Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 040025 - An tUasal John McCarthy agus an Roinn Talmhaíochta agus Bia

 

Nóta:  Tá achomharc déanta ag an iarrthóir chun na hArd-Chúirte ar phonc dli sa chinneadh seo

Iarratas ar rochtain do thaifid – an bhfuil nóta mionteagaisc tugtha do Aire lasmuigh de réimse an Achta um SF- alt 46(1)(db) – an bhfuil díolúine ar fhorais pribhléide gairmiúla dlíthiúla infheidhmithe - alt 22(1)(a)

Case Summary

Achoimre Cáis

D’iarr an t-iarratasóir ar scaoileadh "cóip de thaifead na Ranna ar chomhfhreagras slánaíochta i dtaobh ceiste Emerald Meats / na Ranna / GATT ". Mar thoradh ar chinneadh na Ranna coinníodh siar taifid éagsúla, tá aon cheann déag acu ina n-ábhar ag an t-athbhreithniú seo.

Coinníodh taifead amháin siar ar bhunús alt 22(1)(a) agus 46(1)(db). Forálann an dara halt nach bhfuil an tAcht um SF infheidhmithe do thaifead a thugann comhlacht poiblí do bhall an Rialtais, nó d’Aire Stáit, ionas gur féidir leis nó léi é a úsáid in aon imeachtaí i gceachtar de Thithe an Oireachtais. Tháinig sé chun solais i rith an athbhreithnithe gur inis an Roinn don iarratasóir ina gcinneadh athbhreithnithe inmheánaigh gur tugadh "Nóta d’Aire" don Aire Talmhaíochta mar choimre i gcomhthéacs a fhreagra ar Cheist Pharlaiminte (CP). Ach, nuair a d’iarraidh an Oifig seo sonraí ón Roinn maidir leis an CP faoi leith a soláthraíodh an choimre seo lena haghaidh, tháinig sé chun solais nár tugadh an choimre i dtaobh aon CP ach gur cuireadh é ar fáil i gcás go n-iarrfaí ar an Aire, uair éigin sa todhchaí, ceisteanna faoi Emerald Meats a fhreagairt. Luaigh an Coimisinéir ina cinneadh nach gcreideann sí go bhféadfaí teagasc a tugadh don Aire sna téarmaí ginearálta seo a fhorléiriú mar choimre a chomhlíonann forálacha eisiamh alt 46(1)(db).

Ina theannta, déileálann cinneadh an Choimisinéara le hinfheidhmeacht díolúine alt 22(1)(a) a d’éiligh an Roinn i dtaobh an t-aon taifead déag ar fad. Dhearbhaigh an Coimisinéir an tuiscint a bhí aici roimhe ar na cúinsí ina bhfuil taifead díolmhaithe ar bhunús pribhléide gairmiúla dlíthiúla agus threoraigh sí scaoileadh tagairtí áirithe, i naoi gcinn de na taifid, nach bhfuil an cháilíocht muiníne acu atá riachtanach ionas go rachadh an díolúine seo i bhfeidhm. An chúis atá le seo ná go bhfuil eolas sna tagairtí atá i gceist scaoilte ag an Roinn don iarratasóir roimhe. Ar chaoi eile, fuair cinneadh an Choimisinéara amach go bhfuil an díolúine seo infheidhmithe don chuid eile den eolas atá san aon taifead déag.

Date of Decision: 21.09.2006

Our Reference: 040025

21.09.2006

An tUasal John McCarthy

A Uasal McCarthy

Tagraím do d’iarratas ar m’Oifig ar athbhreithniú ar an gcinneadh a ghlac an Roinn Talmhaíochta agus Bia tar éis d’iarratas SF ó 11 Iúil 2003. Tá m’athbhreithniú ar chinneadh na Ranna a rinne mé de réir fhorálacha na n-Achtanna um SF 1997 agus 2003 críochnaithe agam anois. Dá réir sin, tagraíonn gach tagairt sa litir seo d’ailt faoi leith den Acht um SF, ach amháin áit a luaitear rud eile, d’Acht um SF 1997 mar atá leasaithe. Ar dtús, ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil as an moill fhada a tharla agus críoch á cur leis an t-athbhreithniú seo.

