- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cinntí i bhFoirm Litreach
Case 020021 - X Uas. agus Bord Sláinte an Deiscirt mar a bhí
Rochtain ar theistiméireacht fostaíochta curtha ar fáil do Bhord Sláinte an Deiscirt mar a bhí ag an duine ar fúithi an teistiméireacht - cibé ar cuireadh ar fáil faoi rún í - alt 26(1)(a) - cibé an mbeadh scaoileadh na teistiméireachta cothrom le sárú dualgais rúndachta - alt 26(1)(b) - cibé dá scaoilfí í an ndéanfaí dochar d'éifeachtacht na bhfiosrúchán déanta ag an mBord ina phróiseas earcaíochta - alt 21(1)(a) - cibé an gá an teistiméireacht a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail - alt 21(2)
Case Summary
Fíricí
Bhí an t-iarrthóir curtha ar phainéal do phost ar leith ag Bord Sláinte an Deiscirt mar a bhí (an Bord). Soláthraíodh teistiméireacht dhiúltach mar fhreagairt ar fhoirm fiosrúcháin a chuir an Bord chuig ceann dá hiarfhostóirí. Tar éis an teistiméireacht a fháil, d'inis an Bord do X Uas. nach raibh an Bord ag leanúint ar aghaidh leis an iarratas a rinne sí ar p host. Lorg X Uas. rochtain ar an teistiméireacht, ach dhiúltaigh an Bord í a thabhairt di ar na forais go raibh faisnéis inti a soláthraíodh faoi rún; go mbeadh dualgas rúndachta a bheadh ag dul do sholáthróir na teistiméireachta á shárú dá scaoilfí an teistiméireacht; agus dá scaoilfí í go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht fiosrúchán a dhéanann an Bord i leith gach iarratasóir ar fhostaíocht.
Bhí na focail "Príobháideach agus Faoi Rún" ar bharr na foirme caighdeánaí a sholáthraíonn an Bord do dhuine ar bith a mbíonn teistiméireacht á lorg aige uaidh/uaithi, agus mar aon leis sin bhí na focail "tá na taifid phearsanra uile, teistiméireachtaí san áireamh, faoi réir na dtéarmaí atá leagtha síos san Acht um Shaoráil Faisnéise agus féadfaidh siad a bheith ar fáil don iarrthóir má iarann sé/sí iad" ar an bhfoirm. Luadh inti "go ndéanfar teagmháil leis an moltóir roimh a leithéid de thaifid a nochtadh nó a scaoileadh".
Cinneadh
Cé go ndúirt an moltóir nár aontaigh sí leis an teistiméireacht a scaoileadh agus nach mbeadh an teistiméireacht curtha ar fáil mura mbeadh sí faoi rún, níor tháinig an Coimisinéir ar fhianaise ar bith a thabharfadh le fios gur dhearbhaigh an Bord rúndacht go dearfa don mholtóir, ná go raibh a leithéid de dhearbhuithe lorgtha ag an moltóir.
Mheas an Coimisinéir chomh maith an raibh dearbhú rúndacht a intuigthe ann nó nach raibh. Dúirt sí gurb í an tuiscint a bhí aici leis na focail "Príobháideach agus Faoi Rún", mar aon leis an tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise, nach mbeadh an teistiméireacht nochta d'iarratasóirí eile ar phoist ná d'aon tríú páirtí, agus gurb í an t-aon chiall a bhí leis an tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise (mar atá thuasluaite) go bhféadfaí an teistiméireacht a chur ar fáil don "iarrthóir" faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Dúirt sí, cé nach gciallaíonn sé seo gur cinnte go scaoilfí an teistiméireacht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, go gciallaíonn sé nach bhfuil dearbhú ar bith de rúndacht á thabhairt don mholtóir maidir le nochtadh na teistiméireachta don iarrthóir. Sa bhreis air sin, cé go ndeir an fhoirm fiosrúcháin go ndéanfar teagmháil leis an moltóir roimh nochtadh nó scaoileadh na teistiméireachta, ghlac sí leis gurb í an bhrí atá beartaithe a bheith leis seo go gcuirfí an moltóir ar an eolas, mar chúirtéis, faoin scaoileadh a bheadh molta. Níor ghlac sí leis go bhféadfaí glacadh leis na focail seo mar cheart crosta a thabhairt don mholtóir faoin bhféidearthacht a bheadh ann go scaoilfí an taifead, ar mhol an Bord gurbh amhlaidh a d'fhéadfadh a bheith.
Ina theannta sin thug sí foclaíocht chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh an Bhoird faoi deara, a d'inis don iarrthóir, cé go ndúirt an moltóir gurbh ionann an teistiméireacht a chur ar fáil agus sárú rúndachta idir í féin agus an Bord, bhreithnigh an Bord "nach féidir tacú go hiomlán leis an argóint seo mar go luann foclaíocht an fhiosrúcháin rúndachta go bhfuil sé faoi réir théarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise." Thrácht an Coimisinéir go raibh sé réasúnach a thuiscint nár mheas an Bord go raibh aon dearbhuithe sainráite de rúndacht tugtha aige féin don mholtóir, ná níor mheas sé go ndearna sé amhlaidh go hintuigthe ón gcaoi inar iompar sé é féin.
D'aimsigh an Coimisinéir nár bhain alt 26(1)(a) ná alt 26(1)(b) leis an teistiméireacht.
