus Cás Uimh. 020021 ar shuíomh gréasáin m’Oifige ag www.oic.gov.ie] chuir mé béim ar an ábharthacht a bhaineann le nós imeachta cothrom nó ceartas bunreachtúil i gcásanna dá leithéid. Rinne mé trácht mar seo a leanas i gCás Uimh. 010310:

"…Creidim nach seasamh inbhuanaithe ag comhlacht poiblí é a bheith ag lorg cosaint a fháil ar chur chuige áirithe maidir le feidhmiú feidhme ar leith más rud é go bhfuil an chosúlacht air gurbh ionann an cur chuige sin agus sárú an cheanglais déanamh de réir nós imeachta cothrom. A mhéid a gcuireann a gcearta isteach ar chearta nó leasa daoine aonair, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí gníomhú de réir nós imeachta cothrom. Tá feidhm ag an gceanglas sin i gcás próiseas roghnaithe fostaí. Tá próiseas roghnaithe a fhorálann do thagairt ó thríú páirtithe, nó ó mhaoirseoirí nó ó bhainisteoirí sa chomhlacht fostaíochta a thabhairt san áireamh, agus más rud é nach bhfuil na tagairtí sin (nó a n-ábhar) le cur ar fáil don iarratasóir, éagórach ó nádúr. Cuireann próiseas dá leithéid bac ar an iarratasóir ó bheith ar an eolas faoina bhfuiltear ag rá faoi/fúithi agus ní bhíonn ar chumas an iarratasóra an tráchtaireacht nó measúnuithe a mheasfadh sé nó sí a bheith mícheart nó claonta a fhrisnéis.".

Feictear domsa gur mó i bhfad é dualgas an cheartais bhunreachtúil i do chás-sa - ós rud é gur foirceannadh féideartha fostaíochta a bhí i gceist seachas deis a bheith ar fhostaíocht tar éis próiseas roghnaithe poist. Is ar éigean go bhfuil sé inchosanta ag an mBord argóint a dhéanamh, mar chuid de phróiseas a bhféadfadh foirceannadh d'fhostaíochta a bheith dá bharr (rud a tharla), go bhféadfadh sé féachaint d’fhaisnéis iomchuí fút agus a bheith ag súil leis go bhféadfaí an fhaisnéis sin a choinneáil siar uait. D’fhéadfadh sé, ag an am a ndearnadh na teagmhálacha idir an Bord agus an Ollscoil, nár smaoinigh ceachtar den dá pháirtí ar na himpleachtaí a bhainfeadh leis an ní a bhí idir lámha acu. Dá mbreithneodh na páirtithe na himpleachtaí, is é an dearcadh atá agam nach bhféadfadh aon ionchas réasúnach a bheith ag ceachtar den dá pháirtí go bhféadfaí, nó gur chóir faisnéis na hOllscoile a choinneáil siar uait.

Is iomchuí a thabhairt faoi deara gur féidir forálacha an Achta um SF a léiriú de réir an Bhunreachta. Rinne an Chúirt Uachtarach ráiteas an-soiléir maidir leis sin ina breith dar dáta Eanáir 2006 in NMcK v Information Commissioner. Is éard is ciall leis sin sa chás reatha seo, agus dearcadh maidir leis an tuiscint a bhí, b’fhéidir, ag an mBord agus an Ollscoil a thabhairt san áireamh, gur gá glacadh leis go raibh meas aici ar na prionsabail a bhaineann le ceartas bunreachtúil. De réir mar a thuigimse é, in éagmais imthosca eisceachtúla, gurbh ionann aon tuiscint a bhí idir an Bord agus an Ollscoil go gcoinneodh an Bord an fhaisnéis a bhí tugtha ag an Ollscoil siar uait agus sárú na gceanglas a bhaineann le ceartas bunreachtúil. Caithfidh mé glacadh leis go raibh an tuiscint, cibé tuiscint a bhí ann, a bhí idir an dá chomhlacht, de réir na bprionsabal a bhaineann le ceartas bunreachtúil. Dá bhrí sin, tá orm a bheith den dearcadh nár áiríodh an tuiscint go gcoinneodh an Bord siar uaitse cibé faisnéis a thabharfadh an Ollscoil dó leis an tuiscint rúndachta a bhí idir na comhlachtaí.

