Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 040419 - An tUasal X agus An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Iarratas ar ráiteas cúiseanna maidir leis an údar gur diúltaíodh teastas eadóirseachta a thabhairt don iarratasóir – alt 18 - maidir lena raibh nó nach raibh comhlacht poiblí i dteideal diúltú ráiteas cúiseanna ar a bhreith a thabhairt – alt 18(2).

Case Summary

Fíricí

Dhiúltaigh an Roinn d’iarratas an iarratasóra, a bhí ina chónaí in Éirinn le roinnt blianta, teastas eadóirseachta a thabhairt dó. Níor mhínigh an Roinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú. Faoi alt 18 den Acht um SF lorg an t-iarratasóir ráiteas ar na cúiseanna gur dhiúltaigh an Roinn teastas eadóirseachta a thabhairt dó. Dhiúltaigh an Roinn ráiteas cúiseanna a thabhairt dó agus thagair d’alt 18(2) den Acht um SF.

Breith

Ba é breith an Choimisinéara go raibh an Roinn, in imthosca an cháis seo, i dteideal, de réir alt 18(2), diúltú ráiteas cúiseanna a thabhairt.

Forálann alt 18(2) nach bhforléireofar aon ní in alt 18 mar ní lena gceanglaítear:

"(a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a thabhairt do dhuine,

(b) a nochtadh gurb ann nó nach ann do thaifead má cheanglaítear leis an Acht seo gan a nochtadh an ann nó nach ann dó."

Agus dianmhachnamh déanta aici ar an ní seo, bhí an Coimisinéir sásta go mbeadh ar an Roinn (a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a thabhairt do dhuine faoi cheann amháin nó níos mó de na ‘díolúintí’ atá san Acht um SF nó (b) a nochtadh gurb ann nó nach ann do thaifead má cheanglaítear leis an Acht um SF gan a nochtadh an ann nó nach ann dó, dá dtabharfadh an Roinn míniú ar a breith diúltú teastas eadóirseachta a thabhairt sa chás seo. Ceanglaítear ar chomhlacht poiblí faoin Acht um SF ‘diúltú a dheimhniú nó a shéanadh’ gurb ann nó nach ann do thaifead mar gurb amhlaidh go dtarlódh na díobhálacha dá bhforáiltear i ndíolúintí áirithe san Acht dá ndéanfaí a leithéid. Forálann alt 27(4) den Acht um SF, mar shampla, go ndiúltóidh comhlacht poiblí diúltú a dheimhniú nó a shéanadh gurb ann nó nach ann do thaifead más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis (alt 27(1)(c)). Foráiltear d’fhorálacha cosúla eile in ailt 19, 22, 23, 24, 26 agus 28 den Acht um SF.

De bharr fhorálacha alt 18(2) agus alt 43(3) (ina bhfuil sé de cheangal ar an gCoimisinéir gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh, sna cineálacha cásanna seo, chun cosc a chur le faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a nochtadh nó faisnéis i dtaobh taifead a bheith ann nó gan a bheith ann) ní raibh ar chumas an Choimisinéara a thuilleadh faisnéise a thabhairt maidir le cúiseanna a breithe. Tá sé léirithe go soiléir ag an gCoimisinéir, áfach, go gcaithfear gach cás a scrúdú de réir a thuillteanais agus feidhm á baint as alt 18(2) mar chosaint gan ráiteas cúiseanna ar bhreith an chomhlachta phoiblí a thabhairt. Nuair a chuirtear cásanna den sórt sin faoi bhráid an Choimisinéara i gcomhair athbhreithnithe, beidh uirthi a bheith sásta go raibh údar le breith an chomhlachta phoiblí gan ráiteas cúiseanna a thabhairt. De ghnáth bíonn scrúdú ar cibé taifead iomchuí atá ann, más ann dá leithéid, i gceist leis sin.

Léirigh an Coimisinéir chomh maith nach bhfuil tionchar ag a breith ar bhreith an iarChoimisinéara i gCás Uimhir 020353 : An tUasal X agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, a bhfuil mar éifeacht leis go gceanglaítear ar chomhlacht poiblí, faoi alt 18, ráiteas cúiseanna ar bhreith a thabhairt fiú nuair nach gceanglaítear ar chomhlacht poiblí faoi reachtaíocht iomchuí eile a bhreith a mhíniú.