Nuair a bhí alt 21(1)(a) á mheas, cheistigh an Coimisinéir an bhféadfaí dochar a dhéanamh nó nach bhféadfaí dochar a dhéanamh d'éifeachtacht na dteistiméireachtaí iad féin dá scaoilfí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise iad, ach ghlac sí gur chuir siad leis an bpróiseas earcaíochta trí chéile. Dúirt sí, dá mbeadh níos lú faisnéise i dteistiméireacht ná mar a bheadh de ghnáth de bharr go bhféadfaí í a scaoileadh faoi Shaoráil Faisnéise, go mb'fhéidir nach mbeadh an méid céanna eolais le fáil as na fiosrúcháin bhreise a d'fhéadfadh fostóir ionchasach a dhéanamh agus a bheadh seachas sin, agus go raibh feidhm ag alt 21(1)(a) maidir leis an teistiméireacht.
Dúirt an Coimisinéir go mbeadh súil aici freisin, nuair a bheadh duine liostaithe ar phainéal tar éis próiseas roghnúcháin, go mbeadh ceart ag duine agus ionchas dlisteanach de nós imeachta cothrom i measúnacht an chomhlachta phoiblí ar an gcaoi a bhféadfadh sé nó sí dul chun cinn a dhéanamh den phainéal sin. Dúirt sí go raibh sé éagórach ó nádúr go gcaillfeadh iarrthóir ar éirigh leis/léi a bheith ar phainéal tar éis próiseas roghnúcháin deis fostaíochta bunaithe ar theistiméireacht atá faoi rún agus nach féidir leis an iarrthóir iarracht a dhéanamh a dhíbhe. Thug an Coimisinéir faoi deara go raibh sé go mór ar leas an phobail go gcloífeadh an Bord le nós imeachta cothrom maidir leis an bpróiseas roghnúcháin atá i gceist agus go bhfreastalófaí ar leas an phobail tríd an iarraidh a dheonú. Dúirt sí gurbh ábhar argóna é go gcomhlíonfaí an ceart maidir le nós imeachta cothrom dá dtabharfadh an Bord, le linn an phróisis roghnúcháin, brí na teistiméireachta don iarrthóir chomh maith leis an údar a aithint. Níor tharla sé seo ag an am iomchuí áfach, agus mar sin, chinn sí sa chás seo go raibh gá leis an teistiméireacht a scaoileadh ar son leas an phobail.
Date of Decision: 19.06.2006
Our Reference: 020021
19.06.2006
X Uas
A X Uas., a chara,
Tagraím do d'iarratas chuig an Oifig seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh Bhord Sláinte an Deiscirt mar a bhí maidir le d'iarraidh Saorála Faisnéise dar dáta an 15 Deireadh Fómhair 2001. Tá Bord Sláinte an Deiscirt corpraithe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois ach tagróidh mé dó mar "an Bord" tríd síos chun críche an chinnidh seo.
Is mian liom mo leithscéal a ghabháil faoin moill an-fhada a bhí ann maidir le déileáil le do chás. Mar a mhínigh Ms. Moran, duine de m'fhoireann duit, bhí riaráiste cásanna ann de bharr an líon mór iarratas a fuaireamar i rith b hlianta tosaigh na Saorála Faisnéise agus de bharr easpa foirne sa tréimhse chéanna. Tuigim gur chuir an mhoill seo isteach ort.
Background
Cúlra
Lorg d'iarraidh ar an 15 Deireadh Fómhair 2001 rochtain ar "thaifid oifigiúla a bhí i seilbh Bhord Sláinte an Deiscirt, sonraí a bhain liom féin" - go sonrach, thagair tú do theistiméireachtaí a sholáthair iarfhostóirí maidir le d'iarratas ar an bpost [ainm an phoist i gceist]. Ina theannta sin dúirt tú gur mhian leat faisnéis na dtaifead sin a leasú.
Dhiúltaigh cinneadh an Bhoird, dar dáta an 14 Samhain 2001, rochtain duit ar theistiméireacht amháin ar an mbonn go raibh feidhm ag alt 26(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir léi. Thug an cinneadh le fios gur bhean a bhí sa duine a sholáthair an teistiméireacht (an moltóir). Lorg tú athbhreithniú inmheánach ar chinneadh an Bhoird, ar an 19 Samhain 2001, ina ndúirt tú gur cheart go mbeadh an fhaisnéis a sholáthair moltóirí eile maidir leat curtha san áireamh ag an mBord freisin. Sheas cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh an Bhoird, dar dáta an 19 Nollaig 2001, áfach, leis an diúltú a rinne sé roimhe sin maidir le teistiméireacht ar leith amháin, ar na forais go raibh alt 26(1)(a) i bhfeidhm. Níor dhéileáil sé le d'ábhar coimhlinte go raibh sé i gceist le d'iarraidh na teistiméireachtaí uile a soláthraíodh maidir leat a áireamh. Rinne tú d'iarratas chuig an Oifig seo ar an 7 Eanáir 2002.
Deir tú gur chuir an Bord ar an eolas tú go raibh tú sa deichiú háit ar phainéal do phost mar [ainm an phoist atá i gceist]. Deir tú áfach gur inis an Bord duit ina dhiaidh sin nach raibh sé ag leanúint le d'iarratas a thuilleadh mar go raibh teistiméireacht mhíshásúil faighte ó fhostóir amháin a bhí agat tráth. Deir tú nach bhfuil a fhios agat céard atá sa teistiméireacht dhiúltach seo. Deir an Bord, de réir a thaifid leictreonacha, go raibh tú sa 19 háit ar an bpainéal. Deir sé go raibh an comórtas bunaithe ar agallamh, mar aon le teistiméireachtaí sásúla agus measúnú sláinte réamhfhostaíochta, agus go mbeadh tairiscint ar phost faoi réir folúntais a bheith ag teacht chun cinn le linn shaolré an phainéil.