Mar a míníodh níos luaithe sa bhreith seo, tá dhá fhoráil ar leith ag fo-ailt (1)(a) agus (1)(b) ag gabháil le díolúine alt 26(1). Má tá feidhm le bheith ag ceachtar den dhá fhoráil, áfach, tá réamhriachtanas ann go mbeadh caidreamh bunaithe rúndachta idir soláthróir na faisnéise agus an comhlacht poiblí lena mbaineann. Sa chás reatha seo, is í an tsaincheist an raibh nó nach raibh tuiscint rúndachta idir an Ollscoil agus an Bord inar áiríodh an tuiscint nach nochtfaí an fhaisnéis a bhí tugtha ag an Ollscoil duit. Ní ghlacaim leis, de bharr na gcúiseanna atá leagtha amach díreach thuas, go raibh a leithéid de thuiscint ann. I gcomhthéacs an cháis áirithe seo, ní ghlacaim leis go sásaíonn an fhaisnéis a bhí faighte ón Ollscoil an chéad dá cheanglas chun feidhm a bheith le halt 26(1)(a); agus ní ghlacaim leis ach oiread gurbh ionann faisnéis na hOllscoile a scaoileadh chugat ag an mBord agus sárú dualgais rúndachta de réir mar atá faoi chaibidil in alt 26(1)(b) den Acht um SF. Dá réir sin, cinnim i gcás na bpáirteanna siarchoinnithe de thaifead 59 agus de thaifead 78 ina iomláine (is as an mBunchomhad an dá thaifead) nach bhfuil siad díolmhaithe ó scaoileadh faoi alt 26(1) den Acht um SF.

Alt 28 – Faisnéis Phearsanta

Ón scrúdú atá déanta agamsa ar na taifid a diúltaíodh, táim sásta go nochtann líon áirithe acu an fhaisnéis phearsanta faoi dhaoine aonair inaitheanta agus nár cheart iad a scaoileadh ar na forais go bhfuil siad díolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht um SF. Ní chreidim go bhfuil gá dom dul siar ar na sonraí ag an bpointe seo ó tharla gur dhéileáil Ms. Moran i dtéarmaí ginearálta le hoibríocht alt 28(1). Ina theannta sin, is iomchuí a thabhairt faoi deara nach léir ar chor ar bith, i ndáil le roinnt mhaith de na taifid a ndéileáiltear leo díreach faoi seo, go bhfuil na taifid sin cumhdaithe i ndáiríre san iarraidh SF faoi mar a rinne tú.

An Bunchomhad

Tá faisnéis a bhí tugtha ag an Dr. Z don Bhord le fáil i dtaifead 47 as an mBunchomhad. [Is dúblach atá i dtaifead 39-40 i gComhad a Trí den taifead seo.] Tá an taifead seo diúltaithe ag an mBord faoi threoir alt 26 (faisnéis a fhaightear i modh rúin) agus d’aontaigh Ms. Moran as m’Oifig le cur chuige an Bhoird sna tuairimí réamhdhearcaidh ina litir chugat dar dáta an 11 Feabhra 2005. Tá cinneadh déanta agam gan aon toradh a thabhairt ar fheidhm a bheith ag alt 26 maidir leis an taifead seo mar creidim go bhfuil sé díolmhaithe, in aon chás, ar an mbonn go nochtann sé faisnéis phearsanta faoin Dr. Z. Mar is eol duit b’fhéidir, ní díolúine iomlán é alt 28(1) agus tá roinnt eisceachtaí lena fheidhmiú. Sa chomhthéacs reatha is í an t-aon eisceacht a d'fhéadfadh a bheith ábhartha ná an díolúine ag alt 28(5)(a) a fhorálann do scaoileadh na faisnéise pearsanta ar mhaithe le leas an phobail. Níl mé ar an airdeall gurbh fhearr go mór a dhéanfaí leas an phobail tríd an taifead a scaoileadh agus cinnim go bhfuil sé díolmhaithe de bhua alt 28(1) den Acht um SF.