Background

Cúlra

I d’iarratas tosaigh d’iarr tú ar scaoileadh "cóip de thaifead na Ranna de chomhfhreagras slánaíochta i dtaobh ceiste Emerald Meats/ na Ranna/ GATT". D’eisíodh cinneadh tosaigh na Ranna ar 12 Lúnasa 2003, agus mar thoradh air aithníodh 24 thaifead ábhartha, a bronnadh rochtain do thrí cinn acu.

Ar 26 Lúnasa 2003, d’iarr tú ar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh agus mar thoradh ar seo rinne oifigeach níos sinsearaí athmhachnamh ar d’iarratas tosaigh. Insíodh toradh an athbhreithnithe inmheánaigh duit ar 22 Meán Fómhair 2003 ach níor scaoileadh tuilleadh taifid mar thoradh ar seo.

Ina dhiaidh fuair m’Oifig iarratas ar athbhreithniú uait a ghlac mé leis ar 28 Eanáir 2004. Fuarthas aighneacht ar son a chinnidh ón Roinn agus ansin cuireadh an cás ar aghaidh chuig Fiosraitheoir ó m’Oifig (An tUas. Cathal Duffy).

Scope of Review

Scóip an Athbhreithnithe

Ag éirí as a chomhfhreagras leis an Roinn i dtaobh réimse an athbhreithnithe seo, scríobh an tUas. Duffy chugat ar 22 Aibreán 2005 ag cur in iúl duit gur mhaígh an Roinn go raibh dearcadh ró-leathan aige ar scóip d’iarratas tosaigh. Mar thoradh ar na cúinsí a leag sé amach, d’iarr an tUas. Duffy ar do dhearcadh ar an gceist seo. Sa chomhrá teileafóin a bhí agat leis an Uas. Duffy ina dhiaidh, d’aontaigh tú, ionas nach mbeadh an cheist seo, í féin, ina hábhar do thuilleadh dlíthíochta, ligean don athbhreithniú seo a choimeád d’eolas a fuarthas faoin bhfotheideal "Slánaíochtaí" nó, áit nach raibh fotheideal dá leithéid ann, áit a mbaineann ábhar na cáipéise go speisialta le ceist na slánaíochtaí. Sa litir dearbhaithe a chuir tú ina dhiaidh ó 3 Bealtaine 2005 dúirt tú go raibh tú ag glacadh leis an gcur chuige seo mar thoradh ar do cheart chun iarratas SF nua a dhéanamh don Roinn ar an gcuid eile de na cáipéisí a shocraigh an Roinn nach raibh sé ábhartha do d’iarratas tosaigh. Ar na cúinsí seo, níl sé riachtanach dom aon chinneadh a dhéanamh maidir le scóip an athbhreithnithe seo ach, mar sin féin, is mian liom a rá nach bhfuil dearcadh na Ranna nach raibh gá le féachaint chuig aon athbhrí duit chuige seo a réiteach agam féin.

Tugaim faoi deara i rith an chúrsa comhfhreagrais leis an Oifig seo maidir leis an athbhreithniú seo, gur aontaigh an Roinn ábhar an chéad ailt (a raibh abairt amháin ann) de litir an Ard-Rúnaí Feabhra 2000 do Rúnaíocht Choiste na gCuntas Poiblí (CCP) (Iml. IV – Uimh. Thaifid 6) a scaoileadh leat.