Nuair a bhí an t-athbhreithniú seo á dhéanamh agam dhírigh mé m'aird ar chomhfhreagras idir tú féin agus Ms. Moran, Imscrúdaitheoir, mar aon le comhfhreagras idir Ms. Moran agus an Bord. Chomh maith leis sin thug mé comhfhreagras idir Ms. Moran agus an moltóir a bhí i gceist, san áireamh. Tá an t-athbhreithniú seo déanta agam de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, (1997), mar atá leasaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003. Tagraíonn na teistiméireachtaí uile sa litir seo do chodanna ar leith den Acht um Shaoráil Faisnéise, d'Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 mar atá leasaithe.
Scope of Review
Scóip an Athbreithnithe
Is í an cheist atá san athbhreithniú seo an bhfuil diúltú an Bhoird na taifid a lorg tú i d'iarraidh ar an 15 Deireadh Fómhair 2001 a scaoileadh chugat de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise nó nach bhfuil. Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo le tuillteanais chinneadh an Bhoird faoi d'iarratas ar phost. Dá réir sin, scrúdóidh an t-athbhreithniú: ar mheas an Bord na taifid uile atá mar ábhar i d'iarraidh le linn an phróisis déanta cinntí nó nár mheas agus an bhfuil údar ag an mBord rochtain ar na taifid uile sin a dhiúltú duit.
Aontaím le dearcadh Ms. Moran nach féidir leis an athbhreithniú a dhéanamh amach cibé an dtuilleann nó nach dtuilleann an fhaisnéis sa taifead(taifid) atá i gceist go ndéanfaí í a leasú faoi alt 17 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Má éiríonn leat, áfach, rochtain a fháil ar an taifead/na taifid atá i gceist ar bhonn an athbhreithnithe seo, is fút féin a bheidh sé iarratas nua a dhéanamh maidir le leasú faoi alt 17 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Findings
Torthaí
Taifid Iomchuí Breise a Bheith ar Fáil
Chuir an Bord cóip ar fáil don Oifig seo den teistiméireacht shingil a bhí faoi mheas aige ina phróiseas déanta cinntí; ina theannta sin iarradh air na teistiméireachtaí iomchuí eile a sholáthar. Ach mar is eol duit, áfach, deir an Bord gur scriosadh na teistiméireachtaí eile ar an 10 Samhain 2003, ar aon dul leis an mBeartas do Bhoird Sláinte faoi Thréimhsí Coimeádta Taifead. Mhínigh Ms. Moran duit faoi na himthosca inar scriosadh na taifid. Níl sé ar intinn agam na himthosca seo a lua go mion sa litir seo arís.
Arís, gabhaim mo leithscéal má chuir an mhoill san Oifig seo ar aon bhealach le gur tharla sé nach bhfuil na taifid a bhí á lorg agat ar fáil níos mó. Mar a mhínigh Ms. Moran, áfach, ní féidir leis an Oifig seo ach athbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh comhlachta phoiblí bunaithe ar na himthosca infheidhmithe ag tráth an athbhreithnithe. Níl cúis ar bith go mbeadh amhras orm maidir le ráiteas an Bhoird go bhfuil na taifid uile a bhaineann le do chomhad iarratais ar phost (seachas an t-aon teistiméireacht a mheas an Bord ar dtús de bhua d'iarraidh Saorála Faisnéise) scriosta agus nach féidir leis na teistiméireachtaí eile a soláthraíodh maidir leatsa a sholáthar don Oifig seo.
Forálann Alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise go bhféadfaí diúltú géilleadh do rochtain "nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé". De bhrí nach ann níos mó do thaifid eile a bhaineann leis an teistiméireacht a bhreithnigh an Bord ina chinneadh an 14 Samhain 2001, aontaím le dearcadh Ms. Moran go bhfuil feidhm ag alt 10(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir leis an ngné seo de d'iarraidh.
An Teistiméireacht Dhiúltaithe
Soláthraíodh an teistiméireacht atá i gceist i mí Lúnasa 2001 mar fhreagairt ar fhoirm iarratais a sheol an Bord chuig ceann de d'iarfhostóirí. Deir an fhoirm iarratais a seoladh chuig an moltóir, cé go bhfuil na focail "Príobháideach agus Faoi Rún" ar bharr na foirme go bhfuil "na taifid phearsanra uile, teistiméireachtaí san áireamh, faoi réir na dtéarmaí atá leagtha síos san Acht um Shaoráil Faisnéise agus féadfaidh siad a bheith ar fáil don iarrthóir má iarrann sé/sí iad". Luaitear inti chomh maith "go ndéanfar teagmháil leis an moltóir roimh a leithéid de thaifid a nochtadh nó a scaoileadh". Dúirt an moltóir nach bhfuil sí toilteanach an teistiméireacht a scaoileadh agus nach mbeadh an teistiméireacht curtha ar fáil mura mbeadh sí faoi rún.
