Cinntí i bhFoirm Litreach

Case 020614 - Sunday Tribune agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Nóta:  Rinne an Roinn an cás seo a achomharc leis an Árd Chúirt.  Níor éist an Árd Chúirt leis an t-achomharc go fóill.

Taifid i ndáil le caibidlíochtaí faoin gComhaontú i Meitheamh na bliana 2002 idir an Stát agus cuallachtaí reiligiúnda i leith a ranníocaíochta siúd don scéim sásaimh d’íobartaigh a rinneadh mí-úsáid orthu sna hinstitiúidí cónaithe – ar cuireadh taifid faoi bhráid nó an mbaineann siad le cruinnithe Rialtais – alt 19 – an mbaineann taifid le próiseas breithniúcháin de chuid comhlachta phoiblí – alt 20(1) – an nochtfaí eisiúint an seasamh ar glacadh chun críche na gcaibidlíochtaí a rinneadh ar son an rialtais nó ar son comhlachta phoiblí – alt 21(1)(c) – an gcáilítear na taifid do phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil – alt 22(1)(a) – an mbaineann taifid le gnó bhinse fiosraithe – alt 22(1)(c) ar tugadh an fhaisnéis faoi rún do chomhlacht poiblí – alt 26 – an rachadh an eisiúint chun dochair iompar nó toradh na gcaibidlíochtaí conarthacha agus eile – alt 27(1)(c) – an mbainfeadh nochtadh faisnéise pearsanta le heisiúint – alt 28 – an bhféadfadh díshocraíocht mhíchuí de ghnó sa Stát teacht mar thoradh ar nochtadh ró-luath na faisnéise sna taifid – alt 31(1)(b) – an bhfuil feidhm le halt 46(1)(b) – an mbeadh eisiúint de thaifid áirithe ní b’fhearr chun leas an phobail – alt 20(3), alt 21(2), alt 26(3), alt 27(3), Alt 28(5).

Case Summary

Fíricí

D’fhéach an t-iarratasóir le rochtain a fháil ón Roinn ar thaifid i ndáil le comhaontú an Stáit le Comhdháil na nOrd Crábhaidh in Éirinn (CORI), lenar bhain ranníocaíochtaí de €128 milliún leis an scéim cúitimh a bunaíodh faoin Acht um Shásamh Institiúidí Cónaithe, 2002 agus bronnadh slánaíochta ag an Rialtas i gcoinne éilimh áirithe ag eascairt as mí-úsáid san am a chuaigh thart. D’eisigh an Roinn roinnt taifead, agus dhiúltaigh do rochtain ar an bhfuílleach ar bhonn na gcúiseanna go léir, nó ar roinnt díobh, a liostaítear thuas. D’áitigh an Roinn freisin i gcaitheamh an athbhreithnithe seo go mbaineann roinnt de na taifid le gnó an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-Úsáid Leanaí, agus go mba cheart don Choimisinéir a rogha a dhéanamh chun diúltú do rochtain faoi alt 22(1A).

Chuir an t-iarratasóir isteach ar an gCoimisinéir i gcomhair athbhreithnithe ar an gcinneadh sin. D’eisigh an Roinn roinnt taifead breise le linn an phróisis athbhreithnithe, rud a fhágann 88 taifead san iomlán laistigh de scóip an athbhreithnithe.

Cinneadh

Léirigh oifigeach údaraithe an Choimisinéara go gcuireann alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise an dualgas ar an Roinn lena thaispeáint go raibh fírinniú lena cinneadhsa. Lorgaíodh aighneachtaí ó CORI agus ón gCoimisiún Fiosrúcháin um Mí-Úsáid Leanaí, agus glacadh san áireamh i ndáil le taifid áirithe iad.

Ba é toradh an chinnidh go mb’fhéidir go dtagann ceann amháin de na taifid laistigh de scóip alt 22(1A) sa mhéid is go mbaineann sé le gnó nó le himeachtaí neamhchríochnaithe de bhinse fiosraithe, de chomhlacht nó de dhuine aonair arna gceapadh ag an Rialtas agus le Breitheamh mar chathaoirleach air. Is díolúine roghnach í alt 22(1A), agus tá an Coimisinéir sásta agus tugadh comhairle dlí di go bhféadann a hOifigse athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí chun diúltú faoin alt sin. I measc na n-ábhar breithnithe bhí an fhaisnéis theoranta sa taifead i gceist, an fhíric nach nochtar faisnéis phearsanta nó rúnda agus gur beag a nochtar san ábhar sa taifead faoi ghnó an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí. Ba í an chonclúid ná nach mbeadh á eisiúint chomh dochrach sin d’fheidhmeanna an Choimisiúin, do leasa na Roinne, na gcuallachtaí ná na ndreamanna eile, go raibh sé ceangailte ar an gCoimisinéir rogha a chleachtadh le forálacha neamhéigeantacha alt 22(1A) a fheidhmiú don eisiúint sin. Ba é an cinneadh ná go mba chóir go n-eiseofaí an taifead faoi réir scriosta chásuimhreacha tagartha an Choimisiúin féin.

Rinneadh an cinneadh, faoi alt 46(1)b), nár fheidhmigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise do dhréachtanna na Slánaíochta agus do cháipéisí eile arna n-ullmhú ag Oifig an Ard-Aighne, agus go raibh roinnt taifead díolmhaithe faoi alt 22(1)(a) ann toisc go raibh siad incháilithe do phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil. Tagraíonn an cinneadh do thaifid freisin atá marcáilte "Gan Dochar Do" nó "Faoi Rún" sa mhéid is gurb é a thoradh ná gur catagóir ar leithligh í an phribhléid (más ann di) a fheidhmíonn do na taifid a mharcáiltear amhlaidh ón bpribhléid ghairmiúil dhlíthiúil.

Seasadh leis an díolúine alt 19 a cuireadh i bhfeidhm i gcás taifead áirithe "Rialtais". Measadh áfach, nach raibh an Roinn i dteideal brath ar an díolúine sin sa chás nár chomhlíon na taifid agus cúinsí a gcruthaithe leis na riachtanais sonracha d'alt 19.

Ba é an cinneadh i ndáil le hailt 20 agus 21 den Acht um Shaoráil Faisnéise ná fiú dá mba rud é go raibh an fhaisnéis i gceist incháilithe do dhíolúine faoi alt 20(1) nó faoi alt 20(1)(c), go mb’fhearr do leas an phobail í eisiúint na faisnéise sa chás áirithe seo. Bhí an t-oifigeach údaraithe sásta gur faoi scóip agus méid an Chomhaontaithe roimh a shíniú a bhain na taifid siúd i ndáil le breithniúcháin agus caibidlíochtaí, agus nár bhain siad leis an gcomhairle agus leis na moltaí ina dhiaidh sin i leith fhorfheidhmithe na dtéarmaí. B’amhlaidh dá réir nár dhóichí go dtarlódh na "dochair" a chonacthas don Roinn dá n-eiseofaí na taifid, agus gur mhó an tábhacht a bhainfeadh le leas an phobail ó thaobh oscailteacht agus thrédhearcacht na gcomhlachtaí poiblí a uasmhéadú.

Ba é an cinneadh i ndáil le halt 26(1) nár éirigh leis na taifid na tástálacha do dhíolúine faoi alt 26(1)(a) a shásamh, arbh iad na tástálacha ar ar bhraith an Roinn iad. Fiú dá gcinnfí go raibh feidhm le halt 26(1)(a), measadh eisiúint na dtaifead a bheith cóir ó thaobh leas an phobail de. Rinneadh an cinneadh, mar phrionsabal ginearálta, gur chun an leasa phoiblí í go mba cheart do na fíricí agus do na láithreoireachtaí a imríonn tionchar ar an bpróiseas caibidlíochta a bheith oscailte dá mionscrúdú poiblí, go háirithe mar a dtagann comhaontú ceangailteach dlíthiúil lena mbaineann an Stát ag glacadh ualach airgeadais neamhsonraithe air féin mar thoradh ar an bpróiseas sin.

I gcomhthéacs na díolúine faoi alt 27(1)(c), scrúdaigh an t-oifigeach údaraithe na taifid sin ina raibh luachálacha agus mionsonraí eile na maoine a moladh lena haistriú. Ghlac sé leis go bhfuiltear fós i mbun an phróisis chun maoin a cháilíonn faoi théarmaí an Chomhaontaithe a aithint agus a aistriú. Níor áitíodh go hiomlán air ámh, i bhfianaise bhunbhrí agus aois na faisnéise sna taifid, go dtarlódh dochar d’iompar nó do thoradh na gcaibidlíochtaí sa todhchaí. Ba é a chinneadh gur throime argóintí leasa an phobail i bhfabhar na heisiúna ná na cinn a cuireadh os a chomhair i gcoinne na heisiúna. Ba í a thuairim nach luíonn leas an phobail i nochtadh luach ná mhéid na maoine i seilbh na gcuallachtaí, ach in éascú an phobail agus an cháiníocóra chun imscrúdú a dhéanamh ar na tograí ó na caibidlíochtaí, agur ar na breithnithe lárnacha sa Chomhaontú agus in áireamh na ranníocaíochta a bhí dlite.

Chun plé le hargóintí na Roinne a d’fheidhmigh alt 31(1) chun roinnt taifead a dhíolmhú, ba é an cinneadh ná nár éirigh leis an Roinn chun a tuilleamaí ar an díolúine sin a chruthú, agus nár réasúnach sna cúinsí iad a hionchais go gcuirfí isteach an iomarca ar ghnó an Stáit mar thoradh ar eisiúint na faisnéise sna taifid.

Mar achoimre, is amhlaidh a athraítear cinneadh na Roinne leis an gcinneadh seo, agus a threoraítear go n-eiseofar fuílleach na dtaifead don iarratasóir, cé is moite de roinnt ábhar díolmhaithe. D’eisíodh cinntí comhchosúla i roinnt athbhreithnithe eile lenar bhain na taifid chéanna.

Date of Decision: 22.12.2005

Our Reference: 020614

22.12.2005

An Sunday Tribune

A Dhaoine Uaisle

Déanaimse tagairt d’iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 1997, thar ceann do nuachtáinse, agus a fuarthas san Oifig seo ar 2 Nollaig 2002. Bhí an nuachtán ag lorg athbhreithnithe ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta (an Roinn) faoina iarratas SF ó 25 Meitheamh 2002. Bhíothas ag lorg taifead san iarratas i ndáil leis na caibidlíochtaí agus leis an gComhaontú idir an Rialtas agus na hoird reiligiúnda faoina ranníocaíocht siúd leis an scéim sásaimh d’íobartaigh a rinneadh mí-úsáid orthu sna hinstitiúidí cónaithe.

Tá an Coimisinéir tar éis an t-údarás a thabhairt domsa chun an t-athbhreithniú seo a stiúradh ar a sonsa, agus táimse tar éis m’athbhreithniúsa de chinneadh na Roinne a chomhlíonadh. Is oth liom an mhoill a bhain le críochnú an athbhreithnithe sa chás áirithe seo. D’fhéach mé do bhur gcuid aighneachtaí i dtaca leis an ábhar, do bhur gcomhfhreagras leis an Roinn, do chinntí na Roinne agus dá haighneachtaí leis an Oifig seo agus do na taifid iad féin. Táimse tar éis an t-athbhreithniú seo a dhéanamh de réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003. Is amhlaidh dá réir a thagraíonn gach tagairt sa litir seo d'ailt faoi leith den Acht SF, mura léirítear a mhalairt, don Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2003. Thug an Oifig seo cuireadh do Chomhdháil na nOrd Crábhaidh (CORI) – comhlacht ar a rachadh an cinneadh i bhfeidhm sa mhéid is gur thug sí faisnéis don Roinn agus go mbaineann roinnt de na taifid leis – chun aighneachtaí a dhéanamh ar na díolúintí ar a mbraitheann an Roinn i ndáil le taifid áirithe ar ábhar an athbhreithnithe seo iad. D’fhéach mé d'aighneachtaí CORI ar 16 Meitheamh 2003. D’fhéach an Oifig seo freisin le dearcaí an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí a fháil i leith taifead amháin a bhain lena ghnósan.

Background

Ba cheart dom a lua mar scéal cúlra go gclúdaíonn na taifid i gceist na caibidlíochtaí as ar tháinig síniú, ar 5 Meitheamh 2002, de Chomhaontú idir an Stát agus ocht gcinn déag de chuallachtaí reiligiúnda ar a raibh freagracht as oibriú agus bainistiú na scoileanna agus na ndílleachtlann ceartúcháin agus tionsclaíoch. Is amhlaidh faoin gComhaontú céanna a ranníocfaidh na cuallachtaí €128 milliún, i bhfoirm íocaíochtaí airgid tirim, costais chomhairleachta agus aistrithe maoine leis an scéim cúitimh a bunaíodh faoin Acht um Shásamh Institiúidí Cónaithe, 2002. D’aontaigh an Rialtas ar a taobhsa chun slánaíocht a bhronnadh ar an gcuallacht i gcoinne éilimh a thagann ó mhí-úsáid san am a chuaigh thart a chlúdaítear san Acht sin, ach nár pléadh léi faoin scéim sásaimh agus a dtosaítear dlíthíocht ina leith laistigh de shé bliana ó dháta an Chomhaontaithe.