Ar 25 Bealtaine 2005 scríobh an tUas. Duffy chugat ag leagadh amach a dhearcadh maidir le gach ceann de na taifid, a shocraigh an Roinn go raibh siad ábhartha, agus a coinníodh ó scaoileadh. Tar éis roinnt comhrá teileafóin leis an Uas. Duffy maidir le hinfheidhmeacht na díolúine a d’éiligh an Roinn faoi alt 22(1)(a) den Acht, d’fhreagair tú dá litir ar 31 Bealtaine 2005. D’fhreagair an tUas. Duffy do litir ar 1 Iúil 2005 agus ina dhiaidh d’fhreastal tú ar chruinniú leis an Uas. Liam Kelly, Fiosraitheoir Sinsearach, agus leis an Uas. Duffy ar 22 Lúnasa 2005 ar a d’aontaigh tú gur féidir comhfhreagras oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, a choinnigh an Roinn siar ar bhunús alt 46(1)(b) nó 22(1)(a), a fhágáil amach ó scóip an athbhreithnithe seo. Scríobh an tUas. Duffy chugat arís ar 9 Meán Fómhair 2005 ag cur in iúl duit faoina réamhdhearcadh maidir leis an t-aon taifead déag a bhí fós ann agus d’fhreagair tú ar 5 Nollaig 2005.

Findings

Torthaí

Mar thoradh ar na cúinsí a leagadh amach thuas, is í an t-aon cheist nach mór dom dul i ngleic léi anois ná infheidhmeacht nó a athrach na díolúine a d’éilíodh faoi alt 22(1)(a) den Acht don aon taifead déag atá fós laistigh de réimse an athbhreithnithe seo.

Alt 22(1)(a): Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil (PGD)

Forálann an díolúine seo:

"Diúltóidh ceann géilleadh d’iarratas faoi alt 7 más rud é go mbeadh an taifead a bhfuil i gceist sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla."

Mar a d’insíodh i litreach an Uas. Duffy ó 25 Bealtaine 2005 agus 9 Meán Fómhair 2005, i gcinnidh roimhe fuair mé amach go gcuireann an dlí maidir le PGD ar chumas an chliaint rúndacht dhá chineál cumarsáide a choimeád:

  • cumarsáidí a dhearnadh idir an cliant agus a chomhairleoir/a comhairleoir dlí gairmiúil ar mhaithe le comhairle dhlíthiúil a fháil agus/nó a thabhairt
  • cumarsáidí a dhearnadh idir an cliant agus comhairleoir dlí gairmiúil nó an comhairleoir dlí gairmiúil agus tríú páirtí nó idir an cliant agus tríú páirtí, áit arbh í an phríomhchuspóir ná réiteach le haghaidh dlíthíochta beartaithe/ar feitheamh.

Go bunúsach, is í cuspóir PGD ná cosaint a thabhairt do shláine cumarsáidí rúnmhara atá riachtanach chun cur ar chumas páirtithe i gcás comhairle dlí a lorg agus a fháil agus/nó cur ar chumas cliaint a n-argóintí a réiteach, go rúnda, agus iad ag réiteach le haghaidh dlíthíochta atá beartaithe/ar feitheamh. Cinntíonn PGD nach nochtar ábhar cumarsáidí dá leithéid roimh am (má nochtar in aon chor) don pháirtí eile nó do pháirtithe sna himeachtaí, rud a ndéanfadh dochar do chothrom na n-imeachtaí. Ní bhaineann sé le taifid a chruthaítear chun iad a nochtadh do na páirtithe eile sna himeachtaí atá i gceist.

Ach tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara cé go n-ordaítear dom in alt 34(10) den Acht cúiseanna le mo chinnidh a thabhairt, go bhfuil sé seo faoi réir riachtanas alt 43 go nglacaim gach réamhchúram réasúnta chun nochtadh eolais atá i dtaifead díolmhaithe a chosaint. Mar sin, níl cead agam bunús mo chinnidh (thíos) a phlé le sonraí maidir leis na taifid i gceist atá laistigh de réimse an athbhreithnithe seo.

Agus mé ag socrú an mbeadh taifid díolmhaithe óna dtabhairt ar aird i gcúirt ar fhoras PGD, ní mór dom coinneáil ar chuimhne gur leis an gcliant an phribhléid. Dá réir, is í an cheist nach mór dom machnamh air (thíos) i dtaobh gach taifid, nó cuid de thaifead, ná an éireodh leis an gcliant, an Roinn sa chás seo, é a choinneáil siar ar fhoras PGD in imeachtaí cúirte.