Deir an Bord gurb é an nós atá aige gan a leithéid de theistiméireachtaí a chur ar fáil áit nach bhfuil an moltóir toilteanach sin a dhéanamh. Is í an cheist atá le freagairt an bhfuil an nós seo comhoiriúnach le ceanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise nó nach bhfuil, á mheabhrú go háirithe, go luaitear go bhfuil an fhoirm fiosrúcháin faoi réir théarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise. Ní ábhar cáilitheach chun críche an Achta um Shaoráil Faisnéise a leithéid de chleachtas a bheith ann; i ndáiríre, is iad forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise a chinnfidh an gá iad a scaoileadh nó nach gá.
Ina chinntí, bhraith an Bord ar alt 26(1)(a) maidir le diúltú géilleadh do rochtain ar an taifead seo. Ina dhiaidh seo d'éiligh an Bord go bhfuil an taifead díolmhaithe freisin faoi ailt 21(1)(a), 21(1)(b) agus 26(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Déantar gach ceann de na díolúintí seo a mheas sa mhéid a leanas.
Alt 26
Seo a leanas forálacha iomchuí alt 26 den Acht um Shaoráil Faisnéise:
"26._(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é_
(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó
(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta poiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann nó stiúrthóir, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.
(3) Faoi réir alt 29, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di."
Alt 26 (1)(a)
Ionas go mbeidh feidhm le halt 26(1)(a), ní mór ceithre cheanglas ar leith a chomhlíonadh:
- gur tugadh an fhaisnéis i modh rúin, agus
- gur tugadh an fhaisnéis ar an mbonn tuisceana go gcoinneofaí mar fhaisnéis faoi rún í, agus
- dá nochtfaí an fhaisnéis go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile amach anseo, agus
- go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail a thabhairt don chomhlacht.
Le linn dom a bheith ag breithniú an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) maidir le taifead, is é an dearcadh atá agam nach mór aontú go frithpháirteach ar aon tuiscint ar rúndacht a bhaineann leis an bhfaisnéis tugtha - go raibh an soláthróir mar aon leis an nglacadóir den tuairim go raibh an fhaisnéis á cur ar fáil agus á glacadh faoi mhodh rúin.
Cé gur shonraigh an Bord go raibh an moltóir "an-soiléir" gur theastaigh uaithi go bhfanfadh an teistiméireacht faoi rún, níl aon fhianaise tugtha aige dom gur thug sé dearbhú rúndachta don mholtóir, ná gur lorg an moltóir a leithéid de dhearbhuithe. Go deimhin, tugaim faoi deara nuair a chuir an Bord in iúl don mholtóir i nDeireadh Fómhair 2001 go raibh sé ag breithniú an teistiméireacht a scaoileadh, nár thagair sé d'aon sárú féideartha de ráthaíocht shonrach a bhí tugtha ag an mBord di. Cé gur dúradh i bhfreagra an mholtóra chuig an mBord go ndearnadh an teistiméireacht ar an mbonn tuisceana go raibh sí faoi rún agus go leanfaí ag déileáil léi mar sin, tugaim faoi deara nár luaigh sí gur thug an Bord dearbhú follasach di sa chiall seo. De bhun teagmhála ón Oifig seo, shonraigh an moltóir gur tugadh an teistiméireacht don Bhord ar an tuiscint bheacht nach mbeadh sí curtha ar fáil murach go raibh sí faoi rún, ach arís, níor thagair sí d'aon ráthaíocht shainráite de rúndacht a bheith iarrtha aici nó tugtha aici ar an mBord ná tugtha ag an mBord di.
Ar an ábhar sin, is í mo thuairim nach bhfuil fianaise ar bith os mo chomhair le tacú leis an tuairim go raibh gealltanas sonrach tugtha ag an mBord don mholtóir, trína bhféadfainn glacadh leis go raibh tuiscint fhrithpháirteach rúndachta ann.
Bhreithnigh mé freisin an bhféadfadh tuiscint fhrithpháirteach rúndachta a bheith ann nó nach bhféadfadh. Ní dúirt an Bord cé mar a d'fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh. Sa bhreis air sin, níor thagair an moltóir, ina comhfhreagras leis an mBord ná leis an Oifig seo, d'aon ghníomh thar ceann an Bhoird óna bhféadfadh sise glacadh leis go raibh tuiscint fhrithpháirteach rúndachta ann.
Bhreithnigh mé an bhféadfaí glacadh leis nó nach bhféadfaí go mbeadh sé intuigthe don mholtóir ón bhfoirm fiosrúcháin féin go nglacfaí leis gur tugadh an teistiméireacht faoi mhodh rúin agus ar an mbonn tuisceana gurbh amhlaidh a bheadh an cás. Cé go bhfuil na focail "Príobháideach agus Faoi Rún" inti níl aon rud a thabharfadh le fios go bhfanfadh an fhaisnéis sa teistiméireacht faoi rún vis à vis an t-ábhar, go háirithe de bhrí go luaitear inti go bhfuil teistiméireachtaí faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus go bhféadfadh siad a bheith ar fáil don iarrthóir ar iarraidh uaidh/uaithi. I mo thuairim ní thugann na focail "Príobháideach agus Faoi Rún", mar aon le tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise, ach le fios nach nochtfaí an teistiméireacht d'iarratasóirí eile ar phost nó d'aon tríú páirtí. Ar an láimh eile, is í an t-aon chiall a bheadh leis an tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise (mar atá thuasluaite) go bhféadfaí an teistiméireacht a chur ar fáil don "iarrthóir" (tú féin) faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Cé nach gciallaíonn sé seo gur cinnte go scaoilfí an teistiméireacht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ciallaíonn sé nach bhfuil dearbhú ar bith de rúndacht á thabhairt don mholtóir maidir le nochtadh na teistiméireachta don iarrthóir. Sa bhreis air sin, cé go ndeir an fhoirm fiosrúcháin go ndéanfar teagmháil leis an moltóir roimh nochtadh nó scaoileadh na teistiméireachta, glacaim gurb í an bhrí atá beartaithe a bheith leis seo go gcuirfí an moltóir ar an eolas, mar chúirtéis, faoin scaoileadh a bheadh molta Ní ghlacaim leis go bhféadfaí glacadh leis na focail seo mar cheart crosta a thabhairt don mholtóir faoin bhféidearthacht a bheadh ann go scaoilfí an taifead.
