Tá áthas orm an chéad ráiteas straitéise uaim mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise a chur i láthair. Tá an Plean seo ar an séú hathbhreithniú ar chuspóirí straitéiseacha ó Oifig an Ombudsman agus ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OCF) (ina gcorpraítear Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCFC)).
Chomh maith leis sin, cuireann Oifig an Ombudsman seirbhísí comhroinnte ar fáil don Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus soláthraíonn sí an Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPOC) (ina gcorpraítear an Coimisiún Reifrinn agus é ar bun). Is iad feidhmeanna reachtúla ar leith a chomhlíonann na ceithre Oifig. Ina ainneoin sin, feidhmíonn siad mar ghníomhaireacht chónasctha aonair faoi Vóta amháin agus faoi Oifigeach Cuntasaíochta amháin agus faoi Fhoireann Bhainistíochta a bhainistíonn an Eagraíocht agus a dhéanann an neamhspleáchas reachtúil agus na feidhmeanna reachtúla atá ag gach ceann de na comhpháirteanna a chosaint agus a chaomhnú ag an am céanna. Cé go bhfuil a foireann féin ag gach Oifig, comhroinntear feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, dlí, agus teicneolaíochta faisnéise idir gach ceann de na ceithre Oifig.
Ní bhaineann an plean seo ach amháin le hOifig an Ombudsman agus le hOifig an Choimisinéara Faisnéise. Tá plean straitéiseach ar leith do CCSP. Mar gheall ar an gcomhroinnt foirne ar fud na ceithre Oifig de réir na riachtanas agus na tosaíochtaí atá ag gach ceann díobh, áfach, is léir gurb ábhartha don fhoireann ar fad atá cuid mhór gnéithe den phlean seo. Go háirithe, léirítear sa phlean an tiomantas atá againn do shraith luachanna a threoraíonn ár bhfoireann i ngach a ndéanann siad agus don mhórsprioc eagraíochta atá againn ár gcreataí bainistíochta agus riaracháin a fhorbairt agus a fheabhsú d’fhonn tacú leis na cuspóirí atá againn feabhas a chur ar an mórsheirbhís phoiblí agus seirbhís shármhaith atá dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar.
Leagtar amach sa phlean na príomhchuspóirí atá againn don chéad trí bliana eile, cuspóirí a mbeidh pleananna mionsonraithe bliantúla gnó ag gabháil leo. Cuirtear ann leis na héachtaí suntasacha atá bainte amach againn sna trí bliana seo a chuaigh thart agus úsáidfear é chun cabhrú linn feabhsuithe leanúnacha a chur ar na seirbhísí a sholáthraímid dár gcustaiméirí.
Ceapadh mé ag am corraitheach don dá Oifig i mí na Nollag 2013. Thar an dá bhliain seo a chuaigh thart, tá athrú suntasach déanta ar an reachtaíocht atá ina bonn taca lenár gcuid oibre. Leis an Acht Ombudsman (Leasú) 2012, leathnaíodh sainchúram na hOifige seo chun go gclúdódh sé na gníomhartha riaracháin de chuid beagnach 200 soláthraí eile seirbhíse poiblí. Faoi théarmaí Ionstraim Reachtúil Uimh. 300 de 2015, rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tithe altranais príobháideacha, a bhfuil beagnach ceithre chéad is tríocha ceann díobh, a fhógairt mar ghníomhaireachtaí in-athbhreithnithe i mí Iúil 2015.
Le rith an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, rinneadh athruithe suntasacha ar an gcóras Saoráil Faisnéise agus tháinig dúshláin nua do OCF chun cinn dá bharr sin. Aisghaireadh leis an Acht sin na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, agus cuireadh an tAcht nua ina n-ionad. Aisiompaíodh leis an Acht nua cuid mhór de na leasuithe a tugadh isteach sa bhliain 2003 agus a chuir srian mór le raon feidhme Acht 1997. Cuireadh deireadh le táillí iarratais i leith iarrataí Saoráil Faisnéise a dhéanamh agus laghdaíodh go suntasach na táillí i leith iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach agus ar athbhreithniú ag an Oifig seo. Tugadh líon suntasach comhlachtaí breise faoi shainchúram na hOifige seo leis an Acht freisin. Chuaigh an Roinn i gcomhairle fhairsing le foireann na hOifige seo agus an dá phíosa reachtaíochta á bhforbairt.