Tugaim faoi deara go dtagraíonn na páirteanna siarchoinnithe de thaifead 136 as an mBunchomhad (agus a dhúblach, taifead 84 as Comhad a Dó) do chomhalta d'fhoireann seachas tú féin agus go ndúirt Ms. Moran leat gurbh é a breithniú go bhfuil sé díolmhaithe faoi alt 28(1). Aontaím lena dearcadh. Sa bhreis air sin, breithním nach bhfuil aon fhaisnéis sa taifead seo a bhaineann ar bhealach ar bith le himscrúdú an Bhoird ar do ghearán. Dá scaoilfí amach chugat é ní chuirfí leis an tuiscint atá agat maidir leis an tslí inar dhéileáil an Bord le do ghearán. Ar an láimh eile, is ionann scaoileadh taifead 136 agus sárú cearta príobháideachta an duine aonair lena mbaineann. Measaim, tríd is tríd, gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí thaifead 136 as an mbunchomhad, agus a chóip (Taifead 84 as Comhad a Dó) a choinneáil siar uait.

Comhad a hAon

Dúirt Ms. Moran leat go measann sí go bhfuil taifead 1, 6, 7, 9, 10, 11, 27, 29, 39, 40, 41, 43, 45, 46, 47, 49, 50, 51, 66, 67 agus 68 lasmuigh de scóip d’iarrata mar gur thagair siad do na huaireanta oibrithe agus do phá a thuill comhaltaí d’fhoireann an Bhoird seachas tú féin.

Dúirt Ms. Moran leat chomh maith ós rud é gur tú féin a chruthaigh taifid 26, 28, 31, 32 agus 33 le linn duit do dhualgais a bheith á gcomhlíonadh agat, nach bhféadfaí a rá go raibh d'fhaisnéis phearsanta le fáil iontu. Dúirt Ms. Moran leat ós rud é go raibh faisnéis phearsanta le fáil sna taifid sin faoi dhaoine aonair eile seachas tú féin, gur mheas sí go raibh siad lasmuigh de scóip d'iarrata. Aontaím leis an dearcadh a bhí aici nach bhfuil taifid dá leithéid laistigh de scóip d’iarrata ar thaifid "i ndáil le [do] fostaíocht mar Oibrí Sóisialta leis an mBord."

Ní fheicim gá ar bith a thuilleadh breithnithe ar na taifid atá liostáilte sa dá alt a tháinig roimhe seo. In aon chás, fiú dá mba rud é go raibh argóint déanta agat go raibh na taifid atá liostáilte sa dá alt sin clúdaithe ag scóip d’iarrata, ba é an cinneadh a bheadh déanta agam go raibh siad díolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht um SF. De bharr na gcúiseanna atá leagtha amach cheana féin i ndáil le taifid 47 agus 136 as an mBunchomhad, bheinn den dearcadh cibé leas an phobail a dhéanfaí trí na taifid a scaoileadh nár leor é sin le hais cearta chun príobháideachta na ndaoine aonair a nochtar a bhfaisnéis phearsanta a chosaint.

Comhad a Trí

Dúirt Ms. Moran leat gur mheas sí go mbeadh feidhm ag alt 28(1) maidir leis an bpáirt siarchoinnithe de thaifead 36. Aontaím lena dearcadh agus, de bharr na gcúiseanna a leagadh amach níos luaithe, ní fheicim go ndéanfaí leas an phobail ar chor ar bith dá scaoilfí an fhaisnéis siarchoinnithe chugat.

Decision

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (arna leasú) leis seo athraím cinneadh an Bhoird sna téarmaí seo a leanas:

  • Cinnim go bhfuil bearta réasúnacha glactha ag an mBord chun a thuilleadh taifead atá clúdaithe i scóip d’iarrata a chuardach agus go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) maidir leis an ngné sin den chás.
  • Neamhnaím breith an Bhoird i ndáil leis na páirteanna siarchoinnithe de thaifead 59 and taifead 78 ina iomláine as an mBunchomhad agus ordaím go scaoilfear na taifid sin chugat.
  • Neamhnaím breith an Bhoird i ndáil le taifid 77, 103, 107 agus 108 as Comhad a Trí ina iomláine agus ordaím go scaoilfear chugat iad.
  • Daingním breith an Bhoird i ndáil leis an gcuid de na taifid siarchoinnithe atá fágtha agus cinnim go raibh siad coinnithe siar de réir an Achta um SF.

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Emily Ní Raghallaigh
An Coimisinéir Faisnéise