Ar deireadh, i mo thuairim, tarraingítear aird ar easpa tuisceana frithpháirtí rúndachta dearfa nó intuigthe, i gcinneadh athbhreithnithe inmheánaigh an Bhoird, cinneadh a rinneadh ar an 19 Nollaig 2001. San athbhreithniú inmheánach dúradh, cé gur áitigh an moltóir gurbh ionann an teistiméireacht a scaoileadh agus sárú rúndachta idir í féin agus an Bord, bhreithnigh an Bord "nach féidir tacú go hiomlán leis an argóint seo mar go luann foclaíocht an fhiosrúcháin rúndachta go bhfuil sé faoi réir théarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise." Cé go leanann cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh ar aghaidh lena rá gur cheart don Bhord ábhar imní an mholtóra faoin taifead a scaoileadh a thabhairt san áireamh, tá sé réasúnach a thuiscint nár mheas an Bord go raibh aon dearbhuithe sainráite de rúndacht tugtha aige féin don mholtóir, ná níor mheas sé go ndearna sé amhlaidh go hintuigthe ón gcaoi inar iompar sé é féin.
Ní ghlacaim leis, dá bhrí sin, go raibh tuiscint fhrithpháirteach rúndachta idir an Bord agus an moltóir. De bhrí nach nglacaim leis gur comhlíonadh an chéad dá cheanglas d'alt 26(1)(a), agus de bhrí nach mór gach ceann de na ceithre cheanglas a chomhlíonadh, is í mo thuairim nach bhfuil an teistiméireacht díolmhaithe faoin bhforáil seo den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Alt 26(1)(b)
Sa chás reatha, níl argóint ar bith ann go dtagann dualgas rúndachta chun cinn de bhun comhaontuithe ná achtacháin. Sílim, a mhéid is go bhfuil an Bord anois ag déanamh iarrachta brath ar alt 26(1)(b) go bhfuil an iarracht seo bunaithe ar dhualgas rúndachta éilithe a thagann chun cinn "ar shlí eile le dlí" i bhfoirm dualgas cothromasach rúndachta.
Ionas go mbeidh feidhm ag dualgas cothromasach rúndachta, ní mór trí choinníoll a chomhlíonadh:
- ní mór go mbeadh an caighdeán riachtanach rúndachta ag baint leis an bhfaisnéis atá sa taifead, agus
- ní mór go mbeadh an fhaisnéis curtha ar fáil in imthosca a chuireann oibleagáid rúndachta i bhfeidhm, agus
- ní mór go mbeadh úsáid neamhúdaraithe na faisnéise sin ann chun aimhleas an pháirtí atá á cur in iúl.
Do chúiseanna cosúil leis na cúiseanna a thagann chun cinn i gcás alt 26(1)(a), ní ghlacaim leis gur tugadh an fhaisnéis in imthosca is cúis le hoibleagáid rúndachta a chur ar an mBord. Go deimhin, is léir nach raibh rúndacht á tairiscint don mholtóir, agus nach raibh cúis ar bith ann le bheith ag súil leis go mbainfeadh feidhm le rúndacht i gcás na teistiméireachta sa mhéid go raibh cearta an iarrthóra (tú féin) i gceist. Níor mhol an Bord ná an moltóir céard iad na "himthosca" a d'fhéadfadh a bheith ann a chuir dualgas rúndachta ar an mBord an tráth nuair a bhí an teistiméireacht á lorg agus á fáil. Sa bhreis air sin, is léir ó fhoclaíocht chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh an Bhoird nár mheas sé go raibh sé faoi cheangal aon dualgas rúndachta.
De bhrí nár comhlíonadh an dara coinníoll riachtanach, ionas go mbeadh feidhm le halt 26(1)(b), ní gá dom na tástálacha atá fágtha a bhreithniú. Is léir dom nach bhfuil an taifead díolmhaithe faoi alt 26(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Alt 21 (1)
Forálann Alt 21(1)(a) do dhiúltú géilleadh do thaifead más rud é go bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil leis dá dtabharfaí rochtain ar an taifead "go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh".
Is í an tástáil díobhála in alt 21(1)(a) nach mór a bhreithniú an bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil leis dá dtabharfaí rochtain ar an taifead go ndéanfaí "dochar" d'éifeachtacht na bhfiosrúchán agus araile a dhéanann an Bord i ndáil le hiarrthóirí ar phost. Ar dtús ní mór do chomhlacht poiblí an díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh do na fiosrúcháin agus araile a sheolann sé, a aithint ó nochtadh na dtaifead lena mbaineann. Ach an díobháil sin a bheith aitheanta, ansin ní mór an féidearthacht go dtarlódh a leithéid de dhíobháil, a bhreithniú. Dá n-éileofaí go mbainfeadh feidhm le halt 21(1)(a), níor mhór eisceacht réasúnach a bheith ann maidir leis an díobháil réamh-mheasta de bharr scaoileadh an taifid.