Chomh maith leis sin, rinne an dá Oifig athbhreithnithe cuimsitheacha ar a struchtúir agus ar a bpróisis le déanaí agus tugadh athruithe suntasacha isteach ina ndiaidh. Ní hé amháin gur chuir an méid sin ar ár gcumas déileáil go héifeachtach leis na héilimh mhéadaitheacha ar ár seirbhísí, ach chabhraigh sé linn freisin feabhas a chur ar a éifeachtaí agus ar a éifeachtúla a bhíonn na seirbhísí a sholáthraítear.
D’imríomar tionchar suntasach ar sholáthar seirbhíse a fheabhsú sa mhórsheirbhís phoiblí freisin. Sa bhliain 2014, d’fhoilsíomar an chéad chásleabhar uainn inar cuimsíodh achoimrí ar shampla de ghearáin a ndearna an Oifig seo scrúdú orthu d’fhonn na deiseanna foghlama atá ann a uasmhéadú. I mí na Bealtaine 2015, d’fhoilsíomar tuarascáil ar an gcéad imscrúdú a rinneamar ar ár gconlán féin riamh, ba é sin, Foghlaim ar son Feabhais. Féachadh san imscrúdú sin ar an dóigh a láimhseálann ospidéil phoiblí in Éirinn gearáin faoina seirbhísí. Cuimsíodh sa tuarascáil líon suntasach moltaí le haghaidh feabhais, ar ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Roinn Sláinte le gach ceann díobh. D’fhonn tacú leis na tithe altranais príobháideacha a tháinig faoinár sainchúram le déanaí, rinneamar nósanna imeachta eiseamláireacha um láimhseáil gearán a fhorbairt i mí Mheán Fómhair lena n-úsáid san earnáil sin.
Thug OCF roinnt tionscnamh isteach d’fhonn feabhas a chur ar an soláthar seirbhíse sa mhórsheirbhís phoiblí freisin. Mar shampla, chuir sí tús le nótaí mionsonraithe treorach a dhréachtú agus a fhoilsiú ar gach gné den Acht um Shaoráil Faisnéise d’fhonn feabhas a chur ar chaighdeán na cinnteoireachta laistigh de chomhlachtaí poiblí. Chomh maith leis sin, d’fhorbair sí treoir mhionsonraithe d’fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí aighneachtaí fócasaithe a ullmhú i gcás go bhfuil a mbreitheanna faoi athbhreithniú ag OCF.
Is é an aidhm atá leis an bplean straitéiseach seo cur leis an iomad éachtaí atá bainte amach againn le linn na tréimhse straitéisí reatha. Dírítear go príomha ar an méid seo a leanas ann: an tionchar atá ag na hOifigí seo ar an mórsheirbhís phoiblí a leathnú/a fheabhsú, an leibhéal seirbhísí a sholáthraímid a fheabhsú go leanúnach, agus a chinntiú go gcumasóidh ár gcórais agus ár bpróisis dúinn ár gcuspóirí a bhaint amach. Den chéad uair riamh, sainaithnítear go soiléir sa phlean freisin na croíluachanna atá taobh thiar den dóigh a soláthraímid ár seirbhísí agus atá ina mbonn taca le gach a ndéanaimid.
Le linn shaolré an phlean, leanfaimid ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt don fhoireann agus le í a fhorbairt trí roinnt meicníochtaí éagsúla, amhail ionduchtú, sainoiliúint, taithí oibre a leathnú etc., chun leas na foirne, ár gcliant agus na heagraíochta ar fad. Leanfaimid ar aghaidh freisin le forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh atá againn leis an Oireachtas d’fhonn soláthar níos fearr seirbhíse poiblí a bhrú chun cinn.
Sainaithnítear sa phlean roinnt tionscnamh nuálach a bhaineann lenár bpróisis, agus é mar aidhm leo an fhís atá ag an Oifig seo “seirbhís phoiblí atá cóir, oscailte, cuntasach agus éifeachtach” a sholáthar a bhaint amach. Bunaithe ar na héachtaí a baineadh amach le linn an timthrialla pleanála seo a chuaigh thart, tá an-mhuinín agam go mbeimid in ann na príomhchuspóirí dúshlánacha a leagamar orainn féin a chomhlíonadh go rathúil arís eile.
Peter Tyndall
An tOmbudsman agus an Coimisinéir Faisnéise