Rinne an Roinn an cinneadh lena céad chinneadh ar 30 Eanáir 2003, (a rinneadh tar éis duit d’iarratas a chur isteach don Oifig seo lena athbhreithniú), chun roinnt taifead a cuimsíodh le d’iarratas a eisiúint. Bhronn an Roinn, i gcinneadh dá cuidse ina dhiaidh sin lena hathbhreithneoir inmheánach ar 5 Márta 2003, rochtain d'iomlán de 63 taifead as 151 taifead a aithníodh le bheith laistigh de scóip d’iarratas SF. Tugaim faoi deara nach ndearna an té a rinne an chéad chinneadh ná an té a rinne an cinneadh ag an athbhreithniú inmheánach aon tagairt ina bhfógraí cinnidh (a theastaíonn faoi alt 8(2)(d) den Acht) i ndáil le torthaí ar aon saincheisteanna ábhartha i ndáil leis an gcinneadh ná i ndáil le sonraí ar aon ábhar a bhaineann le leas an phobail a cuireann san áireamh i gcomhthéacs roinnt de na díolúintí a cuireadh i bhfeidhm. Breathnaím air seo mar easnamh nach beag agus mar fhabht sa phróiseas cinnteoireachta sa chás áirithe seo. Maíonn an Roinn ina haighneacht don Oifig seo ar 23 Meitheamh 2003 ámh gur cinneadh na 56 taifead bhreise a eisiúint ag céim an athbhreithnithe inmheánaigh ar an mbunús go "mb’fhearr do leas an phobail é".

Scope of Review

Ní bhaineann m’athbhreithniú ach amháin leis an gceist an raibh an ceart ag an Roinn chun teacht ar an gconclúid go mba chóir diúltú do rochtain ar fhuílleach na 88 taifead a chuimsítear le d’iarratas, ag brath ar fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise. Is é éileamh na Roinne go mbíonn feidhm le hailt 19, 20(1)(a), 21(1)(c), 22(1)(a), 26, 27(1)(c), 28, 31(1)(b) agus 46 i dteaglaimí athraitheacha ar gach ceann de na taifid. Tugaim faoi deara ina leith sin go gcuireann alt 34(12)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise an dualgas ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann chun a thaispeáint go raibh an ceart ag an gcinneadh chun sástacht an Choimisinéara. Tá sé ar intinn agam, chun críocha an athbhreithnithe, na taifid éagsúla a scagadh faoi cheannteidil na ndíolúintí a éilítear. Cuireann sceideal na Roinne na taifid in ord croineolaíoch seachas ina ngrúpaí bunaithe ar ábhar ná ar bhunús; táimse tar éis na seacht gcatagóir de thaifid a aithint, ámh:

1. Taifid i seilbh nó arna gcruthú ag Oifig an Ard-Aighne.

2. Taifid ar a n-éilítear pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil.

3. Meamraim do Rialtas agus faisnéis le húsáid d’idirbheart ghnó Rialtais ag cruinniú an Rialtais.

4. Meamraim arna gcruthú ag oifigigh laistigh den Roinn.

5. Comhfhreagras idir an Roinn agus CORI agus a cuid ionadaithe.

6. Taifid a chuimsíonn aistrithe agus luachálacha maoine.

7. Ainmneacha agus sonraí na ndaoine aonair i mbun caingne nó gearán dlíthiúil i gcoinne an Stáit nó na gcuallachtaí reiligiúnda.

Tá dhá thaifead ann (51 agus 139) arna sceidealadh ag an Roinn nach raibh i measc chóipeanna na dtaifead a seoladh ar aghaidh chuig an Oifig seo. Ba é freagra na Roinne, nuair a fiosraíodh sin léi, cé gur léir na taifid sin a bheith ar an gcomhad nuair a ullmhaíodh an sceideal, nach bhfaca an lucht cinnteoireachta nó dreamanna eile lena mbaineann iad ó shin i leith. Dúirt an Roinn go ndearna sí cuardach dá haonad um Shásamh Institiúidí Cónaithe agus dá rannán Dlíthiúil inar coinníodh na taifid, ach nár aimsíodh na taifid sin. Tugann sceideal na Roinne tuairisc ar thaifead 51 mar bhileog chlúdaithe facs lena seoltar ar aghaidh cóip de thaifead 50 (litir dar dáta 31 Eanáir 2002 ón Uas. Tom Boland chuig an Uas. Liam Daly ó Oifig an Ard-Aighne). De réir na Roinne, is litir chlúdaithe é taifead 139 trína gcuirtear ar aghaidh cóip den litir a aithnítear mar thaifead 72 (litir ón Aire Oideachais agus Eolaíochta don Ard-Aighne dar dáta 13 Aibreán 2002). Cé gur léir an suíomh seo a bheith neamhshásúil, ceapaimse nach féidir liom aon treoracha a eisiúint i ndáil le taifid 51 agus 139, ó nach ndearna mé cíoradh orthu. Pléitear le taifid 50 agus 72 san alt um phribhléid ghairmiúil dhlíthiúil thíos.

Findings

Taifid an Ard-Aighne – Alt 46(1)(b)

Maíonn an Roinn go bhfuil feidhm le halt 46(1)(b) den Acht SF do roinnt de na taifid. Foráiltear in alt 46(1)(b) nach mbíonn feidhm leis an Acht do thaifead i seilbh nó arna chruthú ag an Ard-Aighne ná ag Oifig an Ard-Aighne seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige sin. Táimse sásta gurbh í Oifig an Ard-Aighne a chruthaigh na taifid seo a leanas go léir, agus go mbaineann siad le cúrsaí seachas riarachán ginearálta na hOifige sin. Dealraítear gur ullmhaigh Oifig an Ard-Aighne dréachtanna éagsúla den tslánaíocht í féin agus de cháipéisí nach í do "thaobh an Pháirtí Stáit", agus thiocfaidís faoi réir an ghrúpa sin dá réir. Is é mo chinneadhsa go bhfuil feidhm le halt 46(1)(b) do na taifid seo a leanas, agus nach bhfuil ceart rochtana agat orthu óir nach dtagann siad faoi scóip an Achta.

Taifid 49, 52, 53, 60, 87-89, 99-101, 104-106, 110, 117, 119 -120, 144 -145, 147, 148.

Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil – Alt 22(1)(a)

Déanann an Roinn tagairt d’alt 22(1)(a) den Acht um SF i ndáil le beagnach gach ceann de na taifid a choinnítear siar ar bhonn na cúise go measann sí iad a bheith díolmhaithe ar bhunús na pribhléide gairmiúla dlíthiúla. Foráiltear le halt 22(1)(a) den Acht SF go:

"Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla,"

Neamhchosúil le roinnt díolúintí eile san Acht SF, ní fhoráiltear san fhoráil ag alt 22(1)(a) do leagan ar leataobh na díolúine sin, sa chás gur chun leas an phobail dá ndéanfaí amhlaidh.

Cuireann pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil ar chumas an chliaint rúndacht dhá chineál cumarsáide a chothabháil:

  • cumarsáid idir cliant agus comhairleoir dlíthiúil gairmiúil chun críche comhairle dhlíthiúil a fháil agus/nó a thabhairt; agus
  • cumarsáid idir cliant agus comhairleoir dlíthiúil gairmiúil nó idir an comhairleoir dlíthiúil gairmiúil agus tríú páirtí nó idir an cliant agus tríú páirtí a dhéantar leis an bpríomh-chuspóir den ullmhúchán i gcomhair na dlíthíochta a bhíonn ar intinn nó ar feitheamh ag páirtí.

Nuair a bhímse ag breithniú an mbeadh taifid áirithe díolmhaithe óna nochtadh sa chúirt, caithimse meabhrú go luíonn an phribhléid dhlíthiúil ghairmiúil leis an gcliant agus neamhaird a dhéanamh de dhóchúlacht nó a mhalairt d'imeachtaí na cúirte a bhíonn ar bun. Is í an bhuncheist ná an éireodh leis an gcliant an cháipéis a choinneáil siar ar fhoras na pribhléide dlíthiúla gairmiúla sna himeachtaí cúirte.

Ní dhearna an Roinn aon argóint gurbh é an príomh-chuspóir d’ullmhúchán na dtaifead sin ná ullmhúchán i gcomhair na dlithíochta, agus ní hé mo chinneadhsa go bhfeidhmeodh an dara ball den phribhléid dhlíthiúil ghairmiúil do na taifid i gceist. Tugadh comhairle domsa go gcuimsíonn an chéad bhall de riail na pribhléide dlíthiúla gairmiúla an chumarsáid rúnda idir an dlíodóir agus an cliant (lena n-áireofaí lorg agus tabhairt na comhairle dlíthiúla). Scrúdaigh mé na taifid sa chomhthéacs an bhfuil siad mar chumarsáid rúnda idir comhairleoirí dlíthiúla gairmiúla agus a gcliaint ina dtugtar nó ina lorgaítear comhairle dhlíthiúil. I ndáil leis na taifid arb iad an comhfhreagras ón Roinn le hOifig an Ard-Aighne iad, ní mheasaimse go mbeidís seo díolmhaithe óna nochtadh in imeachtaí cúirte ar fhoras na pribhléide dlíthiúla gairmiúla ach amháin sa mhéid gur féidir an t-ábhar a bheith mar iarratas do chomhairle dhlíthiúl i gcomhthéacs ról na hOifige mar chomhairleoir dlíthiúil leis an Stát.

Tugaimse faoi deara gurbh é comhairleoir dlíthiúil gairmiúil de chuid na Roinne a d’ullmhaigh roinnt taifead, seachas an comhfhreagras le hOifig an Ard-Aighne, fear a bhí bainteach sna comhphléanna leis na hoird reiligiúnda. Tugadh comhairle don Choimisinéir, agus tháinig sí ar an gcinneadh i gcásanna eile (féach, mar shampla, an tUas. X agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta – Cásuimhir 020281 ar www.oic.gov.ie) má tá comhábhair an bhaill ábhartha de riail na pribhléide dlíthiúla gairmiúla le fáil in aon chás faoi leith, ní oibríonn an fhíric go bhfuil an comhairleoir dlíthiúil gairmiúil fostaithe mar chomhairleoir dlíthiúil intí chun an cliant a chosc óna bheith in ann an phribhléid a dhearbhú i leith na cumarsáide i gceist. Tar éis dom na taifid ábhartha a scrúdú, ámh, ceapaimse nach cumarsáid rúnda trína lorgaítear nó trína dtugtar comhairle dhlíthiúil gach cuid den ábhar a dhréachtaigh an comhairleoir dlíthiúil gairmiúil.

Cé nach bhfaightear aon tagairt i dtaifead 57 do bhunbhrí na comhairle dlíthiúla a lorg an Roinn (an cliant) roimhe seo ná a thug a comhairleoir dlíthiúil gairmiúil (an tArd-Aighne), tá sé mar chuid de chontanam comhfhreagrais a tháinig ó iarratas na Roinne ar chomhairle dhlíthiúil. Cinnimse go sásaíonn taifead 57, mar ghné de shraith cumarsáide a bhaineann leis an gcás seo, na critéir do tharraingt na pribhléide, agus cinneadh na Cúirte Achomhairc sa chás 'Balabel v. Air India'' á mheabhrú dom, dá dtagraítear sa chinneadh um Chásuimhir 020281 a luadh thuas.

Ina theannta sin, féadann codanna de líon beag taifead a aithneoidh mé agus lena bpléifidh mé níos déanaí sa chinneadh seo i gcomhthéacs na ndíolúintí eile a bheith incháilithe don phribhléid dhlíthiúil ghairmiúil freisin. Ina haighneachtsa ó 23 Meitheamh 2003, deir an Roinn gur ghlac sí leis an dearcadh "go mba cheart breathnú ar chomhfhreagras a fuarthas ó ionadaithe dlíthiúla CORI freisin le bheith díolmhaithe faoi réir alt 22." Níor thug an Roinn míniúchán den éileamh seo. D'fhéadfadh comhairle dhlíthiúil a fhaightear ó thríú páirtí agus a chuirtear ar aghaidh chuig an Roinn pribhléid dhlíthiúil ghairmiúil a tharraingt freisin i gcúinsí áirithe (dá dtagraítear le cinneadh an Choimisinéara roimhe seo i gCásuimhir 98058 – an tUas. Phelim Mc Aleer ón Sunday Times agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí). Cé go bhfuil líon taifead ann arna gcruthú ag comhairleoirí dlíthiúla ag feidhmiú thar ceann CORI agus a seoladh chuig an Roinn ar a sonsa; táimse sásta áfach, le heisceacht amháin (taifead 108), nach bhfuil in aon cheann díobh seo, ná nach dtagraítear in aon cheann acu do chomhairle dhlíthiúil a tugadh do CORI mar chliant ná d'aon cheann dá ball-chuallachtaí.