Forálann alt 21(1)(b) do dhiúltú géilleadh do thaifead más rud é go bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil leis dá dtabharfaí rochtain ar an taifead "go mbeadh droch-éifeacht shuntasach aige ar chomhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna a bhaineann le bainistiú (lena n-áirítear caidreamh tionscail agus bainistiú a fhoirne) ag an gcomhlacht poiblí".
Measaim go dteastaíonn fianaise díobhála níos láidre ó bhunú na "droch-éifeachta suntasaí" atá riachtanach ionas go mbainfeadh feidhm le halt 21(1)(b) ná mar a theastaíonn ón gcaighdeán maidir le "dochar a dhéanamh" de chuid alt 21(1)(a). I bhfocail eile, ní hamháin gur gá, le réasún, a bheith ag súil leis an díobháil, ní mór freisin a bheith ag súil leis go mbeadh nádúr níos suntasaí ag baint leis an díobháil ná mar a bheifí súil leis faoi alt 21(1)(a).
Tá an dá fhoráil faoi réir breithnithe ar leas an phobail [alt 21(2)], a fhorálann nach mbeadh feidhm ag alt 21(1)(a) ná (b) i ndáil le cás, gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh den taifead a scaoileadh ná trí dhiúltú géilleadh di.
Alt 21(1)(a)
Áiríonn alt 21(1)(a) dhá chineál "dochar" féideartha nach mór do chinnteoir a bhreithniú i dtéarmaí a ionchais/a hionchais. Ní mór don chinnteoir a bheith den tuairim má scaoiltear na taifid go ndéanfaí dochar "d'éifeachtacht" na dtástálacha agus araile nó go ndéanfadh scaoileadh na dtaifead dochar do "na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh". Ní mór go mbeadh an chiall leis an bhfocal "éifeachtacht" in alt 21(1)(a) den Acht um Shaoráil Faisnéise go mbeadh sé d'inniúlacht ag an tástáil, ag an iniúchadh nó ag an bhfiosrúchán go mbeadh toradh air nó go mbeadh toradh de chineál éigin dá bharr nó go mbeadh sé d'inniúlacht ag na nósanna imeachta nó ag na modhanna a úsáidtear i seoladh na tástála, an iniúchta nó an fhiosrúcháin a chuspóir a bhaint amach.
Glacaim leis gurbh ionann teistiméireacht fostaíochta a lorg agus cineál fiosrúcháin a bhféadfadh feidhm a bheith ag alt 21(1)(a) maidir léi, sa mhéid is gur cuid de chóras fiosrúcháin í a bhíonn ag an mBord sula bhfostaíonn sé iarrthóir i gcomhair poist ar leith.
Áitíonn an Bord go bhféadfadh go mbeadh scaoileadh na dteistiméireachtaí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ina chúis le caighdeán agus oscailteacht na faisnéise a tugadh a bheith "laghdaithe chomh mór, b'fhéidir, is nach mbeadh fiúntas ar bith léi".
Ar an gcéad dul síos, feictear dom nach féidir a bheith cinnte riamh go mbeadh oiread mionsonraí i dteistiméireacht is a bheadh súil ag an mBord nó ag comhlacht poiblí eile a bheith inti. Sa bhreis air sin, feictear domsa gur fhorbairt dhearfach a bheadh ann dá mba rud é gurb éard a bheadh mar thoradh ar scaoileadh féideartha faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go mbainfeadh moltóirí úsáid as teanga níos cothroime agus níos réasúnaí agus go ndéanfaí cur síos ar thréithe dearfacha agus diúltacha an iarrthóra seachas béim a chur ar thréithe áirithe seachas tréithe eile.
Ar an dara dul síos, táim den tuairim gur féidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil i dteistiméireachtaí, bíodh sin dearfach nó diúltach, a bheith gan laofacht uaireanta. Le bheith úsáideach i ndáiríre, níor cheart a bheith i dteistiméireachtaí ach tuairimí arbh fhéidir le moltóirí fianaise iomchuí a sholáthar mar thaca leo. Dá réir sin, ní ghlacaim leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh d'fhiosrúcháin an Bhoird mura mbeadh sé in ann glacadh feasta le teistiméireachtaí a raibh barúlacha dearfacha nó diúltacha iontu, barúlacha nárbh fhéidir bunús a lua leo.
Más rud é go bhfuil tuairimí dearfacha gur féidir tacú leo ag fostóir faoi iarrthóir, ní dóigh liom go bhfuil cúis ar bith go mbeadh aon imní ar an bhfostóir sin faoina thuairimí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. D'fhéadfaí a chur in iúl freisin go bhféadfadh moltóirí le tuairimí diúltacha faoin iarrthóir, ach gur tuairimí iad a bhfuil bonn leo, na sonraí cúlra iomchuí a sholáthar ina dteistiméireachtaí. D'fhéadfaí an argóint a dhéanamh freisin áfach go bhféadfadh eagla a bheith ar a leithéid de mholtóirí go dtógfadh an t-iarrthóir caingean dlí agus dá réir sin, gur dóigh nach gcuirfeadh siad ach beagán sonraí nó nach gcuirfeadh siad sonraí ar bith ar fáil. D'fhéadfadh sé freisin nach mbeadh sonraí i dteistiméireacht mar nach mbeadh tuairimí dearfacha ná diúltacha ag an moltóir faoin duine.