Iml. IV – Uimh. Thaifid 1

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den meabhrán inmheánach dhá leathanaigh dátaithe 2 Nollaig 1999 a raibh scríofa ag feidhmeannach dá raibh ag gníomhú de réir acmhainne riaracháin d’fhonn bainistíocht shinsearach na Ranna agus an tAire a chur ar an eolas maidir le forbairtí i ndáil le "Cás Emerald Meats".

Is é an chéad cheist a thagann aníos ná cé acu gur féidir leis an díolúine a fheidhmiú i dtaobh taifead inmheánach nach bhfuil de ráite na fírinne ina chumarsáid díreach idir an chliant agus tríú pháirtí. Ó do chruinniú leis an Uas. Kelly agus an Uas Duffy, is é mo thuiscint ná go gcreideann tú nach féidir le meabhráin inmheánacha "ábhar choimre" a bheith faoi phribhléid ós rud é go mbaineann an díolúine amháin le comhfhreagras díreach iarbhír agus ní, mar shampla, le achoimre comhfhreagrais a d’fhéadfadh bheith tar éis tarlú idir chliant agus comhairleoir dlí. Ina litir ó 1 Iúil 2005, shonraigh an tUas. Duffy gurb é a dhearcadh go bhfágfaí an cliant i bponc mífhreagrach dá mbeadh siad in ann comhairle dlí a chosaint mar is cóir, mar a fhuarthas, ó nochtadh ach nach bhféadfadh leo achoimre a dhéanamh ar an gcomhairle sin ina dhiaidh ar mhaithe leis an mbainistíocht shinsearach i nóta coimre inmheánaigh rúnda. Aontaím le dearcadh an Uas. Duffy maidir leis seo agus aontaím chomh maith leis an cinneadh tógtha i gcás uimhir 020538 (an tUas. X agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh), cóip dá raibh tugtha duit le linn do chruinniú leis an Uas. Kelly agus an Uas. Duffy. Fuair an cinneadh sin amach gur féidir leis an PGD greamú le taifid a dhéanann athinsint nó achoimre ar chomhairle dlí iarrtha nó faighte, mar sin ag comhlíonadh an chéad ghéag de riail an PGD, agus go bhféadfaí greamú le taifid eile chomh maith dá mba rud é go raibh an príomhchuspóir ina gcumadh machnaithe nó ar feitheamh dlíthíochta, mar sin ag comhlíonadh an dara ghéag de chuid riail an PGD.

Baineann an dara cheist a thagann chun cinn le rúndacht an eolais a cuimsítear sa taifead seo. Rinne mé scrúdú ar ábhar an taifid seo go cúramach agus ar na haighneachtaí faighte uait féin agus ón Roinn araon. Tugaim faoi deara maidir le do litir ó 31 Bealtaine 2005 gur chuir tú liosta tagairtí maidir le roinnt malartuithe ag CCP agus cruinnithe eile áit a raibh eolas bainteach le ceist na slánaíochtaí nochta agus dá bharr sin atá sa bhfearann poiblí anois. Arna scrúdú dom téacs iomlán tuarascálacha na n-imeachtaí dá raibh tagairt déanta agat dóibh, táim sásta nach bhfuil rud ar bith ann a chomharthaíonn go raibh an t-eolas áirithe dá raibh coinnithe siar ag an Roinn faoi alt 22(1)(a) tar éis cailliúint a dhéanamh ar an méid cáilíochta iontaobhais atá riachtanach ionas go mbeadh a leithéid de dhíolúine infheidhmithe. Scrúdaigh mé ábhair na trí thaifead chomh maith, áfach, dá raibh scaoilte ag an Roinn leat agus, é sin déanta agam, is léir dom nach ngreamófaí an PGD leis an dá chéad abairt sa taifead seo ós rud é go bhfuil sé soiléir go raibh an t-eolas cuimsithe ann nochta cheana féin ag an Roinn nuair a scaoil siad a gcuid taifid leat tar éis a gcinneadh bunúsach ó 12 Lúnasa 2003. Mar sin, tá an t-eolas sa dhá abairt tosaigh ar eolas agat cheana féin agus dá réir sin níl an cháilíocht iontaobhais ann dá bhfuil riachtanach ionas go mbeadh díolúine faoi alt 22(1)(a) infheidhmithe. Taobh amuigh den dhá abairt tosaigh, is léir dom go ngreamófaí an PGD leis an taifead seo agus go bhfuil an díolúine atá á éileamh tuillte maidir le fuilligh an taifid seo.