Ní ghlacaim leis gur cumarsáid rúnda idir dlíodóir agus cliant atá i bhfuílleach na dtaifead a n-éilíonn an Roinn díolúine ina leith faoi alt 22(1)(a); níl comhairle dhlíthiúil iontu arna hullmhú ag dlíodóir ag feidhmiú in inniúlacht dhlíthiúil ná níl iarratas iontu do chomhairle dá leithéid.

Taifid "Gan Dochar Do"

Tá roinn taifead i measc na dtaifead a mharcáiltear "Gan Dochar Do" nó "Faoi Phribhléid". Cé nár tharraing na páirtithe é seo anuas mar shaincheist faoi leith; táimse tar éis cíoradh a dhéanmh ar ábharthacht í seo leis an díolúine alt 22(1)(a), chun leasa na soiléireachta. Dar le Murdoch ina Irish Legal Companion:

"Letters written and oral communications made during a dispute between parties, which are made or written for the purpose of settling the dispute, and which are expressed or otherwise proved to have been made "without prejudice", cannot generally be admitted in evidence. Where the privilege is challenged, the court is entitled to examine the communications to determine whether they are of such a nature as to attract privilege: Ryan v Connolly [2001 SC] 2 ILRM 174 agus 1 IR 627."

Leanann Murdoch air chun maíomh faoin riail seo go bhfuil sí bunaithe ar an mbeartas poiblí go spreagtar páirtithe chomh fada agus is féidir lena gcuid aighneas a réiteach gan a dhul i muinín na dlíthíochta.

Tuigimse go bhfuil idirdhealú ann idir pribhléid dhlíthiúil ghairmiúil agus an phribhléid sin a cheanglaítear le ráitis a dhéantar go neamh-réamhchlaonta mar chuid d’iarracht chun aighneas a réiteach. Táimse sásta gur catagóir ar leithligh í an phribhléid (más ann di) a fheidhmítear do na taifid a mharcáiltear amhlaidh ó cheann úd na pribhléide dlíthiúla gairmiúla, agus dá réir nach bhfuil alt 22(1)(a) infheidhmithe dóibh.

Is é mo chinneadhsa ná nach gcáilíonn ach na deich dtaifead seo a leanas i gcomhair díolúine faoi alt 22(1)(a):

Taifid 21, 22, 50, 57,63, 66, 72, 95, 108 agus 118.

Táthar le taifid 13, 33, 34, 36, 107 agus 122 a eisiúint láithreach, taifid a chinn mé gan a bheith incháilithe dá ndíolmhú faoi cheachtar d’alt 22(1)(a) ná alt 46(1)(b) agus nár fheidhmigh an Roinn aon díolúine eile ina leith. Diomaite de na cinn sin a liostaítear thuas, ní mór dom fuílleach na dtaifead a scagadh i gcomhthéacs na ndíolúintí eile a éilítear faoin Acht.

Taifid Rialtais – alt 19

Tá an Roinn tar éis diúltú do rochtain ar roinnt de na taifid faoi alt 19 den Acht SF. Foráiltear in alt 19, arna leasú, go ndiúltófar do rochtain i roinnt cúinsí mar gur cuireadh na taifid i gceist isteach chuig an Rialtas nó go mbaineann siad lena chruinnithe. Luann an Roinn alt 19 sa chuid is mó de chásanna, gan tagairt faoi leith d'fho-ailt áirithe agus gan tagairt don údar, seolaí ná do chúinsí cruthaithe nó úsáide an taifid i gceist.

Maítear in alt 19(1)(a) den Acht SF, arna leasú, go ndiúltófar do rochtain:

"más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) gur chuir Aire den Rialtas nó an tArd-Aighne faoi bhráid an Rialtais é, nó go mbeartaíonn sé nó sí é a chur faoi bhráid an Rialtais, chun breithniú a dhéanamh air agus gur chun na críche sin a cruthaíodh é,

(aa) consists of a communication -

(i) between two or more members of the Government relating to a matter that is under consideration by the Government, or is proposed to be submitted to the Government, or

(ii) between two or more such members who form, or form part of a group of such members to which a matter has been referred by the Government for consideration by the group and the communication relates to that matter,

(b) gur taifead de chuid an Rialtais é seachas taifead trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann, nó

(c) go bhfuil faisnéis (lena n-áirítear comhairle) ann do chomhalta den Rialtas, don Ard-Aighne, d'Aire Stáit, do Rúnaí an Rialtais nó do Rúnaí Cúnta an Rialtais lena húsáid aige nó aici

[go príomha] chun aon ghnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas." 

[Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaielge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtaisar feitheamh ina leith.] 

Forálann alt 19(3), ámh, inter alia, nach mbíonn feidhm le fo-alt (1) d'alt 19 do thaifead éigin -

"...(a) más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, faisnéis fhíorasach ann a bhaineann le breith de chuid an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne, ..."

Foráiltear in alt 19 freisin go:

"folaíonn "breith de chuid an Rialtais" an Rialtas do nótáil nó do cheadú taifid a cuireadh faoina mbráid;

folaíonn "taifead" réamhdhréacht nó dréacht eile den ábhar go léir nó de chuid den ábhar atá sa taifead".

Tá roinnt taifead ann a luann an Dáil i ndáil le halt 19 mar an díolúine ábhartha, ach sa chás nach léir nasc díreach a bheith ag ceachtar d’ábhar an taifid ná an seolaí le cruinnithe ná breithniúcháin Rialtais; ní mheasaim gurb é alt 19 an fhoráil iomchuí i leith na dtaifead sin, agus pléifidh mé leo faoi na díolúintí eile a luann an Roinn. Measaim go raibh ábharthacht faoi leith ag cúinsí chruthú an taifid sin mar a n-éilítear díolúine faoi alt 19, agus déanfaidh mé na taifid sin a scagadh ar féidir a rá fúthu go mbaineann siad ar bhealach éigin le hidirbheart ghnó an Rialtais.

Taifead 32

Is Dréacht-Mheamram don Rialtas é Taifead 32, a ullmhaíodh in Iúil na bliana 2001, nár chuir an tAire faoi bhráid an Rialtais. Táimse sásta ón ábhar nach réamh-dhréacht ná dréacht eile de mheamraim "deiridh" é don Rialtas a seoladh ina dhiaidh sin. Is léir, go deimhin, ón taifead nár cuireadh an t-ábhar agus na moltaí sa mheamram seo riamh faoi bhráid an Rialtais lena bhreithniú. Ní chreidimse, dá réir, gur féidir alt 19(1)(a) a chur i bhfeidhm air; ná ní mheasaim gur "taifead de chuid an Rialtais" atá i dtaifead 32 le gur féidir alt 19(1)(b) a fheidhmiú.

Bhreithnigh mé freisin an bhfuil faisnéis sa mheamram, mar atá ullmhaithe, (lena n-áirítear comhairle i bhfoirm togra agus moladh ina ainmse) do bhall den Rialtas, (an tAire) lena úsáid aigesean ar shlí éigin lena dtabharfaí taifead 32 laistigh de scóip na díolúine a sholáthraítear in alt 19(1)(c). Níltear á mholadh gur cuireadh an taifead seo os comhair na comhaireachta mar fhaisnéis, lena fhaomhadh ná lena chinneadh. I bhfianaise chinneadh an Aire gan dul ar aghaidh ar bhunús an méid a ullmhaíodh i bhfoirm an taifid seo, níor úsáid sé an fhaisnéis (lena n-áirítear comhairle) arna hullmhú dósan go príomha chun críche idirbheart aon ghnó an Rialtais ag cruinniú de chuid an Rialtais. Ba chun na críche sin a tháinig mé ar an gcinneadh nach dtagann taifead 32 faoi Alt 19(1)(c).

Taifid 62 agus 111

Cé go bpléitear sna taifid cur isteach an togra chuig an Rialtas, níor moladh ná níor cuireadh faoi bhráid an Rialtais iad, agus níl aon eolas iontu féin do bhall den Rialtas, don Ard-Aighne, d’Aire Stáit, don Rúnaí leis an Rialtas ná do Leas-Rúnaí leis an Rialtas lena úsáid go príomha chun críche idirbheart ghnó Rialtais ag cruinniú de chuid an Rialtais. Ní taifid de chuid an Rialtais iad; nó níl ráiteas iomlán, ná cuid de ráiteas, iontu a rinneadh ag cruinniú den Rialtas, nó níl faisnéis iontu a nochtann éirim ráitis den sórt sin ina hiomláine nó ina páirt, ná óna bhféadfaí éirim ráitis den sórt sin a thuiscint. Is amhlaidh dá réir a chinnimse nach bhfuil an Roinn i dteideal diúltaithe do rochtain ar thaifid 62 agus 111 faoi alt 19 den Acht.

Taifid 112 agus 113

Cé go gcuirtear síos ar thaifead 112 sa sceideal mar "Dhréacht-mheamram don Rialtas dar dáta 23 Bealtaine 2002", dealraítear gur nóta chuig Ard-Rúnaí na Roinne é ina gcuirtear ar aghaidh comhairle faoin Dréacht-Mheamram do cheadú an Aire. Is ceann dar teideal "Agreement with congregations on contribution to redress scheme" é taifead 113, agus dealraítear gur ullmhaíodh é timpeall nó ag tráth chur isteach an Mheamraim don Rialtas ar 31 Bealtaine 2002 (taifead 114 a bpléitear leis thíos). Ba léir go ndeachaigh sé i dteannta an Mheamraim sin nó gur ullmhaíodh lena úsáid ag an Aire. Feictear domsa go bhfuil faisnéis sa dá thaifead (lena n-áirítear comhairle) ón Aire. I bhfianaise go raibh an fhaisnéis seo ann d'úsáid an Aire chun plé leis na saincheisteanna ag eascairt as an gcomhphlé ar an gComhaontú agus ar an tSlánaíocht ag cruinniú de chuid an Rialtais, táimse sásta chun glacadh leis gur sin é a príomhchuspóir. Is amhlaidh dá réir sin a chinnimse go bhfuil an Roinn i dteideal na taifid 112 agus 113 a choinneáil siar faoi alt 19(1)(c), cé is moite d'aon chodanna ina raibh faisnéis fhíorasach i ndáil le cinneadh de chuid an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne (alt 19(3)). Tá idir thuairimí agus tuairimíocht i dtaca le cnámha scéil éagsúla, agus is amhlaidh dá réir atáimse sásta nach bhfuil faisnéis fhíorasach dá leithéid iontu.

Taifead 114

Seo é an Meamram iarbhír don Rialtas dar dáta 31 Bealtaine 2002. Measaimse go bhfeidhmeofaí alt 19(1)(a) mar dhíolúine éigeantach mura bhfuil feidhm le halt 19(3)(a) i dtaca le faisnéis fhíorasach i ndáil le cinneadh Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne, óir gur cuireadh an taifead sin faoi bhráid an Rialtais lena bhreithniú agus gur léir gur chun na críche sin a cruthaíodh é. Creidimse go nglactar leis gur cuireadh an cinneadh faoi ranníocaíocht na gcuallachtaí reiligiúnda leis an Scéim Sásaimh in iúl don phobal i gcoitinne de bhua preas-eisiúna a d'eisigh an Roinn (taifead 125 eisithe) agus go ndearnadh mionsonraí an chúlra don Chomhaontú a dhíospóireacht i nDáil Éireann freisin (taifead 135-136 eisithe). Tar éis dom an t-ábhar lena mbaineann a scrúdú i gcomhthéacs an tsainmhínithe de 'fhaisnéis fhíorasach' i gcuid 2 den Acht SF in éineacht leis na critéir a leagadh amach i dtaca le taifid den chineál seo i gcinneadh roimhe seo de chuid na hOifige seo (féach Cásuimhir 030714 – an tUas. X agus an Roinn Airgeadais ar www.oic.gov.ie), táimse sásta go bhfuil ábhar fíorasach le fáil in alt 2 agus i míreanna 3.1 – 3.2 agus 6.1 faoi seach. Is meascán idir togra agus tuairim atá i bhfuílleach an taifid. Is amhlaidh dá réir gurb é mo chinneadhsa go bhfuil an Roinn i dteideal rochtain a dhiúltú do thaifead 114, lasmuigh d’eisceacht na gcodanna sin a aithníodh thuas ar chóir go n-eiseofaí iad.

Ba cheart dom a thabhairt mar mhíniú gur nochtadh iarratais atá in alt 1 seachas é a bheith ina ráiteas fírice. Is iad léirmhíniú na Roinne ar chuspóir, príomhghnéithe agus impleachtaí an Chomhaontaithe atá sa chuid is mó d'alt 3 agus ailt 4 - 6 (cé is moite de 6.1). Is sa chiall sin a ghlacfainn leis gur tuairimí atá sna gnéithe sin seachas iad a bheith ina bhfaisnéis fhíorasach. Is deacair an fáth a fheiceáil go gcaithfear inneachar roinnt de na míreanna seo a choinneáil siar, óir go ndearnadh go leor den ábhar céanna a fhoilsiú, nó a nochtadh ó shin i leith sna taifid a eisíodh cheana féin faoin Acht SF. Dá ainneoin sin is amhlaidh atáimse tar éis teacht ar chinneadh, chun críche an chinnidh seo féin, agus óir alt 19 a bheith ina dhíolúine éigeantach, gan ach eisiúint an ábhair a mheas mé a bheith fíorasach, mar a luadh thuas, a threorú.

Taifid 115 agus 116 (Aguisíní le taifead 114)

Beidh sé follasach duitse ón sceideal taifead a d'ullmhaigh an Roinn go raibh roinnt aguisíní ann leis an Meamram don Rialtas. Is iad taifid 115 agus 116 atá in Aguisín 1 agus in Aguisín 2 ar dhréachtanna den tSlánaíocht iad agus de na liostaí aistrithe molta maoine. Óir gur soiléir iad seo a bheith mar chuid de na tograí a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i dteannta an Mheamraim ar 31 Bealtaine 2002; is é mó chinneadhsa, faoi réir alt 19(3)(b) go gcáilíonn siad dá ndíolmhú faoi alt 19(1)(a). Óir tograí a bheith i ndréachtfhoirm sa dá thaifead, ní mheasaimse go bhfuil faisnéis fhíorasach ann lena heisiúint.

Taifead 124

Is litir í seo ón Rúnaí leis an Rialtas chuig an Rúnaí Príobháideach leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta ina leagtar amach na cinntí ar glacadh leo ag cruinniú an Rialtais ag ar faomhadh an Comhaontú féin. Níorbh Aire éigin ná an tArd-Aighne a chruthaigh ná a chuir an taifead seo faoi bhráid an Rialtais, agus ní thagann sé faoi théarmaí alt 19(1)(a). Bhreithnigh mé an bhféadfadh feidhm a bheith le mír (b) d’fho-alt (1) d’alt 19 ar an mbunús go gcuireann taifead 124 cinneadh an Rialtais in iúl agus é a bheith sínithe ag an Rúnaí leis an Rialtas, agus go bhféadfadh sé a bheith ina "thaifead de chuid an Rialtais dá réir". Caithfidh mé breithniú go fóill ar foilsíodh na cinntí ar ghlac an Rialtas leo don phobal i gcoitinne. Táimse sásta gur foilsíodh na cinntí ag míreanna (1) agus (2), agus dá réir go bhfuil feidhm le forálacha alt 19(3)(a) sa mhéid is go mbaineann sé leis na codanna sin den taifead. Sílim dá réir nach bhfuil an Roinn i dteideal a bheith ag brath ar alt 19(1) chun diúltú do rochtain ar an taifead seo, ach amháin i ndáil le mír (3).

Ina theannta sin, foráiltear in alt 19(2) go ndiúltóidh an ceann iarratas a cheadú más amhlaidh faoin taifead lena mbaineann

"(a) go bhfuil ráiteas iomlán, nó cuid de ráiteas, ann a rinneadh ag cruinniú den Rialtas nó go bhfuil faisnéis ann a léiríonn éirim ráitis den sórt sin go huile nó cuid de, nó óna bhféadfaí éirim ráitis den sórt sin a thuiscint, agus".

(b) nach taifead é trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann."

Táimse sásta go nochtfaí leis an bhfaisnéis i mír (3) de thaifead 124, nó go ligfí do thátal a bhaint as tathag ráitis a rinneadh ag cruinniú de chuid an Rialtais, agus nach bhfuil feidhm leis an eisceacht ag mír (b). Is é mó chinneadhsa dá réir go bhfuil mír 3 de thaifead 124 díolmhaithe. Níl míreanna (1) agus (2) díolmhaithe faoi alt 19 de dheasca na bhfáthanna a sloinneadh thuas.

Taifead 132

Is freagra é an taifead seo do mhír (3) a thugtar a mionsonraí sa taifead 124 a chuirtear síos air thuas. Is í mo thuairimse go nochtann a hinneachar nó go ligeann sé do thátal a bhaint as tathag ráitis a rinneadh ag cruinniú de chuid an Rialtais ar an gcaoi chéanna le mír (3) den taifead 124 ar pléadh leis thuas. D’fhéadfaí go gcáilítear codanna den taifead sin dá ndíolmhú freisin faoi alt 22(1)(a) ar fhorais na pribhléide dlíthiúla gairmiúla; is gá domsa tuilleadh machnaimh a thabhairt dó sin, ámh, ag féachaint do mo chinneadhsa faoi alt 19(2). Is é mo chinneadhsa, go n-oibríonn alt 19(2) leis na fáthanna céanna agus a tugadh i dtaca le taifead 124 thuas chun taifead 132 a dhíolmhú óna eisiúint.

Taifead 133

Cuireann an Roinn seo síos ar an taifead seo mar "Meamram a bhaineann le saincheisteanna na freagrachta as mí-úsáid sna scoileanna tionsclaíocha agus ceartúcháin". Cé gur cruthaíodh é tar éis fhaomhadh an Rialtais don Chomhaontú ar 5 Meitheamh 2002, feictear domsa ó chomhthéacs a chruthaithe agus óna inneachar gur ullmhaigh an Roinn meamram lena chur isteach ag an Aire chuig an gcomhaireacaht lena bhreithniú. Táimse sásta nach bhfuil aon fhaisnéis fhíorasach ann i dtaca le cinneadh an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne ionas nach mbeidh feidhm le halt 19(3)(a). Measaimse go gcáileofaí codanna den taifead seo lena ndíolmhú faoi alt 22(1)(a) ar fhorais na pribhléide dlíthiúla gairmiúla; ní gá domsa, áfach, tuilleadh machnaimh a dhéanamh faoi seo ag féachaint do mo chinneadhsa faoi alt 19. Is é mo chinneadhsa dá réir go bhfuil taifead 133 díolmhaithe dá réir le halt 19(1)(a) den Acht.

Alt 20 - Taifid 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85, 111

Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) Gaeilge a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaeilge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais ar feitheamh ina leith.

Áiríonn an Rialtas alt 20(1)(a) sna díolúintí a mbraitear orthu chun na taifid thuas a choinneáil siar (chomh maith le cinn eile a mheas mé cheana féin le bheith díolmhaithe faoi ailt eile den Acht). Áirítear leis an ngrúpa seo comhfhreagras idir an Roinn agus dlíodóirí do CORI um scóip agus méid an Chomhaontaithe agus na Slánaíochta in éineacht le comhfhreagras agus meamraim lena mbaineann aistrithe molta maoine. Foráiltear sa díolúine d’alt 20(1), arna leasú, "féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhfuil ábhar sa taifead áirithe a bhaineann le próisis phléite[de chomhlacht poiblí] lena mbaineann (lena n-áirítear tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú ag an gcomhlacht, ag ceann an chomhlachta nó ag comhalta den chomhlacht nó d'fhoireann an chomhlachta chun críche na bpróiseas sin)". Ní mór aon chinneadh chun taifead a dhíolmhú ar bhunús alt 20(1) a mheas i gcomhthéacs ailt 20(2) agus 20(3), cé nach gcreidimse go bhfuil aon cheann de na díolúintí a sholáthraítear in alt 20(2) infheidhmithe i gcás na n-éileamh áirithe seo. Foráiltear in alt 20(3) nach amhlaidh i gcás alt 20(1) "does not apply in relation to a case in which, in the opinion of the head concerned, the public interest would, on balance, be better served by granting than by refusing to grant the request".  [Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaielge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtaisar feitheamh ina leith.] 

Cé go bhfuil ábhar a bhaineann le próiseas breithniúcháin na Roinne le fáil i roinnt de na taifid a coinníodh siar, táimse sásta go bhfuil an próiseas breithniúcháin as ar tháinig síniú an Chomhaontaithe idir an Roinn agus na cuallachtaí reiligiúnda ar 5 Meitheamh 2002 tugtha chun críche. Glacaim leis go nochtfaí ábhar i ndáil leis an bpróiseas breithniúcháin lena mbaineann le heisiúint na dtaifead trína dtabharfaí mionsonraí de na caibidlíochtaí idir an Roinn agus CORI i rith na gcaibidlíochtaí sin, agus go bhféadfadh nochtadh an ábhair sin roimh chríochnú na gcaibidlíochtaí a bheith i gcoinne leas an phobail; ní hamhlaidh a thuilleadh, ámh. Déanann an Roinn an argóint nár aistríodh an mhaoin go fóill chuig an Stát, agus go bhfuil caibidlíochtaí faoin ngné seo den Chomhaontú fós ar bun. Cé gur léir forfheidhmiú théarmaí an Chomhaontaithe a bheith ar bun go fóill, táimse sásta go mbaineann na taifid a liostaíodh thuas le caibidlíochtaí um scóip agus méid an Chomhaontaithe roimh a bhunú agus gan a bheith i ndiaidh na mbreithniúchán dá éis i bhfoirm comhairle agus moltaí laistigh den Roinn. Measaimse sna cúinsí sin, fiú má chinn mé go raibh ábhar i roinnt de na taifid sin i ndáil leis an bpróiseas breithniúcháin agus go raibh feidhm le halt 20(1), go mb'fhearr do leas an phobail trí chéile dá mbronnfaí an t-iarratas ná dá ndiúltófaí dá bhronnadh. Déantar saincheist leas an phobail a chíoradh go mionsonrach níos déanaí i mo chinneadhsa i gcomhthéacs na ndíolúintí a éilítear faoi ailt 21, 26 agus 27.

Alt 21(1)(c)

I gcás na dtaifead ar phléigh mé leo díreach os cionn faoi bhun dhíolúine alt 20, braitheann an Roinn freisin ar alt 21(1)(c) chun diúltú don rochtain. Foráiltear le halt 21(1)(c) den Acht SF gur féidir le comhlacht poiblí diúltú do rochtain ar thaifead mar a mbreithníonn sé, i gcás na rochtana, "go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, go nochtfaí seasaimh a glacadh, nó a bheadh le glacadh, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir nó treoracha a úsáideadh nó a leanadh nó a bheadh le húsáid nó le leanúint, chun críche aon chaibidlí a bhí nó atá, nó atá le bheith, á seoladh ag an Rialtas nó ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann". Dearadh an t-alt sin chun cosaint a thabhairt do sheasaimh chaibidlíochta a glacadh nó pleananna a úsáideadh chun críche aon chaibidlíochta a rinneadh, nó lena déanamh ag an Rialtas nó comhlacht poiblí éigin, nó thar a gceann, óna nochtadh go díreach nó go hindíreach le páirtithe eile sna caibidlíochtaí.

Dé réir mar a luaigh mé i ndáil leis an bpróiseas breithniúcháin i gcomhthéacs na díolúine alt 20, ghlacfainn leis gur dóichí go gcáileofaí comhfhreagras ina nochtfaí seasaimh ar ghlac an Roinn leo nó a bheidh le glacadh aici, a fhad agus atá an próiseas caibidlíochta ar bun. Ina theannta sin is ea a fheictear domsa go bhféadfadh ócáidí a bheith ann nuair a gcáileofaí comhfhreagras dá dhíolmhú tar éis na caibidlíochtaí a bheith críochnaithe, ag brath ar inneachar an chomhfhreagrais i gceist agus na dóchúlachta de chaibidlíochta comhchosúla nó gaolmhara a tharlóidh amach anseo. Ní léir domsa, dá ainneoin sin, tar éis na taifid i gceist sa chás seo a scrúdú, go nochtfaí go hiarbhír le heisiúint na dtaifead seo seasaimh ar glacadh ná a nglacfar leo, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir ná treoracha a úsáideadh ná ar leanadh díobh, nó a bheidh lena n-úsáid ná lena leanúint, chun críche aon chaibidlíochta ata nó a bheidh ar bun ag an Roinn. Tugaimse faoi deara nach bhfuil tásc éigin de sheasaimh ar ghlac an Roinn leo le linn na gcaibidlíochtaí le fáil i roinnt de na taifid a d'eisigh sí (m.sh. taifid 19, 26, 61, 73). Is suimiúil é, cé go bpléann roinnt den chomhfhreagras a coinníodh siar na seasaimh ar ghlac CORI leo, ní féidir liom aon taifead a aimsiú sa ghrúpa seo ina nochtar straitéis na Roinne sna caibidlíochtaí ar chor ar bith, nó níor aithin an Roinn aon chinn a coinníodh siar a thabharfadh léargas suntasach ina hiompar sna caibidlíochtaí a rinneadh nó a dhéanfar.

Fiú dá dtiocfainn ar chinneadh go bhfuil an fhaisnéis i gceist de chineál a thagann laistigh de scóip alt 21(1)(c), bheadh an cheist fós lena meas arbh fhearr do leas an phobail trí chéile dá mbronnfaí seachas dá ndiúltófaí do bhronnadh an iarratais, de réir mar a fhoráiltear dó in alt 21(2). Glacaim leis go bhfuil leas láidir ón bpobal ann chun cosaint a thabhairt do chumas na gcomhlachtaí poiblí chun dul i mbun caibidlíochta go héifeachtach agus chun a chinntiú nach mbíonn na caibidlíochtaí sin réamhchlaonta le bronnadh iarratais do rochtain ar fhaisnéis. Ar an láimh eile de is ea atá leas an phobail nach beag ann chun oscailteacht agus trédhearcacht na gcomhlachtaí poiblí a uasmhéadú. Pléitear thíos na dochair a d’aithin an Roinn mar na cinn sin a d’fhéadfaí a bheith ag dúil go réasúnach le go n-eascróidís as nochtadh na faisnéise i gceist, i gcomhthéacs ailt 26 agus 27. Ó thaobh na dtaifead a liostaítear san alt seo, ba é mo chinneadhsa faoi dheireadh thiar go mb'fhearr do leas an phobail í eisiúint na faisnéise sin.

Is amhlaidh dá réir a chinnimse nach bhfuil ceart ag an Roinn chun diúltú do rochtain na dtaifead 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85 agus 111 de réir alt 20(1)(a) nó alt 21(1)(c) den Acht SF.

Taifid 14, 15, 40, 43, 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85, 91, 94, 97, 111, 143, 146 - Alt 26

I measc na ndíolúintí arna n-éileamh ag an Roinn i dtaca leis na taifid a liostaítear thuas atá alt 26, a chuimsíonn faisnéis a tugadh faoi rún. Is í argóint na Roinne ina cinneadhsa agus ina cuid aighneachtaí ná go bhfuil alt 26(1)(a) infheidhmithe don chomhfhreagras ó CORI. Ní foláir faoi alt 26(1)(a) go ndiúltaíonn ceann d’iarratas mar a mbíonn faisnéis sa taifead lena mbaineann

  • a tugadh chuig comhlacht poiblí faoi rún agus,
  • a tugadh leis an tuiscint go gcaithfí léi mar fhaisnéis rúnda agus,
  • ar dhóchá go ndéanfadh a nochtadh dochar do thabhairt tuilleadh faisnéise dá saghas chuig an gcomhlacht ón duine céanna nó ó dhaoine eile agus,
  • a bhfuil tábhacht don chomhlacht léi sa mhéid is go mba chóir tuilleadh faisnéise den saghas a luadh cheana a bheith á tabhairt chuig an gcomhlacht.

Measaim é a bheith riachtanach, agus mé ag scrúdú na dtaifead i gcomhthéacs na díolúine sin, na taifid sa ghrúpa seo a roinnt ina dá chuid – (i) comhfhreagras ó CORI nó óna ionadaithe leis an Roinn (taifid 14, 15, 40, 43, 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85, 91, 94, 97, 143 agus 146) agus (ii) taifead arna chruthú ag an Roinn (111).

(i) Taifid CORI

Is í an chéad cheist a thagann aníos leis seo ná ar tugadh an fhaisnéis a thug CORI chuig an Roinn faoi rún agus leis an tuiscint go gcaithfí léi mar ábhar rúnda. Ní ghlacaim leis gur fianaise iontu féin nótaí rúndachta mar chinn le litreacha nó le teachtaireachtaí facs ná le haibhsiú an chomhfhreagrais mar "Gan Dochar Do" nó "Faoi Phribhléid"; nach fianaise iad a bheith ann go bhfuil an fhaisnéis i dtaifead faoi leith rúnda agus gur tuigeadh go raibh an fhaisnéis a tugadh don Roinn ar an mbunús go gcaithfí léi mar ábhar rúnda. Thagair mé ní ba luaithe sa chinneadh seo, nuair a bhí mé ag plé le pribhléid dhlíthiúil ghairmiúil, do chumarsáid a rinneadh i rith aighnis idir páirtithe agus don fhíoras nach féidir iad seo a thabhairt mar fhianaise go ginearálta más rud é go ndearnadh iad "gan dochar do" chun críche aighneas a réiteach. Ní sháraíonn an méid seo an riachtanas go scrúdófaí taifid mar sin sa chomhthéacs an gcáilítear nó nach gcáilítear iad lena ndíolmhú faoi alt 26(1) den Acht SF, áfach.

Feictear domsa sa chás ina ndearbhaíonn an dá thaobh go bhfuil tuiscint rúndachta ann, mura mbíonn aon fhianaise neamhspleách ann, go mbíonn sé oiriúnach inneachar na dtaifead a scagadh sa tsúil is go gcruthaítear an bhfuil bunbhrí an inneachair comhsheasmhach le tuiscint rúndachta a bheith ann. Is amhlaidh a fhaightear dearcaí mionsonraithe na gcuallachtaí sna taifid de chuid CORI, diomaite de thaifead 97 lena bpléifidh mé ar leithligh thíos, faoi roinnt saincheisteanna atá faoi bhun an Chomhaontaithe agus na Slánaíochta. Ba cheart dom a rá anseo gur nochtadh tathag go leor de na buairimh a léiriú sna taifid seo cheana féin i meamraim agus i miontuairiscí éagsúla ó na caibidlíochtaí a áiríodh leis na taifid a d’eisigh an Roinn de bhun an iarratais seo. Ní léir domsa go mbaineann íogaireacht ar leith le hiomlán inneachar na dtaifead sin; is léir dá ainneoin sin nach neafaiseach í an fhaisnéis a fhaightear sna taifid, nár cuireadh os comhair shaol an phobail í agus go ndealraítear gur soláthraíodh don Roinn ar chúis shrianta í. Is sna cúinsí seo atáimse sásta go bhfuil an tréith rúndachta éigeantach ag na taifid dar uimhreacha 14, 15, 40, 43, 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85, 91, 94, 143 agus 146 le teacht de réir théarmaí alt 26(1)(a), agus táimse sásta chun glacadh le dearbhuithe CORI agus na Roinne gur tugadh an fhaisnéis sna taifid sin faoi rún agus leis an tuiscint go gcaithfí léi mar ábhar rúnda.

Is litir chlúdaithe agus iatán é taifead 97 a bhaineann le faisnéis atá os comhair shaol an phobail i ndáil le soláthar na seirbhísí ag ceann amháin de na cuallachtaí. Is é mo chinneadhsa nach bhfuil an tréith riachtanach rúndachta aige lena cháiliú do dhíolmhú faoi alt 26.

Tar éis dom glacadh leis go sásaítear an chéad dá cheanglas d'alt 26(1)(a) i dtaca leis na taifid eile de chuid CORI a aithnítear sa ghrúpa seo, is amhlaidh a bhreithneoidh mé láithreach an sásaítear fosta an tríú agus an ceathrú ceanglas. Is í mo thuiscintse go mbíonn CORI ag déanamh aighneachtaí go rialta le Ranna agus le comhlachtaí poiblí faoin shaincheisteanna oideachasúla, sóisialta, ceartais agus eile. Tuigtear dom nár thug CORI aon tásc ag céim ar bith go mbreithneoidh siad faoi dheireadh a chur le táirgeadh na n-aighneachtaí sin amach anseo má eisítear na taifid atá i gceist sa chás reatha. Níor áitíodh orm leis an argóint go dtiocfadh CORI ar chinneadh, le linn dó a ról mar an comhlacht ionadaíoch do chuallachtaí reiligiúnda caitliceacha in Éirinn, gan léiriúcháin a dhéanamh thar ceann a bhall ar an eagla amháin go bhféadfaí na léiriúcháin sin a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Bhí ról COR(I éagsúil go maith ó ról abhcóide nó stocaire i gcúinsí an cháis seo, óir é a bheith mar ionadaí páirtithe do chomhaontú ceangailteach dlíthiúil inar aontaigh an Stát chun na cuallachtaí a shlánú i gcomaoin na gcúnant éagsúil a shainítear sa Ghníomhas. Is amhlaidh dá réir nach raibh ról CORI teoranta amháin do chur chun cinn thuairimí na gcuallachtaí. Solathraíodh an fhaisnéis a thug sé don Roinn i gcaitheamh na gcaibidlíochtaí chun tacú leis an gcuspóir chun teacht ar chomhaontú i dtaca le ranníocaíochtaí ó na cuallachtaí le ciste cúitimh an Stáit, lena n-áirítear íocaíochtaí airgid, aistrithe maoine agus breithnithe eile nach iad. Agus aitheantas á thabhairt do na ranníocaíochtaí sin, d’éirigh le CORI comhaontú a fháil ón Stát i leith slánaíochta as a dtiocfadh tairbhe do na cuallachtaí.

Glacaim go bhfuil sé tábhachtach don Roinn chun faisnéis a fháil i gcónaí chun is gur féidir caibidlíochtaí do chomhaontuithe a stiúradh i gceart, de réir mar a mheastar na comhaontuithe úd a bheith riachtanach nó inmhianaithe. Ní chreidimse, ámh, gur dócha go bhfeidhmeoidh eisiúint na faisnéise a fhaightear sna taifid seo mar chonstaic do pháirtithe féideartha na todhchaí do chomhaontuithe leis an Stát, cibé ábhar lena mbaineann, ó fhaisnéis a sholáthar ionas gur féidir leosan, nó na páirtithe dá bhfeidhmíonn siad mar ionadaí, na téarmaí is fearr agus is féidir chun leasa a mball féin. Ní ghlacaimse le hargóint na Roinne go mbeadh drogall ar chomhlachtaí in earnáil an oideachais a dtuairimí a chur i scríbhinn faoi chúrsaí a bhféadfadh tábhacht agus íogair a bheith leo san oideachas ar an eagla amháin go bhféadfaí a gcuid aighneachtaí a eisiúint faoin Acht, má mheabhraítear nach bhfuil faisnéis phearsanta i leith daoine aonair sna taifid agus go bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm le hocht mbliana anuas.

Is amhlaidh dá réir nach measaimse gur dócha go ndéanfadh nochtadh na dtaifead sin dochar do thabhairt tuilleadh faisnéise dá saghas don Roinn, agus is é mo chinneadhsa go dteipeann ar thaifid 14,15, 40, 43, 68, 70, 74, 79, 83, 84, 85, 91, 94, 97, 143 agus 146 chun na tástálacha dá ndíolmhú a shásamh faoi alt 26(1)(a).

(ii) Taifead 111 arna chruthú ag an Roinn - Alt 26(1)(b)

Foráiltear in alt 26(2) nach mbíonn feidhm leis an díolúine faoi alt 26(1) i gcás taifid arb é ceann, stiúrthóir nó ball foirne de chuid an chomhlachta phoiblí a ullmhaíonn é i gcaitheamh chomhall a bhfeidhmeanna. Is í an t-aon eisceacht amháin don riail seo ná an cás go mbeadh nochtadh na faisnéise lena mbaineann ina bhriseadh dhualgas na rúndachta arna sholáthar le foráil comhaontaithe nó achtacháin nó eile atá dlite sa dlí do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann nó stiúrthóir, nó ball foirne de chuid comhlachta phoiblí. Tuigtear uaidh sin nach féidir feidhm a bheith leis na díolúintí in alt 26(1), ach amháin dá mbeadh nochtadh na faisnéise i dtaifead 111 ina bhriseadh ar dhualgas rúndachta atá dlite ón Roinn chuig CORI nó chuig na cuallachtaí dá bhfeidhmíonn sé mar ionadaí.

Óir nach ndearnadh aon argóint i dtaca le haon fhoráil faoi leith de chomhaontú ná d’achtachán i ndáil leis an ábhar seo, táimse tar éis breithnithe an ann do dhualgas cothromasach rúndachta sa chás seo. Leagtar amach na tástálacha cearta chun cinneadh a dhéanamh an ann do bhriseadh ar dhualgas cothromasach rúndachta sa chás de chuid Coco v. A. N. Clark (Engineers) Limited F.S. R. 415 (a ghlactar mar léiriú ar dhlí na hÉireann i leith an ábhair seo - féach, mar shampla, House of Spring Gardens Limited v. Point Blank Limited [1984] I.R 611) inar mhaígh Megarry, J. an méid seo a leanas:

"Three elements are normally required if, apart from a contract, a case of breach of confidence is to succeed.  First, the information itself ... must have the necessary quality of confidence about it. Secondly, that information must have been imparted in circumstances imposing an obligation of confidence. Thirdly, there must be an unauthorised use of that information to the detriment of the party communicating it."

[Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaielge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtaisar feitheamh ina leith.] 

Ghlac an Coimisinéir a bhí ann roimhe seo, an tUas. Kevin Murphy, leis an sainmhíniú seo a leanas den "rúndacht" a baineadh ó F. Gurry "Breach of Confidence" in Essays in Equity; P. Finn (Ed.); Law Book Company, 1985, (l.111) um Chásuimhir 98179 – An tUas. Michael Grange agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:

"A confidence is formed whenever one party ('the confider') imparts to another ('the confidant') private or secret matters on the express or implied understanding that the communication is for a restricted purpose."

[Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaielge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtaisar feitheamh ina leith.] 

Aontaímse leis an sainmhíniú sin.

Is cumarsáid arna hullmhú i gcaitheamh chomhall a bhfeidhmeanna ag oifigigh de chuid na Roinne lena dtarchur chuig Ranna nó Oifigí eile é taifead 111. Is ann atá ábhar fíor-theoranta faoina bhféadfaí a mhaíomh gur 'cuireadh in iúl' dóibh ag CORI é, agus ní ghlacaimse gurb ann atá ábhair phríobháideacha nó rúnda a bhfuil cáilíocht riachtanach na rúndachta acu le dualgas rúndachta a chruthú. Shamhlóinn suíomh ina bhféadfadh daoine aonair phríobháideacha nó leasghrúpaí an cineál mionsonraí dá ngnóthaí príobháideacha féin a nochtadh, le linn dóibh a dtuairimí a chur in iúl do chomhlacht poiblí, agus a d’fhéadfadh ceanglas rúndachta i ndáil leis na mionsonraí a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann na cúrsaí i gceist sa taifead seo le gnóthaí príobháideacha na gcuallachtaí ámh, ach le cúrsaí a bhaineann le téarmaí an chomhaontaithe i gcoitinne.

Ní ghlacaimse go dtiocfadh briseadh ar dhualgas rúndachta a bheadh dlite ag an Roinn do CORI as eisiúint aon choda den taifead áirithe seo. Is sna himthosca sin a chinnimse, de bhua alt 26(2), nach bhfuil feidhm leis na díolúintí in alt 26(1) le taifead 111.

Leas an Phobail

Fiú dá dtiocfainn ar chinneadh go mbeadh feidhm le hailt 26(1)(a), foráiltear in alt 26(3) den Acht go mb’fhéidir go mba cheart na taifid a eisiúint fós féin sa chás go mb'fhearr do leas an phobail trí chéile da mbronnfaí an t-iarratas seachas dá ndiúltófaí dó. Cé nach gá domsa déanamh amhlaidh, bhreithnigh mé an dteastófaí faoi leas an phobail go n-eiseofaí na taifid sa chás áirithe seo.

Feictear domsa gurb é an príomhfhachtóir i bhfabhar eisiúint na faisnéise seo ná go méadófaí oscailteacht agus trédhearcacht phróiseas an Rialtais leis an eisiúint, agus go ligfí do scrúdú méadaithe ar chomhaontuithe a rinneadh a chaibidliú thar ceann an Stáit. Rinneadh an cinneadh, mar phrionsabal ginearálta, gur chun leas an phobail í go mba cheart do na fíricí agus do na láithreoireachtaí a imríonn tionchar ar an bpróiseas caibidlíochta a bheith oscailte dá mionscrúdú poiblí, go háirithe mar a dtagann comhaontú ceangailteach dlíthiúil lena mbaineann an Stát ag glacadh ualach airgeadais neamhsonraithe air féin mar thoradh ar an bpróiseas sin. B’fhéidir nár cuireadh mórán tábhachta leis an ngné seo den leas poiblí sular achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise. B’fhéidir gur glacadh leis go deimhin go mb’fhearr don leas poiblí breithniúcháin a stiúradh ar bhonn rúnda roimh na comhaontuithe sin. Ní mheasaimse ná níor áitíodh orm le haighneachtaí na bpáirtithe gur cás é seo ina bhfuil níos mó tábhachtaí le leas an phobail um chaomhnú na rúndachta ná le leas an phobail um próiseas Rialtais oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Alt 27 - Taifid 8, 40, 42, 44, 56, 58, 65, 68, 69, 70, 74, 75, 76, 77, 79, 80, 81, 82, 83, 84, 85, 90, 93, 98, 102, 111, 146 agus 149.

Luaigh an Roinn alt 27(1)(c) ina diúltú do rochtain i gcás gach taifead thuas (agus i roinnt eile nach gá tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh orthu toisc gur chinn mé iad a bheith díolmhaithe faoi fhorálacha ar leithligh den Acht). Áirítear leis na taifid luachálacha agus mionsonraí eile de mhaoin a moladh lena haistriú agus an Comhaontú á réiteach chomh maith le comhfhreagras idir an Roinn agus CORI i leith scóip an Chomhaontaithe trí chéile.

Alt 27(1)(c)

Tugann alt 27(1)(c) den Acht SF cosaint d’fhaisnéis a d’fhéadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh d’iompar nó do thoradh caibidlíochtaí conarthacha nó eile de chuid an duine lena mbaineann an fhaisnéis sin. Is cuibhiseach íseal é an caighdeán cruthaithe is gá chun an díolúine sin a shásamh sa mhéid agus nach ndéantar an tástáil faoin gcinnteacht go dtarlóidh an dochar ach dá bhféadfadh sé tarlú. Agus é sin ráite, bheinn ag súil go mbeadh sé ar chumas duine éigin a bheadh ag iarraidh brath ar an díolúine sin a thaispeáint go raibh caibidlíochtaí conarthacha nó eile ar bun nó gur léir iad a bheith ar na bioráin roimhré agus a bhféadfadh an nochtadh cur isteach orthu, agus an chaoi ina bhféadfadh an nochtadh dochar a dhéanamh d'iompar nó do thoradh na gcaibidlíochtaí sin a mhíniú. I bhfianaise críochnaithe an Chomhaontaithe, arbh é ábhar na gcaibidlíochtaí é, agus a fhaofa ag an Rialtas; ní féidir a mhaíomh ag an tráth seo gur bhain dochar leis na caibidlíochtaí iarbhír as ar tháinig síniú an Chomhaontaithe i Meitheamh 2002.

Cuireann an Roinn agus CORI in iúl ina gcuid aighneachtaí araon go bhfuiltear i mbun an phróisis i gcónaí chun an mhaoin arb incháilithe faoi théarmaí an Chomhaontaithe iad a aithint agus a aistriú. Dé réir mar a thuigimse, is é an buaireamh atá acu go bhféadfaí a mheas faoi mhaoin áirithe go mbeadh sí doghlactha don Stát, agus go mbeadh ar an gcuallacht ábhartha í a dhíol ar an margadh oscailte sa tsúil is go n-íocfaí na fáltais leis an gciste cúitimh. Dealraítear gurb eagla dóibh go rachadh eisiúint na dtaifead chun dochair don luach a réadófaí toisc go mb’fheasach do cheannaitheoirí féideartha gur dhiúltaigh an Stát don mhaoin sin. Cé nár aithin an Roinn ná CORI caibidlíochtaí faoi leith a bhfuiltear ina mbun i dtaca le maoin ar leith, glacaim go bhfuil aistrithe maoine don Stát nó d’eagrais deonacha ann nár críochnaíodh go fóill, de bharr fadhbanna dlíthiúla nó fadhbanna eile, de réir théarmaí an Chomhaontaithe féin. Dé réir mar a fheictear domsa, áfach, ní fhéadfadh aon dochar do chaibidlíochtaí cuallachta amach anseo teacht ach amháin ó eisiúint taifead lena ligfí do chomparáid a dhéanamh amach anseo idir an mhaoin a aistríodh go rathúil agus iad siúd mar ar "chlis" ar an idirbheart mar gheall ar chúis ar bith. Dhealrófaí dá réir nach rachadh an dochar a shamhlaítear i bhfeidhm ar thaifid ar nós an liosta maoine a aistríodh cheana féin chuig an Stát nó chuig comhlachtaí eile arna gclúdach faoin gComhaontú ón mbliain 1999 i leith. Ina theannta sin atá roinnt taifead ann nach léir aon fhainséis ar bith a bheith iontu i ndáil le conarthaí ná caibidlíochtaí seachas téarmaí an Chomhaontaithe agus na Slánaíochta iad féin, agus nach n-aithnítear aon mhaoin iarbhír iontu. Is samplaí iad taifid 40, 70, 79, 83 , 85, 111 agus 146 de thaifid nach ndealrófaí aon fheidhm a bheith le halt 27 leo ar chor ar bith. Is é mo chinneadhsa sna cúinsí sin nach bhfuil feidhm le forálacha alt 27(1)(c) d’aon cheann de na taifid nach n-aithnítear maoin iontu.

Feictear domsa ó thaobh na luachálacha a fuarthas, nach dócha go mba chúis le dochar do na cuallachtaí in aon chaibidlíochtaí amach anseo í an tuairim ghairmiúil de chuid gníomhaire eastáit nó ceantálaí, fiú más amhlaidh a nochtar an tuairim sin sna taifid féin a tugadh ní ba mhó ná 3 bliana ó shin ar luach na maoine ar leith i seilbh na gcuallachtaí reiligiúnda. D’fhéadfaí go luíonn buaireamh CORI sa chás seo san fhíric, áfach, más rud é go dtarlaíonn sé ina dhiaidh sin nach n-aistrítear an mhaoin sin chuig an Stát, go bhféadfadh an t-eolas go rabhthas á mbreithniú agus nár "leanadh" ar aghaidh leo ina dhiaidh sin dul i bhfeidhm ar an bpraghas a fhaightear ar an margadh oscailte. Is ann do shuíomh comhchosúil leis sin i ndáil leis na taifid arb iad na dreácht-liostaí de mhaoin iad. Ní nochtar in aon cheann de na taifid faoi athbhreithniú an mhaoin nár aistríodh go nuige seo ná na fáthanna d’aon deacrachtaí ina leith sin. Cuireadh an pointe in iúl go mba mhíthreorach í eisiúint na dréacht-sceideal sin ar tharla leasú orthu ó shin i leith. Thug an Oifig seo le fios sna cinntí dá cuid roimhe seo nach gciallaíonn an fhíric go mb’fhéidir go mbeadh inneachar na dtaifead míthreorach go bhfuil an eisiúint contrártha le leas an phobail. Cé go dtuigfí do na páirtithe don Chomhaontú go mb’fhéidir go mb’fhearr leo nach scaoilfí an t-eolas nó go mbeidh an liosta "cinntitheach" de mhaoin aistrithe críochnaithe, agus is amhlaidh go deimhin a thug an Roinn le fios gur mian léi liosta de gach maoin ar glacadh leo a fhoilsiú ach a mbeidh na haistrithe tugtha chun críche, ní fachtóir é seo lena gcuirim tábhacht ró-mhór i bhfianaise gur léir ó na taifid go bhfuil aistrithe maoine i bhfoirm dréachta nó togra. Glacaim san áireamh an fhíric go mb’fhéidir go nglacfaidh críochnú na saincheisteanna maoine faoin gComhaontú achar sách fada. Tugaimse faoi deara go bhforáiltear sa Chomhaontú do theagmhais lena n-áirítear próiseas eadrána agus athchur aon mhaoine le sócmhainn maoine ailtéarnach nó a comhionann san airgead tirim.

Ag glacadh leis don am i láthair go bhféadfaí é a bhunú ó chíoradh de na taifid sin i gcomhar leis an eolas faoi staid reatha na gcaibidlíochtaí (nár cuireadh mionsonraí i leith maoine ar leithligh ar fáil domsa) gur diúltaíodh do roinnt maoine inaitheanta; nílim lán-chinnte gur réasúnta lena bheith ag súil go mba chúis sin le dochar d’iompar nó do thoradh na gcaibidlíochtaí amach anseo de chuid na gcuallachtaí. Is féidir go bhfeicfí maoin a mheas an Stát a bheith mí-oiriúnach ag pointe áirithe ama, ar chúiseanna teidil nó eile, mar shócmhainn luachmhar do thairgeoir ar an margadh oscailte. Níl aon chinnteacht ann, dar ndóigh, go ndíolfadh na cuallachtaí gach maoin ar "diúltaíodh" dóibh – féadann siad roghnú lena gcoinneáil.

Leas an Phobail

Táimse sásta chun glacadh leis go bhfuil féidearthacht éigin ann go mb'fhéidir go mba chúis leis an dochar a fheictear in alt 27(1)(c) í aithint de líon beag taifead trína n-eisiúint. Níor áitíodh orm, ámh, ar fháthanna comhchosúla leo siúd a pléadh thuas chun plé le halt 26 den Acht, gur troime na hargóintí i gcoinne a n-eisiúna ar na hargóintí i bhfabhar a n-eisiúna le leas an phobail. Measaimse ón eolas atá ar fáil, gur measartha beag an seans go laghdófaí an méid a gheobhadh na cuallachtaí ó dhiúscairt aon mhaoine lena mbaineann mar thoradh díreach ar nochtadh na dtaifead sin. Glacaimse leis an tuairim nach luíonn leas an phobail i nochtadh luach ná méid na maoine i seilbh na gcuallachtaí, ach in éascú an phobail agus an cháiníocóra chun imscrúdú a dhéanamh ar na tograí ó na caibidlíochtaí, agur ar na breithnithe lárnacha sa Chomhaontú agus in áireamh na ranníocaíochta a bhí dlite. Is amhlaidh dá réir a chinnimse de réir alt 27(3) nach bhfuil feidhm leis an díolúine in alt 27(1)(c) toisc go mb’fhearr do leas an phobail trí chéile dá mbronnfaí rochtain ar na taifid ná dá ndiúltófaí do rochtain orthu.

Alt 31 - Taifid 8, 40, 42, 44, 56, 58, 65, 68, 69, 70, 74, 75, 76, 77.79, 79, 80, 81, 82, 83, 84, 85, 90, 93, 98, 102, 111, 146 agus 149.

I dteannta na ndíolúintí eile a pléadh thuas, tagraíonn an Roinn d’alt 31(1)(b) chun diúltú do rochtain ar na taifid sin, gach ceann á choinneáil siar faoi alt 27(1)(c) freisin. Foráiltear sa chuid ábhartha d’alt 31 gur féidir diúltú do rochtain ar thaifead, más rud é, i dtuairim an chinn "...go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá ndéanfaí faisnéis atá sa taifead a nochtadh go ró-luath, go mbeadh de thoradh air go gcuirfí isteach go míchuí ar ghnáthchúrsa gnó i gcoitinne, nó ar aon aicme áirithe gnó, sa Stát agus, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go mbeadh, sna himthosca go léir, an fhaisnéis á nochtadh go ró-luath,..."

I measc na gcineálacha taifid a aithníodh in alt 31(2) de bheith clúdaithe go féideartha leis an díolúine sin mar thaifead a bhaineann le:

"(i) maoin atá ina sheilbh ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, agus idirbhearta, nó idirbhearta molta nó beartaithe, a bhfuil maoin den sórt sin i gceist iontu."

Cé nár aithin an Roinn aon fhaisnéis faoi leith sna taifid seo, dá nochtfaí go ró-luath iad, lena mbeifí ag súil go ndéanfadh sé dochar do ghnó agus don Stát mar a shamhlaítear in alt 31(1)(b), glacaim ó inneachar na dtaifead sa ghrúpa seo go mbaineann sé go príomha le haistrithe maoine a mholtar sa Chomhaontú. I mo thuairimse, dearadh fo-alt (1)(b) chun gnó a chlúdach sa ghnáthchiall den fhocal (a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála, ceardaíochta nó gairme), agus níor dearadh é do sholáthar na seirbhísí ar son an Stáit nó leis. Táimse den tuairim nach ndéanfaí ró-dhochar do leasa airgeadais an Stáit trí eisiúint na faisnéise a fhaightear sna taifid, fiú sa chás go n-aithnítear sna taifid agus go bhfuil roinnt luachálacha iontu faoi mhaoin ar leith a mholtar lena n-aistriú. Tagaim ar an gconclúid sin, ag féachaint don fhíric go n-áirítear leis an gComhaontú aistrithe de mhaoin réadach a rinne na cuallachtaí leis an Stát agus le húdaráis áitiúla nó le heagrais dheonacha ó 11 Bealtaine 1999 chuig comhluach de €40.32 milliún, agus áirítear leis an maoin sin tailte a úsáidtear chun oideachas, seirbhísí sóisialta agus saoráidí pobail eile a sholáthar thar ceann an Stáit.  Ní fheicim, anuas air sin, an chaoi ina ndéanfadh nochtadh de mhéid teoranta faisnéise faoi mhaoin a liostaítear dá haistriú díshocraíocht mhíchuí mar a shamhlaítear le fo-alt (1)(b), fiú dá mbeadh an Stát in ann an tsócmhainn sin a réadú amach anseo. I gcás na maoine leis na cuallachtaí, ach ar dhiúltaigh an Stát dá haistriú de bharr mí-oiriúnachta nó fáth éigin eile mar a fhoráiltear sa Chomhaontú, measaimse nach bhfuil feidhm le halt 31(1) toisc nach bhfuil an mhaoin sin (más ann di) i seilbh an Stáit nó comhlachta phoiblí eile nó ar a son. Is é mo chinneadhsa nach réasúnach iad ionchais na Roinne, agus nach bhfuil feidhm le halt 31 sa chás seo.

Taifid 126 -129

Is éard atá sna taifid seo ná ceithre fhillteán dá dtagraítear sa Chomhaontú agus atá mar chuid de.  Tá liostaí iontu de na himeachtaí cúirte a eisíodh nó a bagraíodh i gcoinne na gcuallachtaí agus/nó i gcoinne an Stáit ag daoine a bhí sna hinstitiúidí cónaithe, chomh maith le liostaí de ghearáin a d’fhógair an Coimisiún Fiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí (an Coimisiún) ag an tráth ar tiomsaíodh an liosta. Tá timpeall 300 leathanach san iomlán sna fillteáin, cé gur beag faisnéise atá i roinnt leathanach.

Taifid 126 -128 - Alt 28

 Is iondúil go n-áirítear ainmneacha na ngearánaithe, a ndlíodóirí agus a bpáirtithe leis na liostaí i bhFillteáin 1 -3, lena n-áirítear an chuallacht nó an duine aonair arb iad na freagróirí sna himeachtaí iad. Táimse den bharúil, in ainneoin roinnt den fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó scrúdú de na liostaí Cúirte nó den Dialann Dhlíthiúil arna bhfoilsiú ag an tSeirbhís Chúirteanna, gur faisnéis phearsanta i ndáil le duine í an fhíric go bhfuil an duine sin ag dul i mbun caingin i gcoinne an Stáit nó eile ag teacht as an bhfíric go raibh seisean nó sise i scoil thionsclaíoch nó in institiúid éigin eile, ar díolmhaithe í an fhaisnéis sin, prima facie, ó eisiúint faoi alt 28(1) den Acht SF, mura gcinntear aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in alt 28(2) nó in alt 28(5) a bheith infheidhmithe.   

Ní mheasaimse gur cás é seo lena bhfuil aon fheidhm le halt 28(2); is gá cíoradh, áfach, an ligfí faoi alt 28(5)(a) do cheadú an iarratais dá mba rud é gur mhó an tábhacht a bhainfeadh leis ná leas an pobail go seasfaí leis an gceart rúndachta ag daoine aonair lena mbaineann an fhaisnéis sin.  Ní dhearnadh aon chás go bhfuil leas poiblí ann um eisiúint na n-ainmneacha a liostaíodh sna taifid seo; agus sna cúinsí sin, is é mo chinneadhsa gur mó an tábhacht a bhaineann lena gceart dá rúndacht ná aon leas pobail féideartha um cheadú an iarratais i leith na bhfillteán.

Bhreithnigh mé arbh fhéidir leaganacha eagraithe de na taifid a eisiúint leis an bhfaisnéis trína n-aithnítear na daoine aonair scriosta amach. Sílim ag an gcéim seo go mba cheart dom cur chuige an Choimisinéara a mhíniú do dheonú na rochtana ar chodanna de na taifid. Sainmhínítear in alt 2 den Acht "taifead" de bheith ag áireamh "aon ní ar cuid nó cóip é" de thaifead leis. Foráiltear in alt 13 den Acht do scriosadh na faisnéise díolmhaithe agus do bhronnadh na rochtana ar chóip de thaifead leis an bhfaisnéis dhíolmhaithe sin bainte di. Ba chóir go ndéanfaí an méid sin de réir mar is indéanta, agus sa chás nach mbeadh an chóip den taifead a chruthaítear leis sin míthreorach.  Is í tuairim an Choimisinéara, ámh, gur gá le sainmhíniú taifid nó le forálacha alt 13 baint d'abairtí faoi leith nó de chorr-mhíreanna de na taifid chun críche dheonú na rochtana ar na habairtí ná ar na míreanna áirithe sin.  Ní bhímse i bhfabhar ghearradh nó "dhioscadh" na dtaifead dá mhéid sin go ginearálta, agus ag brath ar inneachar na dtaifead agus ar ábhar na sleachta féideartha.  Tá a fhios agam sa chás áirithe seo nach nochtfaí ach liostaí d'uimhreacha tagartha agus d'institiúidí leis na taifid a thiocfadh as dá scriosfaí gach aon ainm de na liostaí sin. Is amhlaidh dá réir a mheasaimse nár chóir ach ceithre leathanach san alt dar teideal "" (nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta iontu) a eisiúint sa chás seo.
Taifead 129

Is i bhfillteán 4 (taifead 129) a fhaightear liostaí de líon na ngearán a fógraíodh do na cuallachtaí de bheith á dtaisceadh leis an gCoiste Fiosraithe de chuid an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí (an Coimisiún). Dealraítear gurbh iad na cuallachtaí agus/nó a ndlíodóirí a thiomsaigh na liostaí. Neamhchosúil leis an ábhar i bhfillteáin 1-3 a gcuirtear síos orthu thuas, nach bhfuil ainmneacha, seoltaí nó aon fhaisnéis phearsanta eile faoi dhaoine a bhí sna scoileanna tionsclaíocha nó faoi dhaoine aonair eile sna liostaí sin. Ní nochtar ach amháin na huimhreacha tagartha arna leithdháileadh ag an gCoiste Fiosraithe, ainmneacha na gcuallachtaí agus/nó institiúidí a bhain leis, agus an tréimhse lena mbaineann na gearáin i gcás amháin. Dealraítear go bhfuil na cásanna a liostaítear teoranta dóibh siúd ina bhfuarthas páipéir, ag an tráth inar cruthaíodh an taifead seo, leis an gcuallacht lena mbaineann in éineacht le hiarratais ón gCoiste Fiosraithe faoin Acht an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí, 2000, chun ráitis i scríbhinn a sholáthar den fhianaise dá molann sí le tabhairt i ndáil leis na gearáin.  Bhraith an Roinn ar alt 22(1)(a), alt 26 agus alt 28 do choinneáil siar an taifid. Táimse tar éis teacht ar chinneadh cheana féin sa chuid den chinneadh seo ina bpléitear le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil, nach bhfuil taifead 129 i measc na dtaifead a cháilítear do dhíolúine alt 22(1)(a).

Bhí an buaireamh agam roimh an eagla go mbeadh aon fhéidearthacht ann go bhféadfadh aithint na ndaoine aonair teacht as eisiúint uimhreacha tagartha an Choimisiúin a leithdháiltear ar ghearánaithe faoi leith, nuair a ghlacfaí ainmneacha na hinstitiúide ábhartha i gcomhar leo. Chuir an Oifig seo é sin in iúl don Roinn agus don Choimisiún, agus cé nár thug a bhfreagraí aghaidh go sonrach ar conas a dhéanfaí aon nasc mar sin in éagmais na n-ainmneacha; léirigh siad an tuairim go bhféadfaí go n-aithneofaí gearánaithe aonaracha agus go mba chóir na huimhreacha tagartha a bhaint d’aon chóipeanna den taifead a bheidh lena n-eisiúint. Lasmuigh de na huimhreacha tagartha, ní féidir liom aon fhaisnéis a aimsiú i dtaifead 129 a mheasfaí a bheith ag baint le duine aonair inaitheanta. Is amhlaidh dá réir, óir nach nochtar aon fhaisnéis phearsanta ann, nach féidir liom teacht ar chinneadh go bhfuil fuílleach an taifid díolmhaithe faoi alt 28 den Acht.

Bhreithnigh mé an bhfuil an tréith riachtanach rúndachta faoin bhfaisnéis a thug na cuallachtaí don Roinn san fhillteán seo chun cáiliú i gcomhair a díolmhaithe faoi alt 26, de réir na dtástálacha a phléigh mé ní ba luaithe sa chinneadh seo. Is é an ní nach foláir dom a bhreithniú go bunúsach ná an mbaineann rúndacht le liosta de líon na ngearán a bhaineann le tromlach na gcuallachtaí a bhí ina bpáirtithe don Chomhaontú agus ar thug an Coimisiún fógra ag pointe ama áirithe dóibh. Feictear domsa óir nach n-aithnítear aon phearsa iontu, agus gur faisnéis staitisticiúil atá iontu go príomha, d’ainneoin na fírice nach bhfeidhmíonn sí mar chuntas iomlán de thoirt na ngearán chuig an gCoimisiún.  Ní chinnimse go bhfuil an tréith riachtanach rúndachta ag an bhfaisnéis sna taifid chun cáiliú do dhíolúine alt 26 nó go bhfuil an Roinn faoi dhualgas rúndachta leis na cuallachtaí ná leis an gCoimisiún i dtaca leis an bhfaisnéis atá mar chuid d’aguisíní an Chomhaontaithe anois í. Creidim go bhfuil an fhíric go ndearnadh gearáin i gcoinne thromlach na gcuallachtaí agus na n-institiúidí faoina mbainistíocht amuigh sa saol poiblí.  Ní mheasaimse an ceart a bheith ag an Roinn le coinneáil siar an taifid seo ar bhunús alt 26,  i gcomhthéacs mo chonclúidí thuas i ndáil le feidhmiú alt 26 den Acht do thaifid eile de chuid CORI.

Is feasach dom forálacha Acht an Choimisiúin Fhiosrúcháin um Mí-úsáid Leanaí, 2000 lena gcuirtear toirmeasc ar nochtadh faisnéise áirithe a thugtar don Choimisiún, agus lena ligtear do dhiúltú iarratais ar thaifid faoin Acht SF, faoi réir thástálá leasa an phobail. Ní mheasaimse go mbaineann feidhm leis na forálacha seo sa chás áirithe seo. Ghlac mé san áireamh ráiteas an Choimisiúin (amhail a foilsíodh ar a shuíomh Gréasáin) i ndáil le Fillteán 4 ina maítear, inter alia,:

"There has been no transfer of information from the Investigation Committee of the Commission to any person or body other than in strict compliance with the provisions of the Act of 2000. It is not apparent from Folder Four that there has been any breach by any person or body which has obtained information from the Investigation Committee in accordance with the provisions of the Act of 2000 of the confidentiality provisions which apply to the Investigation Committee."

Deir an Coimisiún sa ráiteas céanna nach raibh sé ina pháirtí leis an gComhaontú, agus nach raibh aon bhaint aige le comhthiomsú Fhillteán 4.

Alt 22(1A) agus (1B)

An tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú)

Is é an seasamh ar ghlac an Coimisinéir leis tar éis achtú an Achta um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, ná nach mór gach athbhreithniú a dhéanamh a bhunús na reachtaíochta reatha ag am an gcinnidh, beag beann ar an tráth ina ndearnadh an bun-iarratas nó an t-iarratas athbhreithnithe. Tá an méid seo comhsheasmhach le cur chuige na hOifige i leith cásanna ina dtagann fíricí breise chun cinn i gcaitheamh athbhreithnithe.  D’fhéadfadh sé seo tarlú de bharr athraithe cúinsí nach rabhthas ag súil leis nó go simplí mar thoradh ar fhiosruithe ag an Oifig seo ina mochtar ábhar breise suntasach.  Is é an cleachtas ná gach cúinse a thabhairt san áireamh de réir mar is ann dóibh ag an am ar sroicheadh an cinneadh, bídís fíorasach nó dlíthiúil.

Tá an bunús don chur chuige seo fréamhaithe i gcinneadh na hArd-Chúirte leis an mBreitheamh Ó Caoimh dar dáta 31 Iúil 2001 i gcás an Aire Oideachais & Eolaíochta agus an Choimisinéara Fhaisnéise (1999 Uimh. 99 MCA). Bhain an cás le taifid de thorthaí Scrúduithe na hArdteistiméireachta i gcás bliain ar leith. Ina chinneadhsa, mhaígh an Breitheamh Ó Caoimh:

"it is clear that the decision that was to be made by the Information Commissioner in light of the appeals taken to him were to be made in light of the facts and circumstances applying at the date of the review by him and not those facts and circumstances pertaining on the date of the original decision." 

Cuirtear dhá fho-alt úra isteach le halt 22(1) trí alt 17 den Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, de réir seo a leanas:-

"(1A) A head may refuse to grant a request under section 7 if the record concerned relates to the appointment or proposed appointment, or the business or proceedings, of -

......(b) any other tribunal or other body or individual appointed by the Government or a Minister of the Government to inquire into specified matters at least one member or the sole member, of which holds or has held judicial office or is a barrister or a solicitor ...

and the request is made at a time when it is proposed to appoint the tribunal, body or individual or at a time when the performance of the functions of the tribunal, body or individual has not been completed.

(1B) Subsection (1A) does not apply to a record in so far as it relates to the general administration of, or of any offices of, a tribunal or other body or an individual specified in that subsection."

{Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) Gaeilge a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaeilge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais ar feitheamh ina leith.}

Táimse sásta chun glacadh leis go mb’fhéidir go dtagann taifead 129 sa chás seo laistigh de scóip na díolúine roghnaí seo sa mhéid is go mbaineann sé le gnó neamhchríochnaithe nó le himeachtaí comhlachta arna cheapadh ag an Rialtas agus faoi chathaoirleacht Breithimh. Ní mheasaimse gur féidir a mhaíomh faoin liosta a chuirtear síos thuas air go mbaineann sé le riaradh ginearálta an Choimisiúin nó dá chuid oifigí. Níor ardaíodh infheidhmitheacht na díolúine seo sa Roinn nó ar do pháirtse toisc gur tháinig an t-iarratas roimh achtú alt 22(1A). Is amhlaidh dá réir a chuir an Oifig seo tusa, an Roinn agus an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn againn chun an tsaincheist seo a bhreithniú i ndáil le taifead 129 agus aighneachtaí ar tugadh cuireadh dóibh. Maíonn an Roinn go ngairfeadh sí an díolúine alt 22(1A) dá mba rud é go mbeadh sí ar fáil di, agus go mba chóir di a rogha a chleachtadh agus an díolúine sin a chleachtadh, agus chun diúltú do rochtain ar an taifead dá réir. Is í aighneacht an Choimisiúin go dtagann an taifead faoi chatagóir na gcáipéisí a chlúdaítear le halt 22(1)(A), agus go bhféadfaí cinneadh chun diúltú do rochtain a bheith ceart agus cóir ar bhonn na gcúiseanna gur rúnda iad na sonraí a fhaightear i bhFillteán 4 (taifead 129) dá Choiste Fiosraithe. Níor fhreagair tú don chuireadh chun aighneacht a dhéanamh ar chóir dom mo rogha a chleachtadh i bhfabhar alt 22(1A) a chur i bhfeidhm don taifead áirithe sa chás seo.

Is é an chéad ní le tabhairt faoi deara i leith alt 22(1A) ná gur díolúine roghnach atá ann. Tagann an cheist aníos an gceadaítear dom faoin Acht SF chun cinneadh comhlachta phoiblí a athbhreithniú le rogha a chleachtadh chun diúltú do rochtain de réir alt 22(1A).  Tá an Coimisinéir sásta, áfach, agus tugadh comhairle dhlíthiúil di gur féidir lena hOifigse a leithéid de chinneadh a athbhreithniú. Dá dtuigfí ón alt nach gceadaítear aon luacháil breise faoin gcaoi ina gcleachtaítear an rogha sin, bheifí ag cruthú rogha leis an Acht nach bhféadfaí dúshlán a thabhairt di le haon cheann de na prionsabail dlíthiúla dá bhfuil ann atá infheidhmithe do chleachtadh na rogha reachtaíochta ag údarás riaracháin.   Ag féachaint d’fhorálacha alt 34(12), táimse sásta nach mór do chomhlacht poiblí a bhíonn ag iarraidh brath ar alt 22(1A) a chinneadh a fhírinniú domsa, lena n-áirítear a chinneadh chun a rogha a chleachtadh i ndiúltú na rochtana.  Freagraíonn an ceanglas sin don toimhde faoi bhun an Achta SF go n-eiseofar taifid agus don fhíric go mbíonn duine a lorgaíonn taifid faoin Acht SF ag feidhmiú ar bhunús cirt dhlíthiúil.  Dé réir mar a scríobh McKechnie J., in Deely and the Information Commissioner (2000 Uimh. 95 MCA), ní chleachtaíonn iarratasóir SF an ceart sin "not out of grace and favour of the public body in question, but rather pursuant to the force of law. It is a legal right which he is exercising...".  Ní mór do gach cinneadh faoin Acht SF a bheith comhsheasmhach leis an scéim fhor-iomlan agus le cuspóirí an Achta. De réir mar a luaigh McKechnie J. sa bhreithiúnas céanna, agus le Teideal Fada an Achta a lua, ba cheart go mbreathnófaí ar chleachtadh na gceart SF "in the context of and in a way to positively further the aims, principles and policies underpinning this statute, subject and subject only to necessary restrictions ...".

[Ní gnách aistriúchán (neamhoifigiúil) a chur ar shleachta reachtaíochta a bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaielge ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtaisar feitheamh ina leith.] 

Ní sholáthraítear aon treoir le halt 22(1A) faoi conas ar chóir an rogha sin a chleachtadh nó faoi pé fachtóirí ar cheart a thabhairt san áireamh um chleachtadh na rogha sin. Tá go leor den phlé sa chuid seo den chinneadh seo bainteach anseo i gcomhthéacs na faisnéise teoranta sa taifead féin, an fhíric nach nochtar faisnéis phearsanta agus an cinneadh nach sásaíonn an fhaisnéis na tástálacha a leagadh síos san Acht i ndáil leis an díolúine um fhaisnéis "rúnda". Táimse meabhrach faoi bhfíoras gur cuireadh an taifead i gceist mar iarscríbhinn leis an gComhaontú idir an Roinn agus na cuallachtaí, agus gur beag a nochtar san ábhar ann (seachas na huimhreacha tagartha) faoin "ngnó" de chuid Coiste Fiosraithe an Choimisiúin. Ní ghlacaim go mbeadh aon éifeacht ag eisiúint an chineáil seo fhaisnéise faoin Acht SF ar mhuinín na ngearánaithe sa Choimisiún féin.

Is í mo chonclúidse, i bhfianaise an méid roimhe seo, agus tar éis dom na haighneachtaí a fuair mé a bhreithniú, ná nach ndéanfadh eisiúint taifead 129 an méid sin dochair d’fheidhmeanna an Choimisiúin ná do leasa na Roinne, na gcuallachtaí ná dreamanna eile agus go mbeadh orm rogha a chleachtadh chun forálacha neamhéigeantacha d'Alt 22(1A) a fheidhmiú dó. Is amhlaidh dá réir arb é mo chinneadhsa ná go mba chóir taifead 129 a eisiúint faoi réir scriosadh na n-uimhreacha tagartha sna liostaí (iad siúd de chuid an Choimisiúin agus de na cuallachtaí). Ba cheart go ndéanfaí an t-eagrán ar an gcaoi go bhfuil líon iomlán na gcásanna a liostaítear ar gach leathanach soiléir ó na cóipeanna go fóill.

Decision

Tar éis dom tabhairt faoi athbhreithniú faoi alt 34(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, athraímse cinneadh na Roinne leis seo agus treoraím mar seo a leanas:

  • Diúltú do rochtain ar thaifid 21, 22, 49, 50, 52, 53, 57, 60, 63, 66, 72, 87, 88, 89, 95, 99, 100, 101, 104, 105, 106, 108, 110, 112, 113, codanna de 114 (alt 1, míreanna 3.3- 3.15, ailt 4, 5 and míreanna 6.2 - 6.3), 115, 116, 117, 118, 119, 120, codanna de 124 (mír 3), 126 (cé is moite den innéacs sna chéad cheithre leathanach mar a aithnítear sa chinneadh féin), 127, 128, codanna de 129 (uimhreacha tagartha amháin), 132, 133, 144, 145, 147 agus 148.
  •  Fuílleach na dtaifead á siarchoinneáil ag an Roinn - 8, 13, 14, 15, 32, 33, 34, 36, 40, 42, 43, 44, 56, 58, 62, 65, 68, 69, 70, 74, 75, 76, 77, 79, 80, 81, 82, 83, 84, 85, 90, 91, 93, 94, 97, 98, 102, 107, 111, 114 (alt 2 agus míreanna 3.1 - 3.2 agus 6.1 amháin) 122, 124 (míreanna 1- 2 amháin), 126 (an t-innéacs sna chéad cheithre leathanach amháin), 129 (diomaite de na huimhreacha tagartha), 143, 146 agus 149 – lena n-eisiúint.

 

Aon pháirtí d’athbhreithniú, nó aon duine eile a dtéann cinneadh an Choimisinéara Fhaisnéise i bhfeidhm orthu tar éis athbhreithniú; féadann siad achomharc a thabhairt don Ard-Chúirt ar phointe dlí a eascraíonn ón gcinneadh. Ní mór achomharc mar sin a thionscnamh faoi thráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na litreach seo.

Yours sincerely




Patrick Whelan
Ard-Stiúrthóir