Dá bhrí sin, feictear dom nach n-aithníonn fostóir ionchasach an difríocht idir teistiméireacht fhírinneach, ionraic (bíodh sí dearfach nó diúltach), teistiméireacht phlásánta agus teistiméireacht neamhfhírinneach gan fiosrúcháin eile a dhéanamh. Dá réir sin, d'fhéadfaí an argóint a dhéanamh nach dóigh go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht na dteistiméireachtaí féin dá scaoilfí iad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Mar a dúirt mé níos luaithe, measaim go bhfuil gnéithe difriúla san áireamh sa phróiseas earcaíochta. Cé go mb'fhéidir nach mbeadh teistiméireachtaí iontaofa astu féin amháin chun eolas faoi iarrthóir ar leith a fhíorú, feictear dom gur féidir leo an fostóir ionchasach a chur ar an eolas faoi na cineálacha ceisteanna ba cheart dó nó di a chur ar an iarfhostóir nuair a bheadh na teistiméireachtaí sin á bhfíorú. Dá réir sin, is féidir liom glacadh leis go gcuireann siad fiúntas éigin leis an bpróiseas earcaíochta trí chéile.
Má tá níos lú faisnéise i dteistiméireacht ná mar a bheadh de ghnáth mar go bhféadfaí é a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, glacaim leis go mb'fhéidir nach mbeadh an méid céanna faisnéise i bhfiosrúcháin bhreise fostóra ionchasaigh agus a bheadh seachas sin. Dá bhrí sin is féidir liom glacadh leis go bhféadfaí, le réasún, a bheith ag súil go ndéanfadh scaoileadh na dteistiméireachtaí dochar d'éifeachtacht an phróisis earcaíochta agus na nósanna imeachta a bheadh in úsáid ag an mBord sa phróiseas sin, agus go mbaineann feidhm le halt 21(1)(a) maidir leo.
Dá réir sin, níl aon ghá dom iontaoibh an Bhoird ar alt 21(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir leis an teistiméireacht a shiarchoinneáil a bhreithniú. Ach mar sin féin beidh taifead atá díolmhaithe faoi alt 21(1)(a) [nó alt 21(1)(b)] le scaoileadh áit a gcinntear gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don taifead a scaoileadh ná trí dhiúltú géilleadh dó.
Leas an Phobail
Tá sé go mór ar leas an phobail go gcloífeadh comhlachtaí poiblí le nósanna imeachta cothroma sa tslí ina ndéanann siad a ngnó maidir le daoine aonair. Mar aon leis sin tá sé go mór ar leas an phobail follasacht a bheith sa tslí ina ndéanann comhlachtaí poiblí a ngnó agus iad a bheith freagrach as a ngníomhartha a dhéanann siad thar ceann an phobail. Is é an dearcadh atá agam, go bhfuil leas an phobail seo iomchuí, a bheag nó a mhór, sa chomhthéacs reatha.
Is cosúil gurb í an argóint atá ag an mBord nach mbaineann feidhm leis na ceanglais de nós imeachta cothrom ná ceartas bunreachtúil, sa chineál cáis atá ann faoi láthair. Tá roinnt cásanna eachtracha curtha ag an mBord chugam, a deir sé a thugann le fios "nach mbíonn feidhm ag an dualgas de dhlí coiteann coinneáil le cothroime nósanna imeachta de ghnáth le hearcaíocht tosaigh iarratasóirí seachtracha" ar an mbonn "nach bhfuil dada á thógáil óna leithéid d'iarrthóirí." Déanann an Bord an pointe nach bhfuil ceart ag iarratasóir ar phost an post sin a fháil, ná ionchas dlisteanach go n-éireodh leis nó léi, agus go laghdaíonn sé seo an díomá nuair nach dtairgítear an post don iarratasóir. Ach níl gnéithe sonracha na gcásanna atá i gceist aitheanta ag an mBord, gnéithe a thacaíonn lena argóint, dar leis; ná níor éirigh liom ábharthacht na gcásanna seo a aithint. Bunaithe ar cheanglais alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise, feictear dom nach bhfuil ábharthacht na gcásanna seo fírinnithe ag an mBord dom. Ar aon nós, cé gur minic go mbíonn cásdlí ó dhlínsí eile ina chabhair maidir le cinneadh a dhéanamh faoi chásanna Saorála Faisnéise in Éirinn, níl sé ceangailteach.
Ní ormsa atá an fhreagracht cinneadh a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil ceart ag iarratasóirí post a fháil i gcomhlacht poiblí nó ionchas dlisteanach go n-éireodh leo sa cheapachán do phost ar leith. Feictear dom áfach, nuair a liostaítear duine ar phainéal tar éis próiseas roghnúcháin, go mbeadh ceart agus ionchas dlisteanach ag duine, bheith ag súil le nós imeachta cothrom i measúnacht an chomhlachta phoiblí ar an gcaoi a bhféadfadh sé nó sí dul chun cinn a dhéanamh den phainéal sin. Creidim go mbeadh sé seo amhlaidh ba chuma cén áit a bheadh agat ar an bpainéal agus cibé an dtiocfadh folúntas chun cinn i rith shaolré an phainéil sin. Go deimhin, tagraím do dhá chás ar bhraith an Bord orthu - Hamilton and Queensland Police Service [1994] QICmr 21 (26 Lúnasa 1994); (1994) 2 QAR 182 agus Kupr and Department of Primary Industries [1999] QICmr 6 (27 Meán Fómhair 1999); (1999) 5 QAR 140 - a d'aimsigh, cé nach cosúil go mbaineann ceart do nós imeachta cothrom leis na céimeanna uile in earcaíocht iarrthóirí seachtracha, bíonn sé i bhfeidhm nuair a bhíonn painéal bunaithe ag an gcomhlacht.