Date of Decision: 20.03.2006

Our Reference: 040419

20.03.2006

X, Uasal

A X, a chara,

Tagraím do d’iarratas athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ("An Roinn") diúltú ráiteas a thabhairt faoi alt 18 den Acht um Shaoráil Faisnéise ("An tAcht um SF") ar na cúiseanna gur diúltaíodh do d’iarratas i gcomhair eadóirseachta. Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leat as an moill a bhí ann déileáil le d’iarratas. Ba líon mór cásanna a tháinig chuig an Oifig seo ba chúis leis an moill sin.

Background

Tá athbhreithniú ar bhreith na Roinne críochnaithe agam de réir fhorálacha an Achta um SF. Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh agamd'fhéach mé do bhreith na Roinne agus da haighneachtaí dar dáta an 18 Eanáir agus an 2 Feabhra 2005. Scrúdaigh mé taifid a bhí i gcomhad naRoinne faoin ní seo chomh maith.

Scope of Review

Baineann an t-athbhreithniú a rinne mé d’aontoisc leis an gceist an raibh nó nach raibh an Roinn i dteideal diúltú, faoi alt 18 d’Acht um SF, ráiteas a thabhairt duit maidir leis na cúiseanna a bhain lena breith an t-iarratas a rinne tú i gcomhair teastas eadóirseachta a dhiúltú. Ba mhaith liom a shoiléiriú nach fúm atá sé in aon chor cinneadh a dhéanamh maidir lena raibh nó nach raibh breith na Roinne diúltú teastas eadóirseachta a thabhairt duit ceart nó mícheart.

Findings

Cé go bhfuil sé de cheangal orm faoin Acht um SF cúiseanna a thabhairt faoin mbreith a thugaim caithfidh mé chomh maith féachaint d’alt 43(3) den Acht ina bhfuil sé de cheangal orm gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh chun cosc a chur le faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a nochtadh nó faisnéis i dtaobh taifead a bheith ann nó gan a bheith ann i gcás go gceanglaítear leis an Acht seo ar chomhlacht poiblí gan a nochtadh an ann nó nach ann don taifead.

Forálann Alt 18 go:

"(1) Ar iarratas chuige sin, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a bheith déanta chuig ceann comhlachta phoiblí ag duine a ndéanann gníomh de chuid an chomhlachta difear dó nó di agus a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i ní dá ndéanann an gníomh difear nó lena mbaineann sé, cuirfidh an ceann faoi deara, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis dó nó di an t-iarratas a fháil, ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine, ar ráiteas é ina luafar -

(a) na cúiseanna atá leis an ngníomh, agus

(b) aon fhionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha fíorais a bheidh déanta chun críocha an ghnímh.

Dhiúltaigh an Roinn ráiteas faoi na cúiseanna a thabhairt duit faoi alt 18 den Acht um SF. Ina litir bhreithe an 25 Bealtaine 2004 agus ina breith dar dáta an 8 Iúil 2004 tar éis ‘athbhreithniú inmheánach’ thagair an Roinn d’alt 18(2). Forálann alt 18(2) nach bhforléireofar aon ní san alt sin mar ní lena gceanglaítear:

" (a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a thabhairt do dhuine, nó

(b) a nochtadh gurb ann nó nach ann do thaifead má cheanglaítear leis an Acht seo gan a nochtadh an ann nó nach ann dó."

Tá dianmhachnamh déanta agam ar an ábhar seo agus ag féachaint d’aighneacht na Roinne ar an ní, táim sásta go bhfuil an Roinn i dteideal diúltú ráiteas cúiseanna a thabhairt duit faoi alt 18(2) den Acht um SF.

Decision

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 34 (2) den Acht um SF, tá breith tugtha agam breith na Roinne sa chás seo a dheimhniú. Féadfaidh páirtí in athbhreithniú nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara Fáisnéise tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe. Déanfar achomharc den sórt sin a thionscnamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Emily O'Reilly
An Coimisinéir Faisnéise.