Maidir leis na hargóintí a chur tú chun tosaigh, le linn do chruinniú leis an Uas. Kelly agus an Uas. Duffy, mar threisiú le d’éileamh nár chóir an PGD a bheith infheidhmithe do na taifid atá mar ábhar na hathbhreithnithe seo, táim sásta go léiríonn na freagraí foráilte i litir an tUas. Duffy ó 9 Meán Fómhair 2005 mo sheasamh i ndáil leis an gceist seo go hiomlán. Mar achoimre, táim sásta nach raibh easpa a leithéid de thaifid ón nDearbhóid Fhionnachtana tiomanta ag an Roinn i dtaobh do chás Ard-Chúirte atá ar feitheamh rud éigin gur chóir dom a chur san áireamh ós rud é go bhfuil sé seo idir tú féin, an Roinn agus faoi dheireadh, an Chúirt. Maidir le d’éileamh go mbaineann na taifid le gníomhaíocht atá mídhleathach agus coiriúil, dar leat, agus ós rud é nach féidir úsáid a bhaint as an tAcht um SF chun bac a chur ar nochtadh comhfhreagrais coibhneasacha, admhaím gur féidir leis na cúirte, i gcásanna eisceachtúla, éileamh pribhléide a dhiúltú ar bhoinn bheartais poiblí. Tá sé ar eolas agam go bhfuil sé ina phrionsabal dlíthiúil bunaithe le fada nach féidir le pribhléid a bheith greamaithe le cumarsáid chun dul chun cinn a dhéanamh le coin coiriúil. É sin ráite, táim sásta nach féidir an chosaint a thugann an díolúine PGD a dhiúltú ach amháin le taifid arna dhéanamh mar ullmhúchán i dtaobh, nó chur chun cinn , a leithéid de ghníomhaíocht agus go bhfuil sé soiléir nach bhfuil sé seo an cás i ndáil le taifid ar bith atá mar ábhar an athbhreithnithe seo. Ar deireadh, luaigh tú i rith do chruinniú chomh maith go bhfuil, dar leat, suim poiblí an-láidir i scaoileadh é seo agus na taifid ábhartha eile. Ós rud é, áfach, nach gcuimsíonn an díolúine PGD scrúdú cothromacain i dtaobh an suim phoiblí, níl comaoineacha leasa poiblí gur féidir liom a chur san áireamh.

Dá réir sin, is léir dom gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. IV – Uimh. Thaifid 2

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den Nóta Coimre dhá leathanaigh ullmhaithe ar 17 Nollaig 1999 roimh láithreas sceidealta an Ard-Rúnaí os comhair an CCP ar 13 Eanáir 2000.

Is léir dom maidir leis an taifead seo mar atá leagtha amach i ndáil le hUimh. Thaifid 1. Dá réir sin, táim sásta gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte leat ach go mbeadh díolúine i gceist leis an bhfuílleach ar bhonn an díolúine éilithe ag an Roinn faoi alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. IV – Uimh. Thaifid 5

Chuimsigh sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn chuid den leathanach singil "Nóta don Aire" dátaithe 15 Feabhra 2000. Taobh amuigh de éileamh ar dhíolúine faoi alt 22(1)(a), d’éiligh an Roinn chomh maith go mbeadh forálacha alt 46(1)(db) de chuid an Achta infheidhmithe.

Forálann alt 46(1)(db) nach bhfuil an tAcht um SF, mar a leasaíodh i 2003, infheidhmithe i dtaobh taifead tugtha ag comhlacht poiblí do bhall an Rialtais, nó do Aire Stáit, ionas gur féidir leis nó léi é a úsáid i dtaobh imeachtaí ar bith i gceachtar de Thithe an Oireachtais ina n-áirítear imeachtaí maidir le ceisteanna curtha ag baill an dá Theach ar bhaill an Rialtais nó ar Airí Stáit, cé acu ar tugadh freagra labhartha nó scríofa.

Sonraíonn cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh na Ranna go bhfuil an taifead seo faoi réir alt 46(1)(db) ós rud é go "gcuimsíonn sé ábhair choimre don Aire le haghaidh Ceist Pharlaiminte .....". É sin ráite, tháinig sé chun solais nuair a d’iarr an tUas. Duffy sonraí ón Roinn maidir leis an gCeist Pharlaiminte áirithe (CP) lena a mbaineann an taifead seo, nach raibh sé tugtha don Aire maidir le CP áirithe ar bith nó le haghaidh imeachtaí ar bith i gceachtar de Thithe an Oireachtais. Shoiléirigh an Roinn go raibh an taifead seo ullmhaithe mar theagmhas d’fhonn cumas a thabhairt don Aire eolas cothrom le dáta a sholáthar faoi chás Emerald Meats i dTithe an Oireachtais "dá mbeadh iallach air é a dhéanamh".

Sna cúinsí seo, is léir dom nach mbaineann alt 46(1)(db) de chuid an Achta leis an taifead seo ós rud é gurb é éifeacht a leithéid de léirléamh ar an bhforáil seo ná chun ábhar choimre a eisiamh ó scóip an Achta um SF nach raibh tugtha do bhall an Rialtais nó do Aire Stáit ach amháin go mbeadh a leithéid d’eolas ag teastáil uaidh nó uaithi, am éigin sa todhchaí, le haghaidh CP nó le haghaidh imeachtaí i gceachtar de Thithe an Oireachtais.

É sin ráite, tá an díolúine éilithe ag an Roinn faoi alt 22(1)(a) ábhartha. Maidir leis seo, is léir dom, cosúil le mo sheasamh i ndáil le hUimh. Thaifid 1, gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. IV – Uimh. Thaifid 8

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den Nóta Choimre dhá leathanaigh ullmhaithe ar 29 Márta 2000 roimh láithreas sceidealta an Ard-Rúnaí os comhair an CCP ar 6 Abráin 2000.

Cosúil le mo chinneadh atá leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1, táim sásta gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. IV – Uimh. Thaifid 9

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den meabhrán inmheánach dhá leathanaigh dátaithe 26 Meitheamh 2000 arna scríobh d’fhonn an bhainistíocht shinsearach a chur ar an eolas sa Roinn maidir le forbairtí i ndáil le "Emerald Meats".

Cosúil le mo chinneadh atá leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1, táim sásta gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. V – Uimh. Thaifid 2

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den meabhrán inmheánach dhá leathanaigh dátaithe 5 Deireadh Fómhair 2000 arna scríobh d’fhonn an bhainistíocht shinsearach a chur ar an eolas sa Roinn maidir le forbairtí i ndáil le "Emerald Meats".

Cosúil le mo chinneadh atá leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1 (Iml. IV), táim sásta gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. V – Uimh. Thaifid 3

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den Nóta Choimre dhá leathanaigh ullmhaithe i mí Feabhra 2001 roimh láithreas sceidealta an Ard-Rúnaí os chomhair an CCP.

Cosúil le mo chinneadh atá leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1 (Iml. IV), táim sásta gur chóir an dá abairt tosaigh a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach an taifid seo coinnithe siar mar is cóir ag an Roinn de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. V – Uimh. Thaifid 6

Cuimsítear sa taifid seo an dara alt de leathanach singil "Nóta do Chomhad" arna scríobh ar 11 Aibreán 2001 i ndiaidh cruinniú idir an Roinn agus a chuid comhairleoirí dlíthiúla.