Go deimhin, tagraím do cheann de na cinntí a chuir an Bord chugam (Attorney General (N.S.W.) v Quin [1990] HCA 21; (1990) 170CLR 1 F.C. 90/022 (7 Meitheamh 1990)), cinneadh a thagraíonn do "chothroime a bhaineann le nós imeachta" mar choincheap de ghlacadh le nósanna imeachta cothroma atá oiriúnach agus curtha in oiriúint d'imthosca an cháis áirithe. I gcomhthéacs na hÉireann, tagraím don bhreithiúnas in Mooney v An Post a deir "go n-éileoidh ceartas cáis ar leith [i dtéarmaí ceartas nádúrtha agus bunreachtúil] go n-athródh siad le himthosca an cháis" ach "gurb é an ní ba lú a mbeadh sé ina theideal go gcuirfí ar an eolas é faoin gcúiseamh ina choinne agus go dtabharfaí deis dó é a fhreagairt agus aighneachtaí a dhéanamh". Glacaim leis gur dúradh an méid seo i gcomhthéacs dífhostú fostaí seachas duine a bhí curtha ar phainéal, mar atá i do chás féin.
Feictear dom go raibh dualgas ar an mBord glacadh le nósanna imeachta cothroma maidir le d'iarratas ar a laghad ón tráth a raibh tú curtha ar phainéal. Ceist nach gá a fhreagairt sa chás reatha is ea an mbeadh nós imeachta cothrom i bhfeidhm i gcás an phróisis roghnúcháin iomláin. Tá sé éagórach ó nádúr go gcaillfeadh iarrthóir ar éirigh leis/léi a bheith ar phainéal tar éis próiseas roghnúcháin, deis fostaíochta féideartha bunaithe ar theistiméireacht atá faoi rún agus nach féidir leis an iarrthóir iarracht a dhéanamh a dhíbhe.
Táim sásta go bhfuil sé go mór ar leas an phobail go gcloífeadh an Bord le nós imeachta cothrom maidir leis an bpróiseas roghnúcháin atá i gceist agus go bhfreastalófar ar leas an phobail trí d'iarraidh a dheonú. Ábhar argóna é go gcomhlíonfaí an ceart maidir le nós imeachta cothrom/ceartas bunreachtúil dá dtabharfadh an Bord, le linn an phróisis roghnúcháin, brí na teistiméireachta don iarrthóir duit chomh maith leis an údar a aithint. Níor tharla sé seo ag an tráth iomchuí áfach. Mar atá faoi láthair, agus i gcomhthéacs d'iarrata, is é an t-aon bhealach is féidir nós imeachta cothrom a chomhlíonadh anois d'iarraidh do chóip den teistiméireacht chodarsnach a dheonú.
Cé go nglacann an Bord gur ar leas an phobail é a bheith ar an eolas faoin gcaoi a reáchtálann comhlacht poiblí a fhiosrúcháin, deir sé go sásaítear é seo sa chomhthéacs reatha mar go bhfuil an t-iarrthóir toilteanach go ndéanfadh an comhlacht poiblí fiosrúcháin d'iarfhostóirí nó d'eagraíochtaí a raibh baint aige nó aici leo. Measann sé áfach go bhfreastalaítear níos fearr ar leas an phobail trí theistiméireachtaí a fhaightear de bhun na nósanna imeachta seo a chosaint. Ní féidir liom glacadh leis an argóint seo. Tá argóint na follasachta ceangailte go díreach le hargóint an nóis imeachta chothroim. Is deacair glacadh leis go bhfreastalaítear ar leas an phobail san fhollasacht díreach mar go bhfuiltear ar an eolas go bhféachfaidh an comhlacht poiblí do dhearcaí an tríú páirtí (moltóir) agus go bhfuil na dearcaí seo le coinneáil ón duine faoina bhfuil na dearcaí á dtabhairt.
Tar éis an cheist a bhreithniú go han-chúramach, is í mo bhreith go bhfreastalófaí níos fearr ar leas an phobail sa chás seo dá gcuirfí an teistiméireacht ar fáil duitse, seachas í a choinneáil uait. Ar an mbonn seo, ní bheidh feidhm ag ceachtar de na díolúintí dá bhforáiltear in alt 21(1) mar bhonn diúltú géilleadh do d'iarraidh.
Decision
Cinneadh
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (mar atá leasaithe) leis seo cuirim cinneadh an Bhoird sa chás seo ar ceal. Ordaím go gcuirfí an teistiméireacht a bhí á coinneáil uait ar fáil duit. Cé go nglacaim leis gur áirigh d'iarratas na teistiméireachtaí uile a cuireadh ar fáil don Bhord maidir le d'iarratas ar an bpost a bhí i gceist, is í mo bhreith go mbaineann alt 10(1)(a) le d'iarraidh ar a leithéid de thaifid mar go bhfuilim sásta nach ann dóibh a thuilleadh.
Seolfar cóip den litir seo freisin chuig an duine a chuir an teistiméireacht atá i gceist ar fáil. Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Faisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Ní mór tús a chur lena leithéid d'achomharc tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.
Yours sincerely
Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise