Táillí i gcomhair Athbhreithniú an Choimisinéara

Táillí Iníoctha

Catagóir A:  Iarratas Athhbhreithniú gan Táille

Níl táille iarratais iníoctha nuair: 

  • nach bhfuil sna rochtain atá á lorg ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir;
  • a bhaineann an athbhreithniú le cinneadh chomhlacht poiblí ar iarratas leasú ar thaifid (iarratas faoi alt 17) nó ar iarratas ráiteas cúiseanna a fháil (iarratas faoi alt 18);
  • a bhaineann an athbhreithniú le cinneadh chomhlacht poiblí chun táille a ghearradh ar iarratas Shaoráil Faisnéise;
  • a bhaineann an athbhreithniú le cinneadh chun faisnéis phearsanta ag baint le tríú pháirtí a scaoileadh agus deintear an iarratas ar athbhreithniú ag an tríú pháirtí siúd;
  • a theip ar chomhlacht poiblí freagra a thabhairt ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh den teorainn ama ceadaithe. 

 

Catagóir B:  Iarratas Athbhreithniú le Táille Laghdaithe (€50)

Tá táille laghdaithe (€50) iníoctha nuair:

  • is sealbhóir cárta leighis (nó cleithiúnaí sealbhóra siúd) an iarratasóir féin;
  • a bhaineann an iarratas le cinneadh chomhlacht poiblí chun taifid ag baint le tríú pháirtí a scaoileadh agus déantar an iarratas ar athbhreithniú ag an tríú pháirtí atá i gceist.

 

Catagóir C:  Iarratas Athbhreithniú le Táille Iomlán (€150)

Tá an táille iomlán (€150) iníoctha do gach iarratas eile.

Módh Íochaíochta

Is féidir an táille a íoc mar seo leanas:

  • ar-líne
  • le Seic / Dréacht Bainc / Ordú Poist, crosáilte agus iníoctha le Oifig an Choimisinéara Faisnéise
  • le h-airgead tirim, go pearsanta, ag Oifig an Choimisinéara idir 9.15 a.m. agus 5.30 p.m. (Dé Luain go Déardaoin) agus 9.15 a.m. go 5.15 p.m. (Dé hAoine).

Nótaí

  1. I gcás go bhfuil iarratasóir ar athbhreithniú sásta go bhfuil táille iníoctha, is cóir go níocfar an táille sin (€150 nó €50) chuig Oifig an Choimisinéara leis an iarratas ar athbhreithniú.   
  2. I gcás go bhfuil sé socraithe ag an chomhlact poiblí ag a rinneadh an bun-iarratas Shaoráil Faisnéise nach bhfuil táille iníoctha, nó gur shealbhóir chárta leighis (nó cleithiúnaí siúd) é an t-iarratasóir, ba chóir cruthú a sheoladh chuig Oifig an Choimisinéara leis an iarratas ar athbhreithniú.
  3. I ngach cás eile, más rud é go bhfuil sé de thuairim an iarratasóir ar athbhreithniú nach bhfuil táile ar bith iníoctha nó go bhfuil táille laghdaithe iníoctha, ba chóir na sonraí chuí a ghabháil le Oifig an Choimisinéara leis an iarratas ar athbhreithniú chun go bhféadfar le Oifig an Choimisinéara an táille chuí a shocrú.  Mar shampla, má cheaptar go bhfuil an iarratas ar athbhreithniú oiriúnach do Chatagóir A, ba chóir cóip den chinneadh a sholáthar; má cheaptar go bhfuil sé oiriúnach do Chatagóir B, ba chóir cóip den chárta leighis a sholáthar.  Ba chóir go mbéadh sé in aigne iarratasóir ar athbhreithniú nach féidir leis an gCoimisinéir glacadh le iarratas ar bith go dtí go n-íocfar an táille cheart.  Muna n-íocfar an táille cheart, meastar nach ndearnadh aon iarratas.  
  4. Ná cuirtear airgead tirim tríd an phost.