Cosúil leis an seasamh leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1 (Iml. IV), thóg mé faoi deara gurb é an cás go raibh eolas áirithe sa taifead seo, nochta roimhe seo agus dá réir sin chaill sé an cháilíocht iontaobhais atá riachtanach a bheith feidhmithe ag an PGD. Cuimsíonn an sliocht atá i gceist cuid den dara abairt sa dara alt de chuid na cáipéise, sé sin,. ó thús na habairte suas chuig agus ag cuimsiú "..... 1999,". Is é mo thuairim gur chóir an sliocht seo a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach na habairte agus iarmhairt an taifid coinnithe siar ag an Roinn mar is cóir agus de réir ailt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. V – Uimh. Thaifid 13

Cuimsítear sa taifead seo an tríú alt de Nóta Coimre leathanaigh singil don Ard-Rúnaí a raibh ullmhaithe i mí na Samhna 2001.

Feidhmíonn mo chinneadh maidir le hUimh. Thaifid 1 (Iml. IV) thuas mar an gcéanna leis an taifead seo seachas gur fíor nach bhfuil rud ar bith faighte agam maidir lena ábhar nach raibh nochta roimhe seo. Dá réir sin, is léir dom gur choinnigh an Roinn, ina iomlán, rúndacht an eolais a chuimsítear sa taifead seo agus mar sin tá sí i dteideal é a choinneáil siar de réir alt 22(1)(a) de chuid an Achta.

Iml. V – Uimh. Thaifid 14

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den Nóta Coimre leathanaigh singil ullmhaithe i mí na Samhna 2001 roimh láithreas sceidealta an Ard-Rúnaí os chomhair an CCP.

Tá mo chinneadh maidir leis an taifead seo díreach mar atá leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 13 (Iml. V). Dá réir sin, ós rud é go bhfuil mé sásta gur choinnigh an Roinn slán, ina iomlán, rúndacht ábhar an taifid, is léir dom go raibh an díolúine éilithe ag an PGD tuillte.

Iml. VI – Uimh. Thaifid 1

Cuimsítear sa taifead seo an t-alt "Slánaíochtaí" a fhabhraíonn cuid den Nóta Coimre leathanaigh singil ullmhaithe i mí na Samhna 2002 roimh láithreas sceidealta an Ard-Rúnaí os comhair an CCP.

Cosúil leis an seasamh leagtha amach thuas i ndáil le hUimh. Thaifid 1 (Iml. IV), thóg mé faoi deara gurb é an cás go raibh eolas áirithe sa taifead seo, nochta roimhe seo agus dá réir sin chaill sé an cháilíocht iontaobhais atá riachtanach a bheith feidhmithe ag an PGD. Cuimsíonn an sliocht atá i gceist cuid den chéad abairt ón taifead seo, sé sin, ó thús na habairte suas chuig agus ag cuimsiú "..... 1999,". Is é mo thuairim gur chóir an sliocht seo a bheith scaoilte agus go raibh fuílleach na habairte agus iarmhairt an taifid coinnithe siar ag an Roinn mar is cóir agus de réir ailt 22(1) (a) de chuid an Achta.

Decision

Cinneadh

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34(2) den Acht um SF, 1997 mar a leasaíodh, éagsúlaím leis seo cinneadh na Ranna Talmhaíochta agus Bia. Seachas an chéad alt d’uimhir thaifid 6 (Iml. IV) ar bheartaigh an Roinn scaoileadh a dhéanamh leis ar aon tslí, ordaím go scaoiltear leat na sleachta aitheanta thuas le uimhreacha taifid 1, 2, 5, 8 agus 9 (ó Iml. IV), 2, 3 agus 6 (ó Iml. V) agus 1 (ó Iml. VI).

Is féidir le páirtí do athbhreithniú, nó duine ar bith eile faoi éifeacht chinnidh an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithnithe, achomharc a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte i dtaobh ceiste dlí a thagann aníos as an gcinneadh. Ba chóir a leithéid d’achomharc a bheith curtha ar bun nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo. Ba chóir duit a thógáil faoi deara nach féidir éifeacht a thabhairt leis an gcinneadh seo roimh dháta easanálaithe an téarma ocht seachtaine seo.

Yours sincerely




Emily Ní Raghallaigh
Coimisinéir Faisnéise